GA

INT/931

An córas e-CODEX

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ríomhairithe le haghaidh cumarsáid in imeachtaí sibhialta agus coiriúla trasteorann (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

[COM(2020) 712 final - 2020/0345 (COD)]

Rapóirtéir: Ozlem YILDIRIM

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 24/02/2021

Bunús dlí

Airteagal 81(2) agus Airteagal 82(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

31/03/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27/04/2021

Seisiún iomlánach Uimh.

560

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

247/0/3



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh rialála atá beartaithe, ar gá é a fhorlíonadh le tograí ó Pharlaimint na hEorpa. Beidh tionchar dearfach indíreach ag an gcóras e-CODEX toisc go simplíonn sé nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann agus comhar breithiúnach trasteorann agus cuireann sé dlús leo, rud a rannchuideoidh freisin le feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú.

1.2Is fiú a thabhairt faoi deara nach leis an r-cheartas amháin a bhaineann an córas e-CODEX. In oirchill na todhchaí, molann CESE go n-áireofaí foráil chun deis a thabhairt d’údaráis riaracháin phoiblí eile leasanna eile a bhaint as, lena n-áirítear, mar shampla, ríomhthaifid sláinte a aistriú.

1.3Molann CESE go n-áireodh an Coimisiún an ghné inscálaitheachta faoi chuimsiú raon feidhme an rialacháin. Go dtí seo, tá an córas e-CODEX ag feidhmiú i roinnt Ballstát arb urraitheoirí tosaigh an tionscadail seo iad. Mar sin féin, ní mór an tionscadal e-CODEX atá ann faoi láthair a mhéadú agus ní mór dó leanúint de bheith ag feidhmiú go rianúil ar fud na mBallstát uile, ós rud é gurb é sin is aidhm leis an rialachán atá beartaithe.

1.4Tá dlús á chur le digiteáil na sochaí, an gheilleagair agus an riaracháin agus is cuspóir uaillmhianach é sin nuair a chuirtear le cois a chéile iad; ní mór nasc soiléir a bheith ann le cúrsaí mar atá siad anois. Is príomhghné den “Phacáiste um chomhar breithiúnach digiteach” agus den bhonneagar seirbhísí digiteacha r-Cheartais é an córas e-CODEX, i measc tionscnaimh eile. Toisc go bpléann sé le ceartas agus cearta bunúsacha, measann CESE gur gá é a nascadh leis an straitéis dhigiteach uileghabhálach “Shaping Europe’s digital future” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] 1 , ar gné lárnach í nach bhfuil sainráite sa rialachán.

1.5Ós rud é nach gníomhaireacht rialála é eu-LISA, creideann CESE gur gá i gCaibidil 2 den rialachán atá beartaithe aghaidh a thabhairt ar thrédhearcacht an phróisis cinnteoireachta, ar rannpháirtíocht na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile, agus ar an neamhspleáchas riachtanach maidir leis na cinntí arna ndéanamh ag na comhlachtaí atá páirteach ina rialachas.

1.6Toisc gur pacáiste de tháirgí bogearraí atá sa chóras e-CODEX ar féidir iad a úsáid chun pointe rochtana a chur ar bun le haghaidh cumarsáid shlán, ní mór é a bheith ina phríomhchuspóir sa rialachán ardleibhéal slándála a áirithiú. Tuigfear gur gá bearta slándála a bhunú chun feidhmiú cearta aonair gan srian a chosaint.

1.7Pointe amháin a gcreideann CESE ar cheart aird níos mó a thabhairt air is ea fíor-rochtain leathan ar cheartas digiteach. Ní mór do na buntáistí a bhaineann leis an gcóras e-CODEX dul níos faide ná na gnéithe a bhaineann le cumais fheabhsaithe bhainistíochta, oibríochta agus chumarsáide. Creideann CESE nach mór d’fhorbairt an cheartais dhigitigh díriú ar rochtain shlán, shábháilte, iontaofa agus éasca ar cheartas a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais.

1.8Cuireann CESE in iúl na hábhair imní atá ann cheana agus a chuir geallsealbhóirí éagsúla agus na Ballstáit in iúl faoi cé acu an ndéanfar prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú go leordhóthanach agus oibríocht bhuan agus forbairt bhreise á ndéanamh ag eu-LISA ar an gcóras e-CODEX.

