|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Tionscal Troscáin na hEorpa
|
|
_____________
|
|
Tionscal Troscáin na hEorpa – Téarnamh i dtreo geilleagar nuálach glas ciorclach
(tuairim féintionscnaimh)
|
|
|
|
CCMI/187
|
|
|
|
Rapóirtéir: Anastasis YIAPANIS
|
|
Comhrapóirtéir: Rolf GEHRING
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
21/10/2021
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim féintionscnaimh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
13/05/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
15/06/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
570
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
207/1/2
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Earnáil lán fuinnimh is ea earnáil troscáin na hEorpa, ceann a bhfuil an‑éagsúlacht inti ó thaobh mhéid agus phróisis oibre na gcuideachtaí de agus ó thaobh chruth na gcuideachtaí de freisin. Cuimsítear iomlán na saolré san earnáil agus cuirtear deiseanna maithe ar fáil inti dul i muinín na hinbhuanaitheachta agus an aistrithe i dtreo samhlacha geilleagracha ciorclacha.
1.2Ní mór do chuideachtaí Eorpacha cloí le rialacháin dhochta maidir le cúrsaí comhshaoil, táirgí, agus sláinte agus sábháilteacht, rud a chuireann leis na costais oibriúcháin. Saobhtar an iomaíocht idirnáisiúnta de dheasca fóirdheontais rialtais a thairgtear d’iomaitheoirí seachtracha agus cleachtais éagóracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an margadh, go háirithe i gcás eintitis eacnamaíocha ón Áise.
1.3Teastaíonn ó CESE a chur i bhfáth gurb é an sprioc cheart i gcás thodhchaí earnáil troscáin an Aontais an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht agus an fholláine shóisialta. Tá CESE den tuairim go bhfuil creat reachtach comhtháite le haghaidh maoin intleachtúil ag teastáil ó ghnólachtaí, creat lena gcosnófar a gcuid leasanna agus a oirfidh don aistriú glas agus digiteach.
1.4Tá CESE ag moladh go láidir go gcomhlíonfar go docht rialacha an Aontais, oibleagáidí faisnéise do thomhaltóirí san áireamh, i gcás gach táirge troscáin a allmhairítear isteach san Aontas. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh reachtaíocht chomhtháite ón Aontas lena bhforchuirfear formáidí caighdeánaithe lipéid le haghaidh gach táirge.
1.5Ós rud é go n‑úsáidtear an‑chuid amhábhar sa tionscal, is rud ríthábhachtach é go bhfuil rochtain ag an earnáil ar acmhainní ardcháilíochta agus slabhraí luacha daingne, ar rochtain gan bhac í ar féidir brath uirthi. De bhreis air sin, ós rud é gur in airde i gcónaí a théann an t‑éileamh ar adhmad, arb é an príomh‑amhábhar i dtionscal an troscáin é, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an bonneagar foraoise agus inbhuanaitheacht an bhonneagair sin a fhorbairt agus a nuachóiriú, agus feabhas a chur ar scileanna agus teicneolaíochtaí.
1.6Measann CESE gur sócmhainn an‑tábhachtach an t‑adhmad a tháirgtear san Eoraip agus gur cheart é a úsáid chun táirgí ard‑bhreisluacha a tháirgeadh. Creideann CESE nach bhfuil aon chiall eacnamaíoch leis amhábhar adhmaid a onnmhairiú agus tá sé ag iarraidh go dtabharfar isteach ionstraimí cosanta trádála lena gcosnófar táirgeoirí troscáin áitiúla.
1.7De bhreis air sin, tá an Coiste ag iarraidh ar na Ballstáit prionsabal na húsáide cascáidí a chur chun cinn agus deireadh a chur le fóirdheontais agus dreasachtaí eile chun adhmad a dhó le haghaidh fuinnimh.
1.8Is mian le CESE laghdú ar tharaifí nó deireadh leo a iarraidh i gcás amhábhair phríomhúla agus thánaisteacha a allmhairítear isteach san Aontas. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas forfheidhmiú na gcritéar inbhuanaitheachta sna comhaontuithe trádála a áirithiú agus a chinntiú gur ann do chritéir fíorúcháin i gcás na n‑allmhairí ó thaobh cúinsí oibre, saoirse comhlachais agus cóir chothrom na n‑oibrithe de. Tá CESE ag áitiú gur chóir cearta an duine a bheith ina gcuid de nósanna imeachta díchill chuí, d’fhonn coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta an duine agus cearta na n‑oibrithe a chomhlíonadh ina n‑iomláine.
