GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Teideal an tionscnaimh

Leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach san éifeachtúlacht fuinnimh – treoir do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh

Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach

ENER.B2

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Moladh ón gCoimisiún le hiarscríbhinn mhionsonraithe

Amchlár táscach

R3 2024

Faisnéis Bhreise

Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh (Europa.eu)

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Tá an éifeachtúlacht fuinnimh ríthábhachtach chun dícharbónú iomlán an Aontais a bhaint amach faoi 2050, agus feabhas á chur ar iomaíochas gheilleagar na hEorpa, agus slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh á neartú san am céanna. Mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus den Phlean ‘REPowerEU’, glacadh Treoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú EED) i mí Mheán Fómhair 2023 agus foilsíodh í san Iris Oifigiúil i mí Mheán Fómhair 2023. Tháinig sí i bhfeidhm an 10 Deireadh Fómhair 2023. Is é athmhúnlú EED bunchloch an bheartais Eorpaigh maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, lena leagtar síos na rialacha, na hoibleagáidí agus na huirlisí beartais chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 de chuid an Aontais a bhaint amach.

Tá sé ríthábhachtach infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú trí bhearta tiomnaithe beartais agus maoinithe chun tacú leis na Ballstáit spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus an colún maidir le coigilteas fuinnimh sa Phlean ‘REPowerEU’ a bhaint amach. Trí thacú le slógadh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, beifear in ann aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar bhealach costéifeachtúil, agus iomaíochas agus inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais á n‑áirithiú, slándáil an tsoláthair an Aontais á neartú agus feabhas á chur ar athléimneacht an mhargaidh fuinnimh san am céanna.

In athmhúnlú EED a glacadh le déanaí, le hAirteagal 30 neartaítear an creat dlíthiúil agus beartais chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh. Is é is aidhm d’Airteagal 30 costéifeachtacht na tacaíochta buiséadaí poiblí agus slógadh infheistíochtaí príobháideacha i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú. Ós rud é nach leor maoiniú poiblí ann féin, lena n‑áirítear cistiú ón Aontas, chun na riachtanais infheistíochta is gá i dtreo 2030 agus na spriocanna coigiltis fuinnimh in REPowerEU a bhaint amach, ní mór cuid mhaith den tacaíocht airgeadais a shlógadh ón earnáil phríobháideach. Mar sin de, aithnítear in Airteagal 30 an gá le feidhm a bhaint as tacaíocht airgeadais agus theicniúil leordhóthanach le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais spriocdhírithe a fhorbairt lena mbeifear in ann infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh agus sásraí maoinithe nuálacha agus táirgí airgeadais príobháideacha le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn. Thairis sin, leagtar síos ann an bonn le haghaidh tuilleadh oibre chun infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh a dhreasú, lena gcuirtear i dtábhacht an comhar idir an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathmhúnlú EED (SWD(2021) 623 final), tugtar le fios go bhfuil an éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na bearnaí infheistíochta is mó san Eoraip, agus measadh sa mheasúnú tionchair sin go mbeidh infheistíochtaí breise ar fiú EUR 165 bhilliún in aghaidh na bliana iad ag teastáil faoi 2030 chun na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. I bhfianaise na spriocanna níos uaillmhianaí a comhaontaíodh faoi athmhúnlú EED, ba ghá an figiúr sin a ardú. Maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh go sonrach, sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathmhúnlú na Treorach i dtaca le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (SWD (2021) 453 final), tugtar le fios go bhfuil infheistíochtaí breise ar fiú os cionn EUR 100 billiún in aghaidh na bliana iad ag teastáil chun cuspóirí beartais an Aontais i dtéarmaí athchóirithe foirgneamh a bhaint amach.

