GA

INT/925

An Geilleagar Sóisialta/Cruthú Post

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ról an gheilleagair shóisialta i gcruthú post agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

(Tústuairim)

Rapóirtéir: Giuseppe GUERINI

Comhrapóirtéir: Cinzia DEL RIO

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle, 26/10/2020

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

31/03/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27/04/2021

Seisiún iomlánach Uimh.

560

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

239/2/1



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá CESE faoi chomaoin ag Uachtaránacht na Portaingéile as an tuairim seo a iarraidh agus tá sé den tuairim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil comhlachtaí an gheilleagair shóisialta ina gcomhpháirtithe straitéiseacha maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus maidir le hAontas Eorpach a thógáil ina n-athdhearbhaítear gurb é príomhfheidhm an gheilleagair freastal ar dhaoine. Chuige sin, molann CESE gur cheart d’údaráis na mBallstát féachaint chuige go mbeadh páirt mhór ag comhlachtaí an gheilleagair shóisialta ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun teacht as géarchéim na paindéime.

1.2Measann CESE gur gá na critéir oibriúcháin a ghlac institiúidí an Aontais Eorpaigh a chomhdhlúthú d’fhonn aitheantas cuí d’eagraíochtaí agus d’fhiontair an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn sna foirmeacha éagsúla dlíthiúla ina bhfuil siad. Ceanglaítear leis na critéir sin gur cheart tús áite a thabhairt do chuspóirí sóisialta ar de leas ginearálta iad, gur cheart rialachas daonlathach ina bhfuil páirt ag geallsealbhóirí éagsúla a ghlacadh, agus, fiú nuair a dhéantar “brabús beag” gur chun cuspóirí reachtúla a shaothrú a úsáidfear é.

1.3D’fhonn an tionchar sóisialta a bhíonn ag eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta a thomhas, measann CESE gur cheart don Aontas Eorpach buanchóras tiomsaithe staidrimh a bheith aige lena bhféadfadh sé sonraí fíoraithe, inchomparáide agus cothrom le dáta a áirithiú maidir le méid agus tionchar na hearnála.

1.4Tá CESE den tuairim, i gcás ina bhfuil baint ag oibrithe atá faoi mhíbhuntáiste agus limistéir faoi mhíbhuntáiste le ról an gheilleagair shóisialta maidir le fostaíocht a chruthú agus a chothabháil, go dteastaíonn beartais tacaíochta iomchuí a thugann aitheantas do ról leasa ghinearálta na n-eagraíochtaí sin a dhéanann feidhm phoiblí a chomhlíonadh, cé gur de chineál príobháideach a bhfoirm dhlíthiúil.

1.5Ní mór na beartais tacaíochta sin a bheith ann ar cheithre leibhéal:

-beartais chánach agus córais chánachais ina dtugtar aitheantas don ról leasa ghinearálta;

-beartais lena gcuirtear chun cinn an infheistíocht phoiblí agus an infheistíocht phríobháideach atá dírithe ar mhaoiniú a bhfuil tionchar sóisialta aige a chothú, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as an soláthar poiblí agus conarthaí lamháltais;

-beartais a thacaíonn le fostaíocht chobhsaí i bhfiontair an gheilleagair shóisialta agus leis an ról ceannródaíoch eacnamaíoch a bhíonn ag na fostaithe sna fiontair sin; agus

-beartais chun tacú le leibhéal scileanna foirne agus le nuálaíocht theicneolaíoch in eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta.

1.6Maidir le poist nua a chruthú agus poist atá ann a chothabháil, tá CESE den tuairim gur dea-chleachtas é an cleachtas ar a dtugtar ceannach thar barr amach ag na fostaithe agus go bhfuil sé úsáideach ní hamháin chun borradh a chur arís faoi ghnólachtaí atá ag cliseadh ach chun FBManna nach bhfuil aon chomharba ainmnithe ar an té a bhunaigh iad a aistriú. Ar an gcúis sin, b’fhéidir gurbh fhiú ciste infheistíochta Eorpach ar leith a chruthú.

