INT/972
Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
Building an economy that works for people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta]
[COM(2021) 778 final] (Níl leagan Gaeilge ann)
Rapóirtéir: Giuseppe GUERINI
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 21/01/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
06/04/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta (‘Plean Gníomhaíochta’ anseo feasta), ina dtugtar aghaidh ar mhórán pointí ríthábhachtacha atá ardaithe ag an gCoiste in imeacht na mblianta, ó eisíodh tuairim INT/447 in 2009 i leith. Tá sé aitheanta go soiléir sa Phlean Gníomhaíochta nach mór do na hinstitiúidí Eorpacha na foirmeacha dlíthiúla éagsúla ar saintréithe d’éiceachóras an gheilleagair shóisialta iad a chur chun cinn agus a aithint, go háirithe mar gheall ar an ról ar leith atá ag an ngeilleagar sóisialta tacú leis an ngeilleagar áitiúil agus mar gheall ar a ghaire atá sé do chríocha agus do phobail áitiúla.
1.2Leis an gcogadh foréigneach ionsaitheach i gcoinne na hÚcráine agus an slua mór dídeanaithe atá ag fágáil na tíre dá thoradh sin, tá aird á tarraingt ar an mórchlaonadh chun dlúthpháirtíochta atá i muintir na hEorpa agus in eintitis na sochaí sibhialta agus iad i mbun glacadh le dídeanaithe agus cabhair dhaonnúil a stiúradh, rud a dhearbhaíonn ról tábhachtach an gheilleagair shóisialta maidir le freagairtí dlúthpháirtíochta a eagrú le linn géarchéimeanna daonnúla.
1.3Níor baineadh leas as acmhainneacht an gheilleagair shóisialta i ngach Ballstát fós. Sin é an fáth ar gá an Plean Gníomhaíochta a chomhlánú le gníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus ar gá na bearta riachtanacha a threorú agus a chomhordú chomh maith leis an gcreat dlíthiúil ábhartha a neartú; i ndáil leis sin, tacaíonn CESE go hiomlán leis na bearta atá á ndéanamh le go bhféadfar moladh ar leith ón gComhairle Eorpach a eisiúint in 2023.
1.4Tá CESE á mholadh gur cheart an Plean Gníomhaíochta, má táthar chun é a dhéanamh níos éifeachtaí, a neartú le tograí spriocdhírithe i gceithre réimse spéise, mar atá: (i) comhar idir na húdaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta; (ii) státchabhair; (iii) infheistíochtaí agus ionstraimí airgeadais; (iv) cánachas – an nasc idir an Plean Gníomhaíochta agus an ‘Straitéis Eorpach do 2030’ a neartú, ag díriú go háirithe ar an ról is féidir leis an ngeilleagar sóisialta a imirt chun tacú leis na haistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta.
1.5Ba mhaith le CESE go gcuideodh an Plean Gníomhaíochta leis na hacmhainní Eorpacha a leithdháiltear ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a infheistiú ar dhóigh níos spriocdhírithe ar mhaithe le cuspóirí an chuimsithe shóisialta, an oideachais agus an chur chun cinn fostaíochta, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga, ar theaghlaigh agus ar dhaoine leochaileacha, agus é á mholadh ann go ndíreofaí go háirithe ar an oiliúint sna scileanna digiteacha do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
1.6D’fhonn dea-chleachtais maidir le comhar idir údaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn, tá CESE á mholadh forbairt bhreise a dhéanamh ar na huirlisí rialachais chríochaigh chomhoibríoch agus ar uirlisí comhroinnte riaracháin, mar an bealach is fearr chun ról a chinntiú do raon geallsealbhóirí, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an gcoimhdeacht.
1.7Is díol sásaimh do CESE an togra sa Phlean Gníomhaíochta dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an soláthar poiblí agus lamháltais a stiúradh i dtreo cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach agus molann sé go neartófaí na comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.
1.8I gcomhréir leis an méid atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le cánachas, molann CESE don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar fhorálacha cánach d’eintitis an gheilleagair shóisialta sa tionscnamh reachtach BEFIT (Business in Europe: Framework for Income Taxation), a thiocfaidh amach sna míonna amach romhainn.
