 
               
            
            
            
               CCMI/177
            
            
               Athléimneacht Amhábhar Criticiúil
            
            
            
            
               TUAIRIM
               
               
               Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 
               
               
                  
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards greater Security and Sustainability [Athléimneacht Amhábhar Criticiúil: Ar Chosán na Slándála agus na hInbhuaine]
               
               [COM(2020) 474 final]
            
            
            
               Rapóirtéir: Dumitru FORNEA
            
            
               Comhrapóirtéir: Michal PINTÉR
            
            
            
            
               
                  | 
                        Comhairliúchán
                      | 
                        An Coimisiún Eorpach, 23/09/2020
                      | 
               
                  | 
                        Bunús dlí
                      | 
                        Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
                      | 
               
                  |  |  | 
               
                  | 
                        Cinneadh ón Tionól Iomlánach
                      | 
                        28/10/2020
                      | 
               
                  |  |  | 
               
                  | 
                        Rannóg atá freagrach
                      | 
                        An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
                      | 
               
                  | 
                        Dáta a glactha sa rannóg
                      | 
                        05/03/2021
                      | 
               
                  | 
                        Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
                      | 
                        25/03/2021
                      | 
               
                  | 
                        Seisiún iomlánach Uimh.
                      | 
                        559
                      | 
               
                  | 
                        Toradh na vótála
                           (ar son/in aghaidh/staonadh)
 | 
                        258/0/3
                      | 
            
            
            
               
            
            
               1.Conclúidí agus moltaí
            
            
            
               1.1.Is céim chun cinn atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach, ina soláthraítear treochlár soiléir ina bhfuil tionscnaimh agus gníomhaíochtaí atá le déanamh ar leibhéal an Aontais agus, dá bhrí sin, molann CESE do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tacú leis an gcur chuige sin chun feabhas a chur ar Athléimneacht Amhábhar Criticiúil san Aontas.
            
            
            
               1.2.Tá CESE suite de go bhféadfaidh na bearta atá molta ag an gCoimisiún Eorpach rannchuidiú le slándáil an tsoláthair amhábhar criticiúil agus, ar an gcaoi sin, bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch a chothabháil agus a fhorbairt san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, is féidir leo acmhainní riachtanacha taighde agus forbartha a chur chun cinn, rud a chuirfeadh ar ár gcumas cuspóirí uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun feidhme agus poist bhuana chuibiúla nua agus, ag an am céanna, an t-aistriú cóir a áirithiú i bpobail a bhfuil tionchar ag an athrú tionsclaíoch orthu.
            
            
          
         
            
               1.3.Tacaíonn CESE go hiomlán le haistriú glas na hearnála fuinnimh agus measann sé gur céim bhunúsach é eastóscadh na n-amhábhar atá riachtanach chun teicneolaíochtaí glasa a chur ar fáil. Is iad na hábhair sin, amhail miotail agus mianraí, na buneilimintí chun bonneagar láidir a chruthú d’fhonn hidrigin nó leictreachas glas a sholáthar. Le giniúint an fhuinnimh ghlais agus veicteoirí fuinnimh ghlais, beifear in ann an tionscal eastóscach agus próiseála a dhícharbónú, rud a rachaidh chun tairbhe do chách.
            
            
            
               1.4.Gníomhaíocht ardriosca is ea an taiscéalaíocht, rud a chuireann go mór le costais chaipitil. Is féidir cabhrú go mór le hinfheistíochtaí ach rioscaí a laghdú trí ráthaíochtaí iasachta agus córais dímheasa a chur ar fáil. I measc na ndreasachtaí fioscacha eile, tá creidmheasanna cánach agus státchabhair. Baintear úsáid fhorleathan as na sásraí sin ar fud an domhain le haghaidh mianadóireachta agus próiseála, ach ní úsáidtear iad go ginearálta san Aontas Eorpach. Mar sin féin, tá eisceacht san Eoraip (an Fhionlainn) a bhfuil tacaíocht náisiúnta curtha ar bun aici i bhfoirm cistí le haghaidh rioscaí. Ba cheart tús a chur le tionscnaimh chosúla ar an leibhéal Eorpach.
            
            
            
               1.5.Molann CESE, agus aird á tabhairt aige ar an dea-chleachtas, ar na teicnící agus ar an teicneolaíocht atá ann faoi láthair mar bhonnlíne, go bhforbródh an tAontas Eorpach próiseas údaraithe cuíchóirithe le haghaidh gníomhaíochtaí mianadóireachta. Mar shampla, i ngeall ar an sampla de bhonneagar criticiúil eile, amhail greillí d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh agus bonneagar criticiúil eile, tá an bealach réitithe le haghaidh breis muiníne i ndáil leis na próisis chuíchóirithe. Ní dhéanann próiseas cuíchóirithe dochar do thoradh aon phróisis cinnteoireachta, ach tá sé beartaithe leis feabhas a chur ar thráthúlacht, intuarthacht agus trédhearcacht na bpróiseas athbhreithnithe agus údaraithe comhshaoil do na tionscadail bhonneagair a chuirtear chun feidhme tríd an modh seo.
            
            
            
               1.6.Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach ionstraimí leordhóthanacha maoinithe a bheith ann lena n-éascófar an t-aistriú glas le haghaidh na n-earnálacha eastósctha agus próiseála mianta. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh (mar shampla tríd an gclár Fís 2020) in athchúrsáil amhábhar criticiúil agus straitéiseach.
            
            
            
               1.7.Tá glactha cheana féin ag CESE le tábhacht na ciorclaíochta do gheilleagar an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go ndúnfadh an geilleagar ciorclach lúb na n-ábhar san Eoraip. Dá réir sin, ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar dhramhaíl a onnmhairiú ina bhfuil ábhair luachmhara a bhféadfadh a bpróiseáil san Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú, agus níor cheart sin a dhéanamh ach nuair a bheadh sé úsáideach ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le hathbhreithniú tapa agus éifeachtach a dhéanamh ar ionstraimí atá ann cheana amhail an Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola.
            
            
            
               1.8.Measann CESE gur príomhghníomhaíocht é an togra chun soláthar féideartha amhábhar criticiúil tánaisteach ó stoic agus dramhaíl an Aontais a mhapáil chun athléimneacht an Aontais i dtaca le hamhábhair a fheabhsú. Dá bhrí sin, iarraimid ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don chleachtadh mapála sin agus é a chur i gcrích faoi dheireadh 2021 seachas faoin spriocdháta atá beartaithe do 2022.
            
