ECO/512
Sásraí Cánachais chun Astaíochtaí CO2 a laghdú
TUAIRIM
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Sásraí Cánachais chun Astaíochtaí CO2 a laghdú
(tuairim féintionscnaimh)
Rapóirtéir: Krister Andersson
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
20/02/2020
|
|
Bunús dlí
|
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
24/06/2020
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
15/07/2020
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
553
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
209/1/6
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Creideann CESE go bhfuil cúiseanna maithe dlisteanacha ann le rialacha aonfhoirmeacha a bhunú laistigh den Aontas Eorpach chun an téamh domhanda a chomhrac agus gur féidir, ar bhonn na gcúiseanna sin, dul i mbun plé idirnáisiúnta le bloic thrádála eile.
1.2Díríodh sa phlé a rinneadh go dtí seo ar rialacháin agus ar chánacha comhshaoil, go háirithe ar chánacha chun astaíochtaí a laghdú. Áitíonn CESE gur gá aghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda ar bhealach domhanda cuimsitheach siméadrach, agus an leibhéal CO2 san atmaisféar á chur san áireamh.
1.3San obair atá déanta aige chun leibhéal an charbóin a laghdú, tá aird dírithe ag an gCoimisiún ar an gcóras trádála astaíochtaí (ETS). Measann CESE go bhféadfadh sé a bheith úsáideach agus riachtanach amach anseo bearta nua cánachais a cheapadh lena bhféadfaí an leagan reatha de ETS agus cánacha carbóin na mBallstát a fhorlíonadh d’fhonn creat beartais éifeachtach siméadrach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le leibhéal méadaitheach na n-astaíochtaí CO2.
1.4Tugann CESE moladh do chur chuige an Choimisiúin, ós rud é gur céim mhaith é, is dealraitheach, chun praghsáil carbóin níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm ar fud an gheilleagair. Ba cheart uirlis den sórt sin a chomhordú le hionstraimí breise eile, lena n-áirítear cur chuige nua maidir le cánachas laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais faoi chuimsiú creat beartais comhleanúnach, agus í a chomhordú freisin le huirlisí comhchosúla eile a chuirtear chun feidhme i ndlínsí eile ar fud an domhain.
1.5Molann CESE don Choimisiún Eorpach tabhairt faoi thionscnaimh nithiúla chun cánacha carbóin comhchosúla a bhunú sna Ballstáit d’fhonn comhchuibhiú a dhéanamh ar na hiarrachtaí chun leibhéal CO2 a laghdú go héifeachtach. Ar an gcuid is fearr de, dea-thoradh a bheadh ann dá gcruthófaí dálaí aonfhoirmeacha ar fud mhargadh aonair an Aontais maidir leis na hastaíochtaí/laghduithe ar a ngearrfar cáin, chomh maith le modhanna sonracha cánachais agus rátaí sonracha cánachais ionas go mbeadh an tionchar céanna i ngach cás ar an leibhéal CO2 san atmaisféar.
1.6Creideann CESE gur dócha, fiú amháin nuair a chuirfear na cánacha nua agus na bearta breise chun feidhme, go leanfaidh an téamh domhanda ar aghaidh mura féidir CO2 atá astaithe cheana féin a bhaint as an atmaisféar.
1.7Molann CESE teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin (CCS) agus teicneolaíocht gabhála agus úsáide carbóin (CCU) a fhorbairt, trí infheistíochtaí tiomnaithe, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ós rud é go gcuidíonn siad leis an gcuspóir maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag astaíochtaí CO2 agus, ar bhonn níos ginearálta, ós rud é go gcuidíonn siad le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide araon.
1.8Ba cheart do na Ballstáit go háirithe beartas cuimsitheach siméadrach cánachais maidir leis an gcomhshaol a ghlacadh a fhad a bhaineann le héifeacht CO2 ar an téamh domhanda. Is gá cánacha ar rátaí deimhneacha agus diúltacha araon a thabhairt isteach. Ba cheart an t-ioncam a bhailítear ó chánacha CO2 a úsáid chun dreasachtaí a mhaoiniú le haghaidh teicnící laghdaithe CO2 ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
1.9Tarraingíonn CESE aird ar ionstraimí beartais eile lenar féidir astaíochtaí CO2 a laghdú. Áirítear orthu sin teicneolaíochtaí nua agus cleachtais bainistithe talún ar cheart iad a spreagadh agus tacú leo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Thar aon rud eile, baineann foraoisí dé-ocsaíd charbóin as an atmaisféar go nádúrtha, agus tá crainn sármhaith chun carbón a bhaintear as an atmaisféar de thoradh fótaisintéise a stóráil. Trí chur lena bhfuil d’fhoraoisí ann, agus iad a athshlánú agus a bhainistiú i gceart, is féidir leas a bhaint as cumhacht na fótaisintéise chun astaíochtaí CO2 a laghdú.
