MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022. Tar éis na léargais a fuair seirbhísí an Choimisiúin tríd an measúnú ar Phleananna Straitéiseacha CBT arna dtíolacadh ag na Ballstáit agus ar na leasuithe a rinneadh orthu ina dhiaidh sin, is cosúil go bhfuil gá le roinnt simplithe ar fhorálacha an Rialacháin seo chun cur chun feidhme rianúil na bPleananna a áirithiú.

Le Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leasaíodh Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le féarthalamh buan, rud a fhágann gur gá coigeartuithe a dhéanamh sa Rialachán seo.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Rinneadh comhairliúcháin, a raibh saineolaithe ó gach ceann de na 27 mBallstát rannpháirteach iontu, laistigh den Ghrúpa Saineolaithe maidir le cur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha CBT a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/2115, go háirithe le linn chruinnithe an 29 Meán Fómhair, an 10 Deireadh Fómhair agus an 21 Samhain 2025. Leis na cruinnithe sin, bhíothas in ann smaointe an Choimisiúin a chur i láthair maidir le raon feidhme an ghnímh tharmligthe agus maidir leis na modhnuithe is gá ar Airteagail 2, 3, 22, 25, 26, 27, 28, 29, 32a, 33 agus 48 agus ar Iarscríbhinní I, V agus VII de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, chomh maith le malartú tuairimí leis na saineolaithe. Ansin rinneadh an gníomh tarmligthe a bheachtú agus barúlacha agus tráchtanna na saineolaithe á gcur san áireamh.

Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí ceithre seachtaine ar thairseach an Choimisiúin Eorpaigh ‘Cloisimis uait’, a thosaigh an 17 Nollaig 2025 agus a chríochnaigh an 14 Eanáir 2026, fuair an Coimisiún 11 bharúil. Bhain cúig bharúil le cnáib, go háirithe maidir le rialuithe. D’fhéadfadh calaois a bheith mar thoradh ar rialuithe a laghdú tuilleadh nó deireadh a chur leo agus, dá bhrí sin, níor cuireadh san áireamh iad. Bhain dhá bharúil le haistarraingtí ón margadh atá mar bhonn leis an tearc-chúiteamh a dheonaítear d’eagraíochtaí táirgeoirí i gcás aistarraingtí ón margadh. Is idirghabhálacha chun rioscaí a chosc agus géarchéimeanna a bhainistiú iad aistarraingtí ón margadh, nach dtabharfaidh róchúiteamh d’eagraíochtaí táirgeoirí agus nach gcruthóidh asraonta nua d’eagraíochtaí táirgeoirí. Ba dhíol sásaimh do bharúil amháin an simpliú a tugadh isteach le haghaidh DRTCanna. Ní raibh baint dhíreach ag dhá bharúil leis an nGníomh Tarmligthe, agus bhí barúil amháin neamhiomlán. Ar deireadh, bhí roinnt barúlacha lasmuigh de raon feidhme chuspóirí simplithe na modhnuithe dlíthiúla seo. Níor áiríodh aon leasú tar éis an chomhairliúcháin.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an ngníomh tarmligthe seo leasaítear Airteagail 2, 3, 22, 25, 26, 27, 28, 29, 32a, 33 agus 48 agus Iarscríbhinní I, V agus VII.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 21.1.2026

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 1 , agus go háirithe Airteagal 4(8), Airteagal 13(3) agus Airteagal 45, pointí (a), (c) agus (d), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún 2 leagtar síos rialacha a fhágann go bhfuil deonú íocaíochtaí coinníollach ar shíolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe a úsáid, chomh maith lena gcion teitrihidreacannaibionóil a fhíorú. Is léir ón taithí a fuarthas gur féidir nósanna imeachta rialaithe a shimpliú gan iontaofacht na dtorthaí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 2 agus 3 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin a mhodhnú chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit i dtéarmaí sprioc-amanna chun comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil a bhaineann le cnáib a fhíorú agus chun go bhféadfar na rátaí rialaithe a laghdú chun costais riaracháin a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le taifid atá le coinneáil ag údaráis inniúla na mBallstát a bhaineann le torthaí ar an gcion teitrihidreacannaibionóil (THC).

