GA

INT/934

Athbhreithniú ar an Rialachán Fánaíochta

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú)

[COM(2021) 85 final – 2021/0045 (COD)]

Rapóirtéir: Christophe LEFÈVRE

 

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 24/03/2021

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 11/03/2021

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

15/06/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

07/07/2021

Seisiún iomlánach Uimh.

562

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

204/0/1



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dá aire go bhfuil baint ag an togra ón gCoimisiún leis na nithe seo a leanas:

-úsáid bonneagar a bhaineann le limistéir éanasctha a dhíothú agus le nascacht leathanbhanda agus úsáid na dteicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile (5G);

-an cuspóir maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus iomaíocht a áirithiú idir oibreoirí líonraí soghluaiste;

-‘Eoraip atá réidh don ré dhigiteach’ a chruthú lena áirithiú nach mbeidh bacainní ar an Margadh Aonair arís.

1.2Tugann CESE dá aire go gcuirfidh an togra le trédhearcacht ar an leibhéal miondíola trí fhaisnéis a chur ar fáil, go háirithe i dtaobh coinníollacha conarthacha, faoin méid seo a leanas:

-cáilíocht na seirbhísí fánaíochta san Aontas;

-cumarsáid faoi sheirbhísí breisluacha, faoin gcineál seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir muirir níos airde agus faisnéis chomhchosúil a sholáthraítear san ‘SMS fáilte’ a sheoltar chuig custaiméirí ar theacht isteach i dtír nua dóibh;

-na modhanna éagsúla chun rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta éigeandála.

Ar bhonn níos ginearálta, leis an togra seo, méadófar an leibhéal cosanta do thomhaltóirí.

1.3Cé go bhfuil sé léirithe i staidéar go bhfuil meath tagtha ar an rochtain ar líonraí áitiúla le linn fánaíochta, tá sé d’aidhm ag an togra a áirithiú go soláthrófar seirbhísí fánaíochta (fánaíocht ar tháillí baile) faoi na coinníollacha céanna ab infheidhme dá n-úsáidfí na seirbhísí sin sa bhaile, agus go mbeidh rochtain neamhshrianta ag custaiméirí ar na glúine deiridh agus na teicneolaíochtaí líonra le linn fánaíochta. I gcás ina bhfuil bonneagar áitiúil ar dhrochcháilíocht, molann CESE infheistíocht sa bhonneagar sin a mhéadú, go háirithe chun clúdach i limistéir éanasctha a fheabhsú, agus, anuas air sin, critéir íosta a thabhairt isteach a chaithfidh oibreoirí a bhaint amach de réir a chéile d’fhonn tomhaltóirí a chumasú chun leas iomlán a bhaint as na seirbhísí sin.

1.4Cé gur díol sásaimh é an laghdú ar mhuirir uasta ar féidir le líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a ghearradh ar oibreoirí ar cuairt, ní leor an laghdú i ngeall ar an difríocht idir na praghsanna a ghearrtar athuair agus na costais iarbhír fánaíochta sa líonra a dtugtar cuairt air. Mar thoradh air sin, méadaítear an costas a bhaineann le síntiús bunúsach do thomhaltóirí agus baintear an bonn d’iomaíochas na n-oibreoirí líonra fíorúil soghluaiste (OLFSanna) a mbíonn orthu seirbhísí fánaíochta a cheannach ó phríomhoibreoirí na líonraí soghluaiste. Go háirithe, tá fás as cuimse ag teacht ar an tomhaltas sonraí. Chun éifeachtaí scála diúltacha a sheachaint i gcás OLFSanna agus oibreoirí beaga líonraí soghluaiste, ba cheart go dtarlódh an laghdú ar mhuirir mhórdhíola ar an trádán céanna leis an méadú ar thomhaltas.

