GA

D'

INT/929

An Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE
[COM(2020) 825 final – 2020/0361 (COD)]

Rapóirtéir: Gonçalo LOBO XAVIER

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 11/02/2021

Parlaimint na hEorpa, 08/02/2021

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

31/03/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27/04/2021

Seisiún iomlánach Uimh.

560

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

235/3/5



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le margadh aonair do sheirbhísí digiteacha (Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) tráth a bhfuil seirbhísí (digiteacha) sochaí faisnéise nua agus nuálacha tagtha chun cinn, lena n-athraítear saol laethúil shaoránaigh an Aontais agus lena múnlaítear agus lena n-athraítear an chaoi a ndéanann siad cumarsáid, nascadh, tomhaltas agus gnó. Tá rannchuidiú forleathan déanta ag na seirbhísí sin le claochlú sochaíoch agus eacnamaíoch san Aontas agus ar fud an domhain, agus léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá siad chun sochaí níos fearr a chruthú.

1.2Tacaíonn CESE le hiarrachtaí an Choimisiúin cosc a chur ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh le hiomadú rialacha agus rialacháin náisiúnta a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den chóras agus cosc a chur ar gach cuideachta Eorpach leas a bhaint as margadh aonair láidir. Dá bhrí sin, iarrann CESE ráiteas soiléir maidir le nádúr uileghabhálach na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha. Creideann CESE gur deis é sin chun caighdeáin dhomhanda a bhunú do mhargaí digiteacha a bheidh in ann an Eoraip a thabhairt isteach sa ré nua seo, rud a áiritheoidh ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta do thomhaltóirí ar líne.

1.3Is eol do CESE go dtógfaidh an plé ar an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha roinnt ama agus go mbeidh gá le comhréitigh san fhadtéarma. Ina ainneoin sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sceideal réasúnach a shainiú chun an plé agus an comhairliúchán cuimsitheach poiblí a bhunú agus chun an rialachán agus an straitéis a chur chun feidhme. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ról ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas sin d’fhonn cothroime iomaíochta a bhaint amach do na gníomhaithe uile, beag beann ar iad a bheith bunaithe san Aontas Eorpach nó gan bheith bunaithe ann.

1.4Creideann CESE freisin, i bhfianaise thábhacht na dteicneolaíochtaí digiteacha, gur tosaíocht anois é an gá atá le rialacha agus rialacháin nua chun na fadhbanna agus na dúshláin a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin a réiteach. Tá cineálacha cur chuige nua de dhíth chun freastal ar an ngeilleagar nua.

1.5Is díol sásaimh do CESE go bhfuil níos mó trédhearcachta ann maidir le córais mholtóra agus leis an bhfógraíocht. Mar sin féin, níor cheart na córais mholtóra seo a cháineadh go géar; ba cheart a áirithiú nach bhfaighidh tomhaltóirí ach an fhógraíocht a theastaíonn uathu. Dá bhrí sin, ba cheart béim a leagan ar neamhspleáchas an duine aonair leis na rialacháin agus creideann CESE gur cheart cothromaíocht chuí a bhaint amach le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 den rialachán.

1.6Tugann CESE dá aire go bhfuil roinnt mhaith easnamh ann maidir le prionsabal na tíre tionscnaimh agus iarrann sé go ndéanfar machnamh cúramach ar mhodhanna malartacha amhail prionsabal na tíre cinn scríbe go háirithe maidir le saincheisteanna cánach, saothair agus tomhaltóirí mura ndéantar rialáil níos láidre ar leibhéal an Aontais chun iomaíocht chóir agus an leibhéal cosanta is airde is féidir a áirithiú do thomhaltóirí. Ba cheart a áirithiú go mbeidh feidhm ag na forálacha céanna i ndlí an tsaothair maidir leis an oibrí ardáin agus atá i bhfeidhm sa tír ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil, toisc go bhfuil fadhbanna móra ag baint anois leis an iomaíocht chóir de dheasca dhrochdhálaí oibre na bhfostaithe. Is é an aidhm iomlán an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú agus a neartú trí chothroime iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile.