2.Barúlacha ginearálta agus cúlra
2.1Tugtar léargas ilbhliantúil go dtí 2030 sa Phlean Gníomhaíochta agus tá dhá dhoiciméad oibre ag gabháil leis. Sa chéad cheann díobh seo, tugtar faisnéis bhreise a chuireann leis an Teachtaireacht i gceist, i gcomhréir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Os a choinne sin, tá an dara doiciméad, Scenarios towards co-creation of a transition pathway for a more resilient, sustainable and digital Proximity and Social Economy industrial ecosystem [Cásanna faoinar féidir bealach aistrithe a chruthú go comhpháirteach ar mhaithe le héiceachóras tionsclaíoch an gheilleagair shóisialta agus áitiúil a bheidh níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos digití] ag teacht leis an Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht, ina bhféadfaidh an geilleagar sóisialta ról nuálach a bheith aige d’fhonn aistriú cóir agus cothrom a bhaint amach, in earnálacha straitéiseacha amhail an geilleagar digiteach agus an geilleagar glas.
2.2Is díol sásaimh do CESE an cinneadh an Plean Gníomhaíochta a ailíniú le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis an Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht, ina ndírítear ar ‘éiceachóras’ sonrach de chuid an gheilleagair shóisialta, rud is beart nuálach. I ndáil leis sin, is den tábhacht gur fearr a shonrófar na cuspóirí meántéarmacha agus fadtéarmacha don tréimhse tar éis 2023. D’fhéadfadh an geilleagar sóisialta cuidiú nach beag a thabhairt chun dul i ngleic leis na mórcheisteanna atá le réiteach ag an Eoraip: neamhionannais a laghdú, brú déimeagrafach, tacaíocht do na glúine óga, agus an chaoi ar féidir déileáil le teacht na ndídeanaithe agus na n-imirceach, le hinbhuanaitheacht na gcóras sláinte agus le samhail leasa shóisialta na hEorpa.
2.3Creideann CESE gur gá sa Phlean Gníomhaíochta bearta atá comhordaithe leis an bplean um ‘Margadh Aonair don Chaipiteal’ a chur chun cinn freisin, mar a mholtar a dhéanamh i dtuairimí ECO/533 agus INT/965. Iarrtar sa dá thuairim sin go gcuirfeadh Aontas na Margaí Caipitil san áireamh gnéithe sonracha na n-ionstraimí airgeadais a theastaíonn le haghaidh earnáil an gheilleagair shóisialta.
2.4Siúd is nach dtugtar sainmhíniú dlíthiúil ar an rud is ‘geilleagar sóisialta’ ann sa Phlean Gníomhaíochta, déantar sainghnéithe ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta a shainaithint: (i) tosaíocht daoine agus críoch sóisialta ar bhrabús; (ii) iomlán nó formhór na mbrabús a athinfheistiú i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar an leas comhchoiteann nó ar tairbhe iad do bhaill agus d’úsáideoirí, i gcomhthéacs an leasa ghinearálta; (iii) rialachas daonlathach agus rannpháirteach.
2.5Tagann CESE leis na prionsabail sin agus molann sé don Choimisiún agus do na Ballstáit tabhairt faoi thionscnaimh níos uaillmhianaí agus níos comhordaithe ionas gur féidir creat coiteann comhordaithe dlíthiúil a leagan síos don gheilleagar sóisialta lena gcomhdhlúthaítear na trí phrionsabal a liostaítear thuas, chun deireadh a chur le haon débhríocht agus éiginnteachtaí. Le sainmhíniú ina n-áireofaí na modhanna éagsúla eagrúcháin agus na cineálacha éagsúla fiontraíochta atá tagtha chun cinn, d’fhéadfaí an sprioc a bhaint amach freisin maidir le reacht Eorpach a thabhairt isteach do chomhlachais, do chumainn fhrithpháirteacha agus d’fhondúireachtaí, go háirithe dóibh siúd atá ag gabháil d’oibríochtaí trasteorann.
2.6Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún treoir a thabhairt do na Ballstáit agus bearta á gceapadh acu ar mhaithe leis an ngeilleagar sóisialta, d’fhonn tacú le samhail níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos nuálaí don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Go sonrach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh go díreach nó in éineacht leis na Ballstáit i dtrí réimse tosaíochta: (i) na dálaí cearta a chruthú don gheilleagar sóisialta; (ii) deiseanna a thabhairt dóibh a ngníomhaíochtaí a thosú agus a leathnú; (iii) a áirithiú go dtabharfar aitheantas don gheilleagar sóisialta.
