TUAIRIM
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
Straitéis foraoise nua an Aontais do 2030
|
_____________
|
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
Straitéis foraoise nua an Aontais do 2030
[COM(2021) 572 final]
|
|
NAT/831
|
|
Rapóirtéir: Simo TIAINEN
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 10/08/2021
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
Rannóg atá freagrach
|
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
25/11/2021
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
08/12/2021
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
565
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
227/1/6
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is fíor an méid a deir an Coimisiún Eorpach i straitéis foraoise nua an Aontais do 2030 faoi ról ilghnéitheach na bhforaoisí agus an acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil atá iontu. Tá buntábhacht le beogacht agus sláinte na bhforaoisí, ar chúiseanna comhshaoil agus aeráide araon, agus ó thaobh feabhas a chur ar an bhforbairt eacnamaíoch fhoraoisbhunaithe agus ar leas na ndaoine. Cé go n‑aithníonn an Coiste go dtugtar aghaidh sa straitéis foraoise ar dheiseanna eacnamaíocha agus sóisialta, ba cheart déanamh amhlaidh ar bhealach ní ba chuimsithí. Tugann CESE dá aire freisin nach ann do réiteach maidir leis an gcaoi lenar féidir na seirbhísí éiceachórais neamhthráchtála arna gcur ar fáil ag foraoisí, agus, dá bhrí sin, ag úinéirí na bhforaoisí, a chúiteamh. Déantar cur síos sa straitéis ar roinnt samplaí dearfacha, agus tá réiteach fíor‑áititheach agus inbhuanaithe le haghaidh na todhchaí á éileamh ag an gCoiste.
1.2Ba cheart na réimsí beartais agus na straitéisí éagsúla a bhaineann le foraoisí agus leis an mbithgheilleagar foraoisbhunaithe a thabhairt le chéile leis an straitéis foraoise. Cuireann CESE i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé cinntí a dhéanamh ar an leibhéal cuí, i gcomhréir le hinniúlachtaí agus le prionsabal na coimhdeachta. Ós rud é gur mór idir na foraoisí éagsúla ar fud an Aontais, ní ann do réitigh a oireann do na cásanna uile, agus is fearr aghaidh a thabhairt ar bhainistiú foraoise agus ar phleanáil bainistithe foraoise ar an leibhéal náisiúnta chun spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach. Tá gá le creat ar leibhéal an Aontais, dá réir sin, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an margadh aonair agus le saincheisteanna comhshaoil agus aeráide nach féidir a réiteach trí bhearta náisiúnta amháin agus ar minic gá a bheith le gníomhaíocht idirnáisiúnta ina leith chomh maith.
1.3Tá gá le hardchomhar ar gach leibhéal den phróiseas ceaptha beartais, agus leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh dlúthbhaint ag ionadaithe ón tsochaí shibhialta, lena n‑áirítear gnólachtaí, ceardchumainn agus eagraíochtaí comhshaoil, leis an bhforbairt agus an faireachán a dhéanfar ar an straitéis as seo amach, agus aird á tarraingt aige ar ról lárnach úinéirí na bhforaoisí, na dtionscal agus na n‑oibrithe i mbainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí agus sa bhithgheilleagar foraoisbhunaithe.
1.4Iarrann CESE go mbeadh comhleanúnachas, deimhneacht, cobhsaíocht, soiléireacht agus comhsheasmhacht sa bheartas agus sa chreat rialála. Tá sé ríthábhachtach nach dtabharfaí tionscnaimh isteach a thiocfadh salach ar shainmhínithe, prionsabail, critéir, táscairí, treoirlínte agus scéimeanna inbhuanaitheachta a glacadh go forleathan cheana féin. Ní mór seasamh freisin le prionsabal cosanta na maoine agus prionsabal cosanta na saorfhiontraíochta.
1.5Mar gheall ar réimse leathan saincheisteanna a bhfuil impleachtaí doiléire ag baint leo, tá measúnú tionchair cuimsitheach ar an straitéis á éileamh ag CESE chun na himpleachtaí ar dhálaí an mhargaidh, limistéir thuaithe agus na riachtanais mhaoiniúcháin éagsúla a shainaithint, lena n‑áirítear taighde agus nuálaíocht, scileanna a fhorbairt, bonneagar, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus feabhsú na bithéagsúlachta.
