SOC/678
Bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá
TUAIRIM
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe
[COM(2021)93 final – 2021-50 (COD)]
Rapóirtéir: Pekka Ristelä
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 11/03/2021
An Chomhairle, 15/03/2021
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
26/05/2021
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
09/06/2021
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
561
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
147/88/11
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún a bhfuil sé d’aidhm aige é a dhéanamh níos éasca d’oibrithe prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú i gcás ina measann siad go ndearnadh idirdhealú pá orthu, cur le trédhearcacht níos fearr i struchtúir phá agus an ról atá ag comhlachtaí náisiúnta i bhforfheidhmiú an phrionsabail seo a neartú.
1.2Tugann CESE dá aire go gcuimsítear raon feidhme leathan sa Treoir atá beartaithe a bhfuil feidhm aici maidir le gach oibrí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, agus go n‑aithnítear gnéithe trasnacha den idirdhealú inti.
1.3Mar sin féin, measann CESE gur cheart gnéithe éagsúla den togra a neartú, go háirithe na critéir a úsáidtear chun luach na hoibre agus cumhdach roinnt de na príomhoibleagáidí trédhearcachta a mheas agus an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an gcómhargáil i gcur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn.
1.4Measann CESE go bhféadfaí comhairle níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis na critéir oibiachtúla atá le húsáid chun luach na hoibre a mheas ar bhealach atá neodrach i dtaobh inscne. Ba cheart scileanna agus saintréithe na hoibre a dhéanann mná de ghnáth a bheith san áireamh i gcritéir den sórt sin, ar rudaí iad sin a dtugtar neamhaird orthu nó a ndéantar tearcluacháil orthu go minic, amhail scileanna duinelárnacha. Ba cheart na critéir sin a fhorbairt le rannpháirtíocht ó na comhpháirtithe sóisialta, nó ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta iad a fhorbairt iad féin, agus iad a chur le chéile ar bhealach solúbtha a d’fhágfadh go bhféadfaidís iad a shainiú tuilleadh.
1.5Cé gur fíor go gcuirtear san áireamh, mar ba cheart, sa togra na hábhair imní atá ann maidir le costais bhreise do FBManna, tá CESE den tuairim nach bhfuil údar maith le gach fostóir a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe aige a dhíolmhú go hiomlán. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh rialacha speisialta do FBManna iomchuí. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit chomh maith tacaíocht, oiliúint agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’fhostóirí, go háirithe do FBManna, ionas gur féidir leo na hoibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a chomhlíonadh.
1.6Measann CESE gur cheart bearta a dhéanamh chun cómhargáil i gcúrsaí comhionnanais pá a chur chun cinn, agus bearta eile arb é is aidhm dóibh an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh, gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Is féidir ról suntasach agus tairbheach a bheith ag an gcómhargáil maidir leis an gcomhionannas pá agus an comhionannas inscne a chur chun cinn go córasach ar leibhéal na cuideachta, na hearnála, an réigiúin nó ar an leibhéal náisiúnta.
1.7Cuireann CESE in iúl nach bhfuil i gceist leis na bearta atá sa togra ach roinnt de na céimeanna atá de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha atá mar bhonn leis an mbearna phá idir na hinscní. Ar mhaithe leis an bpá comhionann a áirithiú go hiarbhír, beidh gá le cur chuige iomlánaíoch ina ndéantar cur chun feidhme a dhoimhniú agus a neartú. Chuige sin, bheadh gá leis an méid seo a leanas: iarrachtaí breise a dhéanamh chun dul i ngleic le deighilt mhargadh an tsaothair, steiréitíopaí inscne agus tearcluacháil na hoibre a dhéanann mná den chuid is mó; seirbhísí cúraim leanaí atá leordhóthanach agus inrochtana, mar aon le forálacha leormhaithe i ndáil le saoire do pháirtithe; tionscnaimh chun feasacht a ardú maidir le bearnaí pá, chun deiseanna fostaíochta do mhná a chur chun cinn agus chun ionadaíocht ban níos fearr a áirithiú i bpoist chinnteoireachta; agus deireadh a chur le dídhreasachtaí cánach i bhfostaíocht na mban.
2.Réamhrá
2.1Is ceart bunúsach agus bunphrionsabal de chuid an Aontais
agus de chuid ionstraimí idirnáisiúnta agus Eorpacha chearta an duine
araon é pá chomhionann idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Athdhearbhaíodh le déanaí é faoi Phrionsabal 2 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Dearbhaítear é chomh maith leis sin in Airteagal 4 den Treoir maidir le Chomhionannas Inscne
lena dtoirmisctear aon idirdhealú inscne díreach nó indíreach i ndáil le pá ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.
2.2Tá creat AE maidir le pá comhionann i bhfeidhm le scór éigin bliain anuas
agus cuireadh leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe pá agus na laofachta inscne i struchtúir phá a bhuí leis an gcreat sin. Dar leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), is é is cúis le 9 %, as 14.1 %, den bhearna phá idir na hinscní (an chuid ‘neamh-mhínithe’) saintréithe oibrithe dofheicthe nach gcuirtear san áireamh sa tsamhail, mar aon le hidirdhealú. Ar na cúiseanna eile a bhfuil bearna phá ann idir na hinscní, tá, mar shampla, trom na bhfreagrachtaí cúraim gan íocaíocht a mbíonn ar mhná tabhairt faoi, rud a chuireann isteach ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair sa chaoi go mbíonn siad ag obair ar bhonn páirtaimseartha, agus an leithscaradh inscne cothrománach agus ingearach de réir gairme. Tugtar aghaidh ar chuid de na saincheisteanna sin faoi réimsí eile de dhlí agus beartas AE
.
2.3Tá dul chun cinn déanta i dtreo an bhearna phá idir na hinscní san Aontas a dhúnadh a bhuí leis na bearta sin. Ina ainneoin sin, is ionann agus 14.1 % fós an mheánbhearna phá san Aontas maidir le hobair ar bhonn lánaimseartha, agus is beag dul chun cinn a rinneadh ina leith sin sna deich mbliana atá caite. Ní hionann na hathruithe ó Bhallstát go Ballstát, agus is cosúil go bhfuil na bearnaí pá ag dul i méid fiú i roinnt díobh
. Ós rud é go bhfaigheann mná, ar an meán, níos lú ná fir in aghaidh na huaire, cuirtear leis na bearnaí idir na hinscní sa tuilleamh bliantúil foriomlán (36.7 %) agus i bpinsin (30 %), bíodh is nach é sin an t-aon ghné atá ag cur leis na bearnaí sin. Go sonrach, is ceann de na príomhchúiseanna leis an mbearna phá sa tuilleamh foriomlán ná go gcaitheann mná níos lú uaireanta an chloig i mbun oibre ar íocaíocht, go mór mór ionas gur féidir leo díriú ar fhreagrachtaí cúraim gan íocaíocht. Is mór an tionchar a bhíonn ag obair lánaimseartha ar thuilleamh agus deiseanna fostaíochta, agus tá gá le struchtúir tacaíochtaí ar mhaithe leis an deis sin a thabhairt do mhná agus d’fhir araon, amhail seirbhísí cúraim, freagrachtaí teaghlaigh comhroinnte agus deireadh a chur le dídhreasachtaí cánach maidir le fostaíocht na mban.
2.4Léirítear, go soiléir, i gcásdlí na gcomhlachtaí faireacháin maidir le hionstraimí idirnáisiúnta agus Eorpacha chearta an duine go bhfuil go leor eile ar féidir le formhór na mBallstát a dhéanamh chun iad féin a fheabhsú, sa dlí agus sa chleachtas araon, ó thaobh an ceart chun pá comhionann a áirithiú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear ó thaobh trédhearcacht pá de
.
