SOC/712
Tionscnamh maidir le liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann
TUAIRIM
An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann
[COM (2021) 777 final]
Rapóirtéir: Cristian PÎRVULESCU
Comhrapóirtéir: Milena ANGELOVA
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 01/03/2022
|
|
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
03/05/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tá an-imní ar CESE faoi fhorbairt na fuathchainte agus na coireachta fuatha san Eoraip le deich mbliana anuas. Is léir ó roinnt mhaith staidéar agus comhairliúchán gur tháinig méadú tromchúiseach ar eachtraí, agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine aonair agus na ngrúpaí a nochtar d’ionsaithe fuathbhunaithe. Léirítear le hobair na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip freisin na treochtaí sin atá ag dul i méid. Dírítear ar na heagraíochtaí iad féin agus is gá dóibh níos mó ná riamh cúnamh agus cosaint a thabhairt do na daoine aonair agus do na pobail atá faoi bhagairt.
1.2Tacaíonn CESE le tionscnamh an Choimisiúin agus molann sé don Chomhairle agus don Pharlaimint comhoibriú go hiomlán chun bunluachanna an Aontais a chosaint. Creideann CESE gur réimse coireachta iad an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 83(1) CFAE. Dá nglacfadh an Chomhairle cinneadh chun iad a shainiú mar sin, bheifí in ann rialacha íosta a leagan síos ina dhiaidh sin maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse coireachta sin.
1.3Go sonrach, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, measann CESE gur suntasach agus imníoch í an fhorbairt ar choireanna fuathbhunaithe, go bhfuil gné shoiléir trasteorann ann ar leibhéal na dtiománaithe, na gcumasóirí agus an tionchair, agus nach féidir na cineálacha coireanna sin a chosc ná a chomhrac go héifeachtúil in éagmais gníomhaíocht reachtach agus institiúideach ar leibhéal an Aontais.
1.4In éineacht leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, measann CESE, i gcás gníomhaíochtaí ar cionta tromchúiseacha iad a dhírítear ar shláine fhisiceach nó mheabhrach an duine, nach féidir cosaint leordhóthanach a áirithiú ach amháin le sásraí éifeachtúla um dhlí coiriúil agus nach mbeidh éifeacht dhíspreagthach ach ag na sásraí sin.
1.5Ní mór an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac gan beann ar an áit ina ndéantar an léiriú nó an ghníomhaíocht, i.e. i gcomhthéacs na hoibre, léirithe poiblí, caitheamh aimsire, seirbhísí príobháideacha nó poiblí, etc. Is féidir gníomhaíochtaí níos spriocdhírithe a mheas in áiteanna ina bhfuil seans níos airde go dtarlódh eachtra fhuathbhunaithe. Bheadh sé mar chuspóir níos ginearálta, arna saothrú trí mhodhanna agus trí ionstraimí éagsúla, spásanna poiblí san Eoraip a dhéanamh saor ón bhfuathchaint agus ón gcoireacht fuatha.
1.6Iarrann CESE ar an gCoimisiún aird a dhíriú ar an tionchar díreach agus indíreach a bhíonn ag an bhfuathchaint agus ag an gcoireacht fuatha ar na dálaí fiontraíochta agus fostaíochta, agus na himpleachtaí a bheadh acu ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, agus féachaint orthu sin freisin.
1.7Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar fheasacht agus ar scileanna daoine i ngairmeacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha, mar shampla múinteoirí, iriseoirí agus pearsanra forfheidhmithe dlí. Maidir le pearsanra forfheidhmithe dlí, agus dea-chleachtais ó Bhallstáit an Aontais á leanúint acu, ba cheart an fhaisnéis agus an oiliúint a bheith éigeantach agus iad a bheith mar chuid de straitéis fhoriomlán chun cumas na n-institiúidí lena mbaineann a neartú.
1.8Ba cheart rochtain na n-íospartach ar fhaisnéis agus ar na bearta cosanta speisialta a thugtar d’íospartaigh is leochailí na coireachta faoin Treoir maidir le Cearta Íospartach a ráthú go cuí.
