Fógra ón gCoimisiún

Treoirdhoiciméad i ndáil le

Rialachán (AE) 2025/40 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht

Ábhar agus raon feidhme an treoirdhoiciméid seo ón gCoimisiún

Tháinig Rialachán (AE) 2025/40 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht ( 1 ) (dá ngairtear: PPWR anseo feasta) i bhfeidhm an 11 Feabhra 2025 agus beidh feidhm aige ón 12 Lúnasa 2026.

Tar éis a ghlactha, agus i gcomhthéacs phacáiste omnibus comhshaoil an Choimisiúin agus iarrachtaí simpliúcháin níos leithne, tá líon mór ceisteanna faighte ag an gCoimisiún ó pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis na mBallstát, maidir le léirmhíniú forálacha áirithe de PPWR. Chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha agus leis na Ballstáit le cur chun feidhme éifeachtach tráthúil, rinne an Coimisiún a dhícheall freagra a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh agus soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe ab fhéidir.

Chuige sin, tá an treoirdhoiciméad seo á eisiúint ag an gCoimisiún chun forálacha roghnaithe de PPWR a léirmhíniú, d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin a éascú ar fud an Aontais. Comhlánaítear an treoraíocht seo le sraith ceisteanna coitianta a forbraíodh mar chuid d’idirphlé leanúnach an Choimisiúin le páirtithe leasmhara.

Tá an treoirdhoiciméad seo bunaithe ar chásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais, ar dá réir is gá machnamh a dhéanamh ní hamháin ar fhoclaíocht forála, ach ar a comhthéacs freisin agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis an ngníomh dlí ar cuid de í ( 2 ).

Ní chuirtear an treoirdhoiciméad seo in ionad fhorálacha PPWR, ní chuireann sé leo, ná ní leasaíonn sé iad, arb iad na forálacha sin amháin a bhunaíonn na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme. Níor cheart é a mheas ina aonar; ní mór é a léamh in éineacht leis an reachtaíocht ábhartha agus ní tagairt neamhspleách é.

I bhfianaise ionchur breise ó pháirtithe leasmhara agus taithí phraiticiúil a gheofar ar chur i bhfeidhm na rialacha, féadfar an treoirdhoiciméad seo agus na Ceisteanna Coitianta a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

Mar sin féin, is inniúlacht eisiach de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcónaí é léirmhíniú ceangailteach a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais.

Molfar tuilleadh sonraí trí roinnt bearta cur chun feidhme, amhail gníomhartha cur chun feidhme, gníomhartha tarmligthe, iarrataí ar chaighdeánú agus treoirlínte, a mholfaidh an Coimisiún sna 2‑3 bliana amach romhainn. Ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, nach bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt don ghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear modheolaíocht chun comhdhéanamh ábhar na pacáistíochta a shainaithint trí lipéadú digiteach.



Clár

1. Sainmhíniú ar phacáistíocht

2. Sainmhíniú ar mhonaróir pacáistíochta

3. Sainmhíniú ar tháirgeoir pacáistíochta

4. Sainmhíniú ar allmhaireoir agus stádas ‘brainse’

5. Srianta PFAS i bpacáistíocht bhia-thadhaill a fhorfheidhmiú agus ídiú stoc

6. Dáta chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le hin-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a áirithiú

7. Díolúintí ó spriocanna maidir le cion an ábhair athchúrsáilte

8. Solúbthacht do na Ballstáit pacáistíocht inmhúirínithe a shainordú agus toimhde na comhréireachta

9. Sainmhíniú ar na téarmaí ‘tréscaoilteach’ agus ‘bog iarúsáide’ i gcomhthéacs pacáistíochta inmhúirínithe

10. Íoslaghdú pacáistíochta

11. An gaol idir na ceanglais íoslaghdaithe in Airteagal 10 agus an cóimheas spáis fholaimh in Airteagal 24

12. Pacáistíocht in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh sula gcuirtear na ceanglais in Airteagal 11 i bhfeidhm

13. Raon feidhme an lipéadaithe chomhchuibhithe ar phacáistíocht

14. Pacáistíocht iompair in-athúsáidte atá ann cheana a lipéadú

15. Oibleagáidí tuairiscithe ar oibreoirí bainistithe dramhaíola

16. An gaol idir an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide agus PPWR a mhéid a bhaineann le toirmisc ar phacáistíocht

17. Raon feidhme na dtoirmeasc ar phacáistíocht in Airteagal 25 agus in Iarscríbhinn V, pointí 1–4, a mhéid a bhaineann le cion an ábhair phlaistigh

18. Spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar

19. Spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht iompair sa trádáil idirnáisiúnta

20. An toibreoir eacnamaíoch atá freagrach as na spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht iompair

21. Díolúintí ó na spriocanna athúsáide do phacáistíocht iompair shaincheaptha

22. Sainmhíniú ar ‘cur ar fáil’ i gcomhthéacs chomhlíonadh na spriocanna athúsáide maidir le deochanna

23. Spriocanna athúsáide maidir le deochanna in earnáil HORECA

24. Díolúintí náisiúnta ó na spriocanna athúsáide

25. Solúbthachtaí na mBallstáit bearta náisiúnta a bhunú

26. Solúbthacht na mBallstát spriocanna athchúrsála breise a leagan síos

27. Solúbthacht na mBallstáit spriocanna athúsáide breise nó níos airde a leagan síos

28. Díolúintí náisiúnta ó Chórais Aisíoctha Éarlaise

29. Íoscheanglais maidir le Córais Aisíoctha Éarlaise atá ann cheana

30. Glacadh miondíoltóirí le coimeádán deochanna lena ngabhann éarlais

31. Cóireáil deireadh ré ar phacáistíocht a bhailítear ar leithligh agus atá deartha le haghaidh in-athchúrsáilteachta

32. Ráta bailithe ar leithligh maidir le pacáistíocht lena ngabhann éarlais in 2026 agus an oibleagáid córas aisíoctha éarlaise a bhunú faoi 2029

33. Sprioc na mBallstát maidir le 90 % de bhuidéil deochanna plaisteacha aon úsáide agus cannaí deochanna miotail aon úsáide a bhailiú agus rannchuidiú scéimeanna réigiúnacha aisíoctha éarlaise



1.Sainmhíniú ar phacáistíocht

Forálacha dlí:

In Airteagal 3(1), pointe (1), sainmhínítear ‘pacáistíocht’ mar ‘earra, gan beann ar na hábhair as a ndearnadh é, a bhfuil sé beartaithe é a bheith á úsáid ag oibreoir eacnamaíoch chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair chuig oibreoir eacnamaíoch eile nó chuig úsáideoir deiridh agus ar féidir é a idirdhealú ina fhormáid phacáistíochta bunaithe ar an bhfeidhm, ábhar agus dearadh atá aige, lena n‑áirítear:

(a)earra atá riachtanach chun táirge a choimeád, chun tacú leis nó chun an táirge a chaomhnú le linn a shaolré gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(b)comhpháirt, agus cuid choimhdeacha, d’earra dá dtagraítear i bpointe (a) atá comhtháite san earra;

(c)cuid choimhdeach d’earra dá dtagraítear i bpointe (a) a chuirtear ar crochadh ar an táirge go díreach, nó a cheanglaítear go díreach den táirge, a bhfuil feidhm phacáistíochta aige gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(d)earra atá deartha agus a bheartaítear lena líonadh ag an díolphointe chun an táirge a dháileadh, dá ngairtear ‘pacáistíocht seirbhíse’ freisin;

(e)earra indiúscartha a dhíoltar, a líontar nó a dheartar chun é a líonadh ag an díolphointe, agus a bhfuil feidhm phacáistíochta aige;

(f)aonad aon fhreastail mála tae nó caife tréscaoilteach nó mála deochanna eile, nó córas bog iarúsáide ina gcoinnítear táirge tae, caife nó deoch eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(g)aonad aon fhreastail mála tae nó caife neamh-thréscaoilteach, nó córais dí eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid i meaisín agus a dhéantar a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;’

Soláthraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán liosta táscach d’earraí a meastar gur pacáistíocht iad agus d’earraí nach meastar gur pacáistíocht iad. Maidir le potaí bláthanna agus potaí plandaí, lena náirítear tráidirí síolta, déantar idirdhealú in Iarscríbhinn I idir:

‘Earraí ar pacáistíocht iad: (…) Potaí bláthanna agus plandaí, lena náirítear tráidirí síolta, nach mbeartaítear a úsáid ach amháin chun iad a dhíol agus a iompar.

(…)

Earraí nach pacáistíocht iad: Potaí bláthanna agus plandaí, lena n‑áirítear tráidirí síolta, a úsáidtear i gcaidrimh idir gnólachtaí i gcéimeanna éagsúla an táirgthe nó a bheartaítear a dhíol leis an bplanda’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

An measúnú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn earra mar phacáistíocht, ní mór é a dhéanamh bunaithe ar an sainmhíniú ar phacáistíocht a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (1). Is Iarscríbhinn tháscach amháin í Iarscríbhinn I agus, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ( 3 ) faoi Threoir 94/62/CE maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht, arna chur i bhfeidhm mutatis mutandis, ní leor ann féin earra a áireamh in Iarscríbhinn I chun é a aicmiú mar phacáistíocht. Is gá a fhíorú freisin cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑earra eilimintí an tsainmhínithe ar phacáistíocht, go háirithe cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag oibreoir eacnamaíoch an t‑earra a úsáid chun táirge a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair, gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge, nó cé acu atá nó nach bhfuil sé ina chomhpháirt chomhtháite nó ina eilimint choimhdeach ag a bhfuil feidhm phacáistíochta.

Mar shampla, má dhíoltar cupán dí folamh in ollmhargadh le tomhaltóirí dá n‑úsáid phríobháideach, ní mheastar gur pacáistíocht é. Ar an taobh eile, má líonann an t‑ollmhargadh na cupáin sin le táirge (e.g. caife) ag stáisiún athlíonta, is pacáistíocht iad na cupáin sin, go háirithe pacáistíocht ‘seirbhíse’.

Ní pacáistíocht iad coimeádáin taechoinnle nó soilse cois uaighe, ná coimeádáin coinnle eile amhail gloiní líonta agus babhlaí ceirmeacha, toisc nach gcomhlíonann na coimeádáin sin an sainmhíniú ar phacáistíocht in Airteagal 3(1), pointe (1), agus liostaítear ‘soilse cois uaighe (coimeádáin le haghaidh coinnle)’ mar shamplaí d’earraí nach pacáistíocht iad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

A mhéid a bhaineann le scannáin ghreamaitheacha a úsáidtear i bpróisis táirgthe earraí, d’fhéadfadh sé gur pacáistíocht iad nó nach pacáistíocht iad de réir a bhfeidhme. Is féidir scannáin phróisis ghreamaitheacha a dhearadh sa chaoi go gcumasóidh nó go n‑éascóidh siad claochlú amhábhar nó ábhar idirmheánach ina dtáirgí leathchríochnaithe nó ina gcríochtháirgí, trí phróisis mhonaraíochta. Má fhanann na scannáin sin ar na táirgí leathchríochnaithe go dtí go ndéanfar iad a chlaochlú agus/nó a chóimeáil ina dtáirgí leathchríochnaithe nó ina gcríochtháirgí ina dhiaidh sin, agus má ghníomhaíonn siad mar chumasóirí an timthrialla monaraíochta agus má thugtar aghaidh ar shainriachtanais theicniúla na bpróiseas sin leo, ní pacáistíocht iad faoi Airteagal 3(1), pointe (1).

Meastar gur pacáistíocht iad málaí deannaigh le haghaidh bróg agus éadaí má bheartaítear iad a úsáid chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil nó a sheachadadh chuig úsáideoir deiridh nó chun iad a chur ina láthair. Níl aon díolúine ag pacáistíocht teicstíle ón sainmhíniú ginearálta ar phacáistíocht atá in Airteagal 3(1), pointe (1), ach tá pacáistíocht díolacháin teicstíle ( 4 ) díolmhaithe ó na ceanglais in-athchúrsáilteachta (Airteagal 6(11)(g)). Dfhéadfadh málaí deannaigh le haghaidh pacáistíocht bróg agus éadaí a bheith ina bpacáistíocht má chomhlíonann siad an sainmhíniú rialála ar phacáistíocht. Cinnfear é sin de réir a bhfeidhme, i.e. má úsáidtear iad chun éadaí nó bróga a choimeád nó a chosaint le linn a láimhseála, a seachadta nó a gcur i láthair, agus de réir na húsáide atá beartaithe dóibh, i.e., ar chuir oibreoir eacnamaíoch ar an margadh iad mar chuid de sholáthar táirge. Ní pacáistíocht iad earraí den sórt sin más cuid dhílis den táirge iad (i.e. más cuid den táirge iad a bhfuil gá leo le haghaidh úsáid bhunúsach an táirge, ní hamháin le haghaidh a chosanta nó a láimhseála), nó mura gcuirtear ar an margadh iad le haghaidh úsáid phacáistíochta, i.e. má dhíoltar ar leithligh leis an tomhaltóir iad nó má sholáthraítear saor in aisce iad i gcomhthéacs neamhthráchtála.

Cáilíonn potaí bláthanna agus plandaí, lena n‑áirítear tráidirí síolta, mar phacáistíocht i gcás ina mbeartaítear iad a úsáid le haghaidh díola nó iompair, lena n‑áirítear potaí agus tráidirí inar saothraíodh an planda ag an gcéim dheireanach agus ina ndíoltar é leis an úsáideoir deiridh. Os a choinne sin, ní pacáistíocht iad potaí agus tráidirí a úsáideann oibreoirí gnó (amhail plandlanna agus saothróirí) mar chuid dá dtimthriall táirgeachta, toisc nach ndéanann siad ach an timthriall monaraíochta a chumasú. Tá feidhm aige sin ach amháin maidir leis an bpota nó an tráidire deiridh a bheartaítear a dhíol leis an úsáideoir deiridh in éineacht leis an bplanda. Cé go n‑áirítear san fhoclaíocht maidir le ‘pacáistíocht’ agus ‘neamhphacáistíocht’ araon in Iarscríbhinn I an ghné a bhaineann le díol, sa chleachtas, ní dhéantar bláthanna agus plandaí a thrasphlandú i bpotaí ‘iompair’ nó ‘díolacháin’ ar leithligh chun críoch margaíochta. Ina ionad sin, úsáidtear na potaí céanna inar saothraíodh na plandaí le haghaidh iompair agus díola freisin. Dá bhrí sin, ní mór aicmiú na bpotaí sin a bheith de réir an tsainmhínithe ghinearálta ar phacáistíocht, agus a bhfeidhm agus an úsáid atá beartaithe dóibh á meas, seachas a bheith ag brath ar fhoclaíocht tháscach Iarscríbhinn I agus uirthi sin amháin. Cé go gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar phacáistíocht freisin earraí a úsáidtear i gcaidrimh gnólacht le gnólacht, níor cheart a mheas gur pacáistíocht faoi Airteagal 3(1), pointe (1), iad potaí bláthanna nach ndéantar ach an próiseas táirgthe a chumasú leo, amhail potaí fáis níos mó (iad siúd atá níos mó ná 10 cm ar trastomhas, mar shampla) a úsáidtear i gcaitheamh an timthrialla saothraithe.

Ní thagann málaí agus steallairí infhéitheacha (IV) faoin sainmhíniú ar phacáistíocht faoi Airteagal 3(1), pointe (1), lena n‑áirítear i gcás ina gcuirtear ar an margadh iad agus iad réamhlíonta le táirgí íocshláinte nó le sailíne. Cé go bhféadfadh substaint a bheith iontu go fisiceach, ní chuirtear málaí agus steallairí infhéitheacha ar an margadh chun táirge a choimeád, a chosaint, a iompar nó a chur i láthair agus chuige sin amháin. Ina ionad sin, déantar iad a dhearadh, a mhonarú agus a rialáil mar fheistí seachadta comhtháite lenar féidir sreabháin nó táirgí íocshláinte a thabhairt d’othair ar bhealach sábháilte, steiriúil agus cruinn. I gcás ina soláthraítear an mála nó steallaire infhéitheach agus é réamhlíonta, is cuid bhunúsach den táirge íocshláinte nó leighis féin é, sa chaoi nach féidir leis an táirge feidhmiú mar atá beartaithe dó in éagmais na feiste. Sa chomhthéacs sin, ní comhpháirt phacáistíochta é mála nó steallaire infhéitheach a dhiúscraítear chun rochtain a fháil ar a bhfuil ann, ach is cuid fheidhmiúil den táirge a chuirtear ar an margadh é.

2.Sainmhíniú ar mhonaróir pacáistíochta 

Forálacha dlí:

De réir Airteagal 3(1), pointe (13), ‘ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn pacáistíocht nó táirge pacáistithe; mar sin féin:

(a)

faoi réir phointe (b), i gcás ina ndeartar nó ina monaraítear don duine nádúrtha nó dlítheanach sin pacáistíocht nó táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, gan beann ar aon trádmharcanna eile a bheith infheicthe ar an bpacáistíocht nó ar an táirge pacáistithe, ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach sin;

(b)

i gcás, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht nó an táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, ina dtagann sé faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, agus ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht don duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin lonnaithe sa Bhallstát céanna, ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht;’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Is éard is monaróir ann duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn pacáistíocht táirge pacáistithe. Ní gá gurb é an duine nádúrtha nó dlítheanach a tháirgeann an phacáistíocht go fisiceach. Ní mór cuimhneamh ar dhá ghné: (1) an critéar a bhaineann lena ról maidir le dearadh nó monarú na pacáistíochta (2) agus an critéar trádmhairc nó brandála. Má tá ainm nó trádmharc áirithe ar an bpacáistíocht nó ar an táirge pacáistithe, is féidir a thoimhdiú gurb é an ‘monaróir’ é úinéir an ainm nó an trádmhairc sin de bhun Airteagal 3(1), pointe (13)(a), mar beidh an chumhacht chinntitheach aige sa ghaol conarthach lena sholáthróirí agus beidh sé in ann, dá bhrí sin, saintréithe na pacáistíochta a chinneadh freisin.

Le foclaíocht an tsainmhínithe ar mhonaróir, léirítear gurb é a bhíonn i gceist i gcónaí nach mbíonn ach monaróir amháin ann i slabhra soláthair de réir bhrí PPWR.

A mhéid a bhaineann le pacáistíocht díolacháin (seachas pacáistíocht seirbhíse ( 5 )), nó pacáistíocht thánaisteach ( 6 ), is gnách gurb é an monaróir an t‑oibreoir eacnamaíoch a chuireann na céimeanna próiseála deiridh (e.g. gearradh, líonadh, séalú) i bhfeidhm ar an bpacáistíocht arna soláthar ag tiontairí (i.e. soláthróirí) agus a líonann í lena tháirge chun an phacáistíocht nó an táirge pacáistithe a chur ar mhargadh an Aontais ansin (Airteagal 3(1), pointí (5)–(6)). Is é sin le rá, i gcás pacáistíocht díolacháin agus thánaisteach, is gnách gurb é an monaróir an líontóir, agus is minic gurb é úinéir bhranda an táirge é freisin.

A mhéid a bhaineann le pacáistíocht iompair ( 7 ), pacáistíocht seirbhíse (ina foirm chríochnaitheach), agus pacáistíocht táirgthe phríomhúil ( 8 ), is gnách gurb é an monaróir an chuideachta a mhonaraíonn an phacáistíocht iompair nó seirbhíse, ach amháin má bhrandálann úsáideoir na pacáistíochta sin an phacáistíocht sin go soiléir, trína ainm nó a thrádmharc a chur uirthi (Airteagal 3(1), pointí (1)(d) agus (7)). Sa chás sin, is é an t‑úsáideoir an monaróir.

Faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21, féadfar allmhaireoirí agus dáileoirí a mheas a bheith ina monaróirí chun críocha an Rialacháin seo. Tarlaíonn sé sin nuair a chuireann siad pacáistíocht ar an margadh faoina n‑ainm nó faoina dtrádmharc féin nó nuair a dhéanann siad pacáistíocht a cuireadh ar an margadh cheana féin a mhodhnú ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais ábhartha an Rialacháin seo.

De bhun Airteagal 15(1), ‘ní chuirfidh monaróirí ar an margadh ach an phacáistíocht a bheidh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó dá mbun.’ Is féidir leis an monaróir an nós imeachta um measúnú comhréireachta (Airteagal 38) a dhéanamh nó is féidir le duine eile é a dhéanamh thar a cheann (e.g. saotharlann nó scéim deimhniúcháin), i gcomhréir le hAirteagal 15(2). Ní mór don mhonaróir Dearbhú Comhréireachta AE (Airteagal 39) a dhréachtú, bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht arna soláthar ag soláthróirí de bhun Airteagal 16(1), nó ag ionadaí údaraithe, arna cheapadh ag an monaróir trí shainordú i scríbhinn de bhun Airteagal 17. Ciallaíonn sé sin gurb é an monaróir an t‑aon oibreoir eacnamaíoch amháin a bhfuil freagracht dhlíthiúil air as comhlíontacht na pacáistíochta leis na ceanglais inbhuanaitheachta agus lipéadaithe, gan beann ar cé a dhréachtaigh an Dearbhú Comhréireachta AE nó codanna de iarbhír.

Mar sin féin, más micrifhiontar í an chuideachta a chuireann faoi deara go ndeartar nó go monaraítear an phacáistíocht nó an táirge pacáistithe faoina hainm nó faoina trádmharc féin, agus má tá an chuideachta a sholáthraíonn an phacáistíocht lonnaithe sa Bhallstát céanna, is é soláthróir sin na pacáistíochta an monaróir (Airteagal 3(1), pointe (13)(b)). Is amhlaidh sin bíodh an dara cuideachta ina micrifhiontar freisin nó ná bíodh. Más micrifhiontar é monaróir coimeádáin pacáistíochta ach mura micrifhiontar é monaróir an táirge phacáistithe, mar shampla, níl feidhm ag an díolúine. Mura micrifhiontar é monaróir coimeádáin pacáistíochta ach más micrifhiontar é monaróir táirge phacáistithe, tá feidhm ag an díolúine, agus is é monaróir an choimeádáin ba cheart a mheas a bheith ina ‘mhonaróir’ chun críoch PPWR.