            
            
               1.9.Measann CESE gur gá deireadh a chur le bacainní sa reachtaíocht agus sna rialacháin a bhaineann le húsáid agus loingsiú amhábhar tánaisteach laistigh den Aontas Eorpach. Ní mór, áfach, faireachán cúramach a dhéanamh ar na saincheisteanna comhshaoil agus na saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le trádáil sruthanna contúirteacha d’ábhair den sórt sin agus an reachtaíocht lena mbaineann a chur chun feidhme. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir nósanna imeachta atá dian ach tapa ionas nach gcuirfear isteach ar loingsiú, athchúrsáil agus athúsáid amhábhar tánaisteach laistigh den Aontas. Tá go leor samplaí ann ina gcuirtear srian ar dheiseanna athchúrsála de dheasca foirmiúlachtaí.
            
            
            
               1.10.Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé gnéithe nua a chomhtháthú sa mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú rialta a dhéanamh ar liosta na mianraí criticiúla. Ba cheart critéir iomchuí a shainiú lena sheiceáil an gcomhlíonann slabhraí soláthair domhanda na gcineálacha seo amhábhar prionsabail eiticiúla, lena ndéanfar an “ghné eiticiúil” a mheasúnú. Ba cheart na nithe seo a leanas a mheas sna prionsabail sin: UDHR, UNGP, lena n-áirítear cearta bunúsacha saothair ILO, an Dearbhú maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, lena n-áirítear Bunchaighdeáin Oibre agus Dearbhú na bhFiontar Ilnáisiúnta, chomh maith le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Thairis sin, ba cheart staid na trádála agus staid an mhargaidh dhomhanda maidir leis na hamhábhair a chur san áireamh, rud a chuirfeadh barr feabhais ar an measúnú a dhéantar ar na coinníollacha trádála a bhaineann le gach amhábhar. Is táscaire an-gharbh é cur chuige iarbhír na modheolaíochta chun measúnú a dhéanamh ar bhacainní trádála. Ba cheart é a chur san áireamh ar bhealach níos fearr gurb ann do bhacainní trádála agus olagaplachtaí.
            
            
            
               1.11.Leagann CESE béim ar an ngá atá le comhordú idir na córais náisiúnta oideachais, oiliúna, athoiliúna agus deimhniúcháin d’fhonn dóthain acmhainní a choimeád agus a leithdháileadh chun oiliúint a chur ar speisialtóirí sna réimsí sin a chuidíonn le hathléimneacht amhábhar criticiúil agus straitéiseach a neartú. Ní mór don Aontas feabhas a chur ar an oiliúint a chuirtear ar speisialtóirí i gcomhréir le forbairtí luathaithe na réabhlóide digití agus deiseanna gairmiúla a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil baint acu le slándáil sholáthar agus phróiseáil na mianraí sin a áirithiú, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú na ngeilleagar sárfhorbartha.
            
            
            
               1.12.Tugann CESE dá aire, i gcás beartais chun athléimneacht amhábhar criticiúil agus straitéiseach a neartú, a thábhachtaí atá infhaighteacht acmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha san Aontas chun rogha mhalartach a thabhairt i gcás ghanntanas leanúnach na mianraí sin. Is gá ról na n-institiúidí Eorpacha ábhartha a mhéadú maidir le hinfheistíochtaí suntasacha leanúnacha i gcláir T&F a phleanáil chun ábhair agus próisis nua a aimsiú chun roghanna réasúnta a chinntiú.
            
            
          
         
            
               1.13.Éilíonn CESE go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach san áireamh, ar bhealach diongbháilte measúil, riachtanais agus ardmhianta na dtíortha i mbéal forbartha a sholáthraíonn amhábhair, trí spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí ar soiléir go n-urramaíonn siad leasanna eacnamaíocha, sóisialta agus éiceolaíocha na dtíortha sin agus a bpobail. Ba cheart don Choimisiún foirmle na “cothroime iomaíochta comhpháirtíochta” a cheapadh ina gcuirfí an mhuinín, an mharthanacht, an tslándáil, an iontaofacht agus an urraim fhrithpháirteach chun cinn ar mhaithe le leas coiteann na gcomhpháirtithe trádála.
            
            
            
               1.14.Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sainmhíniú agus paraidím na n-amhábhar criticiúil a leathnú. Is é an tuiscint ghinearálta ar amhábhair chriticiúla ná ábhair a thagann den chuid is mó ó earnáil na mianadóireachta. Tá an tuiscint sin róchúng agus cuireann sí teorainn le fás an fhuinnimh ghlais. Sa lá atá inniu ann, is féidir ábhair adhmadbhunaithe a úsáid go héifeachtúil in i bhfad níos mó cásanna ná mar a bhíodh san am a chuaigh thart. Ó theicstílí go teicneolaíochtaí ceallra nua atá níos éadroime agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, is réimse é seo atá ag déanamh an-dul chun cinn. Tá an fhéidearthacht uathúil ag an mbithgheilleagar athléimneacht gheilleagar an Aontais agus cobhsaíocht gheopholaitiúil don mhór-roinn seo againne a chur chun cinn. Ina theannta sin, dá mbainfí úsáid as ábhair inathnuaite, d’fhéadfaí an t-athrú aeráide a mhaolú ag an am céanna agus bheifí in ann na hastaíochtaí iontaise a choinneáil faoin talamh, rud a chruthódh athléimneacht ghlas sna hearnálacha iontaise.
            
            
            
               2.Cúlra
            
            
            
               2.1Gineann earnáil na n-amhábhar thart ar 350 000 post laistigh den Aontas Eorpach, ach tá níos mó ná 30 milliún post i dtionscail mhonaraíochta iartheachtacha atá ag brath ar rochtain iontaofa gan bhac ar amhábhair mhianracha. In 2018, bhí an tAontas Eorpach, de réir an cháis, ag brath ar idir 75 % agus 100 % de mhiotail a allmhairiú, agus ba le glanallmhairí a bhíothas ag freastal ar níos mó ná leath de riachtanais fuinnimh an Aontais. Bíonn praghsanna na n-amhábhar thar a bheith luaineach agus is iad na hacmhainní an sciar is mó de chostais ionchuir an tionscail. Mar sin féin, chuir na tionscail san Aontas Eorpach a bhraitheann ar amhábhair EUR 206 bhilliún de bhreisluach ar fáil.
            