2.7Á chur sin san áireamh, is díol sásaimh do CESE go gcuirtear chun suntais sa Phlean Gníomhaíochta gur gá úsáid a bhaint as meascán de bhearta beartais, lena n-áirítear cánachas, rialáil an tsoláthair phoiblí, iomaíocht agus státchabhair, rialáil iomchuí ar dhálaí oibre, oideachas agus taighde. I ndáil leis an méid sin, cuireann sé chun suntais an gá atá ann cáilíocht na hoibre a chur chun cinn agus nósanna imeachta a fhorbairt chun oibrithe a chur ar an eolas faoi na cinntí straitéiseacha a dhéanann eintitis an gheilleagair shóisialta agus ról a thabhairt dóibh ina leith.
2.8Áirítear ar na hearnálacha ina bhfeidhmíonn eintitis an gheilleagair shóisialta seirbhísí sóisialta agus sláinte, cúram, oideachas agus oiliúint, cultúr agus cosaint an chomhshaoil, agus i dtéarmaí ginearálta roinnt mhaith de na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) dá dtagraítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus is earnálacha iad seo lena mbítear ag cur i rith an ama le líon na luachanna eacnamaíocha agus na bpost.
2.9Bíonn eintitis an gheilleagair shóisialta gníomhach i ngach earnáil eacnamaíoch i roinnt mhaith tíortha Eorpacha: ón déantúsaíocht thionsclaíoch agus cheardaíochta go dtí an geilleagar ciorclach, ón turasóireacht inbhuanaithe go táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, ón iompar go seirbhísí cumarsáide agus faisnéise, a bhfuil ról tábhachtach acu sa nuálaíocht shóisialta agus san aistriú teicneolaíochta forleathan chuig pobail nó limistéir atá faoi mhíbhuntáiste. Toisc an oiread sin foirmeacha dlí agus eagrúcháin éagsúla a bheith ann, is gá cur chuige ‘a oireann do chách’ a sheachaint; mar sin féin, is gá rogha éigin a choinneáil le go bhféadfaí comhordú a dhéanamh faoi scáth an Choimisiúin.
2.10Tá fiontair an gheilleagair shóisialta fréamhaithe cuid mhaith sa phobal áitiúil, mar ar féidir leo cur leis an gcomhtháthú sóisialta sna limistéir áitiúla, rud a fhágann na limistéir sin níos athléimní agus níos cuimsithí. Mar gheall ar an ngaireacht sin, bíonn fiontair an gheilleagair shóisialta thar a bheith éifeachtach a fhad a bhaineann le tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus bíonn rochtain níos fearr ag gach duine, ina measc na daoine is leochailí agus iad siúd atá i mbaol an eisiaimh shóisialta, ar theicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe teicneolaíochtaí cumasúcháin atá fabhrach do rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa mhargadh saothair.
2.11Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar rannpháirtíocht agus ar fhorbairt an aosa óig, óir ba cheart tacú leo le bearta lena spreagtar fás na fiontraíochta i measc na nglún óg.
2.12Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, is gá rochtain ar chaipiteal infheistíochta a mhéadú d’eintitis an gheilleagair shóisialta, go háirithe ionas gur féidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta (tithíocht inacmhainne, cúram fadtéarmach sláinte agus tacaíocht fhadtéarmach, oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil, laghdú bochtaineachta, inrochtaineacht fheabhsaithe) barr a gcumais a bhaint amach. Is gá na cineálacha bonneagair sin a threisiú chun neamhionannais agus eisiamh sóisialta a laghdú, neamhionannais a bhfuil méadú tagtha orthu san Eoraip de thoradh na paindéime.
2.13Deis atá sa Phlean Gníomhaíochta chun an geilleagar sóisialta a fhorbairt, trí fheabhas a chur ar an mbeartas tionsclaíoch agus aitheantas a thabhairt don ról atá ag na comharchumainn, go háirithe in earnálacha seirbhísí agus tionsclaíochta na hEorpa, áit a gcruthaíonn siad braislí táirgiúla tábhachtacha agus a mbaineann siad amach ardchumas nuálaíochta.
2.14Leagann CESE tábhacht nach beag ar thiomantas an Choimisiúin staidéir agus taighde a dhéanamh ar an ngeilleagar sóisialta le go mbeifear in ann moladh ón gComhairle Eorpach a eisiúint in 2023; is díol sásaimh dó freisin go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh in 2025 ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta. Chun go mbeidh éifeacht leis na staidéir agus na meastóireachtaí, áfach, ba cheart sa Phlean Gníomhaíochta spriocanna meántéarmacha agus fadtéarmacha níos soiléire a leagan síos ionas gur féidir na tionchair shóisialta a bhfuil súil leo a shonrú, lena n-áirítear i ndáil leis an Straitéis Eorpach do 2030.
