MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Réamheolairí), cruthaíodh tacar rialacha nua agus comhchuibhithe a chuidíonn le cuideachtaí airgead a thiomsú ar mhargaí caipitil chun infheistíocht agus fás a dhéanamh agus, san am céanna, a chuidíonn le hinfheisteoirí cinntí níos eolasaí a dhéanamh. Leagtar síos leis an Rialachán maidir le Réamheolairí na ceanglais maidir le réamheolaire a ullmhú, a fhormheas agus a fhoilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Is doiciméad é réamheolaire ina dtugtar faisnéis faoi chuideachta agus faoi na hurrúis a thairgeann sí don phobal nó a fhéachann sí lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus fónann sé mar bhonn d’infheisteoirí chun cinneadh a dhéanamh maidir le hinfheistíocht a dhéanamh nó gan í a dhéanamh.
Mar chuid den Ghníomh um Liostú ar an Stocmhalartán, ar tionscnamh é a rinneadh le déanaí arb é is aidhm dó éiceachóras liostaithe a chruthú a fhágann go bhfuil sé tarraingteach, inacmhainne agus tairbhiúil do chuideachtaí a n‑urrúis a liostú ar mhargaí poiblí an Aontais, tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle roinnt leasuithe ar an Rialachán Réamheolaire, chun costais agus ualaí eisitheoirí a laghdú agus réamheolairí a dhéanamh níos úsáidí d’infheisteoirí an tráth céanna. Go háirithe, le Rialachán (AE) 2024/2809 rinneadh caighdeánú ar fhormáid agus seicheamh na gceanglas maidir le nochtadh cuíchóirithe le haghaidh réamheolairí, cuireadh teorainn le méid na réamheolairí le haghaidh scaireanna trí líon uasta leathanach a fhorchur, tugadh isteach díolúintí maidir le heisiúintí leantacha urrús ag cuideachtaí atá liostaithe cheana féin, rialacha comhchuibhithe maidir le grinnscrúdú agus formheas réamheolairí ag údaráis inniúla náisiúnta, agus ceadaíodh ionchorprú trí thagairt faisnéise airgeadais amach anseo i réamheolairí bunaidh. Ina theannta sin, tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2809 na cineálacha nua réamheolairí gearrfhoirme seo a leanas:-
·Réamheolaire leantach AE: tá an cineál réamheolaire sin ceaptha le haghaidh tairiscintí poiblí nó ligean isteach chun trádála ag cuideachtaí ar ligeadh a n‑urrúis isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna le 18 mí anuas ar a laghad. Ina theannta sin, is féidir le cuideachtaí atá liostaithe ar mhargadh fáis FBManna faoi láthair an Réamheolaire leantach AE a úsáid chun aistriú chuig margadh rialáilte.
·Réamheolaire eisiúna fáis AE tá an cineál réamheolaire sin ceaptha go sonrach chun costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú do FBManna, do chuideachtaí atá liostaithe nó atá le liostú ar mhargaí fáis FBManna nó do thairiscintí poiblí áirithe urrús níos lú arna ndéanamh ag cuideachtaí neamhliostaithe.
Tá sé beartaithe an Réamheolaire leantach AE agus an Réamheolaire eisiúna fáis AE a chur in ionad an réamheolaire shimplithe atá ann cheana le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus an réamheolaire fáis AE.
