|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte
agus don tsábháilteacht ag an obair
|
|
_____________
|
|
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince)
|
|
|
|
SOC/703
|
|
|
|
Rapóirtéir: Franca SALIS-MADINIER
|
|
Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle
|
Litir, 21/09/2021
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
16/12/2021
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
20/01/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
566
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
172/32/70
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tá CESE ar aon fhocal leis an méid a thug an Coimisiún le fios i straitéis 2021‑2027 maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair (OSH) agus tá sé den tuairim gur uirlis ríthábhachtach é an t‑idirphlé sóisialta chun na trí phríomhchuspóir atá sa straitéis sin a bhaint amach: na hathruithe ar shaol na hoibre de thoradh an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus an athraithe dhéimeagrafaigh a thuar agus a bhainistiú; dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionóiscí san ionad oibre agus galair cheirde a chosc; an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
1.2Is deis í an phaindéim chun comhacmhainní nua a chruthú chun dul i ngleic le géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus an tionchar a bheidh ag an bpaindéim ar OSH a mhaolú. Leis an bplean téarnaimh, ba cheart a bheith in ann ról na gcomhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit sin ina bhfuil an méid is lú tionchair acu a neartú.
1.3Molann CESE go ndéanfaí anailís chuimsitheach réamhbhreathnaitheach ar an tionchar a bheidh ag an aistriú digiteach ar an margadh saothair d’fhonn an suaitheadh a tharlóidh dá thoradh sin a réamh‑mheas agus straitéis fhadtéarmach a fhorbairt maidir le OSH.
1.4Ní leor an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a thabharfaidh an teilea‑obair. Molann CESE go ndéanfaí treoirlínte nua a tharraingt suas, agus aird ar leith á tabhairt ar rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh a chosc.
1.5Tá CESE ag iarraidh ar na cigireachtaí saothair faireachán a dhéanamh ar dhálaí teilea‑oibre, arna iarraidh sin don fhostaí, agus aird chuí á tabhairt ar an bpríobháideachas i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.
1.6Molann CESE go ndéanfaí faireachán críochnúil ar an gcostas a bhaineann le galair cheirde, amhail galar croí agus an traochadh, le go bhféadfaí bearta iomchuí ar an leibhéal iomchuí a shainaithint a bheadh i gcomhréir leis an gcuspóir ‘Fís Nialais’.
1.7Tá CESE ag iarraidh go bhforbrófaí cultúr coisc trí oiliúint a chur orthu siúd a bhfuil páirt acu san idirphlé sóisialta, feasacht a mhúscailt faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn agus na hacmhainní atá ar fáil a neartú agus a scaipeadh.
1.8Tá CESE den tuairim go ndéanfar, faoi Airteagal 155(2) CFAE, comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir na comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme sna Ballstáit. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme comhaontuithe uathrialacha agus ar an bpróiseas maidir le hiarraidh chomhpháirteach ar chinneadh ón gComhairle, agus, ag an am céanna, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú agus nós imeachta Airteagal 155 CFAE a chomhlíonadh.
1.9Tá CESE i bhfabhar tagarmharcanna agus uirlisí measúnaithe riosca atá réidh le húsáid a fhorbairt, ar uirlisí iad a bheadh an-úsáideach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Tá gá ag FBManna leis an treoir cheart, an oiliúint cheart agus an tacaíocht airgeadais cheart le go bhféadfaidh siad na hoibleagáidí maidir le OSH a chomhlíonadh.
1.10Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí sásra i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tionscnaimh reachtacha, comhaontuithe cómhargála agus pleananna gníomhaíochta Eorpacha sa réimse sin, agus athdhearbhaíonn sé an moladh a thug sé cigire saothair amháin a bheith ann in aghaidh gach 10 000 oibrí.
1.11Tá CESE ag iarraidh go mbeadh an feachtas ‘Fís Nialais’ ina fheachtas níos réamhghníomhaí ina ndíreofaí ar rioscaí a chosc agus a dhíothú, i gcomhréir leis an Treoir Réime.
1.12Maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac, tá CESE ag iarraidh go mbeadh seasamh níos uaillmhianaí ann ina gcuimseofaí na 50 carcanaigin tosaíochta, substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, táirgí íocshláinte guaiseacha, mar aon leis an strus agus sealobair.
1.13Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht Eorpach maidir le rioscaí síceasóisialta. Le go mbeidh éifeacht le cur chuige coisctheach, is gá beart a dhéanamh maidir leis an timpeallacht oibre agus ní hamháin maidir le sláinte mheabhrach an duine aonair.
1.14Tá CESE den tuairim gur gá an plé faoin dréacht‑treoir maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh a athmhúscailt le go bhféadfar beartas cuimsitheach fadtéarmach comhtháite coisc a fhorbairt.
1.15Tá CESE ag éileamh go ndéanfaí an Gníomh um an Intleacht Shaorga a leasú. Molann CESE measúnuithe comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh éigeantach do gach cineál intleachta saorga ardriosca.
1.16Tá CESE ag iarraidh go n-áireofaí oibrithe ardáin faoi raon feidhme an chreata straitéisigh. Ba cheart cearta eagrúcháin, ionadaíochta agus cómhargála a ráthú agus oibrithe ardáin a chuimsiú faoi na cearta cosanta sóisialta.
2.Cúlra
2.1I gcomhthéacs Uachtaránacht na Fraince ar an Aontas Eorpach, d’iarr an Fhrainc ar an gCoiste an tuairim seo a tharraingt suas chun iniúchadh a dhéanamh ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta mar uirlis chun OSH a chur chun cinn.
2.2Tá togra ullmhaithe ag an gCoimisiún le haghaidh creat straitéiseach nua maidir le OSH ina bhfuil trí phríomhchuspóir, mar atá, na hathruithe ar shaol na hoibre de thoradh an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus an athraithe dhéimeagrafaigh a thuar agus a bhainistiú; dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionóiscí san ionad oibre agus galair cheirde a chosc; agus an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Tá an Coimisiún ag brath go háirithe ar an idirphlé sóisialta chun na trí chuspóir sin a bhaint amach.
2.3Sa chreat straitéiseach, glactar an cur chuige ‘Fís Nialais’ chun deireadh a chur le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas Eorpach, agus cuirtear béim ar an gcomhionannas inscne i réimse OSH.
2.4Tugtar tosaíocht don chomhrac i gcoinne ailsí a bhaineann leis an obair. Agus tugann an Coimisiún gealltanas teorainneacha ceangailteacha nochta ceirde a leagan síos maidir le substaintí carcanaigineacha breise.
3.Barúlacha ginearálta
3.1An t-idirphlé sóisialta mar uirlis ríthábhachtach chun rioscaí a chosc
3.1.1Tá caibidlíocht dhépháirteach idir comhpháirtithe sóisialta na hEorpa ríthábhachtach chun fadhbanna a bhaineann le OSH a réiteach. Uaireanta, áfach, bíonn cur i bhfeidhm comhaontuithe uathrialacha míchothrom i bhfianaise neart coibhneasta an idirphlé shóisialta agus éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit. De réir dealraimh, tar éis iarraidh a fháil ón dá pháirtí shínitheacha, bíonn níos mó éifeachta le comhaontuithe as a dtagann treoracha ón gComhairle toisc go n-áirithítear leo pleananna gníomhaíochta sonracha sna Ballstáit. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme níos fearr na gcomhaontuithe uathrialacha agus ar an bpróiseas maidir le hiarraidh chomhpháirteach ar chinntí ón gComhairle, agus, ag an am céanna, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú agus nós imeachta Airteagal 155 CFAE a chomhlíonadh.
3.1.2Ar an leibhéal trastionscail (strus ag an obair, foréigean agus ciapadh san ionad oibre) nó ar leibhéal na hearnála (neamhoird mhatánchnámharlaigh sa talmhaíocht, an chosaint sláinte i siopaí gruagaireachta, silice chriostalta in earnáil na gceimiceán agus sa mhianadóireacht, cosc ar ghortuithe de thoradh earraí géara in ospidéil), tá feabhas curtha ag an idirphlé sóisialta Eorpach ar dhálaí oibre na n-oibrithe.
3.1.3Bíonn comhaontuithe earnála lena leagtar síos caighdeáin íosta nó treoirlínte ginearálta maidir le OSH tábhachtach go háirithe i gcás FBManna, toisc nach mbíonn na hacmhainní cuí i gcónaí acu chun pleananna a tharraingt suas le dálaí oibre a fheabhsú. Bíonn comhairle, oiliúint agus tacaíocht airgeadais de dhíth ar FBManna chun pleananna den chineál sin a chur chun feidhme.
