INT/956
Comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creidmheasanna tomhaltóirí
[COM(2021) 347 final – 2021/0171 (COD)]
Rapóirtéir: Bogdan PREDA
|
Teagmháil
|
int@eesc.europa.eu
|
|
Riarthóir
|
Marie-Laurence DRILLON
|
|
Dáta an doiciméid
|
08/10/2021
|
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 08/07/2021
An Chomhairle, 14/07/2021
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
30/09/2021
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
.../.../...
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1.Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an nuashonrú seo ar an reachtaíocht maidir le creidmheas tomhaltóirí, ach tugann sé le fios go bhfuil réimsí ann fós inar cheart don Treoir maidir le creidmheasanna tomhaltóirí (dá ngairtear ‘an Treoir’ anseo feasta) a bheith níos uaillmhianaí nó nach n-áirithítear an chothromaíocht chuí idir a cuspóirí agus na réitigh atá beartaithe. Ina theannta sin, measann CESE gur cheart, leis na réitigh dá bhforáiltear sa Treoir, díriú níos mó ar thionchar na digiteála, ar an méadú ar úsáid gléasanna digiteacha agus ar iasachtaí glasa tomhaltóirí a sholáthar chun cabhrú le tomhaltóirí earraí a cheannach ar bhealach níos inbhuanaithe.
1.2.Is mór ag CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach feachtais oideachais airgeadais/feachtais litearthachta digití a spreagadh, ós rud é gur cinnte go rachaidh na hiarrachtaí sin chun tairbhe do thomhaltóirí agus d’iasachtóirí.
1.3.Tugann CESE dá aire, ón bhfianaise a bhaineann le bunús an rófhéichiúnais, gur léir go rachaidh uasteorainneacha ar na costais a bhaineann le hiasachtaí chun tairbhe ar dhóigh nithiúil do thomhaltóirí, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha. Mar sin féin, ní mór aon togra lena ndéanfar uasteorainneacha a fhorchur ar chostais chreidmheasa do thomhaltóirí a mhionsonrú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh sa Treoir maidir le Creidmheas Tomhaltóirí (an Treoir) laistigh de mhodheolaíocht shoiléir, d’fhonn cothrom na Féinne a áirithiú d’iasachtóirí ó thíortha éagsúla.
1.4.Measann CESE go mbeadh sé tairbheach tuilleadh mionsonraí a thabhairt faoin oibleagáid atá ar gach iasachtóir measúnú críochnúil a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa na dtomhaltóirí. I ndáil leis an méid sin, tacaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin maidir leis an gcineál sonraí atá le húsáid sa mheasúnú ar acmhainneacht chreidmheasa, lena n-áirítear an eisceacht maidir le sonraí pearsanta íogaire amhail sonraí sláinte, mar go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige cothrom a áirithiú laistigh den phróiseas. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach a chur i bhfáth sa Treoir nach féidir aisíocaíocht na hiasachta a ráthú fiú agus measúnú críochnúil a bheith déanta ar acmhainneacht chreidmheasa.
1.5.Measann CESE gur cheart an téacs sa Treoir a athbhreithniú chun cóir chomhionann a áirithiú do na hiasachtóirí ar fad, ón bpróiseas údaraithe/ceadúnúcháin go dtí na rialacháin/oibleagáidí oibríochta, chun cothrom na Féinne a áirithiú do gach iomaitheoir.
1.6.Measann CESE gur cheart don Choimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar na hoibleagáidí a bhaineann le faisnéis réamhchonarthach ionas go mbeidh cothromaíocht chuí ann idir an gá atá leis an bhfaisnéis do thomhaltóirí agus ábharthacht na faisnéise sin agus an bealach is éifeachtúla agus is solúbtha chun í a chur i láthair, agus digiteáil an phróisis ina iomláine á bhreithniú san am céanna.
1.7.Molann CESE don Choimisiún téacs na Treorach a shoiléiriú maidir le haisíocaíocht luath.
2.Réamhrá
2.1Baineann an tuairim seo leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir maidir le creidmheasanna tomhaltóirí lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí.