1.10Cé go ngearrtar cáin ar dhíol táirgí foraoise mar fhoinse ioncaim don úinéir, ba cheart a aithint go laghdaíonn plandáil crann agus fás foraoisí an leibhéal CO2 san atmaisféar agus gur cheart, dá bhrí sin, de thoradh cur chuige siméadrach cánach i leith an téimh dhomhanda, na cleachtais sin a spreagadh le cáin dhiúltach ar astaíochtaí CO2. Beart tábhachtach a bheadh ann chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach.
1.11Ba mhaith le CESE béim a leagan ar an ngá atá le bearta éifeachtúla a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh inghlactha go sóisialta do chách.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Is cúis imní do chách an téamh domhanda agus tá modhanna éifeachtúla á lorg ag rialtais chun teorainn a chur leis an méadú ar an teocht dhomhanda. Cuireann roinnt tosca leis an téamh domhanda ach ceann de na cúiseanna is mó atá leis is ea astú dé-ocsaíde carbóin (CO2).
2.2Is é CO2 an gás ceaptha teasa is minice a tháirgtear trí ghníomhaíochtaí an duine, agus is é is bun le 64 % den téamh domhanda ar de dhéantús an duine é. Tháinig méadú suntasach le dhá scór bliain nó mar sin ar an tiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar agus tá sé 40 % níos airde faoi láthair ná mar a bhí nuair a cuireadh tús le ré na tionsclaíochta.
2.3Tá méadú 0.9 céim Celsius tagtha ar mheánteocht dhromchla an domhain ó dheireadh an 19ú haois. Is éard is cúis leis an athrú sin an méadú atá tagtha ar mhéid na dé-ocsaíde carbóin agus astuithe eile ar de dhéantús an duine iad a astaítear san atmaisféar, agus dar le go leor taighdeoirí sin é is bun leis an meadú foriomlán ar an teocht dhomhanda.
2.4Tá gníomhaíochtaí an duine ag cur athrú ar an timthriall carbóin trí níos mó CO2 a chur san atmaisféar – rud a fhágann nach amhainn do linnte nádúrtha, amhail foraoisí, CO2 a bhaint as an atmaisféar chomh maith is a dhéanaidís – agus ag cur isteach ar chumas ithreacha carbón a stóráil. Is é dóchán breoslaí iontaise (gual, gás nádúrtha agus ola) i réimsí an fhuinnimh agus an iompair an phríomhghníomhaíocht dhaonna lena ngintear CO2. Tá seo chun tosaigh ar ghníomhaíochtaí eile a mbíonn an éifeacht chéanna acu freisin, mar atá, próisis tionsclaíochta agus cleachtais talamhúsáide áirithe.
2.5Faoi láthair, is í an Áise an t-astaíre réigiúnach is mó ar domhan ós í is cúis le 53 % d’astaíochtaí an domhain uile. Is í an tSín féin is cúis le 10 mbilliún tona (breis agus aon cheathrú den iomlán domhanda), agus is í Meiriceá Thuaidh an dara hastaíre is mó (is í is cúis le 18 % de na hastaíochtaí domhanda), agus an Eoraip sa tríú háit (17 %), cé go bhfuil sí ag bordáil ar Mheiriceá.
2.6De réir a chéile tá ardú feasachta maidir le tionchar na n-astaíochtaí CO2 ar theocht an domhain agus ar an athrú aeráide le sonrú i dtuairim an phobail agus i dtuairim na sochaí shibhialta, agus is amhlaidh sin freisin do pháirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
2.7Ó thaobh an Choimisiúin Eorpaigh de, ba mhórthosaíocht ar a chlár oibre polaitiúil tionscnaimh nithiúla a cheapadh lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, e.g. an Comhaontú Glas, sular cuireadh iallach air díriú ar éigeandáil COVID-19 i míonna tosaigh 2020.