1.9Tá ról ríthábhachtach freisin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, ós rud é go bhfeidhmíonn siad mar fhoras faire, ar thaobh amháin, agus go ndéanann siad gníomhaíocht atá bunaithe ar luach a chur chun cinn, ar an taobh eile. Ba cheart iad a chosaint agus tacú leo ina ról maidir le háiteanna, pobail, grúpaí, eagraíochtaí agus na meáin a dhéanamh sábháilte ó fhuath agus ó idirdhealú, lena n-áirítear trí chóid iompair dheonacha a chur chun cinn agus trí dhea-chleachtais a roinnt. Tá gá le tuilleadh maoinithe chun leas a bhaint as a gcumais agus as a saineolas i ndáil leis sin.
1.10Ba cheart béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí sábháilte ar líne. Le forbairt ardáin na meán sóisialta agus na bhfóram ar líne, cruthaíodh spás ina gcreideann roinnt daoine gur féidir leo gníomhú gan baol pionóis. Tá géarghá le hoibriú le rialtóirí náisiúnta agus le hardáin na meán sóisialta chun a áirithiú go ndéanfar fuath ar líne a shainaithint, a dhíothú agus a imscrúdú go pras.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Aithníonn CESE gur cuid lárnach de dhearadh an Aontais agus de chórais dhaonlathacha na mBallstát é cosaint na dínite, na gceart bunúsach agus an chomhionannais. Ní mhairfidh an daonlathas ná an tAontas é féin má tá eagla nó náire ar dhaoine, nó má dhéantar ciapadh nó ionsaí orthu agus iad ina gcónaí, ag obair, ag staidéar nó ag glacadh páirt sa tsochaí agus sa pholaitíocht. Le scaipeadh na meán sóisialta, tá an méadú ar fhuath agus ar stiogmatú ag éirí níos éasca agus níos tapúla agus tá an baol do leanaí agus do dhaoine óga ag fás i gcónaí. Ní mór scaipeadh na fuathchainte agus na coireachta fuatha a chosc agus a chomhrac go láidir agus go gníomhach.
2.2I gcomhthéacs ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, gníomh a cháin Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go láidir, tá méadú tagtha ar an mbréagaisnéis agus ar scaipeadh na fuathchainte san Eoraip. Ní feiniméan nua é sin agus d’éirigh Ballstáit an Aontais níos eolaí agus níos athléimní ina aghaidh. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise mearbhall a chruthú, bolscaireacht a scaipeadh agus an tacaíocht don daonlathas agus do chearta an duine a dhídhlisteanú. Tá sé de fhreagracht ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit, dá bhrí sin, an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chosc agus a chomhrac.
2.3Tá bonn coiteann fíor-riachtanach chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac go héifeachtach. Tá na sochaithe Eorpacha fite fuaite ina chéile, agus cruthaíonn an tsaoirse gluaiseachta réimse sóisialta agus poiblí atá ag éirí níos comhtháite. Tá na príomhuirlisí ag na Ballstáit chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, ach ní éireoidh leo mura dtabharfaidh siad gealltanas soiléir agus mura mbeidh comhar agus sineirgíocht ann. Beidh gá chomh maith le hionstraimí reachtacha cuí de chuid an Aontais mar aon le sainmhínithe, cuir chuige agus deiseanna maidir le foghlaim agus aistriú beartais. Ba cheart do na hiarrachtaí uile chun na críche sin na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt an Aontais a urramú.
2.4Tá sé curtha in iúl ag CESE go minic nach mór don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú ar bhealach níos cinntithí chun cearta bunúsacha a chosaint agus chun raon iomlán na n‑iompraíochtaí idirdhealaitheacha agus fuathbhunaithe a chomhrac. Maidir leis sin, molann sé go ndéanfadh an Coimisiún an togra a ailíniú le príomhdhoiciméid bheartais eile amhail an Straitéis nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme, plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025, Straitéisí Comhionannais maidir le hInscne agus LGBTIQ, Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh, Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú, an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas agus an Straitéis maidir le Cearta Íospartach.
