1.RÉAMHRÁ: AN TIONSCNAMH EORPACH Ó NA SAORÁNAIGH

Is é ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ 1 (MVMC), an 12ú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), arna chur faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú tar éis dó na tairseacha 2 a cheanglaítear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le Rialachán (AE) 2019/788 3 (‘Rialachán TES’) a bhaint amach. Cláraíodh é an 10 Aibreán 2024 agus bailíochtaíodh é an 1 Meán Fómhair 2025.

Déanann na heagraithe cur síos ar a gcuspóirí mar a leanas.

Tugann an feachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’ deis do mhuintir na hEorpa saol na mban a dhéanamh níos saoire, níos sábháilte agus níos fearr; cibé áit a bhfuil cónaí orthu san Aontas seo againne, cibé dálaí ina bhfuil siad.

An easpa rochtana ar ghinmhilleadh mar bhunchúram sláinte na mban in go leor áiteanna san Eoraip, ní hamháin go gcuireann sé mná i mbaol go ndéanfaí dochar fisiceach dóibh, ach cuireann sé strus míchuí eacnamaíoch agus meabhrach ar mhná agus ar theaghlaigh freisin, go minic i bpobail imeallaithe ar lú a n‑n‑acmhainn.

Tá comhdhearcadh láidir i measc comhlachtaí eolaíocha agus idirnáisiúnta nach dtagann laghdú ar ghinmhilleadh trí chaitheamh leis mar shó, is é an toradh a bhíonn air sin go lorgaíonn mná ginmhilleadh atá neamhshábháilte. Is iomaí saol agus slí bheatha a gcuirtear isteach orthu, a gcuirtear deireadh leo nó a chailltear mar gheall ar easpa rochtana ar ghinmhilleadh sábháilte. Ní mór stop a chur leis sin. Leis an Tionscnamh Eorpach seo ó na Saoránaigh, rachaimid i dtreo beartas atá níos córa agus a chuireann ár luachanna Eorpacha in iúl ar bhealach níos comhbháiche agus níos daingne.

Chun an méid sin a athrú táimid ag iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur isteach, de mheon dlúthpháirtíochta, le haghaidh tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a bheadh in ann foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.

D’fhéadfadh sásra um rogha a bheith páirteach a úsáid don réiteach sin, rud a bheadh ar fáil do na Ballstáit ar bhonn deonach. Iad siúd a roghnódh a bheith páirteach, gheobhaidís tacaíocht airgeadais ón Aontas ansin chun ualach na hiarrachta dlúthpháirtíochta sin a chúiteamh.

Tar éis iarraidh an lucht eagraithe an 23 Feabhra 2024, chláraigh an Coimisiún an tionscnamh an 10 Aibreán 2024 4 . Chuir an Coimisiún in iúl go soiléir ina chinneadh clárúcháin go bhféadfadh ‘tacaíocht airgeadais do ghníomhaíocht na mBallstát lena gcuirtear an tsláinte chun cinn teacht faoi inniúlacht tacaíochta an Aontais de bhun Airteagal 168(5) CFAE. Mar sin féin, bheadh ar aon tacaíocht den sórt sin na teorainneacha atá in Airteagal 168(7) CFAE a chomhlíonadh, a mhéid nach mór do ghníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar, lena n‑n‑áirítear seirbhísí sláinte agus cúram leighis a bhainistiú agus na hacmhainní a shanntar dóibh a leithdháileadh orthu. Ní féidir gurb é an aidhm ná an éifeacht a bheadh ag sásra tacaíochta airgeadais an bonn a bhaint de reachtaíocht oird phoiblí na mBallstát nó, ar bhonn níos ginearálta, na roghanna cúraim sláinte agus eiticiúla a dhéanann na Ballstáit i bhfeidhmiú a n‑inniúlachta i gcúrsaí sláinte’.