            
            
               2.2Tá sé á thuar ag an mBanc Domhanda go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar mhiotail agus ar mhianraí i gcomhréir leis an méadú ar an uaillmhian aeráide. Tá sé tuartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar úsáid dhomhanda ábhar faoi 2060. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 150 % ar úsáid miotal, ó 8 mbilliún tona sa lá atá inniu ann go 20 billiún tona faoi 2060. Tá sé tuartha ag ECFE freisin gur dóchúil go dtiocfaidh méadú ar an mbrú atá ar acmhainní an phláinéid agus go gcuirfear an dul chun cinn maidir le dea-bhail i mbaol de dheasca an fháis ar úsáid ábhar agus ar na próisis a bhaineann lena n-eastóscadh agus lena bpróiseáil. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le fadhbanna comhshaoil agus sóisialta, truailliú agus caillteanas bithéagsúlachta agus talún, etc. 
            
            
            
               2.3Táirgeann an tAontas Eorpach níos lú ná 5 % de tháirgeadh domhanda na n-amhábhar mianraí. Soláthraíonn an tSín aisti féin 66 % de na ceallraí ian litiam críochnaithe. Níos lú ná 1 % a sholáthraíonn an tAontas Eorpach. Táirgeann an tAontas níos lú ná 1 % de chealla breosla an domhain agus 1 % de na hamhábhair don fhuinneamh gaoithe. Tá suíomh cuasa-mhonaplach ag an tSín i dtaca le comhpháirteanna le haghaidh cealla fótavoltacha (PV). Cuireann an tAontas Eorpach 1 % de chóimeálacha PV sileacan-bhunaithe ar fáil. 44 ábhar atá ábhartha do thionscal na róbataice, agus níl ach 2 % díobh á dtáirgeadh ag an Aontas Eorpach agus 52 % á dtáirgeadh ag an tSín. 
            
            
            
               2.4Chun geilleagar an Aontais Eorpaigh a athrú ó bhonn agus chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach faoi 2030 agus 2050, ní mór soláthar inbhuanaithe amhábhar criticiúil agus straitéiseach a áirithiú. Tá mianraí, miotail agus ábhair shárfhorbartha ríthábhachtach don fhuinneamh glan, do theicneolaíochtaí glasa agus don tsoghluaisteacht. Dá n-uireasa sin, cuirfear moill ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn na dteicneolaíochtaí glana digiteacha, mar aon le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 um na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ní mór don Aontas Eorpach gníomhú chun an spleáchas seachtrach a laghdú, chun na slabhraí soláthair a éagsúlú agus chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí athchúrsála. Mura ndéantar amhlaidh, cuirfear poist agus tionscail na hEorpa i mbaol.
            
            
            
               3.Gníomhaíochtaí an Choimisiúin maidir le hamhábhair
            
            
            
               3.1Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún, an 3 Meán Fómhair 2020, Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards Greater Security and Sustainability  [Athléimneacht Amhábhar Criticiúil: Ar Chosán na Slándála agus na hInbhuaine], cuireadh i láthair deich ngníomhaíocht lena dtacófaí le soláthar inbhuanaithe slán na n-amhábhar. Leagtar béim sa Teachtaireacht ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas straitéiseach oscailte a bhaint amach san Aontas Eorpach, trí na nithe seo a leanas: éasgsúlú na soláthraithe lasmuigh den Aontas; an fíorspleáchas a laghdú tríd an gciorclaíocht, trí thíosaíocht acmhainne agus trí eastóscadh agus próiseáil intíre; acmhainneacht an tsoláthair intíre a mhéadú; slabhraí soláthair athléimneacha a bhunú le haghaidh éiceachórais thionsclaíocha an Aontais Eorpaigh; soláthar freagrach inbhuanaithe a neartú; Comhghuaillíocht Amhábhar agus Cláir T&F a chur ar bun; deiseanna maoiniúcháin a mhéadú; scileanna mianadóireachta a fheabhsú; acmhainneacht taiscéalta a mhéadú; tionchair chomhshaoil a mheas; trádáil idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn.
            
            
            
               3.2An 11 Márta 2020, le seoladh na Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach, A new Circular Economy Action Plan for a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé margadh a chruthú le haghaidh amhábhair thánaisteacha agus ar an tábhacht a bhaineann le foinsiú eiticiúil amhábhar agus slándáil an tsoláthair a chur san áireamh.
            
            
          
         
            
               3.3An 10 Márta 2020, leag an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip] béim ar an tábhacht a bhaineann leis na slabhraí luacha tionsclaíocha uile san Aontas Eorpach. Is céim thábhachtach é soláthar slán fuinnimh agus amhábhar atá glan agus inacmhainne i dtreo laghdú a dhéanamh ar loirg charbóin thionsclaíocha, agus dlús á chur leis an aistriú fuinnimh ar an gcaoi sin.
            
            
            
               3.4An 11 Nollaig 2019, thíolaic an Coimisiún an Teachtaireacht The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] arb í straitéis nua fáis an Aontais Eorpaigh í chun an geilleagar reatha a chlaochlú ina gheilleagar atá tíosach ar acmhainní, iomaíoch agus aeráidneodrach. Leagtar béim sa Teachtaireacht sin ar an tábhacht a bhaineann le slándáil straitéiseach na rochtana ar acmhainní d’fhonn an Comhaontú Glas a chur chun feidhme. Beidh gá le soláthar inbhuanaithe na n-amhábhar uile atá riachtanach le haghaidh teicneolaíochtaí glana agus digiteacha chun an t-aistriú a chur i gcrích. 
            
            
            
               4.Barúlacha ginearálta 
            
            
            
               4.1Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí agus na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun slándáil sholáthar na n-amhábhar a neartú, agus tacaíonn sé leis an méid sin. Leis na tuairimí a ghlac an Coimisiún Comhairleach um Athrú Tionsclaíoch le 15 bliana anuas, agus leis an obair chomhpháirteach atá déanta ar an ábhar seo leis an gCoimisiún Eorpach, deimhnítear spéis shochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh i bhforbairt leanúnach na Comhpháirtíochta Eorpaí maidir le hAmhábhair agus a tiomantas don fhorbairt sin.
            
            
            
               4.2I dtaca leis seo, beidh gá le tograí agus gníomhaíochtaí níos sonraí a fhorbairt chun níos mó slándála agus inbhuanaitheachta a áirithiú mar a bheartaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Critical Raw Materials [Amhábhair Chriticiúla]. Thairis sin, iarraimid ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i leith na n-amhábhar ar fad atá ábhartha do thionscal agus do gheilleagar an Aontais Eorpaigh, d’fhonn tuilleadh spleáchais a sheachaint.
            
            
            
               4.3Leis an Tionscnamh Amhábhar a sheol an Coimisiún Eorpach in 2008, réitíodh an bealach le haghaidh gníomhaíocht struchtúrtha chomhordaithe ar leibhéal na n-institiúidí Eorpacha ábhartha, chun feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh na hEorpa maidir leis an ngá atá le slándáil sholáthar na n-amhábhar criticiúil agus straitéiseach a áirithiú do thionscail na hEorpa, mar aon le gníomhaíochtaí nithiúla i ndáil leis sin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.
            
