TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Státchabhair / Seirbhísí sláinte agus sóisialta

_____________

Rialacha státchabhrach maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta – seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) tar éis paindéime. Smaointe agus tograí maidir leis an meastóireacht ón gCoimisiún chun pacáiste reachtach 2012 a leasú
(tuairim féintionscnaimh)

INT/981

Rapóirtéir: Giuseppe GUERINI

GA

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20/01/2022

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

05/05/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19/05/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

569

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

221/0/5

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim go bhfuil roinnt seirbhísí sláinte agus sóisialta amhail an cúram pearsanta (an cúram baile san áireamh), an chabhair a thugtar do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas le go bhféadfaidh siad iad féin a lánpháirtiú arís sa mhargadh saothair, seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí tithíochta sóisialta ríthábhachtach chun an comhtháthú sóisialta a áirithiú sa tréimhse iar-phaindéime seo ina bhfuil géarchéim dhaonnúil agus teannas idirnáisiúnta. Tá an-tábhacht, dá bhrí sin, leis na rialacha Eorpacha maidir le státchabhair do na seirbhísí sin.

1.2Tacaíonn CESE go láidir leis an gcinneadh a rinne an Coimisiún, sa mheasúnú uaidh ar rialáil na hearnála 1 , seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur san áireamh mar ‘fochatagóir’ ag a bhfuil saintréithe neamhspleácha laistigh de chomhthéacs níos leithne seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna).

1.3Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil tábhacht le pacáiste Almunia (2012) maidir leis an státchabhair is infheidhme maidir le SGEInna toisc go ndearnadh an creat rialála a bhí ann roimhe sin, agus a formheasadh in 2005, a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú. Dá bhrí sin, ba cheart an cur chuige rialála atá sa phacáiste sin a choinneáil don todhchaí freisin, agus gnéithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta dá mba rud é go gcinnfeadh an Coimisiún an creat reatha a leasú tar éis an mheasúnaithe atá ar siúl faoi láthair.

1.4Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur minic, laistigh de na Ballstáit aonair, gur ar leibhéal an réigiúin, an chúige, an bhardais nó, fiú, i ngrúpa bardas i gcathracha níos forbartha, a eagraítear seirbhísí sláinte agus na seirbhísí cúraim shóisialta ar fad beagnach. Ciallaíonn sé sin gur go hannamh a bhíonn ar úsáideoirí na seirbhísí sin taisteal idir réigiúin agus cúigí i dtír, rud a fhágann nach bhfuil aon tábhacht le ceist na soghluaisteachta trasteorann sna cásanna sin. In éagmais tábhacht trasteorann, ní bheadh Airteagal 107 CFAE maidir le státchabhair infheidhme maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta.

1.5Cuireann CESE in iúl go mbíonn sé ag dul rite leis na rialtais náisiúnta saintaithí a fhorbairt maidir leis na gníomhartha iontaoibhe a tharraingt suas, ar gníomhartha iad atá ina réamhriachtanas chun Cinneadh Díolúine Uimh. 21/2012 maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí, agus Rialachán Uimh. 360/2012 maidir le cúnamh de minimis do SGEInna, a chur i bhfeidhm. Bheadh sé an-úsáideach, dá bhrí sin, dá bhféadfadh an Coimisiún tairseach a bhunú ina bhféadfaí teacht ar shamplaí de ghníomhartha iontaoibhe dlisteanacha maidir leis na cineálacha éagsúla seirbhísí sláinte agus sóisialta.

1.6Molann CESE do na Ballstáit a bhfuil na traidisiúin dlí chéanna acu dea-chleachtais a mhalartú maidir leis na rialacha státchabhrach a chur i bhfeidhm in earnáil na seirbhísí sláinte agus sóisialta, d’fhonn leas níos éifeachtaí a bhaint as an lánrogha atá ag na rialtais náisiúnta, de bhun Phrótacal 26 CFAE, maidir le SGEInna a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil.

1.7Tugann CESE dá aire, i gcás na rialach a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 21/2012, is é sin nach féidir leis an gcúiteamh as seirbhís phoiblí dul thar an méid is gá chun na costais a chumhdach ach amháin ar mhaithe le ‘brabús réasúnach’, go bhfuil gá le tuilleadh soiléireachta: i) maidir leis an gcaoi a ndéantar an brabús réasúnach seo a chinneadh maidir leis an gcaipiteal a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar, agus an riosca oibriúcháin á chur san áireamh; ii) maidir leis an gcaoi a ndéantar na costais sheasta agus struchtúracha a chinneadh, ar cuid de na costais a bhaineann le bainistiú SGEInna iad; agus iii) maidir leis an méid a d’fhéadfaí leas a bhaint as sainiúlacht na seirbhísí agus na samhlacha eagrúcháin is dual d’eintitis an gheilleagair shóisialta, agus SGEInna á mbainistiú agus á soláthar acu.