3.1.4Is uirlis luachmhar é an t-idirphlé sóisialta do ghnólachtaí agus don tsochaí ina hiomláine. Fágann na bearta maidir le OSH a dhéantar tríd an idirphlé sóisialta go gcosnaítear sláinte na n‑oibrithe, go gcuirtear le brabúsacht gnólachtaí, agus go laghdaítear costais a bhaineann le cúram sláinte agus neamhláithreacht. Meastar gurb ionann an costas a bhaineann le gortuithe agus tinnis ag an obair agus 3.3 % den olltáirgeacht intíre san Aontas (€476 bhilliún), nó breis agus a leath de chistí an phlean téarnaimh. Tá éagsúlacht mhór sa chéatadán sin idir na Ballstáit, ag brath ar an tírdhreach tionsclaíoch, ar an gcomhthéacs reachtach agus ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm.
3.1.5De thoradh na práinne a bhain leis an ngéarchéim, is é an toradh a bhí ar na bearta a rinne na húdaráis go raibh impleachtaí móra acu d’earnálacha áirithe: dúnadh scoileanna, siopaí, etc. Tá a lán gnólachtaí ann atá i mbaol féimheachta, mar shampla in earnálacha na n-óstán, an chultúir agus na lónadóireachta.
3.1.6A bhuí leis an gcaibidlíocht, bhíothas in ann leanúnachas gnó a áirithiú agus tháinig geilleagar na hEorpa slán. In earnálacha amhail earnáil an iompair, earnáil na trádála agus earnáil na talmhaíochta, bhí ról lárnach ag comhpháirtithe sóisialta na hEorpa sna socruithe a raibh gá a dhéanamh, i ndúnadh gnólachtaí ar bhonn sealadach nó, fiú, ar bhonn buan, agus sa tionchar a bhí aige sin ar an bhfostaíocht. Beidh gá ceachtanna a fhoghlaim le bheith ullamh do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
3.1.7Ainneoin an méid sin, tá easnaimh mhóra fós ann. Tá cáilíocht na sásraí náisiúnta maidir leis an idirphlé sóisialta éagsúil ó Bhallstát go chéile. Glacadh bearta in a lán Ballstát gan comhairliúchán cuí agus fónta a dhéanamh leis na comhpháirtithe sóisialta. Ghlac roinnt rialtas bearta éigeandála a bhain an bonn de neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, amhail is dá mba chonstaic seachas cuid den réiteach iad. Léirigh an ghéarchéim sláinte gur gá na bearta riachtanacha a rinneadh sna Ballstáit a bhainistiú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr. Tá gá le hidirphlé níos cumhachtaí idir na Ballstáit, na hinstitiúidí Eorpacha agus na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus Eorpacha le gur féidir réitigh a chur ar fáil chun an ghéarchéim a bhainistiú.
3.1.8Tugann CESE dá aire go bhfuil sé luaite i mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mí Mheán Fómhair 2021 nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún gníomhú ar iarratas na gcomhpháirtithe sóisialta chun na comhaontuithe a tugadh i gcrích a chur chun feidhme. Tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún critéir shoiléire a leagan síos maidir leis na comhaontuithe arna síniú ag na comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme. Tá CESE den tuairim go ndéanfar, faoi Airteagal 155(2) CFAE, comhaontuithe idir na comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme sna Ballstáit.
3.2Barúlacha sonracha
3.2.1An t-aistriú digiteach, an t-athrú aeráide agus laigí nua
3.2.1.1Tharraing an Banc Ceannais Eorpach aird ar na rioscaí maicreacnamaíocha agus airgeadais a bhfuil baint acu leis an téamh domhanda (caillteanas eacnamaíoch de thoradh ardú leibhéil na farraige agus athrú ar na patrúin frasaíochta) agus leis an aistriú glas (méadú ar shócmhainní tréigthe, ardú ar an dífhostaíocht struchtúrach, luaineacht praghsanna agus boilsciú).
3.2.1.2Imreoidh an róbatú, an intleacht shaorga, agus forbairt samhlacha nua gnó, fochonraitheoireachta agus cianoibre tionchar fadtéarmach ar mhargadh an tsaothair, ar uasghrádú scileanna, ar eagrú na hoibre, ar leagan amach na stáisiún oibre, agus ar rioscaí a bhaineann leis an obair agus ar bhealaí chun na rioscaí sin a chosc.
3.2.1.3Cé gur conarthaí buana an tagarmharc atá ann go fóill, tá méadú tagtha ar chineálacha eile fostaíochta ‘solúbtha’ nó ‘neamhchaighdeánacha’, amhail obair ar éileamh agus obair ardáin. Toisc gur beag tionchar a bhíonn ag na hoibrithe sin ar a ndálaí oibre, is minic a bhíonn orthu cur suas le drochdhálaí oibre (a bheith suite nó seasta go míchompordach, rátaí oibre diana, brú ard, easpa neamhspleáchais agus easpa éagsúlachta cúraimí).
3.2.1.4Fágann na hathruithe agus na haistrithe sin go mbogann na rioscaí a bhaineann leis an obair freisin. Imeall an lucht saothair a bhíonn i gceist i dtosach báire nuair a dhéantar an fhochonraitheoireacht agus conarthaí neamhthipiciúla, ar conarthaí iad a thugann níos lú cosanta maidir le OSH, a chur chun cinn le chéile. Ansin tagann laigí nua chun cinn maidir leis na dálaí oibre, trí chineálacha solúbtha eagrúcháin a hibridiú agus foirmeacha nua de sheanchleachtais chóras Taylor a thabhairt isteach. Ar deireadh tagann fadhbanna nua chun cinn a bhaineann leis an obair, fadhbanna a fheictear de thoradh an mhéadaithe eindéimigh ar an strus ag an obair agus ar na tinnis a bhaineann leis sin.
3.3Dúshláin maidir le OSH san éiceachóras digiteach
3.3.1Tá éiceachóras digiteach nua á mhúnlú de réir a chéile ag teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus tá an teilea-obair ar an gcuid is tábhachtaí den éiceachóras sin. Tá éileamh ar scaipeadh fairsing na teilea-oibre: tá 80 % d’fhostóirí agus 76 % d’oibrithe na hEorpa ag iarraidh leanúint den teilea-obair nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim. Cé go dtugann an teilea-obair solúbthacht bhreise, cruthaíonn sí dúshláin nua freisin: trealamh neamhleor, leithlisiú an oibrí, deacrachtaí maidir le dícheangal go síceolaíoch ón obair agus easpa tacaíochta ón lucht bainistíochta. Thug 25 % d’oibrithe na hEorpa le fios go mbíonn a n‑intinn sáraithe go síoraí seasta de thoradh a gcuid oibre, rud is gné lárnach den traochadh ann. Fágann an teilea‑obair freisin go bhfuil dúshláin nua ann d’fhostóirí, e.g. costas an trealaimh teilea‑oibre breise, dúshláin a bhaineann le bainistiú agus eagrú na cianoibre.
3.3.2Is é an toradh a bhíonn ar an dul chun cinn i réimsí na róbataice go n-athraítear ó bheith ag obair ar an táirgeadh féin go faireachán a dhéanamh ar phróisis uathoibrithe. Meastar go bhféadfadh 22 % de na poist san Aontas Eorpach a bheith uathoibrithe faoi 2030, is é sin le rá 53 mhilliún post. Is féidir leis an uathoibriú dálaí oibre a fheabhsú (sábháilteacht post agus eirgeanamaíocht, obair níos spéisiúla, deireadh a chur le hobair throm chontúirteach). Tá sé tábhachtach freisin, ar ndóigh, faireachán a dhéanamh ar aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le OSH de thoradh na n-athruithe sin agus na rioscaí sin a chosc, óir, d’fhéadfadh sé, mura bhfuil i gceist leis na hathruithe sin ach cur leis an táirgiúlacht, gur dálaí oibre níos measa a bheadh ann.