2.8Is bunchloch de chlár oibre polaitiúil an Choimisiúin Eorpaigh nua é an Comhaontú Glas. Is éard is aidhm dó freagairt éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin leanúnacha don chomhshaol agus is straitéis fáis é atá dírithe ar ghlanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050.
2.9Clúdaítear sa Chomhaontú Glas mórearnálacha an gheilleagair Eorpaigh, lena n-áirítear earnálacha an iompair, an fhuinnimh, na talmhaíochta, na bhfoirgneamh, agus tionscail shonracha amhail cruach, stroighin, TFC, teicstílí agus ceimiceáin. Tá an Coimisiún ag obair ar an gcéad “Dlí Aeráide Eorpach” agus ar straitéisí agus infheistíochtaí breise sonracha atá dírithe ar an bhfás glas eacnamaíoch a chothú. Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis an gCiste um Aistriú Cóir, b’fhéidir gur ghá tuilleadh acmhainní a chur i leataobh dó.
3.Ionstraimí beartais a d’fhéadfaí a úsáid chun astaíochtaí CO2 a laghdú
3.1Is iomaí gníomhaíocht atá ann as a leanann truailliú a dhéanann difear do ghníomhaithe eile sa gheilleagar. Tá seans ann nach gcuirfear na héifeachtaí sin san áireamh agus cinntí á ndéanamh tabhairt faoi ghníomhaíocht den sórt sin. Dá bhrí sin, tugtar faoi ghníomhaíocht gan na seachtrachtaí a leanann í a chur san áireamh. Lena rá ar bhealach eile, ní chuirtear san áireamh an fíorchostas sóisialta a ghabhann leis an ngníomhaíocht i gceist. Is den tábhacht an costas sóisialta a ghabhann le truailliú a chur san áireamh nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh. Chuige sin is féidir cáin a ghearradh ar an ngníomhaíocht féin. Déanfar an tseachtracht a inmheánú ina dhiaidh sin sa chinneadh agus laghdófar an truailliú de réir na gcostas a chruthófar dá barr.
3.2D’fhéadfadh sé, áfach, go dtiocfadh laghdú ar na leibhéil fhoriomlána truailliúcháin de thoradh gníomhaíochta, rud a chruthódh seachtracht dhearfach. Ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a dhreasú i dtreo is go méadófar iad chomh mór sin go gcúitítear na sochair go hiomlán. Chuige sin is féidir fóirdheontas a chur ar fáil nó cáin dhiúltach a ghearradh.
3.3Ós rud é go mbíonn tionchar ag astaíochtaí CO2 ar an domhan uile, ba cheart an praghas a bheadh le híoc as truailliú a dhéanamh a bheith mar an gcéanna i ngach áit i gcás éifeachtaí diúltacha coibhéiseacha. Ní féidir an cháin a ghearradh ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll sin. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige domhanda.
3.4Tá sé deacair, áfach, measúnú a dhéanamh ar an méid CO2 a chruthaítear de bharr gach gníomhaíochta agus níl aon mhargadh domhanda ann inar féidir cáin aonfhoirmeach a ghearradh ar ghníomhaíochtaí lena gcruthaítear astaíochtaí CO2. Ar an ábhar sin, b’éigean do thíortha éagsúla dul i muinín bearta treallacha éagsúla. Is den tábhacht na bearta a rinneadh a leathnú chun gur féidir iad a chur i bhfeidhm i réigiúin níos fairsinge agus gníomhaíochtaí níos truaillithí a chur san áireamh.
3.5Creideann CESE go bhfuil cúiseanna maithe dlisteanacha ann le rialacha aonfhoirmeacha a bhunú laistigh den Aontas Eorpach agus gur féidir, ar bhonn na gcúiseanna sin, dul i mbun plé idirnáisiúnta le bloic thrádála eile.
3.6Slí amháin inar féidir freastal ar an ngá atá le praghas aonfhoirmeach a ghearradh in aghaidh an tona CO2 a astaítear is ea ceadanna trádála a úsáid san Aontas agus in áiteanna eile.
3.7Díríodh sa phlé a rinneadh go dtí seo, áfach, ar rialacháin agus ar chánacha comhshaoil, go háirithe ar chánacha chun astaíochtaí a laghdú. Áitíonn CESE gur gá aghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda ar bhealach cuimsitheach siméadrach, agus an leibhéal CO2 atá san atmaisféar faoi láthair á chur san áireamh.