1.8Tá CESE den tuairim gur cheart do na seirbhísí sláinte agus sóisialta a bheith in ann tairbhiú d’uasteorainn de minimis thar thrí bliana fioscacha, rud atá níos airde ná an uasteorainn a cheadaítear go ginearálta do SGEInna faoi Rialachán Uimh. 360/2012 (EUR 500 000), mar a tugadh le fios freisin sa chomhairliúchán poiblí a d’eagraigh an Coimisiún. I ngeall ar an ról atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta de, tá cúis mhaith le huasteorainn níos airde ná an ceann atá ann faoi láthair.

2.Réamhrá agus cúlra

2.1Tá an státchabhair a thugtar do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) agus, a mhéid is ábhartha chun críocha na tuairime seo, d’eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse is teoranta de na seirbhísí sláinte agus sóisialta, á rialú le pacáiste reachtach Almunia ó bhí 2012 ann. Ghlac an pacáiste sin ionad an chreata dhlíthiúil a bhí ann roimhe sin ó 2005 (‘pacáiste Monti-Kroes’) agus thug an creat sin cothrom le dáta.

2.2Tá na gníomhartha reachtacha seo a leanas i bpacáiste Almunia:

-Rialachán (AE) Uimh. 360 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE maidir leis an gcabhair de minimis a thugtar do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta;

-Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) CFAE maidir le státchabhair i bhfoirm cúiteamh as seirbhís phoiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a bhfuil sé de chúram orthu seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (2012/21/AE);

-Teachtaireacht ón gCoimisiún – the application of the European Union State aid rules to compensation granted for the provision of services of general economic interest [Rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cúiteamh arna dheonú chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar] 2 ;

-Teachtaireacht ón gCoimisiún – European Union framework for State aid in the form of public service compensation [Creat an Aontais Eorpaigh maidir leis an státchabhair a thugtar i bhfoirm cúiteamh as seirbhís phoiblí] (2011) 3 .

2.3Dá bhrí sin, tá an creat reachtach maidir leis an earnáil sin i bhfeidhm le beagnach deich mbliana anois agus, de réir mar atá tugtha le fios ag an gCoimisiún, bhain na Ballstáit an-úsáid as ó tháinig sé i bhfeidhm, ainneoin go bhfuil fadhbanna ann a bhaineann lena chur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis mhaith ag an reachtóir Eorpach le bearta breise a dhéanamh, go háirithe agus méid mór ama imithe thart ó formheaseadh é.

2.4I ndáil leis sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán leathan i measc na ngeallsealbhóirí chun a fhíorú an bhfuil an creat reatha éifeachtach agus éifeachtúil, cén breisluach a thugann sé agus an gcomhlíonann sé na cuspóirí a bhí leis ó thús, go háirithe i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta.

2.5Bhí an comhairliúchán sin ar siúl idir an 31 Iúil 2019 agus an 14 Nollaig 2019, agus baineadh leas as ceistneoir a dhréachtaigh an Coimisiún. Fuarthas 51 fhreagra ó ghnólachtaí, ó chónaidhmeanna, ó cheardchumainn, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó dhaoine aonair agus ó na húdaráis phoiblí.

2.6Leis an tuairim féintionscnaimh seo, is mian le CESE, ina cháil mar chomhlacht a dhéanann ionadaíocht thar ceann gheilleagar agus shochaí shibhialta na hEorpa, aird an Choimisiúin a tharraingt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis na rialacha státchabhrach maidir le seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur i bhfeidhm, d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh amach anseo, b’fhéidir, ar na rialacha maidir leis an státchabhair atá dírithe ar na hearnálacha sin.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Aithníonn CESE nach bhfuil sé éasca ag an reachtóir Eorpach an státchabhair a rialáil i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta, ós rud é gur gá cothromaíocht chasta a bhaint amach idir tacaíocht an phobail do ghníomhaíochtaí a chuireann le cuspóirí leasa ghinearálta agus cosaint na saoriomaíochta gan bhac sa mhargadh inmheánach. Tríd an státchabhair a rialáil ar an leibhéal Eorpach, ba cheart go bhféadfaí freisin an infheistíocht phoiblí is gá a dhéanamh chun bonneagar seirbhísí sóisialta agus sláinte a fhorbairt, rud a chabhródh le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach.