1.5Ba cheart do CESE tacú leis an rogha thosaíochta sa togra, arb í sin ‘Rogha 3 – FATB (“Fánaíocht ar Tháillí Baile”) inbhuanaithe agus fíoreispéireas FATB (rogha thosaíochta)’ agus muirir uasta atá níos ísle ná na cinn a luaitear sa togra a áirithiú.

1.6Cé go gcuireann an togra le haghaidh rialacháin le trédhearcacht na dtaraifí breisluacha trí raonta uimhrithe a chruthú le haghaidh seirbhísí breisluacha trí bhunachar láraithe AE a bhunú a bheidh inrochtana ag oibreoirí le haghaidh na raonta uimhrithe sin, molann CESE go n-áireofaí ann an fhéidearthacht deireadh a chur le seirbhís i gcás ina bhfuil sí curtha chun feidhme go calaoiseach (ping-ghlaoch) tar éis foláireamh a fháil ó na húdaráis bhreithiúnacha nó ó na póilíní, lena bhforáiltear do mhodhanna sásaimh d’oibreoirí na seirbhísí sin.

1.7Cé go ndéantar tagairt sa rialachán do ‘úsáid chóir’ chun cur síos a dhéanamh ar úsáid seirbhísí le linn fánaíochta, is oth le CESE nach sonraítear aon teorainneacha ar an úsáid sin agus nach dtugtar aghaidh ar rialacha beartais maidir le húsáid chóir le haghaidh pleananna taraife neamhtheoranta ná ar phraghsanna na nglaonna idirnáisiúnta, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an custaiméir ag fánaíocht. Molann CESE an téarma ‘faoi réir úsáid chóir’ a scriosadh mura ndéantar a raon feidhme a shoiléiriú ós rud é go n-úsáideann oibreoirí an argóint sin chun srian mór a chur le húsáid pacáistí fánaíochta.

1.8Maidir le foláirimh a thabhairt do thomhaltóirí nuair atá siad ag druidim le teorainn arna sainiú acu féin nó ag an oibreoir, molann CESE go gcuirfí de cheangal ar an oibreoir foláireamh a thabhairt don tomhaltóir athuair i gcás inar sáraíodh arís eile an teorainn arna sainiú sa chéad fholáireamh, go háirithe le linn an ghlao chéanna nó an tseisiúin úsáide sonraí chéanna.

1.9Go háirithe, is tábhachtach le CESE go ndíreofaí aird ar leith ar chásanna ina n-úsáidtear gléasanna soghluaiste i gceantair thrasteorann le tríú tíortha, agus molann sé go ndéanfaí an méid seo a leanas:

-é a chur de cheangal ar oibreoirí atá ag feidhmiú i limistéir an Aontais nasc sonrach a áirithiú le haghaidh muirir fánaíochta FATB AE a leathnófar chuig na tíortha sin nó chuig an limistéar geografach teorann;

-comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích chun fánaíocht FATB AE a leathnú chuig na tíortha sin a bhfuil teorainn acu leis na Ballstáit.

1.10Tugann CESE dá aire gur roimh ghéarchéim COVID-19 a rinneadh cuid den staidéar agus de na comhairliúcháin ar fad a eagraíodh chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialachán an Aontais. De dheasca na géarchéime seo, tá srianta géara ar thaisteal laistigh den Eoraip agus tá méadú tagtha ar na huirlisí atá á n-úsáid ag daoine agus iad i mbun teilea-oibre agus ar chraoladh cúrsaí ollscoile ar líne, go háirithe do mhic léinn Erasmus+.

1.11Cuireann CESE i bhfios go bhfuil cuid mhór limistéar fós ann nach bhfreastalaíonn leathanbhanda trí lúb logánta orthu san Aontas, agus tugann sé dá aire, thar aon ní eile, nach bhfuil sé tapa go leor chun freastal ar an éileamh a bhaineann leis na físchomhdhálacha sonraí‑shaothraithe sin, bíodh an custaiméir ag fánaíocht nó ná bíodh.