1.9Ní mór earnáil an troscáin a bheith ina cuid de thionscnamh Bauhaus Eorpach Nua
agus ní mór di cuidiú le táirgí inbhuanaithe cuimsitheacha a chruthú le haghaidh an dóighe nua maireachtála, mar a dtugtar le chéile an inbhuanaitheacht agus an stíl mhaireachtála.
1.10Dea‑shampla is ea comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an bhformaildéad a laghdú i dtáirgeadh painéal den chaoi ar féidir comhaontuithe deonacha de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bheith ina gcuidiú freisin ó thaobh guaiseacha sláinte a laghdú. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh go mbeidh pacáistí inbhuanaithe agus go hiomlán in‑athchúrsáilte agus tá sé ag moladh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 94/62/CE maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht
.
1.11Measann CESE go bhfuil gá le haistriú tapa ó shreabhadh líneach na n‑ábhar agus an fhuinnimh chuig samhail chiorclach, má tá téarnamh luacha na dtáirgí le baint amach agus má táthar chun fás eacnamaíoch agus fostaíocht nua a áirithiú.
1.12Measann CESE gur gá do tháirgeoirí troscáin a gcuid táirgí a dhearadh sa chaoi is gur féidir luach a aisghabháil agus go n‑éascófar an athúsáid, an deisiú, an t‑athchóiriú agus an athchúrsáil. Dá gcuirfí scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ar bun in earnáil an troscáin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí le hacmhainn athúsáide agus athchúrsála an Aontais. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh cosc reachtach Eorpach ar throscán i láithreáin líonta talún d’fhonn aisghabháil agus athúsáid ábhar luachmhar a mhéadú.
1.13Tá lucht saothair ardoilte ag teastáil ón earnáil, earnáil is gá a dhéanamh níos tarraingtí don ghlúin óg. Ní mór don earnáil a bheith ar a dícheall i gcónaí ag iarraidh dálaí oibre a fheabhsú, deiseanna oiliúna a chruthú agus speisialtóirí digiteála ardoilte a mhealladh chun an tionscail.
1.14Tá CESE ag iarraidh ar reachtóirí na hEorpa tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thionscnaimh thrasnáisiúnta a chuireann le cáilíocht na gcineálacha printíseachta go léir in earnáil an troscáin. Dá mba ann do Erasmus ní b’uaillmhianaí do phrintísigh, chabhrófaí le traidisiúin shaibhre ilghnéitheacha agus acmhainn nuálaíochta an táirgthe troscáin san Eoraip a thabhairt don chéad ghlúin eile.
1.15Ní mór cláir oideachais, tionscnaimh foghlama ar feadh an tsaoil agus gairmoiliúint a fhorbairt ach rannpháirt ghníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, na hinstitiúidí oideachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha eile. Tá sé ríthábhachtach an lucht saothair a ullmhú do na dúshláin a bheidh roimh an earnáil amach anseo.
1.16Tá CESE ag iarraidh infheistíochtaí i scileanna, sa dearadh, sa chruthaitheacht agus i bhforbairt an tslabhra luacha, agus rochtain níos fearr ag na táirgeoirí troscáin ar chláir chistiúcháin le haghaidh cúrsaí taighde, forbartha agus nuálaíochta. Ní mór acmhainní leordhóthanacha a sholáthar do FBManna chun gur féidir leo anailís a dhéanamh ar fhorbairt an ghnó ar bhonn ciorclach nuálach inbhuanaithe.
1.17Creideann an Coiste gur féidir tionchar dearfach a imirt ó thaobh spriocanna an aistrithe ghlais de, má chothaítear éileamh ar throscán athláimhe agus tacaíocht do ghníomhaithe neamhbhrabúis a bhfuil baint acu le próisis athchúrsála nó uaschúrsála an troscáin athláimhe.
1.18Ar deireadh, tá CESE ag iarraidh go gcuirfear ardán Eorpach ar bun a mbeidh cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí taighde, ollscoileanna agus geallsealbhóirí ábhartha eile páirteach ann, ardán lena gcuirfear chun cinn an fhorbairt gnó in earnáil an troscáin.
