|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Creat nua le haghaidh comhaontuithe saorthrádála
|
|
_____________
|
|
Creat nua le haghaidh comhaontuithe saorthrádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus comhaontuithe infheistíochta lena ráthaítear fíor‑rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena n‑áirithítear feasacht an phobail
(tuairim féintionscnaimh)
|
|
|
|
REX/536
|
|
|
|
Rapóirtéir: Stefano PALMIERI
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
25/03/2021
|
|
Bunús dlí
|
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim féintionscnaimh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Caidreamh Seachtrach
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
09/03/2020
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
23/03/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
568
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
215/1/7
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is mian le CESE a chur i bhfáth go dtacaíonn sé leis an mbeartas nua trádála Eorpach, beartas atá oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach. Tá sé den tuairim freisin go bhfuil sé tábhachtach, tríd an mbeartas sin, iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa agus na ngníomhaithe eacnamaíocha (gnólachtaí móra, meánmhéide agus beaga) a chur chun cinn agus, ag an am céanna, rannchuidiú le luachanna agus prionsabail Eorpacha a chur chun cinn, go háirithe an daonlathas agus cearta an duine, cearta sóisialta agus cearta inscne, chomh maith le dlí an tsaothair agus an chomhshaoil. Áiritheofar ar an gcaoi sin go mbeidh na huirlisí cuí ag an Aontas Eorpach chun oibrithe agus gnólachtaí a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála agus chun tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí díobhálacha agus neamh‑inbhuanaithe, rud a bheidh le leas gnólachtaí, daoine aonair / tomhaltóirí agus oibrithe araon.
1.2Tá CESE den tuairim go dteastóidh an méid seo a leanas chun beartas uaillmhianach trádála an Aontais a chur chun feidhme:
-straitéis nuálach chaibidlíochta trádála (comhaontuithe trádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche, comhaontuithe infheistíochta) lena ráthófar fíor‑rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus, ar an gcaoi sin, lena n‑áiritheofar go mbainfidh gach rannpháirtí san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta leas as na buntáistí a bhaineann leis an trádáil;
-athchóiriú iomchuí ar na sásraí maidir le faireachán, meastóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na comhaontuithe: na grúpaí comhairleacha baile.
1.3Dar le CESE, fágfaidh an dá athchóiriú sin le chéile – straitéis chaibidlíochta agus na grúpaí comhairleacha baile – go bhféadfar tacaíocht dháiríre a fháil don phróiseas ó na páirtithe uile a bhfuil éifeacht ag na comhaontuithe trádála, comhpháirtíochta agus infheistíochta orthu (gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí, etc.) ar an dá thaobh (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta), agus, ar an gcaoi sin, cur le feasacht an phobail ar an tábhacht a bhaineann leis na comhaontuithe sin atá sínithe.
2.Barúlacha ginearálta
2.1I mí Feabhra 2021, leag an Coimisiún Eorpach amach creat do bheartas nua trádála Eorpach a bheadh oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach
, beartas lena bhféadfaí na trí chuspóir seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint amach:
I)tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an aistriú glas agus aistriú digiteach;
II)na rialacha domhanda a chur in oiriúint do dhomhandú níos inbhuanaithe agus níos cothroime;
III)cur le cumas an Aontais a leasanna a shaothrú agus a chearta a threisiú.
2.1.1Tá an beartas nua trádála seo á ullmhú ar roinnt cúiseanna éagsúla. Ar an gcéad dul síos, spreag paindéim COVID‑19 machnamh dáiríre faoi straitéisí nua maidir le slándáil sláinte agus bia, soláthar amhábhar agus táirgí straitéiseacha agus, ar bhonn níos ginearálta, faoi na slabhraí soláthair domhanda.
2.1.2Ar chúiseanna eile a d’fhág gur chinn an Coimisiún beartas nua trádála a ullmhú tá fachtóirí a bhfuil baint acu leis an méid seo a leanas: i) an ghéarchéim ina bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT); ii) an droch‑chaidreamh le tíortha agus bloic thrádála áirithe, go háirithe an tSín, an Rúis agus SAM; iii) an chaibidlíocht chasta leis an Ríocht Aontaithe; iv) an tsáinn ina bhfuil roinnt comhaontuithe trádála faoi láthair, e.g. an comhaontú idir AE agus Mercosur, an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir AE agus an Afraic Láir nó an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir AE agus Comhphobal na hAfraice Thoir.
2.1.3Tá sé luaite níos mó ná uair amháin sa togra ón gCoimisiún gur cheart don bheartas nua trádála Eorpach, sa bhreis ar iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa a chur chun cinn, luachanna agus prionsabail na hEorpa a chur chun cinn freisin, go háirithe an daonlathas agus cearta an duine, cearta sóisialta agus inscne, agus dlí an tsaothair agus an chomhshaoil.
2.1.4Tá Parlaimint na hEorpa an‑sásta leis an togra ón gCoimisiún agus d’iarr sí air féachaint chuige sna comhaontuithe atá á gcaibidliú faoi láthair go rannchuideoidh na caibidlí maidir leis an Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe lena áirithiú go mbeidh gach rannpháirtí in ann tairbhe a bhaint as an trádáil
.
2.1.5Sna tuairimí uaidh le déanaí, d’athdhearbhaigh CESE an fhís atá aige maidir le beartas trádála an Aontais agus chuir sé in iúl go dtacaíonn sé go láidir leis an togra ón gCoimisiún, agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí, a ábhartha agus a thráthúil atá sé. Tá cur síos soiléir déanta ag CESE freisin ar a bhfuil sé ag súil leis agus ar na moltaí a bheadh aige dá réir sin maidir le hathbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh ar na caibidlí maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe
.