2.Cúlra agus éirim an togra ón gCoimisiún

2.1Seoladh an córas e-CODEX (Tionscadal r-Cheartais trí Mhalartú Sonraí ar Líne) faoi phlean gníomhaíochta ilbhliantúil r-Cheartais 2009-2013 2 , go príomha chun digiteáil na n‑imeachtaí breithiúnacha trasteorann a chur chun cinn agus chun an chumarsáid idir údaráis bhreithiúnacha na mBallstát a éascú.

2.2Is é an córas e-CODEX an phríomhuirlis chun líonra cumarsáide idir‑inoibritheach agus díláraithe a bhunú idir córais TF náisiúnta in imeachtaí sibhialta agus coiriúla trasteorann. Is pacáiste bogearraí é a chumasaíonn nasc idir na córais náisiúnta, lena gceadaítear d’úsáideoirí, amhail údaráis bhreithiúnacha, cleachtóirí dlí agus daoine den phobal, doiciméid, foirmeacha dlí, fianaise agus faisnéis eile a sheoladh agus a fháil ar bhealach tapa agus sábháilte. Sa chóras e-CODEX, tá pacáiste de tháirgí bogearraí is féidir a úsáid chun pointe rochtana a chur ar bun le haghaidh cumarsáid shlán.

2.3Tá an córas e-CODEX ar cheann de na príomh-chomhpháirteanna de bheartas r-Cheartais an Choimisiúin chun feabhas a chur ar rochtain ar cheartas agus ar éifeachtúlacht an cheartais sna Ballstáit agus áirítear é i bplean gníomhaíochta Eorpach ilbhliantúil maidir le r‑cheartas 2019‑2023 3 . Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Digitalisation of justice in the European Union – A toolbox of opportunities [Digiteáil an cheartais san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí de dheiseanna] 4 freisin, deimhníodh é mar phríomhuirlis na cumarsáide digití sláine in imeachtaí breithiúnacha trasteorann. I gcomhthéacs margaidh aonair dhigitigh arb é is aidhm dó bonneagar agus seirbhísí ardluais slána iontaofa a sholáthar, ba chuid de phlean gníomhaíochta ríomhrialtais 2016 5 iad na réitigh chun an r-Cheartas a chur chun cinn.

2.4D’fhorbair 21 Bhallstát, le rannpháirtíocht tríú tíortha/tríú críoch agus eagraíochtaí eile 6 , an córas e-CODEX idir 2010 agus 2016.

2.5Faoi láthair, tá an córas e-CODEX á bhainistiú ag cuibhreannas Ballstát agus eagraíochtaí eile, le maoiniú ó dheontas de chuid an Aontais.

2.6Ní mór an córas e-CODEX a bhainistiú ar bhealach nach gcaithfear amhras ar neamhspleáchas na mbreithiúna náisiúnta.

2.7Tá togra á chur ar aghaidh ag an gCoimisiún le haghaidh rialachán chun an córas e-CODEX a bhunú ar leibhéal an Aontais, agus tá bainistiú oibríochtúil an chórais á chur de chúram aige ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA). Le rialachas cobhsaí an chórais e-CODEX, beifear in ann é a bhunú mar chóras réamhshocraithe chun teachtaireachtaí leictreonacha a mhalartú le haghaidh comhar breithiúnach ar leibhéal an Aontais. Ní ghlacfaidh eu-LISA bainistiú an chórais e-CODEX mar chúram air féin roimh mhí Iúil 2023.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh rialála atá beartaithe, ar gá é a fhorlíonadh le tograí ó Pharlaimint na hEorpa. Beidh tionchar dearfach indíreach ag an gcóras e-CODEX toisc go simplíonn sé nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann agus comhar breithiúnach trasteorann agus cuireann sé dlús leo, rud a rannchuideoidh freisin le feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú.

3.2Tá an Eoraip ina príomhcheann feadhna sa chlaochlú digiteach. Is catalaíoch é an córas e‑CODEX don chlaochlú sin san Eoraip, sna Ballstáit agus, rud is tábhachtaí fós, idir na Ballstáit féin. Tá níos mó i gceist leis ná na riachtanais TF fheidhmiúla; baineann sé le príomhghnéithe amhail comhchuibhiú, cultúr, cearta an duine agus próisis eile nach mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu i ndigiteáil na sochaí agus an gheilleagair.