3.8Ós rud é gur féidir dul i ngleic leis an téamh domhanda trí laghdú a dhéanamh ar an leibhéal CO2 san atmaisféar, luíonn sé le ciall, dá réir sin, astaíochtaí CO2 a laghdú méid áirithe nó oiread céanna CO2 a bhaint as an atmaisféar. Dá bhrí sin, má táthar chun cur leis an leibhéal CO2 san atmaisféar nó baint de, ba cheart an dá ní sin a dhéanamh ar bhealach siméadrach. Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh costas breise (cáin bhreise) le híoc nuair a chuirtear CO2 san atmaisféar (truailliú) agus gur cheart fóirdheontas a thabhairt (cáin dhiúltach a ghearradh) i gcás gníomhaíochtaí lena laghdaítear an leibhéal CO2.
3.9Go dtí seo, áfach, díríodh go huile is go hiomlán, geall leis, ar astaíochtaí breise a chosc. Fiú amháin nuair a chuirfear na cánacha nua agus na bearta breise chun feidhme, is dócha go leanfaidh an téamh domhanda ar aghaidh mura féidir CO2 atá astaithe cheana féin a bhaint as an atmaisféar. Creideann CESE, dá bhrí sin, gur cheart do na Ballstáit bearta siméadracha a thabhairt isteach.
3.10Is éard is cuspóir le cáin a ghearradh ar astaíochtaí carbóin agus le cáin dhiúltach a ghearradh i gcás laghdú ar astaíochtaí CO2 san atmaisféar ná go mbeadh dea-thionchar acu ar iompraíocht agus go ndéanfaidís seachtracht an téimh dhomhanda a inmheánú. Beidh tionchar ag an gcáin/ag an bhfóirdheontas, áfach, ar an táirgeacht agus ar dheiseanna fostaíochta i ngach earnáil den gheilleagar. I bprionsabal, ní gá go mbeadh an ráta cánach deimhneach agus an ráta cánach diúltach ar cóimhéid le chéile.
3.11Tá sé thar a bheith tábhachtach comhchuibhiú a dhéanamh ar na dreasachtaí éagsúla atá dírithe ar infheistíocht inbhuanaithe a spreagadh, ar choinníoll go gcuirfear na seachtrachtaí dearfacha lena mbaineann san áireamh. Ba cheart modheolaíocht chomhchuibhithe le haghaidh innéacsanna astaíochtaí ísealcharbóin a úsáid mar threoir chun na héifeachtaí eile a ríomh.
3.12Ionas go mbeidh an t-aistriú go geilleagar saor ó charbón níos láidre ó thaobh an gheilleagair de agus níos inchreidte go polaitiúil, ba cheart beart a dhéanamh a luaithe is féidir chun na fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha a thugtar d’earnáil na mbreoslaí iontaise a laghdú, ós rud é go leanann costais mhóra chomhshaoil iad.
3.13Ós rud é go bhfuil riachtanas ollmhór airgeadais ag roinnt leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus go bhfuil acmhainní coiteanna buiséadacha an Aontais teoranta cuid mhaith, tá ról mór ag an earnáil phríobháideach ina leith sin. Ní mór an méid sin a chur san áireamh in aon chomhaontú a dhéantar maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Is éard is príomhfheidhm do na cánacha a ghearrtar ar astaíochtaí CO2, áfach, iompar teaghlach, gnólachtaí agus eintiteas poiblí a athrú agus ní ceart dóibh feidhmiú sa chéad áit mar fhoinse ioncaim. Ba mhaith le CESE béim a leagan ar an ngá atá le bearta éifeachtúla a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh inghlactha go sóisialta do chách.
4.Córas trádála astaíochtaí
4.1Ionstraim bheartais lena bhféadfaí astaíochtaí CO2 a laghdú is ea córas trádála astaíochtaí an Aontais (ETS). Tá an córas sin bunaithe ar phrionsabal “teorannaithe agus trádála”. De réir an phrionsabail sin, leagtar síos uasteorainn ar mhéid foriomlán gás ceaptha teasa áirithe is féidir le suiteálacha atá faoi réir an chórais a astú. Laghdaítear an uasteorainn sin le himeacht ama, rud a fhágann go dtagann laghdú ar mhéid iomlán na n-astaíochtaí. Ag feidhmiú dóibh laistigh de na teorainneacha sin, is féidir le cuideachtaí atá faoi réir an chórais lamháltais astaíochtaí a fháil nó a cheannach, ar lamháltais iad atá intrádála nuair is gá.