2.Barúlacha tosaigh
2.1Tá an Straitéis Eorpach Nua maidir le Tionsclaíocht
dírithe ar an aistriú dochúlaithe céimnitheach chuig córas eacnamaíoch inbhuanaithe nach bhfágfaidh aon duine ar lár, lena gcuimseofar digiteáil agus forbairtí glasa, agus lena bhforbrófar comhpháirtíochtaí idir na tionscail, na comhpháirtithe sóisialta, na húdaráis phoiblí agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta.
2.2Earnáil lán fuinnimh is ea earnáil troscáin na hEorpa, ceann a bhfuil an‑éagsúlacht inti ó thaobh mhéid agus phróisis oibre na gcuideachtaí. Is earnáil dlúthshaothair í, ar an iomlán, a bhfuil slabhraí luacha inti atá áitiúil nó réigiúnach go fóill, ina bhfuil FBManna agus micrifhiontar go mór i dtreis. Fostaítear thart ar 1 mhilliún oibrí san earnáil agus is ionann í agus aon cheathrú de tháirgeacht troscáin iomlán an domhain
.
2.3Cuimsítear iomlán na saolré san earnáil: amhábhar, próiseáil, úsáid, cothabháil, athúsáid, athchúrsáil, bithmhais le haghaidh fuinnimh. Dá thoradh sin, cuirtear deiseanna maithe ar fáil léi glacadh leis an inbhuanaitheacht agus leis an aistriú i dtreo samhlacha eacnamaíocha ciorclacha.
2.4Buaileadh earnáil an troscáin go dona de dheasca phaindéim COVID‑19, go háirithe na slabhraí luacha trasteorann atá thíos go mór leis an líon mór srianta ar shaorghluaiseacht earraí agus daoine. Is léiriú é sin ar a thábhachtaí atá sé an margadh aonair a bheith comhtháite agus dea‑fheidhmiúil.
3.Taobh na hiomaíochta de
3.1Is ionann rialacháin, caighdeáin, scéimeanna deimhniúcháin agus ceanglais lipéadaithe difriúla náisiúnta a bheith ann agus bacainn ó thaobh tháirgeoirí an Aontais de agus bíonn ar chuideachtaí costais dhíréireacha a íoc dá dheasca sin. Dá ndéanfaí caighdeánú agus rialacha comhchuibhithe uile‑Aontais a thabhairt isteach, d’fhéadfaí deimhneacht a thabhairt do ghníomhaithe uile an mhargaidh agus an tuiscint chéanna acu go léir ar chúrsaí.
3.2Tá tionchar diúltach ag an méadú a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip ar iomaíochas na hearnála agus cuireann sé leis an bhfadhb maidir le hinfhaighteacht acmhainní agus maidir leis an ardú ar phraghas na n‑amhábhar.
3.3Cé is moite den iomaíocht ghinearálta atá ag dul i méid sa mhargadh idirnáisiúnta, baineann cuideachtaí ó thríú tíortha leas as cleachtais éagóracha uaireanta chun rochtain a fháil ar an margadh, go háirithe eintitis eacnamaíocha ón Áise, a dtugann a rialtais fóirdheontais dóibh i gcásanna áirithe. De bhreis air sin, is doichte na rialacháin ar gá do chuideachtaí na hEorpa cloí leo maidir le cúrsaí comhshaoil, táirgí, agus sláinte agus sábháilteacht, rud a chuireann leis na costais oibriúcháin. Fágann caighdeáin chomhshaoil ísle i dtríú tíortha freisin gur faoi mhíbhuntáiste a bhíonn na táirgí Eorpacha arna ndéanamh as fíoradhmad. Tá CESE den bharúil go bhfágann na gnéithe sin den scéal go saobhtar iomaíochas na gcuideachtaí áitiúla agus iad ag dul san iomaíocht sna margaí domhanda.