1.7Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht agus spreagadh, lena n-áirítear trí bheartais dreasachta, don mhéadú ar an spéis atá ag oibreoirí airgeadais in infheistíochtaí a mbíonn tionchar sóisialta acu, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí príomhghníomhaithe d’fhiontair an gheilleagair shóisialta maidir le borradh a chur faoin infheistíocht atá dírithe ar chuspóirí sóisialta, comhshaoil agus dlúthpháirtíochta.

1.8Tá CESE den tuairim gur féidir le fiontair an gheilleagair shóisialta a bheith ina bhfoirm eagraíochtúil shármhaith le haghaidh cineálacha nua fiontraíochta a dhéantar ar na hardáin dhigiteacha, agus go háirithe le haghaidh ghníomhaíochtaí gheilleagar na comhroinnte, toisc go bhfuil an claonadh iontu páirt ghníomhach a thabhairt d’oibrithe agus d’úsáideoirí na n-ardán digiteach.

1.9Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gnéithe tábhachtacha d’fhiontair an gheilleagair shóisialta iad dálaí oibre cuibhiúla agus rialachas daonlathach. I gcás comharchumainn oibrithe agus shóisialta, áfach, ní dhéantar aon fhoráil maidir leis na gnéithe sin de réir reachta, agus ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le cineálacha sonracha comhairliúcháin agus rannpháirtíochta oibrithe.

1.10Creideann CESE go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, go háirithe eagraíochtaí deonacha, sa chomhtháthú tríd an gcaipiteal sóisialta a chothú agus trí thacú le ról freagrach na sochaí sibhialta.

1.11Is acmhainn thábhachtach í an obair dheonach a dhéanann daoine óga chun cur le hinfhostaitheacht agus caipiteal daonna na nglún nua, rud a chruthaíonn tionchar dearfach a chuireann leis na deiseanna fostaíochta. Is cosúil go bhfuil an fheidhm sin úsáideach freisin chun feiniméan na ndaoine óga sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEET) a laghdú agus b’fhiú beartais a chur i bhfeidhm chun an t-aistriú ón obair dheonach go fostaíocht chobhsaí ar íocaíocht a éascú.

1.12Ar deireadh, tá súil ag CESE go gcuirfidh an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta deis ar fáil chun uirlisí oibríochtúla agus tograí reachtacha praiticiúla a chur chun cinn agus iarrann sé go ndéanfar sin.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Leis an tústuairim seo a d’iarr Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar CESE an deis a bheith aige cur le saothrú thosaíochtaí an chláir, agus go háirithe an tsamhail shóisialta Eorpach a chur chun cinn, trí thograí sonracha a shainaithint maidir le ról fhiontair an gheilleagair shóisialta chun obair chobhsaí agus chuibhiúil a chruthú agus geilleagar níos cuimsithí, níos inbhuanaithe agus níos athléimní a chruthú.

2.2Aithnítear níos mó agus níos mó ar an leibhéal idirnáisiúnta an ról ríthábhachtach atá ag an ngeilleagar sóisialta sa gheilleagar trí chéile, toisc é a bheith in ann acmhainn eagraíochtúil agus chlaochlaitheach na sochaí sibhialta a chur chun tairbhe. Tá reachtaíocht curtha i dtoll a chéile i roinnt Ballstát, lena n-aithnítear aidhmeanna agus feidhmeanna an gheilleagair shóisialta agus lena dtugtar cuntas ar phróifíl agus ar fhoirm dhlíthiúil na n-eagraíochtaí sin a aithnítear mar chuid den gheilleagar sóisialta 1 .

2.3Maidir le haitheantas dlíthiúil, thug CESE le fios i dtuairim INT/871 2 go dtugann eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta tús áite do chuspóirí sóisialta ar ról an chaipitil, go háirithe trí chóras rialachais dhaonlathaigh ina mbíonn páirt ag geallsealbhóirí éagsúla. Ní gnólachtaí príobháideacha brabúis iad agus fiú nuair a éiríonn leo “brabús beag” a dhéanamh trí ghníomhaíochtaí gnó is chun a gcuspóirí reachtúla a bhaint amach agus chun poist a chruthú a úsáidtear an brabús sin.