3.3Ós rud é go dtugtar deis do shaoránaigh leis an rialachán seo, leas a bhaint as rochtain fheabhsaithe trasteorann ar cheartas, measann CESE nach mór, ina theannta sin, aghaidh a thabhairt sa rialachán go sonrach ar an neartú agus an comhchuibhiú atá riachtanach maidir le cumais na mBallstát i réimse an chomhair bhreithiúnaigh. Is é an chéad chéim ná an éiceachóras digiteach atá ina bhuntaca leis an gcóras e-CODEX, agus lena gcaithfear timpeallacht idir‑inoibritheach idirnasctha a chumasú. Ba mhaith le CESE a chur in iúl go bhfuil éagsúlacht ann go dtí seo maidir le glacadh TF ó thaobh na mbreithiúna san Eoraip de. Dá bhrí sin, iarrann CESE go mbeidh comhar níos láidre idir ranna náisiúnta ceartais agus cóineasú ar fud an Aontais ar leibhéil éagsúla, agus sainghnéithe na gcóras náisiúnta á n-urramú go hiomlán, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann. Ar an leibhéal teicniúil, is gá a ráthú go mbeidh céimeanna comhchosúla uathoibriúcháin agus an cumas teicniúil ag na Ballstáit chun mórdhoiciméid leictreonacha a láimhseáil agus a stóráil, agus chun soláthraithe seirbhísí a idirnascadh ar bhealach an-slán.

3.4Tá sé ríthábhachtach muinín a fheabhsú in idirghníomhaíocht leictreonach trasteorann idir saoránaigh, gnólachtaí agus údaráis phoiblí. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar thionchar an rialacháin maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa Mhargadh Aonair Eorpach (eIDAS) ar bhonneagar e‑CODEX agus ar fheidhmiú e‑CODEX. Ós rud é go rialaíonn eIDAS sínithe leictreonacha, idirbhearta leictreonacha, na comhlachtaí lena mbaineann agus a bpróisis, tugann CESE faoi deara go bhfeidhmíonn an córas e-CODEX mar mhodh éifeachtach chun cumarsáid fhorleathan a dhéanamh. Ní mór dá bhonneagar oibriú i gcomhréir le ceanglais eIDAS agus idir‑inoibritheacht shlán a éascú.

3.5Is fiú a thabhairt faoi deara nach leis an r-cheartas amháin a bhaineann an córas e-CODEX. In oirchill na todhchaí, molann CESE go n-áireofaí foráil chun deis a thabhairt d’údaráis riaracháin phoiblí eile leasanna eile a bhaint as, lena n-áirítear, mar shampla, ríomhthaifid sláinte a aistriú. Tríd an gcóras e-CODEX a úsáid ar shlite eile amach ón r-cheartas, beifear in ann a áirithiú go mbainfear úsáid fhadtéarmach as agus spreagfar na Ballstáit chun an infheistíocht riachtanach a dhéanamh ina mbonneagar. Ós rud é nach rialaítear leis an togra seo ach gnéithe ceartais amháin, bheadh tograí reachtacha eile ag teastáil chun é sin a dhéanamh.

3.6Tacaíonn CESE leis an gcóras e-CODEX toisc go gcumasaíonn sé faisnéis agus doiciméid a tharchur go leictreonach ar bhealach slán in imeachtaí sibhialta agus coiriúla trasteorann. Mar a thugann an Coimisiún dá aire, tá gá leis an rialachán seo ar dhá phríomhchúis: (1) chun an córas e-CODEX a bhunú agus a inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú, agus (2) chun bainistiú, forbairt bhreise agus cothabháil an chórais a chur de chúram ar Ghníomhaireacht eu-LISA. Mar sin féin, cuireann CESE in iúl go bhfuil gá le hailtireacht theicniúil atá inbhuanaithe agus cobhsaí mar aon le bonneagar láidir rialachais chun an córas breithiúnach digiteach a rialú go héifeachtach.

3.7Molann CESE go n-áireodh an Coimisiún an ghné inscálaitheachta faoi chuimsiú raon feidhme an rialacháin. Go dtí seo, tá an córas e-CODEX ag feidhmiú i roinnt Ballstát arb urraitheoirí tosaigh an tionscadail seo iad. Mar sin féin, ní mór an tionscadal e-CODEX atá ann faoi láthair a mhéadú agus ní mór dó leanúint de bheith ag feidhmiú go rianúil ar fud na mBallstát uile, ós rud é gurb é sin is aidhm leis an rialachán atá beartaithe. Cuireann CESE in iúl go bhfuil sé de fhreagracht ar gach Ballstát a áirithiú go bhfeidhmíonn a gcóras náisiúnta TF agus a mbonneagar mar is cuí, go bhfuil siad slán agus go ndéantar sonraí pearsanta agus príobháideacht a áirithiú.