2.1.6Toisc go bhfuil an beartas nua atá luaite sa togra ón gCoimisiún uaillmhianach, rud is ceart dó a bheith, tá CESE den tuairim go bhfuil roinnt nithe a theastóidh le go bhféadfar é a chur chun feidhme:
-straitéis nuálach chaibidlíochta trádála (comhaontuithe trádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche, comhaontuithe infheistíochta) lena ráthófar fíor‑rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus, ar an gcaoi sin, lena n‑áiritheofar go mbainfidh gach rannpháirtí san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta leas as na buntáistí a bhaineann leis an trádáil;
-athchóiriú iomchuí ar na sásraí maidir le faireachán, meastóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na comhaontuithe: na grúpaí comhairleacha baile.
2.1.6.1Fágfaidh an dá athchóiriú sin le chéile – straitéis chaibidlíochta agus na grúpaí comhairleacha baile – go bhféadfar tacaíocht dháiríre a fháil don phróiseas ó na páirtithe uile a bhfuil éifeacht ag na comhaontuithe trádála, comhpháirtíochta eacnamaíche agus infheistíochta orthu (gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí, etc.) ar an dá thaobh (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta), agus, ar an gcaoi sin, cur le feasacht an phobail ar an tábhacht a bhaineann leis na comhaontuithe sin atá sínithe.
3.Dianmheasúnú ar na comhaontuithe trádála atá ann faoi láthair
3.1Ainneoin go bhfuil sé á chur i bhfáth ag CESE go gcreideann sé go láidir go bhfuil an‑tábhacht leis an iltaobhachas sa trádáil agus go gcaithfidh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála – agus athchóiriú ó bhonn déanta uirthi – an t-iltaobhachas sin a ráthú, tuigeann sé – sa chomhthéacs áirithe sin – gur féidir le comhaontuithe trádála ról cinniúnach a bheith acu, ní hamháin maidir le trádáil dhéthaobhach an Aontais Eorpaigh (arb í atá i níos mó ná 30 % den trádáil earraí agus seirbhísí a dhéanann an tAontas) ach, go háirithe, maidir le samhail forbartha atá inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil a chur chun cinn don Aontas agus do na tíortha comhpháirtíochta.
3.2Le blianta beaga anuas, rinne CESE dianmheasúnú ar leith ar uirlisí éagsúla caibidlíochta atá in úsáid ag an Aontas (comhaontuithe trádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche, comhaontuithe infheistíochta)
.
3.3Tá CESE den tuairim gur cheart leas a bhaint as na measúnuithe sin chun a chinneadh ar cheart na huirlisí caibidlíochta atá ann faoi láthair a athchóiriú d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóirí an bheartais nua trádála atá beartaithe ag an gCoimisiún.
3.3.1Ar cheann de na saincheisteanna tá an easpa trédhearcachta le linn na caibidlíochta ar na comhaontuithe trádála. Cé go dtuigtear go bhfuil gá le rúndacht agus conarthaí ardleibhéil á gcaibidliú, creideann CESE gur cheart, faoi chuimsiú na rúndachta sin, a áirithiú go ndéanfar, mar sin féin, an chaibidlíocht trádála ar bhealach trédhearcach, trí shreabhadh leanúnach faisnéise a áirithiú do na saoránaigh agus do na geallsealbhóirí sin a ndéanfaidh an chaibidlíocht difear dóibh.
3.3.1.1Bhí an Coimisiún go mór i gcoinne thrédhearcacht iomlán na caibidlíochta i gcónaí. Is minic tagairt á déanamh aige don reachtaíocht atá ann faoi láthair
agus do chinntí éagsúla ón gCúirt Bhreithiúnais
, á áitiú go mbainfeadh scaipeadh faisnéise le linn na caibidlíochta an bonn de leasanna an Aontais Eorpaigh.
3.3.1.2Admhaíonn CESE go bhfuil an Coimisiún níos oscailte le blianta beaga anuas, rud atá tábhachtach agus ina údar misnigh, i bhfianaise an mhéadaithe ar an leibhéal trédhearcachta trí fhaisnéis a chur ar fáil i dtaobh na gcomhaontuithe trádála éagsúla: eolas faoi na babhtaí éagsúla caibidlíochta, faoin sainordú caibidlíochta a tugadh dó, faoi na tograí, mar aon le cruinnithe a eagrú i bhfoirm idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus leis an ngrúpa saineolaithe maidir le comhaontuithe trádála an Aontais.
3.3.1.3Ainneoin an dul chun cinn sin, ba cheart don sainordú caibidlíochta a thug an Chomhairle a bheith níos uaillmhianaí agus níos mó deiseanna a thabhairt don Choimisiún rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a eagrú, lena áirithiú go mbeadh ról acu dáiríre sa phróiseas caibidlíochta. Tá sé iarrtha ag CESE freisin go ndéanfaí sainordú an ghrúpa saineolaithe a athnuachan toisc an sainordú sin a bheith imithe in éag
.
3.3.1.4Cé go dtuigeann CESE go mbíonn géilleadh ann idir an trédhearcacht agus an rúndacht le linn caibidlíochta, aithníonn sé gurb í an trédhearcacht an cheist is mó a tharraingíonn achrann idir na geallsealbhóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta.
