GA

INT/952

Innealra

TUAIRIM

An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas


Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí innealra
[COM(2021) 202 final – 2021/0105 (COD)]

Teagmháil

int@eesc.europa.eu

Riarthóir

Silvia STAFFA

Dáta an doiciméid

08/09/2021

Rapóirtéir: Martin BÖHME

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 09/06/2021

Parlaimint na hEorpa, 07/06/2021

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

02/09/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá earnáil na dtáirgí innealra ar cheann de na hearnálacha eacnamaíocha is tábhachtaí san Aontas Eorpach. Tá inniúlachtaí an innealra agus na réimsí ina n-úsáidtear é ag fás go tapa mar thoradh ar dheiseanna nua teicniúla agus innealtóireachta. Tá sé thar am aird níos mó a thabhairt ar theicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an róbataic. Dá bhrí sin, ní mór ceanglais rialála a chur in oiriúint freisin do choinníollacha sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le hinnealra. Sa chomhthéacs sin, tá an togra le haghaidh rialacháin thar a bheith ábhartha maidir leis an margadh inmheánach freisin. Sa tuarascáil faisnéise ó CESE Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInnealra 1 , thug an Coiste aghaidh cheana féin in 2020 ar shaincheist na Treorach maidir le hInnealra.

1.2Cuireann CESE i bhfios go láidir nár cheart neamhaird a dhéanamh ar chuideachtaí, monaróirí ná oibreoirí innealra an Aontais i mbeart ar bith a dhéanfaí chun caighdeáin uile-Aontais a leagan síos le haghaidh innealra, ceanglais a leagan síos a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí agus forfheidhmiú comhsheasmhach na gceanglas sin a áirithiú. Ní hamháin go mbaineann sé sin le cuideachtaí móra, ach le fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe freisin. Gnó idirnáisiúnta is ea an innealtóireacht mheicniúil agus ní mór do rialáil táirgí san Aontas a bheith in ann cáilíocht, sábháilteacht agus iomaíochas a chur chun cinn agus cuidiú le gnólachtaí cur chuige nuálach a fhorbairt gan cur isteach orthu ón rialáil.

1.3Is díol sásaimh do CESE go ndírítear i gcónaí sa togra le haghaidh rialacháin ar oibreoirí táirgí innealra agus ar oibrithe eile lena mbaineann, mar go bhfuil cosaint sláinte agus sábháilteachta na n-oibreoirí sin fós ina saincheist thábhachtach. Ina theannta sin, dá n-athrófaí an Treoir bhunaidh maidir le hInnealra ina rialachán, bheadh léirmhíniú níos aonfhoirmí le fáil ar fud na mBallstát. D’fhágfadh sin go mbeadh sé níos éasca easnaimh shábháilteachta a bhrath agus a leigheas amach anseo, rud a rachadh chun tairbhe do dhaoine atá ag oibriú an innealra go háirithe.

1.4Cuireann CESE na moltaí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

1.4.1Ní mór na forálacha idirthréimhseacha maidir leis an rialachán nua maidir le hinnealra a shonrú chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do na geallsealbhóirí uile.

1.4.2Measann CESE gur gá struchtúr agus substaint na n-iarscríbhinní a ghabhann leis an togra le haghaidh rialacháin a oiriúnú. Tá ceisteanna fós ag baint le nádúr an uimhrithe, le leithdháileadh na gcineálacha innealra agus leis an bhforluí le rialacha cóngaracha eile de chuid an Aontais.

1.4.3Dar le CESE, ní mór a bheith soiléir faoi go gcaithfidh an t-innealra a bheith sábháilte an tráth a chuirtear ar an margadh é agus le linn a shaolré.

1.4.4Dé réir mar a éiríonn an t-innealra níos sofaisticiúla, is gá oiliúint speisialta a chur ar na húsáideoirí ionas nach mbeidh na hoibrithe neamhchosanta ar rioscaí nach bhfuil gá leo 2 . Tá gá freisin le sásraí lena bhféadfar freagracht shoiléir a shannadh i gcás tionóiscí. Ba cheart ionadaithe oibrithe a chuimsiú sa nós imeachta maidir le hinnealra nua a cheannach agus a shuiteáil.