1.12Molann CESE an straitéis maidir le clúdach leathanbhanda snáthoptaice a neartú go mór, mar aon leis an gcumas leathanbhanda a sholáthar, bíodh sé ina leathanbhanda trí lúb logánta nó trí líonraí soghluaiste.

1.13Molann CESE go ndéanfaí Rialachán an Aontais a chur chun feidhme, agus é mar aidhm dheiridh aige go mbeadh an tAontas ina limistéar taraife aonair i margadh aonair, áit a gceadaítear glaonna agus tomhaltas sonraí ar phraghsanna ‘áitiúla’ ar gach fón póca agus líne thalún de chuid tomhaltóirí a bhfuil síntiús teileafóin acu san Eoraip, agus go mbeadh an luas céanna acu agus an rochtain chéanna acu ar bhonneagar, beag beann ar thír an ghlao nó an ghlactha.

1.14Is ábhar imní do CESE an modhnú atá beartaithe ar an modheolaíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar mhuirir uasta mhórdhíola trí ghníomh tarmligthe agus molann sé go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach reachtach ar ghnéithe sochaíocha d’fhorbairt na fánaíochta.

2.Éirim an togra ón gCoimisiún

2.1Is é is cuspóir don togra síneadh a chur le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, a rachaidh in éag an 30 Meitheamh 2022. Déantar foráil sa togra maidir le muirir uasta a choigeartú chun inbhuanaitheacht a áirithiú i soláthar seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile. Tugtar isteach leis bearta nua chun trédhearcacht a mhéadú agus fíoreispéireas ‘fánaíochta ar tháillí baile’ a áirithiú ó thaobh cáilíocht seirbhíse agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála le linn fánaíochta de. De bhrí go ndearnadh Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a leasú roinnt uaireanta, is é is cuspóir don togra é a athmhúnlú chun an tsoiléireacht a fheabhsú agus na gníomhartha leasaitheacha atá ann a ionadú.

2.2Tá sé d’aidhm ag na príomhleasuithe atá beartaithe a áirithiú go mbeidh oibreoirí in ann ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a sholáthar agus costais a aisghabháil ar bhealach inbhuanaithe ar an leibhéal mórdhíola. Is é atá beartaithe muirir uasta fánaíochta mhórdhíola uile-Aontais a shocrú le haghaidh glaonna a dhéantar, teachtaireachtaí SMS agus sonraí ag leibhéil atá níos ísle ná na cinn atá bailí go dtí an 30 Meitheamh 2022.

2.3Chomh maith leis na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme a laghdú, áirítear sa togra leasuithe a bhfuil sé d’aidhm acu fíoreispéireas fánaíochta ar tháillí baile le haghaidh úsáideoirí deiridh agus nuálaíocht agus rochtain ar líonraí a éascú, maille le creat rialála le haghaidh tomhaltóirí agus oibreoirí a sheasfaidh an aimsir a bhunú san am céanna.

2.4Go bunúsach, cuireann an togra le cruthú ‘Eoraip atá réidh don Aois Dhigiteach’ agus leis an uaillmhian an oiread tairbhe is féidir a bhaint as an aistriú digiteach chun deiseanna níos fearr a sholáthar do dhaoine teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh agus chun gníomhaíocht ghairmiúil agus ghnó a éascú sa Mhargadh Aonair. Is é is cuspóir dó a áirithiú nach gcuirfear ar ais na bacainní ar an margadh aonair a baineadh nuair a rinneadh formhuirir fánaíochta mhiondíola a dhíothú.

3.Bunús dlí

3.1Is é Airteagal 114, mar atá an creat don ghnáthnós imeachta reachtach, bunús dlí an togra seo agus is é is aidhm dó an margadh inmheánach a bhunú nó feabhas a chur ar a fheidhmiú (Airteagal 26 CFAE).