3.4Rud eile a dhéantar a cháineadh go minic is ea go mbíonn teorainn le raon feidhme mheasúnuithe tionchair inbhuanaitheachta na gcomhaontuithe, go bhfoilsítear iad go déanach tar éis don chaibidlíocht a bheith tugtha i gcrích nó nach mbíonn a leithéid ann ar chor ar bith sna tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann.
3.4.1Tharla sé go deimhin go ndearna roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha gearán leis an Ombudsman Eorpach
toisc moill a bheith ar fhoilsiú an mheasúnaithe tionchair inbhuanaitheachta ar an gComhaontú idir an tAontas agus Mercosur. I mí an Mhárta 2021, d’eisigh an tOmbudsman Eorpach ráiteas inar cháin sí an Coimisiún Eorpach. Is é a bhí le rá aici sa ráiteas sin gur theip ar an gCoimisiún Eorpach tabhairt i gcrích an mheasúnaithe tionchair inbhuanaitheachta a áirithiú in am trátha, go mór mór roimh dheireadh na gcaibidlíochtaí trádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosur. Drochriarachán an cur síos a rinne sí ar an gcás sin
.
3.4.2Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór measúnuithe tionchair ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na gcomhaontuithe a fhoilsiú in am trátha – ag tús na gcaibidlíochtaí – agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta le linn na caibidlíochta agus gur cheart iad a bheith ina gcuid de mheastóireacht ex post rialta ar an gcomhaontú i gcéim an fhaireacháin. Ba cheart do na meastóireachtaí sin a bheith dírithe ar an dá pháirtí sa chaibidlíocht: an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus na tíortha comhpháirtíochta, ar an taobh eile
.
3.5Cáineadh eile a rinneadh i dtaobh na gcomhaontuithe trádála is ea nach leor iad chun cearta an duine, cearta sóisialta, coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) nó caighdeáin chomhshaoil agus sábháilteachta a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Thairis sin, ní áirithíonn na comhaontuithe cothrom iomaíochta idir na gníomhaithe go léir sna margaí (go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide agus i gcás roinnt earnálacha táirgthe chomh maith)
.
3.6Sa bhreis ar na fadhbanna sin, ní éiríonn leis na comhaontuithe trádála uaireanta gnéithe a bhaineann go sonrach le tíortha atá i mbéal forbartha nó éagsúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus na tíortha comhpháirtíochta a chur san áireamh, rud a fhágann nach réitítear na héagothromaíochtaí uaireanta agus go n-éiríonn siad níos measa uaireanta eile (amhail an rochtain chomhionann ar chógais tarrthála nó ar vacsaíní). Ní éiríonn leo ach an oiread é a chur san áireamh gur féidir le cuideachtaí ilnáisiúnta éirí an‑chumhachtach tar éis do na comhaontuithe trádála a bheith sínithe.
3.7Chun rannpháirtíocht éifeachtach agus leathan na sochaí sibhialta eagraithe a áirithiú, ní hamháin go bhfuil gá le grúpaí comhairleacha baile a chur chun feidhme go forleathan sna caibidlíochtaí trádála uile a bheidh ann amach anseo, ach go háirithe sna comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche atá ann faoi láthair san Afraic toisc nach bhfuil aon ghrúpaí comhairleacha baile iontu. Leis na próisis athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus le cur chun feidhme an chomhaontaithe nua idir an tAontas agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OEACP), is féidir deis éifeachtach a chur ar fáil chun grúpaí comhairleacha baile a thabhairt isteach i gcomhaontuithe trádála nach bhfuil siad iontu agus atá i bhfeidhm cheana (e.g. athbhreithniú ar an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (CCE) idir an tAontas Eorpach agus Grúpa CCE Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC)).
3.8Thairis mar a bhíodh, tá dul chun cinn áirithe déanta maidir le cur le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht ar chomhaontuithe atá sínithe ag an Aontas agus san fhaireachán a dhéantar orthu. Aithníonn CESE na hiarrachtaí atá déanta i ndáil leis sin, agus bhí an Coiste ina chuid den phróiseas ina lán cásanna go deimhin.
3.9Tugann CESE dá aire na torthaí ón staidéar athbhreithnithe a rinneadh le deireanas ar idirphlé na sochaí sibhialta in Ard-Stiúrthóireacht na Trádála
lena ndéantar measúnú ar an idirphlé leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Cé go dtacaíonn CESE le roinnt de na torthaí sin, measann sé gur gá dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú go fírinneach i mbeartas trádála an Aontais.
3.10Tá sé iarrtha ag CESE níos mó ná uair amháin go dtí seo go mbeadh páirt níos láidre agus níos dáiríre ag an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht a dhéantar ar na comhaontuithe trádála, ar an dá thaobh den bhord (an Coimisiún agus na tíortha comhpháirtíochta)
.
3.11Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil sé in am straitéis chaibidlíochta nua níos éifeachtaí a cheapadh, ina mbeadh caighdeáin agus nósanna imeachta nua chun a áirithiú go mbeadh páirt dháiríre agus éifeachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht. Chabhródh sé sin chun cuspóirí bheartas nua trádála an Aontais a bhaint amach, lena n‑áiritheofaí go gcuirfeadh na comhaontuithe trádála a thabharfaí i gcrích le forbairt a bheadh inbhuanaithe i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil don dá pháirtí sa chaibidlíocht (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta).
