INT/917
An tIonad Ilfhreastail maidir le Custam
TUAIRIM
Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013
[COM(2020) 673 final – 2020/306 (COD)]
|
Riarthóir
|
Marie-Laurence DRILLON
|
|
Dáta an doiciméid
|
04/03/2021
|
Rapóirtéir: Athanasios IOANNIDIS
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 11/11/2020
An Chomhairle, 13/11/2020
|
|
|
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 3, Airteagal 114 agus Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
02/03/2021
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh)
|
.../…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra ón gCoimisiún lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is é is cuspóir don togra aghaidh a thabhairt ar an idir‑inoibritheacht ilroinnte idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta ó thaobh nósanna imeachta imréitigh custaim le haghaidh earraí a láimhseáil.
1.2Creideann CESE go bhfuil an togra ag teacht le fís agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais, i ndáil leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Taking the Customs Union to the Next Level – an Agenda for Action for a strong and modern Customs Union [an tAontas Custaim a thabhairt ar aghaidh go dtí an Chéad Leibhéal Eile – Clár Oibre Gníomhaíochta le haghaidh Aontas Custaim atá láidir agus nua-aimseartha] agus i ndáil leis an Teachtaireacht maidir le Developing the EU Customs Union and Its Governance [Dul chun cinn i ndáil le forbairt a dhéanamh ar Aontas Custaim an Aontais].
1.3Dar le CESE, tacaíonn an togra le plean straitéiseach Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim (DG TAXUD) do 2016-2020 agus le Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh do 2016-2020 dá bhforáiltear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016, a bhfuil sé mar aidhm aige éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí a neartú trí na bacainní digiteacha atá ann cheana a bhaint, an rómhaorlathas a laghdú agus cáilíocht an chaidrimh idir na húdaráis náisiúnta a fheabhsú.
1.4Tugann CESE le fios go bhfágfaidh cur chun feidhme thimpeallacht an ionaid ilfhreastail maidir le custam go bhféadfar an trádáil in earraí a thabhairt isteach sa ré dhigiteach nua trí phróisis a shimpliú agus a uathoibriú. Tiocfaidh fás ar an trádáil san Aontas go ginearálta agus, dá thairbhe sin, beidh an tAontas níos iomaíche, déanfar nuachóiriú ar chúrsaí custaim agus déanfar difear ar bhealaí éagsúla do na páirtithe leasmhara lena mbaineann – is iad sin údaráis chustaim na mBallstát, údaráis inniúla chomhpháirtíochta, oibreoirí eacnamaíocha agus saoránaigh.
1.5Creideann CESE nár cheart don ionad ilfhreastail AE ná do na hionaid ilfhreastail náisiúnta a bheith ina dtairseach dhigiteach le haghaidh próisis bailithe sonraí agus malartaithe faisnéise, agus í sin amháin. Ó tharla go bhfuil córais faisnéise agus próisis faisnéise ag athrú, ní mór rogha a bheith ann amach anseo – le comhaontú ó na Ballstáit agus ón gComhairle – go n-aistreofar chuig próisis ríomhaireachta uathoibrithe atá níos casta, amhail na próisis a úsáidfear le haghaidh cainníochtaí earraí. Dá bharr sin, beidh an trádálaí in ann léargas foriomlán a fháil ar an idirbheart agus ba cheart, dá bhrí sin, cur síos a dhéanamh air mar idirbheart “cliste”.
1.6Creideann CESE go mbeidh bonneagar TF nua ag teastáil chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a ionchorprú i gCóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE) má táthar chun naisc a chruthú idir timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus córais neamhchustaim an Aontais. Ní mór na sonraí atá le malartú a shonrú go beacht.
1.7Molann CESE don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar chibearshlándáil na gcóras agus na n‑ionad trí chórais slándála a bhunú a mbeidh ardchaighdeáin ag gabháil leo agus a thabharfaidh cosaint ar ionsaithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an trádáil in earraí san Aontas agus a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha a bheith acu.
