TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Pacáiste baincéireachta 2021

_____________

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t-íosráta aschuir
[COM(2021) 664 final – 2021/0342 (COD)]

ECO/571

Rapóirtéir: Bogdan PREDA

GA

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17/01/2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 20/01/2022

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

03/03/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23/03/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

154/0/1

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Molann CESE beartas caipitil atá fónta, cothrom agus réamhbhreathnaitheach ina mbíonn ualuithe priacal bunaithe ar rioscaí iarbhír cobhsaíochta, agus é á chur san áireamh san am céanna aige an gá atá le borradh a chur faoi iomaíochas bhainc an Aontais agus le maoiniú an fháis inbhuanaithe a mhéadú. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht bhreise a dhéanamh ar a mhéid a thugann na tograí aghaidh ar na dúshláin thuasluaite.

1.2Is díol sásaimh do CESE cur chun feidhme na ngnéithe eile de na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (‘caighdeáin Basel III’) 1 , ó thaobh tráthúlachta agus ábhair de, ós rud é go bhfuil sé i gceist leo cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais san Aontas a fheabhsú, agus, ar an gcaoi sin, saoránaigh na hEorpa a chosaint ar rioscaí breise ar an margadh airgeadais.

1.3Tá sé á chur i dtábhacht ag CESE gur réamhriachtanas ríthábhachtach í cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch fhoriomlán, agus, san am céanna, go bhfuil rialú fónta agus faireachas fónta na hearnála baincéireachta ríthábhachtach chun bagairt na suaiteachta agus na géarchéime a chosc. Cé go bhfuil ceanglais stuamachta chaipitil ríthábhachtach chun na réamhriachtanais thuasluaite a chomhlíonadh, tá CESE ag iarraidh ar reachtóirí a áirithiú go mbainfear amach cothromaíocht chuí idir dhá chuspóir chomhlántacha sna tograí, eadhon (i) a áirithiú go mbeidh bainc an Aontais níos athléimní agus (ii) fóntacht airgeadais agus iomaíochas na hearnála a áirithiú, lena n-áirítear ó thaobh an chreata chothroim maidir le ceanglais chaipitil, d’fhonn tacú leis na bainc an fíorgheilleagar a mhaoiniú.

1.4Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar thionchar iarbhír na dtograí, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuireann a gcur chun feidhme feabhas ar chobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus ar athléimneacht earnáil na baincéireachta, agus iomaíochas bhainc an Aontais á chur san áireamh freisin. Tuigeann CESE go gcuireann cóimheasa fónta cothroma caipitil leis an iomaíochas.

1.5.Is mór ag CESE iarrachtaí an Choimisiúin geilleagar an Aontais a dhéanamh níos glaise agus níos athléimní, lena n-áirítear trí athbhreithniú agus meastóireacht bhuan a dhéanamh ar na huirlisí reatha atá beartaithe chun méadú a dhéanamh ar an nglacadh atá leis an maoiniú inbhuanaithe. D’fhéadfadh an earnáil airgeadais a bheith ríthábhachtach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a thógáil. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE cur chuige an Choimisiúin chun díriú níos mó ar rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) sa chreat stuamachta (i gcomhréir le sruthanna oibre idirnáisiúnta, eadhon in Basel III), lena n-áirítear trí rioscaí an mhargaidh airgeadais a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.

1.6.Is díol sásaimh do CESE freisin an obair atá déanta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) maidir le nochtadh rioscaí ESG 2 , arb é is aidhm di rioscaí comhshaoil na mbanc a mheasúnú go cuí mar aon lena straitéis airgeadais don aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de. Tá CESE ag iarraidh ar ÚBE freisin dlús a chur lena chuid oibre fíorúcháin maidir le creat Cholún 1 chun a chinneadh an dtugann sé aghaidh go leordhóthanach ar ghnéithe uathúla na rioscaí aeráide. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag beartais rialála mhacrastuamachta, lena n-áirítear beartais chaipitilbhunaithe, chun rioscaí an mhargaidh airgeadais a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar ÚBE a iarrachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann faoi láthair i nochtadh rioscaí ESG ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le sócmhainní a bhaineann le breoslaí iontaise agus sócmhainní a bhíonn neamhchosanta ar theagmhais ainsealacha agus fhoircneacha a bhaineann leis an athrú aeráide. Is é is aidhm dó sin cur go mór leis na straitéisí atá ag na bainc maidir leis an maoiniú inbhuanaithe.