Bhailigh na heagraithe na ‘ráitis tacaíochta’ (sínithe) is gá idir an 24 Aibreán 2024 agus an 24 Aibreán 2025. An 1 Meán Fómhair 2025, tar éis d’údaráis na mBallstát na ráitis tacaíochta a fhíorú, chuir na heagraithe an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin. An dáta céanna, d’fhoilsigh an Coimisiún an fógra lena ndeimhnítear bailíocht an tionscnaimh i gclár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Leag an lucht eagraithe cuspóirí an tionscnaimh amach i gcruinniú leis an gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2025 agus ag an éisteacht phoiblí a d’eagraigh Parlaimint na hEorpa an 2 Nollaig 2025. Thairis sin, an 16 Nollaig 2025, bhí díospóireacht iomlánach ag an bParlaimint i dtaca le tionscnamh MVMC agus, an 17 Nollaig, ghlac sí Rún chun tacú leis an tionscnamh 5 . Ina theannta sin, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim féintionscnaimh chun tacú leis an tionscnamh MVMC an 21 Eanáir 2026 6 .

Tá an Coimisiún tiomanta don phrionsabal an caighdeán is airde sláinte do mhná a bhaint amach, agus an cuspóir a leanas a shaothrú: ‘sláinte na mban a chosaint trí thacú le gníomhaíocht sláinte na mBallstát maidir le rochtain na mban ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus í a chomhlánú, agus lánurraim á tabhairt do na Conarthaí’.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo conclúidí dlíthiúla agus polaitiúla an Choimisiúin maidir leis an tionscnamh, an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh, na cúiseanna leis an gcinneadh sin, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

2.COMHTHÉACS

2.1.An comhthéacs idirnáisiúnta

Leagtar béim i nDearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar ghinmhilleadh neamhshábháilte mar fhadhb thromchúiseach sláinte poiblí, a dhéanann difear go háirithe do na mná is boichte agus is óige 7 .

Áirítear ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) de chuid na Náisiún Aontaithe atá le baint amach faoi 2030 sprioc 3.7 maidir le rochtain uilíoch ar sheirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe a chinntiú 8 .

Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (‘CEDAW’), a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann, cuirtear d’oibleagáid ar na Stáit uile is Páirtithe ‘gach beart iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le hidirdhealú in aghaidh na mban i réimse an chúraim sláinte chun rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte a áirithiú, ar bhonn comhionannais idir fir agus mná, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le pleanáil teaghlaigh’ (Airteagal 12) 9 .

I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (‘CRPD’), a bhfuil na Ballstáit uile agus an tAontas ina bpáirtithe ann, leagtar béim ar an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas an caighdeán sláinte is airde is féidir a bhaint amach gan idirdhealú, rochtain ar sheirbhísí sláinte atá íogair ó thaobh inscne de ina measc. Ba cheart rochtain a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar an raon céanna, ar an gcáilíocht chéanna agus ar an gcaighdeán céanna cúraim sláinte agus clár saor in aisce nó inacmhainne agus a chuirtear ar fáil do dhaoine eile, lena gcuimsítear i réimse na sláinte gnéis agus atáirgthe 10 .

Is é is aidhm do ‘Treoirlíne maidir le cúram ginmhillte’ 11 na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) creat cuimsitheach fianaise-bhunaithe moltaí agus dea-chleachtas a chur ar fáil. Cuirtear i dtábhacht sa treoirlíne nach mór cúram ginmhillte ar ardchaighdeán a bheith ‘éifeachtach, éifeachtúil, inrochtana, inghlactha/otharlárnach, cothrom agus sábháilte’ 12 . Cuimsíonn inrochtaineacht seirbhísí tráthúla, inacmhainne agus inrochtana go geografach, a chuirtear ar fáil i suíomh ina bhfuil scileanna agus acmhainní oiriúnach do na riachtanas leighis 13 .