3.2Tacaíonn CESE go láidir leis an gcinneadh a rinne an Coimisiún seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur san áireamh mar fhochatagóir ag a bhfuil saintréithe neamhspleácha laistigh de chomhthéacs níos leithne na SGEInna, i bhfianaise shaintréithe sonracha na seirbhísí sin agus na gcuspóirí sonracha atá leo. Sa doiciméad ón gCoimisiún ina ndearna sé measúnú ar na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, tugadh le fios, ó thaobh na státchabhrach de, gur foghrúpa de na seirbhísí lena ngabhann leas (eacnamaíoch) ginearálta iad na seirbhísí sláinte agus sóisialta 4 .

3.3Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil tábhacht le pacáiste Almunia (2012) maidir leis na rialacha státchabhrach is infheidhme maidir le hearnáil na SGEInna toisc go ndearnadh an creat rialála a bhí ann roimhe sin, agus a formheasadh in 2005, a thabhairt cothrom le dáta, rud a laghdaigh an t-ualach riaracháin agus rialála ar na húdaráis náisiúnta a raibh sé beartaithe acu SGEInna a mhaoiniú. Ba cheart, dá bhrí sin, an cur chuige rialála atá sa phacáiste sin a choinneáil don todhchaí freisin, agus gnéithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú de réir mar is gá.

3.4Tá CESE den tuairim go bhfuil roinnt seirbhísí sláinte agus sóisialta amhail an cúram pearsanta (an cúram baile san áireamh), an chabhair a thugtar do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas le go bhféadfaidh siad iad féin a lánpháirtiú arís sa mhargadh saothair, seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí tithíochta sóisialta ríthábhachtach chun an comhtháthú sóisialta a áirithiú sa mhargadh inmheánach, agus gur ‘comhluachanna’ iad ag na Ballstáit, de réir mar a leagtar síos i bPrótacal 26 CFAE. Tá na seirbhísí sin níos straitéisí agus níos tábhachtaí fós sa tréimhse iar-phaindéime atá ann faoi láthair, tréimhse ina bhfuil teannas idirnáisiúnta agus méadú ar an bpobalachas sna Ballstáit freisin.

3.5Tá sé á chur in iúl ag CESE go ndéantar, i gcásanna áirithe, seirbhísí sláinte agus sóisialta a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta trí ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha nach bhfuil cumhdaithe faoi na rialacha Eorpacha maidir le státchabhair. Ag an am céanna, sna cásanna sin ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, is beag an tábhacht trasteorann a bhíonn leo: tábhacht áitiúil amháin a bhíonn leo agus bíonn tábhacht leo freisin maidir leis an gcomhtháthú sóisialta a áirithiú go náisiúnta.

3.6Tugann CESE dá aire gur minic a sholáthraítear seirbhísí sláinte agus sóisialta trí ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha, rud a d’fhágfadh nach gcuirfí na rialacha maidir le státchabhair i bhfeidhm (Airteagal 107 CFAE). Ina theannta sin, fiú nuair a sholáthraítear seirbhísí sláinte agus sóisialta i gcomhthéacs tráchtála, is tábhacht áitiúil amháin a bhíonn leo gan aon fhíorthábhacht trasteorann ar thaobh an éilimh. Bíonn an tábhacht áitiúil níos follasaí fós nuair a bhíonn seirbhísí sláinte agus sóisialta á mbainistiú ag eintitis an gheilleagair shóisialta agus páirt ag an bpobal áitiúil iontu ar mhaithe leis an gcomhtháthú sóisialta agus leas an phobail.

3.7Mar sin féin, de réir chleachtas an Choimisiúin agus de réir an chásdlí Eorpaigh, ní féidir tábhacht trasteorann na seirbhísí sláinte agus sóisialta a chur as an áireamh i bprionsabal toisc go bhféadfaí an infheistíocht trasteorann a shaobhadh. Cé go dtuigeann CESE na cúiseanna atá leis an gcur chuige sin lena ndéantar an tsaorghluaiseacht dá bhforáiltear sna Conarthaí a chosaint go hiomlán, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte iomchuí a chur ar fáil maidir le tábhacht trasteorann na seirbhísí sláinte agus sóisialta. Ba cheart, mar chuid den díospóireacht níos leithne ar choincheap na tábhachta trasteorann, ar gné í de choincheap na státchabhrach de réir bhrí Airteagal 107 CFAE, cur chuige sonrach solúbtha a leagan síos maidir leis na seirbhísí sin.

