GA

NAT/820

I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le
forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach

TUAIRIM

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol


I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach
[tuairim féintionscnaimh]

Teagmháil

nat@eesc.europa.eu

Riarthóir

Martine DELANOY

Dáta an doiciméid

08/10/2021

Rapóirtéir: Josep PUXEU ROCAMORA

Comhrapóirtéir: Piroska KÁLLAY

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25/03/2021

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

04/10/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá CESE lánchinnte go mbeidh todhchaí na hEorpa ag brath ar an mbealach ina bpléifear le limistéir thuaithe agus go bhfuil gá le tuilleadh comhair le limistéir uirbeacha chun a áirithiú nach mbeidh aon limistéar ná saoránach ‘fágtha ar lár’ san aistriú cóir chuig Aontas Eorpach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe agus rathúil. Bheadh an méid sin i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus Shóisialta don Eoraip, leis an bpacáiste téarnaimh Next Generation EU, le Clár Oibre Críochach 2030 agus leis na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe.

1.2Creideann CESE gur cheart don Aontas éagothromaíochtaí idir réigiúin a laghdú trí bheartais a chur chun cinn lena n-áiritheofar aistriú cóir agus inbhuanaithe i ngach réimse agus lena ráthófaí dea-cháilíocht saoil i limistéir thuaithe.

1.3Mar gheall ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le paindéimí, leagann CESE béim ar a phráinní atá sé gníomhú anois agus athrú ó bhonn a chur i bhfeidhm chun an tairbhe a bhaineann le bheith ag obair le chéile a léiriú agus chun meas agus tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn, ar mhaithe leis na saoránaigh uile.

1.4Dá bhrí sin, iarrann CESE ar lucht déanta beartas straitéis AE chuimsitheach agus iomlánaíoch a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe agus uirbeach atá cothrom, comhtháite agus comhionann, trí ról na bpobal áitiúil a ghiaráil, trí bhorradh a chur faoi thionscail thraidisiúnta agus trí ghníomhaíochtaí nua eacnamaíocha agus deiseanna fostaíochta a chruthú i limistéir thuaithe, agus sineirgí le limistéir uirbeacha á gcothú ag an am céanna.

1.5Chun cothrom na Féinne a bhaint amach idir pobail tuaithe agus an timpeallacht uirbeach, molann CESE an méid seo a leanas:

1.is gá acmhainní leordhóthanacha le haghaidh beartais tuaithe a chur ar fáil agus ní mór cumarsáid teicneolaíochta agus bonneagar iompair, chomh maith le córais oideachais agus córais seachadta seirbhísí sláinte éifeachtúla agus ar ardcháilíocht a sholáthar. Ba cheart iad sin a chur ag luí go hiomlán leis na seirbhísí ábhartha uirbeacha (‘sláinte chomhionann’);

2.ba cheart acmhainní nádúrtha tuaithe a léiriú agus a chur chun tairbhe trí phoist, oiliúint agus tithíocht a sholáthar, agus deiseanna nuálacha gnó a chruthú ag an am céanna;

3.ba cheart do cheannairí polaitiúla tacú le parlaimintí tuaithe agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, ós eiseamláir den daonlathas rannpháirteach iad, agus ba cheart na saoránaigh tuaithe go léir a bheith rannpháirteach iontu, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, mná, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh agus, go háirithe, daoine óga;

4.ba cheart sócmhainní oidhreachta cultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn 1 .