Sa chomhthéacs sin, tá gá le méid na n‑infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú mar gheall nach bhfuil - agus nach meastar go mbeidh - na cistí atá ar fáil go poiblí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon leordhóthanach. Chun tuilleadh infheistíochta príobháidí i dtreo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a ghiaráil, ní mór deireadh a chur le bacainní margaidh atá ann cheana (bacainní eacnamaíocha, airgeadais / iompraíochta, oibríochtúla / comhthéacsúla, teicneolaíochta / tomhais agus fíoruithe / rialála agus riaracháin etc.), agus ní mór réitigh mhaoiniúcháin nuálacha leordhóthanacha a fhorbairt san am céanna.

Mar chuid d’Airteagal 30 d’athmhúnlú EED, le mír 10 ceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach treoir a chur ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe margaidh maidir le leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha faoin 31 Nollaig 2024. De réir Airteagal 30, mír 10, is é an cuspóir a bheidh ag an Treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe margaidh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh sí sásraí airgeadais leordhóthanacha agus réitigh mhaoiniúcháin nuálacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscnaimh atá ann cheana a mhéadú agus cláir an Aontais a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.

Thairis sin, le mír 3 d’Airteagal 30 de EED, ceanglaítear ar an Treoir ón gCoimisiún maidir le leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha aghaidh a thabhairt freisin ar bhearta féideartha a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur chun feidhme chun cur chun feidhme scéimeanna maoiniúcháin nuálacha a éascú - scéimeanna tríd an gcáin, scéimeanna tríd an mbille agus scéimeanna maoiniúcháin tríú páirtí - chomh maith le bearta chun táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, leis an Treoir ón gCoimisiún le haghaidh na mBallstát agus gníomhaithe margaidh maidir le conas leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh, tá sé beartaithe tacú le slógadh na n‑infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus le baint amach spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus na gcuspóirí gaolmhara.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

An Bunús dlí

Treoir (AE) 2023/1791 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, Airteagal 30 (10)

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Leis an tionscnamh, cuirtear chun feidhme ceanglas dlíthiúil ar an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 30(10) d’athmhúnlú EED (2023/1791) treoir a chur ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe margaidh maidir le leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh faoin 31 Nollaig 2024. 

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Leis an Treoir, tacófar leis na Ballstáit agus le gníomhaithe margaidh a gcuid infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear sna cláir éagsúla de chuid an Aontais. Déanfar moladh inti maidir le sásraí airgeadais leordhóthanacha agus réitigh mhaoiniúcháin nuálacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh forbartha tionscadal, chun tionscnaimh atá ann cheana a mhéadú agus cláir an Aontais a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil.

Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhacainní sainaitheanta ar an rochtain ar mhaoiniú príobháideach le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh, agus ar bhacainní ar an maoiniú sin a ghníomhachtú, chun tuilleadh feabhais a chur ar mhaoiniú na héifeachtúlachta fuinnimh. Ar na príomhbhacainní tá na bacainní seo a leanas:

-Bacainní eacnamaíocha agus airgeadais (easpa acmhainní airgeadais, easpa dreasachtaí, rioscaí a mheastar a bheith ann, tréimhsí fada aisíoca, costais mhóra idirbheart);

-Bacainní iompraíochta agus oibríochtúla (feasacht theoranta maidir le tairbhí, bearta teoranta faireacháin agus fíoraithe, costais mhóra riaracháin, easpa inniúlachta, scileanna agus litearthachta airgeadais);

-Bacainní comhthéacsúla agus teicneolaíochta (easpa réiteach caighdeánaithe, slabhra soláthair teoranta, easpa saincheaptha);

-Bacainní rialála (bacainní riaracháin atá ann cheana ar réitigh mhaoiniúcháin nuálacha agus mheasctha a rolladh amach).

Cuirfear an Treoir ar fáil i bhfoirm Moladh ón gCoimisiún, agus beidh treoracha mionsonraithe cuimsitheacha san iarscríbhinn. Leis an Moladh ón gCoimisiún agus na treoracha mionsonraithe san iarscríbhinn:

-Tabharfar isteach an forbhreathnú atá ann faoi láthair i dtéarmaí mhaoiniú na héifeachtúlachta fuinnimh.

