|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
An Ionstraim um Shonraí
|
|
_____________
|
|
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le
rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí)
[COM(2022) 68 final – 2022/0047 (COD)]
|
|
|
|
INT/978
|
|
|
|
Rapóirtéir: Marinel Dănuț MURESAN
|
|
Comhrapóirtéir: Maurizio MENSI
|
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 23/03/2022
|
|
|
An Chomhairle, 29/03/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
01/06/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
15/06/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
570
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
184/0/2
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Shonraí agus tá béim á leagan aige ar an ngá atá lena chur chun feidhme gan aon idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an idirlíon nó ar shonraí.
1.2Tá CESE den tuairim gur gnéithe bunúsacha de rialachas sonraí iad cosaint sonraí pearsanta, cosaint na céannachta digití agus an phríobháideachais, agus go bhfuil baint dhíreach acu leis an urraim do dhínit an duine agus do chearta bunúsacha. Dá bhrí sin, tá inrianaitheacht, idir-inoibritheacht agus ilmhódúlacht ghníomhaíochtaí éagsúla na slabhraí soláthair ag teastáil chun sineirge shoiléir a áirithiú le táscairí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna).
1.3Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a ráthú go n-urramófar caighdeáin sábháilteachta agus eiticiúla, dálaí iolracha agus leordhóthanacha le haghaidh feidhmiúlacht sonraí, nósanna imeachta cibearshlándála agus stóráil chuí sonraí ar chríoch an Aontais, ar an tuiscint gur cheart do dhaoine aonair na sonraí a ghinfidh siad a rialú i gcomhréir leis na cuspóirí maidir le huathriail straitéiseach agus neamhspleáchas teicneolaíoch. Ós rud é go n-úsáidfear méid suntasach fuinnimh chun an líon ollmhór sonraí sin a riar, molaimid go n-áireofaí san ionstraim an t-iarratas ar eintitis atá i gceannas ar stóráil sonraí fuinneamh ó acmhainní in-athnuaite a úsáid den chuid is mó.
1.4Creideann CESE go bhfuil sé ábhartha agus tábhachtach go n-áiritheofar iomaíocht chothrom agus dáileadh cothrom costas agus breisluach laistigh den slabhra soláthair sonraí lena n-áirítear na gníomhaithe uile.
1.5Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil cosaint chearta na saoránach mar bhuntaca le córas sóisialta an Aontais Eorpaigh agus nach mór iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a ráthú trí ardleibhéal príobháideachais agus slándála a chur ar fáil, trí chaighdeáin sábháilteachta agus eiticiúla a urramú, agus trí dhálaí iolracha agus leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh feidhmiúlacht sonraí, nósanna imeachta cibearshlándála agus stóráil chuí sonraí i spásanna agus in áiteanna deimhnithe an Aontais Eorpaigh.
1.6Molann CESE raon feidhme an rialacháin atá beartaithe a mhéadú d’fhonn gach táirge fisiciúil a chumhdach a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí maidir lena bhfeidhmíocht, lena n‑úsáid nó lena dtimpeallacht agus atá in ann na sonraí sin a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.
1.7Creideann CESE gur cheart rochtain gan bhac a bheith ag úsáideoirí agus ag faighteoirí sonraí ar shonraí atá riachtanach d’fheidhmiú, do dheisiú nó do sheirbhísiú táirgí bainteacha agus seirbhísí gaolmhara. D’áireofaí leis sin na sonraí loma agus na meiteashonraí uile ach tacair ábhartha eile de shonraí próiseáilte, scagtha nó comhiomlánaithe freisin.