3.3.3Níl a lán den dul chun cinn atá déanta i leith na hintleachta saorga ach ina thús go fóill, amhail bainistiú algartamach i ngeilleagar na n-ardán agus i roinnt mórghnólachtaí lóistíochta. Tá dhá shaincheist ann a bhaineann leis sin: ról an mhaoirseora a ghlacadh maidir le faireachán agus maoirseacht feidhmíochta, agus cur leis an táirgiúlacht trí chuíchóiriú na hoibre, rud a dtéitear thar fóir leis go minic. Tugadh le fios i staidéar eolaíochta a ndearna Institiúid Eorpach na gCeardchumann (ETUI) achoimre chuimsitheach de a fhoilsiú maidir le OSH go bhfágann na cleachtais sin go gcruthaítear sa bhreis ar na rioscaí ‘traidisiúnta’ a bhaineann le cuíchóiriú na hoibre (obair níos déine agus níos troime, cúraimí níos róbatúla) rioscaí ‘nua’ a bhaineann leis an digiteáil (brú rómhór ar an intinn, rónascacht, leithlisiú sóisialta).
3.3.4Tá an bainistiú algartamach ag éirí níos coitianta de réir a chéile i ngnólachtaí ina bhfreagraíonn sé do na dúshláin a bhaineann leis an gcianobair. Cuireann maoirseacht agus meastóireacht leanúnach sláinte mheabhrach na n-oibrithe i mbaol, go háirithe trí éifeacht an rófhaireacháin agus trí dheireadh a chur leis na teorainneacha idir an saol príobháideach agus saol na hoibre. Gan na cosaintí is gá, is féidir leis na teicneolaíochtaí sin an bonn a bhaint de chearta bunúsacha an phríobháideachais agus dhínit an duine.
3.3.5Sa togra le haghaidh Gníomh um an Intleacht Shaorga, ní thugann an Coimisiún aghaidh go díreach ar na dúshláin a bhaineann le feidhmchláir ardriosca san ionad oibre. Tá sé molta ag CESE measúnuithe comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh éigeantach do gach cineál intleachta saorga ardriosca. Na córais lena ndéantar measúnú ar iompar an oibrí, ar am oibre, ar fheidhmíocht nó ar mhothúcháin an oibrí, agus atá cáilithe mar intleacht shaorga ardriosca, ba cheart do thríú páirtí measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu.
3.4Claochluithe, aistrithe agus ‘fadhbanna nua’
3.4.1Feictear go bhfuil méadú ag teacht ar ghalair cheirde seachas ar ghortuithe san ionad oibre. Idir 2000 agus 2016, tháinig méadú 41 % agus 19 % faoi seach ar bhonn domhanda ar bhásanna ó ghalar croí agus ó stróc a bhaineann le huaireanta fada oibre. Tá méadú ag teacht freisin ar neamhoird shíceolaíocha a bhaineann leis an obair, amhail neamhoird dhúlagair. Is í an obair is cúis le 17 % go 35 % de chásanna dúlagair, rud a thugann le fios go bhfuil ardú ag teacht ar na rioscaí síceasóisialta agus a dtionchar ar shláinte oibrithe.
3.4.2Tá an t-athrú sin ar na ‘fadhbanna’ le tabhairt faoi deara freisin maidir le tosca riosca fhisicigh. Cé go bhfuil laghdú beag tagtha ar thionóiscí san ionad oibre, is iad na neamhoird mhatánchnámharlaigh an phríomhchúis leis an éagumas chun oibre ar fud an domhain. Tugadh le fios sa suirbhé ESENER is déanaí gur gluaiseachtaí atriallacha a dhéantar leis na lámha agus a bheith suite rófhada gan suíomh a athrú an dá thoisc riosca is mó dá nochtar oibrithe
. Is é a chiallaíonn sé sin nach é an nochtadh féin do thosca ardriosca a chuireann an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair i mbaol ach an nochtadh síoraí do thosca ísealriosca.
4.Deiseanna chun cur le héifeachtacht an idirphlé shóisialta agus rioscaí maidir le OSH a mhaolú
4.1Is deis í an phaindéim chun comhacmhainní nua a chruthú chun dul i ngleic le géarchéimeanna sláinte, comhshaoil agus déimeagrafacha. Is iad na comhpháirtithe sóisialta is fearr atá in ann athruithe a thuar, riachtanais oiliúna nua a réamh-mheas, oiriúnú do thimpeallachtaí nua, rioscaí nua a shainaithint agus ullmhú do chlaochlú na bpróiseas táirgthe.
4.2Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear na comhaontuithe a thabharfar i gcrích tríd an idirphlé sóisialta i bhfeidhm go héifeachtach. Athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé le moladh EIS cigire saothair amháin a bheith ann in aghaidh gach 10 000 oibrí agus cuireann sé i bhfáth gur gá cur le ról ionadaithe na gceardchumann i réimse OSH. Ar gach leibhéal, ní mór baint leordhóthanach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta le ceapadh agus cur chun feidhme na mbeart coisctheach, i gcomhréir leis an Treoir Réime.
4.3Toisc an teilea-obair a bheith ag scaipeadh go forleathan, is gá cur le sainchúraimí na gcigireachtaí saothair. Sa Spáinn, mar shampla, ní mór do chigirí a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar na dálaí faoina ndéantar an teilea-obair, arna iarraidh sin don fhostaí agus aird chuí á tabhairt ar an bpríobháideachas. Ba cheart a áireamh leis sin clárú gearán faoi easpa trealaimh iomchuí, neamhchomhlíonadh an chirt chun dícheangail, etc.
4.4Molann CESE go ndéanfaí anailís réamhbhreathnaitheach ar an tionchar a bheidh ag an gclaochlú digiteach ar an obair sna Ballstáit, go háirithe maidir le huasghrádú scileanna, eagrú na hoibre, rioscaí a bhaineann leis an obair agus bealaí chun na rioscaí sin a chosc.
4.5Ní mór faireachán críochnúil a dhéanamh ar an méadú ar an gcostas a bhaineann leis na galair cheirde, amhail galar croí agus an traochadh, le go bhféadfar bearta iomchuí ar an leibhéal iomchuí a shainaithint a bheadh i gcomhréir leis an gcuspóir ‘Fís Nialais’, is é sin gan aon bhásanna a bheith ann de thoradh cúiseanna a bhaineann leis an obair.
4.6Ní leor na socruithe reatha le gur féidir dianmheasúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag na creat-chomhaontuithe uathrialacha. Tá na sonraí atá ar fáil easnamhach agus ní leor na prótacail le nasc cúisíoch a bhunú. Is gá infheistiú i bhforbairt táscairí a bhaineann go sonrach le gach comhaontú agus i sásra cothrománach chun an chúisíocht sin a bhunú, agus, ag an am céanna, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán i gcur chun feidhme na gcreat-chomhaontuithe.
4.7Chomhlánófaí na táscairí sonracha sin le táscairí níos ginearálta lena bhféadfaí súil a choinneáil ar an dul chun cinn i réimse OSH. D’fhéadfadh na suirbhéanna ESENER an bhearna sin a líonadh, agus molann CESE na suirbhéanna sin a dhéanamh ar bhonn níos rialta agus na dúshláin a bhaineann le OSH a chuimsiú sna suirbhéanna sin ar bhonn níos córasaí. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann measúnú a dhéanamh ar chuimsiú na dtionscnamh arna gcur chun feidhme agus bearta nua a mholadh dá mba ghá sin.
4.8Trí Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair, d’fhéadfaí ról maoirseachta an Údaráis Eorpaigh Saothair a fheidhmiú trí dheiseanna agus moltaí a sholáthar chun dea‑chleachtais a mhalartú, agus tacú leis an bhfothú acmhainneachta, maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe sin a tugadh i gcrích tríd an idirphlé sóisialta ach nár iompaíodh ina dtreoracha.
4.9Le go mbeidh cur chuige comhordaithe cuí ann idir an t‑idirphlé sóisialta Eorpach agus an t‑idirphlé sóisialta náisiúnta, is gá ról níos lárnaí a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta san idirphlé sóisialta sna Ballstáit go léir. D’fhéadfaí leas a bhaint as cistí chun acmhainní na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú sna cásanna sin a bhfuil bearna iontu.
4.10Tacaíonn CESE le gach tionscnamh lenar féidir cabhrú le FBManna ina n-iarrachtaí chun córais choisc a chruthú. Mar shampla an caighdeán ISO 45003 is déanaí maidir le rioscaí síceasóisialta, an tionscadal OiRA (measúnú riosca idirghníomhach ar líne) a gcuirtear modúil nua leis go rialta, agus an tairseach Healthy Workplaces áit a mbailítear le chéile na hacmhainní atá ar fáil ag fostóirí. Sa Fhrainc, bhain 42 000 úsáideoir leas as OiRA 61 000 uair, arb ionann é agus leath na n-úsáideoirí a bhain leas as an gcóras. Leagann CESE béim ar an luach a bhaineann leis na huirlisí sin atá réidh le húsáid do ghnólachtaí nach bhfuil na hacmhainní cuí acu go hinmheánach, agus cuireann sé in iúl gur colún bunriachtanach coisc é an measúnú riosca.