2.5Aithnítear go cuimsitheach sa togra ón gCoimisiún na saintréithe coiteanna a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine aonair agus na grúpaí atá i mbaol na fuathchainte agus na coireachta fuatha, amhail an cine, an eitneacht, an teanga, an reiligiún, an náisiúntacht, an aois, an gnéas, an claonadh gnéasach, an fhéiniúlacht inscne, léiriú na hinscne, na saintréithe gnéis, nó aon saintréith bhunúsach eile, nó comhcheangal de na saintréithe sin. Ba cheart dúinn freisin aon chúiseanna idé-eolaíocha agus polaitiúla a chur leis, mar aon le creidimh agus luachanna coinsiasa eile. Measann CESE gur cheart rioscaí agus bagairtí a mhapáil agus aghaidh a thabhairt orthu i ndáil lena gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha. D’fhéadfadh taighde atá ann cheana agus taighde nua léiriú a thabhairt ar cad iad na cásanna is coitianta ina dtarlaíonn an fhuathchaint agus an choireacht fuatha.
2.6D’fhéadfadh sé go ndíreofaí an fhuathchaint agus an choireacht fuatha ar fhiontraithe nó ar phearsanra fiontair, mar shampla iad siúd a fhreastalaíonn ar chustaiméirí. Tá tionchar díobhálach aige sin ar na daoine aonair agus ar an bhfiontar atá i gceist. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach indíreach ag an bhfuathchaint agus ag an gcoireacht fuatha ar an timpeallacht ghinearálta ghnó agus eacnamaíoch trí neamhchinnteacht, éagobhsaíocht agus coinbhleachtaí a mhéadú.
2.7Measann CESE go bhfuil géarghá le múscailt feasachta agus oideachas maidir le tionchair agus tromchúis na fuathchainte agus na coireachta fuatha a thuiscint agus maidir leis an dá ghné sin a shainaithint agus le dul i ngleic leo sa ghnáthshaol. Baineann an méid sin le daoine de gach aois: leanaí, daoine óga agus daoine fásta. Ba cheart an t-ardú feasachta agus an t-oideachas sin (ábhar faisnéise, oiliúint, táirgí) a sholáthar i bhformáidí inrochtana.
2.8Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar fheasacht agus ar scileanna daoine i ngairmeacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha. Mar shampla, tá ról tábhachtach ag múinteoirí in oideachas iompraíochta leanaí scoile. Tá ról uathúil ag iriseoirí ó thaobh saoirse chun tuairimí a nochtadh. Tá ról lárnach ag pearsanra forfheidhmithe dlí, na póilíní, breithiúna ionchúisitheoirí agus státseirbhísigh maidir le cásanna a láimhseáil agus creat dlíthiúil coisctheach agus bearta eile a fhorbairt.
2.9Is freagracht lárnach de chuid polaiteoirí é córas foriomlán an smachta reachta agus na gceart bunúsach a áirithiú. Cuirtear tús lena bhfreagracht ón nóiméad a iarrann siad tacaíocht ó na saoránaigh, agus ar an drochuair, déanann roinnt polaiteoirí agus páirtithe an méid sin trí eagla a scaipeadh agus trí dhíriú ar ghrúpaí mionlaigh agus sóisialta. Tá an cineál seo slógadh toghcháin contúirteach agus ní mór dul i ngleic leis. Agus iad in oifig phoiblí, d’fhéadfadh sé go mbeadh cathú ar pholaiteoirí áirithe ionstraimí institiúideacha agus dlí a úsáid chun idirdhealú a chur chun cinn nó chun comhrac in aghaidh an idirdhealaithe a sheachaint, rud a bheadh níos tromchúisí fós. Áitíonn CESE ar na ceannairí polaitiúla agus ar na páirtithe polaitiúla uile gníomhú ar bhealach freagrach, bunaithe ar an gcreat agus de mheon an daonlathais chuimsithigh.