1.4.5Chun an intleacht shaorga a úsáid, tá gá le creat slándála a bheidh sainithe go sonrach inar féidir na córais sin a oibriú.

1.4.6Maidir le rannpháirtíocht éigeantach i dtáirgeadh na measúnuithe comhréireachta le haghaidh innealra ag comhlachtaí a bhfuil orthu fógra a thabhairt, ní mór don rannpháirtíocht sin leanúint de bheith inacmhainne do ghnóthais.

1.4.7Measann CESE gur gá faireachán leanúnach a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le táirgí innealra, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, d’fhonn freagairt do nuálaíochtaí agus do dhúshláin teicneolaíochta atá roimh tháirgeoirí agus maidir le cosaint sláinte coirp agus meabhraí na n-oibrithe.

2.Cúlra na tuairime, lena n-áirítear an togra reachtach lena mbaineann

2.1In 2018, thug earnáil an innealra cuntas ar láimhdeachas a bhí cothrom le EUR 700 billiún, ar tháirgeacht EUR 670 billiún, agus ar bhreisluach EUR 230 billiún. Bhí onnmhairí iomlána innealra agus trealaimh an Aontais cothrom le EUR 517 mbilliún, agus onnmhairíodh thart ar 50 % den mhéid sin chuig Ballstáit an Aontais (i.e. onnmhairí laistigh den Aontas) agus onnmhairíodh an chuid eile go tíortha lasmuigh den Aontas 3 .

2.2Is cuid de phacáiste níos leithne maidir leis an intleacht shaorga é an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le táirgí innealra. Is éard atá sa togra sonrach maidir le hinnealra athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInnealra (Treoir 2006/42/CE). Cuidíonn an t-athbhreithniú sin leis an aistriú digiteach agus le neartú an mhargaidh aonair araon. Tá an Treoir maidir le hInnealra ina cuid den reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí. Tá sí dírithe ar ardleibhéal cosanta a áirithiú d’oibrithe, do thomhaltóirí agus do dhaoine eile neamhchosanta trí dhíriú ar shábháilteacht bhunúsach an innealra. Cuirtear oibleagáid ar mhonaróirí innealra an tsábháilteacht a chur san áireamh agus iad ag dearadh agus ag tógáil innealra (‘Sábháilteacht trí Dhearadh’).

2.3Tá sé shainchuspóir sa togra:

1.Srian a chur le rioscaí nua a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn;

2.Léirmhíniú comhsheasmhach ar an raon feidhme agus ar na sainmhínithe a áirithiú agus feabhas a chur ar an tsábháilteacht do theicneolaíochtaí traidisiúnta;

3.Innealra a mheastar a bhfuil ardriosca leis a athmheasúnú agus nósanna imeachta comhréireachta gaolmhara a athmheasúnú;

4.Ceanglais doiciméadachta ar pháipéar a laghdú;

5.Comhsheasmhacht le reachtaíocht eile an Chreata Reachtaigh Nua a áirithiú;

6.Na héagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sa léirmhíniú a thagann ón trasuí sa dlí náisiúnta a laghdú.

2.4Mar chuid de mheasúnú tionchair, tá roghanna éagsúla curtha san áireamh ag an gCoimisiún chun déileáil leis an Treoir maidir le hInnealra, a théann siar go dtí 2006, i.e. 15 bliana cheana féin, agus tá sí bunaithe ar rialacháin ón mbliain 1989. Mar gheall ar cé chomh tapa agus a tharlaíonn an fhorbairt theicniúil agus innealtóireachta, is tréimhse an-fhada sin. I bhfianaise an méid sin, roghnaíodh athbhreithniú a dhéanamh, agus é mar aidhm leis borradh a chur faoin iomaíochas tríd an ualach ar mhonaróirí a íoslaghdú agus trí chur leis an tsábháilteacht le ceanglais níos soiléire agus/nó ceanglais bhreise. Glactar leis go mbeidh costais bhreise i gceist le comhlíonadh na gceanglas sin.