1.6Maidir leis an bhforbairt tuaithe/uirbeach, molann CESE an méid seo a leanas:

1.ní mór do rialtais a bheith trédhearcach agus cothrom ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh i ngach aon réimse;

2.ba cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear LEADER agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla, comhpháirtíochtaí áitiúla tuaithe agus uirbeacha a fhorbairt chun deiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chruthú agus tuiscint níos fearr ar idirthuilleamaíochtaí a chothú;

3.d’fhéadfadh samhail rialachais na gComhairlí um Beartas Bia a bheith ina spreagadh do chomhar éifeachtach idir na geallsealbhóirí uile ar an leibhéal áitiúil. Chuir tionchair nua ar an gcomhshaol agus an phaindéim isteach ar dheiseanna teilea-oibre, ar an ngá atá ann tithíocht tuaithe a chur ar fáil agus ar an rochtain ar úsáid talún;

4.bheadh sé tairbheach malartú dea-chleachtas agus cásanna riosca idir réigiúin a spreagadh agus tacú leo;

5.d’fhéadfadh rochtain ar oideachas ar ardcháilíocht i limistéir thuaithe a bheith ar cheann de na gnéithe a chuireann leis an bhforbairt eacnamaíoch áitiúil agus d’fhéadfadh an rochtain sin cabhrú le pobail tuaithe iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú go tapa.

1.7Go háirithe, cuireann CESE na moltaí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus na rialtas náisiúnta agus réigiúnach:

1.ní mór an fhís fhadtéarmach do na limistéir thuaithe 2 a ghlac an Coimisiún le déanaí a fhorbairt tuilleadh ionas go gcruthófar leis tiomantas tuaithe agus uirbeach do chur chuige cothrom. Tá sé tábhachtach go léireofar an tairbhe a bhaineann le heagraíochtaí tuaithe agus uirbeacha a bheith ag obair le chéile, tionscnamh ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ nó i gcomhaontú glas atá cuimsitheach ó thaobh na sochaí de, mar shampla;

2.ba cheart don Choimisiún Eorpach gealltanas a thabhairt go gcruthóidh sé grúpa geallsealbhóirí tuaithe agus uirbeacha bunaithe ar an tionscnamh ‘Sráidbhailte Cliste’ chun dea-chleachtais a fhorbairt i múnlaí comhpháirtíochta;

3.chun tacú leis an rannpháirtíocht, ba cheart infheistíocht a dhéanamh i dtreoirthionscadail áitiúla agus dreasachtaí/coinníollachtaí a chur i bhfeidhm agus duaiseanna a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach le haghaidh samplaí forásacha a léireodh comhaontuithe cuimsitheacha.

1.8Tá CESE tiomanta freisin do bheith ag obair le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste na Réigiún trí thaighde a dhéanamh, trí chomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus trí chairt Eorpach um chearta agus freagrachtaí tuaithe agus uirbeacha a chur chun cinn.

1.9Déanfaidh CESE fís iomlánaíoch a ionchorprú ina thuairimí a bheidh ann amach anseo maidir le beartais chríochacha, uirbeacha agus tuaithe. Mar shampla, phléigh rannóga éagsúla CESE an tuairim seo sular glacadh í.

2.Réamhrá

2.1I bhfianaise na moltaí a rinneadh sa tuairim ó CESE ‘Cur chuige comhtháite i leith réimsí leochaileacha san Aontas Eorpach’, a glacadh i mí Mheán Fómhair 2020 3 , agus i bhfianaise na héisteachta a bhí ar siúl an 18 Meitheamh 2021 4 , tá sé mar aidhm anois ag CESE straitéis iomlánaíoch AE maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe tuaithe agus uirbeach a chur le chéile, anailís a dhéanamh ar an gcreat foriomlán a nascann beartas tuaithe le gach beartas ábhartha eile, dúshláin agus bacainní atá ann cheana a shainaithint, agus béim a leagan ar an ról atá ag an tsochaí shibhialta, ag gnólachtaí agus ag pobail áitiúla maidir le cineálacha cur chuige ón mbun aníos a fhorbairt. Rannchuideoidh CESE go gníomhach lena áirithiú go gcuirfear an straitéis sin san áireamh agus beartais an Aontais á gceapadh.