1.8D’fhonn clár an ionaid ilfhreastail maidir le custam a chur chun feidhme go héifeachtach agus moilleanna a sheachaint, aontaíonn CESE gur gá díriú go sonrach ar na Ballstáit nach raibh rannpháirteach i dtreoirthionscadal 2015 maidir le EU Customs Single Window – Common Veterinary Entry Document [An tIonad Ilfhreastail AE maidir le Custam – Doiciméad Coiteann Iontrála Tréidliachta] (CSW-CVED AE) agus nach bhfuil timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam curtha ar bun acu atá i gcomhréir le timpeallacht an ionaid ilfhreastail AE.
1.9Tá an tsaincheist chéanna ag teacht chun cinn i roinnt Ballstát a bhfuil a dtionscnaimh ionaid ilfhreastail féin curtha ar bun acu ar an leibhéal náisiúnta atá scoite amach fós agus arb iad is saintréithe dóibh socruithe éagsúla atá bunaithe ar leibhéal na hailtireachta TF, na dtosaíochtaí agus na struchtúr costais atá ann cheana maidir le custam.
1.10Ar na cúiseanna thuasluaite, molann CESE sceideal níos mionsonraithe a tharraingt suas, a mbeidh spriocanna agus bearta do na Ballstáit ag gabháil leis, ionas go gcuirfidh siad a dtimpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam ar aon dul leis an ionad ilfhreastail AE.
1.11Aithníonn CESE a chasta atá an córas agus go bhfuil comhordú ag teastáil laistigh de na Ballstáit agus eatarthu freisin chun é a chur chun feidhme. Molann sé sceideal níos mionsonraithe a tharraingt suas le haghaidh faireacháin agus tíolacadh tuarascálacha ar fheidhmiú agus forbairt an ionaid ilfhreastail a mbeidh spriocanna agus bearta ag gabháil leis a bheidh le glacadh ag na Ballstáit agus ag na gníomhaithe náisiúnta chun an córas a chur chun feidhme.
1.12Molann CESE go gcuirfidh an clár le meas ar chearta bunúsacha agus ar chosaint sonraí a neartú laistigh dá réimse feidhme.
1.13Tá CESE den bharúil go bhfuil sé ríthábhachtach na baill foirne a bheidh rannpháirteach in oibriú chórais TF, timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta agus an ionaid ilfhreastail AE maidir le custam a ullmhú agus oiliúint a chur orthu. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa tionscadal atá ann faoi láthair maidir le cláir oiliúna agus cláir um fheabhsú scileanna, cláir ar cheart maoiniú náisiúnta agus/nó maoiniú ón Aontas a chur a fháil dóibh.
2.Cúlra/Réamhrá
2.1In 2008, thug na Ballstáit agus an Coimisiún gealltanas chun timpeallacht chustaim leictreonach a chur chun cinn san Aontas trí fhéachaint le creat de sheirbhísí ionaid ilfhreastail a bhunú. Beartaíodh i nDearbhú na Veinéise 2014 plean gníomhaíochta forásach chun timpeallacht an ionaid ilfhreastail AE maidir le custam a chur chun feidhme agus chun a chreat dlíthiúil a fhorbairt. Athdhearbhaíodh an méid sin in 2016 sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Dul chun cinn i ndáil le forbairt a dhéanamh ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus ar an rialachas a dhéantar air inar fógraíodh pleananna an Choimisiúin chun comhréiteach inoibrithe i dtaca le timpeallacht an ionaid ilfhreastail AE maidir le custam a fhorbairt agus a chruthú. Thacaigh Conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 23 Bealtaine 2017 leis an gcur chuige sin.