2.5Bhí éifeachtaí tromchúiseacha ag paindéim COVID-19 ar an tsochaí, ar an ngeilleagar agus ar oibrithe, fiontraithe agus gnólachtaí. Is tábhachtach an ní é gur tugadh chun léire, trí bhíthin na paindéime, go bhfuil pá níos lú á fháil ag mná ná mar atá á fháil ag fir agus go ndéantar tearcluacháil fós ar an obair a dhéantar i roinnt mhaith poist riachtanacha ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire. Anuas air sin, bhí tionchar díréireach ag an bpaindéim ar mhná, laistigh agus lasmuigh den áit oibre agus, mura ndéantar beart go práinneach, beidh iarmhairtí diúltacha aige sin ar an gcomhionannas inscne
.
2.6Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (2021/0050 (COD), “an togra”), aithnítear a phráinní atá sé beart a dhéanamh ar mhaithe le pá comhionann a chur chun cinn sa chomhthéacs sin. Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar roinnt de na príomhbhaic ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach chreat AE maidir le pá comhionann sa chleachtas, rud atá dúshlánach go fóill
. Dar leis an gCoimisiún, is stuama iad na tuartha atá ann go laghdófar an bhearna phá neamh-mhínithe idir na hinscní 3 phointe céatadáin mar thoradh ar na bearta atá beartaithe, cé gur fíor go bhfuil sé deacair tionchar na mbeart sin a mheas de cheal sonraí beachta maidir le méid an idirdhealaithe atá ann.
2.7Tá trí phríomhghrúpa dúshlán aitheanta ag an gCoimisiún i ndáil leis sin: easpa soiléireachta maidir le príomhchoincheapa dlíthiúla, amhail “obair ar comhionann a luach”, easpa trédhearcachta i gcórais phá, agus réimse constaicí nós imeachta, amhail ardchostais dhlíthiúla nó easpa cúiteamh leordhóthanach
. In 2014, d’fhoilsigh sé Moladh maidir le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná a neartú trí thrédhearcacht pá (“an Moladh”), a bhí dírithe ar aghaidh a thabhairt ar roinnt de na saincheisteanna sin
. Is beag Ballstát a ghlac an Moladh
, ach tá bearta éagsúla maidir le trédhearcacht pá i bhfeidhm i roinnt díobh cheana atá difriúil ó thaobh leagan amach agus na n-ábhar a chumhdaítear iontu ó Bhallstát go Ballstát
.
2.8Ó thús a téarma oifige, tá prionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann sainaitheanta ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, mar bhunphrionsabal na Straitéise nua Eorpaí maidir le hInscne agus is ar cheann dá tosaíochtaí polaitiúla iad bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá san áireamh den chéad uair i Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025. Tá tacaíocht léirithe ag Parlaimint na hEorpa do thabhairt isteach a leithéidí sin de bhearta ina rúin maidir leis an mbearna phá idir na hinscní
agus maidir leis an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne
. Tá sé iarrtha ag CESE ar an gCoimisiún beart a dhéanamh ar an ábhar sin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina ndéantar tearcluacháil ar an obair a dhéanann mná de ghnáth trí bhearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a thabhairt isteach, ach freisin trí bhearta chun a áirithiú go mbeidh comhdheiseanna ann do mhná agus d’fhir i margadh an tsaothair agus chun dul i ngleic le leithscaradh inscne cothrománach agus ingearach de réir gairme
.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tá sé ráite ag CESE roimhe seo go bhfuil gá le bearta ceangailteacha ar mhaithe le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná a neartú
. Tá sé léirithe, trí bhíthin Rún 2014 maidir le trédhearcacht pá, nach dócha go mbainfear an toradh inmhianaithe amach ar an luas is gá le bearta neamhcheangailteacha, eadhon cur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal an phá chomhionainn sa chleachtas.
3.2Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún a bhfuil sé d’aidhm aige é a dhéanamh níos éasca d’oibrithe prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú sa chás go measann siad go ndearnadh idirdhealú pá orthu, cur le trédhearcacht níos fearr i struchtúir phá agus an ról atá ag comhlachtaí náisiúnta maidir le forfheidhmiú an phrionsabail seo a neartú.
3.3Mar sin féin, measann CESE gur cheart gnéithe éagsúla den togra a neartú, go háirithe na critéir a úsáidtear chun luach na hoibre agus cumhdach roinnt de na príomhoibleagáidí trédhearcachta a mheas, ach freisin an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an gcómhargáil i gcur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn, ós iad na comhpháirtithe sóisialta is fearr atá in ann luach na scileanna agus na slite beatha a athmheas. Tá an Coiste imníoch nach mbeidh ann, mura ndéanfar sin, de thoradh na mbeart atá beartaithe ach buntáiste teoranta don iliomad oibrithe agus nach gcuirfear go leordhóthanach trí na bearta leis na hathruithe córasacha is gá chun deireadh a chur leis an idirdhealú pá agus an laofacht inscne i struchtúir phá.
3.4Cuireann CESE in iúl nach bhfuil i gceist leis na bearta atá sa togra ach roinnt de na céimeanna is gá chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha atá mar bhonn leis an mbearna phá idir na hinscní. Beidh gá le cur chuige iomlánaíoch, i dteannta forfheidhmiú a neartú, chun an pá comhionann a áirthiú sa chleachtas. Chuige sin, bheadh gá leis an méid seo a leanas: iarrachtaí breise a dhéanamh chun dul i ngleic le deighilt mhargadh an tsaothair, steiréitíopaí inscne agus tearcluacháil na hoibre a dhéanann mná den chuid is mó; seirbhísí cúraim leanaí atá leordhóthanach agus inrochtana, mar aon le forálacha leormhaithe i ndáil le saoire do pháirtithe; tionscnaimh chun feasacht a ardú maidir le bearnaí pá, chun deiseanna fostaíochta do mhná a chur chun cinn agus chun ionadaíocht ban níos fearr a áirithiú i bpoist chinnteoireachta; agus deireadh a chur le dídhreasachtaí cánach i bhfostaíocht na mban.
4.Barúlacha sonracha
4.1Raon feidhme agus sainmhínithe
4.1.1Tugann CESE dá aire go gcuimsítear raon feidhme leathan (Airteagal 2) sa Treoir atá beartaithe, agus feidhm aici maidir leis an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon, agus maidir le gach oibrí a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta aige nó aici, i gcás ina gcinntear gur ann do chaidreamh den sórt sin tar éis dul i gcomhairle na bhfíoras a bhaineann leis an obair a dhéantar. Áirítear leis sin oibrithe i bhfostaíocht neamhchaighdeánch, amhail obair ar éileamh nó obair ardáin, i gcás ina léirítear sna fíorais a bhaineann leis an obair a dhéantar go gcomhlíontar na critéir seo. Is leis an dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, a shainítear gur ann do chonradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta.
4.1.2Foráiltear sa sainmhíniú ar “catagóirí d’oibrithe” in Airteagal 3 gur cheart iad sin a bheith sonraithe ag an bhfostóir. Tá sé ríthábhachtach sásraí a bheith i bhfeidhm lena áirithiú go ndéantar na catagóirí d’oibrithe sin a chinneadh ar bhealach atá neodrach i dtaobh inscne, amhail trína áirithiú go dtarraingítear suas iad le rannpháirtíocht ó ionadaithe de chuid na gceardchumann/na n-oibrithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
4.1.3Maidir leis an sainmhíniú ar an idirdhealú pá, is díol sásaimh do CESE go n-áirítear leis idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas agus aon bhonn idirdhealaithe eile
le chéile, rud a fhágann go n-aithnítear gnéithe trasnacha den idirdhealú. Ní mór don Choimisiún tuilleadh comhairle a chur ar fáil lena áirithiú gur féidir cásanna a shainaithint inarb ann don idirdhealú pá mar gheall ar bhonn gnéis agus bonn cosanta eile le chéile, agus aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin amhlaidh.
