SOC/684
An Fhoghlaim Aosach
TUAIRIM
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An Fhoghlaim Aosach
[Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Slóivéine]
Rapóirtéir: Tatjana BABRAUSKIENĖ
|
Iarraidh ó Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle
|
Litir, 19/03/2021
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Cinneadh ón mBiúró
|
23/03/2021
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
21/06/2021
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
08/07/2021
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
562
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
233/3/5
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is mór ag CESE go leagtar tuilleadh béime ar an bhfoghlaim aosach, ar an oiliúint agus ar fhorbairt scileanna i dtionscnaimh nua an Choimisiúin Eorpaigh, go príomha sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna. Iarrann CESE go ndéanfaí bearta beartais atá dea-spriocdhírithe a cheapadh agus a chur chun feidhme láithreach bonn, mar aon le dreasachtaí chun tacú leis na Ballstáit mar a luadh cheana sa tuairim ó CESE Córais oideachais thacúla ar mhaithe le mímheaitseáil scileanna a sheachaint – an cineál aistrithe atá de dhíth.
1.2Tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú éifeachtach a bheith ag gabháil le mear-cheapadh agus scaipeadh teicneolaíochtaí nua. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur léirigh an tionchar a bhí ag géarchéim COVID-19 ar shochaí agus geilleagar na hEorpa an tábhacht a bhaineann le beartais éifeachtacha oideachais agus oiliúna agus le poist ar ardcháilíocht chun tacú le téarnamh agus athléimneacht sóisialta agus eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cóir, nithe atá ríthábhachtach má táthar chun cuidiú leis an Eoraip iarmhairtí na paindéime a shárú. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an infheistíocht san fhoghlaim aosach agus i bhforbairt scileanna maidir leis an téarnamh eacnamaíoch agus maidir le Eoraip shóisialta a chothú.
1.3Molann CESE don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit cur le beartais maidir leis an bhfoghlaim aosach trí dhearcadh iomlánaíoch a ghlacadh agus trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht, cáilíocht agus cuimsitheacht na foghlama aosaí, agus inniúlachtaí náisiúnta agus prionsabal na coimhdeachta á n-urramú san am céanna. Tá CESE á iarraidh feabhas a chur ar bheartais maidir leis an bhfoghlaim aosach sa chiall is leithne, agus straitéisí éifeachtacha á gcur san áireamh chun freastal ar na riachtanais nua scileanna, agus iad curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé oideolaíocht agus aindreolaíocht a fheabhsú san fhoghlaim aosach trí oideachas tosaigh ar ardcháilíocht, forbairt ghairmiúil leanúnach, dálaí oibre feabhsaithe cothroma agus timpeallacht oibre thacúil d’oideoirí san fhoghlaim aosach.
1.4Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil an fhoghlaim aosach bunriachtanach chun cuidiú le daoine fásta scileanna saoránachta nua a fhoghlaim agus na scileanna atá acu cheana a fheabhsú agus ról gníomhach a bheith acu sa tsochaí. Ba cheart an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a bheith ina stíl mhaireachtála do chách chun éagothromaíochtaí agus neamhionannais sa tsochaí a shárú agus ba cheart teacht a bheith ag daoine uirthi san áit oibre fosta. I dtaca leis sin de, tá úsáid ‘scileanna’ thar a bheith tábhachtach sa chiall agus sa tuiscint is leithne a mhéid a bhaineann leis an áit oibre agus leis an saol sóisialta agus pearsanta mar léargas iomlánaíoch ar an bpróiseas forbartha scileanna.
1.5Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an fhoghlaim aosach agus is oth leis nach measann institiúidí an Aontais agus roinnt Ballstát gur tosaíocht pholaitiúil í bíodh is go bhfuil an fhoghlaim aosach bunriachtanach chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na fostaíochta agus an chuimsithe shóisialta agus chun cur ar chumas daoine fásta páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh saothair agus a bheith ina saoránaigh daonlathacha. Molann CESE do na Ballstáit na beartais, an rialachas agus an cistiú a bhaineann leis an bhfoghlaim aosach a neartú de réir phrionsabail Cheithre Cholún an Oideachais de chuid UNESCO, mar atá, foghlaim conas foghlaim, conas gníomhú, conas maireachtáil agus conas cónaí le chéile. D’fhonn SDG 4 a chur chun feidhme, ní mór tacaíocht éifeachtach a bheith ann don tsochaí shibhialta le gur féidir comhpháirtíocht a fhorbairt maidir le soláthar na foghlama aosaí i suíomhanna neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla agus for-rochtain éifeachtach do dhaoine a áirithiú.