1.7Níor cheart do na hoibleagáidí trédhearcachta cosc a chur ar dhul chun cinn sa teicneolaíocht, go háirithe i réimse na hintleachta saorga agus na ríomheolaíochta. Cé go mbaineann rioscaí le bosca dubh na hintleachta saorga, d’fhéadfadh buntáistí suntasacha a bheith ag baint leis freisin. Leagann CESE béim ar an ngá atá ann a áirithiú go ndéanfar mionchoigeartú ar an dlí agus nach gcuirfidh sé bac ar an dul chun cinn teicniúil agus an leibhéal cosanta is airde is féidir do thomhaltóirí agus d’oibrithe á chur san áireamh. Iarrann sé go bhforbrófar creat leordhóthanach chun go mbeidh cuideachtaí in ann cothroime, iontaofacht agus slándáil a gcóras intleachta saorga a dhearbhú.

1.8Níor cheart deireadh a chur leis an díolúine ó dhliteanas i leith óstála ach amháin maidir le hábhar ar léir go bhfuil sé neamhdhleathach nó a cruthaíodh le cinneadh cúirte gur ábhar neamhdhleathach é. Molann CESE córas dearfach dliteanais a bhunú do mhargaí ar líne a bheidh le cur i bhfeidhm in imthosca áirithe.

1.9Ba cheart na sainmhínithe a úsáidtear a chuíchóiriú agus, a mhéid is féidir, a chomhchuibhiú le téacsanna dlíthiúla gaolmhara amhail an Ionstraim um Margaí Digiteacha, an Treoir maidir le Cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach agus Rialachán P2B.

1.10Tá an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha mar chuid de chur chuige rialála níos leithne i leith gheilleagar na n-ardán, ar gá dó aghaidh a thabhairt freisin ar chánachas, ar chearta oibrithe (lena n-áirítear cosaint shóisialta, sláinte agus sábháilteacht, an ceart eagrúcháin agus cómhargáil), ar dháileadh rachmais agus inbhuanaitheacht agus ar shábháilteacht táirgí. Tarraingíonn CESE aird ar an gcúram ollmhór a bhaineann leis an gcomhordú ceart a bhaint amach idir na hionstraimí agus na tionscnaimh ábhartha ar fad, go háirithe i réimsí na maoine intleachtúla, na teileachumarsáide, na sonraí agus na príobháideachta, dliteanais táirgí, sábháilteachta táirgí, na hearnála closamhairc agus, ar ndóigh, i dtaca leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Is gá forléargas ceart a bheith ann ar an gcaoi ar féidir na peirspictíochtaí éagsúla sin a dhéanann difear don Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a chomhtháthú.

1.11Leanfaidh CESE d’aird ar leith a thabhairt ar chánachas, ar rialachas sonraí, ar stádas fostaíochta, ar dhálaí oibre agus ar chosaint tomhaltóirí, toisc gur tosca suntasacha iad maidir le hiomaíocht sna geilleagair dhigiteacha, rud a bhíonn éagórach uaireanta. Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór dul i ngleic leis na dúshláin sin i bhfianaise na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an Chláir Oibre Dhigitigh, na Cairte um Chearta Bunúsacha agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha a bheith ríthábhachtach dár saol laethúil. Is féidir tairbhe nach beag a bheith ag baint leo don tsochaí agus don gheilleagar, agus aithnítear go huilíoch anois go bhfuil siad fíor-riachtanach don chaoi a n-oibríonn an margadh agus don tslí a ndéanaimid caidreamh lena chéile, agus baineann tairbhí iarbhír leo don phobal i gcoitinne. Mar sin féin, tá dúshláin shuntasacha ag baint leis na seirbhísí digiteacha do dhaoine aonair, don tsochaí agus don mhargadh. Braitheann Eoraip níos cothroime ar rialáil chuí na hearnála digití agus ar dháileadh cuí na sochar sin agus ar chosaint leordhóthanach a áirithiú do na rannpháirtithe uile sa mhargadh (saoránaigh, tomhaltóirí, oibrithe, agus cuideachtaí, beag beann ar a méid).