2.4An t-aitheantas mór atá tuillte ag an ngeilleagar sóisialta, tá tacaíocht ann dó i bpáipéir staidéir atá foilsithe ag institiúidí agus comhlachtaí idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus institiúidí éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear CESE a tharraing suas 13 thuairim maidir leis an ngeilleagar sóisialta idir 2009 agus 2020 inar rangaíodh eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta i gceithre chatagóir: comharchumainn, comhlachais, cumainn fhrithpháirteacha agus fondúireachtaí, agus is le deireanas a cuireadh fiontair shóisialta leo sin.

2.5Cé go n-aithníonn an tAontas Eorpach 3 na critéir agus na coincheapa is ionadaíche den gheilleagar sóisialta amhail tosaíocht an duine ar an gcaipiteal, athinfheistiú brabúis agus an rialachas rannpháirtíochta, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú go fóill faoi shainmhíniú dlíthiúil Eorpach amháin. In 2018, mhol an Pharlaimint deimhniú a thabhairt isteach d’eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta bunaithe ar Airteagal 50 CFAE. Tá CESE den tuairim, le go dtarlódh sin i ndáiríre, nár mhór tiomsú níos fearr agus níos aonfhoirmí a dhéanamh ar shonraí staidrimh le go bhféadfaí eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta a chlárú de réir sainmhíniú coiteann ar obair na n-eagraíochtaí, mar a tharlaíonn i dtíortha a bhfuil cláir phoiblí acu d’eagraíochtaí agus d’fhiontair an gheilleagair shóisialta.

2.6Tá gá níos mó ná riamh le sainmhíniú oibríochtúil ar an ngeilleagar sóisialta, sainmhíniú arna aithint ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus arna ghlacadh go foirmiúil acu, go háirithe chun rochtain a thabhairt ar an iliomad deiseanna fáis agus forbartha, agus chun tuiscint níos fearr ar an ngeilleagar sóisialta a chothú i measc institiúidí poiblí agus príobháideacha.

2.7Tá géarghá leis an sainmhíniú sin chun rochtain iomlán a thabhairt ar an margadh caipitil ina bhfuil méadú ag teacht ar an spéis in infheistíochtaí a mbíonn tionchar sóisialta acu. Ní hamháin gur deis iomchuí é an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo, ach ba cheart ról an gheilleagair shóisialta maidir le hinfheistíocht a mhealladh san Eoraip do gheilleagar atá fabhrach do dhaoine a mheas sa phlean gníomhaíochta nua maidir le hAontas na Margaí Caipitil (Aontas do Dhaoine agus do Ghnólachtaí) 4 .

2.8Is cosúil go bhfuil an-tábhacht le feidhm eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta agus an luach eacnamaíoch a ghineann siad, ó thaobh méide de (8 % de OTI na hEorpa) agus ó thaobh cháilíocht agus mharthanacht an luacha sin 5 , agus tháinig ardú, fiú le linn na géarchéime airgeadais, ar na luachanna eacnamaíocha a táirgeadh agus ar líon na n-oibrithe atá fostaithe ag na heagraíochtaí sin.

2.9Tá tábhacht leis an ról atá acu maidir le poist a chruthú agus a chothabháil, agus cuireann siad níos mó ná 13.6 milliún post le pá ar fáil san Eoraip, arb ionann é agus thart ar 6.3 % de lucht saothair na 28 mBallstát 6 , breis agus 232 mhilliún ball de chomharchumainn, de chumainn fhrithpháirteacha agus de chomhlachtaí cosúla, agus breis agus 2.8 milliún fiontar agus eagraíocht. Oibríonn thart ar 2.6 milliún de na hoibrithe sin i bhfiontair shóisialta a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i dTionscnamh Gnó Shóisialta 2011.

2.10A lán de na daoine atá fostaithe in eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta, is in eagraíochtaí agus i bhfiontair bheaga atá siad, ach tá fiontair mhóra le fáil sa gheilleagar sóisialta freisin, fiontair ina mbíonn na céadta agus na mílte daoine fostaithe uaireanta. Tá cuid mhór de na fostaithe sin in eagraíochtaí a bhfuil rialachas rannpháirtíochta de chineál daonlathach i bhfeidhm iontu, rud a léiríonn go bhfuil gaol idir rannpháirtíocht leathan geallsealbhóirí i rialachas eagraíochta agus an claonadh go mbíonn leibhéil arda fostaíochta ann, agus cumas níos fearr chun suaitheadh a sheasamh 7 .