De réir Mholadh 2003/361/CE ( 9 ), is micrifhiontar í cuideachta má fhostaíonn sí níos lú ná deichniúr, agus mura mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil nó iomlán a cláir comhardaithe bhliantúil. Is féidir a mheas gur micrifhiontar é saincheadúnaí mura bhfuil 25 % nó níos mó dá chaipiteal nó dá chearta vótála faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an tsaincheadúnóra agus mura bhfeidhmíonn an saincheadúnóir rialú ná tionchar cinntitheach. Má fheidhmíonn, ní mór na tairseacha ábhartha a ríomh trí shonraí comhfhreagracha an tsaincheadúnóra a chur leo, mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2) agus le hAirteagal 3(3) de Mholadh 2003/361/CE.

Mura bhfuil trádainm nó ainm branda ar an bpacáistíocht, d’fhéadfadh sé gurb é an soláthróir (i.e. an duine a mhonaraíonn an phacáistíocht iarbhír) nó an duine a chuireann táirgí pacáistithe ar an margadh é an monaróir. Is é an critéar cinntitheach cé a ordaíonn an phacáistíocht sin agus a dhéanann cinneadh maidir le sonraíochtaí a dearaidh.

Tá an cur chuige céanna a mhínítear thuas infheidhme freisin maidir le pacáistíocht in-athúsáidte. Is é an critéar cinntitheach cé hé an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann faoi deara go ndeartar nó go monaraítear an phacáistíocht faoina ainm nó faoina thrádmharc féin. Is fiú é sin a shoiléiriú a thuilleadh, áfach, trína chur i gcomhthéacs córas athúsáide.

I gcás ina ndeartar pacáistíocht de réir cheanglais shonracha mhonaróirí an táirge phacáistithe agus ina bhfuil a dtrádmharc féin uirthi, is iad sin (i.e. na húsáideoirí) ‘monaróir’ na pacáistíochta in-athúsáidte. Is amhlaidh a bheidh an cás go háirithe maidir le córais athúsáide lúboscailte ( 10 ).

Mar sin féin, más micrifhiontar í cuideachta a chuireann faoi deara go ndeartar nó go monaraítear pacáistíocht in-athúsáidte faoina hainm agus faoina trádmharc, agus má tá an chuideachta a mhonaraíonn an phacáistíocht lonnaithe sa Bhallstát céanna, is í an chuideachta dheireanach sin an monaróir. Is amhlaidh sin bíodh an dara cuideachta ina micrifhiontar freisin nó ná bíodh.

I gcás ina ndeartar pacáistíocht in-athúsáidte de réir ceanglais shonracha oibreora córais athúsáide agus ina bhfuil a thrádmharc uirthi, is é an t‑oibreoir córais athúsáide an ‘monaróir’. Is amhlaidh a bheidh an cás go háirithe maidir le córais athúsáide lúbiata ( 11 ). I gcás nach bhfuil trádmharc sonrach ar phacáistíocht in-athúsáidte, is é monaróir na pacáistíochta an ‘monaróir’, ach amháin más féidir an t‑úsáideoir (i.e. an t‑oibreoir córais athúsáide) a shainaithint mar an té a d’ordaigh an phacáistíocht sin agus a dearadh sonrach.

3.Sainmhíniú ar tháirgeoir pacáistíochta

Forálacha dlí:

Luaitear an méid seo a leanas in Aithris (122):Leis an Rialachán seo, féachtar leis an bprionsabal táirgeoir amháin in aghaidh an aonaid pacáistíochta a shainiú go soiléir, bíodh sin le haghaidh pacáistíocht fholamh nó le haghaidh pacáistíocht ina bhfuil táirgí. Mar riail ghinearálta, ba cheart don táirgeoir a bheith ina oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirgí pacáistithe ar fáil, mar mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir atá bunaithe i mBallstát, ó laistigh de chríoch an Bhallstáit sin agus ar an gcríoch chéanna sin. Áirítear leis sin aon tairiscint maidir le dáileadh, tomhaltas nó úsáid a bhféadfadh soláthar iarbhír a bheith mar thoradh uirthi. Dá bhrí sin, i gcás ina gceannaíonn cuideachta táirge pacáistithe ó Bhallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil an chuideachta lonnaithe é nó ó thríú tír, agus ina soláthraíonn sí an táirge pacáistithe sin sa Bhallstát sin ina bhfuil sí lonnaithe, ba cheart a mheas gurb í an chuideachta sin an táirgeoir toisc gurb í an chéad chuideachta í a chuireann ar fáil an táirge pacáistithe ar chríoch an Bhallstáit sin. Maidir le hardáin ar líne, ba cheart a mheas gurbh ionann táirge a thairiscint den chéad uair agus an táirge a chur ar fáil, de réir shainmhíniú an táirgeora. Mar sin féin, chun aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú do ghnólachtaí beaga a líonann pacáistíocht iompair, pacáistíocht táirgthe phríomhúil nó pacáistíocht seirbhíse, cibé acu mar phacáistíocht aon úsáide nó mar phacáistíocht in-athúsáidte, ag an díolphointe, ba cheart gurb é monaróir, dáileoir nó allmhaireoir na pacáistíochta sin a chuireann an phacáistíocht ar fáil den chéad uair ar shuíomh laistigh de chríoch an Bhallstáit an monaróir, ós rud é gurb é an t‑oibreoir eacnamaíoch sin is fearr atá in ann na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh.’

Le hAirteagal 3(1), pointe (15), sainmhínítear ‘táirgeoir’ mar ‘aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas maidir leis, gan beann ar an modh díola a úsáidtear, lena n‑áirítear trí bhíthin cianchonarthaí:

(a)

tá an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát agus cuireann sé ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin agus ón taobh istigh den chríoch chéanna pacáistíocht iompair, pacáistíocht seirbhíse, nó pacáistíocht táirgthe phríomhúil, bíodh sin mar phacáistíocht aon úsáide nó mar phacáistíocht in-athúsáidte; nó

(b)

tá an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát agus cuireann sé ar fáil den chéad uair, ar chríoch an Bhallstáit sin agus ó shuíomh laistigh den chríoch chéanna sin táirgí atá pacáistithe i bpacáistíocht nach dtagraítear dóibh i bpointe (a); nó

(c)

tá an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agus cuireann sé ar fáil den chéad uair ar chríoch Ballstáit eile, go díreach d’úsáideoirí deiridh, pacáistíocht iompair, pacáistíocht seirbhísí, nó pacáistíocht táirgthe phríomhúil, bíodh sin mar phacáistíocht aon úsáide nó mar phacáistíocht in-athúsáidte); nó

(d)

tá an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agus cuireann sé ar fáil den chéad uair ar chríoch Ballstáit eile, go díreach d’úsáideoirí deiridh, pacáistíocht atá pacáistithe i bpacáistíocht seachas an phacáistíocht dá dtagraítear i bpointe (c); nó

(e)

tá an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát agus déanann sé táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh, murab é gur duine eile an táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d);’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Sainmhínítear táirgeoirí agus monaróirí faoi PPWR chun críoch éagsúil. Tá an táirgeoir freagrach as na costais a íoc a bhaineann le bailiú agus aisghabháil dramhaíola ó phacáistíocht sa Bhallstát féin (Airteagal 45(1)). Chuige sin, ní mór do tháirgeoir clárú agus tuairisciú do na húdaráis náisiúnta ábhartha mar a shonraítear in Airteagal 44 agus an táille freagrachta leathnaithe táirgeora (FLT) a íoc sa Bhallstát ina bhfuil coinne leis go ndéanfar dramhaíl den phacáistíocht. Má íoctar táillí i mBallstát, agus ina dhiaidh sin má chuireann dáileoir an phacáistíocht ar fáil den chéad uair ar chríoch Ballstáit eile, ní mór na táillí a aisíoc. Ar an taobh eile, ní mór don mhonaróir a áirithiú go gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais inbhuanaitheachta agus lipéadaithe a shonraítear in Airteagail 5–12, mar a shonraítear in Airteagal 15(1), sula gcuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair í. Níl ach monaróir amháin ann ar fud an Aontais (féach roinn 3 thuas).

Forbhreathnú ar róil éagsúla na monaróirí agus na dtáirgeoirí in PPWR

Monaróir

Táirgeoir

Sainmhíniú

Monaróirí pacáistíochta nó táirge phacáistithe. De réir an mhéid thuas, ní hé an duine a mhonaraíonn an phacáistíocht ach an duine ‘a ordaíonn an phacáistíocht sin agus a dhéanann cinneadh maidir le sonraíochtaí a dearaidh’

Díolúine d’úinéirí branda i gcás inar micrifhiontair iad, agus ina bhfuil an duine a sholáthraíonn an phacáistíocht lonnaithe sa Bhallstát céanna.

Aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a chuireann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar fáil den chéad uair sa Bhallstát ina bhfuil sé i láthair nó go díreach d’úsáideoirí deiridh i mBallstát eile.

Cainníocht

Oibreoir eacnamaíoch amháin ar fud an Aontais.

An t‑oibreoir eacnamaíoch a chuireann pacáistíocht ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil coinne leis go ndéanfar dramhaíl den phacáistíocht.

Feidhm

Áirithíonn sé comhréireacht na pacáistíochta le ceanglais inbhuanaitheachta agus lipéadaithe.

Maoiníonn sé bainistiú dramhaíola sa Bhallstát ina bhfuil coinne leis go ndéanfar dramhaíl den phacáistíocht.

Is éard is ‘táirgeoir’ ann an chuideachta incháilithe sa slabhra dáilte agus soláthair atá freagrach as na hoibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh i mBallstát (Airteagal 45).

Féachann PPWR leis an bprionsabal táirgeoir amháin in aghaidh an aonaid pacáistíochta a shainiú go soiléir, bíodh sin le haghaidh pacáistíocht fholamh, amhail pacáistíocht iompair agus seirbhíse, nó le haghaidh cásanna ina gcuirtear pacáistíocht ar fáil ar an margadh ar pacáistíocht í a bhfuil táirgí inti, rud is amhlaidh i gcás pacáistíocht díolacháin agus pacáistíocht thánaisteach.

Chun a chinneadh cén Ballstát a bhfuil feidhm ag oibleagáidí FLT ina leith, is gá a sheiceáil cá gcuirtear an phacáistíocht ar fáil den chéad uair ar chríoch Bhallstáit. Sa chleachtas, de ghnáth is é sin an áit a líontar an phacáistíocht.

Leis an sainmhíniú ar tháirgeoir, féachtar leis an oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as oibleagáidí FLT a shainaithint, cibé acu monaróir, allmhaireoir nó dáileoir é, sa Bhallstát ina gcuirtear an táirge pacáistithe ar fáil lena thomhailt agus ina bhfuil coinne leis dá bhrí sin go ndéanfar dramhaíl de. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé nach é an monaróir agus an táirgeoir an t‑oibreoir eacnamaíoch céanna i gcónaí, agus cinnfear cé hé táirgeoir na pacáistíochta de réir 1) an chineáil pacáistíochta a chuirtear ar fáil ar an margadh, 2) cé acu atá nó nach bhfuil sé sa Bhallstát céanna ina monaraítear é, agus 3) cé acu a dhíoltar an táirge pacáistithe leis an úsáideoir deiridh nó a dháiltear a thuilleadh é.

Má onnmhairítear an phacáistíocht nó na táirgí pacáistithe lasmuigh den Aontas, áit a bhfuil coinne leis go ndéanfar dramhaíl díobh, ní bheidh oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora de bhun PPWR infheidhme a thuilleadh maidir leis an táirgeoir.

Is minic a bhíonn pacáistíocht ina cuid de shlabhra fada soláthair agus dáilte ina gcuirtear ar fáil roinnt uaireanta í. Gan beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an phacáistíocht ar fáil a thuilleadh sa Bhallstát céanna nó ar mhéid an oibreora eacnamaíoch, is é an táirgeoir an t‑oibreoir eacnamaíoch a chuireann an phacáistíocht ar fáil den chéad uair sa Bhallstát. Áirítear le cur ar fáil ar an margadh aon tairiscint maidir le dáileadh, tomhaltas nó úsáid a bhféadfadh soláthar iarbhír pacáistíochta nó táirgí pacáistithe a bheith mar thoradh uirthi. I gcás díolacháin ar líne, meastar gurb é atá i dtáirge a thairiscint go díreach d’úsáideoir deiridh é a chur ar fáil ar an margadh i mBallstát an úsáideora deiridh.



Anseo thíos tá léaráid a léiríonn conas is féidir an táirgeoir san Aontas a shainaithint.

Chun táirgeoirí pacáistíochta iompair a shainaithint, is gá an sainmhíniú ar tháirgeoir agus na tosca seo a leanas a mheas:

1)An bhfuil an tearra réidh chun feidhmiú mar phacáistíocht? Is minic a bhíonn comhpháirteanna iomadúla nó eilimintí coimhdeacha i bpacáistíocht iompair, nach bhfuil feidhm phacáistíochta acu iontu féin. Dá bhrí sin, mura mbíonn pacáistíocht réidh chun feidhmiú mar phacáistíocht go dtí go gcuirtear comhpháirteanna eile léi, is é an cóimeálaí a bheidh ina mhonaróir agus ina chéad táirgeoir féideartha.

2)Cé hé monaróir na pacáistíochta iompair? Murab ionann agus pacáistíocht díolacháin agus pacáistíocht thánaisteach, ní mór táirgeoir pacáistíochta iompair a shainaithint le haghaidh na pacáistíochta foilmhe, toisc gur minic gurb í an phacáistíocht fholamh a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair. Mar sin féin, má tá ainm nó trádmharc ar an bpacáistíocht iompair, de ghnáth is é líontóir na pacáistíochta an táirgeoir a bheidh ann. Mura bhfuil an phacáistíocht iompair in-sainaitheanta go huathúil, is gnách gurb é monaróir iarbhír na pacáistíochta an táirgeoir (chun tuilleadh mionsonraí a fháil féach pointe 3 maidir leis an sainmhíniú ar mhonaróir).

3)Cén Ballstát ina gcuirtear an phacáistíocht ar fáil agus cé dó a gcuirtear ar fáil í? Má chuirtear pacáistíocht iompair ar fáil den chéad uair i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil monaróir na pacáistíochta lonnaithe, beidh an monaróir ina tháirgeoir i gcás gurb é an faighteoir úsáideoir deiridh an táirge phacáistithe agus sa chás sin amháin. Murab amhlaidh an cás, is é an faighteoir a bheidh ina tháirgeoir.

Mar shampla, déanann Cuideachta A boscaí móra cairtchláir gan ainm ná trádmharc a mhonarú i mBallstát. Díolann Cuideachta A na boscaí cairtchláir folmha le Cuideachta B sa Bhallstát céanna. San idirbheart sin, is í Cuideachta A an táirgeoir. Má tá ainm nó trádmharc Chuideachta B ar an mbosca cairtchláir, áfach, tagann Cuideachta B chun bheith ina táirgeoir sa Bhallstát sin. Mar sin féin, má dhíolann Cuideachta B na boscaí cairtchláir líonta le Cuideachta C i mBallstát eile, is í Cuideachta C sa Bhallstát eile a bheidh ina táirgeoir. Ar deireadh, má onnmhairítear na boscaí cairtchláir chuig tríú tír, ní bheidh aon táirgeoir in aon Bhallstát toisc nach bhfuil coinne leis go ndéanfar dramhaíl de na boscaí san Aontas.

A mhéid a bhaineann le táirgeoirí pacáistíochta díolacháin, is é an táirgeoir an t‑oibreoir eacnamaíoch a líonann an phacáistíocht agus a chuireann ar fáil den chéad uair í ar chríoch an Bhallstáit. Mar shampla de sin, líonann Cuideachta D torthaí i gcoimeádán agus díolann sí na torthaí pacáistithe le hollmhargadh sa Bhallstát céanna. Sa chás sin, measfar gurb í Cuideachta D an táirgeoir sa Bhallstát sin ós ann a chuireann sí an phacáistíocht ar fáil den chéad uair agus ós ann a bhfuil coinne leis go ndéanfar dramhaíl den phacáistíocht. Mar sin féin, má dhíolann Cuideachta D na torthaí pacáistithe le hollmhargadh i mBallstát eile, is é an t‑ollmhargadh sa Bhallstát sin a bheidh ina tháirgeoir, ós eisean an chuirfidh na torthaí pacáistithe ar fáil ar an margadh den chéad uair sa Bhallstát sin, áit a ndéanfar dramhaíl den phacáistíocht.

Sa chás a thuairiscítear in Airteagal 3(1), pointe (15)(d), sainaithnítear an táirgeoir mar mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a chuireann táirgí pacáistithe ar fáil den chéad uair go díreach d’úsáideoirí deiridh ar chríoch Ballstáit eile. De réir Airteagal 3(1), pointe (23), is duine nádúrtha nó dlítheanach é ‘úsáideoir deiridh’ a bhfuil cónaí air san Aontas agus ar cuireadh táirge ar fáil dó ina cháil mar thomhaltóir nó mar úsáideoir deiridh gairmiúil, agus nach gcuireann an táirge sin ar fáil a thuilleadh ar an margadh san fhoirm inar soláthraíodh dó é. Mar shampla breise de sin, agus úsáid á baint as an sampla thuas, má tá siopa gréasáin ag Cuideachta D áit a ndíolann sí torthaí pacáistithe le húsáideoir deiridh na dtorthaí i mBallstát eile, is í Cuideachta D a bheidh ina táirgeoir agus ní mór di na hoibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh sa Bhallstát eile. 

Dá bhrí sin, is é an toisc chinntitheach cé acu a úsáideann nó nach n‑úsáideann an t‑úsáideoir deiridh gairmiúil an táirge ina tháirgeadh agus, ar an gcaoi sin, nach gcuireann sé an táirge ar fáil a thuilleadh san fhoirm inar soláthraíodh é. Cuideachtaí lóistíochta a fhaigheann earraí pacáistithe allmhairithe ó thríú tíortha agus a dhéanann gníomhaíochtaí láimhseála, amhail díphacáil nó athphacáil i gcainníochtaí níos lú sula seoltar an táirge pacáistithe, ní mheasfar gur úsáideoirí deiridh iad. Ach is iad táirgeoir na pacáistíochta iompair iad má dhéantar an táirge a athphacáistiú, cé nach bhfuil na táirgí pacáistithe faoina n‑úinéireacht.

4.Sainmhíniú ar allmhaireoir agus stádas ‘brainse’ 

Foráil dlí:

Le hAirteagal 3(1), pointe (17), leagtar síos an sainmhíniú ar ‘allmhaireoir’ mar ‘aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann pacáistíocht ó thríú tír ar an margadh.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Tá an sainmhíniú ar allmhaireoir bunaithe ar an sainmhíniú ar ‘allmhaireoir’ in Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2019/1020 ( 12 ) agus ba cheart é a léirmhíniú i gcomhréir leis an treoraíocht léirmhínitheach ghinearálta dá bhforáiltear sa Treoirleabhar Gorm ( 13 ). Fágann an sainmhíniú sin nach mór dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh: (a) bunaíocht san Aontas, agus (b) pacáistíocht nó táirgí pacáistithe nach de thionscnamh an Aontais iad a chur ar an margadh.

Ní mór an coincheap ‘bunaithe’ a léirmhíniú mar sheoladh cláraithe i mBallstát a bheith ann chun dlínse a áirithiú le haghaidh forfheidhmiú agus faireachas margaidh, chomh maith le ráthaíocht a bheith ann go bhfuil páirtí freagrach laistigh den Aontas as comhlíonadh, inrianaitheacht agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha.

I bhformhór na gcásanna, ní eintiteas dlítheanach ar leithligh é brainse agus, ó tharla nach n‑oibríonn sé ach faoi chéannacht na máthairchuideachta, ní ghlacann sé cearta ná oibleagáidí go neamhspleách. Dá bhrí sin, tá conarthaí a dhéanann brainse ceangailteach ó thaobh dlí ar an máthairchuideachta.

Faoi dhlíthe cánach an Aontais agus faoi dhlíthe cánach náisiúnta, is gnách go gcaitear le brainse mar bhuanbhunaíocht ( 14 ) chun críoch cánach. Ní leor oibleagáidí cánach a bheith ar bhrainse ná clárú cánach a bheith aige chun pearsantacht dhlítheanach ar leithligh a thabhairt dó, áfach, agus ní athraíonn sé sin stádas brainsí i ndáil le comhlíonadh rialála. Deimhnítear le roinnt rialuithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ( 15 ) nach bhfuil buanbhunaíocht coibhéiseach le corprú.

Toisc nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ar leithligh ag brainse, ní féidir leis cáiliú mar allmhaireoir faoi PPWR. An ceanglas maidir le bheith ‘bunaithe’, tagraíonn sé do dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá corpraithe san Aontas, ní d’oifig brainse agus sin amháin. Féadfaidh brainse teacht chun bheith ina eintiteas dlítheanach ar leithligh (i.e. fochuideachta) nuair a chorpraítear é faoi dhlí Ballstáit, nuair atá a phearsantacht dhlítheanach, a chearta agus a oibleagáidí féin aige agus nuair is féidir leis úinéireacht a bheith aige ar shócmhainní, agra a dhéanamh agus a bheith inagartha go neamhspleách.

Dá bhrí sin, ní mór do mhonaróir neamh-AE nach bhfuil ach brainse san Aontas aige fochuideachta a chorprú san Aontas, nó ionadaí údaraithe a cheapadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (19), má chuireann Ballstát a bhfuil pacáistíocht nó táirgí pacáistithe á gcur ar fáil aige ar a chríoch den chéad uair de cheangal air déanamh amhlaidh.