2.2Agus é ag freagairt do roinnt doiciméad, forbairtí cásdlí agus roinnt iarrataí – lena n-iarrtar, ar thaobh amháin, go ndéanfaí athchóirithe uaillmhianacha ar chreat dlíthiúil an Aontais maidir le ríomhthráchtáil atá ann cheana agus, ag an am céanna, go gcaomhnófaí na croíphrionsabail a bhaineann lena chóras dliteanais, an toirmeasc ar an bhfaireachán ginearálta agus clásal an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an taobh eile, margadh digiteach atá cothrom le dáta, níos cothroime agus iomaíoch – díríonn an Coimisiún ar dhá réimse ar leith: an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha.

2.3Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, ba cheart don Aontas ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí Eorpacha maidir le roinnt gnéithe den gheilleagar digiteach, go háirithe maidir le hardáin dhigiteacha ar líne. Ar na gnéithe is tábhachtaí agus is conspóidí den togra seo, tá ábhar neamhdhleathach a chomhrac agus trédhearcacht a mhéadú maidir leis an tslí a ndírítear fógraíocht ar an bpobal.

2.4Leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, díríonn an Coimisiún ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an margadh digiteach Eorpach agus, ag an am céanna, déanann sé iarracht é a dhéanamh níos cothroime, níos iomaíche agus níos nuálaí, rud a chuirfidh tuilleadh seirbhísí agus seirbhísí níos fearr ar fáil do dhaoine trí chothroime iomaíochta a bhunú do gach rannpháirtí sa mhargadh.

2.5Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE iarrachtaí an Choimisiúin chun an geilleagar digiteach a rialáil a thuilleadh chun go mbeidh sé iontaofa don tsochaí agus don gheilleagar araon. Tá coimircí de dhíth ar shaoránaigh, ar oibrithe agus ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna agus daoine leochaileacha, ina gcaidreamh le hardáin dhigiteacha agus is gá slándáil a ráthú i gcás na n-oibríochtaí ar fad i dtaca le hábhar, idirbhearta eacnamaíocha agus cearta maoine intleachtúla, fiú.

2.6Tá rialacha an Aontais maidir leis an gcibearspás ag éirí níos casta agus níos ilroinnte de réir a chéile. Ba cheart iarracht a dhéanamh a n-inléiteacht agus a gcomhleanúnachas a mhéadú. Is féidir le rialacha atá ró-chasta dochar a dhéanamh do ghnólachtaí agus do shaoránaigh araon, rud a chuireann srian leis an nuálaíocht, a mhéadaíonn costais agus a fhágann go mbíonn sé níos deacra do dhaoine a gcearta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhordú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar ghnéithe nós imeachta na rialacha forfheidhmiúcháin laistigh de na Ballstáit agus go bhfuil ionstraim dlí roghnaithe aige atá infheidhme go díreach.

2.7Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a bheith comhleanúnach leis an gcreat dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith ann lena dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le geilleagar na n-ardán amhail cearta oibrithe (lena n-áirítear cosaint shóisialta, sláinte agus sábháilteacht, an ceart chun eagrúcháin agus cómhargáil) 1 , an cháin agus an dáileadh rachmais, agus an inbhuanaitheacht, agus cuireann sé i bhfáth gur gá dul i ngleic leis na dúshláin sin ar an leibhéal Eorpach i bhfianaise na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an Chláir Oibre Dhigitigh, na Cairte um Chearta Bunúsacha agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. I measc na dTionscnamh a thabharfaidh an Coimisiún fúthu amach anseo, beidh CESE an-airdeallach maidir le cánachas, rialachas sonraí, stádas fostaíochta, dálaí oibre agus cosaint tomhaltóirí, toisc gur tosca suntasacha iad maidir le hiomaíocht sna geilleagair dhigiteacha, rud a bhíonn éagórach uaireanta.