            
            
               4.4An tArdán Teicneolaíochta Eorpach maidir le hAcmhainní Mianracha Inbhuanaithe (a aithníodh go hoifigiúil in 2008), an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta maidir le hAmhábhair (2012), an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht – Amhábhair (2015), Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais (2017), Comhghuaillíocht Amhábhar an Aontais (Meán Fómhair 2020) agus na gníomhaíochtaí bliantúla laistigh de chreat Sheachtain Amhábhar an Aontais – is ionann iad ar fad agus tionscnaimh rathúla de chuid an Choimisiúin agus uirlisí tábhachtacha oibre de chuid an Aontais Eorpaigh sna hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh aige chun na réitigh teicneolaíochta, reachtacha agus riaracháin a shainaithint a bhfuil gá leo chun Plean Gníomhaíochta Eorpach comhleanúnach maidir le hamhábhair a ghlacadh. D’fhéadfaí dlús a chur leis na tionscnaimh sin, áfach, agus iarrann CESE ar an gCoimisiún dianmheasúnuithe a dhéanamh ar obair, ar aschur agus ar éifeachtacht na n-ardán comhghuaillíochta sin agus na torthaí a chur ar fáil do CESE ar bhonn rialta (bliantúil). Ní mór sinne, mar ionadaithe na sochaí sibhialta, a chur ar an eolas faoi cibé atá nó nach bhfuil torthaí nithiúla mar thoradh ar an gcur chuige sin lenar féidir sprioc na hathléimneachta amhábhair a chur chun cinn agus a bhaint amach.
            
            
            
               4.5Is dearcadh Eorpach go príomha atá i dTeachtaireacht CE, rud atá intuigthe go hiomlán ó tharla go mbaineann an phríomhcheist le soláthar amhábhar do gheilleagar na hEorpa. Measann CESE, áfach, gur cheart do CE riachtanais agus leasanna na ndaoine agus na ngeilleagar sna tíortha as a dtagann na hamhábhair atá le honnmhairiú go dtí an Eoraip a chur san áireamh, go háirithe agus cumarsáid á déanamh go minic aige faoi “luachanna Eorpacha”, “freagracht dhomhanda” agus “spriocanna forbartha inbhuanaithe” domhanda. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh freisin go bhfuil neart acmhainní mianraí ag tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nach tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh iad, agus ba cheart na straitéisí amhábhar, na comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus an rochtain ar ionstraimí airgeadais le haghaidh aistriú glas na hearnála mianadóireachta a chur ar fáil do na tíortha sin chomh maith.
            
            
            
               4.6Tá dlúthbhaint ag an sprioc maidir le hathléimneacht an Aontais i ndáil le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha a fheabhsú le hiarrachtaí an Aontais bonn láidir tionsclaíoch agus teicneolaíoch a chothabháil a choinneodh cos leis an réabhlóid dhigiteach agus le dúshláin dhomhanda an athraithe aeráide agus chosaint an chomhshaoil. Tá sé ríthábhachtach go n‑éireoidh leis an Aontas sa phróiseas sin. Tá sé tugtha chun suntais cheana féin ag CESE go bhfuil “painéil ghréine, feirmeacha gaoithe agus cadhnraí ríthábhachtach don pharaidím thionsclaíoch nua atá againn. Mar sin féin, tá amhábhair de dhíth orthu freisin atá faoi rialú ár gcomhiomaitheoirí ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ní mór don bheartas tionsclaíochta agus beartas daingean trádála agus eachtrach a bheith fite fuaite ina chéile, agus mar chuid den bheartas deireanach sin ní mór rochtain ar na hacmhainní sin a áirithiú”.
            
            
            
               4.7Ní mór do bheartais amhábhar, mar aon le beartais eile, rannchuidiú go dearfach le soláthar a áirithiú do thionscail na hEorpa, leis an éileamh ar tháirgí agus ar sheirbhísí an Aontais Eorpaigh a shásamh, leis an gcomhshaol a urramú agus le tionchar ghníomhaíochtaí an duine ar an aeráid a theorannú agus le poist chuibhiúla a chruthú. Ba cheart na sochair sin – sochair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta – a dháileadh go cothrom ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach gan díriú ar na hamhábhair sin amháin a aicmítear mar amhábhar “criticiúil” de réir na modheolaíochta atá molta ag an gCoimisiún. Ba cheart a aithint go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le hamhábhair atá ina gcuid riachtanach de go leor slabhraí luacha soláthair agus a mbíonn amhábhair chriticiúla ann freisin de thoradh mhianadóireacht agus eastóscadh na n-amhábhar sin.
            
            
          
         
            
               4.8Le go bhféadfar an caidreamh trádála agus slabhraí soláthair san Eoraip agus ar fud an domhain a neartú, is bunchoinníoll é go mbeadh éileamh leanúnach intuartha ag an Aontas ar amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha. Ós rud é go bhfuil an t-éileamh ar amhábhair ag dul i méid de réir a chéile, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag cur lena chumas foinsí a aimsiú laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta. Tá iontaofacht agus intuarthacht i slabhraí soláthair ríthábhachtach chun táirgeadh tionsclaíoch agus bonneagar gaolmhar a chothabháil sna Ballstáit ach is réamhchoinníoll riachtanach é freisin chun athléimneacht an Aontais a neartú i ndáil le hamhábhair chriticiúla.
            
            
            
               4.9Tá an gá atá le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha ar cheann de na táscairí lenar féidir linn an cineál acmhainneachta táirgeachta tionsclaíche san Aontas (mar aon leis na riachtanais oideachais, oiliúna, athoiliúna, foghlama fadsaoil agus deimhniúcháin), ar cheart dúinn iad a chothabháil san Aontas, a mheas agus a leagan síos chun dul i ngleic leis an iomaíocht dhomhanda, agus ní hamháin chun spleáchas ar amhábhair áirithe a sheachaint ach chun ísliú tábhachta i réimse na nuálaíochta, an taighde agus na forbartha teicneolaíche a sheachaint freisin.
            