1.6Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit spriocanna fadtéarmacha insroichte a leagan síos agus córas faireacháin leanúnach a bhunú i ngach Ballstát i leith rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach agus i leith foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus inrochtana, lena n-áirítear oiliúint d’fhostaithe, agus éagsúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcóras sin a áirithiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna, na hinniúlachtaí agus an meon is gá ag gach duine chun sochaí chóir, chomhtháite, inbhuanaithe, dhigiteach agus shaibhir a chothú. Is den tábhacht freisin feabhas a chur ar fhaisnéis taighde agus scileanna ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le riachtanais scileanna agus réamhaisnéis scileanna chun an fhoghlaim aosach a thabhairt cothrom le dáta do dhaoine fásta a bhfuil aistrithe rompu, feabhas a chur ar shonraí maidir le hinfheistíocht na mBallstát san fhoghlaim aosach agus a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an bhfoghlaim agus cúrsaí oiliúna a chuireann fostaithe i gcrích. Ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach go gníomhach maidir le feabhas a chur ar fhaisnéis maidir le scileanna náisiúnta, lena n-áirítear riachtanais scileanna, a thuar, a réamhaisnéisiú agus anailís a dhéanamh orthu.
1.7Ní mór do na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme an
Mholta ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-Scilithe: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta
lena áirithiú go gcuirfidh gach duine fásta ar bheagán oiliúna agus ar bheagán cáilíochtaí lena gcuid bunscileanna agus go dtabharfar treoir agus spreagadh dóibh dul i mbun oiliúna ar mhaithe lena saol agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú. D’fhonn a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80 % de dhaoine fásta, tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le daoine fásta bunscileanna digiteacha a fhoghlaim saor in aisce chun cuidiú leo scileanna a fhoghlaim don obair agus don saol laethúil.
1.8Cuireann CESE in iúl go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó gach duine fásta, gan beann ar na cáilíochtaí atá acu agus a gcúlra socheacnamaíoch, ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar an bhfoghlaim ardcháilíochta chuimsitheach ar feadh an tsaoil agus a scileanna agus a n‑inniúlachtaí a bhailíochtú. Ba cheart do sheirbhísí poiblí fostaíochta rochtain níos fearr ar threoir agus comhairleoireacht atá cothrom agus saor in aisce a mhéadú agus a éascú agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil gach duine fásta ar an eolas faoi dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil agus go gcuirtear oibrithe ar an eolas faoin gcaoi a n-athróidh poist amach anseo agus faoi na scileanna atá teastáil le haghaidh poist agus cúraimí nua.
1.9Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise agus feasachta a sheoladh i bpáirt leis na comhpháirtithe sóisialta a bheidh dírithe ar dhaoine fásta agus oibrithe atá thíos leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun cuidiú leis an lucht saothair na scileanna is gá a fhoghlaim. Ba cheart don Choimisiún imeachtaí bliantúla a eagrú, ag leanúint eiseamláir na Seachtaine Eorpaí um Scileanna Gairme, chun daoine fásta a chur ar an eolas agus spreagadh a thabhairt dóibh i dtaca leis an bhfoghlaim aosach agus an bhreisfhoghlaim agus chun cabhrú le beartais náisiúnta.