2.2.Creat dlíthiúil agus comhthéacs beartais an Aontais

Creat dlíthiúil

Déantar tagairt in Airteagail 9 agus 168 CFAE don oibleagáid ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chinntiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme. Leagtar síos le hAirteagal 168 inniúlachtaí an Aontais i réimse na sláinte poiblí. Le hAirteagal 168(5), go háirithe, tugtar de chumhacht don Aontas bearta dreasachta a ghlacadh atá ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú. Mar sin féin, ní mór aon tacaíocht a bheith i gcomhréir leis na teorainneacha in Airteagal 168(7) CFAE: Ní mór do ghníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt do fhreagrachtaí na mBallstát maidir lena mbeartas sláinte féin a tharraingt suas agus maidir le seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Cumhdaítear leis sin seirbhísí sláinte agus cúram leighis a bhainistiú agus na hacmhainní a shanntar dóibh a leithdháileadh.

I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagann cinneadh Ballstáit i dtaca le ginmhilleadh a dhlisteanú nó gan é a dhlisteanú, agus na coinníollacha faoina ndéanfar é, go hiomlán faoina shaoirse chun a chúram sláinte a eagrú agus, dá bhrí sin, laistigh de na réimsí atá fós mar fhreagracht ar na Ballstáit mar a leagtar amach in Airteagal 168(7) CFAE. Sin é an fáth a n‑eisiatar, dá bhrí sin, gníomhaíocht de chuid an Aontais a mbeadh tionchar aici ar chinneadh Ballstáit maidir le ginmhilleadh a cheadú agus na coinníollacha faoina gceadófaí é. Le hinniúlacht an Aontais de bhun Airteagal 168(5) CFAE tacaíocht airgeadais a sholáthar do sheirbhísí cúraim sláinte, cuimsítear seirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe atá dlíthiúil i mBallstát, lena gcuimsítear seirbhísí a bhaineann le ginmhilleadh dlíthiúil. Mar sin féin, ní mór do thacaíocht airgeadais den sórt sin roinnt na n‑inniúlachtaí a leagtar amach in Airteagal 168(7) CFAE a urramú freisin. Dá bhrí sin, ní féidir an tacaíocht sin a dhíriú ar chás ina mbainfeadh maoiniú ón Aontas an bonn go díreach nó go hindíreach de roghanna rialála agus/nó bitheiticiúla Ballstáit maidir le ginmhilleadh, ná ní féidir an tacaíocht sin a bheith ina cúis le cás den sórt sin.

Le hAirteagal 153 CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú i réimsí éagsúla beartais shóisialta, lena gcumhdaítear slándáil shóisialta agus lánpháirtiú grúpaí imeallaithe. Le hAirteagail 174-175 CFAE, cuirtear de cheangal ar an Aontas comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn.

Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go n‑áirítear i bhforálacha CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar an tsaoirse d’fhaighteoirí cúraim sláinte, daoine a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu ina measc 14 .

Maidir le foirceannadh leighis toirchis a dhéantar i gcomhréir le dlí na tíre ina dtarlaíonn sé, chinn CBAE gur seirbhís é ‘de réir bhrí Airteagal 60 de Chonradh CEE’ (Airteagal 57 CFAE anois) 15 . Ciallaíonn sé sin go bhfuil mná a thaistealaíonn chuig Ballstát eile chun cúram ginmhillte a fháil ag feidhmiú a saoirse chun seirbhísí a fháil faoi CFAE.

Foráiltear le hAirteagal 35 den Chairt um Chearta Bunúsacha, i measc nithe eile, go bhfuil sé de cheart ag gach duine tairbhe a bhaint as cóir leighis faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta, agus nach mór ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chinntiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme.

Le Rialachán (AE) 2021/1057, bunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (‘CSE+’) 16 , príomhionstraim de chuid an Aontais arb é is aidhm dó, i measc nithe eile, comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú ar fud na mBallstát. Is é is cuspóir foriomlán dó tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin ardleibhéil fostaíochta, cosaint shóisialta chothrom agus sochaithe cuimsitheacha comhtháite a bhaint amach, i measc nithe eile, agus é mar aidhm leis sin na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach 17 . Cuireann sé cuimsiú sóisialta chun cinn tríd an idirdhealú a chomhrac agus trí dhul i ngleic le neamhionannais. Baineann sé le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne a chur chun cinn, rochtain ar chúram sláinte ina measc.