2.2Tá sé ríthábhachtach bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an éagsúlacht atá ann i limistéir thuaithe, bunaithe ar na deiseanna atá ar fáil i ngach limistéir. Ar thaobh amháin, tá limistéir thuaithe ann ar féidir leo tairbhe a bhaint as an ‘éifeacht ceirtleáin’ mar gheall ar an idirghníomhaíocht idir iad féin agus limistéir uirbeacha agus mar gheall air go bhfuil siad gar do na limistéir uirbeacha sin. Ar an taobh eile, tá limistéir eile níos iargúlta ann a bhíonn ag brath i bhfad níos mó ar earnáil amháin, go minic an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an iascaireacht nó an mhianadóireacht agus nach bhfuil idirghníomhaíocht chomh láidir céanna ann acu le limistéir uirbeacha.

2.3Cé gur dhá limistéar éagsúla iad limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha a bhfuil saintréithe faoi leith acu agus forbairt mhíchothrom ag gabháil leo, is léir i bhfírinne go bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile. Ag an am céanna, tá na hidirthuilleamaíochtaí sin ag éirí níos casta agus níos dinimiciúla agus tá sreafaí struchtúracha agus feidhmiúla daoine agus earraí caipitil, faisnéise, teicneolaíochta agus stíleanna maireachtála ag gabháil leo. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cothromaíocht a bhaint amach idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha, dhá limistéar atá ag brath ar a chéile agus nárbh fhéidir leo a bheith ann in éagmais a chéile.

2.4Ní mór an dóigh bheatha sna limistéir thuaithe a chur chun cinn mar dhóigh ina gcothaítear dea-bhail agus caighdeán ard maireachtála, fiú i limistéir iargúlta nó i limistéir faoi mhíbhuntáiste. Ní mór don straitéis an chothromaíocht cheart a aimsiú idir an dá ghné sin agus bealach a aimsiú chun iad araon a comhlánú d’fhonn inbhuanaitheacht a bhaint amach sa todhchaí.

2.0Ní féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair na limistéar tuaithe (an t‑athrú déimeagrafach, an dídhaonrú, an deighilt dhigiteach, leibhéil ísle ioncaim, rochtain theoranta ar sheirbhísí áirithe, an gá le deiseanna fostaíochta níos fearr nó tionchair shonracha an athraithe aeráide) ach amháin má ghlacfar dearcadh críochach cuimsitheach athneartaithe, lena ndíreofar ar dhul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gcomhfhorbairt.

2.1Leis an gcomhthéacs nua sin, a théann níos faide ná na naisc thraidisiúnta idir na limistéir thuaithe, ar naisc iad a bhíonn dírithe ar earnáil na talmhaíochta agus nach bhfuil aon bhaint acu leis an timpeallacht uirbeach, éilítear go mbeidh bearta forbartha tuaithe bunaithe ar chur chuige ilearnála agus comhtháite ar fud na réigiún uile, lena mbainfear leas as sineirgí agus lena gcomhlánaítear limistéir thuaithe, uirbeacha agus eatramhacha.

0.Dúshláin agus tograí le haghaidh gníomhaíochta

0.1Tá coincheapa nua, léirmhínithe nua agus cineálacha cur chuige nua de dhíth ar an dearcadh traidisiúnta lena ndéantar idirdhealú soiléir idir na limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha. Ní mór na dálaí iarbhír ar an leibhéal áitiúil a chur san áireamh chun an réigiún lena mbaineann a shainiú.

0.2Ba cheart forbairt na réigiún Eorpach amach anseo a bheith bunaithe ar chomhlántacht idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha agus ar chomhordú na mbeartas atá dírithe orthu, agus é a bheith mar aidhm dheiridh comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht chomhshaoil na réigiún sin a bhaint amach.

0.3Tá ról lárnach ag cathracha meánmhéide maidir le limistéir chathracha uirbeacha a nascadh le limistéir thuaithe. Dá bhrí sin, ní mór aird ar leith a thabhairt orthu sa phleanáil maidir le húsáid talún agus i leithdháileadh acmhainní agus seirbhísí. Tá cur chuige an-rathúil curtha chun feidhme cheana féin ag go leor cathracha Eorpacha (lena n-áirítear Toulouse na Fraince, Manresa na Spáinne, Torino na hIodáile agus Aalborg na Danmhairge). Is príomhghníomhaithe iad líonraí cathracha amhail Rialtais Áitiúla ar son na hInbhuanaitheachta (ICLEI) 5 , Eurotowns 6 agus Eurocities 7 maidir le taithí a mhalartú agus dea-chleachtais a chur chun cinn.