4.2De réir na Teachtaireachta maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip – COM(2019) 640 – i dtreo is gur féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar roinnt ionstraimí beartais ábhartha a bhaineann leis an aeráid faoi mhí an Mheithimh 2021. Cuimseofar leis sin an leagan reatha de ETS, ina ndéanfar an córas reatha a chur i bhfeidhm in earnálacha nua, b’fhéidir, chomh maith le hidirghabhálacha breise maidir leis an méid seo a leanas: (i) spriocanna na mBallstát maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnálacha nach bhfuil faoi réir ETS; (ii) an rialachán maidir le talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht.
4.3Tugann CESE moladh do chur chuige an Choimisiúin, ós rud é gur céim mhaith é, is dealraitheach, chun praghsáil carbóin níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm ar fud an gheilleagair. Ba cheart uirlis den sórt sin a chomhordú le hionstraimí breise eile, lena n-áirítear cur chuige nua maidir le cánachas laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais faoi chuimsiú creat beartais comhleanúnach, agus í a chomhordú freisin le huirlisí comhchosúla eile a chuirtear chun feidhme i ndlínsí eile ar fud an domhain.
4.4Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá méadú tagtha ar líon na gcóras trádála astaíochtaí atá le fáil ar fud an domhain. Chomh maith le córas trádála astaíochtaí an Aontais (EU ETS), tá córais náisiúnta nó fhonáisiúnta i bhfeidhm cheana féin nó tá siad á bhforbairt i gCeanada, sa tSín, sa tSeapáin, sa Nua-Shéalainn, sa Chóiré Theas, san Eilvéis agus sna Stáit Aontaithe.
4.5Is díol sásaimh do CESE na tionscnaimh réigiúnacha sin atá dírithe ar laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus, dar leis, is céimeanna riachtanacha iad chun déileáil go héifeachtach leis an athrú aeráide a eascraíonn as astaíochtaí CO2. I ndáil leis an méid sin, molann CESE don Choimisiún Eorpach leanúint de na hiarrachtaí atá ar siúl aige, agus iad a fheabhsú, chun go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta sa réimse sin.
5.Cánacha ar astaíochtaí carbóin
5.1Ionstraim bheartais eile ab fhéidir a úsáid ná cánacha ar astaíochtaí carbóin. Laghdaíonn siad astaíochtaí ar dhá bhealach phríomha: (i) an costas a bhaineann le breoslaí agus leictreachas atá bunaithe ar charbón a mhéadú; (ii) cuideachtaí a spreagadh, dá thoradh sin, aistriú go fuinneamh glan, mar shampla, hidreafhuinneamh, fuinneamh gréine, nó fuinneamh gaoithe.
5.2Ach iad a cheapadh i gceart, beidh na cánacha ar astaíochtaí CO2 i gcomhréir leis “an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”, rud a fhágann gurb é údar an truaillithe a sheasfadh costas na mbeart atá dírithe ar an truailliú a laghdú i gcomhréir le méid an damáiste a dhéanfaí don tsochaí, mar a luaitear i nDearbhú Rio (1992) na Náisiún Aontaithe agus i dTreoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas
.
5.3San obair atá déanta aige chun leibhéal an charbóin a laghdú, tá aird dírithe ag an gCoimisiún ar ETS. Measann CESE go bhféadfadh sé a bheith úsáideach agus riachtanach amach anseo bearta nua cánachais a cheapadh lena bhféadfaí an leagan reatha de ETS agus cánacha carbóin na mBallstát a fhorlíonadh d’fhonn creat beartais éifeachtach siméadrach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le leibhéal méadaitheach na n-astaíochtaí CO2. Tá tábhacht thar meán ag baint le comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar siúl ar an leibhéal domhanda, mar atá mínithe go cuí ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).
5.4San Eoraip, d’fhorchuir roinnt tíortha cánacha fuinnimh, nó cánacha fuinnimh atá bunaithe go páirteach ar chion carbóin. Orthu sin tá an tSualainn, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ísiltír, an Iorua, an tSlóivéin, an Eilvéis, agus an Ríocht Aontaithe.