2.15Is díol sásaimh do CESE cuspóirí an Choimisiúin maidir le caidreamh trasteorann agus le hidirnáisiúnú an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn, agus tugann sé a thacaíocht dóibh trí thacú le rannpháirtíocht fhiontair an gheilleagair shóisialta in ardáin chomhpháirtíochta Eorpacha agus í a spreagadh, lena n-áirítear trí Thairseach Aonair a bhunú don gheilleagar sóisialta.
2.16Mar chuid de thionscnaimh atá dírithe ar chultúr fiontraíochta a chur chun cinn agus, go háirithe, chun cur le rannpháirtíocht an aosa óig i mbunú fiontar nua, tá sé ríthábhachtach cur lena bhfuil d’eolas ar acmhainneacht an gheilleagair shóisialta i gcuraclaim na meánscoileanna agus na n-ollscoileanna. Sin é an fáth a dtacaímid leis an togra le haghaidh Acadamh nua do Bheartas Fiontraíochta na nÓg a bhunú, a mbeadh an geilleagar sóisialta áirithe ann.
3.Barúlacha sonracha
3.1Caidreamh idir na húdaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta
3.1.1Agus aitheantas á thabhairt aige d’acmhainneacht an gheilleagair shóisialta cur leis na beartais shóisialta agus thionsclaíocha amach anseo, dearbhaítear sa Phlean Gníomhaíochta a thábhachtaí atá na feidhmeanna leasa ghinearálta a rannchuidíonn an geilleagar sóisialta leo, agus tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, cuspóirí a shainiú chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis phoiblí, eintitis an gheilleagair shóisialta agus rannpháirtithe san idirphlé sóisialta.
3.1.2Á chur sin san áireamh, feictear do CESE gur gá dlús a chur leis an infheistíocht sa ‘riarachán comhroinnte’ idir údaráis phoiblí agus fiontair shóisialta atá ag obair ar son chuspóirí an leasa choitinn laistigh dá réimsí freagrachta agus sainchúraimí féin. Dá bhrí sin, ba cheart foirmeacha pleanála agus deartha a spreagadh chun rialachas cuimsitheach a chur chun feidhme, agus aitheantas á thabhairt don ról atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta, go háirithe i gcórais áitiúla agus réigiúnacha comhair idir an geilleagar sóisialta agus na húdaráis áitiúla. Ní mór do na bealaí nuálacha oibre sin na ceanglais maidir le trédhearcacht, cóir chomhionann, cost‑éifeachtúlacht agus oscailteacht do gheallsealbhóirí éagsúla a chomhlíonadh, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta.
3.1.3Dealraíonn sé go bhfuil na cineálacha comhoibriúcháin sin an‑éifeachtach ar fad agus seirbhísí leasa ghinearálta á soláthar toisc go bhfágann siad gur féidir an t‑iomaíochas a bhainistiú ar bhealach níos fearr chomh maith le forbairt agus treisiú a dhéanamh ar an gcomhar agus ar an dea‑thionchar sóisialta arna chruthú trí bhéim a leagan ar ‘seirbhísí coiteanna’.
3.1.4Dá bhrí sin, tagann CESE leis an rún atá ag an gCoimisiún oibriú chun rochtain ar mhargadh an tsoláthair phoiblí a fheabhsú d’eintitis an gheilleagair shóisialta. Tá go leor dul chun cinn déanta ina leith sin a bhuí leis an Treoir maidir leis an soláthar poiblí a eisíodh in 2014. Mar sin féin, tá súil ag CESE leis go ndéanfaidh an Coimisiún idirdhealú níos soiléire idir saothrú an leasa ghinearálta agus cur i gcrích an Mhargaidh Aonair nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir leis an soláthar poiblí – agus go háirithe Airteagal 77 di maidir leis an gcóras níos éadroime do sheirbhísí sóisialta – d’fhonn bunús dlí níos láidre a chur ar fáil do chomhaontuithe comhair idir údaráis phoiblí agus fiontair an gheilleagair shóisialta.
3.2Státchabhair
3.2.1Aithnítear go bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí leordhóthanach de dhíth ar chuid de na hearnálacha ina bhfeidhmíonn eintitis an gheilleagair shóisialta, go háirithe cúram sóisialta, cúram sláinte, oideachas agus cultúr, agus ba cheart, ar aon chaoi, an tacaíocht sin a thabhairt isteach gan rialacha margaidh a shaobhadh, i gcás ina soláthraíonn fiontair thráchtála na seirbhísí céanna a sholáthraíonn eintitis an gheilleagair shóisialta.