Leagtar amach sa Rialachán maidir le Réamheolairí na rialacha uileghabhálacha le haghaidh réamheolairí gearrfhoirme araon, go háirithe maidir lena raon feidhme, na daoine a bhfuil cead acu iad a úsáid, an tástáil ábharthachta agus an achoimre mhaolaithe. Ina theannta sin, leagtar amach sa Rialachán maidir le Réamheolairí na rialacha ginearálta seo a leanas maidir le formáid agus inneachar:
(1)formáid chaighdeánaithe agus seicheamh caighdeánaithe: tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE araon (Airteagail 14a(7) agus 15a(7) den Rialachán maidir le Réamheolairí);
(2)inneachar laghdaithe: tá inneachar an réamheolaire leantaigh AE le bunú ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Rialachán maidir le Réamheolairí, agus tá inneachar an réamheolaire eisiúna fáis AE le bunú ar Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann leis an Rialachán maidir le Réamheolairí;
(3)fad uasta: tá an teorainn leathanach le haghaidh réamheolaire leantach AE a bhaineann le scaireanna socraithe ag 50 leathanach (Airteagal 14a(5) den Rialachán maidir le Réamheolairí), agus tá an teorainn leathanach le haghaidh an réamheolaire eisiúna fáis AE a bhaineann le scaireanna socraithe ag 75 leathanach (Airteagal 15a(5) den Rialachán maidir le Réamheolairí). Is ionann an fhaisnéis atá le heisiamh ón líon leathanach i gcás an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE araon (Airteagail 14a(6) agus 15a(6) den Rialachán maidir le Réamheolairí);
(4)formáid an doiciméid: leagtar amach sa Rialachán maidir le Réamheolairí ceanglais formáide éagsúla:
(a)ní fhéadfar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas ach mar dhoiciméad aonair, gan beann ar an gcineál urrús lena mbaineann sé (Airteagal 15a(4) den Rialachán maidir le Réamheolairí);
(b)ní fhéadfar réamheolaire Leantach AE le haghaidh scaireanna nó urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna a tharraingt suas ach amháin mar dhoiciméad aonair (Airteagal 14a(4) den Rialachán maidir le Réamheolairí);
(c)cé is moite de scaireanna nó d’urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna, féadfar réamheolaire Leantach AE le haghaidh urrús a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair nó mar dhoiciméid ar leithligh (Airteagal 14a(4) den Rialachán maidir le Réamheolairí).
Maidir le pointí (1) agus (2), ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Réamheolairí ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun inneachar laghdaithe, formáid chaighdeánaithe agus seicheamh caighdeánaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE a shonrú (Airteagail 14a(8) agus 15a(8) den Rialachán maidir le Réamheolairí), arb é is cuspóir don Rialacháin seo é.
An 19 Márta 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta. I measc na mbeart beartais atá beartaithe, cuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht gur cheart an Gníomh um Liostú ar an Stocmhalartán a chur chun feidhme le rialacha simplí chun ualaí a íoslaghdú agus leachtacht a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin an soláthar caipitil do chuideachtaí liostaithe a mhéadú agus tarraingteacht mhargaí poiblí an Aontais a fheabhsú. Is é is aidhm don Rialachán seo cuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach, ar cuspóirí iad atá i gcomhréir freisin le cuspóirí uileghabhálacha an Ghnímh um Liostú ar an Stocmhalartán, trína áirithiú go ndéanfar na réamheolairí leantacha AE agus na réamheolairí eisiúna fáis AE a chuíchóiriú go mór i gcomparáid le córais an réamheolaire shimplithe atá ann faoi láthair le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus an réamheolaire fáis AE, atá le dul in éag an 5 Márta 2026.
Thairis sin, an 21 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún an ceathrú pacáiste simpliúcháin omnibus, ina bhfuil tograí chun síneadh a chur le bearta tacaíochta do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, i gcomhréir leis an méid atá ar fáil cheana féin do chuideachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) i réimsí áirithe. Áirítear sa phacáiste leasuithe ar an Rialachán maidir le Réamheolairí lena gceadaítear do FMBanna úsáid a bhaint as an ngearrfhoirm den réamheolaire eisiúna fáis AE, a tugadh isteach le déanaí leis an nGníomh um Liostú ar an Stocmhalartán chun coigilteas suntasach airgeadais agus ama a bhaint amach d’aon chineál tairisceana poiblí, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le liostú ar MTF nó ar mhargadh fáis FBManna.