(2)Déantar foráil le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 freisin maidir le ceanglais bhreise i ndáil le dearadh cineálacha idirghabhála in earnálacha talmhaíochta áirithe dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal III de Rialachán (AE) 2021/2115. Fuarthas amach, áfach, go bhféadfaí cuid de na ceanglais sin a shimpliú chun cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir an gá atá le dearadh na gcineálacha idirghabhála sin a rialáil agus a chomhchuibhiú agus cur chun feidhme rianúil na bPleananna Straitéiseacha CBT.

(3)Le hAirteagal 50(7), pointe (d) de Rialachán (AE) 2021/2115, teorannaítear an caiteachas ar idirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála ‘aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile’, ‘glasbhuaint’ agus ‘gan bhuaint’ go dtí aon trian de chaiteachas iomlán gach cláir oibríochtúil. I gcomhthéacs aistarraingtí ón margadh, is é is aidhm don teorainn sin a sheachaint go gcinnfidh eagraíochtaí táirgeoirí d’aon turas gan cainníochtaí áirithe táirgí a chur ar an margadh le linn tréimhsí áirithe d’fhonn asraon margaidh malartach a chruthú. Chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart an teorainn a ríomh, ba cheart Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú.

(4)In Airteagail 25 go 29 agus 33 agus in Iarscríbhinní V agus VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, tá rialacha sonracha is infheidhme maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na hola olóige agus na n‑ológ boird, agus na hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/2115, a bhaineann le aistarraingt ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó cinn scríbe eile. Baineann na rialacha sin go háirithe leis na cineálacha caiteachais, costais iompair, ceanglais chóiriúcháin, tacaíocht d’aistarraingtí ón margadh, cinn scríbe le haghaidh táirgí a tarraingíodh siar, coinníollacha d’fhaighteoirí táirgí a tarraingíodh siar agus caighdeáin mhargaíochta táirgí a tarraingíodh siar. Tá cuid de na coinníollacha sin, amhail na costais chóiriúcháin le haghaidh aistarraingtí ón margadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, as dáta agus ní chuirtear san áireamh leo an borradh ard urghnách ar bhoilsciú a rinne difear do na Ballstáit uile le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, agus chun an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit, ar thairbhithe agus ar fhaighteoirí táirgí a tarraingíodh siar a laghdú, ba cheart Airteagail 27, 28 agus 33 agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a scriosadh, ach ba cheart Airteagail 25, 26 agus 29 den Rialachán Tarmligthe sin a shimpliú go substaintiúil. Ba cheart Teideal Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a mhodhnú freisin chun an leasú ar Airteagal 26 de a léiriú.

(5)Déantar foráil in Airteagal 32a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 le haghaidh rialacha is infheidhme maidir le cineálacha idirghabhálacha a chuireann eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí chun feidhme. Mar sin féin, ní shonraítear san Airteagal sin an Ballstát atá freagrach as formheas na gclár oibríochtúil arna gcur chun feidhme ag na heagraíochtaí sin. Déantar foráil le hAirteagal 14(3), pointe (b), agus Airteagal 21(3), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún 3 , faoi seach, maidir le heagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, go mbeidh an Ballstát ina bhfuil ceannoifig na heagraíochta lonnaithe freagrach as formheas an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2184 ón gCoimisiún 4 scriostar Airteagal 14(3), pointe (b), agus Airteagal 21(3), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891. Chun bearna dhlíthiúil a sheachaint tar éis scriosadh na rialacha is infheidhme maidir le heagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na heagraíochtaí sin a chuireann cláir oibríochtúla chun feidhme in earnálacha eile, ba cheart Airteagal 32a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha atá comhionann leo siúd a leagadh síos roimhe seo in Airteagal 14(3), pointe (b), agus in Airteagal 21(3), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891.

(6)Le Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 leasaíodh Rialachán (AE) 2021/2115 trí theorainn 10 % a chur in ionad na teorann 5 % den uaslaghdú ar an gcóimheas féarthailte buana i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018 agus trí fheirmeoirí beaga a fhaigheann íocaíochtaí faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 a eisiamh ó chur i bhfeidhm an chórais coinníollachta. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú chun na leasuithe sin a léiriú.

(7)Le hAirteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar síos an sainmhíniú ar ‘féarthalamh buan’. Le Rialachán (AE) 2025/2649 leasaíodh an sainmhíniú sin a mhéid a bhaineann leis an líon blianta ar ina dhiaidh a thagann talamh a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás chun bheith ina fhéarthalamh buan chun críocha an Rialacháin sin. Le hAirteagal 48(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, leagtar síos rialacha maidir le limistéir a athiompaíodh ina bhféarthailte buana agus limistéir a bunaíodh le déanaí mar fhéarthailte buana agus déantar tagairt ann don sainmhíniú ar ‘féarthalamh buan’. Dá bhrí sin, ba cheart é a leasú chun an sainmhíniú ar fhéarthalamh buan arna leasú le Rialachán (AE) 2025/2649 a léiriú.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú dá réir sin.