1.6Is díol sásaimh do CESE an aird chuí a thugtar sa straitéis ar oiriúnú don athrú aeráide, ós rud é go n‑athraíonn an téamh domhanda dálaí na gcrann agus na n‑orgánach uile agus go bhfuil baint aige le tubaistí foraoise, agus go dtagann iarmhairtí marfacha as don chomhshaol agus don gheilleagar araon. Cuireann CESE i bhfios freisin an gá atá le dearcadh iomlánaíoch ar ról na bhforaoisí agus an bhithgheilleagair foraoisbhunaithe ó thaobh an t‑athrú aeráide a mhaolú, d’fhonn an meascán is fearr de cheapadh, stóráil agus ionadú a áirithiú chun geilleagar a bhaint amach nach mbeadh breoslaí iontaise á n‑úsáid ann. Thairis sin, tá aird á tarraingt ag an gCoiste – mar a dhéantar i straitéis foraoise an Choimisiúin Eorpaigh – ar a thábhachtaí atá sé cur chuige comhtháite a bheith ann maidir le foraoisí a bhainistiú agus an bhithéagsúlacht a chosaint.
1.7Molann CESE taighde a dhéanamh ar na naisc idir an t‑athrú aeráide, éiceachórais foraoise agus bainistiú foraoisí agus iarrann sé go ndéanfaí sonraí iontaofa faoi staid na bhforaoisí a bhailiú agus a chomhroinnt ar bhonn córasach. Leagann CESE béim freisin ar a thábhachtaí atá an nuálaíocht ó thaobh tháirgeadh na bithmhaise inbhuanaithe atá athléimneach ó thaobh na haeráide, ó thaobh na dtáirgí nua foraoisbhunaithe, agus ó thaobh chleachtais an gheilleagair chiorclaigh, agus úsáid iomlán á baint as teicneolaíochtaí digiteacha.
1.8Tá scileanna nua ag teastáil chun aistriú digiteach agus glas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí foraoisbhunaithe, ar scileanna iad is gá a chur san áireamh sa ghairmoiliúint go háirithe, agus in eagrú an uas‑scilithe agus na hathoiliúna. Cuireann CESE i bhfios a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta a chruthú agus deiseanna agus dálaí oibre sásúla a chur ar fáil d’oibrithe sa bhithgheilleagar adhmadbhunaithe. Leagann sé béim ar ról an idirphlé shóisialta ó thaobh scileanna agus sláinte agus sábháilteacht a fhorbairt ag an obair. Tá comhar ag teastáil freisin chun feasacht an phobail ar ghníomhaíochtaí foraoisbhunaithe nua‑aimseartha a fheabhsú, i measc daoine óga go háirithe.
1.9Tá gá le timpeallacht fhabhrach d’infheistíocht tháirgiúil ar fud na slabhraí luacha, chun acmhainneacht nuálaíochta agus fostaíochta an bhithgheilleagair foraoisbhunaithe a bhaint amach. Leagann CESE béim freisin ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, chun lóistíocht a éascú agus chun digitiú na ngníomhaíochtaí foraoisbhunaithe a chumasú.
1.10Chun cur leis an bhforbairt dhomhanda, iarrann CESE ar an Aontas an chothroime iomaíochta a chur chun cinn go gníomhach ar son na bhfhiontar de chuid an Aontais a théann in iomaíocht ar mhargaí idirnáisiúnta an bhithgheilleagair agus feabhas a chur ar chur chun feidhme domhanda na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a chuireann le cosaint agus le húsáid inbhuanaithe na bhforaoisí.
2.Barúlacha ginearálta: creat beartais
2.1Is éard a dhéantar le straitéis foraoise nua an Aontais do 2030 ná straitéis foraoise 2013 a thabhairt cothrom le dáta chun an méid a thit amach le déanaí a chur san áireamh agus beart a dhéanamh de réir chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhonn Aontas Eorpach a bhaint amach arbh Aontas é a bheadh nua‑aimseartha, neodrach ó thaobh carbóin de, tíosach ar acmhainní, iomaíoch agus cothrom ó thaobh na sochaí de. Chuir CESE a dhearcadh in iúl cheana féin maidir leis an tuarascáil ar dhul chun cinn a bhain leis an straitéis a bhí ann roimhe seo.