0.4Ní mór an idirghníomhaíocht idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha a bheith ar an gclár oibre polaitiúil agus is gá é a dhéanamh níos éasca do na ceannairí polaitiúla agus do lucht déanta beartas an idirghníomhaíocht sin a thuiscint agus bealaí a chur chun cinn lenar féidir na beartais a eagrú go háitiúil.

0.5Leis an taighde arna mhaoiniú ag an Aontas, ba cheart leanúint de bhealaí a fhiosrú chun forbairt tuaithe/uirbeach atá cothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun forbairt eacnamaíoch na limistéir thuaithe a athbheochan. Ba cheart tionscadail amhail ROBUST 8 , RUBIZMO 9 agus LIVERUR 10 a fhorbairt tuilleadh agus ba cheart athruithe nithiúla a bheith mar thoradh orthu.

0.6Chun inbhuanaitheacht (eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil) na limistéar tuaithe agus na limistéar uirbeach a bhaint amach, tá gá le beartas cuimsitheach, a bheidh nasctha leis an bhfíorchás socheacnamaíoch, cultúrtha agus eitneagrafach, lena gcuirfear chun cinn comhar idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe éagsúla sóisialta agus eacnamaíocha, chomh maith le sásraí iomchuí rialachais leis na húdaráis áitiúla.

0.7Tá beartais shonracha agus cóir speisialta de dhíth ar limistéir thuaithe iargúlta. Ní mór aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann leis an tsláinte, an t‑oideachas, etc.

0.8Tá go leor de na dúshláin atá os comhair limistéir tuaithe lasmuigh de raon feidhme agus cistí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), mar a tugadh chun suntais sa tuarascáil faisnéise a rinne CESE le déanaí maidir le tionchar CBT ar fhorbairt chríochach na limistéar tuaithe 11 . Dá bhrí sin, is gá bogadh i dtreo cur chuige comhtháite maidir leis an ngníomhaíocht agus an cistiú a dhéantar i ndáil leis na beartais éagsúla a bhfuil tionchar acu ar limistéir thuaithe. Ba cheart cistí CBT le haghaidh forbairt tuaithe a fhorlíonadh le cistí ó bheartais náisiúnta.

0.9Ní mór do bheartais talmhaíochta, bia agus tuaithe a bheith i gcomhréir le beartais aeráide agus bithéagsúlachta, le beartais arb é is aidhm dóibh an bhochtaineacht a laghdú, le beartas bonneagair agus iompair, le beartais oideachais agus oiliúna, le beartais a bhaineann le seirbhísí bunúsacha leasa ghinearálta a sholáthar (sláinte, tithíocht, etc.), le beartais lena gcuirtear forbairt gníomhaíochtaí nua chun cinn bunaithe ar an ngeilleagar ciorclach agus ar an mbithgheilleagar agus le beartais a bhaineann leis an dídhaonrú a chomhrac.

0.10Ina theannta sin, ba cheart na beartais sin a bheith comhréireach agus comhlántach le straitéisí Eorpacha amhail an Comhaontú Glas don Eoraip 12  agus an straitéis ‘Ón bhfeirm go dtí an forc’ 13 , agus go háirithe leis an straitéis tionsclaíochta nua atá ar na bacáin, lena sainítear an earnáil agraibhia mar cheann de phríomhéiceachórais straitéiseacha de chuid an Aontais, chomh maith le beartais lena n-áirithítear an tslándáil bia. Ní hamháin gur réamhchoinníoll é triail a bhaint as cineálacha nua comhair uirbigh/tuaithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ach is deis é an méid sin chomh maith chun aistriú cóir agus forbairt inbhuanaithe atá cothrom ó thaobh críche de a bhaint amach.