Tá feidhm ag an réasúnaíocht chéanna maidir leis an gceist an féidir le brainse de dhuine nádúrtha nó dlítheanach neamh-AE a bheith ina ‘dháileoir’, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (18).

Na hoibleagáidí FLT dá bhforáiltear faoi PPWR, tá feidhm acu maidir le ‘táirgeoirí’ (monaróirí, allmhaireoirí nó dáileoirí) a chuireann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar fáil den chéad uair ar chríoch Bhallstáit (féach pointe 4 den doiciméad seo). Ní leathnaítear oibleagáidí FLT go sainráite leis an Rialachán chuig eintitis nach bhfuil cláraithe ach le haghaidh cáin bhreisluacha (CBL) nó a bhfuil buanbhunaíocht acu gan pearsantacht dhlítheanach. Dá n‑áiteofaí gurb ionann clárú le haghaidh CBL ann féin agus ‘bunaíocht’ chun críoch oibleagáidí FLT, thiocfadh sé sin salach ar an sainmhíniú comhchuibhithe ar allmhaireoir in Airteagal 3(1), pointe (17). Ní féidir leis na Ballstáit ceanglais bhreise a fhorchur a dhéanann dochar do chomhchuibhiú choincheap an táirgeora agus an allmhaireora faoi PPWR.

5.Srianta PFAS i bpacáistíocht bhia-thadhaill a fhorfheidhmiú agus ídiú stoc

Forálacha dlí:

In Airteagal 3(1), pointe (13), sainmhínítear ‘monaróir’ mar ‘d[h]uine nádúrtha nó dlítheanach’ dá ‘ndeartar’ nó dá ‘monaraítear’ ‘pacáistíocht nó táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, gan beann ar aon trádmharcanna eile a bheith infheicthe ar an bpacáistíocht nó ar an táirge pacáistithe (...).’

In Airteagal 3(1), pointe (10), sainmhínítear ‘cur ar an margadh’ mar ‘p[h]acáistíocht a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair, bíodh sí folamh nó le táirge’. In Airteagal 3(1), pointe (11), sainmhínítear ‘cur ar fáil ar chríoch an Bhallstáit’ mar ‘p[h]acáistíocht a sholáthar, bíodh sí folamh nó le táirge, lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid (...) bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce.’

Luaitear in Airteagal 5(5): ‘Ón 12 Lúnasa 2026, ní chuirfear pacáistíocht a bhíonn i dtadhall le bia ar an margadh má tá substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) inti i dtiúchan atá cothrom leis na teorainnluachanna seo a leanas nó os a gcionn, sa mhéid nach bhfuil toirmeasc ar an bpacáistíocht sin, a bhfuil an cineál sin tiúchan PFAS inti, a chur ar an margadh de bhun gníomh dlí eile de chuid an Aontais:

(a)

25 ppb i gcás aon PFAS arna thomhas le hanailís PFAS spriocdhírithe (PFASanna polaiméireacha eisiata ón gcainníochtú);

(b)

250 ppb i gcás suim na PFASanna arna tomhas mar shuim na hanailíse spriocdhírithe PFAS, i gcás inarb infheidhme le díghrádú réamhtheachtaithe roimhe sin (PFASanna polaiméireacha eisiata ón gcainníochtú); agus

(c)

50 ppm i gcás PFASanna (PFASanna polaiméireacha san áireamh); más mó ná 50 mg/kg méid iomlán an fhluairín, tabharfaidh an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an t‑úsáideoir iartheachtach, mar a shainmhínítear faoi seach in Airteagal 3, pointí (9), (11) agus (13) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, don mhonaróir nó don allmhaireoir mar a shainmhínítear faoi seach iad in Airteagal 3(1), pointí (13) agus (17), den Rialachán seo, cruthúnas, arna iarraidh sin, ar chainníocht an fhluairín agus é tomhaiste mar chion de na PFASanna nó de shubstaintí nach PFASanna iad chun go ndéanfaidh siad an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a tharraingt suas.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Is éard is pacáistíocht bhia-thadhaill ann pacáistíocht a bheartaítear a thabhairt i dtadhall le bia nó atá i dtadhall le bia cheana féin agus a bhí beartaithe chun na críche sin, de réir raon feidhme reachtaíocht bia an Aontais.

Tá na húdaráis faireachais dá dtagraítear in PPWR, bunaithe ar Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le rialacha faireachais margaidh, inniúil chun comhlíonadh na dteorainneacha PFAS a fhíorú.

Tá roinnt prótacal agus modheolaíochtaí ann chun láithreacht PFAS i maitrísí éagsúla a thástáil, ach níl aon mhodheolaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais le haghaidh PFAS i bpacáistíocht bhia-thadhaill. Sa chomhthéacs sin, moltar an cur chuige céim ar chéim seo a leanas, bunaithe ar acmhainneachtaí anailíse úrscothaí agus ar mheitea-anailís ar thástáil PFAS ar na maitrísí ábhartha, chun na teorainneacha PFAS a fhorfheidhmiú óna ndáta cur i bhfeidhm, i.e. an 12 Lúnasa 2026:

1.Cainníochtú Fluairín Iomláin (TF) (céim 1): Má tá TF faoi bhun 50 mg/kg ( 16 ), d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an sampla comhlíontach.

2.Má tá TF os cionn 50 mg/kg, is féidir modhanna amhail pirealú móide crómatagrafaíocht gháis/mais-speictriméadracht a úsáid chun a dheimhniú cé acu orgánach (PFAS) nó neamhorgánach atá an fluairín i gcéim 2. Má tá an fluairín orgánach faoi bhun 50 mg/kg, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an sampla comhlíontach.

3.Moltar anailís dhíreach TOP (réamhtheachtaithe in-ocsaídithe iomlána) a dhéanamh chun comhlíontacht leis an teorainn tiúchana 25 μg/kg ( 17 ) agus 250 μg/kg i gcéim 3 a sheiceáil. 

Ar bhonn na fianaise atá ar fáil don Choimisiún faoi láthair, tá gach sampla a chomhlíonann tástáil (1) i gcomhlíontacht freisin le tástálacha (2) agus (3).

Tá an méid sin gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 maidir leis na rialuithe arna ndéanamh chun comhlíonadh na rialacha maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia a fhíorú, lena n‑áirítear na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(5) PPWR.  

A mhéid a bhaineann le pacáistíocht ina bhfuil PFAS, a táirgeadh roimh an 12 Lúnasa 2026, ní dhéantar foráil le PPWR maidir le hidirthréimhse chun stoic a ídiú. Dá bhrí sin, ní mór do phacáistíocht bhia-thadhaill a chuirtear ar an margadh tar éis an 12 Lúnasa 2026 na teorainneacha PFAS a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, agus féadfaidh pacáistíocht a chuirtear ar an margadh roimh an 12 Lúnasa 2026 fanacht ar an margadh agus ní gá í a tharraingt siar. Níl aon eisceacht ann maidir le pacáistíocht ina bhfuil ábhar athchúrsáilte.

Go ginearálta, déantar pacáistíocht bhia-thadhaill díolacháin agus pacáistíocht bhia-thadhaill thánaisteach a chur ar an margadh nuair a líontar iad, a mhéid a d’fhéadfadh na céimeanna próiseála deiridh amhail na próisis séalaithe tionchar a imirt ar chomhlíonadh na pacáistíochta, agus cuirtear pacáistíocht iompair agus pacáistíocht seirbhíse ar an margadh agus iad folamh.

I gcomhréir leis an Treoirleabhar Gorm um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí ( 18 ), tarlaíonn cur ar an margadh nuair is ann do thairiscint nó comhaontú idir páirtithe maidir le ‘[h]aistriú úinéireachta, seilbhe nó aon chirt maoine eile’. Is féidir é sin a dhéanamh ‘ar íocaíocht nó saor in aisce’ nuair a bheidh céim mhonaraíochta an táirge curtha i gcrích. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh monaróir pacáistíocht bhia-thadhaill fholamh nó líonta a chur ar an margadh gan ach an tseilbh dhlíthiúil a aistriú. I gcás pacáistíocht nó táirgí pacáistithe allmhairithe, is é an stampa ama ábhartha an ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ i ndeireadh an nós imeachta custaim.

6.Dáta chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le hin-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a áirithiú

Forálacha dlí:

Airteagal 6(1): ‘Beidh gach pacáistíocht a chuirfear ar an margadh in-athchúrsáilte.’

Airteagal 6(2): ‘Measfar go bhfuil pacáistíocht in-athchúrsáilte má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

(a)

deartar í ar bhealach le haghaidh athchúrsáil ábhar a chumasaíonn úsáid na n‑amhábhar tánaisteach a eascraíonn aisti agus atá ar cháilíocht atá leordhóthanach i gcomparáid leis an ábhar bunaidh gur féidir iad a úsáid chun amhábhair phríomhúla a ionadú, i gcomhréir le mír 4; agus

(b)

nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl, is féidir í a bhailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (5); agus is féidir í a shórtáil ina sruthanna sonracha dramhaíola gan difear a dhéanamh d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile; agus is féidir í a athchúrsáil ar an mórchóir, ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 go gcomhlíonann sí an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 5 go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

Beidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2030 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4, cibé acu is déanaí.

Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2035 nó, a mhéid a bhaineann leis an gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir, ón 1 Eanáir 2035 nó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5, cibé acu is déanaí.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) go mbeidh an phacáistíocht uile a chuirtear ar an margadh in-athchúrsáilte gan sprioc-am sonrach a sholáthar chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm, rud a fhágann go mbeidh feidhm aici ón 12 Lúnasa 2026.

Beidh feidhm ag Airteagal 6(2)(a) ‘ón 1 Eanáir 2030 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4, cibé acu is déanaí’. De réir Airteagal 6(4), ba cheart don Choimisiún an gníomh tarmligthe sin, lena gcomhchuibheofar go hiomlán na ceanglais maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta agus an mhodheolaíocht ghaolmhar maidir le measúnú, a ghlacadh faoin 1 Eanáir 2028.

Tá Airteagal 6(1) comhchosúil le ceanglas fíor-riachtanach in Iarscríbhinn II, pointe 3(a), de Threoir (AE) 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (dá ngairtear PPWD anseo feasta), a bhaineann leis an bpacáistíocht is in-aisghabhála i bhfoirm athchúrsáil ábhair, ach níl siad mar an gcéanna. Mar shampla, cé go raibh ‘ceanglais fhíor-riachtanacha’ in PPWD maidir le comhdhéanamh agus dearadh pacáistíochta, níor chruthaigh sé oibleagáid i leith doiciméadacht theicniúil aonfhoirmeach a bheadh ceangailte le critéir in-athchúrsáilteachta chomhchuibhithe. Chomh maith leis sin, bhí friotal an cheanglais fhíor-riachtanaigh maidir le ‘pacáistíocht is in-aisghabhála i bhfoirm athchúrsáil ábhair’ (Iarscríbhinn II, pointe 3(a) PPWD) doiléir agus deacair a fhorfheidhmiú go dlíthiúil. Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint nach gá do mhonaróirí a chomhlíonadh, go dtí dáta chur i bhfeidhm Airteagal 6(2)(a) PPWR i ndáil le ceanglais maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta, ach ceanglais i gcomhréir le PPWD agus na caighdeáin chomhchuibhithe ghaolmhara (e.g. EN 13430:2004 - Ceanglais maidir le pacáistíocht is in-aisghabhála trí athchúrsáil ábhair ( 19 )). 

Ó ghlacfar an gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 6(4), beidh 24 mhí ag monaróirí chun na ceanglais maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta a chomhlíonadh agus chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh ach pacáistíocht atá in-athchúrsáilte de réir bhrí PPWR. Má thagann an gníomh tarmligthe sin i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir 2028, beidh feidhm ag na ceanglais 24 mhí ón dáta sin.

Ní gá do mhonaróirí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38 agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le PPWR le haghaidh in-athchúrsáilteachta go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe (na gníomhartha tarmligthe) faoi Airteagal 6(4) PPWR i bhfeidhm.

7.Díolúintí ó spriocanna maidir le cion an ábhair athchúrsáilte 

Forálacha dlí:

Aithris (50): ‘Is gá d’ábhair teagmhála bia ina bhfuil plaisteach athchúrsáilte na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún a chomhlíonadh, lena n‑áirítear ceanglais maidir le teicneolaíochtaí athchúrsála. Maidir le pacáistíocht phlaisteach, ach amháin i gcás ina ndéantar an phacáistíocht sin as teireataláit phoileitiléine (TPE), is iomchuí athmheasúnú a dhéanamh ar infhaighteacht teicneolaíochtaí oiriúnacha athchúrsála le haghaidh na pacáistíochta plaistí sin fada go leor roimh dháta chur i bhfeidhm na gceanglas gaolmhar maidir le hábhar athchúrsáilte. Ina theannta sin, ba cheart staid an údaraithe faoi rialacha ábhartha an Aontais agus suiteáil iarbhír na teicneolaíochta sin a chumhdach leis an measúnú sin. Bunaithe ar an measúnú sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar na ceanglais maidir le cion an ábhair athchúrsáilte do phacáistíocht phlaisteach shonrach atá íogair ó thaobh teagmhála de nó le liosta na n‑eisceachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo a leasú. Chuige sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún.’

Luaitear le hAirteagal 7(5) ‘[nach mb]eidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) pacáistíocht phlaisteach a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia i gcás ina bhfuil cainníocht chion an ábhair athchúrsáilte ina bagairt do shláinte an duine agus i gcás nach gcomhlíonfadh táirgí pacáistithe Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 dá dheasca sin;

(b) aon pháirt phlaisteach ar lú a cuid den aonad pacáistíochta ná 5 % de mheáchan iomlán an aonaid pacáistíochta uile.’

Airteagal 7(12): ‘Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le maoluithe ar na híoschéatadáin d’ábhar athchúrsáilte a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), le pacáistíocht phlaisteach shonrach, nó le hathbhreithniú ar an liosta eisceachtaí i mír 4 le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach.

Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás nach n‑údaraítear teicneolaíochtaí athchúrsála oiriúnacha chun pacáistíocht phlaisteach a athchúrsáil faoi rialacha ábhartha an Aontais nó nach bhfuil siad ar fáil go leordhóthanach sa chleachtas, agus aon cheanglas a bhaineann le sábháilteacht á chur san áireamh, go háirithe maidir le pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de, lena n‑áirítear pacáistíocht bhia, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar an raon feidhme, ar an uainiú nó ar an leibhéal íoschéatadáin a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo, le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach; agus

(b) de réir mar is iomchuí, liosta na n‑eisceachtaí a bhunaítear i mír 4 den Airteagal seo a leasú.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Bunaítear le hAirteagal 7(5) díolúintí sonracha ón oibleagáid maidir le hábhar athchúrsáilte. Tagraíonn an díolúine a bhunaítear in Airteagal 7(5)(a) do phacáistíocht phlaisteach a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia i gcás ina bhfuil cainníocht chion an ábhair athchúrsáilte ina bagairt do shláinte an duine agus i gcás nach gcomhlíonfadh táirgí pacáistithe Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ( 20 ) dá dheasca sin. An díolúine a bhunaítear in Airteagal 7(5)(b), baineann sí le páirteanna plaisteacha ar lú a gcuid de mheáchan iomlán an aonaid pacáistíochta ná 5 %. Ba cheart an coincheap ‘páirteanna plaisteacha’ a léirmhíniú i gcomhréir leis an sainmhíniú ar phacáistíocht ilchodach in Airteagal 3(1), pointe 24, PPWR.

Tá feidhm dhíreach ag an dá dhíolúine agus dá bhrí sin ní gá don Choimisiún ná do na húdaráis inniúla náisiúnta iad a dheonú go sonrach. Chun go mbeidh feidhm ag na díolúintí, ní mór don mhonaróir bunús a thabhairt le comhlíonadh cheanglais na ndíolúintí sa doiciméadacht theicniúil, trí fhianaise dhoiciméadaithe a sholáthar (e.g. maidir le heaspa teicneolaíochtaí athchúrsála údaraithe).

Chun cáiliú don díolúine in Airteagal 7(5)(a), ní mór a shonrú sa doiciméadacht theicniúil, i gcás gach páirte plaistí a bhfuil a cuid de mheáchan iomlán an aonaid pacáistíochta níos mó ná 5 % nó cothrom leis, an pholaiméir a úsáidtear. Ní mór an méid seo a leanas a dheimhniú inti, i bhfianaise na húsáide atá beartaithe don phacáistíocht agus na sprice:

-‘Ní liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616 teicneolaíocht athchúrsála atá oiriúnach don pholaiméir sin’; agus,

-‘níl aon teicneolaíocht athchúrsála ar fáil ar scála tionsclaíoch chun an pholaiméir sin a mhonarú i gcomhréir leis na próisis a thuairiscítear in Airteagal 4(3) den Rialachán sin’.

Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú faoin 1 Eanáir 2028 ar an ngá atá le díolúintí breise a dheonú ó na hoibleagáidí maidir le cion an ábhair athchúrsáilte le haghaidh pacáistíocht phlaisteach nó le hathbhreithniú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana a liostaítear in Airteagal 7(4) PPWR.

8.Solúbthacht do na Ballstáit pacáistíocht inmhúirínithe a shainordú agus toimhde na comhréireachta 

Forálacha dlí:

Aithris (53): ‘Is minic an sruth dramhaíola bithdhramhaíola éillithe le gnáthphlaistigh agus is minic na sruthanna athchúrsála ábhar éillithe le plaistigh inmhúirínithe. Mar thoradh ar an tras-éilliú sin cuirtear amú acmhainní agus is ísle cáilíocht na n‑amhábhar tánaisteach; ba cheart an tras-éilliú a chosc ag an bhfoinse. I bhfianaise an ábhair imní sin, ba cheart do na Ballstáit an bainistiú dramhaíola iomchuí ar a gcríoch a shonrú le haghaidh pacáistíocht inmhúirínithe. Toisc go bhfuil an bealach diúscartha ceart do phacáistíocht phlaisteach inmhúirínithe ag éirí níos mearbhlaí do thomhaltóirí, is ceart agus is gá rialacha soiléire comhchoiteanna a leagan síos maidir le húsáid pacáistíochta plaistí inmhúirínithe, gan sainordú a thabhairt ach i gcás ina dtagann leas soiléir don chomhshaol nó do shláinte an duine as an úsáid sin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás inar cuidiú é pacáistíocht inmhúirínithe a úsáid chun bithdhramhaíl a bhailiú nó a dhiúscairt, mar shampla i gcás táirgí ina bhfuil an deighilt idir an t‑ábhar agus an phacáistíocht an-chasta, amhail málaí tae.’

Aithris (54): ‘Maidir le líon teoranta feidhmeanna pacáistíochta a dhéantar as polaiméirí plaisteacha in-bhithdhíghrádaithe, tagann sochair chomhshaoil inléirithe as pacáistíocht inmhúirínithe a úsáid, a théann isteach i ngléasraí múirínithe, lena n‑áirítear saoráidí díleá anaeróbaigh faoi choinníollacha rialaithe. Ina theannta sin, i gcás ina gcuirfidh Ballstát i bhfeidhm Airteagal 22(1), an dara fomhír, de Threoir 2008/98/CE agus ina mbeidh scéimeanna iomchuí bailithe dramhaíola agus bonneagair iomchuí cóireála dramhaíola ar fáil sa Bhallstát sin, ba cheart solúbthacht a bheith ann don Bhallstát sin cinneadh a dhéanamh an ceart cead a thabhairt pacáistíocht inmhúirínithe le haghaidh caife, tae nó córais dí eile a chur ar fáil ar a chríoch den chéad uair in aonaid aonfhreastail atá comhdhéanta d’ábhar pacáistíochta eile nach miotal é, as málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, as málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma agus an ceart cead a thabhairt pacáistíocht eile a bhí faoi réir ceanglais a bheith inmhúirínithe a chur ar fáil ar a gcríoch den chéad uair roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun mearbhall tomhaltóirí a sheachaint maidir leis an mbealach diúscartha ceart, agus breithniú á dhéanamh ar an sochar comhshaoil a bhaineann le ciorclaíocht an charbóin, ba cheart gach pacáistíocht eile a chur ar aghaidh chun athchúrsáil ábhar agus ba cheart a áirithiú le dearadh na pacáistíochta sin nach ndéanann sé difear d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile.’

Aithris (56): ‘Mar a thuairiscítear in ‘EU policy framework on biobased, biodegradable and compostable plastics’ [Creat beartais an Aontais maidir le plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe], a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022, ní thuigtear dianscaoileadh i múiríniú baile as comhlíonadh na gcaighdeán maidir le múiríniú tionsclaíoch. Sa mhúiríniú tionsclaíoch, is iad teochtaí arda agus leibhéil arda taise na dálaí riachtanacha. Sa mhúiríniú baile, a dhéanann daoine príobháideacha, lena n‑áirítear i bpobail, bíonn na dálaí iarbhír ag brath go mór ar chúinsí aeráide áitiúla agus ar chleachtais na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, tá an baol ann gur moille an bith-dhíghrádú sa mhúiríniú baile ná sa mhúiríniú tionsclaíoch, nó nach gcríochnófar é. Go háirithe, níor cheart múiríniú baile na pacáistíochta plaistí a mheas ach amháin le haghaidh feidhmeanna sonracha agus i gcomhthéacs dálaí áitiúla sonracha faoi mhaoirseacht na n‑údarás ábhartha.’