2.2Mar a leagtar amach sa Mheabhrán Míniúcháin, tá údar maith leis an Treoir nua toisc go bhfuil méadú tagtha, ó 2008 i leith, ar an digiteáil agus go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar na nósanna iasachtaithe (e.g. bealaí nua chun faisnéis a nochtadh go digiteach, chun acmhainneacht chreidmheasa a mheasúnú trí úsáid a bhaint as córais chinnteoireachta uathoibrithe agus sonraí neamhthraidisiúnta) agus ar phróifíl na n-iasachtóirí. I gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, is gá uirlisí reachtacha a chur ar fáil freisin chun an t-ualach airgeadais ar shaoránaigh agus ar theaghlaigh atá níos leochailí ó thaobh airgeadais de a laghdú.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún an creat dlíthiúil maidir le creidmheasanna tomhaltóirí a thabhairt cothrom le dáta, toisc go bhfuil forbairt tagtha ar an margadh ó 2008 i leith agus nach gcumhdaíonn na forálacha atá ann faoi láthair gach cineál gníomhaí/táirge mar is cuí, rud a chiallaíonn go bhfuil réimsí ann nach bhfuil cosaint cheart ann do thomhaltóirí nó inar féidir na rialacha atá ann cheana a fheabhsú.
3.2Maidir leis an dá phríomhchuspóir a bhaineann le dréachtú na Treorach, eadhon (i) an dochar a dhéantar do thomhaltóirí a ghlacann iasachtaí i margadh atá ag athrú a laghdú agus (ii) soláthar trasteorann creidmheasa do thomhaltóirí agus iomaíochas an mhargaidh inmheánaigh a éascú, measann CESE go bhfuil dlúthnasc eatarthu agus go bhfuil siad bunriachtanach chun leibhéal cuí cumhdaigh agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach nua a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart cothromaíocht agus comhréireacht a bhaint amach idir an dá chuspóir sin leis na réitigh dá bhforáiltear sa Treoir. I ndáil leis sin, réiteach amháin a tugadh isteach leis an Treoir nach mbaineann an chothromaíocht sin amach is ea an réiteach lena gceanglaítear ar na Ballstáit uasteorainneacha éigeantacha a thabhairt isteach ar na costais a bhaineann le hiasachtaí, toisc go bhféadfadh an togra tionchar diúltach a bheith aige ar thomhaltóirí agus athrú a dhéanamh ar an iomaíocht chóir idir soláthraithe seirbhíse ó stáit éagsúla mar gur dréachtaíodh é ar bhealach fíorghinearálta gan treoirlínte soiléire do na Ballstáit.
3.3Má dhéantar cur i bhfeidhm na Treorach a leathnú agus sainmhínithe roinnt téarmaí a shoiléiriú, is cinnte go rachaidh na nithe sin chun tairbhe do thomhaltóirí agus d’iasachtóirí araon chomh maith le tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí lena mbaineann. Thairis sin, maidir leis an togra lena mbunaítear oibleagáid ar na Ballstáit seirbhísí comhairle neamhspleách maidir le fiachas a chur ar fáil do thomhaltóirí a bhfuil rófhéichiúnas acu nó tomhaltóirí leochaileacha eile, measann CESE gur cheart don togra sin cabhrú le tomhaltóirí i gcásanna deacra. Thairis sin, molann CESE iasachtóirí a spreagadh leis an Treoir chun beartais a ghlacadh lena n-éascófar luathbhrath deacrachtaí airgeadais agus lena n‑áireofar freisin forálacha maidir le bearta staonta. Chuirfeadh an dá ghníomhaíocht sin cosc ar chásanna rófhéichiúnais agus spreagfaidís creidiúnaithe chun réitigh a fháil d’iasachtaithe anásta.
3.4Is mór ag CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun tionscnaimh oideachais airgeadais/tionscnaimh maidir le litearthacht dhigiteach a spreagadh chun a áirithiú go dtuigeann tomhaltóirí i gceart na táirgí iasachtaithe agus na rioscaí a ghlacann siad agus iasacht á fáil acu, toisc gurb é sin an modh is éifeachtúla chun a bhfóntacht airgeadais a chothabháil. I ndáil leis sin, measann CESE gur cheart téacs na Treorach maidir le cumarsáid idir iasachtóirí agus tomhaltóirí, ag gach céim den chaidreamh, a choigeartú chun freastal ar an aistriú digiteach agus ar an méadú ar úsáid gléasanna digiteacha.