2.Cúlra
2.1Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach an Ionstraim um Shonraí a sheoladh, a bhfuil sé d’aidhm aici leithdháileadh cothrom luacha a fhaightear ó shonraí a chinntiú agus úsáid níos fearr agus níos éifeachtúla a bhaint as sonraí agus rochtain níos fearr agus níos éifeachtúla ar shonraí a áirithiú. Is réamhriachtanas bunúsach é rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a rialáil chun na deiseanna a thugann an ré dhigiteach ina mairimid a thapú. Thairis sin, leagtar amach sa togra an chaoi a bhfuil cearta ábhartha á gcur i bhfeidhm, méadaítear an rochtain ar úsáid sonraí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí agus áirithíonn sé inrochtaineacht sonraí d’institiúidí poiblí nuair is gá sin. Is é is aidhm dó leas a bhaint as luach na sonraí a ghintear le rudaí bainteacha san Eoraip trí bhacainní ar rochtain ar shonraí a bhaint do chomhlachtaí na hearnála príobháidí agus poiblí araon, agus san am céanna dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i nginiúint sonraí a chaomhnú trí rialú cothrom ar na sonraí a áirithiú dá gcruthaitheoirí.
2.2Is é an togra an bloc tógála trasearnálach deireanach de straitéis sonraí an Choimisiúin agus comhtháthaítear leis acquis foriomlán bheartas digiteach an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí, an Rialachán maidir le saorshreabhadh sonraí agus an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, an Rialachán maidir le R-phríobháideachas agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Ar deireadh, is é an cuspóir atá leis leithdháileadh luacha níos cothroime a chruthú trí aghaidh a thabhairt ar chásanna ina n‑úsáideann roinnt gníomhaithe sonraí go heisiach. Molann CESE go mbeidh sainmhíniú níos soiléire againn ar cad is úsáideoir ann agus ar chatagóirí sonraí chomh maith le cearta úsáideoirí a áirithiú.
2.3Is é is cuspóir don togra cothroime a áirithiú sa timpeallacht dhigiteach trína chur ar chumas tomhaltóirí agus cuideachtaí breis smachta a bheith acu ar a gcuid sonraí, trí shoiléiriú a dhéanamh ar cé atá in ann rochtain a fháil orthu agus cé na téarmaí ar a gcuirfear ar fáil iad; margadh iomaíoch sonraí a spreagadh trí neart sonraí tionsclaíocha a chur ar fáil; deiseanna a chur ar fáil don nuálaíocht shonraíbhunaithe; agus sonraí a dhéanamh níos inrochtana do chách.
2.4Cuspóirí eile atá leagtha amach sa togra is ea sineirgí soiléire agus éifeachtúla a éascú idir néalseirbhísí agus seirbhísí ciumhais, cosaintí a chur ar bun i gcoinne aistriú neamhdhleathach sonraí gan fógra a fháil ó sholáthraithe néalseirbhísí agus caighdeáin idir-inoibritheachta a fhorbairt chun sonraí a athúsáid idir earnálacha. Príomhchuspóir eile is ea breisluach an bhunachair sonraí a mhéadú, rud a ghintear le sonraí agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na gníomhaithe éagsúla a spreagadh chun tacú le forbairt an gheilleagair shonraíbhunaithe.
2.5Beidh impleachtaí leathana ag an togra do shaoránaigh, do chuideachtaí agus d’údaráis phoiblí araon, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus d’fhéadfadh sé an creat rialála Eorpach maidir le sonraí a athrú ó bhonn. Is é is aidhm dó trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le comhroinnt sonraí a ghintear trí tháirgí nó seirbhísí áirithe a úsáid, chomh maith le rialacha a chur i bhfeidhm chun cothroime i gconarthaí comhroinnte sonraí a áirithiú. Cruthaítear leis creat intuartha iomchuí maidir le comhroinnt sonraí idir gnólachtaí agus tomhaltóirí agus maidir le comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht agus bunaítear leis na hoibleagáidí dlíthiúla ar shealbhóirí sonraí maidir le sonraí a chur ar fáil. Rialaítear leis na téarmaí éagóracha maidir le rochtain ar shonraí agus maidir le húsáid sonraí idir gníomhaithe ar an margadh.