Airteagal 9(2): ‘De mhaolú ar Airteagal 6(1), i gcás ina gceadóidh na Ballstáit dramhaíl ag a bhfuil airíonna in-bhithdhíghrádaitheachta agus inmhúirínitheachta comhchosúla le bithdhramhaíl de bhun Airteagal 22(1) de Threoir 2008/98/CE a bhailiú in éineacht le bithdhramhaíl, agus go bhfuil scéimeanna bailithe dramhaíola agus bonneagar cóireála dramhaíola iomchuí ar fáil chun a áirithiú go rachaidh pacáistíocht inmhúirínithe isteach sa sruth bainistithe bithdhramhaíola, féadfaidh na Ballstáit a éileamh nach gcuirfear an phacáistíocht seo a leanas ar fáil ar a gcríoch den chéad uair ach amháin má tá an phacáistíocht inmhúirínithe:

(a) pacáistíocht dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (1)(g), atá comhdhéanta as ábhar nach miotal é, málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom agus málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma;

(b) pacáistíocht seachas an phacáistíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar cheangail an Ballstát cheana féin go mbeadh sí inmhúirínithe roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ar cheart pacáistíocht sa bhreis ar fhormáidí pacáistíochta a liostaítear in Airteagal 9(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 9(2) a bheith inmhúirínithe ar a gcríocha go dtí an 12 Lúnasa 2026. Ní fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh ach go bhfuil na formáidí pacáistíochta inmhúirínithe breise sin inmhúirínithe go tionsclaíoch. Ba cheart do na Ballstáit aon riail náisiúnta lena sainordaítear inmhúirínitheacht le haghaidh earraí pacáistíochta breise a chur in iúl go soiléir do na hoibreoirí eacnamaíocha agus don phobal i gcoitinne, agus don Choimisiún Eorpach, chun aon mhearbhall a sheachaint. Moltar do na Ballstáit liostaí sainráite de na hearraí sin a thiomsú agus a chur ar fáil go poiblí chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha na ceanglais ghaolmhara maidir le lipéadú agus inmhúirínitheacht a chomhlíonadh.

Cé go gceadaítear leis an Rialachán inmhúirínitheacht sa bhaile i gcás líon teoranta earraí pacáistíochta plaistí a liostaítear in Airteagal 9(1), rud a léiríonn cásanna ina gcuireann na Ballstáit an múiríniú baile chun feidhme mar cheann de na roghanna bainistithe dramhaíola le haghaidh bithdhramhaíola, níor cheart cuimhneamh ar an múiríniú baile ach amháin i gcomhthéacs dálaí áitiúla sonracha agus níor cheart é a chur chun feidhme ach amháin faoi mhaoirseacht na n‑údarás ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit aon riail náisiúnta lena sainordaítear inmhúirínitheacht sa bhaile a chur in iúl go soiléir do na hoibreoirí eacnamaíocha agus don phobal i gcoitinne, agus don Choimisiún Eorpach, chun aon mhearbhall a sheachaint. Moltar do na Ballstáit liostaí sainráite de na hearraí sin a thiomsú agus a chur ar fáil go poiblí chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha na ceanglais ghaolmhara maidir le lipéadú agus inmhúirínitheacht a chomhlíonadh.

Le PPWR ceadaítear do na Ballstáit inmhúirínitheacht sa bhaile a shainordú sula nglacfar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó ina n‑éagmais fiú.

A mhéid a bhaineann le toimhde na comhréireachta maidir le pacáistíocht atá inmhúirínithe sa bhaile, féadfaidh monaróirí aon chaighdeán náisiúnta atá ann cheana maidir le hinmhúirínitheacht sa bhaile agus scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana a úsáid chun comhlíonadh Airteagal 9 a léiriú, ach ní chruthaíonn na deimhnithe sin toimhde na comhréireachta leis an gceanglas inmhúirínitheachta.

Faoin 12 Feabhra 2026, iarrfaidh an Coimisiún ar na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán nua uile-Aontais a chruthú maidir le hinmhúirínitheacht sa bhaile, de bhun Airteagal 9(6).

Is féidir caighdeán EN 13432 atá ann cheana maidir le múiríniú tionsclaíoch ( 21 ) a úsáid mar threoraíocht go dtí go nglacfar an caighdeán nua. Ach is ón dáta a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh cinneadh nua lena liostófar caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, mar a diarr an Coimisiún de bhun Airteagal 9(6), agus ón dáta sin amháin is féidir comhréireacht leis na caighdeáin chomhchuibhithe nua maidir le pacáistíocht inmhúirínithe a thoimhdiú.

9.Sainmhíniú ar na téarmaí ‘tréscaoilteach’ agus ‘bog iarúsáide’ i gcomhthéacs pacáistíochta inmhúirínithe

Forálacha dlí:

Luaitear in Airteagal 3(1): ‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(…)

(f) aonad aon fhreastail mála tae nó caife tréscaoilteach nó mála deochanna eile, nó córas bog iarúsáide ina gcoinnítear táirge tae, caife nó deoch eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Foráil atá neodrach ó thaobh ábhair de is ea Airteagal 9(1) agus d’fhéadfadh sé tagairt do mhálaí tréscaoilteacha tae, caife nó deochanna eile, nó d’aonaid riar amháin ar cuid de chóras iad agus atá bog tar éis a n‑úsáide agus déanta as aon ábhar, lena n‑áirítear aonaid pháipéarbhunaithe riar amháin. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 9, ní mór an phacáistíocht sin a dhearadh le haghaidh a múirínithe faoin 12 Feabhra 2028.

10.Íoslaghdú pacáistíochta

Forálacha dlí:

Aithris 60: ‘(...) Cé go bhfuil margaíocht agus glacadh le tomhaltóir fós ábhartha maidir le dearadh pacáistíochta, níor cheart iad a bheith ina gcuid de chritéir feidhmíochta lena dtabharfaí údar, iontu féin, le meáchan breise agus toirt bhreise a chur le pacáistíocht. (…)’

Airteagal 10(1): ‘Faoin 1 Eanáir 2030, áiritheoidh an monaróir nó an t‑allmhaireoir go ndéanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh a dhearadh ar chaoi a laghdófar a meáchan agus a toirt chuig an meáchan agus an toirt íosta is gá chun a feidhmiúlacht a áirithiú, agus cruth agus ábhar déanta na pacáistíochta á chur san áireamh.’

Airteagal 10(2): ‘Maidir le pacáistíocht nach gcomhlíonann na critéir feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV (...) áiritheoidh an monaróir nó an t‑allmhaireoir nach gcuirfear an phacáistíocht sin ar an margadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas (...).’

Déantar foráil in Airteagal 10(2)(a) agus (b) maidir le dhá dhíolúine, is iad sin:

(a)tá an dearadh pacáistíochta faoi chosaint dearaidh Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle, nó le cearta deartha a thagann faoi raon feidhme Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n‑áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, nó gur trádmharc é a chruth a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n‑áirítear trádmharcanna arna gclárú faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, tá na cearta deartha agus na trádmharcanna faoi chosaint roimh an 11 Feabhra 2025, agus dhéanfadh cur i bhfeidhm na gceanglas faoin Airteagal seo difear do dhearadh na pacáistíochta ar bhealach ina n‑athródh sé a úrnuacht nó a saintréith aonair, nó go ndéanfadh sé difear don trádmharc ar bhealach nach féidir leis an trádmharc an táirge marcáilte a idirdhealú a thuilleadh ó tháirgí na ngnóthas eile; nó

(b)nó tairbhíonn an táirge pacáistithe nó an deoch de thásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais, amhail faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh fíona, Rialachán (AE) 2019/787 le haghaidh deochanna biotáilleacha, nó Rialachán (AE) 2023/2411 le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, nó a chumhdaítear le scéim cáilíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 10(3): ‘Faoin 12 Feabhra 2027, iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun comhlíonadh na gceanglas maidir le híoslaghdú pacáistíochta faoin Rialachán seo a ríomh agus a thomhas. Maidir le formhór na gcineálacha agus na bhformáidí coitianta pacáistíochta, ba cheart sonrú sna caighdeáin sin teorainneacha leordhóthanacha uasta meáchain agus toirte, agus, i gcás inarb iomchuí, tiús ballaí agus an spás folamh uasta.’

Iarscríbhinn IV, Cuid A, pointe 4: ‘Feidhmiúlacht na pacáistíochta: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar a feidhmiúlacht agus cuspóir an táirge agus saintréithe an táirge á gcur san áireamh a chuireann lena dhíol, amhail díolacháin chun críoch bronntanais nó nuair a tharlaíonn teagmhais shéasúracha.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Le ceanglais íoslaghdaithe pacáistíochta, cuidítear leis na Ballstáit a spriocanna ginearálta maidir le laghdú dramhaíola ó phacáistíocht a bhaint amach ar bhealach comhchuibhithe agus is lú is gá dul i muinín beart náisiúnta éagsúil chun go gcomhlíonfar an sprioc maidir le dramhaíl a chosc mar a leagtar síos in Airteagal 43.

Ní ceanglais nua iad sin. Ba ann dóibh cheana faoi PPWD mar cheanglais fhíor-riachtanacha lenar ghabh caighdeán modheolaíochta comhchuibhithe gaolmhar um chomhlíonadh (EN 13428:2004) ( 22 ). Cé gur aistríodh na heilimintí maidir leis an measúnú ar íoslaghdú pacáistíochta ón gcaighdeán comhchuibhithe isteach in PPWR, baineadh ‘glacadh [ag] tomhaltóir’ agus ‘margaíocht’ mar chúiseanna (‘critéir feidhmíochta’) lena dtabharfaí údar le meáchan breise agus toirt bhreise a chur le pacáistíocht. Ar an taobh eile, cuireadh cúiseanna eile isteach, amhail in-athchúrsáilteacht, cion an ábhair athchúrsáilte nó athúsáid, mar chritéir nua.

Chun an modhnú sin a chur chun feidhme, tugann PPWR sainordú don Choimisiún a iarraidh ar CEN an caighdeán atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta faoin 12 Feabhra 2027. I dteannta na modheolaíochta measúnaithe nuashonraithe, déanfar foráil sa chaighdeán nuashonraithe maidir leis na huasteorainneacha leordhóthanacha meáchain agus toirte do na cineálacha agus na formáidí pacáistíochta is coitianta.

Beidh an caighdeánú ina chuidiú leis an tionscal a chruthú go gcomhlíontar na ceanglais íoslaghdaithe, ós rud é go bhfágann comhlíonadh caighdeáin chomhchuibhithe go dtoimhdítear go gcomhlíontar an ceanglas inbhuanaitheachta. Beidh ar na Ballstáit glacadh leis an bpacáistíocht chomhlíontach sin agus a cheadú go gcuirfear ar fáil ar a margaí í gan an deis a bheith acu ceanglais náisiúnta éagsúla nó bhreise a leagan síos.

De réir Airteagal 70(1)(b), beidh na ceanglais íoslaghdaithe pacáistíochta atá ann cheana agus a gcaighdeán comhlíontachta fós i bhfeidhm go dtí deireadh 2029. Ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 10 araon (ón 1 Eanáir 2030), agus beifear in ann caighdeán comhchuibhithe EN 13428:2004 atá ann cheana a úsáid fós mar threoraíocht go dtí go mbeidh caighdeán nua nó nuashonraithe ar fáil, agus go dtí sin amháin.

Beidh deis ag an tionscal rannchuidiú le caighdeáin nua a fhorbairt trína saineolaithe sa ghnáthphróiseas caighdeánaithe. Sa phróiseas sin, cuirfear saincheisteanna amhail ‘cruth’ na pacáistíochta agus feidhmiúlacht na pacáistíochta san áireamh go cuí.

11.An gaol idir na ceanglais íoslaghdaithe in Airteagal 10 agus an cóimheas spáis fholaimh in Airteagal 24

Forálacha dlí:

Airteagal 10(1): ‘Faoin 1 Eanáir 2030, áiritheoidh an monaróir nó an t‑allmhaireoir go ndéanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh a dhearadh ar chaoi a laghdófar a meáchan agus a toirt chuig an meáchan agus an toirt íosta is gá chun a feidhmiúlacht a áirithiú, agus cruth agus ábhar déanta na pacáistíochta á chur san áireamh.’

Airteagal 10(2): ‘Maidir le pacáistíocht nach gcomhlíonann na critéir feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo agus pacáistíocht ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil d’aidhm acu ach toirt bhraite an táirge a mhéadú, lena n‑áirítear ballaí dúbailte, íochtair bhréige, agus sraitheanna nach bhfuil gá leo, áiritheoidh an monaróir nó an t‑allmhaireoir nach gcuirfear an phacáistíocht sin ar an margadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas: (…).’

Airteagal 24(1): ‘Faoin 1 Eanáir 2030 nó faoi cheann 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 2, cibé acu is déanaí, áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha a líonann pacáistíocht ghrúpáilte, pacáistíocht iompair, nó pacáistíocht ríomhthráchtála, gurb é an cóimheas spáis fholaimh uasta, arna shloinneadh mar chéatadán, 50 %.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Tá feidhm ag an gcóimheas spáis fholaimh in Airteagal 24 maidir le pacáistíocht thánaisteach, iompair agus ríomhthráchtála agus ní mór don duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann nó a líonann an phacáistíocht sin é a chomhlíonadh. Bunóidh an Coimisiún an mhodheolaíocht chun an cóimheas spáis fholaimh a ríomh i ngníomh cur chun feidhme a ghlacfar roimh an 12 Feabhra 2028.

Maidir le pacáistíocht díolacháin, níl na ceanglais íoslaghdaithe a bhaineann le spás folamh nasctha le haon tairseach réamhshainithe agus, dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh orthu bunaithe ar chaighdeán EN 13428:2004 ( 23 ), caighdeán atá ann cheana agus a mbeidh feidhm aige go dtí an 1 Eanáir 2030, agus tabharfar cothrom le dáta iad i gcomhréir leis na critéir feidhmíochta nuashonraithe dá bhforáiltear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV agus leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10. Is é an páirtí faoi oibleagáid an monaróir a mbeidh air an measúnú comhréireachta a dhéanamh agus an doiciméadacht theicniúil agus an Dearbhú Comhréireachta AE a dhréachtú le haghaidh na pacáistíochta.

12.Pacáistíocht in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh sula gcuirtear na ceanglais in Airteagal 11 i bhfeidhm 

Forálacha dlí:

Airteagal 11(1): ‘Measfar pacáistíocht a chuirtear ar an margadh ón 11 Feabhra 2025 a bheith in-athúsáidte i gcás ina gcomhlíonann sí na ceanglais uile seo a leanas:

(a) rinneadh í a cheapadh, a dhearadh agus a chur ar an margadh chun í a athúsáid arís is arís eile;

(b) rinneadh í a cheapadh agus a dhearadh chun an líon ba mhó uainíochtaí ab fhéidir a bhaint as faoi ghnáthchoinníollacha intuartha úsáidte;

(c) comhlíonann sí na ceanglais is infheidhme i dtaca le sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas tomhaltóirí;

(d) is féidir í a fholmhú nó a dhíluchtú gan damáiste a dhéanamh di ar bhealach a chuirfeadh cosc ar a feidhm bhreise agus a hathúsáid;

(e) is féidir í a fholmhú, a dhíluchtú, a athlíonadh nó a athluchtú fad a dhéantar cáilíocht agus sábháilteacht an táirge phacáistithe a chothabháil agus fad a áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais sábháilteachta agus sláintíochta is infheidhme, lena n‑áirítear na ceanglais maidir le sábháilteacht bia;

(f) is féidir í a athriochtú i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn VI, fad is féidir léi a feidhm bheartaithe a chomhlíonadh;

(g) is féidir lipéid a ghreamú chomh maith le faisnéis a sholáthar maidir le hairíonna an táirge sin agus maidir leis an bpacáistíocht féin, lena n‑áirítear aon treoir nó faisnéis ábhartha chun sábháilteacht, úsáid leormhaith, inrianaitheacht agus seilfré an táirge a áirithiú;

(h) is féidir í a fholmhú, a dhíluchtú, a athlíonadh nó a athluchtú gan sláinte ná sábháilteacht na ndaoine siúd a dhéanann sin a chur i mbaol; agus

(i) comhlíonann sí na ceanglais a bhaineann go sonrach le pacáistíocht in-athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 6, chun gur féidir í a athchúrsáil nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl.’

Airteagal 11(2): ‘Faoin 12 Feabhra 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí líon íosta uainíochtaí le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte a bhunú chun críoch mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo, le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta is minice a úsáidtear san athúsáid, agus ceanglais sláinteachais agus ceanglais eile amhail lóistíocht á gcur san áireamh.’

Airteagal 15(9): ‘De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, maidir le pacáistíocht a chreidtear a bheith neamh-chomhréireach leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos de bhun Airteagail 5 go 12, ní bheidh feidhm leis an oibleagáid í a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm más pacáistíocht in-athúsáidte í a cuireadh ar an margadh roimh an 11 Feabhra 2025.’

Léirmhínithe an Choimisiúin:

Leagtar síos le hAirteagal 11 na critéir athúsáide is infheidhme ón 11 Feabhra 2025, arb é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin é. Beidh feidhm ag an Rialachán ón 12 Lúnasa 2026, áfach. Fágann sé sin nach gá pacáistíocht in-athúsáidte a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana féin roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin (11 Feabhra 2025) a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin go cúlghabhálach. Luaitear é sin go sainráite in Airteagal 15(9) den Rialachán.

Pacáistíocht in-athúsáidte a chuirfear ar an margadh tar éis an 11 Feabhra 2025, beidh uirthi an Rialachán a chomhlíonadh. Ní bheidh na húdaráis inniúla in ann comhlíontacht na pacáistíochta sin a sheiceáil i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le forálacha eile den Rialachán, áfach, go dtí tar éis an 12 Lúnasa 2026.

Tá na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11 cosúil go substaintiúil leis na ceanglais maidir le pacáistíocht in-athúsáidte a bhí sa PPWD roimhe seo agus sa chaighdeán comhchuibhithe gaolmhar EN 13429:2004 ( 24 ) maidir le hathúsáid pacáistíochta. Fágann sé sin nach bhfuil na ceanglais maidir le pacáistíocht in-athúsáidte faoi PPWR go hiomlán nua.

13.Raon feidhme an lipéadaithe chomhchuibhithe ar phacáistíocht

Forálacha dlí:

Airteagal 12(1): ‘Ón 12 Lúnasa 2028, nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhíreanna 6 nó 7 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, cuirfear lipéad comhchuibhithe ar phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ar a mbeidh faisnéis maidir lena comhdhéanamh ábhair chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. Beidh an lipéad bunaithe ar phicteagraim agus beidh sé sothuigthe, lena n‑áirítear le haghaidh daoine faoi mhíchumas. (…)’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Tá lipéadú pacáistíochta faoi raon feidhme Airteagal 12 uileghabhálach agus comhchuibhithe go hiomlán, seachas a mhéid a bhaineann le scéimeanna aisíoctha éarlaise. Rialacha náisiúnta lena gcuirtear treoracha sórtála isteach, ní cheadaítear iad bunaithe ar phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais. Ní cheadófar do na Ballstáit a lipéid náisiúnta a choimeád in aice le lipéid chomhchuibhithe an Aontais tar éis an 12 Lúnasa 2028 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha maidir le lipéadú agus picteagraim. Ós rud é nach féidir le hoibreoirí eacnamaíocha oiriúnú do chóras nua lipéadaithe gan idirthréimhse, ba cheart na bearta náisiúnta a aisghairm roimh an dáta sin nó iad a oiriúnú chun caoi a thabhairt don idirthréimhse sin. I gcás ina bhféadfaí a bhreithniú go bhfuil bearta náisiúnta maidir le treoracha sórtála díréireach i bhfianaise a dtionchair ar an margadh inmheánach, ba cheart na bearta sin a aisghairm a luaithe is féidir, gan beann ar dháta theacht i bhfeidhm cheanglais chomhchuibhithe an Aontais atá le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(6).

Cinneadh 97/129 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 1997 lena mbunaítear an córas sainaitheantais le haghaidh ábhair phacáistíochta ( 25 ), lena mbunaítear córas uimhrithe agus giorrúchán chun comhdhéanamh ábhar na pacáistíochta a shainaithint agus a dhírítear go príomha ar bhainisteoirí dramhaíola chun cuidiú leo dramhaíl ó phacáistíocht a shórtáil, tá feidhm aige fós go dtí an 12 Lúnasa 2028. Is ar bhonn deonach a úsáideann monaróirí an cinneadh sin agus an córas giorrúchán a bhunaítear leis, ach tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú nach n‑úsáidfear aon chóras eile seachas an córas a shainítear sa Chinneadh chun ábhair phacáistíochta a shainaithint. Is é sin le rá, i gcás ina n‑úsáidtear córas aitheantais, is gá gurb é an córas a shainítear sa Chinneadh é. Tar éis an 12 Lúnasa 2028, áfach, ní cheadófar a thuilleadh úsáid na ngiorrúchán a bhunaítear faoin gCinneadh. Is amhlaidh sin toisc go bhfágann an dul chun cinn teicneolaíoch maidir le leithscaradh dramhaíola tar éis a bailithe gur lú an gá atá ag athchúrsálaithe le marcáil den sórt sin agus chun lipéadú comhchuibhithe a áirithiú ar fud an Mhargaidh Aonair.

Is é is cuspóir do na ceanglais lipéadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) feabhas a chur ar an tsórtáil a dhéanann tomhaltóirí ar dhramhaíl ó phacáistíocht. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na ceanglais sin maidir le pacáistíocht táirgí áirithe, amhail táirgí íocshláinte don duine nó táirgí íocshláinte tréidliachta, feistí leighis nó feistí leighis diagnóiseacha in vitro, nach féidir ach le húsáideoirí deiridh gairmiúla a úsáid le linn a ngníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla. Leis an Rialachán, déantar pacáistíocht iompair, cé is moite de phacáistíocht ríomhthráchtála agus pacáistíocht atá faoi réir córas aisíoctha éarlaise, a eisiamh go sainráite ón oibleagáid lipéadaithe sin. Bunófar na sonraíochtaí maidir leis na lipéid sórtála dramhaíola i ngníomh cur chun feidhme faoin 12 Lúnasa 2026.