4.11Ní mór an cur chuige ‘Fís Nialais’ a bheith ina chur chuige níos réamhghníomhaí lena ndíreofaí ar na rioscaí a dhíothú, i gcomhréir leis an Treoir Réime. Ní mór i gcás gach beartais a bhaineann le OSH go n-urramódh sé prionsabal an choisc, go gceapfaí agus go gcuirfí chun feidhme é tríd an idirphlé sóisialta agus go mbeadh rialacha láidre ag tacú leis.
4.12Maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac, tá CESE ag iarraidh go mbeadh seasamh níos uaillmhianaí ann ina gcuimseofaí na 50 carcanaigin tosaíochta. Ba cheart substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus táirgí íocshláinte guaiseacha a chur san áireamh freisin faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. Lena chois sin, ardaíonn an strus ainsealach an baol ailse a fhorbairt agus is féidir le sealobair oíche a bheith ina cúis le hailse bhrollaigh, ailse phróstataigh agus ailse cholaireicteach. Tá gá le cur chuige rioscabhunaithe agus ní le modheolaíocht trína meastar gur costas atá i gcosaint an oibrí.
4.13Tá neamhoird mhatánchnámharlaigh fós ar an bhfadhb is mó maidir le OSH san Aontas Eorpach. Ar leibhéal an ghnólachta, ní bheidh éifeacht leis an gcosc mura bhfuil caighdeán ard idirphlé shóisialta agus coiste sláinte agus sábháilteachta atá ag feidhmiú go maith ann (sna cásanna sin ina bhfuil siad ann). Is féidir leas a bhaint freisin as an idirphlé sóisialta ar leibhéal na hearnála, trí threoirlínte sonracha, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus malartú taithí, mar aon le scaipeadh dea-chleachtas. Ar an leibhéal Eorpach, is gá an plé faoin dréacht-treoir maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh a athmhúscailt le go bhféadfar beartas cuimsitheach fadtéarmach comhtháite a fhorbairt.
4.14I ngeall ar chur chun feidhme neamhiomlán an chreat-chomhaontaithe uathrialaigh maidir leis an strus ag an obair a síníodh in 2004, is léir gur gá reachtaíocht Eorpach a thabhairt isteach maidir le rioscaí síceasóisialta. Tugann CESE le fios go dteastaíonn, le go mbeidh éifeacht le cur chuige coisctheach, beart a dhéanamh maidir leis na tosca lena mbaineann, eadhon eagrú na hoibre. Ní leor cur chuige atá dírithe ar shláinte mheabhrach an oibrí chun an strus ag an obair a laghdú.
4.15Cuireann CESE i bhfáth go dteastaíonn creat rialála láidir agus idirphlé sóisialta rathúil araon. Leagtar amach treoirlínte ginearálta maidir le OSH sna treoracha, agus fágann na leibhéil éagsúla idirphlé shóisialta gur féidir na himthosca sonracha earnála agus náisiúnta a chur in oiriúint mar is gá.
4.16Is oth le CESE nach bhfuil oibrithe féinfhostaithe san áireamh faoi raon feidhme an chreata straitéisigh. Cé go dtugtar ‘daoine féinfhostaithe’ ar roinnt de na hoibrithe ardáin, tá siad fostaithe ag na hardáin i ndáiríre tríd an mbainistiú algartamach. Tá aird tarraingthe ag an bpaindéim ar cé chomh leochaileach atá na hoibrithe sin agus ar easnaimh na n-ardán ó thaobh coisc de. Níl sé inmhianaithe go mbeadh na hoibrithe sin fós faoi lé rioscaí neamhrialaithe toisc nach bhfuil siad san áireamh sa chreat straitéiseach.
4.17Cuireann CESE i bhfios go láidir gur ann do chaidreamh neamhshiméadrach idir na hardáin agus na hoibrithe sin, agus meabhraíonn sé gur cearta bunúsacha iad an ceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun cómhargála. Tá sé ríthábhachtach eagrúchán agus ionadaíocht leordhóthanach a áirithiú chun an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a éascú. Thairis sin, ba cheart na hoibrithe sin a chuimsiú faoi na cearta cosanta sóisialta.
4.18Tá sé chomh tábhachtach céanna aird a thabhairt ar oibrithe atá faoi mhíchumas nó a bhfuil tinneas ainsealach orthu. Tríd an bhfostaíocht, éiríonn le duine teacht ar thithíocht chuibhiúil, ar shaol sóisialta agus cultúrtha a bhfuil sásamh le baint as agus ar pháirt níos iomlánaí sa tsochaí. D’fhonn cuspóirí an Aontais maidir leis an gcuimsiú a bhaint amach, ní mór na difríochtaí idir na Ballstáit a laghdú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na beartais maidir leis an infhostaitheacht agus an cuimsiú eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha.
4.19Ní mór an cosc ar an eisiamh gairme a chur san áireamh san idirphlé sóisialta agus a bheith ina chuid den phlé faoin bhfilleadh ar an bhfostaíocht (leagan amach na stáisiún oibre, obair pháirtaimseartha, etc.). Moltar bearta a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt maidir le staid oibrithe atá faoi mhíchumas nó oibrithe a d’fhéadfadh a bheith i mbaol eisiaimh mar gheall ar neamhábaltacht.
4.20Tá sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt don éagsúlacht san fhórsa saothair, lena n‑áirítear difríochtaí inscne, chun sábháilteacht agus sláinte oibrithe ban agus fear araon a áirithiú. Cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta sa réimse sin, creideann CESE gur féidir agus gur cheart níos mó a dhéanamh. Ba cheart difríochtaí inscne a chur san áireamh agus beartais maidir le OSH agus straitéisí maidir le cúram sláinte coisctheach á bhforbairt. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de ann i leith OSH le go bhféadfar inscne a chur san áireamh i ngach gné de réimse OSH. Chun leas a bhaint as an idirphlé sóisialta, cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh mná rannpháirteach go comhionann san idirphlé sóisialta.
4.21Ba cheart an rochtain ar theicneolaíocht na faisnéise a éascú d’oibrithe óga. Is í an fhoghlaim ar feadh an tsaoil an phríomhfhoinse slándála post sa ré dhigiteach. Tá sé tábhachtach freisin oibrithe scothaosta a chur san áireamh trí dheiseanna foghlama agus cosaint ar idirdhealú aoise a chur chun cinn.
4.22Braitheann na buntáistí a bhaineann leis an teilea-obair ar an gcaoi a n-eagraíonn an fostóir í. Ba cheart úsáid na teilea-oibre a chuimsiú faoin gcómhargáil d’fhonn deacrachtaí atá sainaitheanta san iliomad suirbhéanna a chosc. Ní leor an Creat-Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua sin. Molann CESE go ndéanfaí treoirlínte nua a tharraingt suas, agus aird ar leith á tabhairt ar rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh a chosc.
4.23Tá sé tábhachtach aird a tharraingt ar na naisc idir OSH agus brabúsacht na ngnólachtaí. Mar thoradh ar an éifeacht a bhíonn ag an idirphlé sóisialta ar dhálaí oibre agus ar dhaoine a choinneáil i bpoist, is féidir na costais a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus neamhoird mhatánchnamharlaigh a sheachaint. Is infheistíocht atá ann a bhfuil níos mó buntáistí ná míbhuntáistí i gceist leis.
4.24Ba cheart cultúr coisc a fhorbairt trí oiliúint a chur orthu siúd a bhfuil páirt acu san idirphlé sóisialta, feasacht a mhúscailt faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn agus na hacmhainní atá ar fáil a neartú agus a scaipeadh. Tá CESE ag achainí go mbainfí leas as cistí an phlean téarnaimh chun na críche sin.
An Bhruiséil, 20 Eanáir 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
*
*
*
N.B.: Foscríbhinn ar an taobh eile den bhileog.
FOSCRÍBHINN a ghabhann leis an TUAIRIM
ó
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
I rith na ndíospóireachtaí, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 59(3) de na Rialacha Nós Imeachta):
|
LEASÚ 2
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 3.2.1.3
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Cé gur conarthaí buana an tagarmharc atá ann go fóill, tá méadú tagtha ar chineálacha eile fostaíochta ‘solúbtha’ nó ‘neamhchaighdeánacha’, amhail obair ar éileamh agus obair ardáin. Toisc gur beag tionchar a bhíonn ag na hoibrithe sin ar a ndálaí oibre, is minic a bhíonn orthu cur suas le drochdhálaí oibre (a bheith suite nó seasta go míchompordach, rátaí oibre diana, brú ard, easpa neamhspleáchais agus easpa éagsúlachta cúraimí)[1].