1.10Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an choimhdeacht i mbeartais maidir leis an bhfoghlaim aosach chun urraim a thabhairt do ról na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus earnála ó thaobh riachtanais scileanna a shainaithint agus córais náisiúnta a bhainistiú chun maoiniú agus rochtain ar an bhfoghlaim aosach agus ar oiliúint d’fhostaithe a áirithiú. Tugann CESE dá aire gur cheart a áirithiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) go mbeidh an ceart agus an cumas ag gach cuideachta straitéisí scileanna a bhunú maidir le riachtanais nuálaíochta agus tacú le haistriú cóir oibrithe agus printíseachtaí ar ardchaighdeán do dhaoine óga agus do dhaoine fásta i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Déantar idirdhealú soiléir i dTreoirlínte Fostaíochta na Comhairle (2020) idir cearta/teidil chun oiliúna a áirithiú agus cuntais foghlama aonair a chur ar fáil mar cheann de na huirlisí a d’fhéadfadh a bheith ann, rud a chuireann ar chumas na dtíortha cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi le teidlíochtaí den sórt sin a áirithiú. Uirlisí is ea cuntais foghlama aonair trína bhféadfadh an ceart/teideal chun oiliúna a áirithiú. Ba cheart an ceart a bheith ag gach duine fásta agus ag gach oibrí – i gcomhréir le comhaontuithe comhchoiteanna agus le reachtaíocht náisiúnta – rochtain a fháil ar oiliúint d’fhostaithe ar ardcháilíocht, ar shaoire oideachais íoctha, ar cháilíochtaí, ar fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, agus ar threoir agus comhairleoireacht atá ar cháilíocht dhearbhaithe agus solúbtha. Ní mór do Bhallstáit an Aontais sásraí airgeadais agus uirlisí airgeadais a chur ar bun, a mbeidh baint ag na comhpháirtithe sóisialta leo, chun rochtain daoine fásta – go háirithe oibrithe – ar fhoghlaim agus ar oiliúint a éascú.
1.11Meabhraíonn CESE do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil ag gach duine fásta, go háirithe iad siúd ó chúlraí socheacnamaíocha atá faoi mhíbhuntáiste, foghlaim a fhónfaidh dá leasanna pearsanta nó dá leasanna forbartha gairme. Ní mór tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna), d’imircigh agus do dhídeanaithe, do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, do ghrúpaí leochaileacha agus do dhaoine scothaosta chun aosú gníomhach folláin a áirithiú. Iarrann CESE ar an gCoimisiún na nithe seo a leanas a áirithiú: go ndíreofar i Straitéis nua an Aontais um Chearta Daoine faoi Mhíchumas ar an oideachas a leathnú chuig foghlaimeoirí de gach aois; go ndíreofar ar an bhfoghlaim aosach a dhéanamh inrochtana agus saor in aisce do gach foghlaimeoir atá faoi mhíchumas agus a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, agus go mbeidh fáil uirthi i suíomhanna atá inrochtana go fisiciúil; go gcuirfear oiliúint ar fáil do mhúinteoirí maidir leis an gcaoi lena gcuid ceachtanna a leasú le go mbeidh siad oiriúnach agus maidir leis an gcaoi a áirithiú go mbeidh an fhoghlaim ar líne inrochtana freisin.
1.12Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil an rialachas daonlathach ríthábhachtach do chórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear idirphlé sóisialta éifeachtach agus comhairliúchán fónta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun tacú le forbairt scileanna gach duine fásta, go háirithe oibrithe agus daoine dífhostaithe. Tá sé tábhachtach ag an am céanna spriocanna an Aontais a bhaint amach maidir le rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach, spriocanna a shainmhínítear i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, sa Mholadh ón gComhairle i ndáil le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus i nDearbhú Osnabrück, agus cur leis an Rún ón gComhairle atá le teacht maidir le Clár Oibre don Fhoghlaim Aosach. Cuireann CESE in iúl go bhfuil an t-idirphlé sóisialta agus an idirghníomhaíocht idir ceardchumainn agus fostóirí ríthábhachtach chun rochtain ar an bhfoghlaim aosach a mhéadú do chách, solúbthacht agus treoir a chur chun cinn, oiliúint a ailíniú le riachtanais an mhargaidh saothair, cáilíocht oiliúna a áirithiú agus oiliúint a mhaoiniú.