4.1.4Tugann CESE dá aire go ndéantar freagrachtaí a shannadh, tríd an togra, ar “ionadaithe na n‑oibrithe” gan sainmhíniú ar an téarma sin a bheith ann. Luaitear sa mheabhrán míniúcháin “mura bhfuil ann d’ionadaithe foirmiúla oibrithe san eagraíocht, ba cheart don fhostóir oibrí amháin nó níos mó a ainmniú chun na críche sin”. D’fhonn cur isteach míchuí ar chórais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch a sheachaint, agus freisin ar mhaithe lena sheachaint go dtéann ionadaithe na n-oibrithe arna roghnú ag an bhfostóir timpeall ar chearta agus sainphribhléidí na gceardchumann, ní mór a ráthú sa togra gurb iad na hoibrithe féin a roghnaíonn ionadaithe na n-oibrithe go dlisteanach. Ní mór a lua nach mór é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinbhinsiúin ábhartha agus cásdlí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir leis an tsaoirse comhlachais, an ceart chun an eagraithe agus an ceart chun cómhargála.
4.2Pá comhionann agus obair ar comhionann a luach
4.2.1In Airteagal 4(3) den togra, tugtar soiléiriú ar roinnt de na critéir oibiachtúla le húsáid agus luach na hoibre á chinneadh, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), agus ceanglaítear ar na Ballstáit ann beart a ghlacadh ar mhaithe lena áirithiú go mbunófar uirlisí agus modheolaíochtaí chun luach na hoibre a chinneadh. Tacóidh na forálacha sin leis na hoibrithe sin ar mhaith leo a gcuid cearta a fhorfheidhmiú comparadóir cuí a shainaithint, agus áiritheofar go ndéanfar luach na hoibre a chinneadh ar bhonn níos comhsheasmhaí ó Bhallstát go Ballstát. Tacóidh siad freisin leis na comhpháirtithe sóisialta struchtúir phá a dhearadh ar bhonn atá neodrach i dtaobh inscne agus a chinneadh cad iad na catagóirí d’oibrithe a dhéanann obair ar comhionann a luach, rud atá ríthábhachtach i ndáil le cur i bhfeidhm forálacha eile den Treoir atá beartaithe.
4.2.2Mar sin féin, ní liostaítear ach líon beag critéir ghinearálta san fhoráil atá beartaithe. Bheadh sé inmhianaithe tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi na critéir oibiachtúla atá le húsáid chun luach na hoibre a chinneadh, agus iarracht ar leith á déanamh chun a áirithiú nach dtabharfaí neamhaird ar scileanna agus saintréithe na hoibre a dhéanann mná de ghnáth. Ní mheasfar gur luach atá neodrach i dtaobh inscne aon luach inar tugadh neamhaird ar scileanna agus saintréithe den sórt sin. Ba cheart, mar shampla, a shonrú sna critéir atá beartaithe fo-chritéir bhreise a bheidh le cur san áireamh; d’áireofaí orthu sin scileanna duinelárnacha a bhaineann, de ghnáth, leis an obair a dhéantar i bpoist ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire, amhail obair chúraim. Dá mbeadh tuilleadh sonraí ar fáil, bheadh sé níos éasca a áirithiú nach ndéanfaí tearcluacháil ar an obair a dhéanann mná de ghnáth. Ba cheart na critéir sin a chur le chéile ar bhealach solúbtha a d’fhágfadh go bhféadfadh na comhpháirtithe sóisialta iad a shainiú tuilleadh.
4.2.3Is iad na comhpháirtithe sóisialta is fearr atá in ann luach na scileanna agus na slite beatha a mheas. Ní mór dóibh na critéir neodracha i dtaobh inscne, agus na huirlisí agus modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2), a fhorbairt nó a bheith rannpháirteach sa phróiseas forbartha ar a laghad, gan dochar dá neamhspleáchas. Is ríthábhachtach iad an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí inmhianaithe a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní.
4.2.4Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach an rogha chun úsáid a bhaint as comparadóir hipitéiseach nó fianaise eile lena bhféadfaí a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú, i gcás nach féidir comparadóir fíorshaoil a chruthú. Chuideodh sé sin le hoibrithe in áiteanna oibre atá thar a bheith leithscartha de réir inscne a léiriú gur ann d’idirdhealú, fiú mura bhfuil ann do chomparadóir fíorshaoil. Tá tábhacht ar leith ag baint lena áirithiú gur féidir le hoibrithe ban in áiteanna oibre atá thar a bheith leithscartha de réir inscne éilimh ar phá comhionann a thionscnamh, ós rud é go dtugtar le fios san fhianaise go bhfuil comhghaol ann idir a bhaininne atá áit oibre agus an méid pá a fhaightear, i.e. dá mhéad cion na mban, is ea is lú pá.
4.3Trédhearcacht pá
4.3.1Tugann CESE dá aire na bearta atá beartaithe in Airteagail 5-9 a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le pá, lena n-áirítear roimh an bhfostaíocht, agus ar trédhearcacht i struchtúir phá, ach tugann sé dá aire chomh maith an gá atá le freastal ar shamhlacha náisiúnta caidrimh thionsclaíoch. Leis na bearta sin, is féidir go gcuirfí le haghaidh a thabhairt ar cheann de na mórdhúsláin atá ann maidir leis an idirdhealú pá a aithint agus cur ina choinne, mar aon le difríochtaí pá arb iad difríochtaí inscne sa chaibidlíocht tosaigh maidir le pá is cúis leo; is minic mná a bheith faoi mhíbhuntáiste sa chaibidlíocht seo
. Tugann CESE le fios go n-aithnítear sa togra nach gcuirtear teorainn in Airteagal 5 le cumas an fhostóra, an oibrí nó na gcomhpháirtithe sóisialta chun tuarastal a chaibidliú lasmuigh den raon atá luaite.
4.3.2Leis na bearta sin, d’fhéadfadh sé go spreagfaí fostóirí bearnaí pá ina n-eagraíocht a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Leis an oibleagáid tuairiscithe agus na measúnuithe comhpháirteacha, is féidir go gcuirfí leis an ardú feasachta maidir leis an idirdhealú pá agus an laofacht inscne i struchtúir phá agus le haghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos córasaí agus éifeachtaí, rud a rachadh chun leasa do gach oibrí san eagraíocht, gan gá a bheith acu éileamh ar phá comhionann a thionscnamh. San am céanna, tá sé tábhachtach eolas na n-oibrithe a fheabhsú maidir lena bhfuil i gceist le pá agus tuarastal agus conas is féidir tionchar a bheith acu orthu. Chuirfí go mór leis an mbearna phá a chomhrac chomh maith ach gníomhaíochtaí a bheith ann chun feasacht a ardú maidir le saincheisteanna inscne san áit oibre. D’fhéadfadh éifeachtaí tairbhiúla a bheith ag tuilleadh trédhearcachta pá ar shásamh an lucht saothair, ar an lucht saothair a choimeád agus ar tháirgiúlacht.