2.11Is suntasach gur mná iad sciar mór de na hoibrithe sa gheilleagar sóisialta, os cionn 70 % den lucht saothair ina lán cásanna, ach gur céatadáin os cionn 50 % an sciar sin go ginearálta. Cé go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn chun comhionannas iomlán a bhaint amach, cuid suntais é go mbíonn mná fostaithe i bpoist bhainistíochta agus i bpoist shinsearacha ina lán eagraíochtaí den gheilleagar sóisialta. Feictear go mbíonn cothromaíocht ó thaobh tuarastail de le sonrú, dá bhrí sin, sna heagraíochtaí agus sna fiontair sin – idir na poist éagsúla in ordlathas na heagraíochta agus ó thaobh pá de, rud nach léiríonn éagothromaíochtaí móra idir na hinscní 8 .

2.12Ní leor cothromaíocht níos fearr ó thaobh tuarastail de chun cúiteamh a dhéanamh ar an bhfírinne, i roinnt cásanna, go bhfuil leibhéil phá na n-oibrithe in eagraíochtaí agus i bhfiontair an gheilleagair shóisialta fós íseal ar an scála ioncaim. Is é is cúis leis sin, i bpáirt, an luach íseal a chuirtear ar obair chúraim, obair nach bhfaigheann an t-aitheantas eacnamaíoch cuí fiú i ngnáthchineálacha gnó. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach cearta ceardchumainn na n-oibrithe san earnáil shóisialta agus cúraim a neartú.

2.13Tá tábhacht freisin leis an ról atá ag na heagraíochtaí sin maidir le nuálaíochtaí sóisialta a chur chun cinn agus chun feidhme, rud a léiríonn go bhfuil siad in ann athruithe sochaíocha a thuiscint agus tacú leo trí acmhainní caipitil dhaonna a shlógadh, i bhfoirm rannpháirtíocht ghníomhach dhlúthpháirteach, as an 82.8 milliún oibrí deonach atá iontu.

2.14Ní mór tacú leis an líon ard daoine atá gníomhach in earnálacha tábhachtacha, agus leis na dúshláin a chaitheann eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta a shárú maidir le nuálaíocht shóisialta agus theicneolaíoch, trí bhearta iomchuí foghlama ar feadh an tsaoil agus bearta cáilíochta ar mhaithe le scileanna gairmiúla agus eagraíochtúla a fhorbairt.

2.15Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, gur tráthúil an mhaise é ag an gCoimisiún Eorpach plean gníomhaíochta a fhógairt don gheilleagar sóisialta agus gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme trí phlean gníomhaíochta sonrach, agus tá dearcadh CESE ina leith sin leagtha amach i dtuairim SOC/614 9 .

3.Tograí le haghaidh beartas Eorpach chun tacú leis an ngeilleagar sóisialta agus é a chur chun cinn

3.1D’fhonn dlús agus téagar breise a chur leis an méid a dhéanann eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta agus chun “Eoraip níos sóisialta, níos athléimní agus níos cuimsithí” a thógáil, is gá bearta reachtacha agus cláir maidir le beartas eacnamaíoch na hEorpa a thabhairt isteach lena spreagfar fás eagraíochtaí agus fhiontair an gheilleagair shóisialta, go háirithe de thairbhe an méid is féidir leo cur le samhail forbartha atá inbhuanaithe, éiceolaíoch agus dlúthpháirteach.