2.10I ndáil leis an méid sin, tá ceannairí páirtithe polaitiúla nó fiú ceannairí rialtais, atá ceaptha sibhialtacht an spáis phoiblí a ráthú, tar éis maslaí agus ionsaithe ó bhéal a dhéanamh in aghaidh iriseoirí, agus, dá bharr sin, tá baol ann go spreagfaí foréigean ina gcoinne. Áitíonn CESE ar cheannairí agus ar pháirtithe polaitiúla urraim a léiriú d’iriseoirí agus d’eagraíochtaí na meán agus tagraíonn sé don aitheantas oifigiúil ar thromchúis na saincheiste sin ó na ceithre Rapóirtéir Speisialta idirnáisiúnta maidir leis tsaoirse tuairimí a nochtadh.
2.11Tá ról ríthábhachtach freisin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, ós rud é go bhfeidhmíonn siad mar fhoras faire, ar thaobh amháin, agus go ndéanann siad gníomhaíocht atá bunaithe ar luach a chur chun cinn, ar an taobh eile. Ba cheart cóid iompair dheonacha agus comhroinnt dea-chleachtas a spreagadh agus a chur chun cinn.
2.12Leagann CESE béim ar an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le coireanna fuatha a chosc agus a chomhrac. Is iad is gaire do na pobail agus is féidir leo faireachán a dhéanamh, más rud é go bhfuil baol ann go mbeadh ann do rioscaí agus teagmhais den sórt sin ar an láthair. Ina theannta sin, is féidir leo leas a bhaint as cumhacht na dlúthpháirtíochta agus na hionbhá, trí chláir phobail agus oideachais, agus le tacaíocht ó rialtais láir, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó na comhpháirtithe sóisialta.
2.13Is ar na stáit atá an fhreagracht timpeallacht chumasúcháin a chruthú do na cearta maidir le tuairimí a nochtadh, le comhionannas agus le neamh-idirdhealú. Is féidir leis na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun dul i ngleic leis an idirdhealú, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an fhuatha.
3.Barúlacha sonracha
3.1Is cosúil go bhfuil na fíricí agus na hargóintí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún bailí chun a mheas go gcomhlíonann an fhuathchaint agus an choireacht fuatha na critéir atá leagtha síos do choireanna an Aontais, lena n-áirítear an tromchúis agus an scála a bhaineann leo, an chaoi ina bhfuil siad ag forbairt, agus an ghné thrasteorann atá i gceist leo.
3.2Déantar cur síos sa Teachtaireacht, mar is ceart, ar chineál tromchúiseach na fuathchainte agus na coireachta fuatha, mar go dtéann siad i gcoinne luachanna coiteanna agus cearta bunúsacha an Aontais, agus mar gheall ar an tionchar díobhálach a bhíonn acu ar dhaoine aonair, ar phobail agus ar an tsochaí i gcoitinne. Tá luachanna an Aontais Eorpaigh bunaithe ar shochaí oscailte, rud atá tábhachtach do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí. Tá an comhionannas fréamhaithe go mór i luachanna an Aontais, agus is é an comhionannas deiseanna is bunchloch don dul chun cinn sóisialta. Is gnéithe lárnacha de sin iad an éagsúlacht agus an t-iolrachas. Feidhmíonn an comhionannas mar fhoinse nuálaíochta agus gintear breisluach eacnamaíoch leis.
3.3I bhfianaise na n-iarrachtaí méadaitheacha atá á ndéanamh ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha ina ndlí coiriúil, agus i bhfianaise gur gá ilroinnt idir na Ballstáit a sheachaint agus cothrom iomaíochta a fheabhsú ar fud an Aontais, luíonn sé le réasún creat coiriúil coiteann de chuid an Aontais a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, agus na córais náisiúnta bhreithiúnacha agus Airteagal 2 den Chonradh á n-urramú ag an am céanna.
3.4Ag an am céanna, ní mór inniúlachtaí an Aontais i réimse an dlí choiriúil a urramú, rud a fhágann gur féidir rialacha íosta a shocrú trí bhíthin treoracha a chuirfear chun feidhme sa reachtaíocht náisiúnta.