3.5Is mór ag CESE freisin na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun rialacháin shoiléire a chur ar fáil maidir le seirbhísí comhairleacha airgeadais i ndáil le comhaontuithe iasachta, ach ba dhíol sásaimh dó peirspictíocht dhlíthiúil shoiléir maidir leis an gcaoi ar féidir seirbhísí den chineál sin a thairiscint.
3.6Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh chun tuilleadh mionsonraí a thabhairt faoin oibleagáid atá ar gach iasachtóir measúnú críochnúil a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa na dtomhaltóirí, d’fhonn a fhíorú an bhfuil sé d’acmhainn acu na hiasachtaí atá i gceist a fháil agus an bhfuil a riachtanais airgeadais á gcosaint, agus san am céanna cleachtais neamhfhreagracha iasachtaithe agus an rófhéichiúnas a chosc. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún cuimhneamh air nach féidir agus nár cheart leis na rialacha nua an fhreagracht as feidhmíocht iarbhír íocaíochta na dtomhaltóirí a aistriú go dtí na hiasachtóirí, mar nach mór do thomhaltóirí a ndícheall a dhéanamh a gcuid oibleagáidí maidir le haisíoc fiachais a chomhlíonadh agus a gcaiteachas pearsanta a bhainistiú go cúramach. Iarrann CESE ar an gCoimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar théacs na Treorach ionas go mbeidh sé soiléir nach ionann measúnú críochnúil ar acmhainneacht chreidmheasa agus ráthaíocht i dtaca le haisíoc na hiasachta. Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar tomhaltóirí a chosaint go cuí, iarrann CESE ar an gCoimisiún tuilleadh mionsonraí a thabhairt ar na cásanna ina bhfuil sé de cheart ag iasachtóirí, in imthosca sonracha a bhfuil údar maith leo, iasachtaí a thabhairt do thomhaltóirí, gan aon oibleagáid ina leith sin, cé nach n-éiríonn leo sa mheasúnú ar acmhainneacht chreidmheasa.
4.Barúlacha sonracha
4.1Iarrann CESE ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar chuid de na sainmhínithe nua d’fhonn soiléireacht an téacs a áirithiú. Mar shampla, ba cheart an sainmhíniú ar chreidiúnaí a athbhreithniú chun a áirithiú go gcumhdófar gach gnó tabhartha iasachtaí faoi raon feidhme na Treorach agus go ndéanfar maoirseacht/ceadúnú comhionann orthu nuair a bheidh an cineál céanna gníomhaíochta á dhéanamh acu. Thairis sin, chun cothrom na Féinne a áirithiú agus chun an leibhéal céanna cosanta a chur ar fáil go héifeachtach do thomhaltóirí, ba cheart do gach iasachtóir, gan beann ar a stádas dlíthiúil cuideachta, na rialacha céanna a chur i bhfeidhm agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna, lena n-áirítear maidir le tuairisciú.
4.2Maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an ngníomhaíocht a bhaineann le hiasachtaí a thabhairt do thomhaltóirí, ba cheart a bheith níos uaillmhianaí sa Treoir, lena mbunaítear go bhfuil údarú/ceadúnas ón údarás inniúil ag teastáil i dtaca le gníomhaíocht iasachtaithe den sórt sin chun cosaint chuí tomhaltóirí, faireachán éifeachtach, agus cothrom na Féinne maidir le creidmheas tomhaltóirí a áirithiú. Is cosúil gur córas hibrideach idir údarú agus clárú é an córas atá beartaithe faoi láthair, cé nach bhfuil sé soiléir ar chor ar bith.
4.3Maidir leis an bhforáil shonrach i dtaca le hiasachtaí a chuirtear in iúl in euro a chomhshó san airgeadra náisiúnta, iarrann CESE ar an gCoimisiún athbhreithniú breise a dhéanamh ar Airteagal 4 den Treoir chun a hinfheidhmeacht a shoiléiriú. Ní hamháin nach bhfuil an réiteach atá beartaithe ag luí le hAirteagal 23 de Threoir 2014/17/AE maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe, ach tá easpa soiléireachta ann maidir lena rún/leis an bhfeidhmiúlacht agus maidir leis an modheolaíocht iarbhír atá beartaithe le haghaidh comhshó.