2.Réamhrá

2.1Is é ábhar na tuairime seo an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh (i) rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 3 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t‑íosráta aschuir (togra CRR) agus (ii) treoir lena leasaítear Treoir 2013/36/AE 4 a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE (togra CRD).

2.2Mar a leagtar amach sa Mheabhrán Míniúcháin, tá bonn cirt leis an dá ghníomh normatacha i ngeall ar an ngá atá le caighdeáin Basel III a chur chun feidhme, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar roinnt ábhair thábhachtacha do chobhsaíocht airgeadais agus do mhaoiniú seasta an gheilleagair i gcomhthéacs an téarnaimh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Áirítear orthu sin an creat caipitil priacalbhunaithe a neartú, díriú níos mó ar rioscaí ESG sa chreat stuamachta agus cumhachtaí agus uirlisí maoirseachta a chomhchuibhiú a thuilleadh.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais ina réamhriachtanas ríthábhachtach don chobhsaíocht eacnamaíoch fhoriomlán agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar mhaithe le leas coiteann an phobail. Is den riachtanas é go ndéanfaí rialáil fhónta agus faireachas fónta ar earnáil na baincéireachta chun bagairt na suaiteachta agus na géarchéime a chosc. Ina theannta sin, cabhraíonn ceanglais stuamachta chaipitil le cosc a chur ar chistí poiblí a úsáid chun bainc anásta a tharrtháil.

3.2Ní mór caighdeáin Basel III a chur chun feidhme ar bhealach beacht cothrom ar mhaithe le cuideachtaí Eorpacha agus le fostaíocht san Aontas, ach, de bhreis air sin, chun rochtain ar úinéireacht tithíochta a chothú agus chun na geilleagair san Aontas atá dírithe ar onnmhairiú a spreagadh, geilleagair a bhfuil fás an oiread sin gnólachtaí agus fostaíocht an oiread sin saoránach ag brath orthu. Chomh maith leis sin, tá na caighdeáin idirnáisiúnta sin á gcur chun feidhme i múnla baincéireachta de chuid an Aontais a bhfuil col i bhfad níos mó aige le riosca agus atá níos neamhspleáiche ar mhargaí caipitil ná i ndlínsí eile.

Is díol sásaimh do CESE na tograí ón gCoimisiún maidir leis na gnéithe eile de chaighdeáin Basel III a thabhairt isteach, a bhfuil sé d’aidhm acu an riosca arbatráiste rialála a theorannú agus muinín agus intuarthacht a chruthú d’infheisteoirí agus do rialtóirí. Aithníonn CESE go bhfuil rialacha de dhíth ar an Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin (i.e. téarnamh, an aeráid agus dúshláin dhigiteacha), ar shaintréithe sonracha (gan amhras, is é creidmheas bainc an príomhbhealach maoinithe do gheilleagar an Aontais) agus ar uaillmhianta an Aontais Eorpaigh (Aontas na Margaí Caipitil agus an Comhaontú Glas). Os a choinne sin, tá sé ríthábhachtach nach mbeidh saoránaigh na hEorpa ná cáiníocóirí na hEorpa neamhchosanta ar an mbaol méadaithe go dtarlódh géarchéim airgeadais; ní mór, mar sin, cothromaíocht chuí a bhaint amach idir na dúshláin thuasluaite agus substaint chaighdeáin Basel III agus an discréid a thugtar iontu. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar ghnéithe sonracha na mbanc Eorpach agus ar an tionchar a bhíonn acu orthu agus ar gheilleagar an Aontais d’fhonn a áirithiú go mbeidh an chothromaíocht chuí sna tograí reachtacha idir cur chun feidhme beacht chaighdeáin Basel III, feidhmiú na ndiscréidí náisiúnta dá bhforáiltear i gcaighdeáin Basel III agus an gá atá le coigeartuithe a mholadh chun sainiúlachtaí gheilleagar an Aontais agus bhainc an Aontais araon a léiriú.