3.8Iarrann CESE ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí cabhrú le heintitis a oibríonn lasmuigh den Aontas, go háirithe i dtíortha a bhfuil baint acu leis an Aontas Eorpach, pacáiste de tháirgí bogearraí chóras e-CODEX a bhunú. Dá leathnófaí raon feidhme an tionscadail, tionscadal ar cheart é a bheith bunaithe ar shamhail shoiléir chómhaoiniúcháin, rachadh sé sin chun tairbhe do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart an gá atá le hinscálaitheacht agus oibríochtúlacht an chórais a áirithiú a chur san áireamh.

4.Barúlacha sonracha

4.1Ailíniú agus comhsheasmhacht le croí-straitéisí Eorpacha

4.1.1Tá dlús á chur le digiteáil na sochaí, an gheilleagair agus an riaracháin agus is aidhm uaillmhianach é sin nuair a chuirtear le cois a chéile iad; ní mór nasc soiléir a bheith ann le cúrsaí mar atá siad anois. Is príomhghné den “Phacáiste um chomhar breithiúnach digiteach” agus den bhonneagar seirbhísí digiteacha r-Cheartais é an córas e-CODEX, i measc tionscnaimh eile. Toisc go bpléann sé le ceartas agus cearta bunúsacha, measann CESE gur gá é a nascadh leis an straitéis dhigiteach uileghabhálach “Shaping Europe’s digital future” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] 7 , ar gné lárnach í nach bhfuil sainráite sa rialachán.

4.1.2Dar le CESE, ní mór don tionscnamh reachtach atá le teacht maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) agus atá le fógairt ag an gCoimisiún in earrach na bliana 2021 8 , aghaidh a thabhairt go sonrach ar an ról atá ag réitigh atá bunaithe ar IS maidir le réitigh r‑cheartais a chumasú agus ar na rioscaí a ghabhann leis an úsáid a bhaineann na húdaráis bhreithiúnacha as réitigh atá bunaithe ar IS. I measc na n-úsáidí féideartha sin, tá “ceartas réamhthuartha” agus na dúshláin a bhaineann leis, an úsáid a bhaintear as cláir réitigh díospóidí ar líne, agus úsáid algartam in imscrúduithe coiriúla.

4.1.3Aithníonn CESE nach bhfuil úsáid IS i gceist leis an gcóras e-CODEX. Mar sin féin, tá níos mó agus níos mó úsáide á baint as IS i gcórais bhreithiúnacha. Dá bhrí sin, i ngeall ar an gcaidreamh indíreach, molann CESE go dtabharfaí aghaidh sa chéad athbhreithniú ar an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga 9 , atá beartaithe don chéad ráithe de 2021, ar an nasc idir IS, ceartas digiteach agus an córas e-CODEX.

4.2Rialachas éifeachtach an chórais e-CODEX agus gnéithe oibríochtúla de

4.2.1Ós rud é nach gníomhaireacht rialála é eu-LISA, creideann CESE gur gá i gCaibidil 2 den rialachán atá beartaithe aghaidh a thabhairt ar thrédhearcacht an phróisis cinnteoireachta, ar rannpháirtíocht na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile, agus ar an neamhspleáchas riachtanach maidir le cinntí arna ndéanamh ag na comhlachtaí atá páirteach ina rialachas. Mar shampla, ós rud é go mbeidh príomhghrúpa féideartha úsáideoirí e-CODEX ann, d’fhéadfaí rannpháirtíocht dlíodóirí a chur san áireamh ar leibhéal na mbeartas agus ar leibhéal an chur chun feidhme araon chun freagairt a thabhairt, mar shampla, ar an ngá atá lena áirithiú go dtacóidh an córas e-CODEX le cothroime iomaíochta ó thaobh inrochtaineachta do gach páirtí de agus go sásóidh sé riachtanais dlíodóirí. Dá bhrí sin, ba cheart ról struchtúrach a bheith ag gairmithe ceartais dlí seachas dul i gcomhairle leo amháin.

4.2.2Ar an leibhéal oibríochtúil, cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le soiléiriú áirithe maidir le, mar shampla, teorannú dian ar shaincheisteanna gnóthaí baile agus ceist “an ionaid ilfhreastail”. Ní mór formáidí chun fianaise a chur isteach agus a mhalartú idir dlínsí a chomhchuibhiú freisin.