4.3.3Tugtar le tuiscint i bhfoclaíocht Airteagal 7(5) atá beartaithe go bhféadfaí go gcuirfí cosc ar oibrithe labhairt go hoscailte faoina bpá le daoine eile amach ó na cúinsí sonracha faoina ndéantar prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú. Cuireann CESE in iúl gur cheart, ar mhaithe le trédhearcacht níos fearr a áirithiú, a chur in iúl go soiléir nár cheart cosc a chur ar oibrithe a bpá a nochtadh do chomhghleacaithe agus daoine eile, go háirithe dá gceardchumainn. Trína bheith in ann plé oscailte a dhéanamh ar chúrsaí pá, cuirtear ar chumas oibrithe a aithint má sáraíodh prionsabal an phá chomhionainn.
4.3.4Thairis sin, níor cheart go mbeadh fostóirí in ann cosc a chur ar oibrithe faisnéis maidir le leibhéil phá do chatagóirí oibrithe a nochtadh dá gcearchumann, más faisnéis í sin a fuarthas arna iarraidh sin dóibh agus a d’fhéadfadh idirdhealú pá a léiriú (Airteagal 7(6)). Féadfaidh go gceanglófar ar an bhfaighteoir an fhaisnéis a choimeád faoi rún, seachas chun na gcríoch prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú.
4.3.5Ós rud é go bhfuil an ceanglas maidir le tuairisc a thabhairt ar bhearnaí pá laistigh den eagraíocht teoranta d’fhostóirí a bhfuil 250 oibrí ar a laghad fostaithe acu (Airteagal 8(1)), agus gach FBM díolmhaithe den cheanglas mar thoradh air sin, fágtar nach mbeidh ach thart ar aon trian de na hoibrithe uile san Aontas in ann leas a bhaint as an mbeart seo
. Thairis sin, tá i bhfad níos mó ban ag obair i bhfiontair bheaga, rud a fhágann gur lú fós cion na mban a rachaidh an beart seo chun a leasa. Is céim siar atá sa tairseach seo ó foilsíodh an Mholadh ón gCoimisiún in 2014 inar moladh ceanglais tuairiscithe le haghaidh fostóirí a bhfuil ar a laghad 50 oibrí fostaithe acu
.
4.3.6Aithníonn CESE go bhféadfadh sé nach bhfuil ach acmhainní teoranta ag FBManna chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir atá beartaithe a chomhlíonadh. Ba cheart a chur san áireamh sa togra go bhfuil imní ann faoi chostais bhreise do FBManna, go háirithe i bhfianaise an róil shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith acu siúd sa phróiseas téarnaimh tar éis na paindéime, costais a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach atá beartaithe. Mar sin féin, measann an Coimisiún nach mbeidh ach costais mheasartha i gceist maidir le tuarascálacha a chur i dtoll a chéile
. Mar sin, níl údar maith le gach fostóir a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe aige a dhíolmhú go hiomlán, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh rialacha speisialta do FBManna iomchuí.
4.3.7Laghdófaí costais ach rialacha speisialta a bheith ann lena laghdófaí minicíocht an tuairiscithe a cheanglaítear ar fhiontair bheaga agus, san am céanna, cheanglófaí ar fhostóirí bearnaí pá a aithint agus deireadh a chur leo chun tairbhe na n-oibrithe. Níor cheart an tairseach maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a bheith níos airde ná 50 oibrí, ach d’fhéadfaí minicíocht an tuairiscithe le haghaidh fiontair ina bhfuil idir 50 agus 250 oibrí a laghdú.
4.3.8Baineann saincheist den sórt céanna leis an gceanglas chun measúnú comhpháirteach a dhéanamh a theorannú d’fhostóirí a bhfuil ar a laghad 250 oibrí fostaithe acu (Airteagal 9). Meastar go mbeidh na costais a bhainfidh le measúnú comhpháirteach a dhéanamh beagáinín níos airde ná mar a bhainfidh leis na tuarascálacha
, ach fós féin níl údar maith le fostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe acu a dhíomhú go hiomlán. D’fhéadfadh sé go mbeadh údar maith le rialacha speisialta do FBManna.
4.3.9Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit tacaíocht, oiliúint agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’fhostóirí, go háirithe do FBManna, a gcuid oibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí uirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt ar mhaithe le bearnaí pá a mheas. Ba cheart do Bhallstáit, nuair is féidir agus sa chás inarb iomchuí, leas a bhaint as an deis a thugtar in Airteagal 8(4) faisnéis a thiomsú iad féin maidir le bearnaí pá in eagraíochtaí, go háirithe i leith FBManna.
4.3.10Tugann CESE dá aire go bhfuil difríocht idir an togra agus an Moladh sa chaoi nach gcuirtear ceangal ar fhostóirí tuairisc a dhéanamh ach amháin ar bhearnaí pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna de réir na gcatagóirí oibrithe agus tríd an eagraíocht ina hiomláine. Ar mhaithe le tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, ba cheart d’ionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe a bheith in ann a fhíorú go bhfuarthas torthaí cruinne ón modh trína ndearna an fostóir bearnaí pá a mheas, agus aird chuí á tabhairt ar an dlí agus an cleachtas náisiúnta. I gcomhréir leis an Moladh, ba cheart go gcuirfí san áireamh sna hoibleagáidí tuairiscithe meánleibhéil phá na n-oibrithe fireanna agus oibrithe baineanna de réir na gcatagóirí oibrithe. Sa chaoi sin, bheadh oibrithe agus comhlachtaí eile in ann na difríochtaí iarbhír sa phá idir na catagóirí éagsúla oibrithe a mheas, rud atá ríthábhachtach maidir lena áirithiú go ndéanfaí prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
4.3.11Tá sé á chur in iúl ag CESE nach sonraítear sa togra a mhinice ar cheart d’oibrithe faisnéis a chur ar fáil maidir le pá le haghaidh catagóirí éagsúla oibrithe (Airteagal 8(1)(g)). Ba cheart an fhaisnéis seo a chur ar fáil ar bhonn bliantúil, de réir mar a dhéantar i gcás cineálacha eile faisnéise. D’fhéadfaí forálacha speisialta maidir le minicíocht a fhorbairt do FBManna, mar a mholtar i bpointe 4.3.7.
4.3.12Tacaíonn CESE leis an togra chun oibleagáid a chur ar fhostóirí an scéal a leigheas, i gcomhar le hionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe agus comhlachtaí eile, agus an ceanglas bearta a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar dhifríocht ar bith arna sainaithint agus tuairisc a dhéanamh ar a éifeachtaí atá bearta den sórt sin sa mheasúnú comhpháirteach (Airteagal 8(7), Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3)). Tá na forálacha seo thar a bheith tábhachtach maidir lena áirithiú go bhfuil na hoibleagáidí tuairiscithe agus na hoibleagáidí maidir le measúnú comhpháirteach a dhéanamh éifeachtach a mhéid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn a chur chun cinn.
4.3.13Foráiltear in Airteagal 10(1) nach mór faisnéis a chuirtear ar fáil de bhun na gceanglas thuasluaite, agus a bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist léi, a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), 2016/679. Ba cheart a shonrú nár cheart d’fhostóirí feidhm a bhaint as RGCS mar chúis diúltú faisnéis a sholáthar atá de dhíth chun idirdhealú pá a aithint. Tá cosaintí leordhóthanacha in Airteagal 10(3) le haghaidh phríobháideachas an oibrí aonair, agus é á cheangal leis nár cheart, i gcás inar féidir oibrí aonair a aithint, an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil ach amháin d’ionadaithe na gceardchumann/na n‑oibrithe nó don chomhlacht comhionannais. Ba cheart dóibh sin, ansin, comhairle a chur ar an oibrí cibé an ann d’fhorais éileamh ar phá comhionann a dhéanamh nó nach bhfuil.