2.2Tá ról tábhachtach ag na foraoisí i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais, mar go bhfuil siad nasctha go dlúth le gnéithe bunúsacha éagsúla den Chomhaontú Glas, i.e. tionscail, fuinneamh, iompar, tógáil agus córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic leis an athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus truailliú an chomhshaoil.
2.3Is saincheist mhór dhomhanda iad foraoisí freisin agus tá baint acu le cuid mhór de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis an mbeathra ar talamh, gníomhú ar son na haeráide, laghdú na bochtaineachta, sláinte agus folláine, tionsclaíocht agus nuálaíocht, obair chuibhiúil, agus fás eacnamaíoch.
2.4I bhfianaise ról ilghnéitheach agus acmhainneacht ilghnéitheach na bhforaoisí i dtéarmaí buntáistí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, creideann an Coiste go bhfuil sé tábhachtach feidhmeanna uile na bhforaoisí a fhorbairt ionas go nginfear an tairbhe iomlán is fearr is féidir.
2.5Tá buntábhacht le beogacht agus sláinte na bhforaoisí a chothú, ar chúiseanna comhshaoil agus aeráide araon, agus ó thaobh feabhas a chur ar an bhforbairt eacnamaíoch fhoraoisbhunaithe agus ar leas na ndaoine. Cé go n‑aithníonn an Coiste go dtugtar aghaidh sa straitéis foraoise ar dheiseanna eacnamaíocha agus sóisialta, ba cheart déanamh amhlaidh ar bhealach ní ba chuimsithí. Tugann CESE dá aire freisin nach ann do réiteach maidir leis an gcaoi lenar féidir na seirbhísí éiceachórais neamhthráchtála arna gcur ar fáil ag foraoisí agus, dá bhrí sin, ag úinéirí na bhforaoisí a chúiteamh. Déantar cur síos sa straitéis ar roinnt samplaí dearfacha, agus tá réiteach fíor‑áititheach agus inbhuanaithe le haghaidh na todhchaí á éileamh ag an gCoiste.
2.6Creideann CESE gur cheart go dtabharfaí le chéile sa straitéis foraoise na réimsí beartais agus na straitéisí éagsúla a bhaineann le foraoisí agus leis an mbithgheilleagar foraoisbhunaithe. Chuige sin, beidh comhar trasearnála ag teastáil, lena gcumhdófar beartais taighde, nuálaíochta, thionsclaíocha, fostaíochta agus fhioscacha, chomh maith le beartais aeráide agus chomhshaoil agus an ghné forbartha tuaithe den bheartas talmhaíochta.
2.7Cuireann CESE i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé cinntí a dhéanamh ar an leibhéal cuí, i gcomhréir le hinniúlachtaí agus le prionsabal na coimhdeachta. Tá gá le bearta daingne ar leibhéal an Aontais, de ghnáth, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an margadh aonair. Tá gá freisin le creat ar leibhéal an Aontais maidir le saincheisteanna comhshaoil agus aeráide nach féidir a réiteach trí bhearta náisiúnta amháin – agus ar minic gá a bheith le gníomhaíocht idirnáisiúnta ina leith chomh maith.
2.8I gcodarsnacht leis sin, is ar an leibhéal náisiúnta is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar bhainistiú foraoise agus ar phleanáil bainistithe foraoise chun spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach. Tá CESE den bharúil, dá bhrí sin, go bhfuil rannpháirtíocht agus tacaíocht na mBallstát ríthábhachtach ó thaobh an straitéis a chur chun feidhme. Tá ról ríthábhachtach sa mhéid sin ag na pleananna straitéiseacha náisiúnta le haghaidh foraoisí, lena n‑áirítear trí ghnéithe aeráide agus bithéagsúlachta a ionchorprú sna pleananna agus trí bhealaí a shainaithint le cúiteamh eacnamaíoch a thabhairt d’úinéirí na bhforaoisí as na seirbhísí éiceachórais foraoise neamhthráchtála. Ní ann do réitigh a oireann do gach uile chás, ós rud é gur mór idir gnéithe éagsúla na bhforaoisí ar fud an Aontais. Tá éagsúlachtaí ann freisin ó thaobh thábhacht na bhforaoisí sna geilleagair náisiúnta ó Bhallstát go Ballstát, agus ó thaobh úinéireacht na bhforaoisí freisin, idir úinéirí san earnáil phoiblí, chuideachtaí príobháideacha móra, infheisteoirí móra agus teaghlaigh bheaga.