A mhéid a bhaineann le lipéadú le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte faoi Airteagal 12(2), ní cheadófar do na Ballstáit a lipéid náisiúnta a choimeád in aice le lipéid chomhchuibhithe an Aontais tar éis an 12 Feabhra 2029 nó 30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha lipéadaithe gaolmhara.

Tá sé éigeantach lipéid sórtála dramhaíola agus lipéid le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte a úsáid.

A mhéid a bhaineann le lipéid le haghaidh chion an ábhair athchúrsáilte agus chion an ábhair bhithbhunaithe faoi Airteagal 12(4), déanfar iad a chomhchuibhiú go hiomlán ón 12 Lúnasa 2028 nó 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ghaolmhair, ach is ar bhonn deonach a úsáidfear na lipéid sin. Fágann sé sin nach bhfuil sé d’oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha cion an ábhair athchúrsáilte ná cion an ábhair bhithbhunaithe a shonrú ar a bpacáistíocht, ach más mian leo déanamh amhlaidh ní mór dóibh sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe an Aontais a úsáid.

A mhéid a bhaineann le lipéadú pacáistíochta a chumhdaítear leis na córais shainordaitheacha aisíoctha éarlaise faoi Airteagal 50(1), féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an phacáistíocht sin a mharcáil le lipéad daite comhchuibhithe (Airteagal 12(1), an ceathrú fomhír).

Cé nach gceanglaítear ar na Ballstáit lipéad aisíoctha éarlaise comhchuibhithe an Aontais a úsáid, ní féidir leo toirmeasc a chur ar lipéid córais aisíoctha éarlaise a ghreamú dá dtáirgí pacáistithe margaidh ar a bhfuil lipéid córais aisíoctha éarlaise a greamaíodh i mBallstáit eile, agus tá feidhm aige sin maidir le córais aisíoctha éarlaise sainordaitheacha agus neamh-shainordaitheacha araon. Tríd an lipéad comhchuibhithe a úsáid, laghdóidh na Ballstáit an riosca go gcruthófar bacainní ar an margadh inmheánach de dheasca lipéid náisiúnta córais aisíoctha éarlaise. Agus rialacha á soláthar maidir le lipéid náisiúnta córais aisíoctha éarlaise, moltar do na Ballstáit an Teachtaireacht ón gCoimisiún — ‘Pacáistíocht deochanna, córais aisíoctha éarlaise agus saorghluaiseacht earraí’ (2009/C 107/01) ( 26 ) a mheas.

A mhéid a bhaineann le lipéid le haghaidh freagracht leathnaithe táirgeora (FLT) ( 27 ), cuireann PPWR cosc ar lipéid fhisiceacha agus ceadaítear leis faisnéis nó lipéid den sórt sin a sholáthar i bhformáid dhigiteach amháin (Airteagal 12(9)).

A mhéid a bhaineann leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 12(11), maidir le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, níl aon sainmhíniú ar phacáistíocht inmheánach agus forphacáistíocht i Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2107/746. Chun a áirithiú go gcuirfear an maolú i bhfeidhm i gceart maidir leis na táirgí sin, ba cheart an tagairt do neasphacáistíocht a thuiscint mar thagairt don phacáistíocht a bhíonn i dteagmháil leis an bhfeiste agus ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an fhorphacáistíocht do phacáistíocht díolacháin na feiste.

Ós rud é go ndéantar lipéadú pacáistíochta a chomhchuibhiú go hiomlán san Aontas le hAirteagal 12, ní cheadaítear do na Ballstáit ceanglais shainordaitheacha náisiúnta eile maidir le lipéadú pacáistíochta a ghlacadh. Is é an tionchar mór a imríonn na ceanglais maidir le lipéadú pacáistíochta ar an margadh inmheánach a thugann údar leis sin.

14.Pacáistíocht iompair in-athúsáidte atá ann cheana a lipéadú 

Forálacha dlí:

‑‑‑De réir Airteagal 12(2) ‘(…) pacáistíocht in-athúsáidte a chuirfear ar an margadh ón 12 Feabhra 2029 nó 30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6, cibé acu is déanaí, beidh lipéad air lena gcuirfear in iúl d’úsáideoirí go bhfuil an phacáistíocht in-athúsáidte. Déanfar tuilleadh faisnéise maidir le hath-inúsáidteacht, lena náirítear infhaighteacht córais áitiúil, náisiúnta nó uile-Aontais athúsáide agus faisnéise maidir le pointí bailithe, a chur ar fáil trí chód QR nó trí iompróir sonraí digiteach oscailte caighdeánaithe de chineál eile lena néascófar rianú na pacáistíochta agus ríomh na dturas agus na nuainíochtaí, nó, mura bhfuil an ríomh sin indéanta, trí mheánmheastachán. (…)’ 

De réir Airteagal 12(3), níl feidhm ag na ceanglais sin maidir le ‘córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.’

Le hAirteagal 12(6), sainordaítear don Choimisiún na lipéid phacáistíochta a shainiú: ‘Faoin 12 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun lipéad comhchuibhithe agus sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas agus na bhformáidí maidir le lipéadú, lena náirítear i gcás ina soláthraítear iad trí mhodhanna digiteacha, le haghaidh lipéadú pacáistíochta, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo. (…)’

Foráiltear le hAirteagal 12(12): ‘Pacáistíocht dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 a mhonaraítear san Aontas nó a allmhairítear roimh na sprioc-amanna dá dtagraítear sna míreanna sin agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos sna míreanna sin, féadfar í a chur ar fáil ar an margadh go dtí 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos sna míreanna sin.’

Foráiltear le hAirteagal 15(9): ‘De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, maidir le pacáistíocht a chreidtear a bheith neamhchomhréireach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun Airteagail 5 go 12, ní bheidh feidhm leis an oibleagáid í a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm más pacáistíocht in-athúsáidte í a cuireadh ar an margadh roimh an 11 Feabhra 2025.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Is gá idirdhealú a dhéanamh idir:

(a)pacáistíocht iompair in-athúsáidte a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm PPWR, i.e. roimh an 11 Feabhra 2025 agus

(b)pacáistíocht iompair in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh tar éis an 11 Feabhra 2025 (i.e., tar éis theacht i bhfeidhm PPWR) ach roimh dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme maidir le lipéadú le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte, rud ba cheart a ghlacadh faoin 12 Lúnasa 2026 agus ar cheart feidhm a bheith aige ón 12 Feabhra 2029 nó 30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, i.e., pacáistíocht iompair in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh idir an 11 Feabhra 2025 agus an 12 Feabhra 2029.

Féadfaidh pacáistíocht in-athúsáidte faoi (a) fanacht i gcúrsaíocht go dtí go mbainfear í de na córais athúsáide i ngeall ar dhífheidhmeacht fheidhmiúil nó teorainneacha oibríochtúla.

Ba cheart pacáistíocht in-athúsáidte faoi (b) na ceanglais maidir le lipéadú a chomhlíonadh faoi mhí Feabhra 2032 ar a dhéanaí. Ós rud é go mbeidh na rialacha nua maidir le lipéadú ar eolas cheana féin ag an tionscal tráth a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme, i.e. i mí Lúnasa 2026, is gá méid teoranta pacáistíochta iompair in-athúsáidte a thabhairt chun comhréireachta. Sa chleachtas, is gá an phacáistíocht a chuirfear ar an margadh le linn na tréimhse idir mí Feabhra 2025 agus mí Lúnasa 2026 a athriochtú le lipéid de réir na rialacha nua faoi mhí Feabhra 2032. Ba cheart a mheabhrú nach mbeidh ionchais dhlisteanacha ag oibreoirí a thuilleadh, tar éis theacht i bhfeidhm PPWR, gan bheith faoi réir na rialacha nua maidir le lipéadú.

Coinníollacha Airteagal 12(5) lena n‑éilítear faisnéis a sholáthar trí shuíomhanna gréasáin nó trí dhoiciméadacht a ghabhann leis an bpacáistíocht nó le táirgí pacáistithe, comhlíontar iad i gcás pacáistíocht iompair in-athúsáidte i gcásanna gnólacht le gnólacht (i.e. cásanna nach é an tomhaltóir úsáideoir deiridh na pacáistíochta iompair), arna mbainistiú ag oibreoir córais i gcóras lúbiata.

15.Oibleagáidí tuairiscithe ar oibreoirí bainistithe dramhaíola

Forálacha dlí:

De réir Airteagal 23(1), ‘Déanfaidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII den Rialachán seo, cé is moite d’fhaisnéis ar phacáistíocht a cuireadh ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit, a sholáthar do na húdaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, tríd an gclárlann leictreonach nó trí na clárlanna leictreonacha, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2008/98/CE. 

Déanfaidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis uile is gá chun na hoibleagáidí faisnéise a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 44(10) a sholáthar go bliantúil do na táirgeoirí i gcás ina gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar cuireadh cúram uirthi na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, i gcás comhlíonadh comhchoiteann na n‑oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb iad na húdaráis phoiblí atá freagrach as bainistiú dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, go soláthróidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht, ar bhonn bliantúil, do na húdaráis phoiblí sin an fhaisnéis uile is gá chun na hoibleagáidí faisnéise a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 44(10), nó modhanna eile a chomhlíonadh chun an chlárlann leictreonach nó na clárlanna leictreonacha a fhorlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2008/98/CE.’

De réir Airteagal 44(10), ‘Déanfaidh táirgeoirí, i gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar cuireadh na hoibleagáidí ar iontaoibh uirthi i gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, nó déanfaidh na hoibreoirí córais athúsáide, i gcás ina bhfuil na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ag na córais athúsáide, an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ar bhonn bliantúil le haghaidh gach bliana féilire roimhe sin.

Nuair atá údaráis phoiblí freagrach, faoin dlí náisiúnta, as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh na húdaráis sin an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IX a thíolacadh.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Ba cheart oibreoirí bainistithe dramhaíola a thuiscint mar aon oibreoir a láimhseálann ‘bailiú, iompar, aisghabháil (lena n‑áirítear sórtáil) agus diúscairt dramhaíola, lena n‑áirítear maoirseacht ar na hoibríochtaí sin agus iarchúram láithreán diúscartha, agus lena n‑áirítear gníomhaíochtaí a dhéantar mar dhéileálaí nó mar bhróicéir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) den Treoir maidir le Dramhaíl.

Ní shonraítear le hAirteagal 23 cé hé an t‑oibreoir bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht atá faoi oibleagáid, conas atá an fhaisnéis le cur isteach ná cé na himthosca faoina bhfuil sí le cur isteach. Dá bhrí sin, is é tuiscint an Choimisiúin gur cheart na hoibleagáidí atá ar oibreoirí bainistithe dramhaíola faisnéis a sholáthar maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a léirmhíniú mar cheanglais ghinearálta chun cuidiú leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, na táirgeoirí agus na húdaráis inniúla a n‑oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 44(10) a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, bheadh ar na Ballstáit a shonrú cé na himthosca faoinar gá d’oibreoir bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis is gá a sholáthar.

Leagtar síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 23(1) nach mór d’oibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII a sholáthar d’údaráis inniúla, cé is moite d’fhaisnéis maidir le dramhaíl ghuaiseach ó phacáistíocht, a thuairiscítear cheana féin d’údaráis inniúla, mar a shonraítear faoi Airteagal 35(1) den Treoir maidir le Dramhaíl, agus d’fhaisnéis maidir le pacáistíocht a chuirtear ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair nó a dhíphacáiltear, toisc nach mbeadh an fhaisnéis sin ag oibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht. Ós rud é go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII trí chlár na dtáirgeoirí, atá le bunú faoi Airteagal 44, ní gá d’oibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis sin a sholáthar ach amháin má tá gá léi chun a chros-seiceáil go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, ag an táirgeoir nó ag údarás inniúil eile cruinn, nó in imthosca eile arna sonrú ag Ballstát.

16.An gaol idir an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide agus PPWR a mhéid a bhaineann le toirmisc ar phacáistíocht 

Forálacha dlí:

Aithris (13): ‘(…) Leis an sainmhíniú ar phacáistíocht ilchodach sa Rialachán seo, níor cheart pacáistíocht aon úsáide atá déanta go páirteach as plaistigh a dhíolmhú, gan beann ar an leibhéal tairsí, ó cheanglais Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’

Aithris (180): ‘(…) Leis an Rialachán seo, cuirtear srian ar na táirgí plaisteacha a chur ar an margadh a liostaítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, agus le Treoir (AE) 2019/904 ceadaítear do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin. Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh bearta cur chun feidhme náisiúnta faoi Threoir (AE) 2019/904 chomh sriantach le toirmeasc ar chur ar an margadh, ba cheart forlámhas a bheith ag an Rialachán seo ar Threoir (AE) 2019/904 a mhéid a bhaineann leis na táirgí sin a thagann faoin sainmhíniú ar phacáistíocht, chun borradh a chur faoin laghdú ar phacáistíocht phlaisteach aon úsáide agus chun méid na pacáistíochta plaisteacha aon úsáide sa chomhshaol a laghdú. (…).’

Airteagal 3(1), pointe (24): ‘ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá comhdhéanta de dhá ábhar éagsúla nó níos mó atá ina gcuid de mheáchan an phríomhábhair pacáistíochta agus nach féidir a dheighilt ó chéile de láimh agus ar aonad comhtháite amháin iad dá bhrí sin, seachas ceann de na hábhair nach bhfuil ann ach cuid gan tábhacht den aonad pacáistíochta, agus in aon chás nach mó é ná 5 % de mhais iomlán an aonaid pacáistíochta gan lipéid, vearnaisí, péinteanna, dúch, greamacháin ná laicir san áireamh; ní dochar an méid sin do Threoir (AE) 2019/904.’

Airteagal 25(1): ‘Ón 1 Eanáir 2030, ní chuirfidh oibreoirí eacnamaíocha pacáistíocht ar an margadh sna formáidí agus le haghaidh na núsáidí a liostaítear in Iarscríbhinn V.’

Iarscríbhinn V, pointe 3: ‘Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh bianna agus deochanna a líontar agus a óltar laistigh den áitreabh in earnáil HORECA (Fáilteachas, Bialanna, agus Lónadóireacht), lena náirítear na limistéir itheacháin uile laistigh agus lasmuigh d’áit ghnó, a chumhdaítear le táblaí agus stólta, limistéir sheasaimh agus limistéir itheacháin a thairgeann oibreoirí eacnamaíocha éagsúla nó tríú páirtí i gcomhpháirt do na húsáideoirí deiridh chun bia agus deochanna a thomhailt. Díolmhaítear bunaíochtaí in earnáil HORECA nach bhfuil rochtain acu ar uisce óil.’

28 Le Treoir (AE) 2019/904 (an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide) () (Airteagal 3, pointe (2)), sainmhínítear táirgí plaisteacha aon úsáide mar ‘t[h]áirge atá déanta, go hiomlán nó go páirteach, as plaisteach agus nár ceapadh, nár dearadh ná nár cuireadh ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh, laistigh dá saolré, trína thabhairt ar ais chuig an táirgeoir lena athlíonadh nó trína athúsáid chun na críche céanna ar ceapadh é.’

De réir Airteagal 4 agus Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide, is féidir leis na Ballstáit srianta náisiúnta a fhorchur ar choimeádáin bhia dhochta phlaisteacha aon úsáide a úsáidtear chun bia a choinneáil lena ithe láithreach agus ar chupáin deochanna.

De réir Airteagal 67(1)(a) ( 29 ), tá forlámhas ag an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide ar PPWR i gcás coinbhleachta, mura bhforáiltear a mhalairt. Foráiltear a mhalairt le hAirteagal 67(1)(b) maidir le toirmisc ar phacáistíocht faoi phointe 3 d’Iarscríbhinn V.

De réir Airteagal 70(4), ‘Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun lena sriantar pacáistíocht a chur ar an margadh sna formáidí agus le haghaidh na n‑úsáidí a liostaítear i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn V go dtí an 1 Eanáir 2030. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(3) maidir leis na bearta náisiúnta sin go dtí an 1 Eanáir 2030.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Is dhá ionstraim dlí iad an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide agus PPWR atá ann an tráth céanna agus a bhfuil cuspóirí éagsúla acu.

Tugtar aghaidh in aithrisí (13) agus (180) ar an ngaol idir PPWR agus an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide agus léirítear iontu gur féidir a mheas gur pacáistíocht phlaisteach aon úsáide í pacáistíocht ilchodach de réir PPWR.

Le PPWR, sainmhínítear ‘pacáistíocht ilchodach’ trí thairseach 5 % a thabhairt isteach ar faoina bun a mheastar pacáistíocht a bheith ina mona-ábhar. Dá bhrí sin, ní féidir le ‘pacáistíocht phlaisteach aon úsáide’ in Iarscríbhinn V a bheith ag tagairt ach do phacáistíocht ar mó a cion ábhair phlaistigh ná 5 %. Tá an sainmhíniú ar ‘phacáistíocht ilchodach’ ‘gan dochar’ don Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide, áfach (féach Airteagal 3(1), pointe 24 agus aithris 13 PPWR). Dá thoradh sin, cumhdaítear pacáistíocht ilchodach, lena n‑áirítear pacáistíocht pháipéarbhunaithe arb é a cion ábhair phlaistigh 5 % nó níos mó, leis na toirmisc ar phacáistíocht in Airteagal 25 agus in Iarscríbhinn V, pointí 1–4 PPWR, agus ní chumhdaítear leis an toirmeasc sin pacáistíocht nach mó a cion ábhair phlaistigh ná 5 %.

Ós ann an tráth céanna do PPWR agus don Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide, ní mór a raonta feidhme faoi seach a léamh in éineacht le chéile. Tá forlámhas ag PPWR maidir leis na formáidí, na hábhair agus na húsáidí pacáistíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V. Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit PPWR a chur i bhfeidhm agus ní fhéadfaidh siad brath ar Airteagal 4 den Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide chun bearta náisiúnta a thabhairt isteach. Ar an taobh eile, tá pacáistíocht nach gcumhdaítear leis na srianta in Iarscríbhinn V fós faoi réir na Treorach maidir le Plaistigh Aon Úsáide i gcás ina gcáilíonn sí mar tháirge plaisteach aon úsáide de réir bhrí Airteagal 3, pointe (2), den Treoir. Sna cásanna sin, leanann Airteagal 4 den Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide de bheith infheidhme, lena gceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar thomhaltas cupán deochanna agus coimeádán bia docht a úsáidtear chun bia a choinneáil lena ithe láithreach. Féadfaidh na bearta náisiúnta laghdaithe tomhaltais sin fanacht i bhfeidhm fiú tar éis an 1 Eanáir 2030. Ní mór do na Ballstáit a léiriú, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil aon bheart náisiúnta den sórt sin comhréireach leis na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir maidir le plaistigh aon úsáide agus neamh-idirdhealaitheach faoi dhlí an Aontais. Ní mór na tionchair a d’fhéadfaí a imirt ar an margadh inmheánach a mheas agus déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann beart náisiúnta sonrach na ceanglais sin.

An oibleagáid faoi Airteagal 25(2) PPWR chun srianta náisiúnta a aisghairm faoin 1 Eanáir 2030, níl feidhm aici ach amháin maidir le bearta a bhaineann le formáidí, úsáidí agus ábhair phacáistíochta a thagann faoi Iarscríbhinn V.

Dá bhrí sin, maidir le pointí 2-4 d’Iarscríbhinn V: i gcás nach gcumhdaítear formáid, ábhar ná úsáid pacáistíochta le hIarscríbhinn V, pointí 2-4, ach ina gcáilíonn sé mar tháirge plaisteach aon úsáide faoin Treoir maidir le plaistigh aon úsáide, beidh feidhm ag Airteagal 4 den Treoir maidir le plaistigh aon úsáide.

Ar an gcaoi sin, bunaítear le PPWR srianta comhchuibhithe maidir leis an bpacáistíocht a chumhdaítear le hIarscríbhinn V, agus leanann an Treoir maidir le plaistigh aon úsáide de bheith ag oibriú le haghaidh táirgí plaisteacha aon úsáide nach dtagann faoi raon feidhme na srianta sonracha sin.

Ar deireadh, i bhfianaise na meastóireachta ar an Treoir maidir le plaistigh aon úsáide atá le déanamh in 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu is gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir, lena n‑áirítear chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le PPWR a áirithiú, Margadh Aonair le haghaidh pacáistíochta a chur chun cinn, agus cothrom iomaíochta a áirithiú.

A mhéid a bhaineann le coimeádáin bhia, coimeádáin deochanna agus cupáin deochanna polaistiréine borrtha (EPS), tá toirmeasc orthu cheana féin faoin Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide (Airteagal 5). Le hAirteagal 67(5) PPWR leasaítear an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide chun formáidí polaistiréine easbhrúite (XPS) a áireamh go sainráite freisin; beidh feidhm aige sin ón 1 Eanáir 2030; ní gá do na Ballstáit aon trasuí a dhéanamh.

17.Raon feidhme na dtoirmeasc ar phacáistíocht in Airteagal 25 agus in Iarscríbhinn V, pointí 1–4, a mhéid a bhaineann le cion an ábhair phlaistigh

Forálacha dlí:

De réir Airteagal 25(1), ‘Ón 1 Eanáir 2030, ní chuirfidh oibreoirí eacnamaíocha pacáistíocht ar an margadh sna formáidí agus le haghaidh na n‑úsáidí a liostaítear in Iarscríbhinn V.’