3.4Maidir leis an margadh inmheánach, tá CESE ag moladh go láidir, i gcás gach táirge troscáin arna allmhairiú isteach san Aontas, go gcomhlíonfar go docht rialacha na hEorpa, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le faisnéis do thomhaltóirí, cuir i gcás lipéadú iomchuí. Tá CESE ag iarraidh freisin reachtaíocht chomhtháite Eorpach lena bhforchuirfear ceanglas go gcuirfear faisnéis ar fáil le táirgí troscáin i lipéad a mbeidh formáid chaighdeánach ag gabháil leis, e.g. tír bhunáitíochta an táirge, na hábhair a úsáideadh, léiriú soiléir ar chomhpháirteanna uile an táirge, sábháilteacht táirge, marthanacht, treoracha maidir le húsáid, glanadh agus cothabháil, baránta an táirge, etc. Lena thuilleadh gníomhaíochtaí faireachais margaidh chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an troscáin a allmhairítear, ní mór a áirithiú gur ann d’fhaisnéis do thomhaltóirí agus do chothroime iomaíochta do tháirgeoirí áitiúla an Aontais.
3.5Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le pasanna táirge leictreonacha mar chuid den Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe atá ar na bacáin. Leis na huirlisí sin, má cheaptar agus má chomhchuibhítear go maith iad, d’fhéadfaí an geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí fhaisnéis faoi tháirgí a chur in iúl ó thús deireadh an tslabhra luacha agus, inter alia, tríd an éileamh ciorclach a spreagadh agus tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh.
3.6Tá táirgeoirí ó thríú tíortha ag breith suas ar an Aontas ó thaobh na teicneolaíochta de, mar sin tá suntas bhuntáiste iomaíoch an Aontais ag dul i laghad. Dá bhrí sin, tá gá le samhlacha nua gnó lena gcomhcheanglófar an t‑iomaíochas agus an inbhuanaitheacht agus lena dtabharfar rochtain ar an margadh do na táirgeoirí áitiúla.
3.7Saincheist mhór don earnáil is ea cosaint na gceart maoine intleachtúla freisin, go háirithe ós rud é gurb iad an cháilíocht, an nuálaíocht agus an dearadh na buntáistí is mó atá ag an Aontas i gcónaí ó thaobh na hiomaíochta de. Tá CESE den tuairim go bhfuil creat reachtach comhtháite ag teastáil ó ghnólachtaí, creat lena gcosnófaí a gcuid leasanna agus a d’oirfeadh don aistriú glas agus digiteach.
3.8Teastaíonn ó CESE a chur i bhfáth gurb é an sprioc cheart go háirithe i gcás thodhchaí earnáil troscáin an Aontais, agus i gcás ginearálta an gheilleagair, an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht agus an fholláine shóisialta.
4.Rochtain ar amhábhair
4.1Úsáidtear go leor amhábhar sa phróiseas táirgthe in earnáil an troscáin (amhail adhmad, cána, leathar, miotal, plaisteach, teicstílí, gloine, cúr, etc.). Tá sé riachtanach do tháirgeoirí na hEorpa rochtain ar féidir brath uirthi agus nach bhfuil bac uirthi a bheith acu ar amhábhair ardcháilíochta agus tá CESE ag iarraidh go neartófar na slabhraí luacha lena gcuirfí ar chumas an tionscail a bheith i mbarr a réime. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfar lipéadú iomchuí tomhaltóra ar ábhair nach ábhair adhmaid iad a thagann isteach i margadh na hEorpa d’fhonn tionscal troscáin na hEorpa a chosaint ar amhábhair shaora ó thríú tíortha ar minic gur amhábhair neamh‑inbhuanaithe iad.
4.2Tá adhmad ar cheann de na hamhábhair is éasca teacht air agus is nádúrtha athnuachan. Tá an t‑éileamh ag dul in airde i gcónaí agus, san am céanna, tá praghas na n‑amhábhar a thagann le rialacha agus caighdeáin an Aontais ag dul i méid, rud a chruthaíonn a thuilleadh brú fós. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaithe ar adhmad sa mhargadh inmheánach, tá sé ríthábhachtach an bonneagar foraoise, agus inbhuanaitheacht an bhonneagair chéanna, a leathnú amach agus a nuachóiriú, agus feabhas a chur ar scileanna, teicneolaíochtaí agus lóistíocht na mbuainteoirí adhmaid.