(9)Chun cur chun feidhme rianúil na n‑idirghabhálacha atá beartaithe a áirithiú agus chun foráil a dhéanamh maidir le pleanáil iomchuí ag feirmeoirí agus breithniú ag na húdaráis inniúla, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)Ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(3) go (8), (10), (13) agus (14) den Rialachán seo maidir le cláir oibríochtúla arna bhformheas ag na Ballstáit, ar cláir iad a chuirtear chun feidhme ar bhonn blianta féilire, ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig. Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhsheasmhach na gclár oibríochtúil a áirithiú, lena n‑áirítear formheas tráthúil na leasuithe is gá ar na cláir oibríochtúla sin, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh.

(11)Chun bearna dhlíthiúil a sheachaint maidir leis na rialacha is infheidhme i ndáil le formheas clár oibríochtúil arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus ag comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, ba cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Airteagal 32a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2184,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Ceanglais incháilitheachta bhreise

Déanfaidh na Ballstáit deonú na n‑íocaíochtaí chun cnáib a tháirgeadh coinníollach ar shíolta de chineálacha cnáibe a úsáid a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)    liostaítear iad sa Chatalóg Choiteann de Chineálacha de Speicis Plandaí Talmhaíochta an 15 Márta den bhliain ar ina leith a dheonaítear an íocaíocht nó, má chinneann Ballstát amhlaidh, roimh dhul in éag an sprioc-ama arna leagan síos ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún*, agus foilsítear iad i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle**;

(b)    níor sháraigh a gcion Δ9-teitrihidreacannaibionóil (dá ngairtear “cion THC” anseo feasta) ar feadh 2 bhliain as a chéile an teorainn mar a leagtar síos in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115;

(c)    tá siad deimhnithe i gcomhréir le Treoir 2002/57/CE*** ón gComhairle nó i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2008/62/CE**** ón gCoimisiún i gcás cineálacha caomhnaithe.

*    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta (IO L 183, 8.7.2022, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1173/oj).

**    Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/53/oj).

***    Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/57/oj).

****    Treoir 2008/62/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe chun glacadh le pórtha dúchasacha agus cineálacha talmhaíochta atá curtha in oiriúint do na coinníollacha áitiúla agus réigiúnacha atá faoi bhagairt ag an gcreimeadh géiniteach agus chun síolta agus prátaí síl ó na pórtha dúchasacha agus na cineálacha sin a mhargú (IO L 162, 21.6.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/62/oj).’;

(2)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Coinneoidh údarás inniúil an Bhallstáit na taifid a bhaineann le torthaí an chion THC. Áireofar sna taifid sin, i gcás gach cineáil, na torthaí i dtéarmaí cion THC ó gach sampla ar a laghad arna shloinneadh mar chéatadán go dtí dhá ionad dheachúla, an nós imeachta a úsáideadh, an líon tástálacha a rinneadh, céatadán an limistéir a fíoraíodh i leith an limistéir a dearbhaíodh, léiriú ar an bpointe ar tógadh an sampla agus bearta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta.’;

(3)in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.    De mhaolú ar mhír 5, déanfar an teorainn d’aon trian den chaiteachas iomlán ar idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 50(7), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2115 a ríomh agus an caiteachas iomlán sa bhliain féilire ar leith de chur chun feidhme an chláir oibríochtúil lena mbaineann á chur san áireamh.’;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Costais iompair na dtáirgí arna n‑aistarraingt ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó cinn scríbe eile agus an ceanglas cóiriúcháin le haghaidh dáileadh saor in aisce

1.I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPlean Straitéiseach CBT idirghabhálacha i bhfoirm “aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile” dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, socróidh siad costais iompair na dtáirgí uile arna n‑aistarraingt ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó cinn scríbe eile faoi chláir oibríochtúla ar bhonn scála na gcostas aonaid a shocraítear de réir an achair idir an áit aistarraingthe agus an áit seachadta le haghaidh dáileadh saor in aisce. Ní féidir ach costais iompair suas le hachar 750 km a chúiteamh.