2.5Tá an t-athrú ó threoir go rialachán ceaptha trasuí éagsúil sna Ballstáit a sheachaint. Ar an gcaoi sin, tá súil ag an gCoimisiún go ndéanfar comhsheasmhacht fhoriomlán a mhéadú agus a áirithiú maidir le léirmhíniú agus forfheidhmiú an ghnímh reachtaigh.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Murab ionann agus a lán treoracha eile, níl an Treoir maidir le hInnealra atá i bhfeidhm go dtí seo curtha in oiriúint don Chreat Reachtach Nua. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil na rialacha á dtabhairt cothrom le dáta anois agus á gcur in oiriúint do chomhthéacs athraithe na rialála san Aontas. Meastar go bhfuil tábhacht le soiléiriú maidir leis an raon feidhme, go háirithe an teorainn idir an Treoir maidir le hÍsealvoltas, an Treoir maidir le Brú-threalamh agus treoracha eile, chomh maith le sainmhínithe amhail innealra páirtchríochnaithe a shonrú.

3.2Is mór ag CESE go dtéann an togra le haghaidh athbhreithniú i ngleic le hábhar atá tábhachtach do roinnt mhaith gnólachtaí, oibrithe agus grúpaí ábhartha eile san Aontas. Is iad na rialacha atá beartaithe an creat lárnach dlí d’aon chuideachta a dhearann, a thógann nó a oibríonn innealra. Braitheann sábháilteacht na n-oibrithe a oibríonn innealra go mór ar fhorfheidhmiú comhsheasmhach na gceanglas sna Ballstáit agus ar fhaireachán ar an ceanglais sin.

3.3Tá sé ag teacht le prionsabal an chomhionannais san Aontas nach mór do na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le hinnealra a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát agus a bheith infheidhme go comhionann maidir le gach monaróir, dáileoir agus oibreoir sna tíortha sin. Dar le CESE, is léir go bhféadfar táirgí a thrádáil gan bhac idir na Ballstáit uile má chomhlíontar na ceanglais sin.

3.4Is díol sásaimh do CESE go gcaomhnaítear leis an togra an phríomhaidhm atá leis an treoir a bhí i bhfeidhm go dtí seo, is é sin bunrialacha uile-Eorpacha a leagan síos maidir le sábháilteacht, sláinte agus saorghluaiseacht earraí a bhaineann le hinnealra. Is iad na príomhchuspóirí i gcónaí ná an tsábháilteacht, ar thaobh amháin, agus na bacainní ar thrádáil a bhaint, ar an taobh eile, cé go gcumhdaítear freisin anois an nuálaíocht theicniúil agus innealtóireachta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo in earnáil an innealra.

3.5Cuireann CESE i bhfios gur gá forálacha idirthréimhseacha atá trédhearcach, iomchuí agus sothuigthe chun aistriú ón Treoir maidir le hInnealra go dtí an Rialachán nua maidir le hInnealra. Ní mór Airteagal 50 den togra a bheith níos sonraí. Ní léir cé na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le hinnealra arna tháirgeadh nó arna chur ar an margadh le linn na hidirthréimhse 30 mí agus conas a dhéantar an t-innealra sin a idirdhealú ó tháirgí a bhí ar an margadh roimh an idirthréimhse. Tá aga tionscanta oiriúnach de dhíth ar mhonaróirí agus ar allmhaireoirí. Mar shampla, réiteach úsáideach a bheadh ann a cheangal nach gcuirfeadh na Ballstáit bac ar innealra a chur ar an margadh má táirgeadh é i gcomhréir le Treoir 2006/42/CE roimh dháta a haisghairthe go dtí 42 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin nua.

3.6Leis an togra reatha maidir le táirgí innealra, cuirtear leis an réimse de chineálacha éagsúla innealra is gá a chumhdach le rialachán den sórt sin. Dar le CESE, tá sé sin loighciúil chun sraith chuimsitheach agus shoiléir rialacha a chruthú. I gcás monaróirí, onnmhaireoirí agus, go háirithe, ceannaitheoirí innealra, tá sé tábhachtach córais intleachta saorga a chomhtháthú san innealra a bheadh le rialú. Ciallaíonn an cur chuige iomlánaíoch sin i leith na rialála nach mbeadh ar ghnólachtaí ach measúnú comhréireachta amháin a dhéanamh i ngach cás.