Ba cheart, freisin, ‘CSE+ a úsáid chun méadú a dhéanamh ar rochtain thráthúil, chothrom ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta lena gcuirtear chun cinn ... cúram duinelárnach amhail cúram sláinte’ (mar a leagtar amach in aithris 18 de Rialachán CSE+. Thairis sin, ‘de bharr a thábhachtaí atá an rochtain ar chúram sláinte, le CSE+, ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú le Clár EU4Health 18 , agus ba cheart rochtain ar chúram sláinte do dhaoine i gcásanna leochaileacha a bheith ina cuid de raon feidhme CSE+’ (mar a leagtar amach in aithris 21 de).

Mar thoradh air sin, tá an méid seo a leanas ar cheann de chuspóirí sonracha CSE+, a leagtar amach in Airteagal 4(1)(k): ‘feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne, lena n‑áirítear... cúram sláinte atá duinelárnach lena n‑áirítear cúram sláinte; córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n‑áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar leanaí agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; feabhas a chur ar inrochtaineacht lena n‑áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas cúraim sláinte agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh’.

Dá bhrí sin, is féidir le CSE+ tacú le tionscnaimh, a roghnaítear ar an leibhéal náisiúnta, arb é is aidhm dóibh rochtain chomhionann agus thráthúil ar sheirbhísí cúraim sláinte a chinntiú agus a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin rochtain a bheith ag daoine atá i staideanna leochaileacha. Tá na hiarrachtaí sin ina gcuid de straitéis níos leithne chun comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus chun cáilíocht fhoriomlán na beatha a fheabhsú do gach duine atá ina chónaí san Aontas.

Comhthéacs an bheartais

Cumhdaítear i dTreochlár an Choimisiúin um Chearta na mBan, a d’fhormhuinigh na Ballstáit uile agus institiúidí eile de chuid an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2025, ina Dhearbhú Prionsabal maidir le Sochaí atá Comhionann ó thaobh Inscne de, Prionsabal 2: ‘Na caighdeáin sláinte is airde: tá sé de cheart ag gach bean na caighdeáin is airde sláinte coirp agus meabhairshláinte is féidir a bhaint amach’. Chun an prionsabal sin a chaomhnú agus a chur chun cinn is gá, i measc nithe eile, an cuspóir a leanas a shaothrú: ‘sláinte na mban a chosaint trí thacú le gníomhaíocht sláinte na mBallstát maidir le rochtain na mban ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus í a chomhlánú, agus lánurraim á tabhairt do na Conarthaí’. Tuigtear go ginearálta gurb é atá i gcoincheap na sláinte gnéis agus atáirgthe raon leathan seirbhísí lena gcumhdaítear an méid seo a leanas: (i) sláinte mháthartha; (ii) pleanáil teaghlaigh, frithghiniúint ina measc; (iii) oideachas cuimsitheach gnéasachta; (iv) ionfhabhtuithe gnéas‑tarchurtha a chosc; (v) ailse atáirgthe agus VEID; (vi) cúram cuimsitheach ginmhillte; agus (vii) roghanna neamhthorthúlachta agus torthúlachta 19 .

Bhí díospóireacht ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh MVMC an 16 Nollaig 2025, inar leag formhór na bhFeisirí béim ar a thábhachtaí atá cuspóir an tionscnaimh rochtain na mban ar chúram sláinte a chosaint. Cuirtear i bhfios go láidir sa rún gaolmhar freisin go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh Aontas níos sábháilte a chruthú a chuirfidh an leibhéal céanna cúraim sláinte ar fáil do chách 20 .