3.3Tá CESE ag tabhairt dá aire gur cheart cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a chosaint le cur chun feidhme na dtograí sin, ach nár cheart méadú dochosanta teacht ar na ceanglais chaipitil do bhainc an Aontais mar thoradh air sin, thar a bhfuil beartaithe i measúnú an Choimisiúin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nár cheart ualach rómhór a bheith i gceist leis an tionchar ar na ceanglais chaipitil, lena n-áirítear ar chomharbhainc bheaga agus ar bhainc bheaga agus, dá bhrí sin, nár cheart cur isteach ar a n-iomaíochas, agus, san am céanna, cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a áirithiú.

3.4Is maith is eol do CESE freisin gur rannchuidigh na ceanglais chaipitil atá ann cheana go cinntitheach leis an gcóras baincéireachta a dhéanamh níos athléimní le linn géarchéimeanna, rud a léiríodh le linn na paindéime freisin; chuir an leibhéal caipitlithe atá ann faoi láthair ar chumas na mbanc Eorpach dul tríd an bpaindéim i ndea-riocht agus leanúint den mhaoiniú agus den tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na hEorpa d’fhonn mórshuaitheadh eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a sheasamh. Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mBanc Ceannais Eorpach, a bhfuil beartas an-tacúil curtha i bhfeidhm aige, rud a chuir le hathléimneacht na mbanc le linn ghéarchéim COVID-19.

3.5Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh na tograí reatha leis na rialacha atá ann faoi láthair, go háirithe i gcomhthéacs na gceanglas caipitil, chun go leanfar de chosc a chur ar rioscaí iomarcacha, ar ardghiaráil agus ar iompraíocht amhantrach. I bhfianaise an chomhthéacs eacnamaíoch agus shóisialta atá ann faoi láthair, is iomaí riosca suntasach atá ann nach mór aghaidh cheart a thabhairt orthu fós, amhail rioscaí aeráide nó iasachtaí neamhthuillmheacha, mar shampla. Ba cheart ceanglais chaipitil a bheith ard a ndóthain chun bagairt féimheachta agus bagairt shuaiteacht agus ghéarchéim an mhargaidh airgeadais a chosc, ach níor cheart iad a bheith iomarcach. San am céanna, tá sé á aithint ag CESE go bhfuil ról lárnach ag bainc an Aontais maidir leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú agus maidir le tacú leis na haistrithe digiteacha agus inbhuanaithe, rud a mbeidh tionchar indíreach aige ar phoist agus ar chaighdeáin mhaireachtála. Ní mór na gnéithe sin a chur san áireamh sna forálacha rialála a bhaineann le ceanglais chaipitil.

3.6Maidir le rioscaí ESG, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh agus gur cheart do na margaí airgeadais tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá níos inbhuanaithe agus níos glaise, agus é sin a fheabhsú, ach nach féidir le hearnáil na baincéireachta an t-athrú fadtéarmach seo a bhaint amach léi féin. De réir na n-athbhreithnithe is déanaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, tá breis agus leath de Bhallstáit an Aontais fós ag fóirdheonú breoslaí iontaise níos mó ná foinsí in-athnuaite 5 , agus san am céanna ní mór an tacaíocht ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí a ailíniú níos fearr le prionsabail airgeadais inbhuanaithe 6 . Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh na beartais thionsclaíocha agus na creataí dlíthiúla náisiúnta agus AE ábhartha iomlán comhsheasmhach d’fhonn (i) deiseanna infheistíochta inbhuanaithe a chur chun cinn chun tionchar a imirt ar leithdháileadh acmhainní eacnamaíocha sa treo sin agus (ii) deireadh a chur le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus cuspóirí aeráide a réiteach le riachtanais shóisialta. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE gur neartaíodh na forálacha a bhaineann le rioscaí ESG sna tograí reachtacha ach tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh ar infheidhmeacht na bhforálacha sin maidir le cumhachtaí maoirseoirí ‘na priacail a eascraíonn as mí-ailíniú na n-institiúidí le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais, agus as treochtaí aistrithe níos leithne a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, a laghdú’ ionas go mbeidh sé soiléir conas is ceart cumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú.