4.3Tá an Coiste ag cur in iúl gur cúis imní dó an laghdú ginearálta atá tagtha ar infhaighteacht phríomh‑amhábhar an tionscail agus an méadú atá tagtha ar phraghsanna mar gheall ar a ilúsáid, go háirithe le haghaidh táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite. Measann CESE gur mó i bhfad na tairbhí a chuireann tionscal an troscáin agus tionscal na hadhmadóireachta ar fáil ó thaobh breisluacha agus fostaíochta de ná mar atá i gceist le dó díreach an adhmaid, agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le fóirdheontais agus dreasachtaí eile maidir le hadhmad a dhó le haghaidh fuinnimh agus tá sé ag iarraidh an athuair go gcuirfear prionsabal na húsáide cascáidí chun cinn (monarú táirgí, athúsáid, deisiú agus athchúrsáil, luachshocrú an ábhair fuinnimh)
. Tá CESE ag moladh freisin feabhas a chur ar chur chun cinn an adhmaid Eorpaigh sa mhargadh inmheánach trí infheictheacht agus úsáid táirgí agus troscáin fíoradhmaid a mhéadú.
4.4De bhreis air sin, tá taobh an éilimh de á shaobhadh de dheasca na bhfóirdheontas a thairgtear dóibh siúd a cheannaíonn adhmad ón Eoraip nach ceannaitheoirí de chuid an Aontais iad. Tá CESE ag iarraidh ionstraimí cosanta trádála lena gcosnófar táirgeoirí áitiúla troscáin agus tá sé lánchinnte de nach bhfuil aon chiall eacnamaíoch ag baint le hamhábhar adhmaid a onnmhairiú.
4.5Maidir le hallmhairí adhmaid, tá sé thar a bheith tábhachtach go n‑éascaítear le comhaontuithe trádála an Aontais rochtain éasca ar acmhainní adhmaid príomhúla nach acmhainní de chuid an Aontais iad. I ndáil leis sin, ba mhian le CESE laghdú ar tharaifí nó deireadh leo a iarraidh i gcás amhábhair adhmaid phríomhúla agus thánaisteacha a allmhairítear isteach san Aontas. De bhreis air sin, níl na córais deimhniúcháin le haghaidh adhmaid arna allmhairiú ó thíortha áirithe lánéifeachtach. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas forfheidhmiú na gcritéar inbhuanaitheachta sna comhaontuithe trádála a áirithiú agus a chinntiú gur ann do chritéir fíorúcháin i gcás na n‑allmhairí ó thaobh cúinsí oibre, saoirse comhlachais agus cóir chothrom na n‑oibrithe de. Tá CESE ag áitiú gur chóir cearta an duine a bheith ina gcuid de nósanna imeachta díchill chuí, d’fhonn coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta an duine agus cearta na n‑oibrithe a chomhlíonadh ina iomláine. Leis sin, d’fhéadfaí cothroime iomaíochta a chur ar bun sa mhargadh.
5.Inbhuanaitheacht agus an tAistriú Glas
5.1Measann CESE gur deis iontach atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Bauhaus Eorpach Nua do thionscal an troscáin rannchuidiú le táirgí inbhuanaithe cuimsitheacha a chruthú le haghaidh na dóighe beatha nua, mar a dtugtar le chéile an inbhuanaitheacht agus an stíl mhaireachtála. Ní éireoidh le haistriú foriomlán na hearnála ach amháin má chuirtear feabhas ar rannpháirtíocht ghníomhach na n‑oibrithe agus ionadaithe na n‑oibrithe.
5.2Tá an Coiste á thabhairt faoi deara an claonadh atá ann atá ag dul i méid i measc na dtomhaltóirí táirgí a lorg atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a monaraíodh agus dálaí oibre cuibhiúla á n‑urramú. De bhreis air sin, is féidir le hearnáil an troscáin feabhas a chur ar an tionchar a bhíonn aici ar an gcomhshaol ach táirgí níos marthanaí a mhonarú agus leas a bhaint as ábhair athchúrsáilte nó ábhair inbhuanaithe (cuir i gcás dair, péine, acáise, etc.) agus as adhmad athshlánaithe.
5.3Tá CESE ag iarraidh creat reachtach Eorpach comhtháite lena gcuirfí cosc ar aon táirge a dhíol ar an margadh inmheánach a bhfuil ábhair lasairmhoillitheacha chontúirteacha iontu. De bhreis air sin, ba cheart fáil réidh le substaintí guaiseacha freisin, cuir i gcás, trí chúr uiscebhunach, gliúnna nach bhfuil chomh guaiseach céanna nó substaintí a bhfuil comhdhúile orgánacha so‑ghalaithe ísle iontu a chur ina n‑ionad. Dea‑shampla is ea comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an bhformaildéad a laghdú i dtáirgeadh painéal den chaoi ar féidir comhaontuithe deonacha de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bheith ina gcuidiú freisin ó thaobh guaiseacha sláinte a bhaineann le substaintí guaiseacha a laghdú.