1.13Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór rochtain níos fearr a bheith ag gach duine fásta, go háirithe oibrithe, ar fhaisnéis nuashonraithe maidir le nósanna imeachta um aitheantas agus bailíochtú. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an Moladh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a bhailíochtú a chur chun feidhme go héifeachtach agus trína áirithiú go bhfaigheann córais um bailíochtú cistiú poiblí leordhóthanach i ngach tír den Aontas. Trína áirithiú go n-aithnítear an oiliúint, féadfaidh fostóirí agus ceardchumainn tacú le leibhéil cháilíochta na n-oibrithe a mhéadú agus féadfaidh siad cur le forbairt a ngairme agus le haistriú cothrom sa mhargadh saothair. Tá rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i rialachas na foghlama aosaí, oiliúint d’fhostaithe agus córais maidir le saoire oideachais íoctha ríthábhachtach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun cinn i measc na gcomhpháirtithe sóisialta.
1.14Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil uas-sciliú agus athoiliúint thar a bheith tábhachtach chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach in earnáil na tionsclaíochta agus gur gá iad a mheas mar fhreagracht shóisialta agus eacnamaíoch chun oiliúint chuimsitheach do phoist ar ardcháilíocht a áirithiú, agus chun aistriú cóir a áirithiú do chách. Tá gá le straitéisí tionsclaíochta réamhbhreathnaitheacha, lena n-áirítear beartais éifeachtacha scileanna, chun tacú le huas-sciliú agus le hathsciliú an lucht saothair. A bhuí leo siúd, féadfar a áirithiú go ndéanfar aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de chuig geilleagar atá aeráidneodrach tríd an margadh saothair a chuireann leis an digiteáil chuimsitheach agus le poist ar ardcháilíocht a chothromú. Ar mhaithe leis an nuálaíocht a spreagadh, tá tacaíocht éifeachtach de dhíth ar chuideachtaí chun a straitéisí maidir le huas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair a neartú agus a mhaoiniú. San am céanna, ba cheart an leas foriomlán eacnamaíoch agus sóisialta a urramú. Ba cheart gurb iad comhaontuithe comhchoiteanna a chinnfidh rochtain ar chineálacha éagsúla saoire oideachais íoctha bunaithe ar riachtanais phearsanta agus ghairmiúla oibrithe. Meabhraíonn CESE do Bhallstáit an Aontais rochtain na n‑oibrithe ar shaoire oideachasúil íoctha a ailíniú le Coinbhinsiún 140 maidir le Saoire Oideachais Íoctha a chur chun feidhme a luaithe is féidir trí bhíthin na ngníomhaíochtaí náisiúnta agus na gcomhaontuithe comhchoiteanna, agus a áirithiú, le tacaíocht ó na comhpháirtithe sóisialta, go mbainfear leas éifeachtach as an tsaoire sin.
1.15Tacaíonn CESE le maoiniú náisiúnta inbhuanaithe don fhoghlaim aosach arna chomhlánú le húsáid éifeachtach chistí an Aontais, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus le sochaí athléimneach a chothú i gcomhthéacs aistriú digiteach agus aistriú glas an gheilleagair, trí fhoghlaim aosach atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach a áirithiú do chách, lena n-áirítear do dhaoine dífhostaithe agus do dhaoine eile lasmuigh den mhargadh saothair, agus aird ar leith á tabhairt ar oiliúint a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana do na hoibrithe uile. Chuige sin, tá tiomantas soiléir ag teastáil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun sciar iomchuí de na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar fhorbairt córas córasach comhordaithe um an bhfoghlaim aosach a chur chun cinn mar chuid lárnach de na pleananna náisiúnta.
1.16Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé cáilíocht, ábharthacht, éifeachtacht agus cuimsitheacht a áirithiú san fhoghlaim aosach agus san oiliúint. Molann CESE na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go saineofar go soiléir i ngach clár oideachais agus oiliúna d’fhostaithe agus sna curaclaim lena mbaineann torthaí foghlama agus príomhinniúlachtaí, agus ba cheart don Choimisiún tuilleadh oibre a dhéanamh chun an Moladh ón gComhairle maidir le hinniúlachtaí lárnacha don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun feidhme agus chun tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha i measc comhpháirtithe sóisialta. Tá sé tábhachtach córais dearbhaithe cáilíochta um an bhfoghlaim aosach a fheabhsú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Líonra EQAVET an Choimisiúin Eorpaigh a mbeidh feidhm aige maidir leis an bhfoghlaim aosach, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint leanúnach, le printíseachtaí agus le hoiliúint d’fhostaithe. Leis sin, ba cheart breithniú ar riachtanais an gheilleagair, fostóirí agus oibrithe a aistriú isteach i gcláir agus curaclaim maidir leis an bhfoghlaim aosach.