3.8Tugann CESE dá aire, fiú nuair a bhíonn tábhacht trasteorann le seirbhísí sláinte agus sóisialta, mar atá i gcás 37 limistéar uirbeacha trasteorann san Aontas dá dtagraítear sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, gur ag brath ar an ngaireacht fhisiciúil idir críocha teorann agus i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta críochaí a tharlaíonn sin agus nach bhfágfadh breis státcabhrach, dá bhrí sin, go n-imreofaí tionchar mór ar an iomaíocht trasteorann idir gnólachtaí.

4.Barúlacha sonracha

4.1Tá CESE á chur in iúl go bhfuil, ainneoin ghnéithe dearfacha na soiléireachta agus an tsimplithe a tháinig as pacáiste Almunia in 2012, na coincheapa dlíthiúla atá le cur i bhfeidhm i ndáil le SGEInna fós casta go hoibiachtúil, go háirithe i bhfianaise an ghaoil láidir idir na measúnuithe dlíthiúla agus na measúnuithe eacnamaíocha is gnách a dhéanamh in earnáil na SGEInna.

4.2Ar an gcúis sin, tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún treoirleabhar a fhoilsiú chun nuashonrú a dhéanamh ar an treoirleabhar Guide to the application of the European Union rules on state aid, public procurement and the internal market to services of general economic interest, and in particular to social services of general interest – SWD (2013) 53 final/2, treoirleabhar a chabhraigh go mór le hoibreoirí san earnáil le blianta beaga anuas.

4.3Tá CESE den tuairim go bhfuil an t-eolas atá ag na húdaráis náisiúnta maidir leis na rialacha sonracha atá dírithe ar SGEInna, i gcás an tsoláthair phoiblí agus na státchabhrach, easnamhach i gcomparáid leis an eolas atá acu ar na gnáthrialacha maidir leis an soláthar poiblí agus an státchabhair. D’fhéadfadh infheistíocht iomchuí chun oiliúint a chur ar fhoirne na n-údarás poiblí, agus leas á bhaint as acmhainní Eorpacha freisin, a bheith úsáideach, dá bhrí sin, d’fhonn cur le cáilíocht na seirbhísí sin agus le comhlíonadh dhlí an Aontais Eorpaigh.

4.4Cuireann CESE in iúl go mbíonn sé ag dul rite leis na rialtais náisiúnta, sna réimsí teicniúla agus oibriúcháin, saintaithí ardleibhéil a fhorbairt maidir leis na gníomhartha iontaoibhe a tharraingt suas, ar gníomhartha iad atá ina réamhriachtanas chun Cinneadh Díolúine Uimh. 21/2012 maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí agus, cé gur i dtéarmaí níos simplí é, Rialachán Uimh. 360/2012 maidir le státchabhair (an uasteorainn níos airde de minimis EUR 500 000 thar thréimhse trí bliana fioscacha), a chur i bhfeidhm.

4.5I ndáil leis sin, bheadh sé an-úsáideach, dá bhrí sin, dá bhféadfadh an Coimisiún tairseach a bhunú ina bhféadfaí teacht ar shamplaí de ghníomhartha iontaoibhe maidir leis na cineálacha éagsúla seirbhísí sláinte agus sóisialta a meastar gur gníomhartha dlisteanacha iad atá forbartha a ndóthain ag Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta sa Choimisiún. D’fhéadfadh sé a bheith an‑úsáideach freisin, ina leith sin, dá ndéanfadh Ballstáit a bhfuil na traidisiúin dlí chéanna acu dea‑chleachtais a mhalartú, d’fhonn leas níos éifeachtaí a bhaint as an lánrogha atá ag na rialtais náisiúnta, de bhun Phrótacal 26 CFAE, maidir le SGEInna a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil.