Sa Dearbhú Comhpháirteach Aireachta maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a ráthú, rud a glacadh faoi Uachtaránacht na Spáinne an 28 Meán Fómhair 2023, iarrtar ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit, ‘de réir a n‑inniúlachtaí faoi seach agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh’, ‘rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus ar chúram iar-ghinmhillte a áirithiú trí dheireadh a chur le bacainní ar a fheidhmiú. Bearta sonracha a ghlacadh freisin chun cearta na mban agus na gcailíní rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte a áirithiú, chun soláthar na seirbhísí sin ag an gcóras sláinte poiblí agus laistigh de raon geografach réasúnta a ráthú agus chun a ráthú nach gcuirfidh aitheantas cuí do chlásal coinsiasa foirne leighis an duine aonair bac ar mhná agus ar chailín na cearta sin a fheidhmiú’. Tráth a ghlactha, shínigh 16 Bhallstát 21 an Dearbhú, agus fágadh an síniú ‘oscailte don oiread Ballstát ar mian leo a bheith páirteach ann’.

2.3.An tsaincheist atá idir chamáin

Baineann ginmhilleadh neamhshábháilte leis an tsláinte phoiblí. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla díobhála coirp (bás agus neamhthorthúlacht ina measc) agus dianstrus meabhrach a bheith mar thoradh air.

De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte:

léiríonn meastacháin dhomhanda go bhfuil 45% de na ginmhilltí uile neamhshábháilte, lena n‑áirítear 14.4% a mheastar ‘ar lú sábháilteacht’ iad 22 . Is saincheist ríthábhachtach í seo a bhaineann leis an tsláinte phoiblí agus le cearta an duine; tá ginmhilleadh neamhshábháilte ag éirí níos comhchruinnithe i dtíortha i mbéal forbartha agus i measc grúpaí i gcásanna leochaileacha agus imeallaithe.

I dtíortha ina bhfuil srian mór ar ghinmhilleadh spreagtha de réir an dlí nó nach bhfuil sé ar fáil mar gheall ar bhacainní eile, is minic a bhíonn ginmhilleadh sábháilte ina phribhléid do dhaoine saibhre, agus is beag rogha a bhíonn ag mná bochta ach dul i muinín seirbhísí soláthraithe neamhoilte i suíomhanna neamhshábháilte, nó ginmhilleadh a spreagadh iad féin go minic trí mhodhanna neamhshábháilte a úsáid, rud a fhágann go dtarlaíonn báis agus galrachtaí a bhíonn ina bhfreagracht shóisialta agus airgeadais ar an gcóras sláinte poiblí, agus go ndiúltaítear cearta daonna na mban. Níl aon éifeacht ag stádas dlíthiúil an ghinmhillte ar an dóchúlacht go lorgóidh bean ginmhilleadh spreagtha, ach déanann sé difear mór dá rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte 23 .

San Aontas, ní mar an gcéanna an rochtain ar chúram ginmhillte ó Bhallstát go Ballstát.

Measann eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh nach bhfuil rochtain fós ag 20 milliún bean san Aontas ar ghinmhilleadh sábháilte, agus iad siúd nach bhfuil sé d’acmhainn acu taisteal agus an tseirbhís sláinte sin a fháil i mBallstát eile – ‘mná agus teaghlaigh, go minic ar imeall na sochaí ar lú a n‑acmhainn’ 24 – dul i muinín ginmhilleadh neamhshábháilte.

3.FREAGAIRT AR AN TIONSCNAMH EORPACH Ó NA SAORÁNAIGH

Iarrann TES ar an gCoimisiún togra a chur isteach ‘le haghaidh tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a d’fhágfadh go mbeidís in ann foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach’. Ní mór an glao sin a léamh i gcomhthéacs níos leithne na mbreithnithe a forbraíodh sa tionscnamh 25 , go háirithe iad siúd a thagraíonn do chás ‘na mban agus na dteaghlach, go minic i bpobail imeallaithe, ar lú a n‑acmhainn’.

Tuigeann an Coimisiún an tionscnamh mar iarraidh air togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit a chuirfeadh, ar an mbonn sin, rochtain ar chúram ginmhillte sábháilte ar fáil, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, do mhná nach bhféadfadh rochtain a fháil ar na seirbhísí sin ina mBallstát féin. Léirítear i dtéacs na hiarrata nach bhfuil sé ar intinn cur isteach ar dhlíthe ná ar rialacháin náisiúnta na mBallstát ach, ina ionad sin, tacaíocht airgeadais a sholáthar lena gcomhlánaítear agus lena n‑urramaítear na creataí dlíthiúla atá ann cheana.