2.6Tugann an Ionstraim um Shonraí cur chuige comhleanúnach maidir le coimircí sonraí neamhphearsanta i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta chomh maith le hidir-inoibritheacht chomh maith le bacainní éagsúla maidir le húsáid agus athúsáid sonraí a laghdú.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is díol sásaimh do CESE an Ionstraim um Shonraí agus tacaíonn sé léi, mar soiléirítear inti cé atá in ann luach a chruthú ó na sonraí sin agus na coinníollacha faoina dtarlaíonn sin, áirithítear inti freisin cothroime maidir le luach sonraí a leithdháileadh ar na gníomhaithe sa gheilleagar sonraí agus maidir lena gconarthaí agus leasanna dlisteanacha cuideachtaí agus daoine aonair a dhéanann infheistíocht i dtáirgí agus i seirbhísí sonraí á n-urramú san am céanna. Ar deireadh, tugann na rialacha nua cumhacht do thomhaltóirí agus do chuideachtaí trí chead cainte a thabhairt dóibh faoin méid is féidir a dhéanamh leis na sonraí a ghineann a dtáirgí bainteacha. Le blianta beaga anuas, is léir gur cuireadh dlús le forbairt teicneolaíochtaí sonraíbhunaithe. Úsáidtear iad i roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha, rud a áirithíonn agus a eagraíonn rochtain oiriúnaithe agus iomchuí ar shonraí. Mar aon leis an mbreisluach a chruthaítear leis an mbunachar sonraí, tá an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Shonraí tábhachtach chun fás eacnamaíoch nuálach agus eiticiúil a áirithiú, rud a chruthóidh deiseanna do chách.
3.2Faoi láthair, níl rochtain ag cuid mhaith FBManna ar shonraí ar rannchuidigh siad lena nginiúint le trealamh Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) nó le seirbhísí gaolmhara a bhfuil úinéireacht acu orthu, nó a bhfuil ar cíos nó ar léas acu. Ina theannta sin, teipeann ar FBManna nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta breisluach a chruthú i bhfoirm táirgí núíosacha agus seirbhísí comhlántacha d’úsáideoirí threalamh IoT toisc nach bhfuil siad in ann na sonraí arna nginiúint ag na feistí sin a fháil. Cuireann an méid sin isteach ar fheidhmíocht an Mhargaidh Aonair Dhigitigh.
3.3Is é is aidhm don togra reachtach an luach a bhaineann le sonraí sa gheilleagar a uasmhéadú trína áirithiú go mbeidh smacht ag raon níos leithne geallsealbhóirí ar a gcuid sonraí agus go mbeidh tuilleadh sonraí ar fáil le haghaidh úsáid nuálach. Á dhéanamh sin dó, déantar breithniú ar uirlisí nuálacha éagsúla chun seirbhísí próiseála sonraí a athshuí ar an leibhéal Eorpach agus déantar na struchtúir chumhachta atá ann cheana a athrú ó bhonn, ar struchtúir iad lena dtugtar tacaíocht do chomhpháirtithe atá i seilbh sonraí móra chun dochair do ghníomhaithe beaga Eorpacha. Is é is aidhm don togra na treochtaí margaidh atá ann le déanaí a sheachaint, as ar eascair comhdhlúthú an gheilleagair idirlín agus monaplachtaí sonraí in earnálacha éagsúla, amhail cúram sláinte agus tionscal na ngluaisteán. Ní mór aird a thabhairt ar an méadú leanúnach sin ar shonraí agus rialú a dhéanamh ar mhéid na gcoinníollacha éagóracha a bhaineann le húsáid sonraí.
3.4Cuireann an togra feabhas ar na dálaí faoinar féidir le gnólachtaí agus tomhaltóirí néalseirbhísí agus seirbhísí ciumhais a úsáid san Aontas, ós rud é go n-éascaítear leo sonraí agus iarratais a aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile gan aon chostais a thabhú.