2.9Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach dea‑chleachtas a roinnt idir na Ballstáit agus comhar a fhorbairt idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus gur cheart déanamh amhlaidh ar bhonn cleachtais oibre athbhreithnithe in áit comhlachtaí foirmiúla nua a chur ar bun. Leagann CESE béim freisin ar a thábhachtaí atá sé dlúthbhaint a bheith ag ionadaithe ón tsochaí shibhialta, lena n‑áirítear gnólachtaí, ceardchumainn agus eagraíochtaí comhshaoil, leis an bhforbairt agus an faireachán a dhéanfar ar an straitéis as seo amach, agus tá aird á tarraingt aige ar ról lárnach úinéirí na bhforaoisí, na dtionscal agus na n‑oibrithe i mbainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí agus sa bhithgheilleagar foraoisbhunaithe. Tá gá le hinfheistíocht i bhfothú acmhainneachta na ngeallsealbhóirí agus na n‑údarás inniúil chun an straitéis a chur chun feidhme.
2.10I bhfianaise ról lárnach úinéirí príobháideacha na bhforaoisí agus na bhfiontar, ní mór cosaint na maoine agus na saorfhiontraíochta a chur san áireamh ina hiomláine. Níl sé indéanta, ar an iomlán, smacht a choinneáil ar na réimsí táirge, rogha na n‑amhábhar, nó na cleachtais oibríochtúla; is féidir, mar sin féin, coinníollacha creata eolaíochtbhunaithe atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a leagan síos, dá réir ar féidir gníomhaithe an bhithgheilleagair dul i mbun nuálaíochta, infheistíocht a dhéanamh agus feidhmiú. Tá feidhm aige sin, mar shampla, maidir le cur chun feidhme phrionsabal na cascáide, ar gá dó a bhunú ar an margadh.
2.11Éilíonn CESE comhleanúnachas, cinnteacht, cobhsaíocht, soiléireacht agus comhsheasmhacht sa chreat beartais agus rialála, i bhfianaise na dtimthriallta fada infheistíochta a bhaineann lena lán gníomhaíochtaí bithgheilleagair. Tá sé ríthábhachtach nach dtabharfaí tionscnaimh isteach a thiocfadh salach ar shainmhínithe, prionsabail, critéir, táscairí, treoirlínte agus scéimeanna maidir leis an inbhuanaitheacht a bhfuil glacadh forleathan leo cheana féin. Thairis sin, ní mór an rómhaorlathas a sheachaint i gcás aon tionscnamh a thabharfaí isteach, amhail sonraí a bhailiú agus a thuairisciú an iomarca.
2.12Tá CESE den bharúil go bhfuil sé ríthábhachtach go cuirfí san áireamh agus go gcomhlíonfaí ina n‑iomláine in aon obair amach anseo na prionsabail thuasluaite maidir le leibhéal na cinnteoireachta, úinéireacht, cobhsaíocht, comhleanúnachas agus forluí a sheachaint. Baineann sé sin go háirithe leis na tionscnaimh maidir leis an gcóras faireacháin, táscairí agus tairseacha le haghaidh bainistiú inbhuanaithe foraoisí, scéim deimhniúcháin atá níos gaire don nádúr agus critéir maidir le foraoisí le haghaidh maoiniú inbhuanaithe.