Le hIarscríbhinn V, pointí 1–4, sriantar úsáid pacáistíochta plaistí aon úsáide le haghaidh feidhmeanna pacáistíochta éagsúla.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Earraí atá déanta go hiomlán (100 %) as ábhar plaisteach, ní hiad sin amháin a chumhdaítear le toirmisc ar phacáistíocht faoi phointí 1–4 d’Iarscríbhinn V. D’fhéadfadh sé tarlú, de dheasca léirmhíniú den sórt sin, go n‑eisiafaí pacáistíocht ón toirmeasc dá gcuirfí aon mhéid neamhshuntasach ábhair seachas plaisteach léi.

Dá bhrí sin, in éagmais sainmhíniú ar ‘phacáistíocht phlaisteach aon úsáide’, ba cheart a mheas go gcumhdaítear pacáistíocht ilchodach, lena n‑áirítear pacáistíocht pháipéarbhunaithe a bhfuil a cion ábhair phlaistigh níos mó ná 5 % nó cothrom leis, leis na toirmisc ar phacáistíocht in Airteagal 25 agus in Iarscríbhinn V, pointí 1–4 den Rialachán seo. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an toirmeasc sin pacáistíocht nach mó a cion ábhair phlaistigh ná 5 %.

18.Spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar

Forálacha dlí:

Airteagal 29(1): ‘Ón 1 Eanáir 2030, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n‑áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, laistigh de chríoch an Aontais, sna foirmeacha seo a leanas: pailléid, boscaí infhillte plaisteacha, boscaí, tráidirí, cliathbhoscaí plaisteacha, bulc-choimeádáin idirmheánacha, buicéid, drumaí agus ceanastair d’aon mhéid nó ábhar, lena n‑áirítear formáidí solúbtha nó fillteáin phailléid nó strapaí chun táirgí a chuirtear ar phailléid le linn iompair a chobhsú agus a chosaint, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte é 40 % ar a laghad den phacáistíocht sin san iomlán laistigh de chóras athúsáide.’

De réir Airteagal 3(1), pointe (5), sainmhínítear pacáistíocht díolacháin mar ‘pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina haonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht don úsáideoir deiridh ag an díolphointe.’

In Airteagal 3(1), pointe (7), sainmhínítear pacáistíocht iompair mar ‘pacáistíocht a cheaptar chun láimhseáil agus iompar aonaid díolacháin amháin nó níos mó nó grúpáil na n‑aonad díolacháin a éascú, chun damáiste don táirge de bharr a láimhseála nó a iompair a chosc, lena n‑eisiatar coimeádáin bhóthair, iarnróid, loinge agus aeir.’

Léirmhíniú an Choimisiúin

Is éard is ‘pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar’ ann formáidí pacáistíochta is féidir a mheas a bheith ina bpacáistíocht iompair agus díolacháin araon. Mar sin féin, déantar roinnt formáidí a liostaítear in Airteagal 29(1) a n‑iompraítear táirgí iontu, mar shampla buicéid, drumaí agus ceanastair, a líonadh le táirgí, amhail lotnaidicídí, péinteanna, plástair nó greamacháin, rud a d’fhágfadh, b’fhéidir, go mbeadh sé dodhéanta iad a athúsáid nó nárbh fhéidir iad a athúsáid ach ar chostais dhíréireacha agus úsáid dhíréireach acmhainní, mar d’fhéadfadh ábhair líonta shlaodacha den sórt sin cruachan sa phacáistíocht tar éis a n‑oscailte nó d’fhéadfadh an t‑ábhar líonta dul isteach san ábhar pacáistíochta agus é a éilliú.

Dá bhrí sin, is ar an táirge líonta go príomha a bhraitheann sé cé acu is féidir nó nach féidir pacáistíocht díolacháin a athúsáid. Ní chumhdaítear leis na spriocanna athúsáide ach pacáistíocht díolacháin ar léir feidhm iompair a bheith aici. An ceanglas go n‑úsáidtear an phacáistíocht ‘chun táirgí a iompar’, is féidir é a léiriú le dearadh, cruth nó méid speisialta na pacáistíochta, mar shampla.

Seo a leanas roinnt samplaí léiritheacha:

-Buicéid phlaisteacha atá líonta le péinteanna, ceimiceáin nó anlainn a athraíonn airíonna an choimeádáin: D’fhéadfadh iarmhar nó bolaithe a fhágáil gur dheacair athúsáid a bhaint as formáidí pacáistíochta in-athúsáidte chun táirgí den sórt sin a iompar. Tá sé indéanta go teicniúil iarmhar nó bolaithe den sórt sin a bhaint den taobh istigh den bhuicéad úsáidte. I gcásanna áirithe, áfach, agus de réir chineál an táirge phacáilte, b’fhéidir gur ghá dianghlanadh a dhéanamh i dtéarmaí ceimiceán nó úsáid uisce nó fuinnimh chun iarmhar a bhaint. D’fhágfadh sé sin nach mbeadh athúsáid na mbuicéad plaisteach ina rogha indéanta ach amháin mura mbeadh costais agus acmhainní díréireacha mar thoradh ar na dianphróisis ghlantacháin.

-Gránaigh bhricfeasta nó bia soladach eile i bhformáidí pacáistíochta dochta e.g. drumaí: Tá sé indéanta bia den sórt sin a iompar i bhformáidí pacáistíochta in-athúsáidte amhail drumaí a chuirtear i gcúrsaíocht laistigh den chuideachta chéanna (ach idir suíomhanna éagsúla) nó d’fhiontair nasctha nó laistigh den Bhallstát céanna. Iarmhar nó bolaithe ó ghránaigh sna drumaí, ní athraíonn siad an taobh istigh de na drumaí, rud a fhágann gur rogha indéanta í a n‑athúsáid.

-Bulcábhair, e.g. gaineamh, carraigeacha a iompraítear i málaí bulciompair idirmheánacha solúbtha: Tá sé indéanta bulcábhair a iompar i málaí bulciompair idirmheánacha solúbtha in-athúsáidte. Ní athraíonn na táirgí sin airíonna an taobh istigh den phacáistíocht sin ná ní gá dianghlanadh a dhéanamh orthu.

-Torthaí úra a iompraítear i mboscaí plaisteacha nó i gcliathbhoscaí: Meastar gur pacáistíocht díolacháin é bosca nó cliathbhosca nuair a líontar le torthaí úra é. Mar sin féin, meastar gur pacáistíocht díolacháin é a úsáidtear le haghaidh iompair ós rud é gur mó ná riar amháin na méideanna torthaí úra a bhíonn sa bhosca nó sa chliathbhosca sin de ghnáth agus go n‑iompraítear é chun teacht chuig díolphointí. Is féidir formáid phacáistíochta den sórt sin a bheith in-athúsáidte. 

19.Spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht iompair sa trádáil idirnáisiúnta

Forálacha dlí:

Airteagal 29:

‘(1) Ón 1 Eanáir 2030, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n‑áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, laistigh de chríoch an Aontais, sna foirmeacha seo a leanas: pailléid, boscaí infhillte plaisteacha, boscaí, tráidirí, cliathbhoscaí plaisteacha, bulc-choimeádáin idirmheánacha, buicéid, drumaí agus ceanastair d’aon mhéid nó ábhar, lena n‑áirítear formáidí solúbtha nó fillteáin phailléid nó strapaí chun táirgí a chuirtear ar phailléid le linn iompair a chobhsú agus a chosaint, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte é 40 % ar a laghad den phacáistíocht sin san iomlán laistigh de chóras athúsáide.’

(2) Ón 1 Eanáir 2030, de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, sna foirmeacha mar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, laistigh de chríoch an Aontais, idir láithreáin éagsúla ar a ndéanann an t‑oibreoir a ghníomhaíocht, nó idir aon cheann de na láithreáin ar a ndéanann an t‑oibreoir a ghníomhaíocht agus suíomhanna aon fhiontair nasctha nó aon fhiontair chomhpháirtíochta eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, áiritheoidh siad go mbeidh an phacáistíocht sin in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide’.

(3) Ón 1 Eanáir 2030, de mhaolú ar mhír 1, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n‑áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, sna foirmeacha a liostaítear i mír 1, chun táirgí a sheachadadh ar oibreoir eacnamaíoch eile laistigh den Bhallstát céanna a áirithiú go mbeidh an phacáistíocht sin in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Tá na spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht iompair (agus pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar) teoranta do chásanna ina n‑úsáidtear an phacáistíocht sin ‘laistigh de chríoch an Aontais’. Dá réir sin, ní mór don dá oibreoir, i.e. allmhaireoirí agus dáileoirí, a bheith lonnaithe san Aontas. Maidir le pacáistíocht iompair (agus pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar) ó thríú tíortha, ba cheart a thuiscint go bhfuil feidhm ag an gceanglas sin ó thráth an allmhairithe, agus an chur ar an margadh, rud a chiallaíonn go bhfuil na nósanna imeachta allmhairiúcháin uile is gá curtha i gcrích ina leith agus go gceadaítear í a bheith i gcúrsaíocht ar mhargadh an Aontais. Tarlaíonn sé sin sa chéad trádstóras san Aontas de ghnáth.

Beidh feidhm ag na spriocanna athúsáide maidir le hearraí allmhairithe i bpacáistíocht iompair tar éis iad a chur ar mhargadh an Aontais. Beidh feidhm ag na spriocanna sin ón gcéad trádstóras atá lonnaithe laistigh den Aontas go dtí an ceann scríbe deiridh laistigh de chríoch an Aontais, i gcás nach é an chéad trádstóras ceann scríbe deiridh na coinsíneachta.

Chun críoch na forála sin, ciallaíonn ‘an chéad trádstóras’ an tsaoráid laistigh den Aontas ina dtagann earraí i bpacáistíocht iompair isteach den chéad uair agus ina stóráiltear agus ina ndíphacáiltear iad chun iad a dháileadh ar aghaidh laistigh de shlabhra soláthair an Aontais.

Coinsíneachtaí a thagann isteach sa chéad trádstóras agus atá ceaptha dul chuig ceann scríbe deiridh amháin, ní cheanglófar iad a dhíphacáil agus a athphacáil i bpacáistíocht in-athúsáidte. Ní mheasfar ionaid dáileacháin ná moil lóistíochta a bheith ina gcinn scríbe deiridh.

20.An t‑oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as na spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht iompair 

Forálacha dlí:

Airteagal 29(1): ‘Ón 1 Eanáir 2030, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n‑áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, laistigh de chríoch an Aontais, sna foirmeacha seo a leanas: pailléid, boscaí infhillte plaisteacha, boscaí, tráidirí, cliathbhoscaí plaisteacha, bulc-choimeádáin idirmheánacha, buicéid, drumaí agus ceanastair d’aon mhéid nó ábhar, lena n‑áirítear formáidí solúbtha nó fillteáin phailléid nó strapaí chun táirgí a chuirtear ar phailléid le linn iompair a chobhsú agus a chosaint, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte é 40 % ar a laghad den phacáistíocht sin san iomlán laistigh de chóras athúsáide. Ón 1 Eanáir 2040, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin iarracht úsáid a bhaint as 70 %, ar a laghad, den phacáistíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Déantar na spriocanna athúsáide maidir le pacáistíocht iompair a leagan síos ar leibhéal na n‑oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear le haghaidh iompair.

Dá bhrí sin, is é úsáideoir na pacáistíochta iompair, nó úsáideoir na pacáistíochta díolacháin a úsáidtear le haghaidh iompair, atá freagrach as na spriocanna athúsáide a chomhlíonadh. Is é úsáideoir na pacáistíochta iompair nó úsáideoir na pacáistíochta díolacháin a úsáidtear le haghaidh iompair an t‑oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais i bpacáistíocht iompair ábhartha, bíodh sé ina mhonaróir, ina allmhaireoir nó ina dháileoir.

21.Díolúintí ó na spriocanna athúsáide do phacáistíocht iompair shaincheaptha 

Forálacha dlí:

Luaitear in Airteagal 29(4): ‘Níl feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 maidir le pacáistíocht iompair ná pacáistíocht díolacháin ar de na cineálacha seo a leanas í:

(a) pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE;

(b) pacáistíocht a úsáidtear chun innealra ar mhórscála a iompar agus chun trealamh agus tráchtearraí a iompar a ndéantar pacáistíocht a shaincheapadh ina leith chun go n‑oirfidh siad do cheanglais aonair an oibreora eacnamaíoch a rinne an t‑ordú.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Déantar foráil le hAirteagal 29(4)(b) maidir le díolúine le haghaidh pacáistíocht a úsáidtear chun innealra ar mhórscála a iompar agus chun trealamh agus tráchtearraí a iompar a ndéantar pacáistíocht a shaincheapadh ina leith chun go n‑oirfidh siad do cheanglais aonair an oibreora eacnamaíoch a rinne an t‑ordú. Ba cheart innealra ar mhórscála, trealamh agus tráchtearraí a thuiscint sa chomhthéacs sin.

Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo tairbhiú den díolúine sin doiciméadacht chuí a sholáthar lena léirítear gur saincheapadh an phacáistíocht do tháirge aonair. Ba cheart an doiciméadacht sin a sholáthar sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh na pacáistíochta, agus cumhdófar léi aon dearadh, monarú agus oibriú pacáistíochta is gá chun comhréireacht leis na coinníollacha le haghaidh na díolúine a leagtar amach in Airteagal 29(4b) a léiriú.

22.Sainmhíniú ar ‘cur ar fáil’ i gcomhthéacs chomhlíonadh na spriocanna athúsáide maidir le deochanna

Forálacha dlí:

De réir Airteagal 29(6), ‘Ón 1 Eanáir 2030, déanfaidh dáileoirí deiridh, a chuireann deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla i bpacáistíocht díolacháin ar fáil ar chríoch Bhallstáit do thomhaltóirí, a áirithiú go gcuirfear 10 % ar a laghad de na táirgí sin ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide’.

Bunaítear le hAirteagal 3(11) go gciallaíonn ‘cur ar fáil ar chríoch an Bhallstáit pacáistíocht a sholáthar, bíodh sí folamh nó le táirge, lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid ar chríoch an Bhallstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce’.

Sainmhínítear dáileoir deiridh in Airteagal 3(1), pointe (21), mar ‘an duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair a sheachadann táirgí pacáistithe, lena n‑áirítear trí athúsáid, nó táirgí is féidir a cheannach trí athlíonadh, chuig an úsáideoir deiridh’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Chun críoch an Rialacháin seo, is éard a bheidh i ndáileoir deiridh a chuireann deochanna i bpacáistíocht díolacháin ar fáil do thomhaltóirí, i bhformhór na gcásanna, siopa miondíola nó beáir agus bialanna in earnáil HORECA. I gcás ciandíola, is é an dáileoir deiridh an t‑oibreoir eacnamaíoch a chuireann an deoch i bpacáistíocht díolacháin ar fáil do thomhaltóirí trí shuíomh gréasáin.

Le cur ar fáil, ní bheidh sé ina cheangal go ndíolfar an deoch iarbhír i bpacáistíocht díolacháin leis an tomhaltóir. Is leor go gcuirfidh an dáileoir deiridh 10 % ar a laghad dá dheochanna ar fáil lena ndíol i bpacáistíocht díolacháin in-athúsáidte.

Tagraíonn an tagairt do ‘chóras athúsáide’ in Airteagal 29(6) do na ceanglais is infheidhme maidir le córais athúsáide mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VI, Cuid A, den Rialachán. Is éard atá i gceist le feidhmiú cuí córais den sórt sin, inter alia, socruithe iomchuí faisnéise, taispeána nó cumarsáide a bhunú do thomhaltóirí, i gcomhréir le hAirteagal 12(2), lena mbeifear in ann deochanna a thairgtear i bpacáistíocht díolacháin in-athúsáidte a shainaithint agus a chur chun cinn, d’fhonn iad a chur ar an margadh agus a thráchtálú go héifeachtach.

Leagfar síos i ngníomh cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Airteagal 30(3) ríomh na spriocanna athúsáide maidir le deochanna.

23.Spriocanna athúsáide maidir le deochanna in earnáil HORECA 

Foráil dlí:

Luaitear sa chéad fhomhír d’Airteagal 29(6) PPWR:

‘Ón 1 Eanáir 2030, déanfaidh dáileoirí deiridh, a chuireann deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla i bpacáistíocht díolacháin ar fáil ar chríoch Bhallstáit do thomhaltóirí, a áirithiú go gcuirfear 10 % ar a laghad de na táirgí sin ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Deochanna a dhíoltar i gcoimeádáin mhóra in-athúsáidte deochanna, amhail ceaigeanna beorach, le beáir agus bialanna (gnólacht le gnólacht) chun go gcuirfidh oibreoirí na mbeár agus na mbialann ar fáil do thomhaltóirí iad (i.e. in earnáil HORECA), ní rannchuidíonn siad leis na spriocanna athúsáide is infheidhme maidir le hoibreoirí in earnáil HORECA. Ní chuirtear na deochanna sin ar fáil do thomhaltóirí i bpacáistíocht díolacháin. Is i gcás ina gcuirtear an coimeádán mór in-athúsáidte líonta ar fáil do thomhaltóir agus sa chás sin amháin is féidir leis an gcoimeádán deochanna rannchuidiú le spriocanna athúsáide an dáileora deochanna.

Os a choinne sin, i gcás pacáistíocht dí níos lú, amhail buidéil in-athúsáidte, áireofar iad faoi chomhair na spriocanna athúsáide, toisc gur pacáistíocht díolacháin iad agus gur féidir iad a sholáthar go díreach do thomhaltóirí.

24.Díolúintí náisiúnta ó na spriocanna athúsáide 

Forálacha dlí:

Le hAirteagal 29(14) bunaítear coinníollacha carnacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha ar a gcríocha a dhíolmhú ó na spriocanna athúsáide ar feadh tréimhse 5 bliana. Is iad sin: 

‘(a)

sroichfidh an Ballstát díolmhaitheach cúig phointe céatadáin os cionn na spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a athchúrsáil in aghaidh an ábhair atá le baint amach faoi 2025 agus meastar go mbainfidh sé cúig phointe céatadáin os cionn sprioc 2030 amach de réir na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisiún 3 bliana roimh an dáta sin;

(b)

tá an Ballstát díolmhaitheach ar an mbóthar ceart chun na spriocanna ábhartha maidir le dramhaíl a chosc a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach agus is féidir leis a léiriú go bhfuil laghdú 3 % ar a laghad ar an dramhaíl ó phacáistíocht per capita faoi 2028 i gcomparáid leis an dramhaíl ó phacáistíocht a gineadh per capita in 2018; agus

(c)

tá plean maidir le dramhaíl chorparáideach a chosc agus a athchúrsáil glactha ag na hoibreoirí eacnamaíocha, plean a chuidíonn chun na cuspóirí maidir le dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil a leagtar amach in Airteagail 43 agus 52 faoi seach a bhaint amach.

Féadfaidh an Ballstát an tréimhse 5 bliana sin a athnuachan ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha go léir.’

Leagtar síos in Airteagal 52 na spriocanna athchúrsála atá le baint amach ag na Ballstáit. Leagtar síos na spriocanna do na hábhair phacáistíochta seo a leanas: páipéar agus cairtchlár, plaisteach, gloine, adhmad, miotal agus alúmanam.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

a) An deis a bheith ag Ballstát dul thar na spriocanna athchúrsála ábharshonracha uile

Ba cheart úsáid an iolra (‘spriocanna’) a thuiscint i bhfianaise gur ann do roinnt spriocanna ábharshonracha ach nach gá dul thar na spriocanna sin uile go comhuaineach chun na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na díolúine sin a chomhlíonadh.

Má théitear thar an sprioc athchúrsála maidir le halúmanam i mBallstát ar leith, mar shampla, d’fhéadfaí a cheadú do mhiondíoltóirí deochanna arna ndíol i gcannaí alúmanaim a asbhaint ó na táirgí a thagann faoi raon feidhme na hoibleagáide 10 % de na deochanna a dhíol i bpacáistíocht in-athúsáidte. Beidh ar na miondíoltóirí fós an sprioc athúsáide a chomhlíonadh maidir le deochanna a dhíoltar i bpacáistíocht atá déanta as ábhair eile, amhail gloine agus plaisteach, ach laghdaítear an sprioc 10 % go comhréireach maidir leis an sciar deochanna a dhíoltar i gcannaí alúmanaim.

b)Coinníollacha maidir leis an díolúine a bhfuil feidhm aici maidir le pacáistíocht ilchodach

I gcás pacáistíocht ilchodach, ní mór dul thar na spriocanna athchúrsála ábhartha maidir leis na hábhair a úsáidtear sa phacáistíocht. Sa chleachtas, ba cheart dul thar na spriocanna athchúrsála maidir leis na hábhair uile ar mó ná 5 % a gcion de mheáchan an aonaid pacáistíochta.

c)Coinníollacha a bhaineann leis an sprioc maidir le dramhaíl a chosc

Ní mór don Bhallstát féin a bheith ar an mbóthar ceart i dtreo bhaint amach na sprice foriomláine maidir le dramhaíl a chosc i gcás na dramhaíola uile ó phacáistíocht arna giniúint sa Bhallstát a dheonaíonn díolúine. Níl aon sprioc ábharshonrach ann maidir le dramhaíl a chosc.

d)Coinníollacha maidir leis an díolúine a athnuachan:

Más mian le Ballstát leanúint den díolúine ó na spriocanna athúsáide a úsáid tar éis 5 bliana, ní mór dó na spriocanna maidir le dramhaíl a chosc a chomhlíonadh sna blianta 2035 agus 2040. Ba é rún na gcomhreachtóirí, agus an fhéidearthacht an díolúine a athnuachan á ceadú acu, a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na spriocanna maidir le hathúsáid agus go leanfaidh na Ballstáit de ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú de réir na spriocanna laghdaithe, mar a leagtar síos le haghaidh na mblianta 2035 agus 2040. Má bhíonn sonraí nua ar fáil agus má bhíonn feidhm ag spriocanna nua, ba cheart iad sin a mheas san am ábhartha nó d’fhéadfaí cuspóirí PPWR, go háirithe laghdú dramhaíola ó phacáistíocht, a chur i mbaol.