5.4Tá an Coiste ag moladh freisin go mbeidh sé éigeantach pacáistí a bheith inbhuanaithe agus in‑athchúrsáilte ina n‑iomláine agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar Threoir 94/62/CE maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. Measann CESE freisin go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag dreasachtaí cánach maidir le tionscadail inbhuanaitheachta a chur chun cinn.
6.Ciorclaíocht
6.1I bhfianaise na n‑uaillmhianta a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip
agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach
, tá comharthaí le sonrú i ngeilleagar an Aontais a thugann le fios go bhfuiltear ag glacadh leis an gciorclaíocht agus go bhfuil nuálaíocht á cothú d’fhonn samhlacha eacnamaíocha nua inbhuanaithe a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach an fás eacnamaíoch a scaradh le húsáid acmhainní má táthar chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
6.2De réir na bhfigiúirí, loisctear nó cuirtear chuig láithreán líonta talún idir 80 % agus 90 % den dramhaíl troscáin ar cuid de dhramhaíl bhardais sholadach an Aontais í. Is ábhar imní mór do CESE a laghad faisnéise do thomhaltóirí atá ann agus a dheacra atá sé teacht ar pháirteanna spártha, rud a spreagann daoine le troscán nua a cheannach in ionad dul i muinín na ciorclaíochta. Dá mba ann do thoirmeasc reachtach Eorpach ar throscán a chur chuig láithreáin líonta talún, chuirfí le haisghabháil agus athúsáid ábhar luachmhar.
6.3Is é an t‑aon réiteach atá ann ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ar an ualach rómhór arna chur ar acmhainní nádúrtha an Domhain ná aistriú tapa ó shreabhadh líneach na n‑ábhar agus an fhuinnimh chuig samhail chiorclach. Leis na samhlacha geilleagair chiorclaigh a chuirtear i bhfeidhm in earnáil an troscáin, is féidir luach a aisghabháil ó tháirgí agus fás eacnamaíoch agus cruthú post a áirithiú. Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil troscán, agus go háirithe táirgí fíoradhmaid, ríthábhachtach maidir le carbón a stóráil agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.
6.4Measann CESE gur gá do tháirgeoirí troscáin a gcuid táirgí a dhearadh sa chaoi is gur féidir luach a aisghabháil agus go n‑éascófar an athúsáid, an deisiú, an t‑athchóiriú agus an athchúrsáil. Ní mór go ndíreofar leis na próisis mhonaraíochta ar éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh a spreagadh agus ar chostais táirgthe a laghdú.
6.5Dá gcuirfí scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ar bun in earnáil an troscáin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí le hacmhainn athúsáide agus athchúrsála an Aontais, agus dreasachtaí do tháirgeoirí á gcur chun cinn ionas go gcuirfí san áireamh an tionchar ar an gcomhshaol ó chéim an deartha go deireadh ré an táirge.
7.Oideachas, digitiú agus dálaí oibre
7.1Léirítear i staidéar a rinneadh le déanaí nach bhfuil cáilíochtaí oideachais threasaigh ag formhór na bhfostaithe in earnáil an troscáin agus nach bhfuil siad ar an eolas faoi ghnéithe an gheilleagair chiorclaigh
. Mar sin féin, is mór an gá atá le lucht saothair ardoilte, agus tá lucht saothair na hearnála ag dul in aois i gcónaí agus is deacair an ghlúin óg a mhealladh chuici. D’fhonn an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí, tá sé thar a bheith tábhachtach feabhas leanúnach a chur ar dhálaí oibre (sláinte agus sábháilteacht ceirde) agus ar dheiseanna oiliúna breise, agus díriú ar speisialtóirí ardoilte digiteacha a mhealladh chun dul isteach i dtionscal an troscáin.
7.2I gcomparáid le codanna eile den domhan, tá costas rud beag níos mó ar an saothar san Aontas ach, os a choinne sin, tá an tAontas chun tosaigh ar réigiúin eile ó thaobh táirgiúlachta agus nuálaíochta de. Mhínigh CESE cheana féin, d’fhonn táirgiúlacht a mhéadú agus fanacht chun tosaigh ar na hiomaitheoirí, go bhfuil oibrithe ag teastáil ón earnáil a bhfuil oiliúint mhaith orthu maidir leis na scileanna agus na teicneolaíochtaí is déanaí
.