0.11Ba cheart feabhas a chur ar rialachas agus ar chomhchuibhiú na gcistí Eorpacha, náisiúnta agus fonáisiúnta chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar an bhforbairt inbhuanaithe trí dhul i ngleic le saincheisteanna cothrománacha ar bhealach níos fearr agus trí aird ar leith a thabhairt ar riachtanais gach críche i gcónaí.

0.12Éilítear leis an gcur chuige comhtháite sin comhordú idir na húdaráis riaracháin éagsúla agus na comhlachtaí bainistithe, lena n-áirítear an iliomad Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhíonn ag plé le beartais trasearnálacha. Leis an gcomhordú cothrománach sin, éilítear cur chuige ina ndéanann na ceannairí polaitiúla saincheisteanna tuaithe a phríomhshruthú sna beartais go léir chun a áirithiú go gcuirtear riachtanais tuaithe san áireamh.

0.13Ba cheart na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh agus comhordú rathúil á dhéanamh idir riaracháin:

I)an scála idirghabhála ceart a shainaithint;

II)ról ceannasach soiléir maidir leis an gcomhordú beartais a bhunú;

III)comhaontuithe comhair idir réigiúin nó bardais a neartú;

IV)comhpháirtíochtaí idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha a chur chun cinn chun leas a bhaint as naisc fheidhmiúla;

V)feabhas a chur ar an gcomhordú ingearach idir leibhéil an rialtais.

0.0Is gá nasc díreach a choinneáil leis na limistéir thuaithe trí leas a bhaint as an ról gníomhach atá ag réigiúin an Aontais, ar ról ríthábhachtach é maidir le beartais forbartha tuaithe a shainiú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. Is gnéithe ríthábhachtacha iad rannpháirtíocht il-gheallsealbhóra agus cur chuige ‘ón mbun aníos’ chun inbhuanaitheacht agus úinéireacht áitiúil na mbeartas tuaithe a áirithiú. Iarrann CESE go gcuirfí san áireamh an ról a d’fhéadfadh a bheith ag grúpaí áitiúla gníomhaíochta agus ag an tsamhail maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

0.1Thairis sin, molann CESE samhail rialachais na gComhairlí um Beartas Bia a úsáid mar spreagadh do chomhar éifeachtach idir na geallsealbhóirí uile ar an leibhéal áitiúil.

0.2Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir le conarthaí limistéarbhunaithe arna dtacú ag beartais rannpháirtíochta, lena n-éilítear cuspóirí a shainiú, an comhar, tiomantais phoiblí agus phríobháideacha atá dírithe ar na limistéir a dhreasú, sásraí a fhorbairt le haghaidh comhar idirinstitiúideach agus trasearnála agus struchtúr institiúideach nua a chruthú lena gcuirfear an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn, lena dtabharfaí aitheantas d’éagsúlacht na limistéar tuaithe agus lena gcuirfear naisc uirbeacha-tuaithe chun cinn. I ndáil leis sin, tá an deis anois ag cuideachtaí agus ag eagraíochtaí san earnáil agraibhia an cód iompair maidir le cleachtais fhreagracha ghnó agus mhargaíochta 14 arna seoladh ag an gCoimisiún mar chuid den straitéis ‘Ón bhfeirm go dtí an forc’ a shíniú.

0.3Ba cheart conarthaí limistéarbhunaithe a bheith bunaithe ar an gcothromas agus ar an urraim. Tá cóid iompair maidir le limistéir thuaithe i bhfeidhm i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Albain chun cabhrú le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar conas limistéir thuaithe a urramú. D’fhéadfaí an méid sin a bheith ina Chairt Eorpach um Chearta agus 15 Freagrachtaí maidir le caidreamh cothrom inbhuanaithe tuaithe-uirbeach. Ba cheart an Chairt seo a ionchorprú san oideachas saoránachta do chách.