2.2Sheol an Coimisiún tionscadal píolótach in 2015 dar teideal EU Customs Single Window – Common Veterinary Entry Document [An tIonad Ilfhreastail AE maidir le Custam – Doiciméad Coiteann Iontrála Tréidliachta] (CSW-CVED AE). Is iad DG TAXUD agus DG SANTE a bhainistigh an tionscadal i gcomhar le chéile le go bhféadfadh údaráis chustaim na trí fhoirmiúlacht rialála neamhchustaim, a chuirtear isteach leis an dearbhú custaim mar fhianaise ar chomhlíonadh, a fhíorú go huathoibríoch. Ghlac lucht riaracháin custaim i gcúig Bhallstát páirt i dtosach ar bhonn deonach sa tionscadal píolótach sin. Leis an tionscadal a tháinig i gcomharba air, Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW‑CERTEX AE), leathnaíodh raon feidhme na gceanglas rialála agus tugadh isteach feidhmiúlachtaí nua, amhail bainistíocht cainníochta. Tá méadú tagtha ar líon na mBallstát atá rannpháirteach ó chúig cinn go dtí naoi gcinn, agus tá tuilleadh réimsí beartais á gcumhdach.
2.3De dheasca phaindéim COVID-19, tá sé níos tábhachtaí ná riamh creat níos láidre a bhunú le haghaidh an Aontais Chustaim agus comhlíonadh fhoirmiúlachtaí custaim agus neamhchustaim an Aontais a éascú a thuilleadh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch. Chuige sin, fágann digitiú méadaithe fhoirmiúlachtaí rialála custaim agus neamhchustaim an Aontais, foirmiúlachtaí is infheidhme maidir leis an trádáil idirnáisiúnta, go gcruthaítear deiseanna nua do na Ballstáit chun feabhas a chur ar an gcomhar digiteach.
3.Éirim an togra ón gCoimisiún
3.1Tá trádáil idirnáisiúnta an Aontais faoi réir reachtaíocht custaim agus reachtaíocht neamhchustaim an Aontais araon. Na húdaráis atá freagrach as foirmiúlachtaí riaracháin neamhchustaim an Aontais (“na húdaráis inniúla chomhpháirtíochta”) agus na húdaráis chustaim, is minic a oibríonn siad go neamh-chomhtháite, rud a chruthaíonn oibleagáidí tuairiscithe casta agus troma do thrádálaithe agus próisis neamhéifeachtacha um imréiteach earraí atá fabhrach d'earráidí agus don chalaois. Chun aghaidh a thabhairt ar an idir-inoibritheacht ilroinnte idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta maidir leis na próisis um imréiteach earraí a bhainistiú agus chun an ghníomhaíocht sa réimse seo a chomhordú, rinne an Coimisiún agus na Ballstáit roinnt gealltanas i gcaitheamh na mblianta maidir le tionscnaimh ionaid ilfhreastail a fhorbairt chun earraí a imréiteach.
3.2Leis an togra ón gCoimisiún, beartaítear timpeallacht an ionaid ilfhreastail AE maidir le custam a chur ar bun lena soláthrófar sraith chomhtháite seirbhísí leictreonacha idir-inoibritheacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Tacóidh sé sin le hidirghníomhú agus le malartú faisnéise idir na timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam agus na córais neamhchustaim de chuid an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.
4.Barúlacha ginearálta
4.1Tá an togra le haghaidh rialacháin ina chéad chéim riachtanach chun comhar idir údaráis chustaim a fheabhsú trí fheidhmchlár leictreonach amháin. Is togra cuimsitheach é sin lena gcuirtear anailís leathan ar fáil ar na torthaí, na gníomhaíochtaí agus na bearta a bhaineann le feidhmiú thimpeallacht an ionaid ilfhreastail AE maidir le custam.
4.2Tríd an ionad ilfhreastail a chur chun feidhme, beidh gnólachtaí agus trádálaithe in ann sonraí, cé acu is doiciméid tacaíochta nó foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais iad, a sheoladh go leictreonach chuig ionad ilfhreastail leictreonach (ionad ilfhreastail náisiúnta) i ngach Ballstát agus, ar an gcaoi sin, laghdóidh an riosca go ndéanfar dúbailt agus spárálfar am agus costais idirbhirt. A bhuí leis an ionad ilfhreastail, beidh údaráis chustaim agus údarás eile in ann sonraí arna gcur isteach a bhailiú bunaithe ar chóras comhchuibhithe le haghaidh nósanna imeachta um imréiteach earraí. San am céanna, gheobhaidh an tAontas forléargas ar tháirgí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha an Aontais agus, anuas air sin, beifear in ann líon na n-earraí a sheiceáil ó thaobh cuótaí de agus ó thaobh calaois a chosc.