25.Solúbthachtaí na mBallstáit bearta náisiúnta a bhunú 

Forálacha dlí:

Airteagal 4:

‘1. Ní chuirfear pacáistíocht ar an margadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí an Rialachán seo.

2. Maidir le pacáistíocht a chomhlíonann na ceanglais inbhuanaitheachta, lipéadaithe agus faisnéise a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, nó de bhun na n‑airteagal sin, a chur ar an margadh, ní dhéanfaidh na Ballstáit é sin a thoirmeasc, a shrianadh ná a choinneáil siar.

3. Má roghnaíonn na Ballstáit ceanglais inbhuanaitheachta náisiúnta nó ceanglais faisnéise, de bhreis ar na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, ní thiocfaidh na ceanglais sin salach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus, maidir le pacáistíocht a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh, ní dhéanfaidh na Ballstáit é sin a thoirmeasc, a shrianadh ná a choinneáil siar ar chúiseanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceanglas náisiúnta sin.’



Léirmhíniú an Choimisiúin:

Le PPWR, fágtar corrlach lánroghnach ag na Ballstáit i leith roinnt ábhar nó ní leagtar síos ach íoscheanglais nó ceanglaítear ar na Ballstáit forálacha nach bhfuil comhchuibhithe go hiomlán a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tá moill ar sprioc-amanna chun roinnt forálacha a chur i bhfeidhm.

Imríonn forálacha náisiúnta éagsúla maidir le pacáistíocht tionchar ar gach earnáil eacnamaíoch agus ar shlabhra luacha gach táirge, nach mór. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthóidh bearta náisiúnta bacainní díréireacha gan údar ar thrádáil sa mhargadh inmheánach ná saobhadh iomaíochta.

Is sárú ar phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE agus ar Airteagal 288 CFAE lena leagtar amach an prionsabal maidir le hinfheidhmeacht dhíreach rialachán é cur i bhfeidhm rialacha comhchuibhithe an Aontais roimh am, i.e. nuair a ghlacann na Ballstáit reachtaíocht cur chun feidhme cheangailteach roimh na sprioc-amanna comhchuibhithe, go háirithe má cheanglaítear leis na forálacha sin go nglacfar bearta cur chun feidhme den chéad uair ar leibhéal an Aontais. B’fhéidir go gceadaítear leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana (PPWD, Conradh) reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm roimh am, ach ní mór an reachtaíocht sin a aisghairm tráth nach déanaí ná teacht i bhfeidhm na bhforálacha comhchuibhithe agus ní mór í a bheith i gcomhréir cheana féin leis an gcorrlach lánroghnach dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Rialacháin.

A mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht go dtabharfaidh na Ballstáit ceanglais inbhuanaitheachta isteach a rachaidh níos faide ná na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán, tugann Airteagal 4(2) PPWR dearbhú do na hoibreoirí eacnamaíocha nach srianfar le haon riail náisiúnta pacáistíocht a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin a chur ar an margadh.

Ba cheart Airteagal 4(3) PPWR a léirmhíniú sa chaoi go sriantar leis saoirse na mBallstát ó thaobh a ngníomhaíochta de agus nach gceadaítear leis go bhféadfaí maolú ar an riail ghinearálta atá in Airteagal 4(2) PPWR. Dá bhrí sin, maidir le haon cheanglas inbhuanaitheachta nó lipéadaithe náisiúnta, ní fhéadfaidh sé cur ar an margadh pacáistíochta a chomhlíonann na ceanglais inbhuanaitheachta agus lipéadaithe faoi PPWR a shrianadh, ní fhéadfaidh sé teacht salach ar na ceanglais sin agus ní fhéadfaidh sé bacainní a chruthú ar an margadh inmheánach. 

Le forálacha éagsúla den Rialachán, sonraítear lamháil chumhachtaí na mBallstát chun bearta náisiúnta a ghlacadh nó ceadaítear do na Ballstáit díolúintí nó ceanglais bhreise a thabhairt isteach. Is amhlaidh sin i gcás forálacha maidir le hinmhúirínitheacht (Airteagal 9), srianta ar úsáid formáidí pacáistíochta áirithe (Airteagal 25(2) agus (3), Airteagal 70(4), Iarscríbhinn V, pointe 2, Airteagal 29, maidir le spriocanna athúsáide (féach míreanna 11, 12, 14, 15, 16), agus Airteagal 33(6) maidir le tairiscint athúsáide.

Ceanglaítear le roinnt forálacha ( 30 ) cur chun feidhme náisiúnta (e.g. chun sprioc áirithe a bhaint amach nó chun tuairisciú a dhéanamh) agus is meascán iad de cheanglais agus d’fhéidearthachtaí lán-chomhchuibhithe le haghaidh solúbthachtaí náisiúnta. Mar sin féin, bíonn na coinníollacha maidir le húsáid na ‘solúbthachtaí’ sin faoi chuimsiú coinníollacha comhchuibhithe i gcónaí agus ní mór do na Ballstáit na coinníollacha sin a chomhlíonadh chun PPWR a chomhlíonadh (féach pointe 29 thíos maidir le spriocanna athchúrsála). Áirítear i roinnt de na forálacha sin freisin oibleagáidí atá infheidhme go díreach ar oibreoirí eacnamaíocha, mar shampla, Airteagal 31 maidir le tuairisciú do na húdaráis inniúla i ndáil le spriocanna athúsáide.

26.Solúbthacht na mBallstát spriocanna athchúrsála breise a leagan síos 

Forálacha dlí:

Airteagal 52(6): ‘Fad a chloíonn Ballstát leis na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE agus é ag comhlíonadh an Rialacháin seo, féadfaidh sé forálacha a théann níos faide ná na spriocanna íosta a leagtar amach san Airteagal seo a ghlacadh.’

Airteagal 4(3): ‘Má roghnaíonn na Ballstáit ceanglais inbhuanaitheachta náisiúnta nó ceanglais faisnéise, de bhreis ar na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, ní thiocfaidh na ceanglais sin salach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus, maidir le pacáistíocht a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh, ní dhéanfaidh na Ballstáit é sin a thoirmeasc, a shrianadh ná a choinneáil siar ar chúiseanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceanglas náisiúnta sin.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Is féidir leis na Ballstáit spriocanna athchúrsála níos airde a leagan síos, chomh maith le spriocanna breise, ar choinníoll nach ndéanfaidh siad dochar don mhargadh inmheánach. Tá spriocanna breise ag roinnt Ballstát cheana féin, maidir le clár pacáistíochta leachtanna, mar shampla.

Athdhearbhaíonn PPWR an Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht (PPWD) a bhí ann roimhe seo, lenar tugadh rogha do na Ballstáit i dtaca lena mbainistiú dramhaíola a eagrú.

D’fhéadfadh spriocanna athchúrsála breise éifeachtúlacht i slabhra luacha na dramhaíola ó phacáistíocht a fheabhsú agus, dá bhrí sin, téann siad chun tairbhe d’oibreoirí eacnamaíocha. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit a léiriú, ar bhonn cás ar chás, nach dtagann na spriocanna sin salach ar chuspóirí PPWR maidir leis an margadh inmheánach.

27.Solúbthacht na mBallstáit spriocanna athúsáide breise nó níos airde a leagan síos 

Forálacha dlí:

Leagtar síos le hAirteagal 29(15): ‘Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha, spriocanna a sháraíonn na cinn íosta a leagtar amach i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo sa mhéid go bhfuil spriocanna breise den sórt sin riachtanach chun go ndéanfaidh an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.’

Leagtar síos le hAirteagal 29(16): ‘Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha maidir leis na deochanna a chuirtear ar fáil i bpacáistíocht díolacháin nach dtagann faoi mhír 6 den Airteagal seo má tá na spriocanna breise sin riachtanach chun go ndéanfaidh an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.’

Luaitear le hAirteagal 51 maidir le hathúsáid agus athlíonadh:

(1)‘Déanfaidh na Ballstáit bearta chun bunú córas athúsáide pacáistíochta le dreasachtaí leordhóthanacha le haghaidh aischuir agus bunú córas athlíonta a spreagadh ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol. Comhlíonfaidh na córais sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27 agus 28 agus Iarscríbhinn VI agus ní chuirfidh siad isteach ar shláinteachas bia ná ar shábháilteacht tomhaltóirí.

(2)Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i measc na mbeart dá dtagraítear i mír 1: (…)

(c) oibleagáidí ar mhonaróirí nó dáileoirí críochnaitheacha céatadán áirithe de tháirgí, seachas iad siúd a chumhdaítear leis na spriocanna athúsáide a leagtar síos in Airteagal 29, a chur ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide nó trí athlíonadh, ar choinníoll nach leanfaidh as sin saobhadh ar an margadh inmheánach ná bacainní trádála le haghaidh táirgí ó Bhallstáit eile.’

Le hAirteagal 33(6), a bhaineann leis an oibleagáid maidir le tairiscint athúsáide san earnáil beir leat, tagraítear d’Airteagal 51 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha ar dá mbun a fhéadfaidh Ballstát spriocanna a leagan síos a théann níos faide ná an sprioc íosta tháscach 10 % a leagtar síos do 2030 in Airteagal 33(5) PPWR maidir le pacáistíocht beir leat ‘a mhéid atá na spriocanna níos airde riachtanach don Bhallstát chun ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Chun go mbainfear amach na spriocanna in PPWR maidir le dramhaíl a chosc, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit bearta an Aontais a chomhlánú le bearta náisiúnta, amhail spriocanna náisiúnta athúsáide níos airde maidir le pacáistíocht nó cinn bhreise. Agus an méid sin á dhéanamh acu, áfach, ní mór do na Ballstáit coinníollacha dochta áirithe a chomhlíonadh:

(a)A mhéid a bhaineann leis na coinníollacha faoi Airteagal 51, measann an Coimisiún, maidir leis na coinníollacha carnacha is gá a chomhlíonadh chun na spriocanna athúsáide in Airteagal 29(15) a mhéadú, gur gá iad a chomhlíonadh freisin chun spriocanna nua athúsáide a leagan síos de bhun Airteagal 51(2)(c), lena gceadaítear do na Ballstáit spriocanna athúsáide a leagan síos maidir le táirgí nach gcumhdaítear leis na spriocanna athúsáide atá in Airteagal 29. Is iad seo a leanas na coinníollacha sin:

·Tá gá leis na spriocanna nua chun go mbainfidh an Ballstát a spriocanna laghdaithe dramhaíola amach (5 % faoi 2030; 10 % faoi 2035; 15 % faoi 2040), rud nach mór dó a chruthú le fíorais agus sonraí; agus

·Ní bheidh saobhadh ar an margadh inmheánach ná bacainní trádála ar tháirgí mar thoradh ar na spriocanna nua; agus

·Tugtar fógra faoi na spriocanna nua trí nós imeachta an Chórais Faisnéise um Rialacháin Theicniúla (TRIS), lena leagtar síos nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoina dtograí reachtacha ionas nach gcruthófar bacainní ar an margadh inmheánach, ós rialacháin theicniúla iad na bearta sin.

Le hAirteagal 51(2)(c), ceadaítear do na Ballstáit spriocanna athúsáide a leagan síos maidir le táirgí nach gcumhdaítear leis na spriocanna athúsáide atá in Airteagal 29, agus nach ndíolmhaítear go sainráite in Airteagal 29, rud a fhágann, mar shampla, go gceadaítear do na Ballstáit spriocanna athúsáide a leagan síos don earnáil beir leat. Ceadaítear é sin go sainráite freisin le hAirteagal 33(6) de PPWR.

Dá bhrí sin, más mian le Ballstát spriocanna athúsáide náisiúnta nua a leagan síos in earnálacha eile nó maidir le formáidí pacáistíochta nó táirgí seachas na cinn sin a liostaítear in Airteagal 29, ní mór dó a chruthú go bhfuil gá leo sin chun a spriocanna maidir le dramhaíl a chosc a bhaint amach. Ba cheart an measúnú sin a áireamh san fhógra a thabharfaidh Ballstát faoi na bearta sin i gcóras fógartha TRIS.

(b)Cé go gceadaítear le hAirteagal 43 do na Ballstáit spriocanna náisiúnta a leagan síos maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc, ar spriocanna iad atá níos airde ná na spriocanna a leagtar amach ar leibhéal an Aontais ( 31 ), ní féidir spriocanna náisiúnta níos airde maidir le dramhaíl a chosc a úsáid mar bhonn cirt chun na spriocanna athúsáide comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais a mhéadú. Eascraíonn sé sin as prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar an dlí náisiúnta óir, murach sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cuspóir an chomhchuibhithe margaidh a chur i mbaol.

(c)Mura bhforáiltear a mhalairt, ní féidir leis na Ballstáit forálacha an Aontais is infheidhme go díreach agus atá comhchuibhithe a athrú. Ní féidir leo:

-spriocanna athúsáide a leagan síos maidir le pacáistíocht iompair, amhail boscaí cairtchláir, atá díolmhaithe go sainráite ó athúsáid faoi PPWR, nó

-spriocanna ceangailteacha a dhéanamh de spriocanna táscacha athúsáide le haghaidh 2040, mar a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagail 29(1), 29(5), agus 29(6).

28.Díolúintí náisiúnta ó Chórais Aisíoctha Éarlaise

Forálacha dlí:

In Airteagal 3(1), pointe (62), sainmhínítear ‘córas aisíoctha éarlaise’ mar ‘córais ina ngearrtar éarlais ar an úsáideoir deiridh nuair a cheannaítear táirge pacáistithe nó líonta a chumhdaítear leis an gcóras sin, agus a aisíoctar nuair a thugtar an phacáistíocht inar cuireadh éarlais ar ais trí cheann de na bealaí bailiúcháin arna n‑údarú ag na húdaráis náisiúnta chun na críche sin.’

De réir Airteagal 50(1), ‘Faoin 1 Eanáir 2029, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ar leithligh ar 90 % ar a laghad in aghaidh na bliana de réir meáchain de na formáidí pacáistíochta seo a leanas a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair sa Bhallstát sin i mbliain féilire ar leith:

(a)

buidéil deochanna aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear; agus

(b)

coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear.’

Déantar foráil le hAirteagal 50(2) mar a leanas ‘Chun na spriocanna a leagtar amach mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbunófar córais aisíoctha éarlaise le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfar éarlais a mhuirearú ag an díolphointe.’

Le hAirteagal 50(5), tugtar deis do na Ballstáit díolúine a fháil ón oibleagáid i mír 2 faoi na coinníollacha seo a leanas:

‘(a)

is é ráta bailiúcháin ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha, mar a éilítear in Airteagal 48 agus mar a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 56(1) pointe (c), 80 % nó níos mó de réir mheáchan na pacáistíochta sin a chuirtear ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin i mbliain féilire 2026; agus

(b)

faoin 1 Eanáir 2028, tugann an Ballstát fógra don Choimisiún faoina iarraidh ar dhíolúine agus cuireann sé isteach plean cur chun feidhme ina léirítear straitéis lena ngabhann bearta coincréiteacha lena n‑áirítear an amlíne a bhaineann leo lena ndéantar a áirithiú go mbainfear amach an ráta bailiúcháin ar leithligh de 90 % de mheáchan na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1.’

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Ní dhéanann PPWR foráil maidir le coinníollacha níos boige do mhiondíoltóirí sna réigiúin teorann. Os a choinne sin, forchuirtear leis oibleagáidí sonracha ( 32 ) ar ghnólachtaí trasteorann chun imchéimniú a chosc, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chuspóirí agus ceanglais an chórais aisíoctha éarlaise.

An fhéidearthacht go dtabharfar díolúine do na Ballstáit faoi Airteagal 50(5) de PPWR, baineann sí le critéir feidhmíochta agus ní le critéir gheografacha agus, dála aon eisceacht, ní mór í a léirmhíniú go sriantach.

Is coinníollacha carnacha iad an dá choinníoll, is iad sin éarlais a ghearradh agus córas aisíoctha éarlaise a bhunú, toisc nach féidir éarlais a ghearradh in éagmais córas aisíoctha éarlaise. Cuirtear sin i dtábhacht sa sainmhíniú ar chórais aisíoctha éarlaise. Dá réir sin, ní féidir dáileoir deiridh a dhíolmhú ó éarlais a mhuirearú ach amháin má tá díolúine faighte ag an mBallstát, ina iomláine, ó chóras aisíoctha éarlaise a bhunú. Is é sin le rá, ní féidir an dáileoir deiridh a dhíolmhú ó éarlais a mhuirearú má tá córas aisíoctha éarlaise ag an mBallstát ina bhfuil sé lonnaithe agus má tá oibleagáid air, dá bhrí sin, éarlais a ghearradh ar thomhaltóirí ó Bhallstáit eile.

29.Íoscheanglais maidir le Córais Aisíoctha Éarlaise atá ann cheana

Forálacha dlí:

De réir Airteagal 50(11) de PPWR, áiritheoidh na Ballstáit faoin 1 Eanáir 2029, go gcomhlíonfaidh an córas aisíoctha éarlaise le haghaidh buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin deochanna miotail aon úsáide, agus an córas sin ar a laghad, na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X.

Luaitear le hAirteagal 50(11) freisin nach mbeidh feidhm ag na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X maidir le córas aisíoctha éarlaise a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm PPWR, agus lena mbaintear amach na spriocanna 90 % a leagtar amach in Airteagal 50(1) faoin 1 Eanáir 2029. Féachfaidh na Ballstáit, áfach, lena áirithiú go gcomhlíonann na córais aisíoctha éarlaise atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X, an chéad uair a dhéanfar athbhreithniú orthu. Mura mbainfear amach an sprioc 90 % faoin 1 Eanáir 2029, comhlíonfar leis an gcóras aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X faoin 1 Eanáir 2035 ar a dhéanaí.

Mínítear in Aithris (145) go gcuideoidh na híoscheanglais in Iarscríbhinn X le comhsheasmhacht níos fearr agus rátaí fillte níos airde a bhaint amach ó Bhallstát go chéile. Socraíodh iad bunaithe ar dhearcthaí páirtithe leasmhara, anailís ó shaineolaithe agus dea-chleachtas ó chórais aisíoctha éarlaise atá ann faoi láthair.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Is éard ba cheart a thuiscint le hathbhreithniú ar chóras aisíoctha éarlaise atá ann cheana aon ghníomhaíocht rialála a leagtar síos trí reachtaíocht, lena bhforchuirtear athrú substaintiúil ar an gcóras aisíoctha éarlaise.

Is féidir leis na híoscheanglais cuidiú le neartú fheidhmíocht chomhshaoil an chórais aisíoctha éarlaise, go háirithe an ráta bailithe. Roimh an 1 Eanáir 2029, breithneoidh na Ballstáit an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an córas aisíoctha éarlaise na spriocanna 90 % maidir le bailiú ar leithligh a leagtar amach in Airteagal 50(2) nuair a dhéanfaidh siad athbhreithniú ar an gcóras aisíoctha éarlaise. Más rátaí 90 % ar a laghad iad na rátaí bailithe ar leithligh a bhaintear amach leis an gcóras aisíoctha éarlaise, ní gá dó na híoscheanglais a chomhlíonadh. Murab amhlaidh sin, áfach, ba cheart don Bhallstát cuimhneamh ar a áirithiú go gcomhlíonann an córas aisíoctha éarlaise na híoscheanglais in Iarscríbhinn X. Tar éis an 1 Eanáir 2029, i gcás córas aisíoctha éarlaise le haghaidh pacáistíocht dí aon úsáide nach gcomhlíonann na hoibleagáidí maidir le bailiú ar leithligh, ní mór dó na híoscheanglais a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2035.

30.Glacadh miondíoltóirí le coimeádán deochanna lena ngabhann éarlais

Forálacha dlí:

De réir Phointe l, Iarscríbhinn X, ‘áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’oibleagáid ar dháileoirí deiridh glacadh le pacáistíocht lena ngabhann éarlais an ábhair pacáistíochta agus leis an bhformáid a dháileann siad agus éarlaisí fuascailte a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nuair a thugtar an phacáistíocht lena ngabhann éarlais ar ais, ach amháin má tá an rochtain chéanna ag úsáideoirí deiridh ar an éarlais a fhuascailt tar éis úsáid a bhaint as an bpacáistíocht lena ngabhann éarlais, trí cheann de na bealaí bailithe lena n‑áirithítear athchúrsáil grád bia le haghaidh pacáistíocht bhia agus atá údaraithe chun na críche sin ag na húdaráis náisiúnta. Níl feidhm ag an oibleagáid sin i gcás nach scaoileann an t‑achar dromchla díolacháin le húsáideoirí deiridh pacáistíocht lena ngabhann éarlais a thabhairt ar ais. Mar sin féin, beidh ar dháileoirí deiridh glacadh i gcónaí le tabhairt ar ais phacáistíocht fholamh na dtáirgí a dhíolann siad’.

Leagtar síos le hAirteagal 50(11): ‘Faoin 1 Eanáir 2029, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis na scéimeanna aisíoctha éarlaise arna mbunú faoi mhír 2 den Airteagal seo ar a laghad, i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X. Ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X maidir le scéimeanna aisíoctha éarlaise a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus lena mbaintear amach an sprioc 90 % a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo faoin 1 Eanáir 2029. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfar leis na córais aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X nuair a dhéanfar athbhreithniú orthu den chéad uair. Mura mbainfear amach an sprioc 90 % faoin 1 Eanáir 2029, comhlíonfar leis na córais aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X faoin 1 Eanáir 2035 ar a dhéanaí’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

De réir na n‑íoscheanglas maidir le córas aisíoctha éarlaise a leagtar amach in Iarscríbhinn X, ní mór do dháileoirí deiridh glacadh le pacáistíocht fholamh na dtáirgí a dhíolann siad agus an éarlais a fhuascailt. Tá feidhm ag an oibleagáid sin gan cruthúnas ar cheannach.