4.4Cómhargáil agus idirphlé sóisialta maidir le pá comhionann
4.4.1Aithnítear sa togra a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh na comhpháirtithe sóisialta aird ar leith don phá comhionann sa chómhargáil agus foráiltear ann go nglacfadh na Ballstáit bearta lena ndéanfaí na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh aird chuí a thabhairt ar chúrsaí an phá chomhionainn, lena n-áirítear ag leibhéal iomchuí na cómhargála
. Foráiltear ann chomh maith go n-urramófaí gnéithe éagsúla den idirphlé sóisialta náisiúnta agus na gcóras cómhargála ar fud an Aontais agus neamhspleáchas agus saoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta, chomh maith lena gcumas mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí. Murab ionann agus an Moladh ó 2014, ní áirítear foráil sa togra lena n-áirithítear gur féidir saincheist an phá chomhionainn a phlé ag leibhéal iomchuí na cómhargála.
4.4.2In Airteagal 11, ní fhoráiltear ach gur cheart na cearta agus na hoibleagáidí faoin Treoir a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart a shonrú tuilleadh cad é atá i gceist leis sin. Go háirithe, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar bearta chun cómhargáil i gcúrsaí comhionannais pá a chur chun cinn, agus bearta eile arb é is aidhm dóibh an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh, gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Is féidir ról suntasach agus tairbheach a bheith ag an gcómhargáil maidir leis an gcomhionannas pá agus an comhionannas inscne a chur chun cinn ar bhonn córasach ar leibhéal na cuideachta, leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal náisiúnta.
4.4.3Ina theannta sin, ba cheart bearta eile a spreagadh lena gcuirfear chun cinn: idirphlé sóisialta; plé ar an gcomhionannas pá agus forbairt scéimeanna meastóireachta post atá neodrach i dtaobh inscne ag na comhpháirtithe sóisialta; feasacht na gcomhpháirtithe sóisialta ar shaincheisteanna comhionannais pá; agus comhroinnt dea-chleachtas.
4.4.4Ba cheart cumas ionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe gníomhú thar ceann oibrithe a neartú, lena n-áirítear tríd an gceart a thabhairt dóibh faisnéis a iarraidh maidir le leibhéil phá, arna miondealú de réir inscne do chatagóirí oibrithe. Agus an fhaisnéis seo ag ionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe, bheidís in ann idirdhealú pá a shainaithint agus dul i ngleic leis, lena n-áirítear trí chómhargáil.
4.4.5Cuireann CESE in iúl nach mór d’ionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe an t-eolas teicniúil agus an oiliúint is gá a bheith acu chun a bhfeidhm a chomhlíonadh maidir leis an idirdhealú pá a shainaithint, agus comhairle a thabhairt d’oibrithe agus ionadaíocht a dhéanamh orthu i dtaca leis na saincheisteanna ábhartha. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil sé de cheart ag ceardchumainn ionadaíocht a dhéanamh ar a gcomhaltaí.
4.5Leigheasanna agus forfheidhmiú
4.5.1Tugann CESE na forálacha atá beartaithe dá aire, forálacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na bacainní nós imeachta a bhíonn roimh oibrithe atá ag iarraidh éileamh ar phá comhionann a thionscnamh, amhail costais arda dlí, cúiteamh neamhleor agus tréimhsí teorann. I ndáil leis sin, aithníonn sé na traidisiúin dhlíthiúla éagsúla a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta na mBallstát. Cuireann CESE in iúl go bhfuil gá le solúbthacht d’fhonn urraim a thabhairt do na córais náisiúnta bhreithiúnacha agus do ghnéithe éagsúla den idirphlé sóisialta náisiúnta agus na gcóras cómhargála ar fud an Aontais, ar an taobh amháin, agus do neamhspleáchas agus saoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta, ar an taobh eile, chomh maith lena gcumas mar ionadaithe oibrithe agus fostóirí.
4.5.2Tacaíonn CESE leis an togra chun a áirithiú go bhféadfaidh eintitis éagsúla gníomhú thar ceann oibrí nó grúpa oibrithe nó go bhféadfaidh siad tacú leo, le formheas sainráite uathu, agus go bhféadfaidh comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe oibrithe é sin a dhéanamh thar ceann roinnt oibrithe (Airteagal 13). D’fhéadfaí machnamh a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, óir meastar go mbeadh tionchar suntasach aige sin ar fhorfheidhmiú
. Léiríonn CESE go bhfuil gá le solúbthacht d’fhonn traidisiúin éagsúla dlí agus córais bhreithiúnacha náisiúnta éagsúla a urramú.
4.5.3Tugann CESE dá aire go bhféadfadh, de bhun Airteagal 19 maidir le costais dhlíthiúla agus bhreithiúnacha, deacrachtaí airgeadais a bheith ann do mhicreaghnóthais agus do roinnt gnólachtaí beaga agus iad ina gcosantóirí i rith nós imeachta. I gcás ina bhfuil costais dhlíthiúla chomh suntasach sin go mbíonn feidhmiú an ghnólachta faoi bhagairt, ba cheart a mheas go bhfuil neamh-aisghabháil míréasúnta.
4.5.4Tugann CESE dá aire go bhféadfadh sé go mbeadh athruithe suntasacha de dhíth de bhun na tréimhse teorann trí bliana atá beartaithe in Airteagal 18, athruithe a d’fhéadfadh a bheith ina ndúshlán do shásraí réitigh díospóidí atá ann cheana i roinnt Ballstát. I gcás inarb amhlaidh an cás, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann freastal ar a gcórais bhreithiúnacha agus ar a dtraidisiúin dhlíthiúla, gan cur isteach ar chuspóir Airteagal 18, eadhon a áirithiú nach bac iad tréimhsí gearra teorann lena gcuirtear cosc ar íospartaigh an idirdhealaithe pá a gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú.
4.6Comhlachtaí comhionannais agus faireacháin
4.6.1Is díol sásaimh do CESE an togra chun ról na gcomhlachtaí comhionannais a neartú maidir le prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú agus comhar a áirithiú idir comhlachtaí comhionannais agus comhlachtaí eile a bhfuil feidhm chigireachta acu (Airteagal 25). Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh chun dlúthchomhar a áirithiú idir comhlachtaí comhionannais agus na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith leis an gcomhlacht faireacháin, má tá sé ar leithligh ón gcomhlacht comhionannais, agus aird chuí á tabhairt ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.
4.6.2Is díol sásaimh do CESE go háirithe an fhoráil maidir le hacmhainní leordhóthanacha chun go mbeidh comhlachtaí comhionannais in ann a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach (Airteagal 25(3)). Is díol sásaimh dó freisin an ceanglas atá beartaithe comhlacht faireacháin a ainmniú chun tacú le cur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn (Airteagal 26). Chun ról na gcomhlachtaí náisiúnta a neartú níos mó, áfach, ba cheart a áirithiú leis an togra go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil don chomhlacht faireacháin agus do na cigireachtaí saothair chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach.
4.6.3Measann CESE gur cheart a bheith san áireamh i gcomhdhéanamh an chomhlachta faireacháin na gníomhaithe sóisialta atá rannpháirteach i gcur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn, go háirithe ionadaithe na gceardchumann agus ionadaithe oibrithe, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann comhionannas inscne agus pá comhionann chun cinn.
4.7Forálacha cothrománacha
4.7.1Measann CESE go bhféadfaí an clásal neamh-chúlchéimnithe atá beartaithe (Airteagal 24) a neartú tuilleadh trína chur leis nach ndéanfar aon ní sa Treoir a léirmhíniú mar ní a chuireann srian nó a dhéanann dochar do chearta agus do phrionsabail mar a aithnítear, ina réimsí cur i bhfeidhm faoi seach, le dlí an Aontais nó leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit ina bpáirtithe iontu.