Maidir leis an inneachar laghdaithe, ós rud é go bhfuil Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Rialachán maidir le Réamheolairí, a bhaineann leis an réamheolaire leantach AE, agus Iarscríbhinní VII agus VIII, a bhaineann leis an réamheolaire eisiúna fáis AE, mionsonraithe go leor cheana féin i gcás roinnt ranna, ní shonraítear a thuilleadh sa Rialachán seo ach na ranna sin a dteastaíonn soiléiriú breise ina leith. Áirítear orthu sin, go háirithe, mionsonraí na tairisceana nó an ligin isteach chun trádála (nó an dá rud), agus téarmaí agus coinníollacha na n‑urrús.
Maidir leis an bhformáid agus an t‑ord caighdeánaithe, tugtar isteach leis an Rialachán seo formáid níos caighdeánaithe le haghaidh urrúis chothromais ar scaireanna nó urrúis inaistrithe eile iad atá coibhéiseach le scaireanna, agus soláthraítear leis níos mó solúbthachta do chatagóir leathan na n‑urrús neamhchothromais, lena n‑áirítear cineálacha casta eisitheoirí agus urrús freisin, agus a bhféadfar formáidí éagsúla réamheolaire a úsáid ina leith, amhail réamheolaire bunaidh i gcás cláir thairisceana agus, i gcás réamheolaire leantach AE, tá an deis ann an fhormáid thrípháirteach a úsáid (i.e. réamheolaire leantach AE ina bhfuil doiciméid ar leithligh).
Ós rud é go leagtar síos na forálacha agus na hiarscríbhinní uile a bhaineann leis na cineálacha eile réamheolairí i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún, is iomchuí na forálacha agus na hiarscríbhinní nua a bhaineann leis an réamheolaire leantach AE agus leis an réamheolaire eisiúna fáis AE a leagan amach sa Rialachán Tarmligthe sin. Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha atá bunaithe ar na sainorduithe a leagtar amach in Airteagail 14a(8) agus 15a(8) de Rialachán (AE) 2017/1129. Is iomchuí na forálacha sin a chomhcheangal in aon Rialachán amháin, toisc go bhfuil nasc substainteach acu lena chéile, toisc go mbaineann siad go léir leis na cineálacha nua réamheolairí a eascraíonn as na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2809.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Rinne seirbhísí an Choimisiúin comhairliúchán spriocdhírithe maidir le hinneachar laghdaithe, formáid chaighdeánaithe agus seicheamh caighdeánaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE, a bhí ar siúl ón 18 Márta go dtí an 2 Bealtaine 2025. San iomlán, thug 9 bpáirtí leasmhara freagra ar an gcomhairliúchán, lena n‑áirítear comhlachais banc, institiúidí airgeadais, stocmhalartáin, tomhaltóirí, eisitheoirí agus infheisteoirí. Thug stocmhalartán amháin a rannchuidiú uaidh freisin. Cuireadh na barúlacha uile a fuarthas san áireamh go cuí.
Maidir le hinneachar laghdaithe agus formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE:
·chomhaontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara a thug freagra (78 % i gcás an réamheolaire leantaigh AE agus 67 % i gcás an réamheolaire eisiúna fáis AE) gur cheart na rialacha maidir le formáid agus seicheamhú an réamheolaire leantaigh AE a ailíniú leis na rialacha don réamheolaire iomlán;
·D’aontaigh formhór na bhfreagróirí (67 %) gur cheart níos mó solúbthachta a bheith ann maidir leis an gceanglas formáide caighdeánaithe agus oird chaighdeánaithe i gcás an réamheolaire leantaigh AE le haghaidh urrúis neamhchothromais, mar shampla, i gcás an réamheolaire leantaigh AE arna tharraingt suas ag eisitheoir aonair, go bhféadfadh an fhormáid chaighdeánaithe agus an t‑ord caighdeánaithe a bheith teoranta don doiciméad clárúcháin (i.e., choinneofaí níos mó solúbthachta don nóta mínithe urrús neamhchothromais, go háirithe i gcás urrúis chasta neamhchothromais lena gceanglaítear Iarscríbhinní iomadúla a chomhlíonadh agus i gcás réamheolaire bunaidh). I gcás an réamheolaire eisiúna fáis AE, chomhaontaigh dhá pháirtí leasmhara, d’easaontaigh dhá pháirtí leasmhara agus ní raibh tuairim ag dhá pháirtí leasmhara eile;