4.2.3Maidir le eu-LISA, ní mór dóthain acmhainní daonna agus dóthain acmhainní airgeadais araon a chur ar fáil don ghníomhaireacht. Chun an pointe sin a neartú, athdhearbhaíonn CESE an moladh atá déanta aige maidir leis an oiliúint atá riachtanach do bhaill foirne eu-LISA 10 , go háirithe pearsanra TF, ar cheart a áireamh inti tuiscint chuí ar an gcaoi ar gá do bhainistiú an chórais e-CODEX neamhspleáchas na mbreithiúna agus an ceart chun trialach córa a áirithiú. Is féidir an méid sin a fhorbairt a thuilleadh in Airteagal 13 den rialachán atá beartaithe.

4.3Ardleibhéal slándála chun cearta agus saoirsí a chosaint

4.3.1Toisc gur pacáiste de tháirgí bogearraí atá sa chóras e-CODEX ar féidir iad a úsáid chun pointe rochtana a chur ar bun le haghaidh cumarsáid shlán, ní mór é a bheith ina phríomhchuspóir sa rialachán ardleibhéal slándála a áirithiú. Tuigfear gur gá bearta slándála a bhunú chun feidhmiú cearta aonair gan srian a chosaint 11 . Creideann CESE freisin nach mór don rialachán maidir leis an gcóras e‑CODEX a chur i bhfios go láidir i gCaibidil 2 go bhfuil comhaontú comhair i bhfeidhm idir Gníomhaireacht eu-LISA agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) 12 .

4.3.2Ní mór ardleibhéal príobháideachais agus cosanta sonraí a áirithiú leis na réitigh dhigiteacha. Le hardleibhéal slándála, áirítear freisin cosaint chomhchuibhithe sonraí a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta. Athdhearbhaíonn CESE gur gá do rialaitheoirí sonraí sna Ballstáit bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm, prionsabail cosanta sonraí a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a dhaingniú chun an méid sin a chumasú.

4.3.3Tá sé níos deacra ná riamh na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil a thuar. Aithníonn CESE go bhfuil measúnú riosca agus maolú riosca ag croílár phleanáil bhliantúil, oibríochtaí réamhshocraithe agus thimthriall tuairiscithe eu-LISA. Creideann CESE go bhféadfadh eu-LISA a chreat a threisiú trí rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhapáil a ngabhann iarmhairtí neamhthuartha leo mar aon le straitéisí maolaithe riosca agus mapáil “mór-rioscaí”. Gníomhaireacht níos athléimní agus níos réamh-mheasta a bheadh inti dá bharr sin.

5.Cearta bunúsacha a chomhlíonadh 

5.1Rochtain ar cheartas digiteach do chách mar bhealach chun comhionannas agus neamh‑idirdhealú a áirithiú

5.1.1Pointe amháin a gcreideann CESE ar cheart aird níos mó a thabhairt air is ea fíor-rochtain leathan ar cheartas digiteach. Ní mór do na buntáistí a bhaineann leis an gcóras e-CODEX dul níos faide ná na gnéithe a bhaineann le cumais fheabhsaithe bhainistíochta, oibríochta agus chumarsáide. Creideann CESE nach mór d’fhorbairt an cheartais dhigitigh díriú ar rochtain shlán, shábháilte, iontaofa agus éasca ar cheartas a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais. Ní mór comhionannas rochtana a bheith i gcroílár an rialacháin, chun idirdhealú agus éagothromaíocht a sheachaint. Molann CESE go gcuirfidh an rialachán maidir leis an gcóras e‑CODEX in iúl ar bhealach níos fearr nach mór do shaoránaigh fíorthairbhe a bhaint as cosaint dlí chomhionann éifeachtach agus as rochtain ar r-cheartas agus ar sheirbhísí digiteacha gaolmhara.

5.1.2Ní mór do bhuntáistí chóras e-CODEX freastal ar phobal níos mó agus fónamh dó. Ó thaobh na gné trasteorann de, tá geallsealbhóirí eile i gceist anseo seachas na húdaráis bhreithiúnacha agus trasteorann amháin. Ní hamháin nach mór na húdaráis bhreithiúnacha agus na pointí rochtana e‑CODEX a chomhtháthú sa timpeallacht ina bhfuil an córas e‑CODEX ag feidhmiú ach ní mór an iliomad gníomhaithe eile a chomhtháthú freisin: saoránaigh, cúirteanna, foirne cúirte, baill foirne riaracháin agus TFC eile, gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, nótairí, saineolaithe fóiréinseacha digiteacha, dlíodóirí agus tríú páirtithe a bhaineann tairbhe as an gcóras go díreach nó go hindíreach.