4.6Foráiltear leis an riail a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 21/2012 nach féidir leis an gcúiteamh atá dlite d’oibreoirí a bhfuil sé de chúram orthu seirbhís phoiblí a sholáthar dul thar an méid is gá chun na costais a chumhdach ach amháin ar mhaithe le ‘brabús réasúnach’. Bheadh gá forbairt bhreise a dhéanamh ar an gcoincheap sin le go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann i dtaobh na bpointí a leanas: i) maidir leis an gcaoi a ndéantar an brabús réasúnach seo a chinneadh maidir leis an gcaipiteal a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar, i bhfianaise an riosca oibriúcháin; ii) maidir leis an gcaoi a ndéantar na costais sheasta agus struchtúracha a chinneadh, ar cuid de na costais a bhaineann le bainistiú SGEInna iad; agus iii) maidir leis an méid a d’fhéadfaí leas a bhaint as sainiúlacht na seirbhísí agus na samhlacha eagrúcháin is dual d’eintitis an gheilleagair shóisialta, agus SGEInna á mbainistiú agus á soláthar acu.

4.7Cuireann CESE in iúl gur cheart, agus an coincheap ‘brabús réasúnach’ á chinneadh, saintréithe an ghnóthais atá i gceist a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina ndéanann an gnóthas sin a bhrabús a infheistiú ar ais arís ina ghnó féin, agus gur eintiteas nó fiontar de chuid an gheilleagair shóisialta atá ann.

4.8Tá CESE den tuairim gur cheart do na seirbhísí sláinte agus sóisialta a bheith in ann tairbhiú d’uasteorainn de minimis thar thrí bliana fioscacha, rud atá níos airde ná, agus difriúil leis, an uasteorainn a cheadaítear do SGEInna de réir Rialachán Uimh. 360/2012 (EUR 500 000), mar a tugadh le fios go soiléir sa chomhairliúchán poiblí a d’eagraigh an Coimisiún. I bhfianaise an róil phoiblí agus leasa ghinearálta atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta, agus thionchar teoranta na ngníomhaíochtaí sin ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit, tá cúis mhaith leis an uasteorainn níos airde. Tríd an tairseach de minimis do sheirbhísí sláinte agus sóisialta a ardú, bheadh raon feidhme níos leithne ag Rialachán Uimh. 360/2012, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos éasca an Rialachán sin agus na foirmeacha simplithe de a úsáid.

4.9I ngeall ar an ról atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta de, ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhiú d’uasteorainn níos airde, rud ag a mbeadh trí bhuntáiste: i) a bheith in ann níos mó cabhrach a dheonú faoin gcreat simplithe agus níos tapa maidir le cabhair de minimis; ii) an boilsciú atá ag teacht ar ais ar an leibhéal maicreacnamaíoch a chur san áireamh, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil gá le hathbhreithnithe níos rialta ar an uasteorainn thar thrí bliana fioscacha; iii) aitheantas a thabhairt don ról tacaíochta atá ag a lán d’eintitis an gheilleagair shóisialta.

4.10Aithníonn CESE an tábhacht agus an ról atá ag FBManna agus ag cuideachtaí príobháideacha a bhfuil baint acu le bainistiú SGEInna sóisialta agus sláinte ar bhonn conarthaí poiblí arna mbronnadh ag údaráis áitiúla. Ar tháscairí úsáideacha eile a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith sin tá na sonraí agus an fhaisnéis a bhailíonn agus a scaipeann na húdaráis náisiúnta maidir le nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhíse, maidir leis an gcúiteamh a dheonaítear agus maidir le feidhmíocht.

4.11Ar deireadh, meabhraíonn CESE, mar a d’aithin an Coimisiún ina phlean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta 5 , go bhféadfaí tacú go hindíreach le réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta trí rochtain níos fearr ar bhearta tacaíochta a éascaíonn an rochtain ar mhaoiniú agus ar chreidmheas a thabhairt d’eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, atá an-ghníomhach sna hearnálacha sin, chomh maith le dreasachtaí sonracha a chruthú maidir le fostú daoine atá faoi mhíbhuntáiste nó daoine faoi mhíchumas de réir bhrí Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine i réimse na státchabhrach. I ndáil leis sin, b’fhiú go mór rialacha Eorpacha atá soiléir agus solúbtha a bheith ann lena gceadófaí dreasachtaí éagsúla a charnadh agus a mheascadh go ciallmhar i gcás gníomhaíochtaí ar den chineál céanna iad.

An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)    ARES-2019-3858696.
(2)     IO C 8, 11.1.2012, lch. 4 .
(3)     IO C 8, 11.1.2012, lch. 15 .
(4)    ARES-2019-3858696.
(5)    COM(2021) 778 final.