Thairis sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar dháileoirí deiridh glacadh leis an bpacáistíocht uile lena ngabhann éarlais, ar pacáistíocht í den ábhar agus den fhormáid chéanna leis an bpacáistíocht a dhíolann siad, agus an éarlais a íoc leis an úsáideoir deiridh. An oibleagáid an éarlais a fhuascailt, níl feidhm aici i gcás nach bhfágann achar dromchla díolacháin an dáileora deiridh gur féidir leis an dáileoir deiridh glacadh le tabhairt ar ais na pacáistíochta lena ngabhann éarlais, nó má tá cainéal bailithe eile le haghaidh pacáistíocht dí aon úsáide chomh hinrochtana céanna ag úsáideoirí deiridh chun an éarlais a fhuascailt, ar cainéal bunaithe é atá údaraithe chun na críche sin. Ní mór do na Ballstáit a shuí conas a bheidh feidhm ag na díolúintí sin.

Na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn X, níl feidhm acu ach amháin maidir le córas aisíoctha éarlaise a bhunaítear tar éis an 11 Feabhra 2025 nó mura ndéanann córas aisíoctha éarlaise na spriocanna 90 % maidir le bailiú ar leithligh a bhaint amach faoin 1 Eanáir 2029. Dá réir sin, córais aisíoctha éarlaise nach gá dóibh na híoscheanglais a chomhlíonadh, ní leo a bhaineann na hoibleagáidí maidir le glacadh ar ais a leagtar síos in PPWR.

31.Cóireáil deireadh ré ar phacáistíocht a bhailítear ar leithligh agus atá deartha le haghaidh in-athchúrsáilteachta 

Forálacha dlí:

De réir Airteagal 48(1), ‘Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar córais agus bonneagair chun foráil a dhéanamh d’aischur agus bailiúchán ar leithligh gach dramhaíola ó phacáistíocht ó na húsáideoirí deiridh (...) agus chun ullmhú na dramhaíola i gcomhair athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú. Pacáistíocht a chomhlíonann na critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ arna mbunú i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 6(4) den Rialachán seo, déanfar í a bhailiú lena hathchúrsáil. Beidh toirmeasc ar loscadh agus líonadh talún i ndáil le pacáistíocht den sórt sin, cé is moite de dhramhaíl a bheidh mar thoradh ar oibríochtaí cóireála iardain ar dhramhaíl ó phacáistíocht a bailíodh ar leithligh nach bhfuil athchúrsáil indéanta ina leith nó nach dtugann an athchúrsáil an toradh is fearr ó thaobh an chomhshaoil de’.

Bunaítear le hAirteagal 48(2) ‘chun athchúrsáil ardcháilíochta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córais agus bonneagair i bhfeidhm le haghaidh bailiú agus sórtáil chuimsitheach chun an athchúrsáil a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh bunábhar plaisteach ar fáil le haghaidh athchúrsála’.

Luaitear in Airteagal 48(3) go ‘[bh]féadfaidh na Ballstáit maolú ar an oibleagáid aischuir agus bailithe dramhaíola ar leithligh i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh foirmeacha áirithe dramhaíola ar choinníoll nach ndéanann bailiú codán dramhaíola ó phacáistíocht i dteannta a chéile, nó bailiú dramhaíola ón bpacáistíocht sin nó codán dramhaíola ón bpacáistíocht den sórt sin in éineacht le dramhaíl eile difear d’acmhainneacht na pacáistíochta sin nó na gcodán dramhaíola ón bpacáistíocht sin dul faoi ullmhú i gcomhair athúsáide, athchúrsála nó oibríochtaí aisghabhála eile (...) agus go ngintear aschur ó na hoibríochtaí sin a bheidh ar cháilíocht a bheidh inchurtha leis an aschur a fhaightear trí bhailiú ar leithligh’.

Airteagal 49: ‘Faoin 1 Eanáir 2029, socróidh na Ballstáit cuspóirí bailithe éigeantaigh agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh bailiú na n‑ábhar a liostaítear in Airteagal 52 comhsheasmhach leis na spriocanna athchúrsála a leagtar amach san Airteagal sin agus leis na spriocanna éigeantacha maidir le cion an ábhair athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 7’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

De réir Airteagal 48(1) PPWR, ní cheadaítear loscadh pacáistíochta a chomhlíonann na critéir maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta faoi Airteagal 6 ná ní cheadaítear a cur i líonadh talún. Ós rud é go ndéanfar na critéir maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta a leagan síos faoin 1 Eanáir 2028 i ngníomhartha tarmligthe a shonraítear in Airteagal 6(4) agus go mbeidh feidhm acu 2 bhliain ina dhiaidh sin, beidh éifeacht leis an toirmeasc ón 1 Eanáir 2030.

Pacáistíocht na bhformáidí agus na n‑ábhar atá díolmhaithe ó na critéir maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta, tá siad díolmhaithe freisin ón toirmeasc ar loscadh agus ar a gcur i líonadh talún. Ar na díolúintí áirítear ábhair phacáistíochta amhail adhmad éadrom, corc, teicstíl, rubar, ceirmeach, poirceallán nó céir. Tá díolúintí ann freisin d’fheidhmeanna pacáistíochta áirithe, amhail feistí leighis agus iompar earraí contúirteacha. Is féidir an phacáistíocht dhíolmhaithe a bhailiú in éineacht leis an dramhaíl iarmharach agus í a loscadh nó a chur i líonadh talún. An phacáistíocht eile uile nach mór a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le dearadh le haghaidh in-athchúrsáilteachta, is gá í a bhailiú ar leithligh agus, i bprionsabal, a athchúrsáil.

Pacáistíocht atá deartha le haghaidh in-athchúrsáilteachta, ní cheadófar í a loscadh ná a chur i líonadh talún nuair a dhéanfar dramhaíl di, cé is moite den dramhaíl ó phacáistíocht a bailíodh, a sórtáladh agus a cóireáladh ar leithligh, ach nach bhfuil a hathchúrsáil indéanta nó nach dtugann a hathchúrsáil an toradh is fearr ó thaobh an chomhshaoil de, mar a shonraítear in Airteagal 48(1). 

Is féidir leis na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar dramhaíl ó phacáistíocht nach mbailítear ar leithligh, mar a thuairiscítear thuas, a shórtáil roimh oibríochtaí aisghabhála fuinnimh chun pacáistíocht atá deartha le haghaidh in-athchúrsáilteachta a bhaint (Airteagal 48(4) PPWR).

Le hAirteagal 48(3) ceadaítear maolú ar na ceanglais maidir le bailiú ar leithligh, más rud é, ar an gcéad dul síos, nach ndéanann an bailiú sin difear d’acmhainneacht na dramhaíola ó phacáistíocht ná do na codáin dramhaíola ó phacáistíocht atá le hathchúrsáil agus más rud é, ar an dara dul síos, go bhfuil an t‑ábhar athchúrsáilte a leanann as sin ar cháilíocht inchomparáide amhail agus dá mbaileofaí ar leithligh é. Fiú má úsáidtear maolú den sórt sin, tá feidhm fós ag an toirmeasc ar loscadh agus ar chur i líonadh talún maidir leis an dramhaíl ó phacáistíocht a bhailítear trí shruthanna measctha dramhaíola ó phacáistíocht.

Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go mbunófar córais leordhóthanacha agus bonneagar leordhóthanach chun foráil a dhéanamh maidir le bailiú ar leithligh na dramhaíola uile ó phacáistíocht. Chun a éascú go mbeidh bailiú dramhaíola ó phacáistíocht comhsheasmhach leis na spriocanna ceangailteacha athchúrsála agus leis na ceanglais maidir le cion ábhair athchúrsáilte, ní mór do na Ballstáit cuspóirí éigeantacha bailithe a leagan síos freisin faoin 1 Eanáir 2029.

32.Ráta bailithe ar leithligh maidir le pacáistíocht lena ngabhann éarlais in 2026 agus an oibleagáid córas aisíoctha éarlaise a bhunú faoi 2029

Forálacha dlí:

Luaitear in Airteagal 50(1) gur ‘faoin 1 Eanáir 2029, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ar leithligh ar 90 % ar a laghad in aghaidh na bliana de réir meáchain de na formáidí pacáistíochta seo a leanas a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair sa Bhallstát sin i mbliain féilire ar leith: (a) buidéil deochanna aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear; agus (b) coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear’.

Bunaítear le hAirteagal 50(2) ‘chun na spriocanna a leagtar amach mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbunófar córais aisíoctha éarlaise le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfar éarlais a mhuirearú ag an díolphointe’.

Luaitear le hAirteagal 50(5) go ‘[bh]féadfar na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid faoi mhír 2 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) is é ráta bailiúcháin ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha, mar a éilítear in Airteagal 48 agus mar a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 56(1), pointe (c), 80 % nó níos mó de réir mheáchan na pacáistíochta sin a chuirtear ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin sa bhliain féilire 2026; agus

(b) faoin 1 Eanáir 2028, tugann an Ballstát fógra don Choimisiún faoina iarraidh ar dhíolúine agus cuireann sé isteach plean cur chun feidhme ina léirítear straitéis lena ngabhann bearta coincréiteacha, lena n‑áirítear an amlíne a bhaineann leo, lena ndéantar a áirithiú go mbainfear amach an ráta bailiúcháin ar leithligh de 90 % de réir meáchain den phacáistíocht dá dtagraítear i mír 1.

Sonraítear a thuilleadh, chun críocha phointe (a), i gcás nár cuireadh an fhaisnéis maidir le ráta bailithe ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin go fóill, soláthróidh an Ballstát míniú réasúnaithe faoin gcaoi a gcomhlíontar ar shlí eile na coinníollacha maidir leis an díolúine a leagtar amach sa mhír seo. Beidh an míniú réasúnaithe bunaithe ar shonraí náisiúnta bailíochtaithe agus áireofar ann tuairisc ar na bearta arna gcur chun feidhme’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar 90 % de bhuidéil phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin mhiotail aon úsáide, mar a shonraítear in Airteagal 50(1), a bhailiú ar leithligh faoin 1 Eanáir 2029. Chun na spriocanna bailithe sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas aisíoctha éarlaise bunaithe acu le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta ábhartha, a bheidh go hiomlán oibríochtúil faoin 1 Eanáir 2029, mura rud é gur iarr an Ballstát díolúine faoin 1 Eanáir 2028 agus go bhfuair sé freagra dearfach ina leith nó nach bhfuair sé aon fhreagra laistigh de 3 mhí ón bplean cur chun feidhme a fháil.

Má chomhlíonann na Ballstáit na ceanglais charnacha maidir le díolúine ó chóras aisíoctha éarlaise a bhunú, ar ceanglais iad a leagtar síos in Airteagal 50(5), is féidir iad a dhíolmhú ón oibleagáid córas aisíoctha éarlaise a bhunú. Más mian le Ballstát an díolúine sin a úsáid, ní mór dó 80 % de bhuidéil phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin mhiotail aon úsáide a chuirtear ar fáil ar chríoch an Bhallstáit sin sa bhliain féilire 2026 a bhailiú ar leithligh. Tá sé sin le tuairisciú don Choimisiún Eorpach faoin 1 Iúil 2028 ar a dhéanaí. Bheadh na sonraí sin bunaithe ar rátaí bailithe measta, ach ba cheart do na Ballstáit sonraí atá ar fáil maidir le bailiú buidéal plaisteach aon úsáide a áireamh ann mar a cheanglaítear faoin Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide. Mura gcomhlíonann an Ballstát an sprioc bhailithe 80 %, ní cháilíonn sé le haghaidh díolúine. De réir PPWR, ní mór do Bhallstát plean cur chun feidhme a chur i láthair freisin faoin 1 Eanáir 2028 ar a dhéanaí. Is é léirmhíniú an Choimisiúin go bhfuiltear le meas gur ‘rogha aon uaire’ í an rogha maidir le díolúine. Mura ndéanann Ballstát iarratas ar dhíolúine de réir na bhforálacha agus na ndátaí a leagtar síos in Airteagal 50, ní mór dó córas aisíoctha éarlaise a bhunú.

Má fuair Ballstát díolúine agus mura ndéanann sé 90 % den phacáistíocht dí aon úsáide a bhailiú ar leithligh ar feadh 3 bliana as a chéile, ní bheidh feidhm ag an díolúine a thuilleadh, mar a shonraítear in Airteagal 50(7) de PPWR. Beidh ar an mBallstát córas aisíoctha éarlaise a bhunú ansin faoin 1 Eanáir den dara bliain féilire tar éis na bliana inar thug an Coimisiún fógra don Bhallstát nach bhfuil feidhm ag an díolúine a thuilleadh.

33.Sprioc na mBallstát maidir le 90 % de bhuidéil deochanna plaisteacha aon úsáide agus cannaí deochanna miotail aon úsáide a bhailiú agus rannchuidiú scéimeanna réigiúnacha aisíoctha éarlaise 

Forálacha dlí:

Luaitear in Airteagal 50(1) gur ‘faoin 1 Eanáir 2029, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ar leithligh ar 90 % ar a laghad in aghaidh na bliana de réir meáchain de na formáidí pacáistíochta seo a leanas a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair sa Bhallstát sin i mbliain féilire ar leith: (a) buidéil deochanna aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear; agus (b) coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear’.

Leagtar amach le hAirteagal 50(2) ‘chun na spriocanna a leagtar amach mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbunófar córais aisíoctha éarlaise le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfar éarlais a mhuirearú ag an díolphointe’.

Léirmhíniú an Choimisiúin:

Na spriocanna 90 % in Airteagal 50(1) maidir le buidéil deochanna plaisteacha aon úsáide agus coimeádáin deochanna mhiotail aon úsáide a bhailiú ar leithligh, tá feidhm acu maidir leis an mBallstát ina iomláine agus tá siad bunaithe ar chainníocht na bhformáidí pacáistíochta sin a chuirtear ar fáil ar chríoch Bhallstáit in 1 bhliain amháin.

Ceanglaítear go mbeidh gach buidéal dí plaisteach aon úsáide agus gach coimeádán dí miotail aon úsáide, cé is moite díobh siúd a dhíolmhaítear go sainráite ón oibleagáid sin le hAirteagal 50(4), mar chuid de chóras aisíoctha éarlaise. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na formáidí pacáistíochta sin a bhailiú ar leithligh ina gcríoch iomlán, ach féadfaidh siad scéimeanna aisíoctha éarlaise a chur chun feidhme ar leibhéal fonáisiúnta chun rannáin riaracháin náisiúnta ábhartha agus críocha thar lear a chur san áireamh.

(1) ()    Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/62/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L, 2025/40, 22.1.2025)
(2) ()    KRONE-Verlag, C-65/20, EU:C:2021:471, mír 25
(3) ()    Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994  maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365 31.12.1994, lch. 10)
(4) () De réir Airteagal 3(1), pointe (5), ‘ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’ pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina haonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht don úsáideoir deiridh ag an díolphointe’.
(5) ()    De réir Airteagal 3(1), pointe 1(d), ‘earra atá deartha agus a bheartaítear lena líonadh ag an díolphointe chun an táirge a dháileadh, dá ngairtear ‘pacáistíocht seirbhíse’ freisin’.    
(6) ()    De réir Airteagal 3(1), pointe 6, ‘ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’ pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina grúpáil de líon áirithe aonad díolacháin ag an díolphointe, gan beann ar cibé acu a dhíoltar grúpáil na n‑aonad díolacháin sin sa cháil sin leis an úsáideoir deiridh nó a fhónann sí mar mhodh chun athstocáil na seilfeanna ag an díolphointe a éascú nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus is féidir a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe’.
(7) ()    De réir Airteagal 3(1), pointe 7, ‘ciallaíonn ‘pacáistíocht iompair’ pacáistíocht a cheaptar chun láimhseáil agus iompar aonaid díolacháin amháin nó níos mó nó grúpáil na n‑aonad díolacháin a éascú, chun damáiste don táirge de bharr a láimhseála nó a iompair a chosc, lena n‑eisiatar coimeádáin bhóthair, iarnróid, loinge agus aeir.’
(8) ()    De réir Airteagal 3(1), pointe 4, ‘ciallaíonn ‘pacáistíocht táirgthe phríomhúil’ earraí a dheartar agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar phacáistíocht le haghaidh táirgí neamhphróiseáilte ó tháirgeadh príomhúil mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’
(9) ()    Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lgh. 36–41)
(10) () De réir Iarscríbhinn VI, pointe (c), ciallaíonn ‘córas lúboscailte’ córas athúsáide ina scaiptear pacáistíocht in-athúsáidte i measc líon neamhshonraithe rannpháirtithe córais agus ina n‑athraíonn úinéireacht na pacáistíochta ag pointe amháin nó níos mó sa phróiseas athúsáide.
(11) ()    De réir Iarscríbhinn VI, pointe (b), ciallaíonn ‘córas lúbiata’ córas athúsáide ina scaipeann oibreoir córais nó grúpa comhair de rannpháirtithe córais pacáistíocht in-athúsáidte gan athrú úinéireachta ar an bpacáistíocht;
(12) ()    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lgh. 1–44)
(13) ()    ‘Treoirleabhar gorm’ 2022 um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí ( EUR-Lex - C:2022:247:TOC - GA - EUR-Lex )
(14) ()    De réir Airteagal 5 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), ciallaíonn ‘buanbhunaíocht’ áit sheasta ghnó trína ndéantar gnó fiontair go hiomlán nó go páirteach. Áirítear leis sin go háirithe: (a) áit bhainistíochta, (b) brainse, (c) agus oifig (...)
(15) ()    Breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Berlin Chemie, C-333/20, EU:C:2022:291; breithiúnas an 13 Meitheamh 2024, Adient, C-533/22, EU:C:2024:501.
(16) () mg/kg = ppm;
(17) () µg/kg = ppb
(18) ()  EUR-Lex - C:2022:247:TOC - GA - EUR-Lex
(19) ()    Caighdeáin chomhchuibhithe faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO C 44 an 19 Feabhra 2005)
(20) () IO L 338, 13.11.2004, lch. 4
(21) ()    Pacáistíocht - Ceanglais maidir le pacáistíocht is in-aisghabhála trí mhúiríniú agus bith-dhíghrádú - Scéim tástála agus critéir mheastóireachta maidir le glacadh críochnaitheach le pacáistíocht
(22) ()    EN 13428:2004 - Packaging – Requirements specific to manufacturing and composition – Prevention by source reduction [Pacáistíocht – Ceanglais a bhaineann go sonrach le monaraíocht agus comhdhéanamh – Cosc trí laghdú ag an bhfoinse]. Foilsíodh an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin i dTeachtaireacht IO C 44 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2005
(23) ()    EN 13428:2004 - Packaging – Requirements specific to manufacturing and composition – Prevention by source reduction [Pacáistíocht – Ceanglais a bhaineann go sonrach le monaraíocht agus comhdhéanamh – Cosc trí laghdú ag an bhfoinse]. Foilsíodh an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin i dTeachtaireacht IO C 44 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2005
(24) ()    EN 13429:2004 - Athúsáid pacáistíochta. Foilsíodh an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin i dTeachtaireacht IO C 44 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2005
(25) ()    97/129/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 28 Eanáir 1997 lena mbunaítear an córas sainaitheantais d’ábhair phacáistíochta de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht IO L 50, 20.2.1997, lgh. 28–31 
(26) ()  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Pacáistíocht deochanna, córais aisíoctha éarlaise agus saorghluaiseacht earraí
(27) () Féach Airteagal 45 PPWR maidir le freagracht leathnaithe táirgeora. Dá réir sin, ‘beidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as an bpacáistíocht, lena n‑áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, a chuireann siad ar fáil den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, faoi na scéimeanna a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus leis an Roinn seo, nó a dhéanann siad a dhíphacáil gan bheith ina n‑úsáideoirí deiridh.’
(28) ()    Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lgh. 1–19)
(29) (b) cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘3. I gcás ina bhfuil Airteagal 4 den Treoir seo ag teacht salach ar Airteagal 25(1) agus (6) de Rialachán (AE) 2025/40 a mhéid a bhaineann le pacáistíocht phlaisteach aon úsáide a liostaítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, beidh forlámhas ag Airteagal 25(1) agus (6) den Rialachán sin’. () De réir Airteagal 67(1)(a): ‘Leasaítear Treoir (AE) 2019/904 mar a leanas: (1) Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas: (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. I gcás ina mbíonn an Treoir seo ag teacht salach ar Threoir 94/62/CE nó 2008/98/CE, beidh forlámhas ag an Treoir seo mura bhforáiltear a mhalairt le Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’
(30) ()    Airteagail 13, 23, 31, 34, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47, 48, 49, 50, 51, 52, 53, 54, 56, 57, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 67, 68.
(31) ()    Luaitear le hAirteagal 43(7) mar thagairt: ‘Chun críoch mhír 5, féadfaidh na Ballstáit bearta maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc a thabhairt isteach a théann thar na spriocanna íosta a leagtar amach i mír 1, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht.’
(32) () Foráiltear le hAirteagal 50(11): ‘Faoin 1 Eanáir 2029, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis na scéimeanna aisíoctha éarlaise arna mbunú faoi mhír 2 den Airteagal seo ar a laghad, i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X.’ (…)Faoin 1 Eanáir 2038, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú ar chur chun feidhme an Airteagail seo agus sainaithneoidh sé conas idir-inoibritheacht na gcóras aisíoctha éarlaise a uasmhéadú.’Foráiltear le hIarscríbhinn X: ‘Áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil réigiúin a bhfuil gnó trasteorann ard acu go gceadaítear trí chórais aisíoctha éarlaise pacáistíocht a bhailiú ó chórais aisíoctha éarlaise Ballstát eile ag pointí bailithe ainmnithe agus féachfaidh siad leis an bhféidearthacht a áirithiú éarlais a gearradh ar an úsáideoir deiridh a thabhairt ar ais agus an phacáistíocht á ceannach aige.’