4.Creat nua maidir le comhaontuithe trádála a chaibidliú
4.1Measann CESE gur féidir le beartas nua trádála an Aontais deis a chruthú chun measúnú agus feabhsú a dhéanamh ar na rialacha, na nósanna imeachta agus na critéir chun go mbeidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe agus na gcomhpháirtithe sóisialta i bhfad níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos cuimsithí, le linn na caibidlíochta agus ina dhiaidh sin, le linn chéimeanna faireacháin, meastóireachta agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe.
4.2Measann CESE go bhfuil gá le modheolaíocht nua chaibidlíochta, ceann lena bhféadfaí treochlár nua a bhunú lena n‑áiritheofaí go mbeadh páirt dháiríre ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht. Ní mór don dá thaobh, an tAontas agus na tíortha arb iad an páirtí eile sa chaibidlíocht iad, an mhodheolaíocht sin a úsáid.
4.3An chéad chéim ba cheart a bheith sa treochlár caibidlíochta ná meabhrán tuisceana a shíneodh na páirtithe sa chaibidlíocht (is é sin le rá, an Coimisiún agus na tíortha arb iad an páirtí eile sa chaibidlíocht iad) lena ráthófaí go dtabharfadh an dá pháirtí gealltanas an méid seo a leanas a dhéanamh:
I)céimeanna éagsúla na caibidlíochta a chomhlíonadh, agus
II)ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta le linn na caibidlíochta mar bhreathnóirí, ag teacht le chéile dóibh i ‘comhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí’ speisialta.
4.3.1Bheadh feidhm ag céimeanna na caibidlíochta arna leagan síos sa mheabhrán tuisceana maidir le príomhbhabhta na caibidlíochta agus le haon bhabhtaí teicniúla caibidlíochta a d’fhéadfaí a chur ar bun.
4.3.2Ba cheart comhchoistí comhairliúcháin geallsealbhóirí a bhunú de réir chur chuige phrionsabal na comhpháirtíochta a bhfuil feidhm aige maidir leis an mbeartas comhtháthaithe.
4.3.2.1Faoin gcomhpháirtíocht sin, múnlaítear gach clár den bheartas comhtháthaithe i bpróiseas comhpháirteach ina mbíonn páirt ag na húdaráis Eorpacha, réigiúnacha agus áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Bíonn feidhm ag an gcomhpháirtíocht sin maidir le gach céim den phróiseas pleanála: dearadh, bainistiú, cur chun feidhme, faireachán agus measúnú. Cuidíonn an cur chuige sin lena áirithiú go n‑oireann na bearta do riachtanais agus tosaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha na ngeallsealbhóirí uile.
4.3.3Níor mhór an critéar bunúsach maidir le hionadaíocht, neamhspleáchas agus dáileadh cothrom na ngeallsealbhóirí a chur i bhfeidhm agus na breathnóirí á roghnú as measc ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Maidir le hionadaíocht agus neamhspleáchas, ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta cloí leis na critéir arna nglacadh ag Grúpa na nOibrithe agus ag Grúpa na bhFostóirí laistigh de EIS, agus ba cheart d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta cloí leis na rialacha atá leagtha síos ag comhlachtaí idirnáisiúnta. Níor mhór do bhreathnóirí a cheapfaí ar chomhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí gealltanas a thabhairt cloí le cód iompair ar leith.
4.3.4Chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta, ba cheart institiúidí idirnáisiúnta ábhartha a cheapadh freisin ar an gcomhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí i gcáil breathnóirí seachtracha. Áirítear ar na hinstitiúidí idirnáisiúnta ábhartha an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Rúnaíocht na gComhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil de chuid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP).
4.3.4.1Ba cheart an méid seo a leanas a leagan amach sa chód iompair:
I)cearta agus dualgais na mbreathnóirí arna gceapadh ar an gcomhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí agus a bhfuil páirt á glacadh acu sa chaibidlíocht thar ceann na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Níor mhór foráil a dhéanamh laistigh den chód iompair maidir le prótacal rúndachta iomchuí lena gceanglófaí go gcomhlíonfaí prionsabal na rúndachta, ar dá réir nach gceadófaí do na daoine lena mbaineann faisnéis a nochtadh le linn chéimeanna ‘rúnda’ nó ‘luathrabhaidh’ na caibidlíochta;
II)na prionsabail lena rialaítear ceapachán na mbreathnóirí ar an gcomhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí: níor mhór don nós imeachta ceapacháin a bheith trédhearcach agus a áirithiú go bhfuil na breathnóirí neamhspleách dáiríre, agus go bhfuil siad ionadaíoch don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta agus go bhfuil siad dáilte go cothrom ina measc (féach pointe 4.3.3);
III)na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis na céimeanna éagsúla caibidlíochta atá leagtha amach sa treochlár don chaibidlíocht.
Ba cheart do gach duine a ghlacfadh páirt sa chaibidlíocht i gcáil breathnóirí arna gceapadh ar an gcomhchoiste comhairliúcháin an cód iompair a shíniú.
4.4Ba cheart na céimeanna éagsúla a bheadh ann le linn na gcainteanna go dtí deireadh na caibidlíochta a shonrú sa treochlár don chaibidlíocht.