4.7.2Féachtar in Airteagal 27 lena áirithiú nach ndéanfaidh an Treoir seo difear do cheart na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun caibidlíochta, comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus an cleachtas náisiúnta. Ba cheart a shonrú freisin gur féidir le comhpháirtithe sóisialta forálacha a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a chur i bhfeidhm atá níos fabhraí d’oibrithe ná na cinn a leagtar síos sa Treoir.
4.7.3Tugann CESE dá aire go gceadaítear, faoi Airteagal 30, do na comhpháirtithe sóisialta an Treoir a chur chun feidhme i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh, ar choinníoll go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Áirithítear leis an bhforáil seo go gceadaítear leis an Treoir modhanna éagsúla cur chun feidhme thar chórais náisiúnta éagsúla, agus an leibhéal céanna cosanta d’oibrithe á ráthú ag an am céanna.
An Bhruiséil, 9 Meitheamh 2021
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
*
*
*
N.B.:
Iarscríbhinn ar an taobh eile den bhileog.
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an TUAIRIM
ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta), a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh:
Pointe nua 3.1:
Cuir isteach pointe nua roimh 3.1:
3.1
Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go láidir le prionsabal an phá chomhionainn d’fhir agus do mhná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus aithníonn sé go bhfuil sé ar cheann de chearta bunúsacha agus de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn CESE freisin leis an gcuspóir atá ag an gCoimisiún an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh agus prionsabal an phá chomhionainn a chur chun cinn níos mó. Mar sin féin, ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní, ní mór bunchúiseanna leis an mbearna sin a mheasúnú go cúramach agus a shainaithint i gceart. Creideann CESE nár tugadh aghaidh ar na príomhghnéithe is cúis leis an mbearna phá idir na hinsní de réir mar ba cheart sa togra ón gCoimisiún a bhaineann leis an Treoir maidir le trédhearcacht pá
, amhail leithscaradh cothrománach agus ingearach i margadh an tsaothair de dheasca cinntí a dhéanann daoine aonair maidir le hoideachas agus gairm bheatha, obair lánaimseartha nó obair pháirtaimseartha, mar aon le srianta a bhaineann le cúram gan íocaíocht agus an róil atá ag dreasachtaí cánacha. Dá bhrí sin, in ionad na mbeart trédhearcachta pá atá beartaithe, tá bearta níos éifeachtúla agus níos comhréirí ann ná reachtaíocht cheangailteach AE chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus chun a áirithiú ag an am céanna nach méadófar an t-ualach riaracháin ná na costais riaracháin do chuideachtaí, go háirithe do FBManna. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cuid riachtanach den chómhargáil agus den idirphlé sóisialta a thagann faoi inniúlacht na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta iad struchtúir phá agus socrú pá. Measann CESE nach n-urramaítear go hiomlán sa Treoir
atá beartaithe na hinniúlachtaí náisiúnta maidir le socrú pá agus nach gcuirtear san áireamh inti go leordhóthanach na samhlacha éagsúla náisiúnta um chaidreamh sóisialta agus um chaidreamh tionsclaíoch ná na córais bhreithiúnacha éagsúla agus na traidisiúin dhlíthiúla sna Ballstáit. Thairis sin, ní thugtar aird ar bith air go ndéantar pá a shocrú freisin bunaithe ar an éileamh agus soláthar comhthráthach scileanna i margadh an tsaothair maille leis na hacmhainní atá ar fáil. Dá bhrí sin, tá CESE tagtha ar an gconclúid go bhfuil an togra ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht pá díréireach agus go bhfuil sé bunoscionn le prionsabal na coimhdeachta. Ba cheart don Choimisiún a thogra a athbhreithniú nó a athoibriú agus iarrtar ar na comhreachtóirí na hábhair imní sin a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu sna chéad chéimeanna eile den phróiseas reachtach.
Toradh na vótála:
Ar son:
90
In aghaidh:
109
Staonadh:
18
Pointe 3.2
Le leasú mar seo a leanas:
3.2
“
Is díol sásaimh do Aithníonn CESE an gurb é is aidhm don togra ón gCoimisiún a bhfuil sé d’aidhm aige é a dhéanamh níos éasca d’oibrithe prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú sa chás go measann siad go ndearnadh idirdhealú pá orthu, cur le trédhearcacht níos fearr i struchtúir phá agus an ról atá ag comhlachtaí náisiúnta maidir le forfheidhmiú an phrionsabail seo a neartú.
Toradh na vótála:
Ar son:
85
In aghaidh:
131
Staonadh:
17
Pointe 3.3 (nasctha le pointe 1.3)
Le leasú mar seo a leanas:
3.3
Mar sin féin, measann CESE gur cheart gnéithe éagsúla den togra a neartú an deis atá ag na Ballstáit freastal ar a samhlacha um chaidreamh tionsclaíoch a neartú sa togra,
go háirithe na critéir a úsáidtear chun luach na hoibre agus cumhdach roinnt de na príomhoibleagáidí trédhearcachta a mheas, ach freisin an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an gcómhargáil i gcur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn, ós iad na comhpháirtithe sóisialta is fearr atá in ann luach na scileanna agus na slite beatha a athmheas
. Tá an Coiste imníoch nach mbeidh ann, mura ndéanfar sin, de thoradh na mbeart atá beartaithe ach buntáiste teoranta don iliomad oibrithe agus nach gcuirfear go leordhóthanach trí na bearta leis na hathruithe córasacha is gá chun deireadh a chur leis an idirdhealú pá agus an laofacht inscne i struchtúir phá.
Toradh na vótála:
Ar son:
90
In aghaidh:
138
Staonadh:
17
Pointe 4.2.4
Le leasú mar seo a leanas:
4.2.4
Is díol sásaimh do CESE Tá CESE cáinteach faoi, agus is cuid amhrais dó é, gur tugadh isteach an rogha chun úsáid a bhaint as comparadóir hipitéiseach nó fianaise eile lena bhféadfaí a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú, i gcás nach féidir comparadóir fíorshaoil a chruthú. Chuideodh sé sin le hoibrithe in áiteanna oibre atá thar a bheith leithscartha de réir inscne a léiriú gur ann d’idirdhealú, fiú mura bhfuil ann do chomparadóir fíorshaoil. Tá tábhacht ar leith ag baint lena áirithiú gur féidir le hoibrithe ban in áiteanna oibre atá thar a bheith leithscartha de réir inscne éilimh ar phá comhionann a thionscnamh, ós rud é go dtugtar le fios san fhianaise go bhfuil comhghaol ann idir a bhaininne atá áit oibre agus an méid pá a fhaightear, i.e. dá mhéad cion na mban, is ea is lú pá
. Ní léir cén chaoi a n-oibreodh sé sin sa chleachtas, agus chruthódh sé éiginnteacht dhlíthiúil do chuideachtaí. Ní thugtar aird leis ach oiread ar na forbairtí dinimiciúla a bhíonn i gceist i gcuideachtaí, áiteanna ina mbíonn na gnéithe a bhfuil tionchar acu ar phá, amhail an staid eacnamaíoch i gcoitinne (feidhmíocht eacnamaíoch, iomaíochas, táirgiúlacht, éileamh), chomh maith le tascanna oibre agus eagrúchán, ag athrú de shíor. Creideann CESE nach mór measúnú a dhéanamh i gcónaí ar idirdhealú pá a d’fhéadfadh a bheith ann agus fostaithe in aon chuideachta amháin a bhfuil poist inchomparáide acu in úsáid. Ina theannta sin, cuireann CESE in iúl gur saincheart den chuid is mó den (chó)mhargáil é socrú pá, rud atá faoi réir mionchomhairle ghairmiúil, agus nár cheart í a rialáil. Socraítear pá i margadh an tsaothair; íoctar oibrithe as na tascanna a dhéanann siad, agus léirítear na gnéithe oibiachtúla agus feidhmíocht an oibrí san am céanna. Déantar pá a shocrú mar chuid de ghaol conarthach idir dhá pháirtí phríobháideacha nó trí chaomhaontú comhchoiteann. Ba cheart urraim a thabhairt sa Treoir do na gnéithe seo agus do struchtúir le haghaidh pá a shocrú.