4.4Maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe (Airteagal 6 den Treoir), is cúis imní do CESE go bhféadfadh sé a bheith an-deacair é a chur chun feidhme ar roinnt cúiseanna a bhaineann den chuid is mó le ceanglais éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus leis an deacracht a bhaineann leis na fíoruithe uile is gá a fháil mar chuid den phróiseas measúnaithe ar acmhainneacht chreidmheasa. Maidir le rochtain ar bhunachair sonraí, tá imní ar CESE go bhféadfadh sé a bheith neamhphraiticiúil nó neamheacnamaíoch i gcásanna áirithe, rochtain dhíreach a bheith ag creidiúnaithe ar bhunachair sonraí ó Bhallstáit eile, ar roinnt cúiseanna (e.g. easpa éilimh ar chreidmheas trasteorann, ceanglais éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus an deacracht a bhaineann leis na fíoruithe uile a fháil laistigh den phróiseas measúnaithe ar acmhainneacht chreidmheasa). Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar an bprionsabal, lena n-áirítear machnamh a dhéanamh ar rochtain indíreach ar bhunachair sonraí den sórt sin, e.g. an doiciméadacht is gá chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa á hiarraidh ag iasachtóirí ó bhunachar sonraí áitiúil nó ó na húdaráis fhioscacha áitiúla.
4.5Maidir leis na bunachair sonraí tuairiscithe náisiúnta, tugann CESE dá aire go bhféadfadh tionchar a bheith ag láimhseáil sonraí creidmheasa le linn phaindéim COVID-19 nó aon chás eisceachtúil dá samhail ar shláine an chórais tuairiscithe creidmheasa agus, ar deireadh, ar sholáthar creidmheasa do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún a chur i bhfáth sa Treoir a thábhachtaí atá sé leanúint d’fhaisnéis chreidmheasa a chomhroinnt go hiomlán, lena n-áirítear sonraí íocaíochta/moratoria a cailleadh a thuairisciú le linn géarchéime mar a dhéanfadh de ghnáth. Ina theannta sin, i gcomhréir le treoirlínte ón Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le tionscnamh iasachtaí, molann CESE don Choimisiún freisin a shonrú gur cheart faisnéis a bheith sna bunachair sonraí tuairiscithe faoi iompraíocht aisíocaíochta na dtomhaltóirí maidir leis na comhaontuithe iasachta atá acu cheana féin ar a laghad, lena n‑áirítear aon riaráistí atá acu.
4.6Is mór ag CESE iarrachtaí an Choimisiúin rochtain ar fhaisnéis réamhchonarthach a fheabhsú do thomhaltóirí. Mar sin féin, tá CESE den tuairim nár cheart gurbh é an réiteach iomchuí a bheadh ann doiciméad breise – an Forbhreathnú Caighdeánach um Chreidmheas – a chruthú toisc go bhféadfadh ualach breise a bheith ar thomhaltóirí agus ar chreidiúnaithe araon dá bharr, agus go bhféadfadh sé a bheith míthreorach do thomhaltóirí, sa mhéid is go bhféadfaidís a n‑anailís a theorannú don fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhorléargas amháin, gan an fhaisnéis eile ar fad atá leagtha amach san fhoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra (SECCIF) a chur san áireamh i gceart. Réiteach níos fearr a bheadh ann, i bhfianaise an ghá atá le freagairt do mhodhanna digiteacha nua, an próiseas a shimpliú maidir leis an gcaidreamh le tomhaltóirí a bhunú (agus a chur i gcrích), lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh go sonrach maidir le bealaí digiteacha chun an oibleagáid i dtaca le foirm SECCIF a chomhlíonadh.
4.7Maidir leis an díolúine ó na rialacha nasctha agus cuachta a bhaineann le cuntais reatha nó coigiltis, tá amhras mór ann an chun leasa an tomhaltóra atá sé i ndáiríre an díolúine sin a theorannú do na cuntais sin amháin a bhfuil a gcuspóir teoranta do cheanglais na n-iasachtaí amháin. De réir an téacs, ba cheart d’iasachtóirí cosc a chur ar thomhaltóirí na cuntais atá i gceist a úsáid chun críocha pearsanta, lasmuigh de cheanglais na hiasachta. Aontaíonn CESE nár cheart iallach a chur ar an tomhaltóir cuntas a oscailt nach bhfuil gá leis chun an iasacht a úsáid/a aisíoc, ach má osclaítear cuntas den sórt sin, ba cheart don tomhaltóir é a úsáid de réir mar a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí.