3.5Creideann CESE nach mór iarrachtaí breise a dhéanamh chun an geilleagar sonraí agus rialachas sonraí a chomhdhlúthú. Go háirithe, tá gá mór le litearthacht sonraí a mhéadú agus le tacaíocht a chur ar fáil di má táthar chun an geilleagar sonraí a chomhdhlúthú agus a fhorbairt chun go mbeidh daoine aonair agus gnólachtaí ar an eolas faoina gcuid sonraí agus go spreagfar iad chun rochtain ar a gcuid sonraí a thairiscint i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla ábhartha. Tá an méid sin mar bhonn do shochaí shonraíbhunaithe inbhuanaithe, ina n-urramaítear cearta bunúsacha, cearta oibrithe, rialacha an daonlathais agus cearta oscailte cuimsitheacha.
3.6Is díol sásaimh do CESE an fhoráil maidir le FBManna, a dtugtar cosaint dóibh anois ar théarmaí conarthacha éagóracha a bhuí leis an liosta de chlásail chonarthacha a fhorchuirtear go haontaobhach a mheasfar nó a thoimhdeofar a bheith éagórach. Ní bheidh téarmaí a mheastar a bheith éagórach faoin ‘measúnú éagóra’ ina gceangal ar FBManna. I ndáil leis an méid sin, forbróidh an Coimisiún agus molfaidh sé téarmaí conarthacha neamhcheangailteacha, rud a chabhróidh le FBManna conarthaí níos cothroime maidir le comhroinnt sonraí a chaibidliú le cuideachtaí a bhfuil seasamh margála i bhfad níos láidre acu. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit aird níos mó a thabhairt ar fheabhas a chur ar chumas cuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, páirt a ghlacadh i ngeilleagar sonraíbhunaithe agus cur leis an ngeilleagar sin san Eoraip agus ar fud an domhain. Chuige sin, tá gá le tuilleadh infheistíochta san oideachas agus san oiliúint, sa taighde agus san fhorbairt, chomh maith le spásanna coiteanna sonraí a thacaíonn le luach sonraíbhunaithe a chruthú. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn ag FBManna úsáid a bhaint as an measúnú éagóra agus iad féin a chosaint ar chleachtais chonarthacha éagóracha. I ndáil leis an méid sin, is uirlis riachtanach iad téarmaí conarthacha eiseamláireacha arna soláthar ag an gCoimisiún ach is gá iad a chomhlánú le cineálacha eile tacaíochta ó na húdaráis náisiúnta inniúla.
3.7Creideann CESE go bhfuil gá le cur chuige earnála maidir leis an bpróiseas breisluacha, agus maidir le húsáid agus athúsáid sonraí chun sineirge níos fearr a bhaint amach le táscairí an Chomhaontaithe Ghlais agus le SDGanna. Ba cheart spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha atá tite ar gcúl i gcomhtháthú na dteicneolaíochtaí digiteacha. Bheadh sé tábhachtach an rialachán a chur i bhfeidhm go trédhearcach agus go héifeachtach ar mhaithe le hinrianaitheacht, idir-inoibritheacht agus ilmhódúlacht ghníomhaíochtaí éagsúla na slabhraí soláthair, mar shampla in earnáil an iompair. I ndáil leis sin, bheadh sé úsáideach treoirlínte sonracha a ghlacadh chun léirmhíniú aonfhoirmeach ar an rialachán a éascú i measc na mBallstát.