4.4.1Céim rúnda na caibidlíochta. Bhainfeadh an chéim seo leis na páirtithe sa chaibidlíocht (an Coimisiún agus na tíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht) agus le hionadaithe na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta ina gcáil mar bhreathnóirí agus é geallta acu, tríd an bprótacal rúndachta a ghabhann leis an gcód iompair a shíniú, go gcoinneoidís aon fhaisnéis a bhféadfadh teacht a bheith acu uirthi le linn na céime seo faoi rún. Le linn na céime seo, ba cheart do EIS tuarascáil réamhchaibidlíochta a thíolacadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le daingniú agus cur chun feidhme na gcoinbhinsiún bunúsach sa tríú tír, rud a chuirfí ar fáil do na páirtithe uile a bhfuil lámh acu sa chaibidlíocht (na páirtithe atá i mbun caibidlíochta agus na breathnóirí). Ní tuarascáil cheangailteach a bheadh inti ach léiriú a bheadh inti ar an méid a chloíonn na tíortha ar páirtithe sa chomhaontú iad le caighdeáin shóisialta.
4.4.2Céim an luathrabhaidh leis an gcomhchoiste comhairliúcháin. Seo an chéim ina sainaithneodh na breathnóirí saincheisteanna íogaire a tháinig chun cinn le linn na caibidlíochta, saincheisteanna nach bhfuil ag éirí leis an gcaibidlíocht a réiteach ar shlí a mheasfadh an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a bheith sásúil. Céim phríobháideach an chéim seo freisin agus níor mhór do na breathnóirí an fhaisnéis go léir a choimeád faoi rún.
4.4.3Céim na cumarsáide oscailte. Sa chéim seo bheadh ar an gCoimisiún agus na tíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht miontuairisc chomhpháirteach phoiblí a thíolacadh ar bhonn rialta maidir le staid na caibidlíochta. D’fhéadfadh na breathnóirí a dtuairim a chur in iúl de réir riail Chatham House
, agus na saincheisteanna íogaire a sainaithníodh le linn na céime luathrabhaidh leis an gcoiste comhairliúcháin a leagan amach. Is céim phoiblí an chéim seo, agus leagfaí amach réamhthorthaí na caibidlíochta. Chuirfeadh sin le feasacht an phobail ar an gcaoi a seasann cúrsaí.
4.4.4An chéim ag a dtíolactar an réamhthuarascáil neamhspleách ina ndéantar measúnú ar thionchar an chomhaontaithe trádála. Le linn na céime seo, bheadh ar an dá pháirtí (an Coimisiún agus na tíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht) an réamh‑mheasúnú neamhspleách ar thionchar an chomhaontaithe a thíolacadh. Seo an uair a nochtfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a dtuairimí ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil an chomhaontaithe, trí leas a bhaint as a n‑anailís féin. Bheadh ionchur tábhachtach ag na breathnóirí seachtracha i bhfoirm tuarascála a chuirfí ar fáil do na páirtithe go léir agus don phobal.
4.4.5A luaithe a bheadh deireadh leis an gcéim ag a ndéantar an réamhthuarascáil tionchair a thíolacadh, thosódh céim rúnda na caibidlíochta arís, agus ina dhiaidh sin céim an luathrabhaidh leis an gcoiste comhairliúcháin, ansin céim na cumarsáide oscailte agus, ar deireadh, an chéim ag a dtíolactar an réamhthuarascáil neamhspleách ina ndéantar measúnú ar thionchar an chomhaontaithe trádála. Leanfaí den timthriall caibidlíochta sin go dtí go dtabharfaí an comhaontú i gcrích nuair a shíneodh nó nuair nach síneodh ionadaithe an Choimisiúin agus na dtíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht an comhaontú.
4.4.6I gcás ina síneodh an dá pháirtí an comhaontú, d’ullmhóidís, i gcomhar le breathnóirí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta atá sa chomhchoiste comhairliúcháin, prótacal sonrach lena mbunaítear na Grúpaí Comhairleacha Baile (ar thaobh an Aontais agus ar thaobh na dtíortha comhpháirtíochta) agus lena leagtar síos na rialacha lena rialaítear a modhanna oibre (féach pointe 5.5.2).
4.4.7Tá CESE den tuairim go gcruthódh an creat caibidlíochta atá beartaithe dúshlán dóibh siúd uile a bheadh páirteach sa chaibidlíocht: bheadh ar gach geallsealbhóir (an Coimisiún, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta, breathnóirí seachtracha) tuiscint iomlán a bheith acu ar an ról atá acu agus níor mhór ardleibhéal iompraíochta gairmiúla agus ullmhúcháin a ráthú dóibh uile. Tá CESE den tuairim gur cheart ról Pharlaimint na hEorpa a neartú: ba cheart ról níos láidre a bheith aici ag na céimeanna caibidlíochta agus faireacháin. Tá CESE lánchinnte de gurb é sin an t‑aon bhealach amháin chun a áirithiú go mbeidh gach duine, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta, páirteach dáiríre sa chaibidlíocht trádála, agus tacaíonn sé, dá bhrí sin, leis an gcomhaontú a thiocfaidh as an bpróiseas.
5.Togra chun athchóiriú a dhéanamh ar na grúpaí comhairleacha baile atá freagrach as faireachán, meastóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na comhaontuithe
5.1Tá an tAontas ag dul i ngleic faoi láthair le méadú ar an éileamh ón tsochaí shibhialta agus ó na comhpháirtithe sóisialta ar idirphlé cuimsitheach daonlathach, le linn na gcomhaontuithe trádála a bheith á n‑ullmhú agus le linn dóibh a bheith á gcur chun feidhme
. Tá CESE an‑sásta le hiarrachtaí an Choimisiúin fóraim a chur ar bun don idirphlé agus don rannpháirtíocht, ach measann sé go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar na nósanna imeachta chun faireachán, meastóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na comhaontuithe sin.