3.2Sa chomhthéacs sin, creidimid gur féidir bearta a aithint ar cheithre leibhéal:

-córas cánachais ina n-aithnítear an ról leasa ghinearálta atá ag fiontair an gheilleagair shóisialta, agus aird ar leith á tabhairt orthu siúd a oibríonn in earnálacha a bhfuil príomhleas poiblí leo, amhail seirbhísí sóisialta, sláinte, oideachais agus cuimsithe shóisialta;

-beartais lena gcuirtear chun cinn an infheistíocht phoiblí agus an infheistíocht phríobháideach atá dírithe ar mhaoiniú a bhfuil tionchar sóisialta aige a chothú – rud a chuireann leis an rochtain ar mhargadh an tsoláthair phoiblí agus na gconarthaí lamháltais;

-beartais a thacaíonn le fostaíocht chobhsaí i bhfiontair an gheilleagair shóisialta agus leis an ról ceannródaíoch eacnamaíoch a bhíonn ag na fostaithe sna fiontair sin, go háirithe i rialachas daonlathach na bhfiontar sin;

-beartais a thacaíonn le scileanna nua a chur chun feidhme agus scaipeadh na nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua a chothú sa tsochaí shibhialta.

3.3Cé go n-aithníonn CESE an ról bunúsach atá ag eagraíochtaí agus fiontair an gheilleagair shóisialta i réimse na seirbhísí pearsanta agus na seirbhísí sóisialta, tá sé den tuairim go bhfuil freagrachtaí bunriachtanacha i gcónaí ar na Ballstáit agus ar na húdaráis phoiblí maidir le seirbhísí bunúsacha a áirithiú do na saoránaigh.

3.4Maidir le bearta atá dírithe ar thacú leis an bhfostaíocht i bhfiontair shóisialta arb é an misean atá acu oibrithe faoi mhíchumas nó oibrithe atá faoi mhíbhuntáiste mór a lánpháirtiú sa mhargadh saothair, ba cheart iad a neartú a thuilleadh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta sin an t-ualach a bhaineann le ranníocaíochtaí cánach agus slándála sóisialta ar chostais saothair a laghdú, trí na húdaráis phoiblí a cheangal na ranníocaíochtaí is gá a íoc chun árachas agus cosaint slándála sóisialta a áirithiú do na hoibrithe sin atá faoi mhíbhuntáiste. Níor cheart breathnú ar dhreasachtaí den sórt sin mar státchabhair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta, ós rud é go bhfuil sé i gceist leo tacú le daoine atá faoi mhíbhuntáiste mór a chuimsiú go hiomlán sa mhargadh saothair. I gcás ar bith, níor cheart dreasachtaí a thabhairt ach amháin d’eagraíochtaí a urramaíonn na comhaontuithe cómhargála agus cearta bunúsacha oibrithe.

3.5Ina lán cásanna, is iad fiontair an gheilleagair shóisialta an príomhoibreoir a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha don phobal – amhail seirbhísí oideachais, sláinte agus sóisialta, cúraim nó oiliúna agus seirbhísí chun daoine faoi mhíbhuntáiste a chuimsiú sa mhargadh saothair – trí bhainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhfuil luach mór pobail agus críochach leo i gcónaí, ainneoin gur gníomhaíochtaí tráchtála nó gnó iad, agus a ndéantar an brabús astu a athinfheistiú chun críoch reachtúil. Is seirbhísí iad sin a sholáthraítear le rannpháirtíocht dhíreach fhaighteoirí na seirbhísí agus atá fréamhaithe sa phobal áitiúil, rud atá ina chuid den mhisean atá ag na fiontair sin. Dá bhrí sin, ní féidir na saintréithe sin a ionannú gan choinníoll le córais iomaíochta an mhargaidh. Dá thoradh sin, ba cheart cuid de na forálacha reatha maidir le “státchabhair” a mhaolú toisc go gcuireann siad bac ar chóras cánach a thabhairt isteach lena n‑aithnítear fiúntas sóisialta agus leas poiblí na n-eagraíochtaí sin.

3.6Ar an gcúis chéanna, agus mar a iarradh cheana i dtuairim INT/906 10 , tá CESE den tuairim gur cheart an uasteorainn de minimis EUR 500 000 ar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta thar thréimhse trí bliana fhioscacha a ardú go EUR 800 000 ar a laghad in aghaidh na bliana fioscaí.