[1] Bérastégui P. (2021), Exposure to Psychosocial Risk Factors in the Gig Economy: A Systematic Review. Tuarascáil Taighde de chuid ETUI, 2021. 01.
|
Cé gur conarthaí buana an tagarmharc atá ann go fóill, tá méadú tagtha ar chineálacha eile fostaíochta ‘solúbtha’ nó ‘neamhchaighdeánacha’, amhail obair ar éileamh agus obair ardáin. Tá roinnt rioscaí ag gabháil leis an teilea‑obair, amhail na dúshláin seo a leanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn: an baol go mbeidh an t‑oibrí ‘dofheicthe’ sa phobal oibre; easpa struchtúir tacaíochta fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla; teagmhálacha pearsanta le comhghleacaithe agus rochtain ar fhaisnéis agus ar dheiseanna ar ardú céime agus oiliúna; méadú féideartha ar neamhionannais inscne agus an riosca méadaithe foréigin agus ciaptha[1], agus déanfar na rioscaí sin a bhainistiú tuilleadh chun OSH a chur ar fáil d’oibrithe atá sna cineálacha sin fostaíochta.
[1] IO C 220, 9.6. 2021, lch. 13.
|
|
Cúis
|
|
Is é a mholaimid cuid den ráiteas an-ghinearálta seo a scriosadh agus an téacs as SOC/662, téacs a raibh comhdhearcadh ann ina leith, a úsáid ina luaitear go bhfuil roinnt rioscaí ag gabháil leis an teilea‑obair, amhail na dúshláin seo a leanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn: an baol go mbeidh an t‑oibrí ‘dofheicthe’ sa phobal oibre; easpa struchtúir tacaíochta fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla; teagmhálacha pearsanta le comhghleacaithe agus rochtain ar fhaisnéis agus ar dheiseanna ar ardú céime agus oiliúna; méadú féideartha ar neamhionannais inscne agus an riosca méadaithe foréigin agus ciaptha.
Ba cheart a mheabhrú freisin, mar shampla, gur minic a bhíonn níos mó saoirse ag daoine atá i bhfostaíocht sholúbtha nó ag obair ar na hardáin chun na huaireanta oibre a shainmhíniú. Is beag an bhaint atá ag an obair a choimisiúnaítear trí ardán le heirgeanamaíocht na hoibre etc. Is í an fheidhmíocht oibre chéanna a bheadh i gceist dá ndéanfaí an obair gan ardán a úsáid (mar shampla tiománaí uber vs tiománaí tacsaí). Chomh maith leis sin, níl an argóint a bhaineann le ráta oibre iomarcach bailí toisc gurb é a mhalairt de scéal a d’fhéadfadh a bheith i gceist.
Ina theannta sin, níl aon nasc cúisíoch ann idir conradh solúbtha nó neamhchaighdeánach agus drochdhálaí oibre.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
101
|
|
In aghaidh:
|
133
|
|
Staonadh:
|
21
|
|
LEASÚ 3
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 3.2.1.4
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Fágann na hathruithe agus na haistrithe sin go mbogann na rioscaí a bhaineann leis an obair freisin. Imeall an lucht saothair a bhíonn i gceist i dtosach báire nuair a dhéantar an fhochonraitheoireacht agus conarthaí neamhthipiciúla, ar conarthaí iad a thugann níos lú cosanta maidir le OSH, a chur chun cinn le chéile. Ansin tagann laigí nua chun cinn maidir leis na dálaí oibre, trí chineálacha solúbtha eagrúcháin a hibridiú agus foirmeacha nua de sheanchleachtais chóras Taylor a thabhairt isteach. Ar deireadh tagann fadhbanna nua chun cinn a bhaineann leis an obair, fadhbanna a fheictear de thoradh an mhéadaithe eindéimigh ar an strus ag an obair agus ar na tinnis a bhaineann leis sin.
|
D’fhéadfadh sé go bhfágfadh na hathruithe agus na haistrithe sin go mbogfadh na rioscaí a bhaineann leis an obair freisin. B’fhéidir go bhféadfaí déileáil leis na rioscaí féideartha sin trí aird ar leith a thabhairt ar na pointí a leanas i bpróiseas an idirphlé shóisialta: Imeall an lucht saothair a bhíonn i gceist i dtosach báire i gcás fochonraitheoireachta agus conarthaí éiginnte, ar conarthaí iad a d’fhéadfadh níos lú cosanta a thabhairt maidir le OSH. Ansin tagann laigí nua chun cinn maidir leis na dálaí oibre, trí chineálacha solúbtha eagrúcháin a hibridiú agus foirmeacha nua de sheanchleachtais chóras Taylor a thabhairt isteach. Ar deireadh tagann fadhbanna nua chun cinn a bhaineann leis an obair, fadhbanna a fheictear de thoradh an mhéadaithe eindéimigh ar an strus ag an obair agus ar na tinnis a bhaineann leis sin.
|
|
Cúis
|
|
Tríd an athrú sin a dhéanamh, tá sé á admháil againn gur gá tríd an idirphlé sóisialta ar an leibhéal iomchuí maidir le OSH béim níos mó a chur ar an athrú a thiocfaidh ar na cineálacha oibre. Chomh maith leis sin, cé go bhféadfadh laigí nua a bheith ann a bhaineann le dálaí oibre sna cineálacha nua oibre, tá sé tábhachtach a thuiscint nach féidir glacadh leis gan cheist gur cosaint níos lú ó thaobh OSH a thugann gach cineál fostaíochta neamhchaighdeánaí, amhail an fhochonraitheoireacht, agus go bhféadfadh sé go mbeadh an leibhéal céanna cosanta OSH agus a thugtar san fhostaíocht chaighdeánach i gceist leo freisin.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
98
|
|
In aghaidh:
|
147
|
|
Staonadh:
|
17
|
|
LEASÚ 4
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.2
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear na comhaontuithe a thabharfar i gcrích tríd an idirphlé sóisialta i bhfeidhm go héifeachtach. Athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé[1] le moladh EIS[2] cigire saothair amháin a bheith ann in aghaidh gach 10 000 oibrí agus cuireann sé i bhfáth gur gá cur le ról ionadaithe na gceardchumann i réimse OSH. Ar gach leibhéal, ní mór baint leordhóthanach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta le ceapadh agus cur chun feidhme na mbeart coisctheach, i gcomhréir leis an Treoir Réime.
[1] https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/health-safety-work-eu-strategic-framework-2021-2027
[2
] https://www.ilo.org/public/english/standards/relm/gb/docs/gb297/pdf/esp-3.pdf
|
Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear na comhaontuithe a thabharfar i gcrích tríd an idirphlé sóisialta i bhfeidhm go héifeachtach. Tugann CESE dá aire moladh EIS[1] cigire saothair amháin a bheith ann in aghaidh gach 10 000 oibrí agus cuireann sé i bhfáth gur gá cur le ról na gcomhpháirtithe sóisialta i réimse OSH. Ar gach leibhéal, ní mór baint leordhóthanach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta le ceapadh agus cur chun feidhme na mbeart coisctheach, i gcomhréir leis an Treoir Réime.
[1] https://www.ilo.org/public/english/standards/relm/gb/docs/gb297/pdf/esp-3.pdf
|
|
Cúis
|
|
Molaimid ‘Tugann CESE dá aire’ a chur isteach in ionad ‘go dtacaíonn sé le’. Sa dara habairt, is ceart labhairt faoi na comhpháirtithe sóisialta i gcoitinne.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
103
|
|
In aghaidh:
|
150
|
|
Staonadh:
|
15
|
|
LEASÚ 5
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.3
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Toisc an teilea‑obair a bheith ag scaipeadh go forleathan, is gá cur le sainchúraimí na gcigireachtaí saothair. Sa Spáinn[1], mar shampla, ní mór do chigirí a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar na dálaí faoina ndéantar an teilea-obair, arna iarraidh sin don fhostaí agus aird chuí á tabhairt ar an bpríobháideachas. Ba cheart a áireamh leis sin clárú gearán faoi easpa trealaimh iomchuí, neamhchomhlíonadh an chirt chun dícheangail, etc.