5.1.3Thairis sin, i bhfianaise a thábhachtaí atá an córas e-CODEX maidir le rochtain éifeachtach a áirithiú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar an gceartas, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin don chosaint maidir le cearta nós imeachta.

5.2Urraim do neamhspleáchas na mbreithiúna agus don cheart chun triail chóir a fháil

5.2.1Tá neamhspleáchas na mbreithiúna ina chloch choirnéil ag prionsabal scaradh na gcumhachtaí agus tá sé ar cheann de phrionsabail bhunriachtanacha an smachta reachta. Níor cheart díobháil a dhéanamh do sheachadadh comhsheasmhach an cheartais de thoradh leas a bhaint as an teicneolaíocht. Ar an ábhar sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú cuí a dhéanamh féachaint an bhfuil an córas sin a úsáidtear chun na córais r-cheartais náisiúnta a idirnascadh, in ann na prionsabail maidir leis an gceart chun trialach córa agus an ceart chun próise cuí a chomhlíonadh. Beidh feidhm ag na coimircí sin go háirithe i gcás ina n‑aistreofar an córas e‑CODEX chuig eu-LISA.

5.2.2Cuireann CESE in iúl na hábhair imní atá ann cheana agus a chuir geallsealbhóirí éagsúla agus na Ballstáit in iúl faoi cé acu an ndéanfar prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú go leordhóthanach agus oibríocht bhuan agus forbairt bhreise á ndéanamh ag eu-LISA ar an gcóras e-CODEX. Níl forálacha reatha an togra ina luaitear neamhspleáchas na mbreithiúna sásúil. I bhfianaise a thábhachtaí atá an prionsabal sin, tá foclaíocht níos láidre de dhíth. Thairis sin, iarrann CESE soiléiriú ar an gcaoi a ndéanfar an prionsabal sin a áirithiú go héifeachtach ar leibhéal praiticiúil leis an struchtúr rialachais atá beartaithe don chóras e-CODEX.

5.3Urraim do chearta bunúsacha agus tagairt dóibh 

5.3.1Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le bunreachtanna na mBallstát. Áirítear orthu sin an ceart chun slándála, an ceart chun leighis éifeachtaigh, agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta. Cuireann CESE in iúl go mbraitheann cosaint na gceart sin freisin ar na coinníollacha faoina bhféadfaí cúngú a dhéanamh ar na cearta sin, agus orthu siúd a dhéanann cinneadh ina leith.

5.3.2Níor cheart d’úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha an bonn a bhaint den cheart chun trialach córa ná chun leighis éifeachtaigh dlí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir leis na nithe seo a leanas: comhionannas deiseanna don dá pháirtí a gcás a dhéanamh (comhionannas na n‑arm); an ceart a bheith ar an eolas/tuairim a thabhairt faoin bhfianaise agus faoi na tuairimí go léir a comhdaíodh (imeachtaí sáraíochta); an ceart chun éisteacht phoiblí a fháil; in imeachtaí coiriúla, gan cur isteach ar chearta na cosanta.

5.3.3Ní mór tagairt shonrach a dhéanamh sa togra d’infheidhmeacht Theideal VI (Ceartas) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 47 di.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2021

Christa SCHWENG

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)       COM(2020) 67 final .
(2)     IO C 75, 31.3.2009, lch. 1 .
(3)    Rialachán (AE) 2018/1726.
(4)    COM(2020) 710 final.
(5)    COM(2016) 179 final.
(6)    Geirsí, an Iorua, an Tuirc, Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE) agus Comhairle Nótairí an Aontais Eorpaigh (CNUE).
(7)       COM(2020) 67 final .
(8)     https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/eu-affairs/20201208STO93329/suil-chun-tosaigh-le-teacht-sa-pharlaimint-sa-bhliain-2021
(9)    COIM(2018) 795 final https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/coordinated-plan-artificial-intelligence
(10)       IO C 283, 10.8.2018, lch. 48 .
(11)    Tuairim CESE-2020-05923 a glacadh le linn an tseisiúin iomlánaigh i mí Aibreáin 2021, ach nár foilsíodh san Iris Oifigiúil go fóill.
(12)     https://www.enisa.europa.eu/publications/artificial-intelligence-cybersecurity-challenges