            
            
               4.10Meastar gur gné riachtanach de neartú na hathléimneachta is ea an acmhainneacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch amhábhair chriticiúla a ionadú, ach ní féidir an acmhainneacht sin a bhaint amach laistigh de thréimhse ghearr ama gan síorinfheistíocht shuntasach a dhéanamh i dtaighde agus forbairt chun ábhair nua a aimsiú. I gcomparáid leis na forbairtí dinimiciúla sa tSín, d’fhéadfaí a rá gur féidir athléimneacht an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla a neartú trí thionscadail uaillmhianacha a chur chun feidhme chun bonneagair thras-Eorpacha iompair, fuinnimh agus TFC a idirnascadh agus a nuachóiriú. Is féidir an méid sin ar fad a dhéanamh i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, rud a choinneoidh éileamh leordhóthanach ar amhábhair den sórt sin san Aontas Eorpach. Cobhsófar na slabhraí soláthair domhanda leis an éileamh sin, as a dtiocfaidh insreabhadh infheistíochtaí nua, ní hamháin sna tionscail a phróiseálann na hábhair sin, ach i gcláir T&F le haghaidh ionadú amhábhar criticiúil freisin.
            
            
            
               5.Barúlacha sonracha 
            
            
            
               5.1Is céim chun cinn atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach, ina soláthraítear treochlár soiléir ina bhfuil tionscnaimh agus gníomhaíochtaí atá le déanamh ar an leibhéal Eorpach agus, dá bhrí sin, molann CESE do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tacú leis an gcur chuige sin chun feabhas a chur ar Athléimneacht Amhábhar Criticiúil san Aontas.
            
            
            
               5.2Cé go gcruthófaí soláthar, poist agus dul chun cinn eacnamaíoch leis an infheistíocht sa mhianadóireacht inbhuanaithe, ní mór di feabhsuithe socheacnamaíocha agus comhshaoil a áirithiú freisin ar bhonn na freagrachta sóisialta corparáidí. Is é an príomhábhar imní atá ann cothromaíocht a bhaint amach idir an mhianadóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn san Eoraip agus an glacadh atá ag an bpobal leis a áirithiú. Tá sé fíorthábhachtach feasacht a mhúscailt i measc na saoránach.
            
            
            
               An Comhaontú Glas don Eoraip, spriocanna aeráide 2030 agus 2050 agus an t-éileamh ar amhábhair
            
            
            
               5.3Le geilleagar glan ciorclach, is féidir ár spleáchas ar ábhair allmhairithe agus ar fhuinneamh allmhairithe a laghdú, drochthionchar an Aontais ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a laghdú, samhlacha eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a fhorbairt agus tuilleadh poist áitiúla a chruthú. Cabhróidh sé freisin leis an neamhthuilleamaíocht a fheabhsú agus le dul i ngleic leis na saincheisteanna maidir le hathléimneacht a tugadh chun solais le linn phaindéim COVID-19 i ndáil leis na slabhraí soláthair domhanda. Tá straitéis shoiléir iarrtha cheana féin ag CESE chun go mbeadh an tAontas “ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i dtaca leis an ngeilleagar ciorclach agus teicneolaíochtaí glana. Beifear in ann dícharbónú a dhéanamh ar na tionscail dianfhuinnimh dá thoradh sin”.
            
            
            
               5.4Ní dhéantar mianadóireacht domhainfharraige a lua ná a phlé sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ná ní athraítear an dearcadh go ndéanann tionscail eastóscacha dochar don chomhshaol. Tá cásanna ann ina bhfuil siad “éiceabhách” a bhuí le cleachtais inbhuanaithe mianadóireachta.
            
            
            
               5.5Tugann an Coimisiún le fios go bhfuil dramhaíl mhianadóireachta lán d’amhábhair chriticiúla agus gur féidir gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a chruthú as sin. Ní léir, áfach, cén leibhéal infheistíochta a bheadh ag teastáil ná cén leibhéal glactha a bheadh i gceist ón bpobal le haghaidh gníomhaíocht den sórt sin. Ní hamháin go bhfuil baint ag na deiseanna eacnamaíocha a eascraíonn as amhábhair chriticiúla i ndramhaíl mhianadóireachta le láithreáin mianadóireachta guail ach tá baint acu freisin le mianta eile amhail iarann, sinc nó nicil.
            
            
          
         
            
               5.6Is gá acmhainneacht athchúrsála, eastósctha agus próiseála miotal a mhéadú chun na teicneolaíochtaí glasa agus glana a fhorbairt atá riachtanach don aistriú fuinnimh ghlais agus, ar bhonn níos leithne, don aistriú tionsclaíoch glas freisin. Tá sé ríthábhachtach ábhair straitéiseacha agus ábhair chriticiúla a aisghabháil, agus mar sin ní mór teicneolaíochtaí nuálacha a úsáid chun dramhaíl a shórtáil agus a chóireáil. Ní mór an dá bhealach foinsithe inmheánacha de chuid an Aontais – eastóscadh agus athúsáid – a chur chun cinn i gceart agus tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh.
            
            
            
               Liosta Eorpach na nAmhábhar Criticiúil – modheolaíocht an mheasúnaithe
            
            
            
               5.7Bunaithe ar na forbairtí teicneolaíochta nua, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh gach dhá bhliain ar liosta na n-amhábhar criticiúil san Aontas. Luann an Coimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa togra uaidh. Beidh gá le measúnuithe tionchair feadh an bhealaigh, mar aon leis an bhféidearthacht iad a athrú/rialú a dhéanamh orthu.
            
            
            
               5.8Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir sa Teachtaireacht sin go bhfuil an liosta d’amhábhair chriticiúla, a ndéantar measúnú tréimhsiúil air, ábhartha freisin i dtaca le foinsiú inbhuanaithe agus freagrach a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar an liosta sin a athmheasúnú i dtaca le comhlíonadh UDHR, UNGP, lena n-áirítear cearta bunúsacha saothair ILO, an Dearbhú maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, lena n-áirítear Bunchaighdeáin Oibre agus Dearbhú na bhFiontar Ilnáisiúnta, chomh maith le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
            
            
            
               5.9Ní mór na rioscaí a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear sáruithe a dhéantar in GVCanna ar chearta an duine i réimse an ghnó nó scriosadh an chomhshaoil sna tíortha ar táirgeoirí ionchasacha iad, a chur san áireamh ar bhealach éifeachtach sa mhodheolaíocht a bhaineann leis an measúnú tréimhsiúil ar liosta na n-amhábhar criticiúil. Ní mór, dá bhrí sin, critéir iomchuí a aimsiú agus a chur san áireamh i modheolaíocht an mheasúnaithe. Tá sé sin fíorthábhachtach, ós rud é go bhfuil an Coimisinéir Eorpach um Cheartas ag obair ar threoir maidir le dícheall cuí éigeantach, treoir atá le cur i láthair sa chéad leath de 2021. 
            