3.5Measann CESE gurb ábhartha an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a mheas mar réimse coireachta ina bhfuil ‘substaint’ choiteann bunaithe ar thucaid laofachta fuatha a dhíríonn ar dhaoine nó ar ghrúpaí. Fágann sin gur gá an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a bhreithniú ar bhealach iomlánaíoch, agus go seachnófaí cur chuige neamhchomhtháite maidir le foirmeacha nó spriocanna éagsúla fuatha, go háirithe maidir le difríochtaí idir na Ballstáit. Iarrann sé freisin go mbreithneofaí an fhuathchaint agus an choireacht fuatha i ndáil le luachanna an Aontais agus cearta bunúsacha ina n-iomláine. Thairis sin, iarrann sé go n‑aithneofaí na naisc idir an fhuathchaint agus an choireacht fuatha agus na coireanna atá ann cheana san Aontas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart dlús a chur le comhroinnt faisnéise idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus rialtais.
3.6Tá CESE ag tnúth le sainmhíniú a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha mar chéad chéim eile agus tá sé toilteanach cur leis an gcomhairliúchán idirinstitiúideach. Tá an sainmhíniú sin ríthábhachtach ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, agus chun na cearta bunúsacha a chosaint agus cumarsáid ghinearálta láidir a áirithiú freisin. Leis an gCinneadh Réime ón gComhairle maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil, tugtar túsphointe ábhartha chun sainmhíniú a fhorbairt a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa chomhthéacs níos leithne sin, agus úsáid á baint as na sainmhínithe a úsáideann Comhairle na hEorpa ag an am céanna.
3.7Leis na sainmhínithe ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, ba cheart na saintréithe cosanta ábhartha uile atá bunaithe ar chearta bunúsacha an Aontais a chumhdach, lena n-áirítear gnéas/inscne, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois agus gnéaschlaonadh, mar aon le creidimh idé-eolaíocha agus coinsiasa. Cé go bhfuil na saintréithe cosanta éagsúil óna chéile, ba cheart aghaidh a thabhairt sa sainmhíniú ar na saintréithe éagsúla de réir na bprionsabal céanna. Ba cheart cur chuige ilroinnte a sheachaint freisin maidir le mionlaigh agus grúpaí éagsúla agus ba cheart, ina ionad sin, úsáid a bhaint as nathanna ginearálta is infheidhme maidir le speictream iomlán na saintréithe cosanta atá i gceist. Ina theannta sin, ba cheart an sainmhíniú a bheith cuimsitheach go leor chun freagairt do chineálacha nua feiniméin shochaíocha a thagann chun cinn le himeacht ama.
3.8Ba cheart a chumhdach leis na sainmhínithe sin aon chineál gníomhaíochta agus léirithe, gan beann ar an áit ina ndéantar an léiriú nó an ghníomhaíocht, e.g. i gcomhthéacs na hoibre, léirithe poiblí, nó seirbhísí príobháideacha nó poiblí. Ba cheart léirithe ar líne chomh maith le léirithe as líne a chumhdach.
3.9Cé gur cheart do na sainmhínithe a bheith cuimsitheach, níor cheart dóibh a bheith débhríoch. Ba cheart breithiúnas a dhéanamh orthu i gcónaí, bunaithe ar fhianaise sa chomhthéacs ábhartha nuair a chuirtear chun feidhme iad. Is féidir feabhas a chur ar chur chun feidhme aonfhoirmeach na sainmhínithe agus na rialacha trí threoir chomhchoiteann a bhunú maidir leis na gnéithe atá le cur san áireamh.
3.10Tá sé tábhachtach a áirithiú freisin nach n-oibreoidh na sainmhínithe agus na rialacha i gcoinne a n-aidhme. Mar shampla, níor cheart focail a úsáideadh go traidisiúnta ar bhealach neodrach a stiogmatú. Tá baint aige sin freisin leis an aidhm atá ann rialacha comhchoiteanna a fhorbairt chun grúpaí a chosaint seachas aird a tharraingt orthu.