1.17Áitíonn CESE ar na Ballstáit an ról is mó is féidir a thabhairt do chuideachtaí agus do cheardchumainn maidir le straitéisí forbartha scileanna a bhunú don aistriú digiteach agus don aistriú glas in earnáil na tionsclaíochta. Molann CESE beartais chomhshaoil a nascadh le beartais oideachais agus straitéisí náisiúnta um scileanna agus inniúlachtaí glasa a bhunú chun go mbeidh gach duine fásta ar an eolas faoin athrú aeráide, faoin bhfreagracht chomhshaoil agus faoin bhforbairt inbhuanaithe mar chuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil trí chomhordaitheoirí náisiúnta a cheapadh.
1.18Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais maidir leis an bhfoghlaim aosach a neartú chun go mbeidh sé de cheart ag gach duine fásta oideachas ar scileanna saoil ardcháilíochta agus cuimsitheacha a fháil agus an sprioc maidir le 60 % de dhaoine fásta dul i mbun na foghlama aosaí in aghaidh na bliana a bhaint amach agus a mhéadú trí aghaidh a thabhairt ar mímheaitseáil scileanna agus trí fheabhas a chur ar rialachas agus ar mhaoiniú le haghaidh foghlaim aosach, lena n-áirítear oiliúint d’fhostaithe. Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún modhanna oscailte cumarsáide a athbhunú idir na haireachtaí ábhartha a bhíonn ag plé leis an bhfoghlaim aosach i mBallstáit an Aontais, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta mar chuid de mheitheal agus a áirithiú go leanfar den obair thairbheach atá déanta ag meithleacha um an bhfoghlaim aosach a bhí ann roimhe seo. Iarrann CESE freisin ardán a bhunú do chomhordaitheoirí náisiúnta foghlama aosaí, do chomhpháirtithe sóisialta agus do gheallsealbhóirí, ardán ar leithligh ón ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE), agus iarrann sé go dtiocfadh na gníomhaithe éagsúla sin le chéile go rialta laistigh de líonra.
2.Cúlra
2.1I ngeall ar ghéarchéim COVID-19, athruithe déimeagrafacha, digiteáil an mhargaidh saothair agus dícharbónú an gheilleagair, tá athruithe ollmhóra ag teacht ar phoist agus ar chúraimí. Fiú roimh an bpaindéim, tuaradh go n-athródh cúraimí áirithe i ndá cheann as gach cúig phost agus go n-athródh 14 % de phoist de thoradh na digiteála (Cedefop). Faoi 2030, d’fhéadfaí suas le 20 milliún post a chruthú ar fud an domhain mar gheall ar an aistriú glas in earnáil na tionsclaíochta (ECFE). Is gá uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh ar thart ar 128 milliún duine fásta – 46.1 % de dhaonra fásta na hEorpa. I ngeall ar éifeacht na digiteála, an róbataithe, samhlacha nua eacnamaíocha, amhail Tionscal 4.0, agus an geilleagar ciorclach agus comhroinnte maidir le riachtanais nua scileanna, éilítear gníomhaíocht chomhbheartaithe chun tuilleadh foghlaim aosach a spreagadh san Eoraip.
2.2Tháinig ceannairí thíortha an Aontais le chéile ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 7 Bealtaine 2021 d’fhonn EPSR a threisiú. Is é is aidhm do na bearta a mholtar i bPlean Gníomhaíochta EPSR níos mó post agus poist níos fearr a chruthú, cáilíochtaí agus comhionannas a chur chun cinn, agus an chosaint shóisialta agus an cuimsiú sóisialta a fheabhsú. Leag na ceannairí spriocanna amach do 2030, e.g. ba cheart do 60 % ar a laghad de dhaoine fásta dul i mbun na foghlama aosaí in aghaidh na bliana agus ba cheart go mbeadh bunscileanna digiteacha ag 80 % de dhaoine fásta ar a laghad. Baineann na spriocanna sin leis an gcéad phrionsabal de EPSR, ina sonraítear go bhfuil ‘an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil chuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil’, chomh maith leis na cearta a luaitear sa cheathrú prionsabal lena n-áirítear tacaíocht don oiliúint agus chun cáilíochtaí nua a bhaint amach, go háirithe rochtain daoine óga ar oideachas leanúnach, ar phrintíseachtí agus ar thréimhsí oiliúna.