3.7Measann CESE gur gá struchtúr agus substaint na n-iarscríbhinní a ghabhann leis an togra le haghaidh rialacháin a oiriúnú. Níl aon chúis leis uimhriú na n-iarscríbhinní gaolmhara a ghabhann leis an togra le haghaidh rialacháin a athrú (is ionann Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn I anois, etc.). Ba cheart athruithe a theorannú do chásanna inar léir go bhfuil gá leo. Ag an am céanna, mar gheall ar an mbaol ard a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, is ceart comhpháirteanna sábháilteachta áirithe de chuid Iarscríbhinn II, amhail ROPS, FOPS agus bogearraí a áirithíonn feidhmeanna sábháilteachta, a chur ar an liosta de tháirgí innealra ardriosca a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ba cheart neamhréireachtaí le reachtaíocht eile Eorpach is infheidhme maidir le hinnealra a sheachaint freisin, amhail i gcás na Treorach maidir le hÍsealvoltas. Níor cheart nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích ach aon uair amháin. Bheadh sé sin ábhartha, mar shampla, do cheanglais áirithe sláinte agus sábháilteachta a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra seo a bhfuil baint acu le rioscaí (e.g. an Treoir maidir le Trealamh Raidió 2014/53/AE nó an Treoir maidir le Brú-threalamh 2014/68/AE). Sa chás sin, níor cheart go mbeadh feidhm ach ag na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta chun táirge a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís mar a fhoráiltear sa togra seo le haghaidh rialacháin.

3.8Measann CESE gur gné ríthábhachtach é sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe a chosaint. Tá monaróirí agus pleanálaithe innealra freagrach as sábháilteacht bhunúsach an innealra. Murar féidir an tsábháilteacht a áirithiú, níor cheart innealra a chur ag obair. Ní mór do dhaoine a oibríonn innealra ar bhonn laethúil a bheith, le linn na hoibre sin, neamhchosanta ar aon chontúirtí a d’fhéadfaí a sheachaint. Is é a chiallaíonn sé sin, go sonrach, nach mór don innealra a bheith sábháilte an tráth a chuirtear ar an margadh é agus le linn a shaolré. Ní mór comhlíonadh na rialacha sábháilteachta a sheiceáil go rialta. Ní mór go bhféadfaí an t-innealra a oibriú go sábháilte agus ní mór na feistí sábháilteachta agus cosanta uile a bheith déanta ar bhealach ina bhféadfaí gabháil tharstu nó a chasadh as go héasca. Lena chois sin, is gá na rioscaí iarmharacha go léir nach féidir deireadh a chur leo tríd an dearadh a thabhairt le fios go soiléir do na húsáideorí agus do na hoibreoirí trí mharcanna agus doiciméid theicniúla, treoracha oibriúcháin go háirithe. Molann CESE go n-áireodh an Coimisiún moladh sa togra le haghaidh rialacháin, moladh maidir leis an ngá atá ann dul i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe agus le hionadaithe sábháilteachta san ionad oibre. Ina theannta sin, ba cheart go sonrófaí go soiléir na freagrachtaí atá ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i gcás tionóisce, go háirithe i gcás úsáid na hintleachta saorga.

3.9Tugann CESE aird ar an tuairim uaidh in 2019 Plean comhordaithe i dtaca leis an intleacht shaorga 4 . Tugadh le fios sa tuairim sin nach mór, ar mhaithe leis na rioscaí a bhféadfadh daoine a bheith nochta dóibh agus iad ag oibriú innealra, oiliúint a chur ar gach oibrí ar leith in úsáid na hintleachta saorga agus úsáid róbat ionas gur féidir leo oibriú go sábháilte leo agus iad a mhúchadh i gcás éigeandála (prionsabal an choscáin éigeandála). Is fíor sin go háirithe i gcás ina bhfuil daoine agus innealra ag oibriú an-ghar dá chéile. Ghlac an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) caighdeán maidir le róbait atá dírithe ar mhonaróirí, dáileoirí agus úsáideoirí. Cuireann an caighdeán sin treoirlínte ar fáil chun réimsí oibre a dhearadh agus a eagrú d’fhonn rioscaí san ionad oibre a laghdú.