3.2.2Is éard is aidhm don rialú ar státchabhair cothromaíocht a choinneáil idir tacaíocht a chur ar fáil agus cothrom iomaíochta. Cuirtear chun suntais sa Phlean Gníomhaíochta gur minic nach mbaineann na húdaráis phoiblí ná na tairbhithe an leas is fearr is féidir as na féidearthachtaí atá ann cheana maidir le státchabhair. Sin é lomchlár na fírinne, gan aon agó, agus is intuigthe as sin go bhfuil gá le hinfheistíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh in oiliúint speisialaithe le haghaidh na n-údarás poiblí ar rialacha Eorpacha maidir le státchabhair, go háirithe maidir le SGEInna.
3.2.3Mar sin féin, ní leor i gcónaí na rialacha iomaíochta chun dul i ngleic, mar is ceart, le saincheisteanna amhail bainistiú seirbhísí sóisialta, go háirithe cúram sláinte agus seirbhísí cúraim, atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht seachas a bheith dírithe ar an margadh. I dtuairim TEN/605, thug CESE le fios go raibh an easpa cinnteachta nó na costais mhóra a bhaineann leis na ceanglais a chomhlíonadh ina bacainn nó ina mbacainní a chuireann cosc míchuí ar na húdaráis beartas SGEI a chur chun feidhme ina iomláine. Ní mór féachaint ar an bPlean Gníomhaíochta mar dheis chun an plé idir an Coimisiún, na Ballstáit, na húdaráis áitiúla agus ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta agus an gheilleagair shóisialta a fheabhsú.
3.2.4Áirithítear le rialacha an Aontais maidir le SGEInna go bhfuil dóthain solúbthachta ann maidir le rialacha státchabhrach. Ar a shon sin, ní bhacann roinnt mhaith údarás poiblí leis an gcreat dlíthiúil maidir le cúnamh poiblí a chur i bhfeidhm i leith SGEInna.
3.2.5Cé gur díol sásaimh é an togra ón gCoimisiún maidir le seimineáir ghréasáin agus ceardlanna a chur ar bun chun faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil maidir le bealaí inar féidir rochtain a fháil ar státchabhair, ní leor é. Tá gá le hidirghabháil rialála níos cinntithí, lena n-áirítear trí reachtaíocht bhog, chun ceanglais rochtana agus an méid státchabhrach atá ar fáil d’eintitis an gheilleagair shóisialta a shoiléiriú, go háirithe i réimse na SGEInna, ar thaobh amháin, agus i dtaca le cabhair chun daoine faoi mhíbhuntáiste a earcú de réir bhrí Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER), ar an taobh eile.
3.2.6Na fóirdheontais a dheonaítear d’eintitis an gheilleagair shóisialta ina gcáil mar eintitis a chuidíonn le seirbhísí leasa ghinearálta a sholáthar, ba cheart iad a aithint mar fhóirdheontais atá comhoiriúnach don mhargadh inmheánach. Chuige sin, b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha de minimis maidir le cabhair a thugtar d’fhiontair an gheilleagair shóisialta le haghaidh gníomhaíochtaí sóisialta agus seirbhísí leasa ghinearálta.
3.3Infheistíochtaí agus ionstraimí airgeadais
3.3.1De réir na meastachán a thugtar sa Phlean Gníomhaíochta, le linn na clárthréimhse 2014-2020 caitheadh ar a laghad EUR 2.5 billiún ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar mhaithe leis an ngeilleagar sóisialta, agus é sin trí bhíthin cláir Eorpacha agus cistí Eorpacha éagsúla. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an leibhéal tacaíochta do 2021-2027 a mhéadú a thuilleadh trí na bacainní ar rochtain ar chistí Eorpacha atá roimh eintitis an gheilleagair shóisialta a laghdú.
3.3.2Ar an ábhar sin, is den tábhacht é go ndéanfaí táirgí airgeadais nua a sheoladh faoin gclár InvestEU cheana féin in 2022, d’fhonn maoiniú príobháideach a chur ar fáil atá curtha in oiriúint do riachtanais fhiontair an gheilleagair shóisialta.