Toradh na vótála:
Ar son:
69
In aghaidh:
114
Staonadh:
15
Pointe 4.3.5
Pointe le scriosadh:
4.3.5
Ós rud é go bhfuil an ceanglas maidir le tuairisc a thabhairt ar bhearnaí pá laistigh den eagraíocht teoranta d’fhostóirí a bhfuil 250 oibrí ar a laghad fostaithe acu (Airteagal 8(1)), agus gach FBM díolmhaithe den cheanglas mar thoradh air sin, fágtar nach mbeidh ach thart ar aon trian de na hoibrithe uile san Aontas in ann leas a bhaint as an mbeart seo
. Thairis sin, tá i bhfad níos mó ban ag obair i bhfiontair bheaga
, rud a fhágann gur lú fós cion na mban a rachaidh an beart seo chun a leasa. Is céim siar atá sa tairseach seo ó foilsíodh an Moladh ón gCoimisiún in 2014 inar moladh ceanglais tuairiscithe le haghaidh fostóirí a bhfuil ar a laghad 50 oibrí fostaithe acu
.
Toradh na vótála:
Ar son:
81
In aghaidh:
125
Staonadh:
13
Pointe 4.3.6 (nasctha le pointe 1.5)
Le leasú mar seo a leanas:
4.3.6
Aithníonn CESE go bhféadfadh sé nach bhfuil ach acmhainní teoranta ag FBManna chun a gcuid oibleagáidí nua faoin Treoir atá beartaithe a chomhlíonadh, ós minic a bhíonn pearsanra acmhainní daonna in easnamh acu. Ba cheart a chur san áireamh sa togra go bhfuil imní ann faoi chostais bhreise do FBManna, go háirithe i bhfianaise an róil shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith acu siúd sa phróiseas téarnaimh tar éis na paindéime, costais a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach atá beartaithe. Mar sin féin, mMeasann an Coimisiún nach mbeidh ach costais mheasartha i gceist maidir le tuarascálacha a chur i dtoll a chéile
, ach tá gannmheastachán á dhéanamh aige, mar sin féin, ar na hiarmhairtí airgeadais foriomlána d’fhostóirí. Go deimhin, ní féidir na costais iomlána a mheasúnú roimh ré: braitheann siad ar an gcostas a bhaineann le cineálacha nua sonraí agus tiomsaithe staidrimh a tháirgeadh, ar líon na ndíospóidí, ar fhadhbanna praiticiúla forfheidhmithe agus ar na héifeachtaí ar shocrú pá agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna. Ba cheart, Mmar sin, níl údar maithtacú le gach fostóir a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe aige a dhíolmhú go hiomlán, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh rialacha speisialta ar an leibhéal náisiúnta do FBManna iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit tairseacha iomchuí a bhunú.
Toradh na vótála:
Ar son:
90
In aghaidh:
121
Staonadh:
13
Pointe 4.3.7
Pointe le scriosadh:
4.3.7
Laghdófaí costais ach rialacha speisialta a bheith ann lena laghdófaí minicíocht an tuairiscithe a cheanglaítear ar fhiontair bheaga, agus, san am céanna, cheanghlófaí ar fhostóirí bearnaí pá a aithint agus deireadh a chur leo chun tairbhe na n-oibrithe. Níor cheart an tairseach maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a bheith níos airde ná 50 oibrí, ach d’fhéadfaí minicíocht an tuairiscithe le haghaidh fiontair ina bhfuil idir 50 agus 250 oibrí a laghdú.
Toradh na vótála:
Ar son:
82
In aghaidh:
127
Staonadh:
18
Pointe 4.3.8
Le leasú mar seo a leanas:
4.3.8
Baineann saincheist den sórt céanna leis an gceanglasIs díol sásaimh do CESE chomh maith go bhfuil an ceanglas chun measúnú comhpháirteach a dhéanamh a theorannúteoranta d’fhostóirí a bhfuil ar a laghad 250 oibrí fostaithe acu (Airteagal 9). Meastar go mbeidh na costais a bhainfidh le measúnú comhpháirteach a dhéanamh beagáinín níos airde ná mar a bhainfidh leis na tuarascálacha
, ach fós féin nílagus, dá bhrí sin, tá údar maith le fostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe acu a dhíomhú go hiomlán. D’fhéadfadh sé go mbeadh údar maith le rialacha speisialta do FBManna ar an leibhéal náisiúnta.
Toradh na vótála:
Ar son:
82
In aghaidh:
130
Staonadh:
20
Pointe 4.3.9
Le leasú mar seo a leanas:
4.3.9
Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit tacaíocht, oiliúint agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’fhostóirí, go háirithe do FBManna, a gcuid oibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a chomhlíonadh, agus iad a dhreasú chun bearta deonacha maidir le trédhearcacht pá a ghlacadh, lena n-áirítear trí uirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt ar mhaithe le bearnaí pá a mheas. Ba cheart do Bhallstáit, nuair is féidir agus sa chás inarb iomchuí, leas a bhaint as an deis a thugtar in Airteagal 8(4) faisnéis a thiomsú iad féin maidir le bearnaí pá in eagraíochtaí, go háirithe i leith FBManna.
Outcome of the vote:
In favour:
91
In aghaidh:
130
Staonadh:
15
Pointe 4.4.4
Le leasú mar seo a leanas:
4.4.4
Is díol sásaimh do CESE go méadaítear, a bhuí leis an togra, na deiseanna atá ag oibrithe a gcearta a fhorfheidhmiú maidir le prionsabal an phá chomhionainn. Ba cheart cumas ionadaithe na gceardchumann agus ionadaithe oibrithe gníomhú thar ceann oibrithe a bheith coinníollach i gcónaí ar shainordú soiléir ón oibrí agus ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta chomh maith le córais caidrimh thionsclaíoch. Níor cheart an ceart chun faisnéis a iarraidh maidir le leibhéil phá, arna miondealú de réir inscne, do chatagóirí oibrithe a dheonú go huathoibríoch, ach ba cheart údar atá sonrach don chás a bheith leis sin a dhéanamh i gcónaí agus faoi réir shainordú an oibrí. Ba cheart cumas ionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe gníomhú thar ceann oibrithe a neartú, lena n-áirítear tríd an gceart a thabhairt dóibh faisnéis a iarraidh maidir le leibhéil phá, arna miondealú de réir inscne do chatagóirí oibrithe. Agus an fhaisnéis seo ag ionadaithe na gceardchumann/na n-oibrithe, bheidís in ann idirdhealú pá a shainaithint agus dul i ngleic leis, lena n-áirítear trí chómhargáil.