2.Íocfar na costais iompair leis an bpáirtí iarbhír a iompraíonn costas airgeadais na hoibríochta iompair i gceist.

3.Beidh suaitheantas an Aontais le feiceáil ar phacáistí táirgí arna n‑aistarraingt ón margadh lena ndáileadh saor in aisce faoi chláir oibríochtúla mar aon le ceann amháin nó níos mó de na ráitis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.’;

(5)i dTeideal III, Caibidil II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:

‘Rialacha sonracha is infheidhme maidir le haistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile’;

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

‘Airteagal 26

Tacaíocht

1.Maidir leis an gcineál idirghabhála ‘aistarraingt ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile’ dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, i ndáil leis na torthaí agus glasraí a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, na costais iompair dá dtagraítear in Airteagal 25(1) den Rialachán seo agus, i gcás táirgí arna n‑aistarraingt le haghaidh dáileadh saor in aisce, na costais chóiriúcháin, arna gcur le méid uasmhéid na tacaíochta d’aistarraingtí ón margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, lena gcuimsítear cúnamh airgeadais ón Aontas agus ranníocaíocht na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, ní bheidh siad níos mó ná 90 % de mheánphraghas margaidh ‘iar-eagraíocht táirgeoirí’ an táirge lena mbaineann ag leibhéal na céime úire sna 3 bliana roimhe sin.

2.Maidir leis an gcineál idirghabhála ‘aistarraingt ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile’ dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, i ndáil le táirgí seachas na táirgí sin a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, socróidh na Ballstáit uasmhéideanna tacaíochta, lena gcuimseofar cúnamh airgeadais ón Aontas agus ranníocaíocht na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, mar a leanas:

(a) le haghaidh dáileadh saor in aisce: ar leibhéal nach mó ná 40 % de mheánphraghas margaidh ‘iar-eagraíocht táirgeoirí’ an táirge lena mbaineann ar leibhéal na céime úire sna 5 bliana roimhe sin;

(b) le haghaidh cinn scríbe seachas dáileadh saor in aisce: ar leibhéal nach mó ná 30 % den mheánphraghas margaidh ‘iar-eagraíocht táirgeoirí’ sna 5 bliana roimhe sin.

Déanfar caiteachas arna thabhú le haghaidh costais iompair dá dtagraítear in Airteagal 25(1) agus, i gcás táirgí arna n‑aistarraingt le haghaidh dáileadh saor in aisce, le haghaidh costais chóiriúcháin, a aisíoc i dteannta na tacaíochta le haghaidh aistarraingtí ón margadh.

3.Maidir le heagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí, i gcás ina bhfaigheann sé nó sí cúiteamh ó thríú páirtithe le haghaidh táirgí aistarraingthe, laghdófar an tacaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi mhéid atá coibhéiseach leis an gcúiteamh a fuarthas. Chun bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta, ní chuirfear na táirgí lena mbaineann ar an margadh tráchtála arís.

4.Féadfaidh na Ballstáit íocaíocht chomhchineáil ó thairbhithe dáilte saor in aisce le próiseálaithe táirgí a aistarraingíodh ón margadh agus atá á bpróiseáil a údarú, i gcás nach ndéanfar ach costais phróiseála a chúiteamh leis an íocaíocht sin.’;

(7)scriostar Airteagal 27 agus Airteagal 28;

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Caighdeáin mhargaíochta táirgí aistarraingthe

1.Táirge arna aistarraingt ón margadh le haghaidh cinn scríbe eile seachas dáileadh saor in aisce, sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, comhlíonfaidh sé an caighdeán agus na rialacha ábhartha maidir le margú an táirge sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, seachas na rialacha maidir le táirgí a chur i láthair agus a mharcáil.

2.I gcás nach leagtar síos caighdeán margaíochta sonrach maidir le toradh nó glasra ar leith, comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.’;

(9)In Airteagal 32a, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Beidh an Ballstát ina bhfuil ceannoifig na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta nó an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta lonnaithe freagrach as formheas na gclár oibríochtúil arna gcur chun feidhme ag an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta nó ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta.’;

(10)Scriostar Airteagal 33;

(11)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Maidir le féarthalamh buan a chothabháil i ndáil le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh na Ballstáit nach dtiocfaidh laghdú is mó ná 10 % ar chóimheas an fhéarthalaimh bhuain i ndáil le limistéar talmhaíochta i gcomparáid le cóimheas tagartha a bheidh le bunú ag gach Ballstát ina bPlean Straitéiseach CBT trí limistéir féarthalaimh bhuain a roinnt ar an limistéar talmhaíochta iomlán.’;