5.2Tá CESE den tuairim nach bhfreagraíonn na sásraí comhairliúcháin – na grúpaí comhairleacha baile – a bunaíodh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na ngealltanas a leagtar amach sna caibidlí maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe, agus, amach anseo, sna comhaontuithe trádála ina n-iomláine, do na cuspóirí atá leagtha síos. Tá easnaimh áirithe i gceist sna grúpaí comhairleacha baile maidir leis na critéir lena mbunaítear iad agus maidir leis an easpa rialacha soiléire lena rialaítear an chaoi a bhfeidhmíonn siad.
5.3I bhfianaise na moltaí beartais a leagtar amach sa pháipéar leathoifigiúil maidir leis na grúpaí comhairleacha baile san Aontas
agus na hanailíse a rinneadh le déanaí ar ghrúpaí comhairleacha baile san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta
, is féidir measúnú a dhéanamh ar na grúpaí sin trí cheithre leibhéal ina ndearna siad dul chun cinn a mheas maidir leis an gcumas atá iontu:
1)feidhmiú;
2)faisnéis a mhalartú;
3)faireachán a dhéanamh ar na comhaontuithe;
4)tionchar polaitiúil a bheith acu.
5.3.1Maidir leis an gcumas atá iontu feidhmiú, is é CESE a chuireann rúnaíocht ar fáil do na grúpaí comhairleacha baile agus is ar thaobh an Aontais Eorpaigh a bhunaítear iad, dá bhrí sin, ach nach bhfuil siad i bhfeidhm ach i roinnt de na tíortha comhpháirtíochta
. Sna tíortha comhpháirtíochta ina bhfuil siad i bhfeidhm, tá fadhbanna soiléire eagrúcháin ag na grúpaí comhairleacha baile i ngeall ar easpa maoinithe
agus ar fhadhbanna a bhaineann le hionadaíocht, dáileadh cothrom na ngeallsealbhóirí, agus neamhspleáchas na mballeagraíochtaí
.
5.3.2Maidir leis an gcumas atá i ngeallsealbhóirí na ngrúpaí comhairleacha baile faisnéis a mhalartú, is cosúil go bhfuil difríocht shoiléir ann idir na grúpaí comhairleacha baile atá san Aontas agus na grúpaí comhairleacha baile sna tíortha comhpháirtíochta. Seachas cúpla easaontú, is gnách go n‑éiríonn leis na grúpaí comhairleacha baile san Aontas faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir na páirtithe éagsúla san idirphlé, ach sna grúpaí sna tíortha comhpháirtíochta bíonn teannas ann idir comhaltaí as earnáil an ghnó agus comhaltaí as earnálacha eile. Ar an dá thaobh, is cinnte nach é an caidreamh is fearr atá ann idir na rialtais agus na grúpaí comhairleacha baile (idirphlé ingearach). Táthar ag iarraidh idirphlé trasteorann níos struchtúrtha agus níos doimhne a bheith ann idir na grúpaí comhairleacha baile san Aontas agus a macasamhla sna tíortha comhpháirtíochta, go háirithe le linn an chruinnithe bhliantúil trasteorann leis an tsochaí shibhialta agus trí chruinnithe sonracha a chur ar bun idir na grúpaí comhairleacha baile faoi chuimsiú an chomhaontaithe i dtrácht.
5.3.3Maidir le faireachán a dhéanamh ar na comhaontuithe, cé gurb é sin an príomhchuspóir atá leis na grúpaí comhairleacha baile, ní mór a aithint nach éasca sin a dhéanamh sa chleachtas. Is easpa acmhainní sonracha is féidir a úsáid le haghaidh faireacháin agus easpa toilteanais agus cuntasachta ó thaobh na rialtas de an chúis go príomha nach féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe. Tá moladh tuillte ag an gCoimisiún agus na grúpaí comhairleacha baile san Aontas a chuir brú ar rialtais na dtíortha comhpháirtíochta a bheith níos oscailte le linn faireachán a bheith á dhéanamh
. Bonn iontaofa maidir le measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú trádála a bheadh i dtuarascáil faisnéise neamhcheangailteach arna cur faoi bhráid na ngrúpaí comhairleacha baile ag EIS agus ECFE.
5.3.4Go dtí seo, níl aon amhras faoi ach nár leor ar chor ar bith an tionchar polaitiúil a bhí ag na grúpaí comhairleacha baile – is é sin le rá tionchar ar chur chun feidhme na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe. Ba cheart don Choimisiún critéir níos uaillmhianaí a leagan síos a bheadh dírithe ar é a áirithiú go gcuirfeadh na rialtais moltaí na ngrúpaí comhairleacha baile san áireamh; thairis sin, cé gur oibleagáidí ceangailteacha atá ar na grúpaí comhairleacha baile, níl siad á bhforfheidhmiú go héifeachtach ina lán cásanna agus ní leor rannpháirtíocht bhuan na ngrúpaí comhairleacha baile sa phróiseas díospóide
.
5.4I bhfianaise an mhéid sin thuas, measann CESE gur gá na grúpaí comhairleacha baile a athchóiriú ó bhonn d’fhonn na heasnaimh a liostaítear (i bpointí 5.3.1 go 5.3.4) a réiteach.