Toradh na vótála:
Ar son:
88
In aghaidh:
127
Staonadh:
11
Pointe Nua 4.5.5
Cuir isteach pointe nua tar éis 4.5.4:
4.5.5
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart aon chineál idirdhealaithe atá bunaithe ar inscne a cheartú. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh an ceanglas maidir le cúiteamh iomlán, mar a luaitear in Airteagal 14, a bheith ina chúis le héiginnteacht dhlíthiúil agus deacrachtaí praiticiúla araon maidir leis, inter alia, an tréimhse a n-íocfaí an cúiteamh sin ina leith. Ba cheart, dá bhrí sin, na coinníollacha sonracha maidir le cúiteamh nó sásamh den sórt sin a éileamh agus a fháil a bheith sonraithe ar an leibhéal náisiúnta.
Toradh na vótála:
Ar son:
89
In aghaidh:
127
Staonadh:
20
Pointe Nua 4.5.6
Cuir isteach pointe nua tar éis 4.5.5 nua:
4.5.6
Tugann CESE dá aire go bhféadfadh iarmhairtí forleathana a bheith ag an bhforáil a shonraítear in Airteagal 16(2) maidir le himthosca breise ina n-aistrítear an dualgas cruthúnais chuig an bhfostóir, eadhon i gcás nár chomhlíon fostóir na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach in Airteagail 5-9, go bhféadfadh iarmhairtí forleathana a bheith ag an bhforáil sin má chuirtear i bhfeidhm go docht í. Ba cheart, dá bhrí sin, é a fhágáil faoi na Ballstáit na rialacha iomchuí fianaiseacha a chinneadh i gcás inarb ionann neamhchomhlíonadh den sórt sin agus faillí ar an dualgas cúraim a bhfuiltear ag súil leis.
Toradh na vótála:
Ar son:
91
In aghaidh:
145
Staonadh:
13
Pointe 4.7.2
Le leasú mar seo a leanas:
4.7.2
Féachtar in Airteagal 27 lena áirithiú nach ndéanfaidh an Treoir seo difear do cheart na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun caibidlíochta, comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus an cleachtas náisiúnta. Ba cheart a gcuid comhaontuithe a mheas d’fhonn an chosaint inmhianaithe a ráthúBa cheart a shonrú freisin gur féidir le comhpháirtithe sóisialta forálacha a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a chur i bhfeidhm atá níos fabhraí d’oibrithe ná na cinn a leagtar síos sa Treoir.
Toradh na vótála:
Ar son:
95
In aghaidh:
134
Staonadh:
12
Pointe 4.7.3
Le leasú mar seo a leanas:
4.7.3
Tugann CESE dá aire go gceadaítear, faoi Airteagal 30, do na comhpháirtithe sóisialta an Treoir a chur chun feidhme i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh, ar choinníoll go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Áirithítear leis an bhforáil seo go gceadaítear leis an Treoir modhanna éagsúla cur chun feidhme thar chórais náisiúnta éagsúla, agus an leibhéal céanna cosanta d’oibrithe á ráthú ag an am céanna. Le go mbeadh sé sin chomh soiléir agus is féidir, ba cheart é a bheith bunaithe ar na treoracha maidir le hobair ghníomhaireachta agus dálaí oibre atá trédhearcach agus intuartha, ina ndearbhaítear go gceadaítear an cur chun feidhme seo ar an gcoinníoll go dtabharfaí urraim do chosaint fhoriomlán na n-oibrithe.
Toradh na vótála:
Ar son:
86
In aghaidh:
142
Staonadh:
9
Pointe 1.1 (nasctha le pointe 3.1 nua)
Le leasú mar seo a leanas:
1.1
Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go láidir le prionsabal an phá chomhionainn d’fhir agus do mhná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus aithníonn sé go bhfuil sé ar cheann de chearta bunúsacha agus de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn CESE freisin leis an gcuspóir atá ag an gCoimisiún an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh agus prionsabal an phá chomhionainn a chur chun cinn níos mó. Mar sin féin, ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní, ní mór na bunchúiseanna atá leis an mbearna a mheasúnú go cúramach agus a shainaithint i gceart. Creideann CESE nár tugadh aghaidh ar na príomhghnéithe is cúis leis an mbearna phá idir na hinscní de réir mar ba cheart sa togra ón gCoimisiún a bhaineann leis an Treoir maidir le trédhearcacht pá
, amhail leithscaradh cothrománach agus ingearach i margadh an tsaothair de dheasca cinntí a dhéanann daoine aonair maidir le hoideachas agus gairm bheatha, obair lánaimseartha nó obair pháirtaimseartha, mar aon le srianta a bhaineann le cúram gan íocaíocht agus an róil atá ag dreasachtaí cánacha. Dá bhrí sin, in ionad na mbeart trédhearcachta pá atá beartaithe, tá bearta níos éifeachtúla agus níos comhréirí ann ná reachtaíocht cheangailteach AE chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus chun a áirithiú ag an am céanna nach méadófar an t-ualach riaracháin ná na costais riaracháin do chuideachtaí, go háirithe do FBManna. Measann CESE nach n-urramaítear go hiomlán sa Treoir
atá beartaithe na hinniúlachtaí náisiúnta maidir le socrú pá agus nach gcuirtear san áireamh inti go leordhóthanach na samhlacha éagsúla náisiúnta maidir le caidreamh sóisialta agus caidreamh tionsclaíoch ná na córais bhreithiúnacha éagsúla agus na traidisiúin dhlíthiúla sna Ballstáit. Thairis sin, ní thugtar aird ar bith air go ndéantar pá a shocrú freisin bunaithe ar an éileamh agus soláthar comhthráthach scileanna i margadh an tsaothair maille leis na hacmhainní atá ar fáil. Dá bhrí sin, tá CESE tagtha ar an gconclúid go bhfuil an togra ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht pá díréireach agus go bhfuil sé bunoscionn le prionsabal na coimhdeachta. Ba cheart don Choimisiún a thogra a athbhreithniú nó a athoibriú agus iarrtar ar na comhreachtóirí na hábhair imní sin a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu sna chéad chéimeanna eile den phróiseas reachtach. Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún a bhfuil sé d’aidhm aige é a dhéanamh níos éasca d’oibrithe prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú sa chás go measann siad go ndearnadh idirdhealú pá orthu, cur le trédhearcacht níos fearr i struchtúir phá agus an ról atá ag comhlachtaí náisiúnta maidir le forfheidhmiú an phrionsabail seo a neartú.
Pointe 1.3 (nasctha le pointe 3.3)
Le leasú mar seo a leanas:
1.3
Mar sin féin, measann CESE gur cheart gnéithe éagsúla den togra a neartú, an deis atá ag na Ballstáit freastal ar a samhlacha um chaidreamh tionsclaíoch a neartú sa togra go háirithe na critéir a úsáidtear chun luach na hoibre agus cumhdach roinnt de na príomhoibleagáidí trédhearcachta a mheas agus an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an gcómhargáil i gcur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn.
Pointe 1.5 (nasctha le pointe 4.3.6)
Le leasú mar seo a leanas:
1.5
Cé gur fíor go gcCuirtear san áireamh, mar ba cheart, sa togra na hábhair imní atá ann maidir le costais bhreise do FBManna., tá CESE den tuairim nach bhfuil údar maith le gach fostóir a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe aige a dhíolmhú go hiomlánTacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún gach fostóir a bhfuil níos lú ná 250 oibrí fostaithe aige a dhíolmhú, ach aithníonn sé chomh maith Mar sin féin, d’fh go bhfhéadfadh sé go mbeadh rialacha speisialta ar an leibhéal náisiúnta do FBManna iomchuí., mar sin féin. Dá bhrí sin, Bba cheart a cheadú ceangal a chur ar do na Ballstáit tairseacha iomchuí a bhunú. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit chomh maith tacaíocht, oiliúint agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’fhostóirí, go háirithe do FBManna, ionas gur féidir leo na hoibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a chomhlíonadh.
____________