 

3.7Chomh maith le nochtadh agus tástáil struis aeráide, is féidir le beartais mhacrastuamachta, lena n-áirítear bearta atá bunaithe ar chaipiteal, ról a imirt chun a áirithiú go gcuirfear rioscaí ESG na mbanc san áireamh i gceart agus chun dáileadh sreafaí creidmheasa a éascú ar fud earnálacha ar féidir leo tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de. Dá bhrí sin, molann CESE go ndéanfadh ÚBE agus BCE na nithe seo a leanas:

(I)dlús a chur lena gcuid oibre ar chreat Cholún 1 chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhéid a thugann an creat rialála reatha aghaidh go leordhóthanach ar rioscaí ESG agus ar na bearta gaolmhara a bhfuil gá leo, más ann dóibh, agus

(II)dlús a chur lena gcuid oibre i dtaca le calabrú cuí agus tráthúil na dtástálacha struis maidir le rioscaí ESG.

3.8Is díol sásaimh do CESE na sainorduithe a tugadh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán i ndlínsí eile d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le huainiú agus tábhacht an tionchair ar na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear i dtéarmaí an mhéadaithe ar cheanglais chaipitil. Tá rabhadh á thabhairt ag CESE freisin, áfach, i gcoinne na gcaighdeán rialála a ísliú agus i gcoinne tuilleadh moille a chur ar theacht i bhfeidhm caighdeán, agus cur chun feidhme easnamhach rialacha ar leith i dtíortha áirithe á chur chun suntais aige. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhagairt thromchúiseach don chobhsaíocht dhomhanda.

4.Barúlacha sonracha

4.1Is díol sásaimh do CESE, go háirithe, na moltaí seo a leanas sa togra ón gCoimisiún, ach molann sé go ndéanfaí anailís ar roinnt feabhsuithe teicniúla breise:

(I)Cur i bhfeidhm an íosráta aschuir ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde le sásra athdháilte rioscabhunaithe (chun caipitliú leordhóthanach fochuideachtaí san Aontas a áirithiú) do gach grúpa baincéireachta. Ní hamháin go n-áiritheofaí comhsheasmhacht idirnáisiúnta leis sin, ach sheachnófaí na héifeachtaí diúltacha a bheadh ag a gcur i bhfeidhm ar leibhéal an eintitis freisin.

(II)Cé go bhfuil sé buíoch as na feabhsuithe sonracha maidir leis an íosráta aschuir i dtaca le hiasachtú speisialaithe (Airteagal 495b), ba cheart tuilleadh measúnaithe a dhéanamh air d’fhonn comhsheasmhacht níos fearr a bhaint amach i ndáil leis na híosrátaí ionchuir, agus sainiúlachtaí na bhfo-aicmí a bhaineann le hiasachtú speisialaithe á gcur san áireamh, cé nach bhfuil na híosrátaí paraiméadair faoin gcur chuige caighdeánaithe ag teacht leis na rioscaí iarbhír agus cé nach léiríonn siad stóinseacht na gcineálacha maoinithe sin.