5.5Toibhíonn an tSualainn an ráta cánach carbóin is airde, mar atá EUR 112.08 in aghaidh an tona i gcás astaíochtaí carbóin, rud a d’fhág laghdú 23 % ar a cuid astaíochtaí le 25 bliana anuas. Cuireadh tús sa tSualainn le cáin a ghearradh ar charbón in 1991 ar ráta a fhreagraíonn do SEK 250 (EUR 23) in aghaidh an tona de dhé-ocsaíd charbóin iontaise a astaítear, agus méadaíodh í de réir a chéile go SEK 1 190 (EUR 110) in 2020; is bunchloch fós í i mbeartas aeráide na Sualainne.
5.6Le cáin charbóin na Sualainne cuireadh dreasachtaí ar fáil chun tomhaltas fuinnimh a laghdú, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus cur le húsáid roghanna malartacha fuinnimh in-athnuaite. Tríd an leibhéal cánach a mhéadú de réir a chéile, fuair na páirtithe leasmhara am iad féin a chur in oiriúint, rud a chiallaigh gur mó an glacadh polaitiúil a bhí leis na méaduithe ar cháin le himeacht ama.
5.7Tríd is tríd, léiríonn taithí na Sualainne gur féidir astaíochtaí a laghdú, fiú más gá athrú nach beag a chur ar an ngeilleagar chuige sin. Le linn na tréimhse 1990-2017, tháinig méadú 78 % ar an olltáirgeacht intíre, agus tháinig laghdú 26 % ar astaíochtaí intíre gás ceaptha teasa san am céanna, rud a d’fhág an tSualainn san ochtú háit ar an Innéacs Iomaíochais Dhomhanda.
5.8In 1990, thug an Fhionlainn cáin charbóin isteach agus ba í an chéad tír ar domhan a rinne amhlaidh. Ar dtús, ba ar an gcion carbóin a bhain le giniúint teasa agus leictreachais, agus air sin amháin, a bhí an cháin bunaithe. Leathnaíodh í ina dhiaidh sin ionas go bhféadfaí cáin a ghearradh ar charbón agus ar fhuinneamh agus chun breoslaí iompair a chur san áireamh freisin.
5.9Thug an Danmhairg cáin charbóin isteach in 1992 lenar cumhdaíodh tomhaltas uile na mbreoslaí iontaise (gás nádúrtha, amhola agus gual). San Iorua, cumhdaítear suas le 55 % de na hastaíochtaí uile leis an gcáin charbóin; cumhdaítear an chuid eile de na hastaíochtaí leis an gcóras náisiúnta trádála astaíochtaí atá aici.
5.10Molann CESE don Choimisiún Eorpach tabhairt faoi thionscnaimh nithiúla chun cánacha carbóin comhchosúla a bhunú sna Ballstáit d’fhonn comhchuibhiú a dhéanamh ar na hiarrachtaí chun leibhéal CO2 a laghdú go héifeachtach. Ar an gcuid is fearr de, dea-thoradh a bheadh ann dá gcruthófaí dálaí aonfhoirmeacha ar fud mhargadh aonair an Aontais maidir leis na hastaíochtaí/laghduithe ar a ngearrfar cáin, chomh maith le modhanna sonracha cánachais agus rátaí sonracha cánachais ionas go mbeadh an tionchar céanna i ngach cás ar an leibhéal CO2 san atmaisféar. D’fhéadfadh sé gur ghá roinnt ama, áfach, chun an toradh sin a bhaint amach i bhfianaise na riachtanas sonrach atá ag gach tír faoi leith.
5.11Ba cheart leas a bhaint sna Ballstáit uile as cánacha comhchosúla ar astaíochtaí CO2, rud a thabharfadh ar a gcomhpháirtithe trádála bearta comhchosúla a dhéanamh agus a d’fhágfadh an cleachtas níos forleithne ar an leibhéal domhanda, agus rud a d’áiritheodh nach mbeadh srian rómhór ar iomaíochas na hEorpa. Tá gá le réiteach domhanda chun nach gcaithfear rialacha casta cúitimh a chur i bhfeidhm.