4.3Mar a shonraítear sa togra ón gCoimisiún, maoineofar cur chun feidhme an chláir le foinsí ón Aontas agus le foinsí náisiúnta. Is é an tAontas a sheasfaidh na costais a bhaineann le forbairt, comhtháthú agus oibriú ionad ilfhreastail CSW-CERTEX AE, ach is iad na Ballstáit a sheasfaidh na costais a thiocfaidh as forbairt, comhtháthú agus oibriú a dtimpeallachtaí ionad ilfhreastail náisiúnta agus a nasc le hionad ilfhreastail CSW-CERTEX AE. Ós rud é go bhfuil géarchéim airgeadais ag titim amach i mBallstáit uile an Aontais de dheasca phaindéim COVID-19, is mian le CESE a fháil amach conas is féidir leis an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an ceanglas sin agus go gcuirfidh siad an maoiniú a úsáidfear le haghaidh chur chun feidhme an chláir ar fáil óna mbuiséid náisiúnta.
4.4D’fhonn tionscnamh an ionaid ilfhreastail a chomhchuibhiú agus a bhunú, ní mór é a bheith de cheangal ar na Ballstáit é a chur chun feidhme. Go deimhin, tá rath an ionaid ilfhreastail maidir le custam ag brath ar chomhlíonadh comhuaineach, comhchuibhiú agus cur chun feidhme gach tír. Léiríonn CESE go bhfuil baol ann nach gcuirfidh Ballstáit áirithe an t-ionad ilfhreastail chun feidhme laistigh den tréimhse ama atá measta mar gheall ar shrianta buiséadacha (arb í géarchéim airgeadais COVID-19 is cúis leo) agus mar gheall ar thosaíochtaí beartais eile. Fágfaidh sé sin go mbeidh roinnt mhaith fadhbanna ann maidir le beartas custaim agus trádála an Aontais, gan trácht ar na fadhbanna a bheidh roimh na Ballstáit. Tá CESE ag iarraidh a fháil amach ón gCoimisiún an mbeidh pionóis ann i gcás nach gcuireann Ballstát an t-ionad ilfhreastail chun feidhme nó má sháraíonn sé an tréimhse ama a leagtar síos.
4.5Ní mór bearta a bhaineann leis an ionad ilfhreastail a ghlacadh i gcomhthráth le nuachóiriú a dhéanamh ar chúrsaí custaim agus ar údaráis chustaim. Bheadh sé thar a bheith úsáideach, i dtús báire, staidéar a dhéanamh ina dtabharfaí tuairisc ar an staid reatha ag bealaí isteach sna Ballstáit agus, mar aon leis sin, measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh chun seirbhísí a uasghrádú ionas gur féidir leo tacú leis an ionad ilfhreastail. San am céanna, d’fhéadfaí dáta táscach a leagan síos faoinar cheart an ghné náisiúnta den ionad ilfhreastail a chur i gcrích.
4.6Tá ráite ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh rialacháin nach mór do gach Ballstát údarás a ainmniú a ghníomhóidh mar chomhordaitheoir náisiúnta chun bearta maidir leis an ionad ilfhreastail a chur chun feidhme agus a chomhordú. Is mian le CESE a fháil amach an mbeidh sé de chúram eisiach ar gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta a cheapadh nó an ndéanfaidh an Coimisiún moltaí ina leith.
4.7I dtaca le cosaint sonraí a áirithiú, creideann CESE nach mór an méid seo a leanas a chur san áireamh agus na sonraí agus na dearbhuithe custaim go léir a bhailítear á gcosaint:
-an t-údarás poiblí a bheidh freagrach as rúndacht a áirithiú agus an chaoi a socrófar an leibhéal lámháltais ag gach leibhéal;
-an dearbhú a thabharfar do thrádálaithe i dtaca leis an ionad ilfhreastail agus sonraí na ráthaíochtaí a thabharfar dóibh.