Cuirtear san áireamh san iarraidh roinnt bhunúsach na n‑inniúlachtaí san Aontas: (i) tagann cinntí rialála agus roghanna bitheiticiúla maidir le sláinte atáirgthe agus ginmhilleadh faoi inniúlacht na mBallstát (Airteagal 168(7) CFAE); agus (ii) níl ach inniúlacht tacaíochta ag an Aontas (Airteagal 168(5) CFAE), rud a fhágann gur féidir leis gníomhaíochtaí na mBallstát lena gcuirtear an tsláinte chun cinn a chistiú.

Thabharfaí tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a roghnódh, ar bhonn deonach, rochtain ar sheirbhísí sábháilte ginmhillte a chur ar fáil do mhná ó Bhallstáit eile nach bhféadfadh rochtain a fháil orthu murach sin.

Mar fhreagairt ar an tionscnamh, leagann an Coimisiún béim ar an méid seo a leanas:

a)Féadfaidh na Ballstáit, más mian leo, CSE+ a úsáid chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann ar sheirbhísí cúraim sláinte atá ar fáil go dleathach agus atá inacmhainne, seirbhísí ginmhillte sábháilte ina measc;

b)Dá bhrí sin, ní mheasann an Coimisiún gur gá, ar na cúiseanna a leagtar amach thíos, togra le haghaidh gníomh dlí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena mbunófar clár cistiúcháin nua mar a iarrtar.

a)CSE+ a úsáid chun cuspóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach

Measann an Coimisiún gur féidir gníomhú chun cuspóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach trí úsáid a bhaint as na cláir náisiúnta atá ann cheana arna gcómhaoiniú ag CSE+.

Ina chinneadh clárúcháin, meabhraíonn an Coimisiún nach mór d’aon tacaíocht airgeadais do ghníomhaíocht na mBallstát lena gcuirtear an tsláinte chun cinn na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 168(7) CFAE a chomhlíonadh. Deir an Coimisiún freisin go bhféadfadh ‘cur isteach ar inniúlachtaí na mBallstát a bheith mar thoradh freisin ar leagan amach nithiúil na tacaíochta airgeadais.’ 26

Le fócas CSE+ ar fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí agus ar inacmhainneacht seirbhísí, lena n‑áirítear seirbhísí cúraim sláinte, is féidir le cláir chómhaoinithe náisiúnta CSE+ rannchuidiú le cuspóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit a chuireann an tsraith de CSE+ chun feidhme (trí ‘bhainistíocht chomhroinnte’). Ina theannta sin, leagtar síos le Rialachán na bhForálacha Coiteanna 27 agus le Rialachán CSE+ 28 na cuspóirí uileghabhálacha, agus an tsraith á hailíniú le beartais níos leithne de chuid an Aontais. Mar sin féin, fágann creat reachtach CSE+ faoi údaráis náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát na cuspóirí sonracha a shainaithint a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh faoina gcláir náisiúnta agus réigiúnacha éagsúla (i gcomhaontú leis an gCoimisiún) agus an cur chun feidhme laethúil a láimhseáil. I measc nithe eile, tá na Ballstáit freagrach as tionscadail a roghnú, cistí a eisíoc le tairbhithe, agus córais bhainistíochta agus rialaithe a chur ar bun le haghaidh na gclár. Cruthaíonn sé sin comhpháirtíocht ina gcuireann an tAontas cistiú ar fáil, ach ina gcuireann na Ballstáit na cláir chun feidhme ar an láthair, rud a chinntíonn go sroicheann cistí na tairbhithe atá beartaithe dóibh.

Maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ciallaíonn sé sin go mbeadh ar na Ballstáit ar mian leo a n‑acmhainní CSE+ (cómhaoiniú ón Aontas agus cómhaoiniú náisiúnta) a úsáid chun rannchuidiú le cuspóir an tionscnaimh seo a áirithiú go bhfuil sé comhsheasmhach agus go rannchuidíonn sé le straitéis agus le cuspóirí sonracha a gclár CSE+ faoi seach. Chun a áirithiú go n‑urramófar Airteagal 168(7) CFAE, bheadh ar aon ghníomhaíocht de chuid Ballstáit fanacht go hiomlán neodrach maidir leis an áit arb as do na hothair agus nach bhféadfaí, dá bhrí sin, í a spriocdhíriú ná a theorannú d’othair ó Bhallstáit eile.

Chun an cineál sin gníomhaíochta a thabhairt isteach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar Bhallstát an clár ábhartha CSE+ a leasú ionas gur féidir rochtain ar chúram sláinte ginmhillte a sholáthar i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.

b)Na cúiseanna nár cuireadh isteach togra nua le haghaidh gníomh dlí

Measann an Coimisiún nach gá togra nua le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh chun cuspóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach ar na cúiseanna seo a leanas.

Ceadaítear cheana féin leis na cláir atá ann cheana bearta lena bhfeabhsaítear rochtain ar sheirbhísí sláinte ginmhillte fad is nach gcuireann siad sin isteach ar inniúlachtaí na mBallstát faoi Airteagal 168(7) CFAE. Is amhlaidh atá i gcás chlár CSE+, arb é is aidhm dó, mar a mhínítear i Roinn 2.2, i measc nithe eile, éagothromaíochtaí cúraim sláinte a laghdú agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine i staideanna leochaileacha ar sheirbhísí sláinte bunriachtanacha.

Ag an am céanna, ní mór don Choimisiún teorainneacha inniúlacht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 168(7) CFAE a urramú.

Mar a mhínítear i Roinn 2.2, tagann sé faoi inniúlacht Ballstáit cinneadh a dhéanamh i dtaobh rochtain dhlíthiúil ar ghinmhilleadh a sholáthar, na coinníollacha faoina gceadaítear ginmhilleadh a rialáil, agus iarmhairtí an oird phoiblí ina dhiaidh sin a chinneadh. Tagann tacaíocht airgeadais faoi inniúlacht an Aontais ach, i bhfianaise na dteorainneacha in Airteagal 168(7) CFAE, do ghníomhaíochtaí atá i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina ndéantar iad amháin agus fad nach mbaineann maoiniú den sórt sin an bonn (go díreach nó go hindíreach) d’inniúlacht na mBallstát cúram sláinte a eagrú, lena n‑áirítear a roghanna bitheiticiúla.

Tugann sé sin le tuiscint nach mór d’aon sásra maoinithe de chuid an Aontais leanúint de bheith go hiomlán neodrach maidir le háit tionscnaimh/áit chónaithe na n‑othar agus nach féidir leis díriú go sonrach ar mhná ó Bhallstáit nach mbeadh an ginmhilleadh atá i gceist indéanta go dlíthiúil iontu.

4.CONCLÚID

Mar a leagtar amach i Roinn 3, is é conclúid an Choimisiúin gur féidir cur le baint amach chuspóir an tionscnaimh tríd an CSE+. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, chun cuspóir an Chonartha a shaothrú maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, go bhféadfaidh na Ballstáit cistí an Aontais a úsáid chun rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte a thabhairt, ar bhonn deonach agus i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, do mhná i staideanna leochaileacha nach mbeadh sé d’acmhainn acu é a íoc murach sin.

Dá bhrí sin, ní mheasann an Coimisiún gur gá togra nua a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun cuspóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach.

D’fhéadfaí leasú a dhéanamh ar chláir náisiúnta nó réigiúnacha CSE+ na mBallstát, chun gníomhaíocht a áireamh, más mian leo, chun rochtain a sholáthar ar sheirbhísí ginmhillte sábháilte inacmhainne atá ar fáil go dlíthiúil. Leagtar amach an nós imeachta chun cláir náisiúnta nó réigiúnacha CSE+ a leasú in Airteagal 24 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Ina dhiaidh sin, féadfaidh na Ballstáit a gclár leasaithe CSE+ a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena fhormheas. Nuair a chuirfear isteach é, seiceálfaidh an Coimisiún go gcomhlíonann an leasú ar an gclár reachtaíocht ábhartha an Aontais agus prionsabail ábhartha na gConarthaí. Tugann sé sin le tuiscint gur cheart an ghníomhaíocht a bheith oscailte do mhná gan beann ar a náisiúntacht ná ar a n‑áit chónaithe agus nár cheart í a bheith dírithe ar mhná ó Bhallstáit eile.