3.8Tá CESE ag tacú leis an gceart atá ag institiúidí poiblí rochtain a fháil ar shonraí i gcás éigeandála, nuair a cheadaítear sin leis an dlí. Mar sin féin, ba cheart faireachán cúramach a dhéanamh air sin chun mí-úsáid a sheachaint agus chun nach gcuirfear luachanna daonlathacha agus an smacht reachta i mbaol. I gcás éigeandála, ní mór athléimneacht mhéadaithe agus iomaíocht chóir a chur san áireamh, agus cearta an duine á n-urramú san am céanna. Go ginearálta, tá cead ag comhlachtaí na hearnála poiblí rochtain a fháil ar shonraí nuair is gá sin chun an leas ginearálta a chosaint, ach ar bhealach comhréireach a íoslaghdaíonn an t-ualach a chuirtear ar an duine aonair nó ar na heintitis dhlíthiúla. Bheadh sé úsáideach tacú le comhlachtaí neamhspleácha iontaofa a chur ar bun a mbeadh sé de chúram orthu comhroinnt dheonach nó éigeantach sonraí idir gnólachtaí agus rialtais a chur chun cinn ó thaobh cúrsaí teicniúla, conarthacha, oibríochtúla agus airgeadais de. D’fhéadfadh na heagraíochtaí sin gníomhú mar chomhlachtaí um réiteach díospóidí freisin.
3.9Creideann CESE gur cheart an tionchar ar an margadh saothair a chur san áireamh sa togra le haghaidh ionstraim um shonraí. Ní mór a mheas go bhfuil easpa scileanna nua agus inniúlachtaí nua ann, go háirithe i gcás fostaithe ó mhicrifhiontair, ó fhiontair bheaga agus ó fhiontair mheánmhéide. Is gnéithe iad dálaí oibre a fheabhsú, cobhsaíocht post a áirithiú agus intuarthacht gairme a áirithiú lenar féidir comhdhlúthú an gheilleagair shonraíbhunaithe a áirithiú amach anseo agus ba cheart iad a chur san áireamh i gcónaí.
3.10Is díol sásaimh do CESE príomhchuspóir an togra seo, is é sin rochtain ar an ngeilleagar sonraí agus ar mhargadh na sonraí a áirithiú gan idirdhealú agus deiseanna rochtana a chur ar fáil do gach gnólacht agus duine, gan beann ar an réigiún. Dá bhrí sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar líonraí leathanbhanda ardluais agus líonraí ardtoillte a ráthú laistigh den Aontas Eorpach agus bonneagair idirlín ilréigiúnacha a thógáil chun sonraí a bhailiú, a úsáid agus a athúsáid.
3.11I bhfianaise fhás agus mhéadú suaiteach na rioscaí digiteacha, chomh maith le bonneagair phoiblí agus phríobháideacha a bheith ag baint úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha, measann CESE gurbh fhiú tuilleadh faireacháin a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí na hIonstraime um Shonraí, go háirithe maidir le bainistiú sonraí.
3.12Tá CESE den tuairim gur gnéithe riachtanacha de rialachas sonraí iad cosaint sonraí pearsanta, cosaint na céannachta digití agus an phríobháideachais, agus go bhfuil baint dhíreach acu leis an urraim do dhínit an duine agus do chearta bunúsacha. Ar an gcúis sin, bheadh sé tábhachtach cearta úinéireachta sonraí pearsanta a aithint agus a ráthú chun go mbeidh saoránaigh na hEorpa in ann úsáid a gcuid sonraí a rialú. Níor cheart faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar líne ach amháin nuair atá eolas agus toiliú sainráite ann maidir le tuilleadh úsáide a bhaint as na sonraí sin, i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla ábhartha.
4.Barúlacha sonracha
4.1Is díol sásaimh do CESE an togra, i gcomhréir le riachtanais an gheilleagair dhigitigh, chun bacainní ar mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh sonraí a bhaint agus chun malartú cothrom a chur chun cinn trí chreat comhchuibhithe a leagan síos. I ndáil leis an méid sin, ba ghá rialacha an Aontais maidir le slándáil agus cibearshlándáil a chomhlíonadh i gcomhréir le cuspóirí uathriail straitéiseach agus neamhspleáchas teicneolaíoch an Aontais.
4.2Ba cheart tacaíocht agus cúnamh eacnamaíoch a thabhairt freisin do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do réigiúin iargúlta a bhfuil tearc-rochtain acu ar an idirlíon chun leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an ngeilleagar sonraí.