·maidir le réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais, d’aontaigh leathchuid de na freagróirí a thug tuairim gur cheart an deis a thabhairt iarscríbhinn aonair agus iarscríbhinní ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh an doiciméid clárúcháin agus an nóta mínithe urrús (ní fhéadfar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas ach mar dhoiciméad aonair gan beann ar an gcineál urrús, dá bhrí sin ní raibh an cheist sin infheidhme);
Maidir le hinneachar laghdaithe agus formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE:
·i gcás réamheolaire Leantach AE, d’aontaigh formhór mór na bhfreagróirí (86 %) go bhfuil Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Rialachán maidir le Réamheolairí sách soiléir ar an iomlán agus nár ghá ach míreanna áirithe, go háirithe iad siúd ina dtugtar tuairisc ar na hurrúis, a shonrú a thuilleadh;
·maidir leis an réamheolaire eisiúna fáis AE, chomhaontaigh na páirtithe leasmhara uile a thug freagra go bhfuil Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann leis an Rialachán maidir le Réamheolairí sách soiléir ar an iomlán agus nach mbeadh gá ach le míreanna áirithe, go háirithe iad siúd ina dtugtar tuairisc ar na hurrúis, a shonrú a thuilleadh.
Thug roinnt páirtithe leasmhara barúlacha breise maidir le conas a áirithiú go bhféadfadh an fhormáid chaighdeánaithe agus an t‑ord caighdeánaithe cabhrú le hinfheisteoirí ina gcinntí infheistíochta gan ualaí a chruthú d’eisitheoirí, agus maidir le conas inneachar laghdaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE a shonrú a thuilleadh.
I gcomhréir le hAirteagal 44(4) den Rialachán maidir le Réamheolairí, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Sainghrúpa an Choiste Eorpaigh um Urrúis (EGESC) ón 9 go dtí an 19 Nollaig 2025 agus fuair sé cúig fhreagra, is é sin freagraí ó shaineolaithe ón tSualainn, ón nGearmáin, ó Lucsamburg, ón Iodáil agus ón bPolainn. Cuireadh formhór na mbarúlacha a tugadh san áireamh sa leagan deiridh den Rialachán seo.
Foilsíodh an dréacht‑Rialachán Tarmligthe ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ ón 8 Nollaig 2025 go dtí an 1 Eanáir 2026. Ar an iomlán, d’fhreagair naoi bpáirtí leasmhara (cúig chomhlachas gnó, comhlachas infheisteoirí amháin, saoránach amháin, gnólacht dlí amháin, cuideachta amháin) an comhairliúchán seo. Ní fhéadfaí ach roinnt barúlacha, arbh é ab aidhm dóibh tuilleadh laghduithe a bhaint amach, a chur san áireamh i bhfianaise chuspóirí an Ghnímh um Liostú ar an Stocmhalartán agus laistigh den chreat dlíthiúil a leagtar amach sa Rialachán maidir le Réamheolairí, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/2809.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le hAirteagal 1, leagtar amach leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980.
·Le míreanna (1) go (12) d’Airteagal 1, nuashonraítear nó scriostar forálacha ina dtagraítear do chóras simplithe na réamheolairí le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus do réamheolaire fáis AE, atá le dul in éag an 5 Márta 2026 agus a gcuirfear córais an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE ina ionad. Thairis sin, áirítear in Airteagal 1(11) an bhileog eolais maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i measc na faisnéise atá le háireamh sa réamheolaire bunaidh agus sna téarmaí críochnaitheacha;
·Le hAirteagal 1(13) tugtar isteach Caibidil IVa nua i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ina bhfuil córais an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE;
·Le hAirteagal 1(14) leasaítear liosta na nIarscríbhinní;
·Le hAirteagal 1(15) scriostar na hIarscríbhinní maidir le córas simplithe na réamheolairí le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus maidir le réamheolaire fáis de chuid AE;
·Le hAirteagal 1(16) cuirtear isteach Iarscríbhinní nua maidir leis an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE.