Tá gá le rialacha a thabhairt isteach maidir leis an rochtain ar mhaoiniú poiblí, rialacha a bheadh trédhearcach agus comhchuibhithe ar bhonn critéir aonfhoirmeacha, agus a chloífeadh go hiomlán leis na rialacha saothair agus le cur i bhfeidhm comhaontuithe cómhargála na hearnála.

3.7Tá sé tábhachtach uirlisí a shainaithint a d’fhéadfadh cur leis na hinfheistíochtaí a mbíonn tionchar sóisialta acu in eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta. Chuige sin, rinneadh roinnt tástálacha suimiúla le bannaí nó urrúis (chothromais nó chuasachothromais) shonracha i bhfiontair de chuid an gheilleagair shóisialta agus a bhí nasctha le cuspóirí sóisialta de leas ginearálta a bhaint amach.

3.8Dá gcuirfí cánachas fabhrach i bhfeidhm maidir leis na hionstraimí airgeadais sin, d’fhéadfaí fás suntasach a spreagadh, ós rud é go léiríonn sonraí stairiúla cheana féin go bhfuil a lán post agus sochar sóisialta cruthaithe ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta d’úsáideoirí na seirbhísí a sholáthraíonn siad, fiú gan mórán infheistíochta a bheith déanta acu.

3.9Mar sin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir le scálaí tomhais cuí lenar féidir na torthaí a fuarthas a thomhas agus a chur i gcomparáid le chéile, amhail fás na fostaíochta cobhsaí, cur i bhfeidhm ardchaighdeáin sábháilteachta ag an obair agus a fhíorú gur baineadh amach na cuspóirí sóisialta ar a bhfuil an tionscnamh bunaithe. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, dlíthe réime a ghlacadh maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus ba cheart dóibh beartais a chur chun feidhme go gníomhach a chuideodh le fás agus forbairt fhiontair an gheilleagair shóisialta.

3.10Chomh luath le 2011, d’aithin an Coimisiún Eorpach an gá atá le feabhas a chur ar an leibhéal eolais atá ag an bpobal ar shonraí agus staidreamh maidir le fiontair an gheilleagair shóisialta agus ar bhailiú na sonraí sin, ach tá a lán le déanamh fós chun caighdeáin chomhordaithe a shocrú, rud a bheadh an-úsáideach freisin chun “sciúradh sóisialta” (social washing), nó rochtain mhíchuí ar bhearta tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, a chosc.

3.11Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí údaráis náisiúnta a shainaithint sna Ballstáit sin nár ainmnigh údarás den chineál sin go fóill, agus bheadh na húdaráis sin freagrach as faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas agus na gcaighdeán agus ar a gcomhsheasmhacht leis na cuspóirí sóisialta.

3.12Ar cheann de na bearta is tábhachtaí as measc na mbeart sonrach tacaíochta sin, tá rannpháirtíocht i margadh an tsoláthair phoiblí agus na gconarthaí lamháltais, ar moladh ionstraimí suntasacha ina leith cheana le Treoir 2014/24/AE 11 , cé nach bhfuil siad curtha chun feidhme go cuí i ngach Ballstát. Chun soláthar poiblí atá freagrach ar bhonn sóisialta a spreagadh, ba cheart don Choimisiún Eorpach dea-shampla a thabhairt agus an leas is fearr is féidir a bhaint as a nósanna imeachta tairisceana féin ar mhaithe le cuspóirí an bheartais shóisialta a shaothrú.

3.13Ar bhearta tacaíochta eile ab fhiú a mheas tá bearta atá dírithe ar ghníomhaíochtaí táirgthe agus seirbhísí a athstruchtúrú, nó na gníomhaíochtaí sin a aistriú ó ghnólachtaí atá ag cliseadh nó ó fhiontraithe atá ag deireadh a ngairmréime chuig oibrithe, agus iad a eagrú mar chomharchumainn nó fiontair rannpháirtíochta.

3.14De thoradh a lán de na tástálacha sin ar a dtugtar ceannach thar barr amach ag na fostaithe 12 agus a cuireadh i gcrích go rathúil cheana i gcás gníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhí ag cliseadh a thógáil ar láimh, tá méadú ag teacht anois ar na cásanna sin ina ndéanann fiontar sóisialta faoi úinéireacht fostaithe tairiscint gnólachtaí beaga a thógáil ar láimh. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás daoine óga nach bhfuil a ndóthain caipitil acu chun dul i mbun gnó agus ar minic a bhíonn drogall orthu tabhairt faoi le teann imní maidir le haghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí an mhargaidh ina n-aonar.