-Cuirfear i láthair na bacainní agus na spreagthaí maidir le leas a bhaint as infheistíochtaí phríobháideacha,

-Tabharfar tuairisc ar na sásraí airgeadais ábhartha agus ar na réitigh mhaoiniúcháin nuálacha chun infheistíochtaí phríobháideacha a ghiaráil, lena n‑áirítear na dea-chleachtais agus na samhlacha atá ann cheana ó Bhallstát go chéile.

-Cuirfear treoracha nithiúla ar fáil do na Ballstáit maidir le bearta maoinithe agus beartais chun an úsáid is costéifeachtaí a bhaint as tacaíocht airgeadais phoiblí atá ar fáil chun feidhm a bhaint as ionstraimí airgeadais agus scéimeanna maoiniúcháin nuálacha,

-Sainaithneofar na dea-chleachtais agus na sraitheanna uirlisí atá ann cheana le haghaidh gníomhaithe margaidh chun forbairt tionscadail maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus infheistíochtaí a mhéadú;

-Cuirfear ar fáil treoir shonrach chun an éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail chomhtháite fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena dtabharfar aghaidh ar an earnáil phoiblí, ar an earnáil ghnó, agus ar an earnáil chónaithe.

Is é cuspóir ginearálta na Treorach tacú le creat cumasúcháin a bhunú chun an margadh a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh chun rannchuidiú spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 de chuid an Aontais a bhaint amach. I gcomhréir le hathmhúnlú EED, mar chuid den Treoir, meastar go ndíreofar go sonrach ar chur chun feidhme na n‑ionstraimí airgeadais a mhéadú, lena n‑áirítear maoiniú fiachais agus ráthaíochtaí poiblí, agus an fócas ar thacaíocht airgeadais maidir le gníomhaíochtaí FBManna agus athchóiriú téimh agus fuaraithe a mhéadú. Thairis sin, i bhfianaise rannchuidiú ábhartha na n‑athchóirithe foirgneamh chun na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh, na cuspóirí dícharbónaithe agus an uaillmhian neartaithe a cuireadh chun cinn sa Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a bhaint amach, leis an Treoraíocht, cuirfear ar fáil moltaí freisin i dtaca le cur chun feidhme uirlisí maoiniúcháin nuálacha agus ionstraimí airgeadais lena dtabharfar aghaidh ar athchóirithe foirgneamh go sonrach. Ar deireadh, cuirfear treoir ar fáil maidir le réitigh mhaoiniúcháin chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, go háirithe faoi chuimsiú an Chiste Aeráide Shóisialta.

Cuspóir sonrach na Treorach is ea moltaí nithiúla a chur ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe margaidh chun na bacainní sainaitheanta a shárú, trí fheidhm a bhaint as bearta beartais, rialála agus maoiniúcháin a mbíonn tionchar ard acu.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Tar éis ghlacadh na Treorach, bainfidh na Ballstáit agus gníomhaithe margaidh feidhm as bearta chun deireadh a chur le bacainní agus chun glacadh ionstraimí airgeadais agus réiteach maoiniúcháin nuálach a éascú a thuilleadh lena mbeifear in ann leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh, agus é de chuspóir acu spriocanna neartaithe éifeachtúlachta fuinnimh 2030 de chuid an Aontais a bhaint amach.

Ní bheidh na moltaí ceangailteach ó thaobh dlí de. Beidh tionchar na mbeart a dtugtar tuairisc orthu sa Treoir ag brath ar a n‑oiriúnacht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha agus ar na bacainní a bhíonn ag na Ballstáit agus gníomhaithe margaidh, agus ar thoilteanas na n‑údarás náisiúnta réitigh mhaoiniúcháin a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú lena mbeifear in ann infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Neamhbhainteach.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh i leith moltaí ón gCoimisiún lena leagtar amach cur chuige ginearálta beartais, agus nach dtugtar gealltanais iontu maidir le gníomhaíochtaí. Aon togra reachtach a d’fhéadfadh a bheidh ann amach anseo mar obair leantach ar an Treoir seo, beidh sé faoi réir cheanglais thráthrialta bheartas an Choimisiún maidir le ‘rialáil níos fearr’ i dtéarmaí an ghá atá ann measúnú tionchair a dhéanamh.