2.3Ní mór cur chun feidhme na dtionscnamh beartais a rinne an Coimisiún le déanaí maidir leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú cur le gnóthú spriocanna EPSR maidir leis an bhfoghlaim aosach trí idirphlé sóisialta éifeachtach leis na comhpháirtithe sóisialta agus trí chomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta. Tar éis an Mholta ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le effective active support to employment following the COVID-19 crisis (EASE) [tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE)], ní mór córais um an bhfoghlaim aosach a chomhlánú trí chórais éifeachtacha maidir le treoraíocht ar feadh an tsaoil a chur ar bun, trí ghníomhaíochtaí comhairleacha agus ardaithe feasachta, trí ghrúpaí leochaileacha a lánpháirtiú agus trí chórais éifeachtacha um bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla do chách a thabhairt isteach.
3.Barúlacha ginearálta
3.0Tá sé tábhachtach rialachas daonlathach neartaithe ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, leas a bhaint as acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta chun riachtanais scileanna a shainaithint, agus cuimsiú sa mhargadh saothair a fheabhsú, má táthar chun córais um an bhfoghlaim aosach a cheapadh agus a chur chun feidhme atá níos inrochtana agus ar ardcháilíocht chun feabhas a chur ar scileanna saoil agus sóisialta gach duine fásta, lena n‑áirítear feasacht a ardú faoin bhforbairt inbhuanaithe, faoin bhfreagracht chomhshaoil, faoin tsaoránacht dhaonlathach, faoin gcaoinfhulaingt agus faoi luachanna Eorpacha. Tá sé tábhachtach beartais maidir leis an bhfoghlaim aosach a neartú sa chiall is leithne agus breithniú a dhéanamh ar straitéisí éifeachtacha chun freastal ar riachtanais nua scileanna.
3.1Tá idirphlé sóisialta éifeachtach leis na comhpháirtithe sóisialta agus comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar beartais maidir leis an bhfoghlaim aosach a cheapadh agus a chur chun feidhme go rathúil. Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta ó thaobh riachtanais scileanna a shainiú agus próifílí cáilíochta a nuashonrú de réir mar a théann cuideachtaí agus oibrithe i dtaithí ar na hathruithe a thagann ar phoist agus ar chúraimí gach uile lá. Ní mór do chuideachtaí agus d’oibrithe a bheith lánpháirteach i mbunú straitéisí chun scileanna a fhorbairt don aistriú digiteach agus don aistriú glas in earnáil na tionsclaíochta.
3.2Chun go mbeidh rochtain níos fearr ag gach duine ar chórais um an bhfoghlaim aosach, teastaíonn straitéisí náisiúnta láidre agus comhar breise beartais i measc thíortha an Aontais, go háirithe i measc aireachtaí, comhpháirtithe sóisialta oideachais agus na geallsealbhóirí ábhartha sa tsochaí shibhialta. Tá sé tábhachtach beartais an Aontais, agus beartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a nascadh le chéile chun rochtain éifeachtach ar an bhfoghlaim aosach agus ar oiliúint d’fhostaithe a áirithiú agus chun réimsí éagsúla beartais a nascadh le chéile i dtreo gur féidir feabhas a chur ar an bhfoghlaim aosach trí bheartais chomhshaoil, digiteála agus airgeadais.