0.4Aithníonn CESE nach bhfuil aon fhoirmle chaighdeánach a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm sna réigiúin éagsúla go léir agus gur cheart do gach aonad críochach díriú ar a saintréithe speisialta agus speisialtóireacht a dhéanamh dá réir, agus a uathúlacht, éagsúlacht agus fadhbanna a bhaineann leis an gcaoi a n-úsáidtear na réigiúin sin á n-urramú, agus réitigh a aimsiú atá bunaithe ar acmhainneacht, riachtanais, cumais agus mianta na réigiúin sin chomh maith. Ní mór machnamh a dhéanamh ar an leibhéal domhanda maidir leis an mbonneagar atá ann cheana a úsáid agus ar bhonneagair nua a fhorbairt, agus na treochtaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sna háiteanna cearta á mbreathnú ag an am céanna.

0.5An gá atá le deiseanna fostaíochta a fheabhsú:

I)chuir paindéim COVID-19 dlús leis na próisis a bhaineann leis an digiteáil agus leis an nglasú, próisis a éilíonn iarrachtaí chun go mbeidh siad fós ann le himeacht aimsire;

II)is gá deiseanna nua fostaíochta a chruthú agus a chothabháil i limistéir thuaithe, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le soláthar seirbhísí tuaithe, teilea-obair, teicneolaíochtaí nua nó fuinnimh in-athnuaite;

III)is féidir go leor deiseanna fostaíochta a chruthú ach gnéithe ilfheidhmeacha na talmhaíochta a neartú, gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta a spreagadh, gnólachtaí a chur ar bun in earnáil na seirbhísí glana sábhailte fuinnimh agus san earnáil tionsclaíochta i limistéir thuaithe;

IV)fiontraíocht a chur chun cinn, rialacha iomaíochta córa a áirithiú do FBManna agus aird a thabhairt ar riachtanais na nglúnta óga (e.g. an chianobair);

V)poist agus siopaí a choinneáil gar do dhaoine. Leis an bhfís tuaithe-uirbeach cuirtear deiseanna ar fáil chun geilleagar ciorclach a fhorbairt;

VI)obair chuibhiúil a chur chun cinn agus dálaí oibre a fheabhsú i limistéir thuaithe, agus a chinntiú ag an am céanna go mbeidh guth ag gach duine a ghlacfaidh páirt sa phróiseas feabhsúcháin;

VII)éileamh na dtomhaltóirí a nascadh le margaí réigiúnacha agus tuaithe trí tháirgí áitiúla agus lipéid cháilíochta a mhargú;

VIII)ba cheart cruthú deiseanna cultúrtha i limistéir thuaithe a chur chun cinn go forleathan, lena n-áirítear imeachtaí cultúrtha a chur chun cinn agus foirgnimh stairiúla agus reiligiúnacha tuaithe a chosaint (eaglaisí, caisleáin, etc.);

IX)cuireann próisis digiteála deiseanna nua ar fáil a d’fhéadfadh ionchais agus tarraingt a chothú i measc na saoránach, go háirithe i measc na ndaoine óga, agus a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar threochtaí dídhaonraithe agus ar an gcáilíocht saoil sna limistéir thuaithe. Chuige sin, tá bonneagar leordhóthanach de dhíth ar limistéir thuaithe chun nascacht a áirithiú. Cuireann straitéisí nascachta agus ardáin dhigiteacha réitigh ar fáil i ndáil leis sin agus, a bhuí le gníomh digiteach tuaithe, éascófaí forbairt teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht agus i limistéir thuaithe;

X)ba cheart tacú leis an talmhaíocht agus an dobharshaothrú 16 inbhuanaithe i limistéir thuaithe agus pheireauirbeacha, mar aon leis an éiceathurasóireacht, gníomhaíochtaí fóillíochta agus oideachais a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, agus ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí sin ag luí le cosaint na bithéagsúlachta d’fhonn cáilíocht saoil na ndaoine a áirithiú;

XI)Is féidir le hoideachas tuaithe inrochtana ar ardcháilíocht, ag tosú le luathbhlianta leanaí, feabhas a chur ar thorthaí an oideachais agus is gné áitbhunaithe í an rochtain ar sheirbhísí poiblí, amhail cúram leanaí agus scoileanna, a múnlaíonn tarraingteacht na limistéar tuaithe, lena n-áirítear d’oibrithe ardoilte.