An straitéis chomhairliúcháin

Is é is aidhm don chomhairliúchán sonraí ábhartha, aiseolas ar bhacainní atá ann cheana agus moltaí a bhailiú chun leas a bhaint as infheistíochtaí phríobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh ó na páirtithe leasmhara agus ó ghníomhaithe margaidh atá gníomhach i réimse an mhaoinithe le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe tionscnóirí agus forbróirí tionscadail, institiúidí airgeadais, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus aon ghníomhaí margaidh ábhartha eile atá gníomhach i réimse an mhaoinithe le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh agus an aistrithe fuinnimh. Is é cuspóir foriomlán na Treorach leas a bhaint as acmhainneacht margaidh inbhuanaithe rathúil le haghaidh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh. Chun é sin a dhéanamh, leis an Treoir, measfar an taithí atá ann cheana maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú, déanfar measúnú ar chosúlachtaí agus cuirfear moltaí nithiúla agus straitéis réamhbhreathnaitheach ar fáil chun cuidiú deireadh a chur le bacainní atá ann cheana.

Páirtithe leasmhara spriocdhírithe is ea inter alia tionscnóirí agus forbróirí tionscadail, ionadaithe na mBallstát, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha, gnólachtaí agus comhlachais ghnó, saoráidí cúnaimh theicniúil agus cleachtóirí ionaid ilfhreastail, airgeadaithe, grúpaí tomhaltóirí, ionadaithe tomhaltóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí oideachais agus institiúidí taighde, agus aon ghníomhaí eile a bhfuil baint acu le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt, a mhaoiniú agus cúnamh a thabhairt dóibh, agus le hinfheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh.

Iarrann an Coimisiún ar fhreagróirí aiseolas a sholáthar maidir le bacainní agus spreagthaí i ndáil le rochtain ar mhaoiniú príobháideach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus gníomhachtú an mhaoinithe sin, moltaí chun na bacainní atá ann cheana a shárú agus leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha, tograí maidir le conas slógadh infheistíochtaí príobháideacha a éascú ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear trí bhearta beartais, maoiniúcháin agus rialála, chomh maith le samplaí de na dea-chleachtais maidir le réitigh mhaoiniúcháin agus bearta chun deireadh a chur le bacainní atá ann cheana. Iarrtar ar fhreagróirí na sonraí tuairiscithe uile a mheasann siad a bheith ábhartha a roinnt, lena n‑áirítear tuarascálacha meastóireachta.

I gcomhréir le beartas an Choimisiúin maidir le ‘Rialáil níos fearr’ chun tionscnaimh a fhorbairt atá bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil, iarrtar freisin ar thaighdeoirí eolaíocha, chomh maith le heagraíochtaí acadúla, sochaithe foghlama agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu i ndáil leis an éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú, taighde, anailísí agus sonraí eolaíocha foilsithe agus réamhchlóite ábhartha a chur isteach. Bheadh fáilte ar leith roimh aighneachtaí lena ndéantar staid reatha an eolais sa réimse ábhartha a shintéisiú.

Tá an ‘glao seo ar fhianaise’ ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontaisar thairseach an Choimisiúin, ‘Cloisimis Uait’. Is féidir freagraí a sholáthar in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais laistigh de 4 seachtain tar éis lá a fhoilsithe. Roinnfear an glao leis an gCoiste um an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus fógrófar é ar leathanach gréasáin AS ENER chomh maith. Mar chuid den straitéis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, eagróidh AS ENER ceardlann ar líne le páirtithe leasmhara Déardaoin an 8 Feabhra 2024. Ullmhófar tuarascáil achoimre laistigh de 8 seachtaine i ndiaidh dhúnadh an ‘ghlao seo ar fhianaise’.