            
            
               5.10Is é an tuiscint ghinearálta ar amhábhair chriticiúla ná ábhair a thagann ó earnáil na mianadóireachta, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leo. Mar shampla, is féidir ábhair adhmadbhunaithe a úsáid go héifeachtúil in i bhfad níos mó cásanna ná mar a bhíodh san am a chuaigh thart. Ó theicstílí go teicneolaíochtaí ceallra nua atá níos éadroime agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, is réimse é seo atá ag déanamh an-dul chun cinn. Anuas air sin, tá féidearthachtaí uathúla ag an mbithgheilleagar athléimneacht gheilleagar an Aontais agus cobhsaíocht gheopholaitiúil don mhór-roinn seo againne a chur chun cinn. Dá mbainfí úsáid as ábhair inathnuaite, d’fhéadfaí an t-athrú aeráide a mhaolú ag an am céanna agus bheifí in ann na hastaíochtaí iontaise a choinneáil faoin talamh, rud a chruthódh athléimneacht ghlas sna hearnálacha iontaise.
            
            
            
               Amhábhair an Aontais a mhapáil
            
            
            
               5.11Is príomhghníomhaíocht maidir le hathléimneacht an Aontais i dtaca le hamhábhair a fheabhsú é an togra chun soláthar féideartha amhábhar criticiúil tánaisteach ó stoic agus dramhaíl an Aontais a mhapáil. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún tús áite a thabhairt don chleachtadh mapála sin agus é a chur i gcrích faoi dheireadh 2021 seachas faoin spriocdháta atá beartaithe do 2022, rud a chuirfidh in iúl go soiléir do na geallsealbhóirí agus do na saoránaigh na sonraí atá ar fáil.
            
            
            
               5.12I bhfianaise na heaspa forléargais agus faisnéise atá ann faoi láthair maidir le hamhábhair thánaisteacha a bheith ar fáil laistigh den Aontas Eorpach, ní mór rianú ábhar straitéiseach agus ábhar criticiúil a dhéanamh mar thosaíocht in earnálacha faoi leith agus go trasearnálach, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha agus uirlisí mórshonraí.
            
            
            
               Mianadóireacht, scileanna gaolmhara agus an cead sóisialta le dul i mbun gnó 
            
            
          
         
            
               5.13Tá gníomhaíochtaí mianadóireachta agus cairéalaithe amhábhar ríthábhachtach chun rioscaí soláthair a mhaolú, mar shampla ábhair a sholáthar chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a úsáid agus don talmhaíocht aeráidneodrach, nó athléimneacht na slabhraí luacha monaraíochta a mhéadú. Is féidir le hearnáil mhianraí na hEorpa a áirithiú go mbeidh fáil ar na hábhair riachtanacha a theastaíonn le haghaidh teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, chun geilleagar ciorclach aeráidneodrach a chruthú a bheadh dírithe ar sheirbhísí agus ar leas an phobail agus a bheadh tíosach ar acmhainní, agus na hamhábhair á bhfhoinsiú ar bhealach inbhuanaithe freagrach ag an am céanna. 
            
            
            
               5.14Ina theannta sin, tá an mhianadóireacht san Eoraip ag feidhmiú de réir na gcaighdeán comhshaoil agus sóisialta is airde i gcomparáid le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Tá an tionscal sin san Eoraip tiomanta go mór don mhaolú ar an athrú aeráide: ní hamháin go ndéanann sé síoriniúchadh ar na modhanna dícharbónaithe le go bhfreastalófar go héifeachtach agus go héifeachtúil ar an éileamh méadaitheach leanúnach ar acmhainní, ach cuireann sé ar chumas gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.
            
            
            
               5.15Is é bun agus barr an scéil ná nach bhfuil ach fíorbheagán samplaí d’onnmhairí amhábhar i dtíortha i mbéal forbartha a spreagann forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta agus a rachadh chun tairbhe do chodanna leathana den daonra. Ina ionad sin, is minic a bhíonn dúshaothrú sóisialta agus truailliú comhshaoil i gceist leis an gcás, agus gan tairbhe le baint ach ag líon beag gníomhaithe as.
            
            
            
               5.16Ní hamháin nach mór do na hamhábhair rathúnas eacnamaíoch a áirithiú san Eoraip, ach ní mór dóibh a bheith ina mbunús freisin d’fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe (i.e. atá comhoiriúnach don tsochaí agus don chomhshaol) sna tíortha tionscnaimh. Dá réir sin, ba cheart don Aontas a bheith réamhghníomhach agus tacú go soiléir le hiarrachtaí féideartha uile na gcuideachtaí a athraíonn ón seanbheartas trína bhfuarthas na hamhábhair is saoire go haontaobhach agus a ghlacann cur chuige nua maidir le “comhpháirtíocht straitéiseach”. I gcomhpháirtíocht straitéiseach den sórt sin, ní mór riachtanais agus leasanna eacnamaíocha, sóisialta agus éiceolaíocha na soláthróirí agus na dtíortha is faighteoirí amhábhar a chur san áireamh ar bhealach cothrom, agus tacú le forbairt shocheacnamaíoch fhéinchinntithe, agus í a chur chun cinn, sna tíortha tionscnaimh. Trí “cothroime iomaíochta comhpháirtíochta” a chruthú, is féidir ardleibhéal muiníne, marthanachta, slándála agus iontaofachta a bhaint amach sa chaidreamh trádála ar mhaithe leis an leas coiteann agus ar bhonn na hurraime frithpháirtí.
            
            
            
               5.17Is gá i gcónaí fadhbanna comhshaoil áitiúla a mheas os coinne na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail den sórt sin chun saincheisteanna níos leithne maidir le CO2 san Eoraip agus ar fud an domhain a réiteach, amhail an t-éileamh ar níos mó copair, mar shampla. Ba cheart cothromaíocht den sórt sin a chur san áireamh agus tosaíocht á tabhairt do thionscadail mhianadóireachta san Eoraip. Ba cheart barúlacha eacnamaíocha réigiúnacha a chur san áireamh freisin leis an tosaíocht sin.
            