2.8Ba cheart rialáil an chibearspáis a bheith chomh neodrach agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de agus ba cheart di an aimsir a sheasamh a oiread agus is féidir. Ar an gcaoi sin, cuirfear soiléireacht agus deiseanna margaidh ar fáil do chách agus díreofar ar chosaint agus slándáil na dtomhaltóirí.

2.9Tá sé tábhachtach, i réimse an chánachais dhigitigh, go nglacfaidh an Coimisiún tionscnaimh faoi chuimsiú an phlé idirnáisiúnta trí phrionsabail an chothromais agus na trédhearcachta, an prionsabal maidir le dáileadh an rachmais agus leis an inbhuanaitheacht a sholáthar, agus go gcuirfidh sé béim ar an ngá atá ann déileáil leis na ceisteanna sin ar an leibhéal Eorpach agus i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an Straitéis Dhigiteach, an Chairt um Chearta Bunúsacha agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

3.Barúlacha sonracha

3.1Tá rialáil níos fearr agus níos éifeachtúla, inter alia chun iomaíocht éagórach a sheachaint, ar cheann de na príomhghnéithe den gheilleagar nua seo. Creideann an Coimisiún go daingean ‑ agus tacaíonn CESE leis ‑ go bhfuil gá le modhanna agus cineálacha cur chuige nua chun rialáil a dhéanamh ar mhargadh nach bhfuil in ann úsáid a bhaint as na huirlisí céanna agus as gnáthmhodhanna déanta gnó. Is amhlaidh nach leor gnáthchreat rialála iomaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deacrachtaí a eascraíonn as cuideachtaí mórtheicneolaíochtaí a bheith ann.

3.2Iarrann CESE go mbeadh rialacha níos soiléire ann, amhail na rialacha sin a bhfuil an Coimisiún sásta iniúchadh a dhéanamh orthu, bunaithe ar chreat rialála simplithe mear maidir leis an margadh inmheánach don domhan digiteach. Ní mór don Aontas a bhosca uirlisí rialála a nuashonrú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na margaí digiteacha chomh maith leis na saincheisteanna a bhaineann le hardáin gheatóra. Is gá beart éagsúil a ghlacadh i dtaca leis an ngeilleagar nua agus, dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE tionscnamh Ionstraim na Margaí Digiteacha 2 .

3.3Ní mór ceannasacht dhigiteach Eorpach a chur san áireamh i ngach beart rialála, ní hamháin chun gnólachtaí a chosaint ach, chun oibrithe, tomhaltóirí agus saoránaigh a chosaint freisin. Le linn ghéarchéim COVID-19, tháinig méadú go leibhéil do-ghlactha ar dhíol táirgí neamhshábháilte, ar bhréagléirmheasanna, ar chleachtais tráchtála éagóracha agus ar sháruithe eile ar dhlí na dtomhaltóirí, agus ar phíoráideacht agus ar ghóchumadh ar ardáin dhigiteacha. Léiríonn an méid sin a luachmhaire atá tionscnamh na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha agus an géarghá atá le gníomhaíocht.

3.4Is léir freisin gur dúshlán atá sna sásraí forfheidhmithe chun calaois agus gníomhaíocht neamhdhleathach a bhaineann le hardáin dhigiteacha a chomhrac agus fágann siad go bhfuil níos mó freagrachtaí ar na cuideachtaí is mó a bhaineann tairbhe as an ngeilleagar digiteach. Creideann CESE go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha maidir le muinín sa mhargadh a chothú athuair agus iallach a chur ar na Ballstáit sásra pras éifeachtúil forfheidhmithe a shainiú a oireann do na Ballstáit go léir, agus na difríochtaí atá eatarthu á gcur san áireamh. Is díol sásaimh do CESE gur dócha go laghdófar na heasnaimh forfheidhmithe i réimse na fógraíochta neamhdhleathaí ar líne mar gheall ar an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.