(b) i mír 2, cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas:

‘Na limistéir féarthailte buana agus na limistéir thalmhaíochta a dhearbhaíonn feirmeoirí a fhaigheann íocaíochtaí faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115, ní chuirfear san áireamh iad agus cóimheas féarthailte buana leis an limistéar talmhaíochta iomlán á ríomh agus an cóimheas tagartha á ríomh.’;

(c) leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina mbunófar gur tháinig laghdú ar mó ná 10 % é ar an gcóimheas dá dtagraítear i mír 2 ar an leibhéal ar a gcuirtear caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil chun feidhme, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann oibleagáidí a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais chun talamh a athrú ina fhéarthalamh buan nó chun limistéar féarthalaimh bhuain a bhunú le haghaidh roinnt feirmeoirí nó le haghaidh na bhfeirmeoirí uile a bhfuil talamh ar fáil dóibh a athraíodh ó fhéarthalamh buan ina thalamh le haghaidh úsáidí le linn tréimhse san aimsir a caitheadh.’;

(ii) sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) i gcás nach é is cúis, agus a mhéid nach é is cúis, leis an laghdú ar an gcóimheas féarthailte buana in aon bhliain ar leith níos mó ná 10 %, ar an leibhéal ag a gcuirtear caighdeán 1 maidir le DRTC chun feidhme, méadú ar an limistéar talmhaíochta iomlán a dearbhaíodh an bhliain chéanna sin.’;

(d) i mír 4, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Ní bheidh feidhm ag mír 3, an chéad fhomhír, i gcás inar toradh ar an méid seo a leanas an laghdú faoin tairseach 10 %:’;

(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.    Chun an cóimheas dá dtagraítear i mír 2 a ríomh, i gcás limistéir a athraíodh ina bhféarthalamh buan nó a bunaíodh mar fhéarthalamh buan i gcomhréir le mír 3, nó a bunaíodh mar fhéarthalamh buan agus caighdeán 1 maidir le DRTC á chur chun feidhme ag an mBallstát, measfar iad mar fhéarthalamh buan amhail ó chéad lá an athraithe nó ó chéad lá an bhunaithe. Úsáidfear na limistéir sin chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, ar feadh 5 bliana as a chéile ar a laghad nó níos mó, nó i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, ar feadh 7 mbliana as a chéile ar a laghad nó níos mó, tar éis an ath-athraithe nó an bhunaithe, nó i gcás limistéir a úsáidtear cheana chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás, ar feadh an lín blianta atá fágtha chun 5 bliana as a chéile nó níos mó a bhaint amach, nó, de réir mar is infheidhme, 7 mbliana as a chéile nó níos mó.’;

(12)in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.1 agus 1.2:

‘1.1    Nós Imeachta A

Úsáidfear Nós Imeachta A le haghaidh seiceálacha ar tháirgeadh cnáibe.

I gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2021/2116, cinnfidh an Ballstát céatadán íosta na seiceálacha ar an láthair, lena gcumhdófar 15 % ar a laghad de na limistéir arna ndearbhú maidir le táirgeadh cnáibe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173.

1.2.    Nós Imeachta B

Úsáidfear Nós Imeachta B i gcás ina dtabharfaidh Ballstát isteach córas formheasa roimh ré chun cnáib a shaothrú.

I gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2021/2116, cinnfidh an Ballstát céatadán íosta na seiceálacha ar an láthair, lena gcumhdófar 10 % ar a laghad de na limistéir arna ndearbhú maidir le táirgeadh cnáibe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173.’;

(13)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn V:

‘Uasmhéideanna tacaíochta d’aistarraingtí ón margadh dá dtagraítear in Airteagal 26(1)’;

(14)Scriostar Iarscríbhinn VII.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (3) go (8), (10), (13) agus (14), ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (9), ón 24 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21.1.2026

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj .
(2)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/126/oj ).
(3)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/891/oj ).
(4)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2184 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/232 agus (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe maidir le heagraíochtaí táirgeoirí, oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoi phraghsanna táirgeoirí agus sásraí allmhairiúcháin áirithe a chur chun feidhme in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí (IO L, 2025/2184, 4.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2184/oj ).
(5)    Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis (IO L 2025/2649, 31.12.2025, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2649/oj ).