2.13Níl impleachtaí na straitéise soiléir, ar an iomlán, agus d’fhéadfadh sé go lagófaí slabhraí luacha foraoisbhunaithe le cuid de na tionscnaimh atá inti agus go gcuirfí poist i mbaol, i gceantair thuaithe go háirithe, trí theorainn a chur le lománaíocht inbhuanaithe adhmaid. Tathantaíonn CESE, dá bhrí sin, measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh ar an straitéis chun a himpleachtaí carnacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a mheas. Tá gá leis sin freisin chun na riachtanais mhaoiniúcháin éagsúla a shainaithint, lena n‑áirítear taighde agus nuálaíocht, forbairt scileanna, bonneagar, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú.
3.Barúlacha sonracha: ról na bhforaoisí ó thaobh an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta de
3.1Tá ról suntasach ag na foraoisí i bpróisis an nádúir ó thaobh timthriallta an charbóin, an uisce agus na gcothaitheach a rialú, ithreach a fhoirmiú, agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú. Os a choinne sin, tá na foraoisí féin thar a bheith leochaileach ó thaobh iarmhairtí an athraithe aeráide de.
3.2Tá méadú tagtha san Aontas ar achar iomlán na limistéar foraoise agus ar limistéar na bhforaoisí atá faoi chosaint le blianta fada anuas: is mó breisíocht an adhmaid ná ráta leagtha na gcrann, agus is linn charbóin ollmhór na coillte. Os a choinne sin, tá an dífhoraoisiú ar siúl i gcónaí ar an leibhéal domhanda – i limistéir thrópaiceacha go háirithe – rud a iompaíonn na foraoisí ina bhfoinse astaíochtaí agus a chuireann go suntasach le cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta. Leagann CESE béim, mar sin, ar an ngá atá le ról na bhforaoisí a mheas ar scála domhanda agus iarrann sé ar an Aontas cur chun feidhme domhanda comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun cinn go gníomhach, ar comhaontuithe iad lena gcuirtear le cosaint agus le húsáid inbhuanaithe na bhforaoisí.
3.3Tá ról ilghnéitheach ag na foraoisí agus ag an mbithgheilleagar foraoisbhunaithe ó thaobh an t‑athrú aeráide a mhaolú trí mheán ceapadh agus stóráil charbóin agus amhábhair, fuinneamh agus táirgí iontaise a ionadú. Fágann sé sin gur ann do shineirgí agus údair chomhréitigh idir bearta éagsúla. Tá aird á tarraingt ag CESE, dá bhrí sin, ar an ngá atá leis na sásraí sin go léir a chur san áireamh ar bhealach iomlánaíoch agus na réitigh is inbhuanaithe á lorg chun geilleagar a bhaint amach nach mbeadh breoslaí iontaise á n‑úsáid ann.
3.4Ní hé achar iomlán an limistéir foraoise atá tábhachtach ach, thar aon rud eile, fás na bhforaoisí agus an tréanfhótaisintéis. Le cois an fhoraoisithe agus an athfhoraoisithe, tá bainistiú, úsáid agus athnuachan gníomhach na bhforaoisí ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun leas a bhaint as acmhainneacht na bhforaoisí mar linn charbóin.
3.5Is iomaí ról atá ag na foraoisí ó thaobh carbóin a stóráil freisin, ós rud é go stóráiltear carbón, ní hamháin i gcrainn agus in ithir, ach i dtáirgí adhmadbhunaithe chomh maith. Is éifeachtaí na táirgí adhmaid fadmharthanacha óna thaobh sin de, cuir i gcás foirgnimh agus troscán ardcháilíochta. Coinníonn táirgí foraoisbhunaithe lena mbaineann saolré níos giorra a gcion carbóin freisin, a fhad agus a athchúrsáiltear iad. Thairis sin, nuair a úsáidtear bunábhair fhoraoisbhunaithe in‑athnuaite in ionad bunábhair iontaise, seachnaítear scaoileadh carbóin ó stóras iontaise.