3.5Is cuma cén cur chuige a ghlacfar i dtaca le córais agus sásraí forfheidhmithe, ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit cistí leordhóthanacha a leithdháileadh chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainní daonna, i gcórais oiliúna, i mbogearraí agus i gcrua-earraí, rudaí ar féidir leo muinín sa mhargadh agus i ndaoine aonair a neartú. Dá bhrí sin, is tosaíocht é sainiú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a chur chun feidhme chomh maith leis na costais a bhfuiltear ag súil leo don tsochaí mura ndéanfar aon ghníomhaíocht, agus coinníollacha leordhóthanacha a áirithiú chun go mbeidh gach Ballstát rannpháirteach.

3.6Maidir le raon feidhme na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, tá tábhacht ag baint le méid na gcuideachtaí. Níor cheart caitheamh le gach cuideachta sa réimse sin ar an mbealach céanna, rud lena seachnófar iomaíocht mhíchothrom bunaithe ar chumhacht airgeadais agus ar an ngné airgeadais. Mar sin féin, d’fhéadfadh an critéar atá beartaithe, i.e. líon na n-oibrithe, a bheith neamhleor agus éasca teacht timpeall air. Tá an méid sin ríthábhachtach go háirithe ós rud é nach bhfuil feidhm ag codanna suntasacha de na hoibleagáidí maidir le hardáin a leagtar amach sa rialachán atá beartaithe maidir le micrifhiontair nó fiontair bheaga, amhail láimhseáil gearán, iompar mí-úsáideach, cionta coiriúla a thuairisciú, trédhearcacht fógraíochta, iniúchtaí neamhspleácha agus comharthóirí iontaofa.

3.7Mar sin féin, cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach FBManna, micrifhiontair agus fiontair an gheilleagair shóisialta a chosaint. D’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann na costais chomhlíonta agus infheistíochta a íoc agus ní mór a áirithiú nach mbeidh siad thíos le cur chun feidhme rialachán a bhí ceaptha iomaíocht chóir a áirithiú. Dá bhrí sin, iarrann CESE go n-aimseofar critéir mhalartacha chun micrifhiontair agus fiontair bheaga a shainmhíniú (Airteagal 16), amhail láimhdeachas bliantúil nó a struchtúr úinéireachta nó eagrúcháin.

3.8Is díol sásaimh do CESE an tréimhse oiriúnacháin do chuideachtaí a thagann faoi chatagóir na n-ardán mór ar líne (Airteagal 25(4)). Is minic a fhásann na cuideachtaí sin go han-tapa agus ba cheart deis chothrom a thabhairt dóibh dul in oiriúint do na riachtanais agus na dualgais níos déine a bhunaítear sa togra.

3.9Cé go bhfuil sé soiléir sa togra gur cheart a thuiscint gur lex generalis atá ann, is cosúil go bhfuil go leor sainmhínithe dlúthghaolmhara in ionstraimí éagsúla, rud a d’fhéadfadh a bheith ró-chiotach ó thaobh comhlíonta de toisc go bhforchuirfeadh an méid sin costais bhreise ar chuideachtaí agus ar thomhaltóirí. Mar shampla, cé go sainmhínítear an coincheap “ardán ar líne” sa togra, ní shainmhínítear an coincheap “ardán” ach úsáidtear é i Rialachán P2B (Rialachán 2019/1150); baineann an Treoir maidir le Margadh Aonair Digiteach (2019/790) úsáid as an gcoincheap “soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne”; agus déantar tagairt sa togra maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha do “geatóirí” agus “ardáin chroísheirbhíse”.