4.8Maidir le cearta tomhaltóirí i gcás ina mbaineann an measúnú acmhainneachta creidmheasa le próifíliú a dhéanamh nó próiseáil uathoibrithe eile a dhéanamh ar shonraí pearsanta, tá CESE den tuairim go mbaineann riosca leis an réiteach atá beartaithe sa mhéid go gcuirfear isteach ar chumas na n-institiúidí airgeadais coinníollacha measúnaithe a leagan síos i gcomhréir lena bhfonn riosca féin agus, ar an gcaoi sin, go laghdófar solúbthacht an phróisis. Dar le CESE, ba cheart Airteagal 18(6) a athscríobh ina iomláine i gcomhréir le ceanglais RGCS, rud a fhágann go mbeidh na cearta arna mbronnadh ag RGCS ag an tomhaltóir nuair a dhéanfar an measúnú acmhainneachta creidmheasa go huathoibríoch amháin agus nuair a bhíonn éifeachtaí aige maidir le duine aonair príobháideach.
4.9Creideann CESE gur foráil lárnach laistigh den Treoir í aisíocaíocht luath iasachtaí ós rud é go bhfuil sí dírithe ar iomaíochas margaidh a chur chun cinn agus ar thionchar a imirt ar chásanna rófhéichiúnais agus is mór aige aidhmeanna ginearálta an togra. Cuireann CESE i dtábhacht, áfach, go bhfuil sé riachtanach téacs na Treorach a athbhreithniú chun (i) feidhmiú an chirt sin a éascú go fírinneach agus (ii) an dlíthíocht a tharla maidir leis an sainmhíniú ar ‘gach costas’ a sheachaint.
4.10Tugann CESE dá aire, ón bhfianaise a bhaineann le bunús an rófhéichiúnais, gur léir go rachaidh uasteorainneacha ar na costais a bhaineann le hiasachtaí chun tairbhe ar dhóigh nithiúil do thomhaltóirí, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha.
4.11I gcomhréir leis an treoir is déanaí maidir le cosaint tomhaltóirí, sonraítear in Airteagal 44 den Treoir nach mór do na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach sa dlí náisiúnta i gcás ina sáraítear rialacha trasuímh na treorach. Is díol sásaimh do CESE na forálacha sin, ach iarrann sé ar an gCoimisiún a lua sa Treoir freisin nach ndéanann smachtbhannaí riaracháin difear do chearta tomhaltóirí maidir le cúiteamh nó aisíocaíocht a fháil, de réir mar a bheidh.
An Bhruiséil, 30 Meán Fómhair 2021
Alain COHEUR
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
*
*
*
N.B.: Aguisín ar an taobh eile den bhileog.
AGUISÍN
a ghabhann leis an
TUAIRIM
ón Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
I rith na ndíospóireachtaí, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta):
Pointe 3.2
Le leasú mar seo a leanas:
3.2
Maidir leis an dá phríomhchuspóir a bhaineann le dréachtú na Treorach, eadhon (i) an dochar a dhéantar do thomhaltóirí a ghlacann iasachtaí i margadh atá ag athrú a laghdú agus (ii) soláthar trasteorann creidmheasa do thomhaltóirí agus iomaíochas an mhargaidh inmheánaigh a éascú, measann CESE go bhfuil dlúthnasc eatarthu agus go bhfuil siad bunriachtanach chun leibhéal cuí cumhdaigh agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach nua a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart cothromaíocht agus comhréireacht a bhaint amach idir an dá chuspóir sin leis na réitigh dá bhforáiltear sa Treoir. I ndáil leis sin, réiteach amháin a tugadh isteach leis an Treoir nach mbaineann an chothromaíocht sin amach is ea an réiteach lena gceanglaítear ar na Ballstáit uasteorainneacha éigeantacha a thabhairt isteach ar na costais a bhaineann le hiasachtaí, toisc go bhféadfadh an togra tionchar diúltach a bheith aige ar thomhaltóirí agus athrú a dhéanamh ar an iomaíocht chóir idir soláthraithe seirbhíse ó stáit éagsúla mar gur dréachtaíodh é ar bhealach fíorghinearálta gan treoirlínte soiléire a bheith ann do na Ballstáit. Mar shampla, ní mór aon togra lena ndéanfar uasteorainneacha éigeantacha a fhorchur ar chostais chreidmheasa do thomhaltóirí a mhionsonrú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh sa Treoir maidir le Creidmheas Tomhaltóirí (an Treoir) laistigh de mhodheolaíocht shoiléir, d’fhonn cothrom na Féinne a áirithiú d’iasachtóirí ó thíortha éagsúla.