5.12Ina cheann sin, má leagtar síos i gceart iad, d’fhéadfadh na cánacha sin cur leis an bhfás eacnamaíoch trí infheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí nua a chruthú, i measc nithe eile. Is fíor sin go háirithe i gcás forbairt teicneolaíochtaí atá dírithe ar na leibhéil CO2 atá san atmaisféar cheana a laghdú.
6.Teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin agus teicneolaíocht gabhála agus úsáide carbóin
6.1Ionstraim bheartais eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach ná leas a bhaint as teicnící lena laghdaítear na leibhéil CO2 atá san atmaisféar cheana. Is dócha go mbeidh gá le teicnící den sórt sin de bhreis ar ETS agus ar na cánacha ar astaíochtaí CO2. Tá gá le cur chuige siméadrach. Maidir le srian a chur leis an téamh domhanda, tá an tairbhe chéanna ag baint le gníomhaíochtaí lena laghdaítear an leibhéal CO2 san atmaisféar agus atá ag baint le laghdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lena n-astaítear CO2.
6.2Is iad an dá phríomhtheicneolaíocht atá dírithe ar leibhéil CO2 a laghdú ná teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin (CCS) agus teicneolaíocht gabhála agus úsáide carbóin (CCU). Leis an dá theicneolaíocht seo is féidir CO2 a bhaint as an atmaisféar, an CO2 a chomhbhrú agus é a iompar go dtí suíomh stórála. Tá acmhainneacht nach beag ag na teicneolaíochtaí seo an t-athrú aeráide a mhaolú. Tá teicneolaíochtaí eile ann freisin agus táthar ag súil go ndéanfar a lán eile díobh a fhorbairt sna blianta beaga atá amach romhainn.
6.3Difríonn teicneolaíochtaí CCS agus CCU le chéile a fhad a bhaineann le ceann scríbe an CO2 a ghabhtar. I gcás teicneolaíocht CCS, aistrítear an CO2 a ghabhtar go suíomh atá oiriúnach le haghaidh stóráil fhadtéarmach, agus i gcás teicneolaíocht CCU déantar táirgí tráchtála den CO2 a ghabhtar.
6.4Tagraíonn CCU do ghabháil agus úsáid CO2 mar amhábhar i dtáirgeadh mianraí, bloc tógála ceimiceán, breoslaí sintéiseacha agus ábhar tógála. Is féidir é a úsáid chun srian a chur le hastaíochtaí CO2 trí CO2 a athchúrsáil i bhfoirm táirgí agus é a fhorlámhú go buan in ábhair thógála amhail coincréit, chomh maith le CO2 a athchúrsáil trí bhíthin aerghabháil dhíreach. Le teicneolaíocht CCU, tá roghanna stórála leictreachais ann freisin trí mheatán sintéiseach a tháirgeadh.
6.5Tá creat rialála curtha ar bun ag an Aontas chun an teicneolaíocht nua sin a thráchtálú agus a fhóirdheonú, cé gur fachtóir díobhálach nach beag fós an costas a bhaineann le gabháil agus stóráil. Faoi láthair, is í an ghabháil an chuid is costasaí den phróiseas.
6.6Sa lá atá inniu, tá na saoráidí CCS agus CCU is mó dá bhfuil ann le fáil sna Stáit Aontaithe.
6.7San Eoraip, tá teicnící CCS agus CCU in úsáid san Iorua ó 1996 i leith. Gabhadh agus stóráladh na milliúin tonaí CO2 in aghaidh na bliana ó tháirgeadh gáis nádúrtha i roinnt saoráidí tiomnaithe i suíomhanna iomchuí; sin é an taithí is rathúla a fuarthas san Eoraip go dtí seo ó thaobh leas a bhaint as CCS. Le blianta beaga anuas, forbraíodh cineálacha nua de theicneolaíochtaí CCS agus CCU sa tSualainn, san Ísiltír, sa Bheilg, sa Fhrainc agus in Éirinn.
6.8Molann CESE teicneolaíocht CCS agus teicneolaíocht CCU a fhorbairt, trí infheistíochtaí tiomnaithe, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ós rud é go gcuidíonn siad leis an gcuspóir maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag astaíochtaí CO2 agus, ar bhonn níos ginearálta, ós rud é go gcuidíonn siad le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide araon.