3.10Agus méadú tagtha ar líon na seirbhísí digiteacha atá ar fáil, tá forbairt tagtha ar shamhlacha gnó agus tá siad níos casta dá réir agus is doiligh idirdhealú a dhéanamh anois idir na gníomhaithe éagsúla. I bhfianaise na bhforbairtí gasta san earnáil sin ar dúshlán do rialtóirí iad, ní mór sainmhínithe soiléire a bheith ann. Molann CESE sainmhíniú níos soiléire a thabhairt ar na téarmaí seo a leanas i dtaca leis an ngeilleagar digiteach: ardáin, úsáideoirí nó faighteoirí (tá an dá théarma in úsáid sa togra ach is é “faighteoirí” is minice a úsáidtear ), tomhaltóirí agus oibrithe.

3.11Faoin togra reatha, níl feidhm ag na rialacha maidir le hinrianaitheacht trádálaithe ach i gcás “ina gceadaíonn ardán ar líne do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe” (Airteagal 22). Rogha eile is ea na soláthraithe/na hardáin sin lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt chun críche le trádálaithe a shainmhíniú mar “margaí” agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcatagóir a bhaineann le seirbhísí idirghabhálacha a shoiléiriú.

3.12Ba cheart cóid iompair de bhun Airteagal 35 agus Airteagal 36 a fhorbairt ar bhealach oscailte rannpháirteach. Ba cheart d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí agus ar fhaighteoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis ábhartha a bheith rannpháirteach.

3.13Tugann CESE dá aire go bhfuil roinnt mhaith easnamh ann maidir le prionsabal na tíre tionscnaimh agus iarrann sé go ndéanfar machnamh cúramach ar mhodhanna malartacha amhail prionsabal na tíre cinn scríbe go háirithe maidir le saincheisteanna cánach, saothair agus tomhaltóirí mura ndéantar rialáil níos láidre ar leibhéal an Aontais chun iomaíocht chóir agus an leibhéal cosanta is airde is féidir a áirithiú do thomhaltóirí. Ba cheart a áirithiú go mbeidh feidhm ag na forálacha céanna i ndlí an tsaothair maidir leis an oibrí ardáin agus atá i bhfeidhm sa tír ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil, toisc go bhfuil fadhbanna móra ag baint anois leis an iomaíocht chóir de dheasca dhrochdhálaí oibre na bhfostaithe. Is é an aidhm iomlán an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú agus a neartú trí chothroime iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile.

3.14Thairis sin, níor cheart an córas a leagtar amach in Airteagal 8 agus Airteagal 9 den togra a mheas mar rogha mhalartach ar aithint agus forghníomhú breithiúnas, agus ba cheart a shoiléiriú go leanann na rialacha maidir le diúltú d’aithint agus d’fhorghníomhú de bheith bailí agus infheidhme.

3.15Is díol sásaimh do CESE an soiléiriú nach ndéanann imscrúduithe féintionscnaimh difear d’infheidhmeacht cuanta sábháilte (Airteagal 6) agus go gcaomhnaítear an prionsabal ginearálta nach gá faireachán a dhéanamh (Airteagal 7). Mar sin féin, níor cheart go ndéanfadh na rialacha sin difear don dualgas atá ar mhargaí ar líne seiceálacha rialta a dhéanamh ar thrádálaithe agus ar na táirgí agus na seirbhísí a thairgtear, mar a leagtar amach in Airteagal 22.

3.16Ba cheart an chéad abairt d’Airteagal 12(1) a shoiléiriú, eadhon a shonrú cibé acu an gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an bhforáil faisnéis amhail sonraí teicniúla a sholáthraítear do dhíoltóir bogearraí i gcomhaontú SaaS (bogearraí mar sheirbhís).