5.5Tá CESE ag iarraidh a chur in iúl nár cheart aon am a chur amú maidir le comhlacht amháin a bhunú, le haghaidh gach cineáil comhaontaithe a chaibidlítear, ina bhféadfadh páirt a bheith ag an tsochaí shibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta. Bheadh an grúpa comhairleach baile athchóirithe sin in ann faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na gcomhaontuithe agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí
.
5.5.1Chaithfeadh an comhlacht sin a bheith i gcoiteann ag an dá pháirtí sa chomhaontú (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta) agus chaithfeadh sé feidhmiú go rianúil. Níor mhór gach gné den chomhaontú a chuimsiú ann freisin, agus tosaíocht á tabhairt do na gnéithe sin a mbíonn tionchar acu ar chur chun feidhme na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe.
5.5.2Creideann CESE nár mhór prótacal maidir le feidhmiú na ngrúpaí comhairleacha baile a bheith i ngach comhaontú a shíneofaí, prótacal lena mbunófaí creat fónta institiúideach do na rialacha lena rialaítear na grúpaí comhairleacha baile, a mbeadh feidhm aige maidir leis an dá pháirtí sa chomhaontú (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta). Is é a dhéanfaí, go sonrach, leis an bprótacal sin:
a)na critéir a leagan síos chun comhaltaí na ngrúpaí comhairleacha baile a roghnú, d’fhonn a áirithiú go mbeadh an dá ghrúpa ionadaíoch, go mbeadh dáileadh cothrom geallsealbhóirí sna grúpaí agus go mbeidís neamhspleách (féach pointe 4.3.3);
b)an ceanglas a leagan síos maidir le ról mar bhreathnóirí seachtracha a thabhairt don Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus don Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ar na grúpaí comhairleacha baile. Dá dtabharfaí suíochán do EIS, chuirfí ar a chumas faireachán a dhéanamh ar achtú choinbhinsiúin EIS sna comhaontuithe saorthrádála, trí leas a bhaint as an sásra maoirseachta inmheánaí agus tuarascáil shonrach a chur ar fáil do na páirtithe sa chaibidlíocht ina ndíreofaí ar aon fhadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme chaighdeáin shóisialta na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe. D’fhágfadh rannpháirtíocht ECFE go bhféadfadh sé, trí na Pointí Teagmhála Náisiúnta agus na rialtais ábhartha, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreoirlínte le haghaidh cuideachtaí ilnáisiúnta, go háirithe i ndiaidh chéim an tslabhra soláthair. Ní bheadh na measúnuithe arna dtarraingt suas ag na comhlachtaí sin ina gceangal ar na grúpaí comhairleacha baile;
c)ról réamhghníomhach a thabhairt don ghrúpa comhairleach baile maidir le tús a chur le himeachtaí réitithe díospóide a bhaineann le gach réimse den chomhaontú, imeachtaí arna dtabhairt os comhair an Phríomhoifigigh Forfheidhmithe Trádála ag an ngrúpa comhairleach baile;
d)creat ama a bhunú chun treochláir cheangailteacha a cheapadh do na gealltanais a leagtar amach sa chomhaontú, agus spriocdhátaí soiléire a leagan síos chun iad a dhaingniú;
e)an treoir maidir le cur chun feidhme na ngealltanas a leagtar amach sa chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta, lena mbunófaí sraith táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhaontú ar bhonn leanúnach agus ar bhonn ex post;
f)an dáta a leagan síos faoina gcuirfeadh gach ceann de na páirtithe sa chomhaontú (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta) an measúnú tionchair neamhspleách ex post ar an gcomhaontú isteach i gcás ina measfadh na páirtithe gurbh iomchuí an spriocdháta cúig bliana a thabhairt ar aghaidh;
g)an líon cruinnithe a bheadh ag gach grúpa comhairleach baile le linn na bliana a leagan síos maidir le gach ceann de na páirtithe sa chomhaontú (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta);
h)an ceanglas a leagan síos go dtionólfaí cruinniú bliantúil idir grúpa comhairleach baile an Aontais agus grúpa comhairleach baile na dtíortha comhpháirtíochta;
i)an ceanglas a leagan síos go dtionólfaí cruinniú bliantúil sa Bhruiséil idir grúpa comhairleach baile an Aontais agus grúpa comhairleach baile na dtíortha comhpháirtíochta agus comhaltaí uile an dá ghrúpa a bheith páirteach ann;
j)an ceanglas a leagan síos go mbunófaí ardán ar líne le go bhféadfadh rannpháirtithe na ngrúpaí comhairleacha baile tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag foghlaim óna chéile; gach faisnéis is gá a mhalartú, e.g. maidir le réimsí sonracha (cearta saothair, cearta an duine, tionchar na trádála ar rialacha na feirmeoireachta orgánaí, etc.); dea‑chleachtais fhéideartha a roinnt; agus cúrsaí oiliúna tiomnaithe ar líne a bhunú do rannpháirtithe na ngrúpaí comhairleacha baile;
k)sceideal cruinnithe a bhunú le go bhféadfadh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an chaoi a seasann cúrsaí in imeachtaí na ngrúpaí comhairleacha baile a mheas;
l)na hacmhainní airgeadais ba ghá chun go bhfeidhmeodh na grúpaí comhairleacha baile a chinntiú;
m)an ceanglas a leagan síos gur ghá tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir le gníomhaíochtaí gach aon ghrúpa chomhairligh baile. Sa tuarascáil sin, bheadh na grúpaí comhairleacha baile in ann a dtosaíochtaí agus a moltaí a leagan amach maidir le cur chun feidhme na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe agus bheadh ar an gCoimisiún Eorpach na tosaíochtaí agus na moltaí sin a chuimsiú i dtosaíochtaí an Aontais maidir le cur chun feidhme na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe, nó míniú a thabhairt ar na cúiseanna i gcás nach gcuirfí san áireamh iad;
n)an ceanglas a leagan síos go gcuirfí de chúram ar CESE grúpa comhairleach baile an Aontais a eagrú agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil don chruinniú trasteorann idir an dá ghrúpa comhairleach baile (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta). Chuirfeadh rúnaíocht CESE cúnamh teicniúil ar fáil chun macasamhla na ngrúpaí comhairleacha baile a aithint sna tíortha comhpháirtíochta (ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i bpointe 4.3.3), agus chabhródh sí le cathaoirligh na ngrúpaí comhairleacha baile an clár oibre a leagan amach, na cruinnithe a bhainistiú, na tuarascálacha ar chruinnithe a dhréachtú, tuarascálacha a chur faoi bhráid institiúidí an Aontais agus na sochaí sibhialta agus freagracht a ghlacadh as an bhfaisnéis is gá a chur ar fáil.
