GA

ECO/519

Rialacha Cánachais a Chur Siar de bharr Ghéarchéim COVID-19

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa


Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an bpráinn is gá le teorainneacha áirithe ama a chur siar chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais de dheasca phaindéim COVID-19

[COM(2020) 197 final – 2020/0081 (CNS)]

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/2445 agus Treoir (AE) 2019/1995 a mhéid a bhaineann leis na dátaí trasuí agus na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19

[COM(2020) 198 final – 2020/0082 (CNS)]

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19

[COM(2020) 201 final – 2020/0084 (CNS)]

Rapóirtéir ginearálta: Petru Sorin Dandea

Comhairliúchán

An Chomhairle, 13/05/2020 agus 15/05/2020

Bunús dlí

Airteagal 113 agus Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Cinneadh ó Uachtarán CESE

14/05/2020

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

10/06/2020

Seisiún iomlánach Uimh.

552

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

217/2/6



1.Conclúidí agus moltaí

1.1I bhfianaise na géarchéime atá ann de dheasca phaindéim COVID-19 agus i bhfianaise an mhórshuaite ar an timpeallacht ghnó de bharr na mbeart eisceachtúil a d’fhorchuir na Ballstáit, tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa leis an bpacáiste atá molta ag an gCoimisiún Eorpach, lena bhfuil sé d’aidhm síneadh a chur leis na spriocdhátaí chun an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC) a chur chun feidhme agus chun an pacáiste lena rialaítear an córas CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann a chur siar.

1.2Léirítear sna meastóireachtaí a rinne an Coimisiún go mbeidh caillteanais thart ar EUR 3 bhilliún ann do na Ballstáit má dhéantar na spriocdhátaí a leagadh síos don chóras CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann a chur siar. Mar sin féin, tá sé léirithe ag an gCoimisiún nach féidir leis an gcóras a bheith i mbun oibríochta ach amháin nuair atá na Ballstáit go léir ullamh. Molann CESE go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh an córas i mbun oibríochta díreach i ndiaidh na géarchéime reatha.

1.3Is cuid de rialacha an Aontais maidir le seachaint cánach agus calaois chánach a chomhrac iad an Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (DAC) agus an pacáiste maidir leis an gcóras CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann. Aithníonn CESE na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún chun comhrac a chur ar an tsaincheist dhíobhálach sin, ach cuireann sé in iúl nach mbeidh toradh suntasach ann ach amháin má tá comhar níos fearr ann idir na Ballstáit. Spreagann CESE na Ballstáit féachaint chuige an chomhthoil is mó is féidir a bhaint amach a luaithe is féidir ionas go mbeidh feidhm ag na bearta sin gan mhoill.

1.4Measann CESE gur cheart don Choimisiún Eorpach cabhrú le hoiliúint a chur ar bhaill foirne a oibreoidh an córas nua TF atá riachtanach chun an córas nua CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann a chur chun feidhme.

2.Cúlra na dtograí

2.1A luaithe agus a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an fógra maidir le paindéim COVID‑19, chuir roinnt Ballstát in iúl don Choimisiún nach mbeidís in ann cuid d’fhorálacha DAC a chur chun feidhme ná an pacáiste ríomhthráchtála CBL a thrasuí i ngeall ar na bearta eisceachtúla a forchuireadh ar an leibhéal náisiúnta.

2.2Tá pacáiste tograí eisithe ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit sna tráthanna deacra seo. Is é is aidhm do na tograí ón gCoimisiún Eorpach 1 roinnt spriocdhátaí cur chun feidhme nó trasuí a shonraítear sa Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (DAC) agus i dTreoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 agus i Rialachán (AE) 2017/2454 lena rialaítear an córas CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann a chur siar.