4.Barúlacha ginearálta

4.1Is díol sásaimh do CESE an dréacht-rialachán Eorpach seo agus measann sé gur gá é a bheith d’aidhm ag an togra, ar deireadh, an leibhéal céanna seirbhíse a chur ar fáil do thomhaltóirí ar an gcoigríoch agus a chuirtear ar fáil dóibh san Aontas, maille leis an leibhéal céanna cosanta do thomhaltóirí. Ba cheart, áfach, an deis a bheith ag oibreoirí a gcomhaontuithe fánaíochta mórdhíola a chaibidliú i gcomhréir lena riachtanais tráchtála. Mar sin féin, níor cheart comhaontuithe maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a thabhairt i gcrích faoin rialachán seo ach amháin leis na hoibreoirí a bhfuil na líonraí is forbartha acu.

4.2Tugann CESE dá aire go bhfuil baint ag an togra ón gCoimisiún leis na nithe seo a leanas:

-úsáid bonneagar a bhaineann le limistéir éanasctha a dhíothú agus le nascacht leathanbhanda agus úsáid na dteicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile (5G);

-an cuspóir maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus iomaíocht a áirithiú idir oibreoirí líonraí soghluaiste;

-‘Eoraip atá réidh don ré dhigiteach’ a chruthú lena áirithiú nach mbeidh bacainní ar an Margadh Aonair arís.

4.3Tugann CESE dá aire go ndearna an Coimisiún measúnuithe tionchair ó bhí 2018 ann, go háirithe comhairliúchán poiblí a mhair 12 sheachtain in 2020 maidir leis na nithe seo a leanas: (1) seirbhísí fánaíochta miondíola (soiléirithe agus bearta a bhaineann le cáilíocht seirbhíse, seirbhísí breisluacha agus cumarsáid éigeandála le linn fánaíochta); (2) seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar; (3) an t-ualach riaracháin a bhfuil ceangal aige le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus tionchar na mbeart simpliúcháin féideartha.

4.4Tugann CESE dá aire go gcuirfidh an togra le trédhearcacht ar an leibhéal miondíola trí fhaisnéis a chur ar fáil, go háirithe i dtaobh coinníollacha conarthacha, faoin méid seo a leanas:

-cáilíocht na seirbhísí fánaíochta san Aontas;

-cumarsáid faoi sheirbhísí breisluacha, faoin gcineál seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir muirir níos airde agus faisnéis chomhchosúil a sholáthraítear san ‘SMS fáilte’ a sheoltar chuig custaiméirí ar theacht isteach i dtír nua dóibh;

-na modhanna éagsúla chun rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta éigeandála, go háirithe san ‘SMS fáilte’.

4.5Léiríodh i staidéar a rinne Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) in 2019 go bhfuil meath tagtha ar na seirbhísí fánaíochta atá ar fáil, cé go bhfuil straitéis le haghaidh feabhsuithe teicniúla á cur chun feidhme ar fud na hEorpa. Leis an togra, féachtar lena áirithiú go soláthrófar seirbhísí fánaíochta faoi na coinníollacha céanna agus den cháilíocht seirbhíse chéanna ab infheidhme dá n-úsáidfí na seirbhísí sin sa bhaile, agus gur féidir le hoibreoirí líonraí soghluaiste rochtain ar na teicneolaíochtaí líonra agus na glúine líonra uile atá ar fáil a sholáthar.

4.6Dá bhrí sin, tá gá leis na bearta atá beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar ionchais dhlisteanacha na dtomhaltóirí agus go mbainfear amach cuspóir bunaidh an Rialacháin Fánaíochta. I gcás ina bhfuil bonneagar áitiúil ar dhrochcháilíocht, molann CESE infheistíocht sa bhonneagar sin a mhéadú, go háirithe chun clúdach i limistéir éanasctha a fheabhsú, agus, anuas air sin, critéir íosta a thabhairt isteach a chaithfidh oibreoirí a bhaint amach de réir a chéile d’fhonn tomhaltóirí a chumasú chun leas iomlán a bhaint as na seirbhísí sin.