3.17Is díol sásaimh do CESE an rialáil mhionsonraithe ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus an nós imeachta inmheánach um láimhseáil gearán mar aon leis na coimircí a tugadh isteach leis an togra. Creideann CESE, áfach, nár cheart an cuan sábháilte (Airteagal 5) a eisiamh ach amháin i gcás inar léir go bhfuil an t-ábhar neamhdhleathach faoin dlí náisiúnta sa tír thionscnaimh nó faoi dhlí an Aontais atá infheidhme go díreach, nó i gcás inar chinn cúirt dlí gur ábhar neamhdhleathach é. Mura ndéanfar amhlaidh, beidh dreasacht ag idirghabhálaithe ábhar a bhaint mar réamhshocrú. D’fhéadfadh an measúnú dlíthiúil ar chineálacha áirithe ábhair a bheith an-chasta agus níor cheart idirghabhálaithe a bheith faoi dhliteanas mura bhfuil ábhar áirithe bainte acu. Tá an méid sin i gcomhréir leis an dualgas maidir le soláthar seirbhísí a chur ar fionraí a bhunaítear in Airteagal 20, ina dtagraítear d’ábhar ar follasach gurb ábhar neamhdhleathach é.

3.18Tá cruthú na seirbhísí digiteacha bunaithe go bunúsach ar an gcumas sonraí a bhainistiú agus rochtain a fháil orthu. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar an nGníomh um Rialachas Sonraí (COM(2020) 767 final), ina luaitear go bhféadfaí “comharchumainn bainistithe agus malartaithe sonraí” a chruthú, ionstraim a bheidh fabhrach do ghnólachtaí beaga, gnólachtaí agus fiontraithe aonair a bhféadfadh sé nach mbeidís in ann rochtain a fháil ar mhéideanna móra sonraí ná iad a phróiseáil leo féin. D’fhéadfadh na struchtúir sin rialachas rannpháirteach comhroinnte a chur ar fáil chun bainistiú a dhéanamh ar sheirbhísí idirghabhála, malartaithe nó comhroinnte sonraí idir cuideachtaí agus idir gnólachtaí agus fiontraithe a d’fhéadfadh sonraí a chur ar fáil ach a d’fhéadfadh úsáid agus tairbhe a bhaint astu freisin.

4.Straitéis cur chun feidhme – beart a dhéanamh

4.1Deirtear gur soiléiríodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair na naisc idir an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an creat rialála níos leithne, agus cur síos níos mionsonraithe á dhéanamh inti ar na roghanna beartais, mar aon le hanailís níos mionsonraithe ar an mbunfhianaise a dtugtar aghaidh uirthi sa tuarascáil athbhreithnithe ar an measúnú tionchair. Tá sé sin ríthábhachtach, ach ní chiallaíonn sé nach mbeidh an tsochaí fós imníoch i bhfianaise na n-athróg go léir atá i gceist agus nach leanfaidh sí uirthi de bheith cúramach. Leanfar den mhéadú ar thábhacht na seirbhísí digiteacha inár ngeilleagar agus inár sochaí, agus méadófar freisin na rioscaí méadaitheacha a ghabhann leo.

4.2Maidir leis an mbreisluach i bhforfheidhmiú na mbeart, cruthaíonn an tionscnamh gnóthachain éifeachtúlachta shuntasacha sa chomhar ar fud na mBallstát agus comhthiomsaíonn sé roinnt acmhainní le haghaidh cúnamh teicniúil ar leibhéal an Aontais maidir le cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh ar chórais mhodhnaithe ábhar, ar chórais mholtóra agus ar fhógraíocht ar ardáin an-mhór ar líne. Mar thoradh air sin, beidh bearta forfheidhmithe agus maoirseachta níos éifeachtaí toisc go bhfuil an córas atá ann faoi láthair ag brath cuid mhaith ar an gcumas maoirseachta teoranta atá ann i líon beag Ballstát. Ní mór an togra a fheabhsú, áfach, chun forfheidhmiú agus sásamh a áirithiú do thomhaltóirí ar bhealach éifeachtach agus tapa. Ní mór don Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha leigheasanna, lena n-áirítear cúiteamh i leith damáistí, a chur san áireamh do thomhaltóirí i gcás ina dteipeann ar chuideachtaí cloí lena n-oibleagáidí faoin Ionstraim.