3.15D’fhonn acmhainneacht na dtionscnamh sin a mhéadú, bheadh gá le beart infheistíochta agus tacaíochta a chabhródh le gnólachtaí nua a bhunú trí bhíthin infheistíocht chaipitil a thacódh le hoibrithe i ngnólachtaí atá ag cliseadh agus atá ag iarraidh an gnó a thógáil ar láimh trí chomharchumann a chruthú. I roinnt tíortha, d’éirigh leo, de thairbhe na dtionscnamh sin, gnólachtaí éagsúla a athstruchtúrú agus na mílte post a chosaint.

3.16Tá ról cheardchumainn na n-oibrithe ríthábhachtach sna próisis athstruchtúraithe thionsclaíoch sin. Is cuid lárnach de bheartais ghníomhacha an tsaothair iad foirmeacha féinfhiontraíochta amhail an ceannach thar barr amach ag na fostaithe. Sampla de dhea-chleachtas comhair idir comharchumainn agus ceardchumainn is ea an comhaontú a síníodh san Iodáil idir thrí chónaidhm na gcomharchumann agus na trí cheardchumann ab ionadaíche, a bhunaigh comhar córasach maidir leis an gceannach thar barr amach ag na fostaithe 13 .

3.17Tá súil ag CESE go bhfágfaidh an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta go dtabharfar isteach san Aontas Eorpach tionscnaimh eile den chineál céanna sna Ballstáit go léir, trí struchtúr tiomnaithe a bhunú faoin gCiste Eorpach Infheistíochta nó faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, le go mbeidh uirlisí praiticiúla ann chun tacú le hathbhunú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin ar chuir an ghéarchéim sláinte isteach orthu.

4.Cineálacha nua geilleagair shóisialta

4.1Tá tionscnaimh nua fostaíochta agus nuálaíochta sóisialta á bhforbairt ag fiontair an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear i gcomhthéacs an gheilleagair ghlais agus maidir le cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe. Tá méadú ag teacht ar an líon tionscadal sa gheilleagar ciorclach atá á gcur i gcrích ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, rud a chruthaíonn poist nua i réimse na hathúsáide nó na feirmeoireachta sóisialta. Go dtí seo, mar gheall ar an gcreat dlí agus na beartais atá ag roinnt mhaith Ballstát, ní féidir beartais a chur chun feidhme chun comharchumainn a fhorbairt ar mhaithe le daoine a chuimsiú sa mhargadh saothair. Sin é an fáth arb inmhianaithe é beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun tús a chur le dul chun cinn ina leith sin.

4.2Is díol spéise an ról a d’fhéadfadh a bheith ag comharchumainn oibrithe 14 maidir le cineálacha nua fiontraíochta ar na hardáin dhigiteacha a dhéanamh níos cuimsithí chun rannpháirtíocht oibrithe agus úsáideoirí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos comhroinnte d’fhonn cineálacha nua frithpháirteachais agus dlúthpháirtíochta a fhorbairt, trí theicneolaíochtaí digiteacha, lena bhféadfar rannpháirtíocht fhorleathan a chothú. Is gá, áfach, go mbeadh cosaint oibrithe na n-ardán digiteach agus oibrithe neamhthipiciúla eile ag brath ar chomhaontuithe cómhargála iomchuí a bheith tugtha i gcrích le ceardchumainn na n-oibrithe.

4.3Is féidir le fiontair an gheilleagair shóisialta deiseanna fostaíochta a chruthú, agus cur leis an bhforbairt áitiúil freisin, trí rannpháirtíocht na saoránach a áirithiú i soláthar seirbhísí amhail soláthar fuinnimh in-athnuaite nó chun seirbhísí a eagrú i limistéir dhíláraithe agus i limistéir thuaithe, mar shampla an tionscnamh de chuid na Fraince inar cruthaíodh moil réigiúnacha don chomhar eacnamaíoch (PTCE), áit a dtugtar le chéile cumainn, comharchumainn, údaráis áitiúla, gnólachtaí traidisiúnta agus ollscoileanna chun treoirthionscadail a chur chun feidhme maidir leis an talmhaíocht shóisialta, an turasóireacht inbhuanaithe agus cur chun cinn sócmhainní comhshaoil nó cultúrtha.