3.6Iarrann CESE freisin go dtabharfaí aghaidh chuimsitheach ar leochaileacht na bhforaoisí ó thaobh an athraithe aeráide de agus ar an ngá atá le hoiriúnú, agus dálaí na gcrann agus na n‑orgánach uile á gclaochlú ag an téamh agus tubaistí foraoise ag titim amach ina theannta sin de dheasca triomach, dóiteán, stroirmeacha agus lotnaidí a bheith ag dul i méid. Os a choinne sin, cuidíonn foraoisí leis an oiriúnú don athrú aeráide ach cosaint a thabhairt ar chreimeadh, sciorradh talún agus tuilte.
3.7Tá foraoisí, lena n‑áirítear foraoisí bainistithe, ríthábhachtach le haghaidh na bithéagsúlachta freisin, ós rud é gur iontu atá gnáthóga an chuid is mó den bhithéagsúlacht talún. Is féidir an bhithéagsúlacht a chothú ar bhealaí éagsúla: speicis atá i mbaol a chosaint, limistéir faoi chosaint a chruthú nach gceadófaí ach líon teoranta gníomhaíochtaí daonna iontu nó nach gceadófaí gníomhaíochtaí daonna ar bith iontu, cleachtais bainistithe foraoise a chur chun feidhme lenarbh fhéidir an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus leas socheacnamaíoch á bhaint as na foraoisí ag an am céanna.
3.8Ós rud é gur foraoisí bainistithe an chuid is mó de na foraoisí arb ann dóibh, tarraingíonn CESE aird ar a thábhachtaí atá cur chuige comhtháite maidir le bainistiú foraoisí agus cosaint na bithéagsúlachta, ceann lena bhféadfaí iliomad feidhmeanna na bhforaoisí a thabhairt le chéile. Aithníonn an Coiste na bearta cosanta bithéagsúlachta agus ceaptha carbóin arna ndéanamh ag úinéirí na bhforaoisí a bhunaítear ar an margadh nó a dhéantar ar bhonn deonach agus tá sé i bhfabhar scéimeanna creidmheasa a lorg agus a fhorbairt chun críocha na mbeart sin.
3.9Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go Ballstát ó thaobh an chumais carbón a cheapadh agus leibhéal bithéagsúlachta na bhforaoisí. Baineann cuid de na difríochtaí le dálaí nádúrtha éagsúla agus cuid eile acu leis an gcaoi ar bainistíodh na foraoisí agus ar baineadh leas astu i gcaitheamh na mblianta. Tá éagsúlacht ann freisin, ar fud an Aontais, maidir leis an ngá atá le foraoisí a chosaint agus a athbhunú, agus ní mór é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na foraoisí atá le hathbhunú nó le cosaint.
3.10Molann CESE taighde a choinneáil ar bun ar phróisis fhisiceacha, cheimiceacha agus bhitheolaíocha na bhforaoisí agus ar na naisc idir an t‑athrú aeráide, éiceachórais na bhforaoisí agus gníomhaíochtaí an duine, chun a áirithiú go mbunófaí cleachtais bainistithe foraoise ar eolaíocht fhónta. Tá sé tábhachtach freisin faireachán córasach a dhéanamh ar shonraí faoi staid na bhforaoisí agus na sonraí sin a chomhroinnt ar bhonn córasach, agus úsáid iomlán á baint as uirlisí agus córais dhigiteacha, agus cosaint agus iontaofacht leordhóthanach na sonraí á n‑áirithiú ag an am céanna.
3.11Tá CESE i bhfabhar an tionscnaimh 3 bhilliún crann a chur mar thionscadal taispeána praiticiúil, lena n‑áirítear láithreacha agus speicis a phleanáil i gceart, acmhainní daonna agus airgeadais a leithdháileadh, plandáil, bainistiú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus ar thorthaí. Ó thaobh úsáid talún de, níor cheart an foraoisiú sin a bheith in iomaíocht leis an tairgeadh bia ná leis an ngá atá leis an tírdhreach a choinneáil ar oscailt in áiteanna ar leith.
4.Barúlacha sonracha: ról na bhforaoisí ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de
4.1Freastalaíonn foraoisí ar réimse leathan riachtanais laethúla. Is foinse amhábhar iad le haghaidh táirgí tionsclaíocha agus tomhaltais, is spás iad le haghaidh caitheamh aimsire, agus faightear bia folláin iontu is féidir a úsáid sa teach gan mhoill. Tá ról ríthábhachtach, dá bhrí sin, ag na foraoisí sa bhithgheilleagar adhmadbhunaithe agus sa bhithgheilleagar nach bhfuil adhmadbhunaithe, agus cuidíonn siad freisin leis an tsláinte agus leis an bhfolláine mheabhrach.