4.3Cuirtear in iúl go mbunóidh an Coimisiún creat cuimsitheach chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar na hionstraime reachtaí sin ar dháta a cur i bhfeidhm. Bunaithe ar an gclár faireacháin seanbhunaithe, tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar an ionstraim laistigh de chúig bliana ó dháta a teacht i bhfeidhm. Creideann CESE nach tréimhse ama réasúnta é sin lena spreagfar muinín sa mhargadh agus sna saoránaigh agus lena n-áiritheofar comhsheasmhacht leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht rialta gach dhá bhliain.

4.4Ba cheart na rialacha a chur in iúl go héifeachtach agus níor cheart dóibh smál a fhágáil ar íomhá an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cosaint shaoránaigh an Aontais agus cosaint tomhaltóirí a bheith ar cheann de phríomhphointí na cumarsáide agus an fhorfheidhmithe amach anseo. Is áit fháilteach é an tAontas Eorpach do chuideachtaí, d’oibrithe agus do shaoránaigh, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den Aontas, agus ní mór dó fanacht amhlaidh. Níor cheart don rialachán a bheith ina ualach ná ina bhac, ba cheart dó a bheith ina chur chuige cothrom i leith rialáil ar an idirlíon sa 21ú haois, lena leagtar síos caighdeán do gheilleagar digiteach atá níos fearr agus níos cothroime agus do spás níos sábháilte ar líne agus lena gcosnaítear daonlathais bhríomhara.

5.Cearta bunúsacha

5.1Cearta oibrithe, lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta agus saoirsí bunúsacha amhail an tsaoirse fiontraíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse smaointeoireachta agus an tsaoirse tuairimíochta, ní mór na nithe sin a chosaint go cuí i gcomhréir leis an reachtaíocht agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an togra cothromaíocht chóir a bhaint amach maidir leis sin.

5.2Gné thábhachtach den togra is ea cothroime nós imeachta. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach leor an méid sin amháin chun cothroime iarbhír éifeachtach a áirithiú mura bhfuil na dreasachtaí ailínithe mar is ceart. D’fhéadfadh coincheap leathan an ábhair neamhdhleathaigh nó, mar atá molta ag daoine áirithe, coincheap an “ábhair dhíobhálaigh”, srian a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus leis an tsaoirse tuairimíochta.

5.3Déantar dínit an duine a chosaint le rialacha láidre soiléire chun saoránaigh agus tomhaltóirí a chosaint. Tá ról tábhachtach ag na gnéithe sin sa togra agus ba cheart iad a chaomhnú.

5.4Leis an gcreat atá beartaithe san Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, cuirtear na huirlisí oiriúnacha ar fáil do na húdaráis chun cúbláil, riosca idirdhealaitheach agus mí-úsáidí eile a chosc, faireachán a dhéanamh orthu agus freagairt dóibh. Measann CESE nach mór don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit acmhainní nach beag a infheistiú agus a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní sin a ghiaráil ar mhaithe leis an tsochaí i gcoitinne.

5.5D’fhonn riosca idirdhealaitheach a mhaolú, áitíonn CESE nach mór don Aontas agus do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a infheistiú chun na halgartaim a úsáideann na hardáin a rialú agus chun maoirsiú a dhéanamh orthu. Is mór ag CESE an rochtain mhéadaithe ar shonraí agus ar algartaim agus molann sé nach mór é a áirithiú do na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal agus do thaighdeoirí neamhspleácha grinnfhiosraithe, lena n-áirítear iad siúd ón tsochaí shibhialta neamhspleách atá ag obair ar mhaithe le leas an phobail.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2021.

Christa SCHWENG

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________