5.Barúlacha sonracha
5.1Tá CESE den tuairim gur féidir breathnú ar an togra le haghaidh rialacháin atá faoi thrácht agus an pointe ina ndéantar tagairt don choimhdeacht mar an rannchuidiú a dhéanann an beart sin, is é sin bunú an ionaid ilfhreastail, le OTI na hEorpa agus le hiomaíochas méadaithe.
5.2Ina theannta sin, measann CESE gur den riachtanas é measúnú tionchair a dhéanamh do gach Ballstát lena leagfar béim ar na buntáistí a bhaineann le cur chun feidhme an bheartais sin, ar mhaithe le hiad a spreagadh chun déanamh amhlaidh go gasta. San am céanna, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt faoin tionchar a bheidh ag píolótú an ionaid ilfhreastail maidir le custam i ngach ceann de na Ballstáit a bhfuil páirt acu sa treoirthionscadal.
5.3I bhfianaise na tuarascála maidir leis an measúnú tionchair, a ndéantar anailís uirthi sa togra le haghaidh rialacháin, measann CESE gurb é an pacáiste de roghanna 1+ 6+ 8(ii) an pacáiste is iomchuí.
5.4Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le feidhmiú thimpeallacht an ionaid ilfhreastail náisiúnta, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 den togra le haghaidh rialacháin.
5.5Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le feidhmiú thimpeallacht an ionaid ilfhreastail náisiúnta, faoi mar a leagtar amach i bhforálacha Airteagal 8, d'fhonn mífheidhmeanna le dearbhuithe custaim a sheachaint. Creideann CESE go mbeadh sé úsáideach caighdeán aonair a leagan síos.
5.6Chun go mbeidh rath ar fheidhmiú an ionaid ilfhreastail maidir le custam, measann CESE nach mór do na timpeallachtaí náisiúnta feidhmiú go réidh, le foireann chuí-oilte. Ós rud é go mbíonn líon na n-oifigeach custaim in aghaidh gach 100 000 duine idir 7 agus 70, ag brath ar an mBallstát, molann CESE caighdeáin íosta a thabhairt isteach maidir le hoibriú an chórais agus líon na mball foirne is gá.
5.7Molann CESE an frása seo a leanas a chur isteach in Airteagal 1 den togra le haghaidh rialacháin: “gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus d’fhorálacha Airteagal 6 den Rialachán seo”.
5.8Tugann CESE dá aire, i dtéarmaí dlí agus i dtéarmaí substainteacha araon, go bhféadfaí comhbhréagnú a thuiscint le hAirteagal 3 ó tharla go ndéantar tagairt ann do thimpeallacht an ionaid ilfhreastail AE maidir le custam agus go n-áirítear leis ag an am céanna córais neamhchustaim an Aontais. D’fhéadfaí fomhír ar leith a chur isteach chun iad sin a chumhdach (mar aon leis na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na tagairtí).
5.9Iarrann CESE go dtabharfar soiléiriú i dtaobh an dtiocfaidh clár oibre an Choimisiúin roimh an rialachán nó tar éis don rialachán teacht i bhfeidhm. Má thagann an rialachán i bhfeidhm ar dtús, cad é an tréimhse ama a bheidh ann chun an plean gníomhaíochta a ghlacadh?
5.10Measann CESE go bhfuil an tagairt don fhéidearthacht go bhféadfaí an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 21(3) a chúlghairm ródhoiléir agus iarrann sé go dtabharfar soiléiriú i dtaobh an mbaineann an chúlghairm le ceann amháin nó le gach ceann de na catagóirí a liostaítear in Airteagal 5(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 13(4). Ní léir ach oiread an mbaineann sé sin le gníomh amháin sna catagóirí thuas nó leis an bhféidearthacht go bhféadfaí gníomhartha a ghlacadh i gcoitinne le haghaidh ceann amháin de na catagóirí sin. Tugann CESE le fios gur cheart do na comhreachtóirí dul i gcomhairle le chéile maidir leis an gcóras chun iad a chur ar an eolas.
An Bhruiséil, an 2 Márta 2021
Alain COHEUR
Cathaoirleach ar an Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________