Ar an gcaoi sin, rannchuideoidh an beart le hardchaighdeáin sláinte coirp agus meabhairshláinte a bhaint amach do gach bean, i gcomhréir le Prionsabal 2 den Dearbhú Prionsabal maidir le Sochaí atá Comhionann ó thaobh Inscne de.

Má chinneann an Coimisiún go gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na rialacha is infheidhme, formheasfaidh sé iad.

(1)       https://citizens‑initiative.europa.eu/initiatives/details/2024/000004_ga  
(2) Faoi Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ‘tá tionscnamh bailí más rud é: (a) go bhfuil tacaíocht faighte aige ó mhilliún saoránach ar a laghad de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 2(1) (‘sínitheoirí’), ar saoránaigh iad ó aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit; agus (b) gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus go bhfreagraíonn an líon sin don líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi líon iomlán Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, tráth cláraithe an tionscnaimh.’
(3) 3    Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.
(4)      Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1158 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1158/oj .
(5)      Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-10-2025-0338_GA.html .
(6)       Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana | CESE
(7)       Dearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising (1995) , míreanna 97 agus 106.
(8)       NA 17 SPRIOC | Forbairt Inbhuanaithe , An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe | An Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta .
(9)    An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, 18 Nollaig 1979, Airteagal 12.
(10)       An Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (2006), féach Airteagal 25.
(11)       Treoirlíne maidir le cúram ginmhillte , an dara heagrán, an Ghinéiv: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; 2024.
(12)      Idem, lch. xix.
(13)      Idem, lch. 1.
(14)      Féach aithris 26, an Treoir maidir le Cearta Othar, chomh maith le Cásanna uamtha 286/82 agus 26/83, Graziana Luisi agus Giuseppe Carbone v Ministero del Tesoro, 31 Eanáir 1984, ECLI:EU:C:1984:35; Kohll, C-158/96, mír 29 agus cásdlí dá éis sin.
(15)    Féach Grogan (C-159/90), inar dheimhnigh CBAE gur seirbhís é cúram ginmhillte faoi dhlí an mhargaidh inmheánaigh, rud a chiallaíonn gur féidir le saoránaigh taisteal go tír eile chun na seirbhísí leighis sin a fháil.
(16)      Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 1296/2013, IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, (‘Rialachán CSE+’).
(17)      Féach Airteagal 3 de Rialachán CSE+.
(18)      Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).
(19)      Féach Sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe | OHCHR .
(20) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-10-2025-0338_GA.html
(21)      An Spáinn, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Fhionlainn, an tSualainn, Éire.
(22)      Ganatra B, Gerdts C, Rossier C, Johnson BR, Tunçalp Ö, Assifi A, et al. Global, regional, and subregional classification of abortions by safety, 2010-14: estimates from a Bayesian hierarchical model [Rangú domhanda, réigiúnach agus fo-réigiúnach ginmhillte de réir sábháilteachta, 2010-14: meastacháin ó shamhail ordlathach Bayes]. Lancet. 2017;390(10110):2372-81.
(23)      Treoirlíne maidir le cúram ginmhillte, an dara heagrán. EDS 2024: https://www.who.int/publications/i/item/9789240104204.
(24)      Féach an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, faoi ‘Cuspóir an tionscnaimh’.
(25)      Mar a míníodh a thuilleadh ag an gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair agus ag Parlaimint na hEorpa an 2 Nollaig 2025.
(26)      Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1158 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1158/oj?eliuri=eli%3Adec_impl%3A2024%3A1158%3Aoj&locale=ga , Féach mír 8, in fine.
(27)      Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna’).
(28)      Luaite thuas, nóta 16.