5.5.3Beidh ríthábhacht leis na táscairí faireacháin leanúnaigh: áiritheofar leo go gcloífidh na páirtithe leis na gealltanais atá leagtha amach sa chomhaontú agus go ndíreofar ar shaincheisteanna eacnamaíocha/trádála, sóisialta, comhshaoil agus slándála sláinte.
5.5.4Tá CESE den tuairim go bhfágfaidh athchóiriú na ngrúpaí comhairleacha baile go dtabharfar ról tábhachtach do CESE, agus go mbeidh acmhainní daonna agus airgeadais breise ag teastáil chuige sin. Tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis bhuiséadacha, a luaithe a bheidh athchóiriú déanta ar na grúpaí, cistiú breise a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcaiteachas atá réamh‑mheasta ag an gCoimisiún, chun cabhrú leis na grúpaí comhairleacha baile na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe a chur i gcrích de réir na gcaighdeán a theastaíonn.
An Bhruiséil, 23 Márta 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
*
*
*
LÉARÁID 1: Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)
1. CÉIM ‘RÚNDA’ NA CAIBIDLÍOCHTA
Tá feidhm ag prionsabal na rúndachta; ní nochtar malartuithe faisnéise go seachtrach
Comhdhéanamh an bhabhta caibidlíochta:
-ionadaithe an dá pháirtí (an Coimisiún – na tíortha comhpháirtíochta);
-na breathnóirí (eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta);
-breathnóirí seachtracha: EIS + ECFE + rúnaíocht na gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil (UNEP)
Shínigh na breathnóirí seachtracha prótacal rúnda lena bhforáiltear go n‑urramófar an rúndacht sna céimeanna príobháideacha den chaibidlíocht.
2. CÉIM AN LUATHRABHAIDH LEIS AN gCOMHCHOISTE COMHAIRLIÚCHÁIN
Sna babhtaí éagsúla de chruinnithe leis na páirtithe sa chaibidlíocht, sainaithneoidh na breathnóirí saincheisteanna íogaire nach bhfuil ag éirí leis an gcaibidlíocht a réiteach go sásúil.
Is céim rúnda atá sa chéim seo freisin agus ní mór do na breathnóirí an fhaisnéis go léir a choimeád faoi rún.
3. CÉIM
NA CUMARSÁIDE OSCAILTE
Déanfaidh an dá pháirtí (an Coimisiún agus na tíortha comhpháirtíochta) tuarascáil fhaisnéiseach a thíolacadh maidir le staid na caibidlíochta
agus féadfaidh na breathnóirí a dtuairimí a chur in iúl de réir riail Chatham House (‘I gcás ina ndéanfar cruinniú, nó cuid de chruinniú, a thionól de réir riail Chatham House, beidh an tsaoirse ag na rannpháirtithe an fhaisnéis a fhaightear a úsáid, ach ní fhéadfar ainm ná cleamhnacht an chainteora nó na gcainteoirí, ná ainm ná cleamhnacht aon rannpháirtí eile, a nochtadh’).
Sa chéim seo, leagfaidh na breathnóirí béim ar na saincheisteanna íogaire a sainaithníodh i gCéim an Luathrabhaidh.
Is chéim phoiblí atá sa chéim seo.
Áireofar na nithe seo a leanas sna Timthriallta Caibidlíochta:
üCéim rúnda na caibidlíochta
üCéim an luathrabhaidh
üCéim na cumarsáide oscailte
üAn chéim ag a dtíolactar an tuarascáil deiridh ina ndéantar measúnú ar thionchar an chomhaontaithe trádála
Leanfar leis an timthriall caibidlíochta...go dtí go dtabharfar nó nach dtabharfar comhaontú i gcrích.
4. AN CHÉIM AG A
dTÍOLACTAR AN RÉAMH‑MHEASÚNÚ NEAMHSPLEÁCH AR THIONCHAR AN CHOMHAONTAITHE TRÁDÁLA
Déanfaidh an dá pháirtí (an Coimisiún – na tíortha comhpháirtíochta) réamh‑mheasúnú neamhspleách ar thionchar an chomhaontaithe trádála a thíolacadh.
Sa chéim seo, táthar ag súil go gcuirfidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a seasamh in iúl go soiléir maidir leis na ráitis faoi na réamh‑mheasúnuithe tionchair.
LÉARÁID 2: Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)