4.7Cé gur díol sásaimh é an laghdú ar mhuirir uasta ar féidir le líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a ghearradh ar oibreoirí ar cuairt, ní leor an laghdú i ngeall ar an difríocht idir na praghsanna a ghearrtar athuair agus na costais iarbhír fánaíochta sa líonra a dtugtar cuairt air. Mar thoradh air sin, méadaítear an costas a bhaineann le síntiús bunúsach do thomhaltóirí agus baintear an bonn d’iomaíochas OLFSanna a mbíonn orthu seirbhísí fánaíochta a cheannach ó phríomhoibreoirí na líonraí soghluaiste.

4.8Ba cheart do CESE tacú leis an rogha thosaíochta sa togra, arb í sin ‘Rogha 3 – FATB inbhuanaithe agus fíoreispéireas FATB (rogha thosaíochta)’ agus a áirithiú go bhfuil na muirir uasta níos ísle ná na cinn a luaitear sa togra.

4.9Leis an togra, cuirtear le leibhéal na trédhearcachta ar an leibhéal mórdhíola maidir le raonta uimhrithe seirbhísí breisluacha trí bhunachar láraithe le haghaidh raonta uimhrithe seirbhísí breisluacha a fhorbairt san Aontas a bheidh inrochtana ag oibreoirí.

4.10Molann CESE go n-áireofaí sa togra an fhéidearthacht deireadh a chur le seirbhís i gcás ina bhfuil sí curtha chun feidhme go calaoiseach (ping-ghlaoch) tar éis foláireamh a fháil ó na húdaráis bhreithiúnacha nó ó na póilíní, lena bhforáiltear do mhodhanna sásaimh d’oibreoirí na seirbhísí sin.

4.11Áirithítear leis an togra go mbeidh rochtain saor in aisce ag custaiméirí ar sheirbhísí éigeandála le linn fánaíochta trí bhearta sonracha a dhéanamh ar an leibhéal mórdhíola, lena n‑áirítear glaonna agus seirbhísí geoshuímh saor in aisce.

4.12Cé go bhféachann an togra le haghaidh rialacháin le deireadh a chur le haimhrialtachtaí a bhíonn roimh chustaiméirí agus iad ag rochtain líonraí fánaíochta (éascaíocht nascachta, rochtain laghdaithe go 3G nó 4G, etc.) i gcomparáid le tomhaltóir a bhfuil síntiús aige sa tír ina bhfuil sé ag fánaíocht, cuireann CESE in iúl nach ndéantar rialáil ar chleachtais a mheasann sé a bheith aimhrialta amhail:

-teorainn a chur le líon na meigibheart a áirítear sa síntiús a d’fhéadfaí a úsáid le linn fánaíochta, agus

-táillí a shocrú atá ró-ard don tomhaltóir nach bhfuil ag fánaíocht agus é ag dul i dteagmháil le síntiúsóir a bhfuil síntiús soghluaiste acu i dtír eile.

4.13Cé go ndéantar tagairt sa rialachán do ‘úsáid chóir’ chun cur síos a dhéanamh ar úsáid seirbhísí le linn fánaíochta, is oth le CESE nach sonraítear aon teorainneacha ar an úsáid sin agus nach dtugtar aghaidh ar rialacha beartais maidir le húsáid chóir le haghaidh pleananna taraife neamhtheoranta ná ar phraghsanna na nglaonna idirnáisiúnta, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an custaiméir ag fánaíocht. Molann CESE an téarma ‘faoi réir úsáid chóir’ a scriosadh mura ndéantar a raon feidhme a shoiléiriú ós rud é go n-úsáideann oibreoirí an argóint sin chun srian mór a chur le húsáid pacáistí fánaíochta.

4.14Go háirithe, is tábhachtach le CESE go ndíreofaí aird ar leith ar chásanna ina n-úsáidtear gléasanna soghluaiste i gceantair thrasteorann le tríú tíortha, agus molann sé go ndéanfaí an méid seo a leanas:

-é a chur de cheangal ar oibreoirí atá ag feidhmiú i limistéir an Aontais nasc sonrach a áirithiú le haghaidh muirir fánaíochta FATB AE a leathnófar chuig na tíortha sin nó chuig an limistéar geografach teorann;

-comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích chun fánaíocht FATB AE a leathnú chuig na tíortha sin a bhfuil teorainn acu leis na Ballstáit.