3.10Bheadh CESE i bhfabhar tús áite a thabhairt d’úsáid treoracha oibriúcháin digiteacha. D’fhéadfadh monaróirí treoracha oibriúcháin a sholáthar i bhfoirm pháipéir dá n-iarrfadh an custaiméir sin. Mar sin féin, tá sé tugtha le fios ag an tionscal gur treoracha oibriúcháin i bhformáid dhigiteach a theastaíonn ó chustaiméirí in a lán cásanna cheana féin.

3.11Léiríonn úsáid ghinearálta innealra nach féidir ar éigean, de bharr éagsúlacht na n-úsáidí agus na rioscaí gaolmhara, rialacha ginearálta agus rialacha a bhfuil cuma níos simplí orthu a chur i bhfeidhm, amhail, mar shampla, toirmeasc a chur ar imill mhiotalacha ghéara, toisc gur dlúthchuid d’fheidhm an innealra lena mbaineann iad go minic. I gcás a lán cineálacha innealra, amhail fáisceáin nó córais gearrtha léasair, tá na rioscaí d’oibreoirí an innealra nasctha go dlúth leis an bhfeidhm atá beartaithe leis an innealra. Tá sé de fhreagracht ar mhonaróirí baol gortaithe den sórt sin a laghdú a mhéid is féidir trí bhearta cosanta iomchuí a dhéanamh.

3.12Measann CESE gurb iomchuí go n-áirítear freisin agus go háirithe leis an rialachán atá beartaithe innealra níos forbartha agus nach bhfuil chomh spleách sin ar oibreoirí daonna. Táthar ag súil go dtiocfaidh fás mór ar sciar na dteicneolaíochtaí sin sa mhargadh foriomlán Eorpach d’innealra sna blianta amach romhainn. Go háirithe, tá gá le caighdeáin aonfhoirmeacha d’innealra atá in ann foghlaim go neamhspleách, chun go mbeidh siad níos uathrialaithí de réir a chéile agus, ar an gcaoi sin, gníomhaíochtaí nua agus céimeanna nua oibriúcháin a chur i gcrích. Is cinnte go mbeidh dúshláin nua ann maidir le sábháilteacht táirgí mar gheall ar theicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an róbataic. Is díreach d’úsáid na hintleachta saorga a theastaíonn creat slándála a bheidh sainithe go sonrach inar féidir na córais sin a oibriú.

3.13Cuireann CESE i bhfios go láidir go gcaithfidh sé, chomh maith le sláinte (fhisiceach agus mheabhrach) oibreoirí innealra a chosaint, go mbíonn tionchar mór ag gnéithe comhshaoil agus aeráide ar cé acu atá nó nach bhfuil innealra sábháilte. Ní mór monarú agus oibriú innealra agus ceist na hinbhuanaitheachta a mheas in éineacht agus a mheasúnú maidir leis an tionchar don duine agus don chomhshaol. Is ar éigean is féidir a rá gur innealra sábháilte innealra a dhéanann dochar buan don aeráid. Tugann an togra aghaidh ar an tionchar ar an gcomhshaol. Baineann sé sin go háirithe leis an méid a tharlaíonn nuair a dhéantar táirgí innealra a mhodhnú trí idirghabháil an duine nó go digiteach, ar bhealaí a d’fhéadfadh sé nach raibh tuartha ag an monaróir. D’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin nach gcomhlíontar ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a thuilleadh agus nach mbeadh na measúnuithe comhréireachta a úsáidtear bailí a thuilleadh. Nuair a fhéachtar go ginearálta ar an ról atá ag monarú agus oibriú innealra i gcosaint an chomhshaoil agus na haeráide, ní mór nasc comhtháite a bheith ann le reachtaíocht eile de chuid an Aontais (e.g. maidir le hinbhuanaitheacht táirgí).