4.2Tá an bithgheilleagar foraoisbhunaithe bunaithe ar shlabhraí luacha éagsúla, lena gcuimsítear úinéirí foraoisí agus an‑chuid cineálacha tionscail agus seirbhíse, ó fhiontraithe meaisíní agus iompair foraoise go cuideachtaí próiseála adhmaid, agus ó mhicrifhiontair áitiúla, comharchumainn agus fiontair bheaga agus mheánmhéide go cuideachtaí móra idirnáisiúnta. Fágann sé sin go gcuireann an bithgheilleagar foraoisbhunaithe poist ar fáil ina lán réimsí agus in áiteanna éagsúla, a bhfuil an‑tábhacht ag baint leo do cheantair thuaithe.
4.3Úsáidtear an chuid is mó den lomán cruinne san Aontas mar amhábhar tionsclaíoch (lomáin agus laíon adhmaid), ach tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit ó thaobh adhmad a úsáid mar bhreosla. Cé is moite den pháipéar priontála, táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar tháirgí adhmadbhunaithe traidisiúnta agus nua araon. Molann CESE a áirithiú nach gcuirfeadh noirm agus caighdeáin isteach ar úsáid ná tógáil táirgí adhmadbhunaithe, ach go spreagfaí iad leo agus, ag an am céanna, a áirithiú go mbainfí leas as lipéadú iomchuí chun tomhaltóirí a chur ar an eolas mar ba cheart maidir le hábhair nach ábhair adhmaid iad a d’fhéadfadh a bheith sna táirgí sin.
4.4Tugann dea‑chleachtais reatha le tuiscint go mbaintear leas as cineálacha éagsúla crainn agus codanna éagsúla den chrann chun na críche agus le haghaidh na dtáirgí is fearr a oireann dóibh agus, ar an gcaoi sin, go ngintear an breisluach is mó leo gan acmhainní nádúrtha a chur amú. Déantar cuid mhaith den fhuinneamh foraoisbhunaithe a tháirgeadh ó thorthaí tanúcháin, iarmhair lománaíochta nó foshruthanna adhmadóireachta. Sampla maith de stáisiúin ina ngintear leictreachas agus teas mar fhotháirge is ea an muileann laín. Thairis sin, úsáidtear foshruthanna agus iarmhair mar amhábhair sna próisis thionsclaíocha atá ann cheana agus, ar bhonn níos minice agus níos minice, le haghaidh biththáirgí nua.
4.5Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé teicneolaíochtaí agus réitigh a fhorbairt go tréan maidir le táirgeadh bithmhaise inbhuanaithe atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, éifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair, agus cleachtais an gheilleagair chiorclaigh ar fud slabhraí luacha foraoisbhunaithe. Tá acmhainneacht shuntasach sna teicneolaíochtaí digiteacha, lena n‑áirítear an intleacht shaorga, chun tacú le forbairt agus barrfheabhsú an bhainistithe foraoise, na bpróiseas tionsclaíoch, na lóistíochta agus na hidirghníomhaíochtaí idir comhpháirtithe an tslabhra soláthair.
4.6A bhuí leis na nuálaíochtaí is mó tionchar, gintear ábhair agus táirgí nua, lena n‑áirítear bithcheimiceáin, bithbhreoslaí agus snáithíní teicstíle ardfhorbartha, ar táirgí ísealtoirte cuid acu a bhfuil breisluach ard ag baint leo. Ós rud é gur minic a dhéantar táirgí nua a fhorbairt i gcomhthéacs an táirgthe reatha, eascraíonn éiceachórais nua ghnó as aonaid táirgthe thraidisiúnta a bhaineann le réimse leathan fiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe.