6.9Má táthar chun an téamh domhanda a laghdú ar bhealach éifeachtúil agus costéifeachtach, ní mór teicneolaíochtaí CCS agus CCU a chur chun cinn. Go háirithe, ba cheart ról ríthábhachtach a bheith ag na buiséid náisiúnta maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as teicneolaíochtaí den sórt sin, trí infheistíochtaí poiblí a chur chun cinn chomh maith le dreasachtaí cánach. I ndáil leis sin, tá an Coimisiún Eorpach ag cuimhneamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte ábhartha maidir le státchabhair, lena n-áirítear na treoirlínte comhshaoil agus fuinnimh, a leasófar faoi 2021 i dtreo is go mbeidh tuilleadh solúbthachta ag na Ballstáit.
6.10Ba cheart do na Ballstáit go háirithe beartas cuimsitheach siméadrach cánachais maidir leis an gcomhshaol a ghlacadh a fhad a bhaineann le héifeacht CO2 ar an téamh domhanda. Is gá cánacha ar rátaí deimhneacha agus diúltacha araon a thabhairt isteach. B’fhearr dá bhféadfaí an t-ioncam a bhailítear ó chánacha CO2 a úsáid chun dreasachtaí a mhaoiniú le haghaidh teicnící laghdaithe CO2.
6.11D’fhéadfaí cistí Eorpacha atá tiomnaithe do thaighde i réimse na dteicneolaíochtaí CCS agus CCU a threisiú ó thaobh airgeadais de agus a dhíriú go straitéiseach chun torthaí nithiúla níos fearr a bhaint amach i gcás acmhainneacht gabhála CO2 agus roghanna stórála eile.
6.12Níor cheart beag is fiú a dhéanamh de ról na rialacha soláthair phoiblí. Ba cheart do na rialtais náisiúnta agus na húdaráis riaracháin phoiblí áitiúla na cuspóirí glasa agus na huirlisí sonracha comhshaoil a chumhdaítear i
dTreoir°2014/24/AE
,
Treoir 2014/25/EU/AE
agus
Treoir 2014/23/AE
maidir le soláthar poiblí agus lamháltais a shaothrú a thuilleadh agus ar bhealach níos fearr. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí infheistíochtaí náisiúnta agus caiteachas poiblí, ar thaobh amháin, a chur ag obair i sineirgíocht leis na bearta atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ar an taobh eile.
7.Uirlisí breise chun astaíochtaí a laghdú
7.1Ar deireadh, tarraingíonn CESE aird ar ionstraimí beartais eile lenar féidir astaíochtaí CO2 a laghdú. Áirítear orthu sin teicneolaíochtaí nua agus cleachtais bainistithe talún ar cheart iad a spreagadh agus tacú leo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Thar aon rud eile, baineann foraoisí dé-ocsaíd charbóin as an atmaisféar go nádúrtha, agus tá crainn sármhaith chun carbón a bhaintear as an atmaisféar de thoradh fótaisintéise a stóráil. Trí chur lena bhfuil d’fhoraoisí ann, agus iad a athshlánú agus a bhainistiú i gceart, is féidir leas a bhaint as cumhacht na fótaisintéise chun astaíochtaí CO2 a laghdú.
7.2Cé go ngearrtar cáin ar dhíol táirgí foraoise mar fhoinse ioncaim don úinéir, ba cheart a aithint go laghdaíonn plandáil crann agus fás foraoisí an leibhéal CO2 san atmaisféar agus gur cheart, dá bhrí sin, de thoradh cur chuige siméadrach cánach i leith an téimh dhomhanda, na cleachtais sin a spreagadh le cáin dhiúltach ar astaíochtaí CO2. Beart tábhachtach a bheadh ann chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach.
7.3Anuas air sin, stórálann ithreacha carbón go nádúrtha. Faoin leagan deireanach den chomhbheartas talmhaíochta, tugadh isteach roinnt beart maidir le glasú arb é is aidhm dóibh cur leis an méid a chuireann talmhaíocht na hEorpa leis an bhfás glas san Eoraip. Ba cheart bearta den sórt sin a spreagadh sa mhéid go mbíonn siad comhoiriúnach don ghá méadaitheach a bhaineann le táirgeadh bia agus comhoiriúnach do chomhlíonadh na gcuspóirí comhshaoil. D’fhéadfadh breis deiseanna a bheith i gceist leis an ngeilleagar ciorclach freisin ó thaobh cuspóirí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach.
An Bhruiséil, an 15 Iúil 2020
Luca JAHIER
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
____________