0.6Tá tábhacht ag baint leis an bhfás eacnamaíoch agus le cruthú post ach is gá an méid sin a chomhlánú le soláthar leordhóthanach seirbhísí ar ardcháilíocht, tithíocht, fuinneamh, fóillíocht, oideachas agus oiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil agus córais sláinte chun a áirithiú go mbeidh limistéir thuaithe ní hamháin ina n-áiteanna inbhuanaithe ach ina n-áiteanna tarraingteacha chun cónaí iontu chomh maith. Ní mór don Aontas na bunchlocha a leagan síos go práinneach do gheilleagar na dea-bhaile atá inbhuanaithe agus cuimsitheach agus a fheidhmeoidh do chách 17 .

0.7Chuige sin, teastaíonn foirmeacha nua chun seirbhísí a sholáthar i limistéir thuaithe:

I)soláthar seirbhíse comhtháite (roinnt seirbhísí ag obair san aon spás amháin; comhar idir soláthraithe seirbhíse agus idir foirne gairmithe; comhtháirge idir eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus pobail);

II)cur chuige bunaithe ar sholáthar seirbhísí malartacha agus níos solúbtha (amhail seirbhísí móibíleacha a sholáthraíonn an tseirbhís do dhaoine; samhlacha córas gathach, lena gcuirtear seirbhísí ar fáil go rialta ó mhol lárnach; seirbhísí atá níos oiriúnaí do riachtanais áitiúla);

III)réitigh theicneolaíocha agus dhigiteacha, lena n-áirítear in earnáil an oideachais agus in earnáil na sláinte.

0.8Is príomhghnéithe iad stráitéis iomlánaíoch chun tairseacha seirbhíse a bhaint amach i limistéir éagsúla agus malartú seirbhísí idir áiteanna éagsúla laistigh de limistéir d’fhonn limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe inbhuanaithe a dhearadh.

0.9Ní mór straitéis a cheapadh a chuirfidh ar chumas an phobail, trí sheirbhísí tuaithe feabhsaithe agus deiseanna fostaíochta nua, socrú isteach i limistéar agus, thar aon rud eile, an t‑athnuachan glúine is gá a ráthú.

An Bhruiséil, 4 Deireadh Fómhair 2021

Peter SCHMIDT
Cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

_____________

(1)    Tuairim CESE ‘An méid a rannchuidíonn ceantair thuaithe na hEorpa le Bliain na hOidhreachta Cultúrtha 2018 ag áirithiú na hinbhuanaitheachta agus an chomhtháthaithe uirbigh/tuaithe’, IO C 440, 6.12.2018, lch. 22 .
(2)     COM(2021) 345 final.
(3)     IO C 429 11.12.2020, lch. 60 .
(4)     I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe agus cothrom tuaithe/uirbeach | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa .
(5)     https://www.iclei.org
(6)     http://www.eurotowns.org/
(7)     https://eurocities.eu
(8)     https://rural-urban/eu
(9)     https://rubizmo.eu
(10)     https://liverur.eu/
(11)     https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/information-reports/evaluation-caps-impact-territorial-development-rural-areas-information-report
(12)     Comhaontú Glas don Eoraip | An Coimisiún Eorpach .
(13)     Straitéis ‘Ón bhfeirm go dtí an forc’ .
(14)     Cód iompair (europa.eu) .
(15)     The Countryside Code: advice for countryside visitors | gov.uk [Cóid iompair maidir le limistéir thuaithe: comhairle do chuairteoirí faoin tuath].
(16)    Féach tuairimí CESE Treoirlínte Straitéiseacha maidir le Forbairt Inbhuanaithe Dhobharshaothrú an Aontais agus Cur chuige nua i leith geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas .
(17)    Tuairim ó CESE The sustainable economy we need [An Geilleagar Inbhuanaithe atá de Dhíth orainn] IO C 106, 31.3.2020, lch. 1.