[1] https://ec.europa.eu/social/ajax/BlobServlet?docId=23324&langId=en
|
Toisc an teilea‑obair a bheith ag scaipeadh go forleathan, tá sé tugtha faoi deara ag roinnt Ballstát gur gá cur le sainchúraimí na gcigireachtaí saothair. Sa Spáinn[1], mar shampla, tá cigirí in ann faireachán a dhéanamh ar na dálaí faoina ndéantar an teilea-obair, arna iarraidh sin don fhostaí agus aird chuí á tabhairt ar an bpríobháideachas. Áirítear leis sin clárú gearán faoi easpa trealaimh iomchuí, neamhchomhlíonadh an chirt chun dícheangail, etc. Níor cheart ceangal a bheith ar na fostóirí a áirithiú go mbeidh trealamh teilea‑oibre ar fáil ach amháin sa chás ina bhfuil oibleagáid ar an bhfostaí a bheith ag obair ón mbaile.
[1] https://ec.europa.eu/social/ajax/BlobServlet?docId=23324&langId=en
|
|
Cúis
|
|
Cé go n‑aontaímid leis an gcur chuige sampla amháin de chóras atá i bhfeidhm i mBallstát amháin (an Spáinn) a thabhairt, ní ceart a mholadh go dtabharfaí an córas sin isteach i dtíortha eile, ós rud é gur faoi na Ballstáit atá sé eagrú agus socruithe a dhéanamh maidir le cigireacht saothair.
Má tá láthair oibre amháin á tairiscint cheana féin (oifig de ghnáth) ag an bhfostóir, áit a bhfuil an trealamh go léir is gá ag an bhfostaí, níor cheart oibleagáid a bheith ar an bhfostóir an trealamh céanna sin arís a chur ar fáil ag an mbaile don fhostaí mura bhfuil an fostóir á cheangal ar an bhfostaí a bheith ag obair ón mbaile. Is féidir le dúbailt an trealaimh oibre a bheith ina hualach mór costais, go háirithe ar ghnólachtaí beaga.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
107
|
|
In aghaidh:
|
149
|
|
Staonadh:
|
16
|
|
|
|
LEASÚ 7
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.12
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac, tá CESE ag iarraidh go mbeadh seasamh níos uaillmhianaí ann ina gcuimseofaí na 50 carcanaigin tosaíochta. Ba cheart substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus táirgí íocshláinte guaiseacha[1] a chur san áireamh freisin faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. Lena chois sin, ardaíonn an strus ainsealach an baol ailse a fhorbairt[2] agus is féidir le sealobair oíche a bheith ina cúis le hailse bhrollaigh, ailse phróstataigh agus ailse cholaireicteach[3]. Tá gá le cur chuige rioscabhunaithe agus ní le modheolaíocht trína meastar gur costas atá i gcosaint an oibrí.
[1] Ceimiceán a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh
do thorthúlacht fir nó mná nó d’fhorbairt an linbh sa bhroinn.
[2] https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC7466429/
[3] https://www.cancer-environnement.fr/597-Vol-124--Cancerogenicite-du-travail-de-nuit-poste.ce.aspx.
|
Maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac, is díol sásaimh do CESE an comhaontú sealadach ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air ag deireadh 2021 maidir le hoibrithe a chosaint níos fearr ar rioscaí a bhaineann leis an nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha agus só-ghineacha tríd an Treoir maidir le Carcanaiginí agus Só‑ghineacha a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Cúis
|
|
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach i mí na Nollag 2021 maidir le hoibrithe a chosaint níos fearr ar rioscaí a bhaineann leis an nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha agus só‑ghineacha. Chun cosaint oibrithe ar ailse a fheabhsú, mhol an Coimisiún in 2020 nochtadh oibrithe do cheimiceáin is cúis le hailse a theorannú tuilleadh. Tá an tionscnamh sin ina chuid de thiomantas an Choimisiúin an ailse a chomhrac faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún go dtarlóidh sé faoin gcomhaontú sin chun an Treoir maidir le Carcanaiginí agus Só‑ghineacha a thabhairt cothrom le dáta go mbainfidh thart ar 1 mhilliún oibrí tairbhe as cosaintí níos láidre trí na teorainneacha nochta ceirde maidir le comhdhúile aicrilinítríle agus nicile a shocrú agus na teorainneacha maidir leis an mbeinséin a ísliú.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
98
|
|
In aghaidh:
|
156
|
|
Staonadh:
|
17
|
|
LEASÚ 8
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.13
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Tá neamhoird mhatánchnámharlaigh fós ar an bhfadhb is mó maidir le OSH san Aontas Eorpach. Ar leibhéal an ghnólachta, ní bheidh éifeacht leis an gcosc mura bhfuil caighdeán ard idirphlé shóisialta agus coiste sláinte agus sábháilteachta atá ag feidhmiú go maith ann (sna cásanna sin ina bhfuil siad ann). Is féidir leas a bhaint freisin as an idirphlé sóisialta ar leibhéal na hearnála, trí threoirlínte sonracha, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus malartú taithí, mar aon le scaipeadh dea-chleachtas. Ar an leibhéal Eorpach, is gá an plé faoin dréacht-treoir maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh a athmhúscailt le go bhféadfar beartas cuimsitheach fadtéarmach comhtháite a fhorbairt.
|
Tá neamhoird mhatánchnámharlaigh fós ar an bhfadhb is mó maidir le OSH san Aontas Eorpach. Ar leibhéal an ghnólachta, féadfaidh an cosc a bheith níos éifeachtaí má tá caighdeán ard idirphlé shóisialta agus coiste sláinte agus sábháilteachta atá ag feidhmiú go maith ann (sna cásanna sin ina bhfuil siad ann). Is féidir leas a bhaint freisin as an idirphlé sóisialta ar leibhéal na hearnála, trí threoirlínte sonracha, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus malartú taithí, mar aon le scaipeadh dea-chleachtas. Ar an leibhéal Eorpach, chun beartas cuimsitheach, fadtéarmach agus comhtháite a fhorbairt, ní mór bearta a ghlacadh mar a thugtar le fios sa teachtaireacht ón gCoimisiún EU strategic framework on health and safety at work 2021‑2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021‑2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre].
|
|
Cúis
|
|
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún, áirítear an cuspóir atá aige rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha a chuimsiú i bhfeachtas na n‑ionad oibre sláintiúil.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
95
|
|
In aghaidh:
|
161
|
|
Staonadh:
|
16
|
|
LEASÚ 9
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.14
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
I ngeall ar chur chun feidhme neamhiomlán an chreat‑chomhaontaithe uathrialaigh maidir leis an strus ag an obair a síníodh in 2004, is léir gur gá reachtaíocht Eorpach a thabhairt isteach maidir le rioscaí síceasóisialta. Tugann CESE le fios go dteastaíonn, le go mbeidh éifeacht le cur chuige coisctheach, beart a dhéanamh maidir leis na tosca lena mbaineann, eadhon eagrú na hoibre. Ní leor cur chuige atá dírithe ar shláinte mheabhrach an oibrí chun an strus ag an obair a laghdú
.
|
Tá CESE ag iarraidh go neartófaí an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta i mbearta múscailte feasachta agus coisctheacha maidir le rioscaí síceasóisialta. Is gá dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta go príomha ar leibhéal an ionaid oibre/an ghnólachta. Níl aon réiteach amháin ann a d’fheilfeadh go maith i ngach gnólacht nó i ngach Ballstát toisc go mbíonn na fadhbanna éagsúil freisin. De réir na tuarascála cur chun feidhme a d’ullmhaigh sínitheoirí an chreat‑chomhaontaithe, ainneoin na ndúshlán agus na mbacainní éagsúla, is léir go gcuireann cur chun feidhme an chreat-chomhaontaithe Eorpaigh agus na dtuarascálacha féin le breisluach tábhachtach i réimse an struis ag an obair agus maidir leis an bhforbairt ar idirphlé sóisialta[1]. Tugann CESE le fios go dteastaíonn, le go mbeidh éifeacht le cur chuige coisctheach, beart a dhéanamh maidir leis na tosca lena mbaineann, eadhon eagrú na hoibre. Ní leor cur chuige atá dírithe ar shláinte mheabhrach an oibrí chun an strus ag an obair a laghdú. Is saincheist chasta iad rioscaí síceasóisialta a bhfuil fachtóirí éagsúla ann a imríonn tionchar orthu, amhail dálaí oibre, bainistiú an ualaigh oibre, caidreamh oibre, agus cumais an duine aonair freisin.