            
            
               5.18Ní leor rochtain a bheith ag an Aontas Eorpach ar amhábhair mura bhfuil áiseanna próiseála ardteicneolaíochta ar fáil san Aontas. Is é a dúirt an Coimisinéir Breton maidir le hamhábhair chriticiúla gurbh é an aidhm go mbeadh acmhainneacht mhianadóireachta agus mhínghlanta na hEorpa ag feidhmiú go cuí faoi thús na ndeich mbliana atá romhainn. Níl seo uaillmhianach a dhóthain. Dá bhrí sin, molann CESE go ndéanfadh an tAontas an infheistíocht a chur chun cinn láithreach agus dreasachtaí rialáilte coiteanna a thabhairt d’infheisteoirí. Chun dlús a chur le “huathriail straitéiseach” na hEorpa maidir le hamhábhair chriticiúla, ba cheart machnamh a dhéanamh ar Chomhpháirtíocht Eorpach (Fís Eorpach) nó ar thionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) a chruthú. Ba cheart IPCEI den sórt sin slabhra soláthair iomlán maidir le hamhábhair chriticiúla a chumhdach: measúnú a dhéanamh ar fhoinsí mianraí intíre, ar mhianadóireacht, ar bhruithniú, ar chlaochlú, ar athchúrsáil agus ar athrú cuspóra. Go deimhin, maidir le ceallraí, beidh sé ríthábhachtach go mbunófar slabhra luacha lánchomhtháite i dtaca le tearc-chré Eorpach chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach.
            
            
            
               5.19Tá ceithre phríomhthionscadal thionsclaíocha sa mhianadóireacht agus sa phróiseáil inbhuanaithe faoi lán seoil san Eoraip, ar fiú beagnach EUR 2 bhilliún san iomlán iad. Táthar ag súil go gcumhdóidh na tionscadail sin 80 % dár riachtanais litiam in earnáil na gceallraí faoi 2025. D’fhéadfaidís spreagadh a thabhairt maidir le hamhábhair eile atá riachtanach do shlabhraí luacha Eorpacha a chumhdach in go leor earnálacha straitéiseacha eile.
            
            
            
               5.20Tá an t-uathoibriú, an digiteáil, an teicneolaíocht bhlocshlabhra agus an intleacht shaorga á n‑úsáid cheana féin ag an tionscal, ach ní mór féachaint ar an úsáid a bhaintear as Clár Copernicus chun láithreáin nua amhábhar a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar an lorg comhshaoil. Anuas air sin, mhol CESE roimhe seo treochlár rialála a fhorbairt san Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as aistriú digiteach earnáil na n-amhábhar, treochlár a dhíreodh ar thopaicí amhail an chibearshlándáil, an intleacht shaorga, an t‑uathoibriú, an rialachas il-leibhéil, mianadóireacht mhara agus mianadóireacht spáis.
            
            
            
               5.21Ba cheart modhanna nua eastósctha, aisghabhála agus táirgthe a fhorbairt. Ba cheart do na modhanna sin na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta is airde a chomhlíonadh. D’fhéadfaí go mbeadh saothrú na n-acmhainní i láithreáin líonta talún agus i bhfuíoll mianach an Aontais Eorpaigh ina bhfoinsí d’amhábhair chriticiúla. Idir an dá linn, tá saineolaithe comhshaoil ag iarraidh go mbeadh pobail áitiúla páirteach sa phróiseas cinnteoireachta maidir leis na láithreáin mhianadóireachta a bheidh ann amach anseo.
            
            
            
               5.22D’fhéadfaí scileanna mianadóireachta a aistriú go saothrú miotail agus mianraí, sna réigiúin chéanna b’fhéidir. Cuideoidh an Sásra um Aistriú Cóir le réigiúin atá dian ar ghual agus ar charbón, tríd an maoiniú bonneagair inbhuanaithe atá ar fáil faoi InvestEU. Mar sin féin, tá am agus dreasachtaí d’infheisteoirí ag teastáil mar aon le reachtaíocht maidir le nósanna imeachta údaraithe níos tapúla (d’fhéadfadh rialachán ón Aontas a bheith ina réiteach). Is príomhriachtanais iad na caighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus inbhuanaitheachta do gach tionscadal de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo.
            
            
          
         
            
               5.23Ceann de na réamhriachtanais is tábhachtaí le haghaidh beartais éifeachtacha maidir le hábhair logánta (LCPanna) i dtaca le cruthú post atá níos glaise agus lena ngabhann pá níos fearr i dtíortha atá saibhir ó thaobh mianraí de is ea infhaighteacht na scileanna agus na n-acmhainní atá riachtanach chun freastal ar éilimh an tionscail le linn saolré mianaigh. Tá sé ríthábhachtach freisin riar scileanna nua a fhorbairt agus na scileanna atá ann cheana a oiriúnú chun freagairt go pras d’athruithe teicneolaíochta. I staidéir a rinneadh le déanaí, deimhníodh an tionchar is dóigh a bheidh ag teicneolaíochtaí nua ar nádúr na bpost. Cuireadh béim ar an gcaoi a mbeidh riar scileanna nua ag teastáil in earnáil na mianadóireachta, ní hamháin do ghairmeacha nua, ach do ghairmeacha atá ann cheana féin freisin, mar is éard is dóichí nach mór poist reatha a bhaineann le hoibriú meaisíní a chur in oiriúint don uathoibriú. Ba cheart an iomarcaíocht a sheachaint trí idirphlé sóisialta agus trí athoiliúint a chur ar oibrithe agus trína chinntiú go mbeidh rochtain acu ar na poist nua agus ar na poist a chruthófar le teicneolaíochtaí nua agus le próisis athchúrsála.
            
            
            
               5.24Tá an t-oideachas, an oiliúint, an athoiliúint agus an deimhniú thar a bheith tábhachtach, agus tá sé tábhachtach do thodhchaí an tionscail go ndéanfaí iad tríd an idirphlé sóisialta ach bíonn am agus maoiniú de dhíth chun na scileanna riachtanacha a shealbhú. D’fhéadfaí disciplíní speisialta amhail geolaíocht, miotalóireacht agus mianadóireacht a mhúineadh fiú ag leibhéal fochéime.
            
            
            
               Infheistíochtaí
            
            
            
               5.25Gníomhaíocht ardriosca is ea an taiscéalaíocht, rud a chuireann go mór le costais chaipitil. Is féidir cabhrú go mór le hinfheistíochtaí ach rioscaí a laghdú trí ráthaíochtaí iasachta agus córais dímheasa a chur ar fáil. I measc na ndreasachtaí fioscacha eile, tá creidmheasanna cánach agus státchabhair. Baintear úsáid fhorleathan as na sásraí sin ar fud an domhain le haghaidh mianadóireachta agus próiseála, ach ní gnách iad a úsáid san Aontas Eorpach.
            
            
            
               5.26Ní mór córas éifeachtúil um dhreasachtaí airgid a fhorbairt agus a cheapadh chun tacú leis an aistriú éiceolaíoch i dtionscal na dramhaíola. Ina theannta sin, ba cheart pionóis a chur i bhfeidhm i leith mí-úsáid acmhainní atá luachmhar ó thaobh dramhaíola de.
            