4.3Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá go gcuirfeadh na Ballstáit tuilleadh feabhais ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun tacú le cuideachtaí, go háirithe FBManna, bonneagair sonraí, inniúlachtaí d’fhostaithe agus saineolas a chruthú, a chomhdhlúthú agus a úsáid, agus cistí struchtúracha AE agus Next Generation EU á n-úsáid acu. Ba cheart feabhas a chur ar an oiliúint a chuirtear ar FBManna chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhigiteáil. D’fhéadfadh na Ballstáit fóirdheontais agus dreasachtaí fioscacha a chur ar fáil i ndáil leis sin freisin.
4.4Ní hamháin gur féidir leis an ngeilleagar sonraíbhunaithe deiseanna fostaíochta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe do dhaoine óga, do ghrúpaí leochaileacha nó dóibh siúd ‘nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna’ (NEETanna) ach d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar dhálaí saothair freisin. Cuideoidh an próiseas sin le héagothromaíochtaí digiteacha a laghdú agus le hiomaíochas an gheilleagair shonraíbhunaithe ar an leibhéal Eorpach a mhéadú.
4.5Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach iomaíocht chothrom idir gníomhaithe éagsúla sa mhargadh Eorpach agus rochtain ar shonraí a áirithiú. Go háirithe, tá sé ábhartha agus tábhachtach go n-áiritheofar dáileadh cothrom costas agus breisluach laistigh den slabhra soláthair sonraí, lena n-áirítear na gníomhaithe uile. Ba chóir cuideachtaí móra, go háirithe cuideachtaí néalseirbhíse a bhfuil ardchumhacht sa mhargadh acu, a rialú chun deireadh a chur le mí-úsáidí éagsúla.
4.6Creideann CESE go bhfuil infheistíocht i gcumas bainistíochta agus oibríochtúil na n-údarás poiblí inniúil ríthábhachtach chun cur chun feidhme cuí na hIonstraime um Shonraí a áirithiú. Ba cheart méid ceart acmhainní airgeadais a leithdháileadh ar údaráis inniúla chun leibhéal leordhóthanach acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais a ráthú.
4.7Aithníonn CESE a thábhachtaí atá samhail an chomharchumainn maidir le bainistiú sonraí agus malartú sonraí d’fhonn tacú le micrifhiontair, le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le hoibrithe féinfhostaithe agus leis na gairmithe liobrálacha.
4.8Tá sé á chur in iúl ag CESE go mbeadh sé tábhachtach cearta na saoránach a chosaint go hiomlán i gcónaí agus iomaíochas eacnamaíoch an Aontais á áirithiú. Go háirithe, bheadh sé tábhachtach ardleibhéal príobháideachais agus slándála a ráthú, caighdeáin sábháilteachta agus eiticiúla a urramú, dálaí iolracha agus leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh feidhmiúlacht sonraí, nósanna imeachta cibearshlándála agus stóráil chuí sonraí ar chríoch an Aontais (agus ar leis an Aontas Eorpach iad) i spásanna agus in áiteanna deimhnithe.
4.9Molann CESE meastóireacht a dhéanamh ar an méadú ar raon feidhme an rialacháin d’fhonn gach táirge fisiciúil a chumhdach a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí maidir lena bhfeidhmíocht, lena n-úsáid nó lena dtimpeallacht agus atá in ann na sonraí sin a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Chomh maith le speictream leathan de threalamh IoT, ba cheart ríomhairí pearsanta, táibléid, fóin chliste agus gléasanna nasctha comhchosúla eile a áireamh sa sainmhíniú sin.
4.10Creideann CESE gur cheart rochtain gan bhac a bheith ag úsáideoirí agus ag faighteoirí sonraí ar shonraí atá riachtanach d’fheidhmiú, do dheisiú nó do sheirbhísiú táirgí bainteacha agus seirbhísí gaolmhara ach cearta maoine intleachtúla agus/nó rúin trádála á n-urramú acu san am céanna.
An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________