[1] https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/imported/2008-02495-E.pdf
|
|
Cúis
|
|
Ba cheart an cur chuige a athrú anseo le go neartófaí an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta i mbearta múscailte feasachta agus coisctheacha maidir le rioscaí síceasóisialta. Is gá dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta go príomha ar leibhéal an ionaid oibre/an ghnólachta. Níl aon réiteach amháin ann a d’fheilfeadh go maith i ngach gnólacht nó i ngach Ballstát toisc go mbíonn na fadhbanna éagsúil freisin.
Ní dóigh linn go bhfuil gá le reachtaíocht a thabhairt isteach ach aontaímid le cur chuige an Choimisiúin tionscnamh neamhreachtach a ullmhú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an meabhairshláinte ag an obair ina ndéantar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le meabhairshláinte oibrithe.
Ar deireadh, tá tuarascáil cur chun feidhme ullmhaithe ag sínitheoirí an chreat‑chomhaontaithe uathrialaigh maidir leis an strus ag an obair
https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/imported/2008-02495-E.pdf
. De réir na tuarascála sin, ainneoin na ndúshlán agus na mbacainní éagsúla, is léir go gcuireann cur chun feidhme an chreat‑chomhaontaithe Eorpaigh agus na dtuarascálacha féin le breisluach tábhachtach i réimse an struis ag an obair agus maidir le forbairt an idirphlé shóisialta.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
97
|
|
In aghaidh:
|
159
|
|
Staonadh:
|
14
|
|
LEASÚ 10
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.16
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Is oth le CESE nach bhfuil oibrithe féinfhostaithe san áireamh faoi raon feidhme an chreata straitéisigh. Cé go dtugtar ‘daoine féinfhostaithe’ ar roinnt de na hoibrithe ardáin, tá siad fostaithe ag na hardáin i ndáiríre tríd an mbainistiú algartamach. Tá aird tarraingthe ag an bpaindéim ar cé chomh leochaileach atá na hoibrithe sin agus ar easnaimh na n‑ardán ó thaobh coisc de. Níl sé inmhianaithe go mbeadh na hoibrithe sin fós faoi lé rioscaí neamhrialaithe toisc nach bhfuil siad san áireamh sa chreat straitéiseach
.
|
Tugann CESE dá aire nach bhfuil oibrithe féinfhostaithe san áireamh faoi raon feidhme an chreata straitéisigh. Mhol CESE roimhe seo go ndéanfaí staidéar in am trátha ina mbeadh an Coimisiún, saineolaithe agus na comhpháirtithe sóisialta páirteach, chun teacht ar an réiteach is fearr agus aird chuí á tabhairt ar an bprionsabal go gcaithfidh gach duine féinfhostaithe timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a bheith acu freisin. Thairis sin, tugann CESE dá aire go bhfuil sé molta sa mholadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 maidir le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe féinfhostaithe ag an obair a fheabhsú[1] go ndéanfadh na Ballstáit sábháilteacht agus sláinte oibrithe féinfhostaithe a chur chun cinn i gcomhthéacs a mbeartas maidir le tionóiscí san ionad oibre agus galair cheirde a chosc, agus na rioscaí speisialta atá ann in earnálacha ar leith, agus an caidreamh ar leith idir gnóthais chonarthacha agus oibrithe féinfhostaithe, á gcur san áireamh.
[1] https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/1fd9fbe0-1ee4-4928-a47d-4404b5301bbd
|
|
Cúis
|
|
An 9 Nollaig, ghlac an Coimisiún an togra uaidh le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Ullmhófar tuairim ar leith ó CESE (SOC/709) maidir leis an togra sin agus níor cheart déileáil leis na saincheisteanna sin sa tuairim seo, dá bhrí sin.
Ba cheart tagairt a dhéanamh sa téacs seo don mholadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 maidir le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe féinfhostaithe ag an obair a fheabhsú.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
99
|
|
In aghaidh:
|
162
|
|
Staonadh:
|
14
|
|
LEASÚ 11
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.17
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur ann do chaidreamh neamhshiméadrach idir na hardáin agus na hoibrithe sin, agus meabhraíonn sé gur cearta bunúsacha iad an ceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun cómhargála. Tá sé ríthábhachtach eagrúchán agus ionadaíocht leordhóthanach a áirithiú chun an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a éascú. Thairis sin, ba cheart na hoibrithe sin a chuimsiú faoi na cearta cosanta sóisialta.
|
Tugann CESE dá aire go dtabharfar aird ar leith air caidreamh cothrom a chosaint idir na hardáin agus iad siúd a bhíonn ag obair ar na hardáin, agus meabhraíonn sé gur cearta bunúsacha iad an ceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun cómhargála. Tá sé ríthábhachtach eagrúchán agus ionadaíocht leordhóthanach a áirithiú chun an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a éascú.
|
|
Cúis
|
|
Aithnítear leis an leasú seo gur gá caidreamh cothrom a chosaint idir an t‑ardán agus iad siúd a bhaineann úsáid as ardáin chun a gcuid oibre a dhéanamh, bídís ina n‑oibrithe nó ina bhfhiontraithe/féinfhostaithe. Fágann an leasú freisin go gcuirtear ina ceart an tuiscint mhícheart gur oibrithe iad siúd go léir a bhíonn ag obair ar ardáin óir d’fhéadfaidís a bheith féinfhostaithe nó ina bhfiontraithe freisin.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
97
|
|
In aghaidh:
|
157
|
|
Staonadh:
|
15
|
|
LEASÚ 12
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 4.22
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Braitheann na buntáistí a bhaineann leis an teilea‑obair ar an gcaoi a n‑eagraíonn an fostóir í. Ba cheart úsáid na teilea‑oibre a chuimsiú faoin gcómhargáil d’fhonn deacrachtaí atá sainaitheanta san iliomad suirbhéanna a chosc[1]. Ní leor an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua sin. Molann CESE go ndéanfaí treoirlínte nua a tharraingt suas, agus aird ar leith á tabhairt ar rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh a chosc.
[1] https://www.eurofound.europa.eu/data/covid-19/working-teleworking.
|
Mar a luaitear i gcreat‑chomhaontú 2002, is ar bhonn deonach a théann an t‑oibrí agus an fostóir i mbun na teilea‑oibre. D’fhéadfadh an teilea‑obair a bheith ina ceanglas atá sonraithe i sainchuntas poist an oibrí nó d’fhéadfadh sé gur mar chomhaontú deonach ina dhiaidh sin a rachfaí ina bun. Braitheann na buntáistí a bhaineann leis an teilea‑obair ar an gcaoi a n‑eagraíonn an fostóir agus an fostaí í agus ar an gcaoi a dtagann siad ar chomhaontú fúithi. Is féidir úsáid na teilea‑oibre a chuimsiú faoin gcómhargáil, mar shampla, d’fhonn deacrachtaí atá sainaitheanta san iliomad suirbhéanna a chosc[1]. Tá an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 fós bailí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua sin.
[1] https://www.eurofound.europa.eu/data/covid-19/working-teleworking.
|
|
Cúis
|
|
Is leor fós an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a thabharfaidh an teilea‑obair.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
96
|
|
In aghaidh:
|
157
|
|
Staonadh:
|
20
|
|
LEASÚ 13
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 1.4
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Ní leor an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a thabharfaidh an teilea‑obair. Molann CESE go ndéanfaí treoirlínte nua a tharraingt suas, agus aird ar leith á tabhairt ar rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh a chosc.
|
Tugann an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002, arna chomhlánú le Creat‑Chomhaontú na gComhpháirtithe Sóisialta maidir leis an Digiteáil ó 2020, bunús fónta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a thabharfaidh an teilea‑obair.
|
|
Cúis
|
|
Is leor fós an Creat‑Chomhaontú Eorpach a síníodh in 2002 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a thabharfaidh an teilea‑obair.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
93
|
|
In aghaidh:
|
155
|
|
Staonadh:
|
17
|
|
LEASÚ 14
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 1.10
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí sásra i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tionscnaimh reachtacha, comhaontuithe cómhargála agus pleananna gníomhaíochta Eorpacha sa réimse sin, agus athdhearbhaíonn sé an moladh[1] a thug sé cigire saothair amháin a bheith ann in aghaidh gach 10 000 oibrí.
[1] SOC/698
.
|
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tionscnaimh reachtacha, comhaontuithe cómhargála agus pleananna gníomhaíochta Eorpacha.
|
|
Cúis
|
|
Tá córais ann cheana chun measúnuithe tionchair a dhéanamh. Tá a gcur chuige féin maidir le cur chun feidhme ag na creat‑chomhaontuithe freisin.