            
            
               5.27Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhacainní trádála taraifí agus neamhtharaifí arna n-úsáid ag ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear réimse na dumpála agus an tsoláthair phoiblí, chun cothrom iomaíochta a áirithiú i réimse thrádáil na n-amhábhar.
            
            
            
               5.28Is gá infheistíocht shuntasach a dhéanamh in T&F san Eoraip chun ceannaireacht a choinneáil sna slabhraí luacha domhanda. Tá sé tábhachtach cos a choinneáil le cumhachtaí eacnamaíocha eile agus ní mór ionstraimí faoi bheartais éagsúla a chomhordú go dlúth, lena n-áirítear an Straitéis Tionsclaíochta nua agus Beartas Trádála AE. Is tábhachtaí ná riamh an Rialachán maidir le Scagadh Infheistíochtaí Díreacha Coigríche a chur chun feidhme chun slabhraí luacha straitéiseacha an Aontais a chosaint.
            
            
            
               5.29Ní mór don Aontas Eorpach aird ar leith a thabhairt ar fhaireachán a dhéanamh ar mhargaí domhanda na n-amhábhar mar aon le forbairt na slabhraí soláthair straitéiseacha. Ní mór faisnéis iontaofa agus iomlán a bheith ann ó na Ballstáit agus ó na geallsealbhóirí go léir trí bhíthin formáidí caighdeánaithe maidir le tuairisciú sonraí.
            
            
            
               5.30Infheistíochtaí a bhaineann leis an aistriú glas a dhéanann cuideachtaí an Aontais san earnáil eastósctha, próiseála agus athchúrsála, ní mór dóibh tacú leis na hiarrachtaí tionscail a rannpháirtiú san aistriú agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na gcuspóirí maidir le haeráidneodracht. Ba cheart don earnáil tairbhe a bhaint as rochtain éasca ar mhaoiniú inbhuanaithe, ach ní go dtí go léirítear go bhfuil na hinfheistíochtaí atá beartaithe, na pleananna T&F agus na tionscadail claochlaithe thionsclaíoch ag cloí go soiléir le cuspóirí aeráide, le fostaíocht iomlán tháirgiúil, le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le hobair chuibhiúil do chách. Luaigh CESE cheana féin i dtuairim roimhe seo, “maidir leis an bhfás inbhuanaithe, gur cheart tagairt a dhéanamh do ghnéithe comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus rialachais i gcur chuige cothrom, domhanda agus cuimsitheach atá ailínithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fad agus le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, lena mbunaítear coinníollacha trasearnála íosta nach féidir a ionadú.”
            
            
            
               5.31Ina theannta sin, ba cheart tacú le tionscadail mianadóireachta a léiríonn na gealltanais chéanna, agus iad a dhreasú, faoi chuimsiú chreataí IPCEI (Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne) agus PCI (Tionscadail Leasa Choitinn) chomh maith. Beidh an mheastóireacht ar rannchuidiú infheistíochtaí agus tionscadal den sórt sin dírithe freisin ar aon ghníomhaíocht a bhaineann le “glas-snasú” nó faisnéis mhíthreorach a shainaithint.
            
            
          
         
            
               Trádáil agus an ghné idirnáisiúnta
            
            
            
               5.32Sa lá atá inniu ann, tá 98 % de sholáthairtí an Aontais de dhúile tearc-chré (REE) á soláthar ag an tSín. Tá tús á chur againn le ré na móriomaíochta geopholaitiúla agus, dá bhrí sin, is gá taidhleoireacht éifeachtach eacnamaíoch a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun rochtain ar sholáthraithe éagsúlaithe a áirithiú, agus infheistíocht á déanamh againn in acmhainní athúsáide agus athchúrsála. I ndáil leis an méid sin, tá CESE teann ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a chruthú le náisiúin atá ar aon intinn leis, i gcreat iltaobhach chun nach gcuirfear isteach ar an soláthar (a spreagtar uaireanta go polaitiúil) agus nach mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta i slabhraí luacha tionsclaíocha sofaisticiúla san Aontas Eorpach.
            
            
            
               5.33Tá sé ríthábhachtach ról an euro mar airgeadra tagartha idirnáisiúnta a fheabhsú chun luaineacht praghsanna a chosc agus chun spleáchas gheallsealbhóirí an Aontais ar dhollar na Stát Aontaithe a laghdú. Ba cheart don Choimisiún bealaí a lorg chun trádáil amhábhar criticiúil a spreagadh in airgeadra an euro, agus leas á bhaint as na hionstraimí taidhleoireachta eacnamaíche agus na hionstraimí beartais trádála atá ar fáil. I ndáil leis seo, is díol sásaimh dúinn an Teachtaireacht ón gCoimisiún The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht á gcothú].
            
            
            
               5.34Níor cheart onnmhairiú amhábhar tánaisteach a cheadú ach amháin nuair atá ciall leis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Mar sin féin, ba cheart don Aontas Eorpach oibriú i dtreo rialacha an chluiche a athrú agus gan onnmhairiú dramhaíola ina bhfuil ábhair luachmhara a cheadú ach amháin nuair atá sé úsáideach ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Chun a bheith níos cruinne faoi, níor cheart an cineál sin dramhaíola a onnmhairiú ach amháin nuair atá na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta agus na bearta chun éifeachtaí aeráide a mhaolú sa tír cinn scríbe coibhéiseach le caighdeáin an Aontais Eorpaigh.
            
            
            
               5.35Ní mór feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta laistigh de ECFE, de na Náisiúin Aontaithe, den Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus de G20, agus inbhuanaitheacht an tionscail amach anseo, agus leas an Aontais maidir le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla, á gcur san áireamh. Tá sé ríthábhachtach do gheallsealbhóirí Eorpacha cothroime iomaíochta a áirithiú le codanna eile den domhan. Ní mór don Aontas Eorpach na hionstraimí uile atá ar fáil dó a úsáid, lena n-áirítear comhaontuithe trádála agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha, d’fhonn na dálaí a chruthú chun comhfhiontair AE a éascú i dtríú tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de, go háirithe an Afraic agus Meiriceá Theas, agus foinsiú freagrach agus dea-chleachtas maidir le hiompar gnó á gcur san áireamh i gcónaí. Tá sé ríthábhachtach freisin tíortha na mBalcán Thiar a chomhtháthú i slabhra soláthair an Aontais Eorpaigh.
            
            
            
               An Bhruiséil, 25 Márta 2021.
            
            
            
            
            
            
               Christa SCHWENG
                  
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 
            
            
               _____________