7.3Tá CESE ag iarraidh ar reachtóirí na hEorpa tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thionscnaimh thrasnáisiúnta a chuireann le cáilíocht na gcineálacha printíseachta go léir in earnáil an troscáin, cuir i gcás coincheap na gCroícháilíochtaí Eorpacha.
7.4Ní mór gairmoideachas tosaigh agus breise a fhorbairt chun scileanna agus inniúlachtaí nua a chothú a bhaineann go sonrach leis an earnáil. Ní mór comhpháirtithe sóisialta, institiúidí oideachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha eile a chur san áireamh. Is éard atá i ndán do lucht saothair na hearnála troscáin amach anseo ná ardteicneolaíocht agus poist dianeolais, rud a bhunófar ar idirphlé sóisialta fónta agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna i dteannta pá agus dálaí oibre cuibhiúla, lenar féidir an ghlúin óg a mhealladh.
7.5Dá mba ann do Erasmus ní b’uaillmhianaí do phrintísigh, chabhrófaí le traidisiúin shaibhre ilghnéitheacha agus acmhainn nuálaíochta an táirgthe troscáin san Eoraip a thabhairt don chéad ghlúin eile agus chabhrófaí freisin le hearnáil an troscáin a dhéanamh ní ba tharraingtí do dhaoine óga agus don tsochaí ina hiomláine. De bhreis air sin, tá CESE ag moladh córais bhailíochtaithe a chur chun cinn a thacóidh le haitheantas frithpháirteach na gcáilíochtaí.
8.Cistiú agus infheistíochtaí
8.1Ní mór go mbeidh teacht ag cuideachtaí na hEorpa ar chláir chistiúcháin le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta a mbeidh ina gcabhair dóibh chun fás a dhéanamh, chun iad féin a dhéanamh níos táirgiúla agus chun ciorclaíocht agus teicneolaíochtaí nua a ghlacadh chucu féin. Tá gá le hinfheistíocht freisin chun fáinní ciorclacha, saolré táirgí, agus an cumas deisiú nó athchóiriú agus athchúrsáil a dhéanamh a chur chun cinn. De bhreis air sin, is féidir tionchar dearfach a imirt ó thaobh spriocanna an aistrithe ghlais de, má chothaítear éileamh ar throscán athláimhe agus má thugtar tacaíocht do ghníomhaithe neamhbhrabúis a bhfuil baint acu le próisis athchúrsála nó uaschúrsála an troscáin athláimhe.
8.2Tá deiseanna cistiúcháin fós ar cheann de na laigí is suntasaí san earnáil arb ionann na FBManna agus an chuid is mó di. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag FBManna chun anailís a dhéanamh ar an bhfhorbairt gnó ar bhealach ciorclach nuálach inbhuanaithe, agus ba cheart tacú leo trí dhreasachtaí cánach idirthréimhseacha agus rátaí CBL níos ísle ar throscán athchóirithe agus athmhonaraithe.
8.3Is féidir buntáiste praghais tháirgeoirí na dtíortha a bhfuil pá íseal iontu a chothromú le sárghnéithe amhail dearadh, cáilíocht, feidhm, marthanacht nó eirgeanamaíocht na dtáirgí troscáin. Anuas air sin, is ann do ghiaráil bhreise iomaíochais mar gheall ar an nuálaíocht in úsáid na n‑ábhar agus ar na hardsaoráidí táirgthe teicneolaíochta. Dá bhrí sin, tá an Coiste ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht i ndearadh, cruthaitheacht, scileanna agus forbairt na slabhraí luacha.
8.4Ar deireadh, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófar ardán Eorpach lena gcuirfear an fhorbairt gnó chun cinn i dtionscal an troscáin agus go ndéanfar measúnú réamhchúraim ar thionchar sóisialta na teicneolaíochta nua. Ba cheart a chur san áireamh leis sin cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí taighde, ollscoileanna agus geallsealbhóirí ábhartha eile agus tacaíocht a thabhairt d’fhás na hearnála, mar a dhéantar i gcás Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh
, ar dea‑shampla é i ndáil leis sin.
An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________