 

4.15Tugann CESE dá aire gur roimh ghéarchéim COVID-19 a rinneadh cuid den staidéar agus de na comhairliúcháin ar fad a eagraíodh chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialachán an Aontais. De dheasca na géarchéime seo, tá srianta géara ar thaisteal laistigh den Eoraip agus tá méadú tagtha ar na huirlisí atá á n-úsáid ag daoine agus iad i mbun teilea-oibre agus ar chraoladh cúrsaí ollscoile ar líne, go háirithe do mhic léinn Erasmus+.

4.16Cuireann CESE i bhfios go bhfuil cuid mhór limistéar fós ann nach bhfreastalaíonn leathanbhanda trí lúb logánta orthu san Aontas, agus tugann sé dá aire, thar aon ní eile, nach bhfuil sé tapa go leor chun freastal ar an éileamh a bhaineann leis na físchomhdhálacha sonraí‑shaothraithe sin, bíodh an custaiméir ag fánaíocht nó ná bíodh.

4.17Molann CESE an straitéis maidir le clúdach leathanbhanda snáthoptaice a neartú go mór, lena n‑áirítear ó thaobh cáilíochta de, mar aon leis an gcumas leathanbhanda a sholáthar, bíodh sé ina leathanbhanda trí lúb logánta nó trí líonraí soghluaiste.

4.18Maidir le foláirimh a thabhairt do thomhaltóirí nuair atá siad ag druidim le teorainn arna sainiú acu féin nó ag an oibreoir, molann CESE go gcuirfí de cheangal ar an oibreoir foláireamh a thabhairt don tomhaltóir athuair i gcás inar sáraíodh arís eile an teorainn arna sainiú sa chéad fholáireamh, go háirithe le linn an ghlao chéanna nó an tseisiúin úsáide sonraí chéanna. Má theipeann ar na foláirimh thuasluaite nó mura gcuirtear chun feidhme iad, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí chun muirir iomarcacha a aisíoc.

4.19I ndáil leis an mbunachar láraithe AE atá beartaithe le haghaidh uimhreacha seirbhísí breisluacha, molann CESE go n-áireofaí ann an fhéidearthacht deireadh a chur le seirbhís i gcás ina bhfuil sí curtha chun feidhme go calaoiseach (ping-ghlaoch) tar éis foláireamh a fháil ó na húdaráis bhreithiúnacha nó ó na póilíní, lena bhforáiltear do mhodhanna sásaimh d’oibreoirí na seirbhísí sin.

4.20Molann CESE go ndéanfaí rialachán AE a chur chun feidhme, agus é mar aidhm dheiridh aige go gcruthódh an tAontas fíormhargadh aonair, áit a gceadaítear glaonna agus tomhaltas sonraí ar phraghsanna ‘áitiúla’ ar gach fón póca agus líne thalún de chuid tomhaltóirí a bhfuil síntiús teileafóin acu san Eoraip, agus go mbeadh an luas céanna acu agus an rochtain chéanna acu ar bhonneagar, gan beann ar thír an ghlao nó an ghlactha.

4.21Is ábhar imní do CESE an modhnú atá beartaithe ar an modheolaíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar mhuirir uasta mhórdhíola trí ghníomh tarmligthe. Ba cheart athbhreithniú cuimsitheach reachtach a roghnú mar an bealach chun cinn i dtreo gur féidir na gnéithe sochaíocha uile d’fhorbairt na fánaíochta a chur san áireamh. Tá barúlacha Pharlaimint na hEorpa agus na sochaí sibhialta tábhachtach i ndáil leis sin.

An Bhruiséil, 7 Iúil 2021

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________