Toradh na vótála:
Ar son:
32
In aghaidh:
37
Staonadh:
7
Pointe 3.3
Comhréiteach:
3.3
Má dhéantar cur i bhfeidhm na Treorach a leathnú, ar choinníoll nach leathnófar an raon feidhme chuig cuideachtaí san earnáil neamhairgeadais (e.g. miondíoltóirí a dhíolann earraí agus a ghlacann íocaíochtaí i dtráthchodanna) a dhíolann earraí agus a ghlacann íocaíochtaí i dtráthchodanna, gan muirir bhreise, agus sainmhínithe roinnt téarmaí a shoiléiriú, is cinnte féidir go rachaidh na nithe sin chun tairbhe do thomhaltóirí agus d’iasachtóirí araon chomh maith le tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí lena mbaineann. Thairis sin, maidir leis an togra lena mbunaítear oibleagáid ar na Ballstáit seirbhísí comhairle neamhspleách maidir le fiachas a chur ar fáil do thomhaltóirí a bhfuil rófhéichiúnas acu nó tomhaltóirí leochaileacha eile, measann CESE gur cheart don togra sin cabhrú le tomhaltóirí i gcásanna deacra. Thairis sin, molann CESE iasachtóirí a spreagadh leis an Treoir chun beartais a ghlacadh lena n-éascófar luathbhrath deacrachtaí airgeadais agus lena n-áireofar freisin forálacha maidir le bearta staonta. Chuirfeadh an dá ghníomhaíocht sin cosc ar chásanna rófhéichiúnais agus spreagfaidís creidiúnaithe chun réitigh a fháil d’iasachtaithe anásta.
Toradh na vótála:
Ar son:
38
In aghaidh:
38
Staonadh:
3
Pointe 4.1
Le leasú mar seo a leanas:
4.1
Iarrann CESE ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar chuid de na sainmhínithe nua d’fhonn soiléireacht an téacs a áirithiú. Mar shampla, ba cheart an sainmhíniú ar chreidiúnaí a athbhreithniú chun a áirithiú go gcumhdófar gach gnó tabhartha iasachtaí san earnáil airgeadais (lena n-áirítear sluachistiú) faoi raon feidhme na Treorach agus go ndéanfar maoirseacht/ceadúnú comhionann orthu nuair a bheidh an cineál céanna gníomhaíochta á dhéanamh acu. Thairis sin, chun cothrom na Féinne a áirithiú agus chun an leibhéal céanna cosanta a chur ar fáil go héifeachtach do thomhaltóirí, ba cheart do gach iasachtóir, gan beann ar a stádas dlíthiúil cuideachta, na rialacha céanna a chur i bhfeidhm agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna, lena n-áirítear maidir le tuairisciú. Agus raon feidhme na Treorach á leathnú, áfach, ní mór a bheith cáiréiseach agus a áirithiú nach gcaithfear le cuideachtaí a dhíolann earraí agus a ghlacann íocaíochtaí i dtráthchodanna gan ús (go háirithe FBManna agus comharchumainn) mar a bheadh bainc ann agus gan iad a bheith faoi réir na gceanglas céanna maidir le ceadúnú agus tuairisciú.
Toradh na vótála:
Ar son:
26
In aghaidh:
47
Staonadh:
8
Pointe 4.2
Le leasú mar seo a leanas:
4.2
Maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an ngníomhaíocht a bhaineann le hiasachtaí a thabhairt do thomhaltóirí, ba cheart a bheith níos uaillmhianaísoiléire sa Treoir, lena mbunaítear go bhfuil údarú/ceadúnas ón údarás inniúil ag teastáil i dtaca le gníomhaíocht iasachtaithe den sórt sin chun cosaint chuí tomhaltóirí, faireachán éifeachtach, agus cothrom na Féinne maidir le creidmheas tomhaltóirí a áirithiú. Is cosúil gur córas hibrideach idir údarú agus clárú é an córas atá beartaithe faoi láthair, cé nach bhfuil sé soiléir ar chor ar bith.
Toradh na vótála:
Ar son:
28
In aghaidh:
44
Staonadh:
6
_____________