3.14Sonraítear sa togra ón gCoimisiún, i gcás innealra ardriosca atá faoi réir measúnaithe, fiú nuair a chuirtear caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm, gur cheart deireadh a chur amach anseo leis an rogha atá ag monaróirí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích trí sheiceálacha inmheánacha amháin. Mar sin féin, déantar a lán den innealra atá i gceist a tháirgeadh i sraitheanna beaga nó mar mhíreanna aonair agus ní bheadh sé oiriúnach sa chleachtas, dá bhrí sin, baint a bheith ag measúnóir tríú páirtí leis na cásanna sin. Molann CESE, dá bhrí sin, go gcoinneofaí na rialacha reatha i gcásanna aonair a bhfuil údar cuí leo – mar shampla, mura mbaineann an sciar den intleacht shaorga ach le bogearraí statacha nach féidir leo athrú astu féin ná cinntí a dhéanamh. Ina theannta sin, ardaítear an cheist an mbaineann costais shuntasacha le rannpháirtíocht éigeantach comhlachta a bhfuil air fógra a thabhairt d’fhonn measúnú comhréireachta a chur i gcrích, rud a chuireann ualach trom ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe. Tarlaíonn sé sin díreach sna cásanna sin nach bhfuil ach cuid bheag den innealra feistithe leis an intleacht shaorga, ach fágann sin nach mór tástáil iomlán a dhéanamh air agus fógra a thabhairt ina leith mar innealra ardriosca. Is go díreach nuair a bhíonn comhpháirteanna aonair i gceist, agus nach féidir aon chaighdeán tástála iomchuí a chur i bhfeidhm, a ardaítear an cheist maidir le héifeachtúlacht comhlachta sheachtraigh a bhfuil air fógra a thabhairt.

3.15Is díol sásaimh do CESE gur féidir leis an gCoimisiún a shonraíochtaí teicniúla féin a tharraingt suas i gcás easpa caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí. Chuige sin, ní mór do na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach roimh ré.

3.16Maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha maidir le tástáil agus fógra a thabhairt, molann CESE deimhniú Eorpach a thabhairt isteach do chuideachtaí chun iontaofacht na gcóras intleachta saorga a léiriú 5 .

3.17Foráiltear leis an togra nach bhféadfar táirgí innealra a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís ach amháin má tá siad suiteáilte, á gcothabháil agus á n-úsáid mar is ceart chun na críche atá beartaithe dóibh. Ina theannta sin, ní mór na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh (Airteagal 7). Mar sin féin, ní gá innealra páirtchríochnaithe a chur i seirbhís agus ba cheart, dá bhrí sin, é a dhíolmhú ó na forálacha a bhaineann lena leithéid a dhéanamh. D’fhéadfaí foráil ar leith a dhéanamh, mar shampla, nach gcuirfí innealra páirtchríochnaithe ar fáil ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ar dhearbhaigh an monaróir ina leith sa dearbhú corpraithe go bhfuil sé comhréireach.

3.18D’fhonn an Rialachán maidir le hInnealra a chur chun feidhme ar an mbealach is comhleanúnaí, creideann CESE go bhfuil gá le faireachán leanúnach sa Choimisiún Eorpach agus i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir. Chuige sin, beidh gá le próisis chomhordaithe chomhairliúcháin idir Ard-Stiúrthóireachtaí GROW, EMPL agus CONNECT. D’fhéadfaí, mar shampla, bord um chomhordú leanúnach a chruthú a bheadh comhdhéanta de Ghrúpaí Comhair Riaracháin maidir le hearnáil an innealra agus de Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) i gcás sábháilteacht agus sláinte ag an obair agus arna mhaoiniú ag an gCoimisiún.

An Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2021

Alain COHEUR

Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

_____________

(1)       Tuarascáil faisnéise ‘Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInnealra’ (níl leagan Gaeilge ann, teideal aistrithe).
(2)      Féach freisin IO C 240, 16.7.2019, lch. 51 .
(3)    Foinse: https://ec.europa.eu/growth/sectors/mechanical-engineering/machinery_en
(4)       IO C 240, 16.7.2019, lch. 51 (níl leagan Gaeilge ann; teideal aistrithe).
(5)      Féach freisin IO C 240, 16.7.2019, lch. 51 .