4.7Is réamhriachtanas amháin de chuid an aistrithe dhigitigh agus ghlais maidir le gníomhaíochtaí foraoisbhunaithe scileanna a fhorbairt. Is modh riachtanach é freisin chun a áirithiú nach bhfágfaí aon dream ar leataobh. Ní mór an t‑éileamh nua ar scileanna a chur san áireamh sa ghairmoiliúint agus sa staidéar ollscoile, agus ó thaobh uas‑sciliú agus athsciliú a eagrú. Ina theannta sin, tá gá le seirbhísí praiticiúla comhairleacha chun cabhrú le gnólachtaí, fiontair bheaga go háirithe, na ceanglais nua a chomhlíonadh.
4.8Leagann CESE béim ar ról an idirphlé shóisialta ó thaobh scileanna agus sláinte agus sábháilteacht a fhorbairt ag an obair. Ach cistí CSE+ a leithdháileadh chun poist ardcháilíochta agus dálaí oibre leordhóthanacha a fheabhsú sa bhithgheilleagar adhmadbhunaithe, d’fhéadfadh sé go gcabhrófaí leis an mbochtaineacht a chomhrac agus leis an imirce ó cheantair thuaithe a laghdú. Cuidíonn laghdú na bochtaineachta freisin le leagan neamhdhleathach na gcrann a laghdú, an leagan a dhéantar chun críoch téimh go háirithe.
4.9Ós rud é gur ag na fir atá formhór na bpost a bhaineann le foraoisí agus ós rud é go bhfuil meánaois na ndaoine sna poist sin sách ard, tá sé tábhachtach níos mó oibrithe agus fiontraithe ar mná iad, agus daoine óga freisin, a mhealladh chun na hearnála. Chuige sin, beidh gá le comhar chun cáil na foraoiseachta agus na dtionscal foraoisbhunaithe a fhorbairt, agus chun feasacht an phobail a mhéadú maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an mbithgheilleagar nua‑aimseartha. Tá gá le cumarsáid mhaith leis an tsochaí freisin maidir leis na bealaí agus réamhriachtanais a bhaineann le beogacht agus teacht aniar na bhforaoisí a fheabhsú.
4.10Chun acmhainneacht nuálaíochta agus fostaíochta an bhithgheilleagair foraoisbhunaithe a bhaint amach, tá gá le timpeallacht fhabhrach ó thaobh infheistíocht tháirgiúil de ar fud na slabhraí luacha. Leagann CESE béim freisin ar an ngá atá le bonneagar cuí, lena n‑áirítear i gceantair thuaithe. Teastaíonn ón mbithgheilleagar bonneagar iompair lena gcomhlíontar riachtanais lóistíochtúla na foraoiseachta agus táirgthe agus dáilte na mbiththáirgí foraoisbhunaithe. Is réamhriachtanas eile de chuid an bhithgheilleagair nua‑aimseartha é bonneagar ceart digiteach.
4.11Molann CESE do na Ballstáit cistí an Aontais agus maoiniúchán náisiúnta a úsáid, lena n‑áirítear cistí forbartha tuaithe, chun an bithgheilleagar foraoisbhunaithe a fheabhsú. Ní mór scéimeanna tacaíochta a chuireann bac nó a chruthaíonn saobhadh ar mhargaí an bhithgheilleagair a sheachaint, agus aird ar leith a thabhairt ar fhóirdheontais atá ann cheana agus ar dhreasachtaí eile maidir le hadhmad a dhó.
4.12Tá timpeallacht trádála iomaíoch ag teastáil ó fhiontair an Aontais freisin, ceann a chuireann ar a gcumas táirgí agus réitigh inbhuanaithe a bhaineann le foraoisí a onnmhairiú go tíortha eile agus dul in iomaíocht go rathúil leis na hallmhairí ón taobh amuigh den Aontas. Iarrann CESE ar an Aontas na rialacha céanna a chur chun cinn sna margaí idirnáisiúnta bithgheilleagair agus leas a bhaint as comhpháirtíochtaí uile‑Eorpacha agus idirnáisiúnta agus as comhaontuithe trádála eachtraí chun uaillmhian aeráide an Aontais agus inbhuanaitheacht úsáid na bhforaoisí lasmuigh den Aontas a chur chun cinn.
An Bhruiséil, 8 Nollaig 2021
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________