3.3.3Chomh maith le hinfheistíochtaí agus ionstraimí airgeadais a chur chun cinn, is deacair fós do go leor eintiteas de chuid an gheilleagair shóisialta rochtain shaoráideach a fháil ar chreidmheas bainc. Ar an gcúis sin, measann CESE go bhfuil sé riachtanach go mbeadh ráthaíochtaí ar fáil dóibh chun rochtain a fháil ar chreidmheas. Ba cheart na deiseanna sin, a ndearnadh diantástáil orthu i measc FBManna, a leathnú ar bhonn córasach d’fhonn an geilleagar sóisialta a chuimsiú.
3.3.4Molann CESE go spreagfaí gach Ballstát, le cabhair ón gclár InvestEU, ‘ciste ráthaíochta’ tiomnaithe d’eintitis an gheilleagair shóisialta a bhunú, a chomhlíonfadh critéir shonracha chun acmhainneacht creidmheasa a mheasúnú, lena dtacófaí le táscairí iomchuí a thabhairt isteach chun infheistíochtaí sa gheilleagar sóisialta a mheas, rud a chuideodh freisin le hionstraimí nuálacha airgeadais a chur chun cinn.
3.3.5Tagann CESE leis an seasamh a nochtar sa Phlean Gníomhaíochta faoin gceannach thar barr amach ag oibrithe, áit a leagtar béim ar ról na gcomharchumann arna mbunú ag oibrithe a ghlacann seilbh ar fhiontair atá i gcruachás agus a bhunaíonn comharchumann. Is gnách go n‑eiríonn le ceannach thar barr amach den sórt sin, más féidir leis na hoibrithe atá sa chomharchumann brath ar shásraí cistiúcháin oiriúnacha agus ar bhunú cistí le haghaidh chaipitliú na bhfiontar sin. Mar sin féin, in éineacht leis na hionstraimí airgeadais sin, tá sé ríthábhachtach tacaíocht chuí a thabhairt d’oibrithe trí bhíthin gníomhaíochtaí oiliúna agus cothaithe scileanna. Áitíonn CESE ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun uirlisí agus réitigh a shainaithint lenar féidir bacainní a bhaint agus dlús a chur le nósanna imeachta dlíthiúla chun úinéireacht fiontair a aistriú chuig a fhostaithe tar éis dó dúnadh, trí chomharchumainn oibrithe nó trí chineálacha eile d’fhiontair an gheilleagair shóisialta atá faoi úinéireacht oibrithe.
3.4Beartas cánach a aithníonn feidhmeanna leasa ghinearálta
3.4.1Feidhmíonn eintitis an gheilleagair shóisialta laistigh de chreat fioscach ilroinnte atá sainithe ag na Ballstáit den chuid is mó. Is díol sásaimh do CESE go leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta ar an ngá atá le forálacha cánach a bhaineann go sonrach leis an ngeilleagar sóisialta, á thabhairt dá aire ina leith sin gur beag Ballstát atá tar éis creat fioscach tiomnaithe comhleanúnach a fhorbairt d’fhiontair shóisialta go nuige seo.
3.4.2Bheadh comhchuibhiú fioscach comhordaithe, bunaithe ar dhea-chleachtais sna Ballstáit, úsáideach agus inmhianaithe, go háirithe i gcás díolúintí áirithe cánach ó bhrabúis neamhdháilte, laghduithe ar rátaí CBL, laghduithe ar chostais árachais shóisialta nó díolúintí uathu agus laghduithe cánach i gcás tabhartas.
3.4.3Is cúis áthais do CESE go moltar sa Phlean Gníomhaíochta treoirlínte a fhoilsiú lena soiléirítear na rialacha atá ann cheana maidir le cóireáil cánach a chur i bhfeidhm ar thabhartais trasteorann ar de leas an phobail iad agus go moltar ann freisin staidéar sonrach a fhoilsiú maidir le tabhartais dhaonchairdiúla san Aontas Eorpach. I ndáil leis an méid sin, creideann CESE gur cheart go n-áireofaí sna treoirlínte sin moltaí do na Ballstáit faoin gcaoi le heagraíochtaí cónaitheacha ar de leas an phobail iad atá inchomórtais le heagraíochtaí atá bunaithe i mBallstát eile a aithint.
3.4.4Ar deireadh, agus rud is tábhachtaí fós, ní mór an Plean Gníomhaíochta a bheith ina uirlis straitéiseach lena leagtar amach bearta fóinteacha ar mhaithe le heintitis an gheilleagair shóisialta agus le pobail áitiúla, in éineacht le beartais chánach atá dírithe ar na spriocanna sóisialta i gceist.
An Bhruiséil, 6 Aibreán 2022
Alain COHEUR
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________