3.3Is féidir an sprioc uaillmhianach maidir le rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach a leagtar síos i bPlean Gníomhaíochta EPSR a bhaint amach má spreagtar, i dtionscnamh de chuid an Aontais a bhfuil tacaíocht aige ó Mholadh ón gComhairle, rialtais le rochtain níos fearr agus cistiú leordhóthanach a áirithiú don fhoghlaim aosach agus d’oiliúint d’fhostaithe trí uirlisí éagsúla airgeadais. Tagraíonn CESE dá thuairim maidir le Cistiú Inbhuanaithe le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna i gcomhthéacs ganntanas oibrithe oilte a bheith ann agus cuireann sé i bhfios go láidir gur réamhriachtanais í infheistíocht phoiblí inbhuanaithe san fhoghlaim aosach agus infheistíocht phríobháideach éifeachtach san oiliúint d’fhostaithe má tá rath le bheith ar bhearta beartais maidir le cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch foghlaimeoirí de gach aois agus le tacaíocht do chuideachtaí. Dá bhrí sin, ní mór leas a bhaint as an bPlean Téarnaimh, an ionstraim ‘Next Generation EU’ agus cistí eile de chuid an Aontais (e.g. CSE+, Cistí um Aistriú Cóir) ar dhóigh éifeachtúil chomhsheasmhach chun tacú le beartais oideachais agus oiliúna faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.
3.4Tugann CESE dá aire a thábhachtaí atá sé cur le scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí gach duine san Eoraip i dtaca leis an gcomhshaol agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna. Ní mór do Bhallstáit an Aontais beartais chomhshaoil a nascadh le beartais oideachais agus straitéisí náisiúnta um scileanna agus inniúlachtaí glasa a chur ar bun chun go mbeidh gach duine fásta ar an eolas faoin athrú aeráide, faoin bhfreagracht chomhshaoil agus faoin bhforbairt inbhuanaithe mar chuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus chun a áirithiú go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí glasa is gá ag oibrithe le haghaidh aistriú cóir earnáil na tionsclaíochta.
3.5Ní mór tacaíocht oiliúna a bheith ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu léi, amhail oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe neamhghnácha. Ní mór an oiliúint d’fhostaithe agus an oiliúint sheachtrach arna maoiniú ag cuideachtaí a bheith mar thaca d’fhorbairt scileanna chun freastal ar riachtanais cuideachtaí agus oibrithe. D’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach oibrí ar uas-sciliú agus athsciliú, gan beann ar a leibhéal scileanna agus ar a staid chonarthach, ní mór comhaontuithe earnála, náisiúnta agus cuideachta a dhéanamh chun riachtanais oiliúna agus forálacha oiliúna a chinneadh. Ní mór comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag oibrithe ar an bhfoghlaim aosach agus ar shaoire oideachais íoctha a bhuí le dreasachtaí éagsúla.
3.6Tagraíonn CESE don Rún ón gComhairle maidir le Clár Oibre Eorpach athnuaite don Fhoghlaim Aosach agus cuireann sé i bhfáth gur gá do na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh chun feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc in earnáil an oideachais aosach trí fheabhas a chur ar an oideachas tosaigh agus ar an bhforbairt ghairmiúil leanúnach i gcomhar le múinteoirí, trí shoghluaisteacht múinteoirí, oiliúnóirí agus baill foirne eile in earnáil an oideachais aosach a éascú, agus trí dhálaí oibre maithe agus timpeallacht oibre tacaíochta a áirithiú do bhaill foirne in earnáil na foghlama aosaí. Tá gá le hidirphlé sóisialta éifeachtach lena gceardchumainn sa chaoi is gur féidir teacht ar chomhaontú maidir le bearta chun an ghairm a dhéanamh níos tarraingtí agus chun feabhas a chur ar earcaíocht agus coinneáil foirne.
3.7D’fhéadfadh bunú ardán Eorpach um malartú laistigh den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-27 le haghaidh ábhair digiteacha agus cúrsaí agus caighdeáin Eorpacha maidir le micridhintiúir a bheith tairbhiúil chun rochtain ar chúrsaí foghlama aosaí agus iontaoibh astu a fheabhsú. Tá faisnéis iomlán chuimsitheach de dhíth ar fhoghlaimeoirí maidir le cibé acu a bheidh nó nach mbeidh cáilíochtaí iomlána, páirtcháilíochtaí nó micridhintiúir le fáil ag deireadh cúrsaí, cé a bhailíochtaíonn agus a ráthaíonn cáilíocht na gcúrsaí ar líne, cibé acu a aithnítear iad nó nach n-aithnítear iad agus conas a dhéantar é sin, agus conas a d’fhéadfaí iad a thiontú ina láncháilíochtaí.
An Bhruiséil, 8 Iúil 2021
Christa Schweng
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________