Mar a luaigh an Coimisiún, is ábhar é an galar ceirde a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tslándáil shóisialta, ar inniúlacht náisiúnta í. Maidir leis na cigireachtaí saothair, tá an ghné cháilíochtúil i gceist freisin agus ní mór a thuiscint nach sláinte agus sábháilteacht amháin a thuigtear le cigireacht saothair i mbéarlagair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ach go mbíonn cigireachtaí eile saothair i gceist freisin (obair shóisialta, obair neamhdhearbhaithe, riarachán saothair, etc.)
Ó bhris an phaindéim amach agus go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcigireachtaí saothair a rinneadh ar an láthair i roinnt Ballstát mar gheall ar bhearta sláintíochta, tugadh isteach uirlisí digiteacha chun cur i gcrích cigireachtaí fíorúla a éascú (nó ar a laghad na codanna sin den chigireacht is féidir a dhéanamh go fíorúil). Is féidir leis na modhanna oibre nua sin cur le héifeachtúlacht na gcigireachtaí saothair freisin. Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh conas cigireachtaí saothair a eagrú.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
96
|
|
In aghaidh:
|
154
|
|
Staonadh:
|
16
|
|
LEASÚ 15
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 1.12
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac, tá CESE ag iarraidh go mbeadh seasamh níos uaillmhianaí ann ina gcuimseofaí na 50 carcanaigin tosaíochta, substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, táirgí íocshláinte guaiseacha, mar aon leis an strus[1] agus sealobair[2].
[1] https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC7466429/.
[2] https://www.cancer-environnement.fr/597-Vol-124--Cancerogenicite-du-travail-de-nuit-poste.ce.aspx
|
Maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chomhrac, is díol sásaimh do CESE an comhaontú sealadach ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air ag deireadh 2021 maidir le hoibrithe a chosaint níos fearr ar rioscaí a bhaineann leis an nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha agus só-ghineacha tríd an Treoir maidir le Carcanaiginí agus Só‑ghineacha a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Cúis
|
|
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach i mí na Nollag 2021 maidir le hoibrithe a chosaint níos fearr ar rioscaí a bhaineann leis an nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha agus só‑ghineacha. Chun cosaint oibrithe ar ailse a fheabhsú, mhol an Coimisiún in 2020 nochtadh oibrithe do cheimiceáin is cúis le hailse a theorannú tuilleadh. Tá an tionscnamh sin ina chuid de thiomantas an Choimisiúin an ailse a chomhrac faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún go dtarlóidh sé faoin gcomhaontú sin chun an Treoir maidir le Carcanaiginí agus Só‑ghineacha a thabhairt cothrom le dáta go mbainfidh thart ar 1 mhilliún oibrí tairbhe as cosaintí níos láidre trí na teorainneacha nochta ceirde maidir le comhdhúile aicrilinítríle agus nicile a shocrú agus na teorainneacha maidir leis an mbeinséin a ísliú.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
98
|
|
In aghaidh:
|
156
|
|
Staonadh:
|
17
|
|
LEASÚ 16
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 1.13
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht Eorpach maidir le rioscaí síceasóisialta. Le go mbeidh éifeacht le cur chuige coisctheach, is gá beart a dhéanamh maidir leis an timpeallacht oibre agus ní hamháin maidir le sláinte mheabhrach an duine aonair.
|
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun go neartófaí an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta i mbearta múscailte feasachta agus coisctheacha maidir le rioscaí síceasóisialta. Is gá dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta go príomha ar leibhéal an ionaid oibre/an ghnólachta. Níl aon réiteach amháin ann a d’fheilfeadh go maith i ngach gnólacht nó i ngach Ballstát toisc go mbíonn na fadhbanna éagsúil freisin. De réir na tuarascála cur chun feidhme a d’ullmhaigh sínitheoirí an chreat‑chomhaontaithe, ainneoin na ndúshlán agus na mbacainní éagsúla, is léir go gcuireann cur chun feidhme an chreat‑chomhaontaithe Eorpaigh agus na dtuarascálacha féin le breisluach tábhachtach i réimse an struis ag an obair agus maidir leis an bhforbairt ar idirphlé sóisialta. Le go mbeidh éifeacht le cur chuige coisctheach, is gá beart a dhéanamh maidir leis an timpeallacht oibre agus ní hamháin maidir le sláinte mheabhrach an duine aonair. Mar sin féin, is saincheist chasta iad rioscaí síceasóisialta a bhfuil fachtóirí éagsúla ann a imríonn tionchar orthu, amhail dálaí oibre, bainistiú an ualaigh oibre, caidreamh oibre, agus cumais an duine aonair freisin.
|
|
Cúis
|
|
Ní reachtaíocht an leigheas ar gach rud. Ba cheart an cur chuige a athrú anseo le go neartófaí an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta i mbearta múscailte feasachta agus coisctheacha maidir le rioscaí síceasóisialta. Is gá dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta go príomha ar leibhéal an ionaid oibre/an ghnólachta. Níl aon réiteach amháin ann a d’fheilfeadh go maith i ngach gnólacht nó i ngach Ballstát toisc go mbíonn na fadhbanna éagsúil freisin.
Ní dóigh linn go bhfuil gá le reachtaíocht a thabhairt isteach ach aontaímid le cur chuige an Choimisiúin tionscnamh neamhreachtach a ullmhú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an meabhairshláinte ag an obair ina ndéantar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le meabhairshláinte oibrithe.
Tá tuarascáil cur chun feidhme ullmhaithe ag sínitheoirí an chreat‑chomhaontaithe
https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/imported/2008-02495-E.pdf
. De réir na tuarascála sin, ainneoin na ndúshlán agus na mbacainní éagsúla, is léir go gcuireann cur chun feidhme an chreat‑chomhaontaithe Eorpaigh agus na dtuarascálacha féin le breisluach tábhachtach i réimse an struis ag an obair agus maidir le forbairt an idirphlé shóisialta.
Is saincheist chasta iad rioscaí síceasóisialta a bhfuil fachtóirí éagsúla ann a imríonn tionchar orthu, amhail dálaí oibre, bainistiú an ualaigh oibre, caidreamh oibre, agus cumais an duine aonair freisin.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
99
|
|
In aghaidh:
|
152
|
|
Staonadh:
|
18
|
|
|
|
|
LEASÚ 17
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 1.14
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Tá CESE den tuairim gur gá an plé faoin dréacht‑treoir maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh a athmhúscailt le go bhféadfar beartas cuimsitheach fadtéarmach comhtháite coisc a fhorbairt.
|
Tá CESE den tuairim gur gá d’fhonn beartas cuimsitheach fadtéarmach comhtháite coisc a fhorbairt bearta a ghlacadh mar a thugtar le fios sa teachtaireacht ón gCoimisiún EU strategic framework on health and safety at work 2021‑2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021‑2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre].
|
|
Cúis
|
|
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún, áirítear an cuspóir atá aige rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha a chuimsiú i bhfeachtas na n‑ionad oibre sláintiúil.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
95
|
|
In aghaidh:
|
161
|
|
Staonadh:
|
16
|
|
|
|
|
LEASÚ 18
Arna chur síos ag:
ANGELOVA Milena
GAVRILOVS Vitālijs
KONTKANEN Mira-Maria
PILAWSKI Lech
VADÁSZ Borbála
SOC/703
Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair
Pointe 1.16
Le leasú mar seo a leanas:
|
|
|
Tuairim ó rannóg
|
Leasú
|
|
Tá CESE ag iarraidh go n-áireofaí oibrithe ardáin faoi raon feidhme an chreata straitéisigh. Ba cheart cearta eagrúcháin, ionadaíochta agus cómhargála a ráthú agus oibrithe ardáin a chuimsiú faoi na cearta cosanta sóisialta.
|
Tugann CESE dá aire gur ghlac an Coimisiún an 9 Nollaig an togra uaidh le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Ullmhófar tuairim ar leith ó CESE (SOC/709) maidir leis an togra sin.
|
|
Cúis
|
|
An 9 Nollaig, ghlac an Coimisiún an togra uaidh le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Ullmhófar tuairim ar leith ó CESE (SOC/709) maidir leis an togra sin agus níor cheart déileáil leis na saincheisteanna sin sa tuairim seo, dá bhrí sin.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
104
|
|
In aghaidh:
|
152
|
|
Staonadh:
|
16
|
_____________