4.4Sa gheilleagar sóisialta, tá ról an-tábhachtach ag an obair dheonach, go háirithe don ghlúin óg ach do dhaoine scothaosta freisin, toisc gur deis thábhachtach an obair dheonach dóibh chun ról gníomhach sóisialta agus sibhialta a choinneáil, ról a chuidíonn le feabhas a chur ar a gcáilíocht saoil. Tá sé tábhachtach, ina leith sin, cur leis na sineirgí idir na cúrsaí oiliúna agus uaireanta oibre na n-oibrithe deonacha mar bhealach lena éascú glacadh le poist san earnáil shóisialta. D’fhéadfadh comhordú níos fearr idir na tréimhsí oibre deonaí agus na tréimhsí oiliúna an oiliúint a éascú do bhaill foirne óga oilte.

4.5Ba cheart cur le rath an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaí trí chineál “Erasmus d’Fhiontraithe Sóisialta” a bhunú chun an comhar trasteorann a chothú sa gheilleagar sóisialta.

4.6Is cosúil go bhfuil an fheidhm sin an-úsáideach freisin chun feiniméan casta na ndaoine óga sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEET) a laghdú agus b’fhiú beartais dreasachta a chur i bhfeidhm chun an t-aistriú ón obair dheonach go fostaíocht chobhsaí a éascú.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2021

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)     https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/popups/ficheprocedure.do?reference=2016/2237(INL)&l=en https://betterentrepreneurship.eu/ga https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/MEMO_11_735 https://cecop.coop/works/cecop-report-on-social-enterprises-laws-in-europe-a-worker-and-social-coops-perspective
(2)     https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/towards-appropriate-european-legal-framework-social-economy-enterprises-own-initiative-opinion
(3)    An Tionscnamh Gnó Shóisialta: https://ec.europa.eu/growth/sectors/social-economy/enterprises_ga Conclúidí 2015 ón gComhairle maidir le cur chun cinn an gheilleagair shóisialta: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-15071-2015-INIT/ga/pdf Cairt an Gheilleagair Shóisialta 2002 (prionsabail an gheilleagair shóisialta): https://www.socialeconomy.eu.org/wp-content/uploads/2020/04/2019-updated-Social-Economy-Charter.pdf
(4)    A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan [Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do Dhaoine agus do Ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua], COM(2020) 590 final.
(5)    Tógadh na sonraí as an bhfoilseachán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh: https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=22304&langId=en
(6)    Tógadh na sonraí as an tuarascáil de chuid CESE: https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/publications-other-work/publications/recent-evolutions-social-economy-study#downloads
(7)    The resilience of the cooperative model, CECOP, 2012 https://www.cecop.coop/works/the-resilience-of-the-cooperative-model
(8)    Las mujeres en las cooperativas de trabajo, COCETA, 2019 https://www.coceta.coop/publicaciones/estudio-mujer-cooperativismo-coceta-2019.pdf
(9)     IO C 14, 15.1.2020, lch. 1 .
(10)     IO C 429, 11.12.2020, lch. 131 .
(11)     https://ec.europa.eu/info/policies/public-procurement/support-tools-public-buyers/social-procurement_en
(12)    Business transfers to employees under the form of a cooperative in Europe: opportunities and challenges, CECOP, 2013
OJ C 191, 29.6.2012, p. 24 .
(13)    Italy, historic agreement between unions and coops on worker buyouts, CECOP, 2021: https://cecop.coop/works/italy-historic-agreement-between-unions-and-coops-to-promote-worker-buyouts .
(14)    All for one – Worker-owned cooperatives’ response to non-standard employment, CECOP, 2019: https://cecop.coop/works/cecop-report-all-for-one-reponse-of-worker-owned-cooperatives-to-non-standard-employment .