(III)Is díol sásaimh dó go háirithe go bhfuil na fachtóirí tacaíochta FBManna agus bonneagair á gcoinneáil mar aon leis na díolúintí maidir leis na Coigeartuithe Luachála Creidmheasa (Airteagal 501/501a), toisc gur uirlisí suntasacha iad chun go leanfaidh na bainc de bheith ag tacú le codanna tábhachtacha de gheilleagar na hEorpa, go háirithe i gcomhthéacs théarnamh iar-COVID-19. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an deis atá ann na critéir maidir leis na fachtóirí tacaíochta bonneagair a shoiléiriú agus a shimpliú a thuilleadh chun borradh a chur faoin maoiniú bonneagair, agus na rioscaí gaolmhara á gcur san áireamh agus an chobhsaíocht airgeadais á cosaint san am céanna;

(IV)Cé go bhfuil sruthlíniú chur chuige na trédhearcachta maidir le láimhseáil cistí infheistíochta (gnóthais chomhinfheistíochta) dea-dheartha i bprionsabal, measann CESE gur gá na rialacha agus na srianta rialachais lena mbaineann a chomhghaolú a thuilleadh (e.g. spleáchas ar shonraí arna soláthar ag tríú páirtithe chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcoinne gnóthais chomhinfheistíochta.);

(V)Is gá an t-ualú de réir priacal ag 100 % maidir le hinfheistíochtaí cothromais fadtéarmacha straitéiseacha na mbanc a choinneáil, ach creideann CESE gurb iomchuí é a chur i bhfeidhm go cothrom i dtaca leis na bainc ar fad, bídís faoi chur chuige na samhlacha caighdeánaithe nó cur chuige na samhlacha inmheánacha;

(VI)D’fhonn an t-aistriú glas a mhaoiniú, is den ríthábhacht go spreagfar na bainc chun acmhainní a aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus i dtreo rannpháirtíocht na gcustaiméirí. I ndáil leis an méid sin, chun dlús a chur leis an aistriú is gá a dhéanamh agus chun feabhas a chur ar an aistriú sin, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfidh an tAontas agus na Ballstáit athrú mór chun feidhme i dtaca leis na dreasachtaí agus na dídhreasachtaí a thugtar don gheilleagar bunúsach, mar a trasuíodh i mbeartais thionsclaíocha agus sna creataí ábhartha. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht bhreise a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann le rioscaí ESG i dtogra CRR agus i dtogra CRD i bhfianaise an mhéid sin thuas.

4.2Idir an dá linn, molann CESE roinnt saincheisteanna ar ghá athbhreithniú a dhéanamh orthu laistigh de na tograí. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur príomhthosaíocht é an leas coiteann poiblí chun cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a chosaint agus, i ndáil leis sin, gur gá cothromaíocht chuí a bhaint amach le spriocanna beartais eile, agus é á áirithiú san am céanna nach gcuirfear cobhsaíocht airgeadais i mbaol. Níor cheart é a bheith mar thoradh ar ghlacadh chaighdeáin Basel III san Aontas go mbainfear an bonn den sprioc maidir le cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a mhéadú d’fhonn a bheith níos ullmhaithe do shuaiteacht eacnamaíoch agus géarchéimeanna eacnamaíocha amach anseo. Thairis sin, ba cheart do na bearta atá beartaithe a áirithiú, i gcás ar bith, go neartófar a thuilleadh caipitliú na mbanc, agus a n-iomaíochas a áirithiú san am céanna:

(I)Deireadh a chur leis an gcoinníollacht atá bunaithe ar ghlacadh rátálacha don réiteach idirthréimhseach chun tionchar an íosráta aschuir ar chorporáidí gan rátáil a laghdú (Airteagal 465(3)). Is é is cúis leis sin cumhdach íseal na rátálacha seachtracha le haghaidh mhargadh an Aontais agus chun nach mbeifear ag brath an iomarca ar rátálacha seachtracha, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa.

(II)Maidir leis an socrú idirthréimhseach do mhorgáistí cónaithe le haghaidh an íosráta aschuir, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an deis chun é a athbhreithniú ó roinnt peirspictíochtaí éagsúla (cóimheas iasachta/luacha, neamhshiméadracht idir modheolaíochtaí riosca, íogaireacht i leith riosca) chun iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint i dtaca leis an rochtain ar mhorgáistí cónaithe. Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh in aon athbhreithniú den sórt sin gur gá aon bhaol go dtarlódh boilgeog tithíochta a sheachaint.