2.3Maidir le DAC, molann an Coimisiún síneadh trí mhí a chur leis na spriocdhátaí a leagtar síos le DAC2 agus DAC6. Go sonrach, is i ndiaidh an dáta sin a dhéanfar an malartú faisnéise, dá bhforáiltear leis an dá threoir sin, maidir le cuntais atá i seilbh neamhchónaitheoirí agus maidir le socruithe cánach trasteorann. I gcás ina gcuirfí iallach ar na Ballstáit síneadh a chur leis an tréimhse a mbeidh bearta eisceachtúla i bhfeidhm lena linn, molann an Coimisiún go gcuirfear síneadh trí bhíthin gníomh tarmligthe leis na spriocdhátaí arna síneadh leis an bpacáiste reatha.

2.4I ndáil le trasuí an phacáiste maidir leis an gcóras CBL le haghaidh ríomhthráchtála, molann an Coimisiún an teacht i bhfeidhm a chur siar go ceann sé mhí. Tá córas iomlán nua TF ag teastáil don chóras CBL le haghaidh ríomhthráchtála, sa mhéid a bhaineann sé le sásra an Ionaid Ilfhreastail le haghaidh allmhairí.

2.5Tá an tionscnamh ón gCoimisiún i gcomhréir leis na bearta eile a tugadh isteach go nuige seo agus sásaíonn sé na hiarrataí a bhfuil údar iomchuí leo a tháinig ó roinnt de na Ballstáit agus ó ghnólachtaí atá gníomhach san earnáil seachadta poist agus beartán atá ag streachailt de bharr ghéarchéim COVID-19 a seirbhísí a chur in oiriúint don chóras nua CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Tá mórshuaitheadh eacnamaíoch agus sóisialta ann de dheasca ghéarchéim sláinte COVID-19. Bhí ar na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh i líon mór réimsí. Thug córais riaracháin cánach dá n-aire nach mbeidh siad in ann cuid de na rialacha a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse achrannaí seo. Leis an bpacáiste rialála atá molta ag an gCoimisiún, cuirtear síneadh le roinnt de na spriocdhátaí a shonraítear in DAC, mar aon leis an spriocdháta chun an córas CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann a thrasuí. Measann CESE gur gá síneadh a chur leis na spriocdhátaí agus tacaíonn sé leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún.

3.2Is dóigh leis an gCoimisiún go gcaillfidh na Ballstáit ioncam mar thoradh ar na spriocdhátaí a cuireadh siar maidir leis an gcóras CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann. Ar an gcúis sin, molann CESE go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun teacht slán ón ngéarchéim reatha agus filleadh ar an ngnáthshaol a luaithe is féidir.

3.3I bhfianaise na héiginnteachta atá ann maidir le cén uair a rachaidh saol na ndaoine agus gníomhaíochtaí gnó ar ais mar a bhí, aontaíonn CESE go bhféadfaidh an Coimisiún síneadh ar bhonn gníomhartha tarmligthe a chur leis na spriocdhátaí a shonraítear sa phacáiste.

3.4Cuirfidh an Coimisiún an cúnamh teicniúil is gá ar fáil do na Ballstáit chun an córas TF atá ag teastáil don chóras CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann a chur ar bun. Measann CESE nach mór don Choimisiún cúnamh agus oiliúint a chur ar fáil do na baill foirne a oibreoidh an córas nua.

3.5Is é is príomhaidhm do DAC agus do na rialacha maidir leis an gcóras CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann seachaint cánach agus calaois chánach a chomhrac. Aithníonn CESE na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún chun comhrac a chur ar an tsaincheist dhíobhálach sin, ach cuireann sé in iúl nach mbeidh toradh suntasach ann ach amháin má tá comhar níos fearr ann idir na Ballstáit. Spreagann CESE na Ballstáit féachaint chuige an chomhthoil is mó is féidir a bhaint amach a luaithe is féidir ionas go mbeidh feidhm ag na bearta sin gan mhoill.

An Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2020

Luca Jahier
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)       COM(2020) 197 final , Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an bpráinn is gá le teorainneacha áirithe ama a chur siar chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais de dheasca phaindéim COVID-19     COM(2020) 198 final , Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/2445 agus Treoir (AE) 2019/1995 a mhéid a bhaineann leis na dátaí trasuí agus na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19     COM(2020) 201 final , Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19