3.11Agus an fhuathchaint agus an choireacht fuatha á sainmhíniú, mar aon leis na smachtbhannaí faoi seach, tá sé tábhachtach a gcaidreamh le cearta bunúsacha a shoiléiriú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n‑áirítear na coinníollacha lena gcuirtear bonn cirt le teorainn a chur leis an tsaoirse atá ag daoine aonair chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le soiléiriú a thabhairt ar chearta bunúsacha eile chomh maith.
3.12Cé gur féidir an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a mheas mar réimse coireachta ann féin, bíonn forluí idir iad agus coireanna an Aontais atá ann cheana. Mar sin féin, ní chumhdaítear an fhuathchaint agus an choireacht fuatha ina n-iomláine i gcoireanna reatha an Aontais, mar gheall ar fhoirmeacha éagsúla agus ar éagsúlacht an réimse coireachta sin. Léirítear an méid sin le ‘pirimid fuatha’ a thosaíonn amach mar chaint atá inspreagtha ag claonadh agus, i ngeall ar an idirdhealú, a mbíonn foréigean fisiceach nó fiú sceimhlitheoireacht mar thoradh uirthi.
3.13Mar a luaitear sa Teachtaireacht, ní hamháin gur ábhar substainte é aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, ach ábhar a bhaineann le nósanna imeachta freisin. Ní mór, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, leis an gceartas agus le leigheasanna. Cé go n-aithnítear agus go rialaítear an choireacht fuatha agus an fhuathchaint ar an leibhéal náisiúnta, tá roinnt mhaith bearnaí ag baint leis an gcur chun feidhme, an tuairisciú agus an imscrúdú. Mura ndéantar coireanna claonta a thuairisciú agus a imscrúdú i gceart, ní féidir brath ar shonraí faoi leitheadúlacht na gcoireanna sin ar leibhéal na mBallstát nó an Aontais.
3.14Tá sé fíorthábhachtach an choireacht fuatha agus an fhuathchaint a chur san áireamh ar liosta choireanna an Aontais d’fhonn cearta íospartach a chosaint. Mura n-aithnítear forais na n‑eachtraí fuatha, mar shampla ar fhoras míchumais, ní bheadh feidhm ag Treoir an Aontais maidir le cearta íospartach (lena n-áirítear cearta íospartaigh na coireachta). Agus aghaidh á tabhairt ar líon na n-eachtraí atá ag dul i méid, ba cheart níos mó airde a dhíriú ar íospartaigh a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain na n-íospartach ar fhaisnéis agus ar na bearta cosanta speisialta a thugtar d’íospartaigh is leochailí na coireachta faoin Treoir maidir le Cearta Íospartach a ráthú go cuí.
3.15Mar a léirítear leis an gCinneadh Réime a ndearna na Ballstáit uile é a thrasuí sa dlí náisiúnta d’fhonn an fhuathchaint a choiriúlú, níl an dul chun cinn céanna á dhéanamh ag na tíortha uile. Ní raibh an trasuíomh agus an forfheidhmiú ceart nó iomlán i gcónaí, rud a d’áitigh ar an gCoimisiún tús a chur le gníomhaíochtaí um shárú i gcoinne roinnt Ballstát. D’fhéadfadh an méid sin tarlú arís. Is gá tuilleadh oibre a dhéanamh le rialtais, parlaimintí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta chun comhar agus tiomantas a áirithiú.
3.16Ba cheart béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí sábháilte ar líne. Le forbairt ardáin na meán sóisialta agus na bhfóram ar líne, cruthaíodh spás ina gcreideann roinnt daoine gur féidir leo gníomhú gan baol pionóis. Mar a léirítear i dtuarascálacha taighde éagsúla, tá nasc díreach idir an fhuathchaint ar líne agus leathadh iompraíocht fuathbhunaithe as líne. Tá géarghá le hoibriú le rialtóirí náisiúnta agus le hardáin na meán sóisialta chun a áirithiú go ndéanfar fuath ar líne a shainaithint, a dhíothú agus a imscrúdú go pras.
An Bhruiséil, 3 Bealtaine 2022
Aurel LAURENŢIU PLOSCEANU
Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
_____________