(III)Athbhreithniú breise ar na forálacha maidir leis an gcur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha (IRB) lena gceadaítear aibíochtaí réadacha a úsáid seachas aibíochtaí seasta d’fhonn an fíor-riosca atá leabaithe ann a léiriú.

(IV)Na fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa (CCF) a choinneáil ag 20 % i gcás ítimí teagmhasacha a bhaineann le hidirbhearta (e.g. bannaí feidhmíochta, bannaí tairisceana, barántais) mar gheall ar an ról lárnach atá acu i ngeilleagar an Aontais, ionas go mbeidh siad comhsheasmhach le sonraí mainneachtana iarbhír an mhargaidh ábhartha.

(V)Ba cheart meastóireacht bhreise a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann leis an margadh caipitil chun go seachnófar an baol go mbeadh tionchar díréireach acu ar na costais a bhaineann le fálú, leachtacht agus cistiúchán do stáit agus do chorparáidí, agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le Bainc Infheistíochta Corparáidí an Aontais dul san iomaíocht ar mhargaí an Aontais agus ar mhargaí idirnáisiúnta.

(VI)Leasú a dhéanamh ar ríomh na bhfíor-ranníocaíochtaí a dhéanann leasanna mionlaigh leis an gcaipiteal comhdhlúite, rud atá ag teacht salach ar spriocanna Aontas na Margaí Caipitil faoi láthair toisc go gcuireann sé isteach ar an gclaonadh láidir atá ann cuideachtaí a liostú.

4.3Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go mbíonn rioscaí ann mar thoradh ar an athrú aeráide, rioscaí a bhfuil tionchar acu cheana féin ar na bainc agus a bhféadfadh impleachtaí móra a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais na mbanc, mura rachfar i ngleic leis i gceart ar an leibhéal rialála agus ar an leibhéal baincéireachta araon. I ndáil leis an méid sin, is mór ag CESE an obair atá ar siúl ag Coiste Basel agus ag na húdaráis Eorpacha maidir le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid, trí bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chreat reatha a shainaithint agus bearta féideartha a mheas chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar prionsabal na hábharthachta dúbailte a urramú ina iomláine nuair a bheidh tuilleadh forbartha á dhéanamh ar an gcreat ábhartha chun an t-aistriú chuig geilleagar níos glaise a mhaoiniú.

4.4Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar infheidhmeacht phrionsabal na comhréireachta maidir le bainc atá beag ó thaobh méide, róil agus neamhchosaint ar rioscaí sistéamacha de (de réir an tsainmhínithe ar eintiteas beag neamhchasta sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil), ach nach mór dóibh ceanglais a mbaineann ualach trom leo a chomhlíonadh fós, lena n-áirítear ceanglais maidir le nochtadh agus ceanglais chaipitil, toisc gur cuid de ghrúpa baincéireachta ‘suntasach’ iad. Mar sin féin, ní mór a chur san áireamh in aon mheastóireacht a dhéanfar ar phrionsabal na comhréireachta go bhfuil níos mó acmhainní ar fáil do bhainc bheaga, ar cuid de ghrúpa baincéireachta suntasach iad, chun na ceanglais a shásamh maidir le nochtadh agus ceanglais chaipitil.

An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)     https://www.bis.org/bcbs/basel3.htm Is sraith beart é Basel III a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais 2007-09. Is é is aidhm do na bearta rialú, maoirseacht agus bainistiú riosca na mbanc a neartú. Fearacht chaighdeáin uile Choiste Basel, is íoscheanglais iad caighdeáin Basel III a bhfuil feidhm acu maidir le bainc atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Tá na comhaltaí tiomanta do chaighdeáin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina ndlínsí féin laistigh den tréimhse ama arna bunú ag an gCoiste.
(2)     https://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/transparency-and-pillar-3
(3)    Ar a dtugtar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.
(4)    Ar a dtugtar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil.
(5)       https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=60760  
(6)       https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_22/SR_sustainable-finance_EN.pdf