In Airteagal 2, luaitear an tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 4.3.2026
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 a mhéid a bhaineann le hinneachar laghdaithe, formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE, agus go háirithe Airteagail 14a(8) agus 15a(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle dhá chineál nua réamheolairí gearrfhoirme arb é is aidhm dóibh costais agus ualaí ar eisitheoirí a laghdú: réamheolaire leantach AE maidir le heisiúintí tánaisteacha urrús a dhéanann cuideachtaí atá liostaithe cheana féin ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna, agus réamheolaire eisiúna fáis AE, atá ceaptha go príomha do FBManna agus do chuideachtaí atá liostaithe nó atá le liostú ar mhargaí fáis FBManna. Chun a áirithiú go dtacaíonn an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE leis na cuspóirí sin, ba cheart an t‑inneachar laghdaithe iomchuí agus an fhormáid chaighdeánaithe agus an t‑ord caighdeánaithe a shonrú, agus an t‑aiseolas a fuarthas sa chomhairliúchán spriocdhírithe agus sa tréimhse aiseolais 4 seachtaine ar an tairseach ‘Cloisimis uait’ á gcur san áireamh. Ós rud é go leagtar síos na forálacha agus na hIarscríbhinní uile a bhaineann le réamheolairí i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún, is iomchuí na forálacha agus na hiarscríbhinní nua a bhaineann leis an réamheolaire leantach AE agus leis an réamheolaire eisiúna fáis AE a leagan amach sa Rialachán Tarmligthe sin.
(2)Chun leachtacht agus soláthar caipitil do chuideachtaí liostaithe a mhéadú, rud a fhágfaidh go mbeidh margaí poiblí an Aontais níos tarraingtí, ba cheart a áirithiú go mbeidh na rialacha maidir le liostú san Aontas simplí agus go n‑íoslaghdófar ualaí. Dá bhrí sin, ba cheart na réamheolairí leantacha AE agus na réamheolairí eisiúna fáis AE a chuíchóiriú go mór i gcomparáid le córais an réamheolaire shimplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus córais réamheolaire fáis AE atá ann faoi láthair agus atá le dul in éag an 5 Márta 2026.
(3)Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 forálacha agus Iarscríbhinní a bhaineann le córas simplithe na réamheolairí le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus réamheolaire fáis AE, chomh maith le tagairtí d’Airteagail i Rialachán (AE) 2017/1129 nach mbeidh feidhm acu a thuilleadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, iad a thabhairt cothrom le dáta nó a scriosadh, de réir mar is ábhartha. Thairis sin, ba cheart aicmiú na faisnéise a áirítear i mbileog eolais maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áireamh in Airteagal 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 maidir leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa réamheolaire bunaidh agus sna téarmaí críochnaitheacha.
(4)Tá difríocht idir inneachar laghdaithe an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE ag brath ar cibé acu a tharraingítear suas é le haghaidh urrúis chothromais nó neamhchothromais. Ós rud é go bhfuil urrúis chothromais áirithe amhail cineálacha sonracha urrús in‑chomhshóite, inmhalartaithe agus díorthach cosúil le hurrúis neamhchothromais sula ndéantar iad a chomhshó nó sula bhfeidhmítear na cearta a thugtar leo, is iomchuí na rialacha maidir le nochtadh le haghaidh urrúis chothromais a chur i bhfeidhm maidir le scaireanna agus urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna agus na cineálacha eile urrús cothromais a chur faoi réir na rialacha maidir le nochtadh is infheidhme maidir le hurrúis neamhchothromais agus an fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 á cur san áireamh.
(5)Ba cheart réamheolaire leantach AE a bheith faoi réir rialacha níos éadroime maidir le nochtadh i gcomparáid le córas an réamheolaire shimplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha a dtiocfaidh sé ina ionad. Dá bhrí sin, chun tacú le heisitheoirí eisiúintí leantacha a dhéanamh maidir le hurrúis chothromais agus neamhchothromais araon, agus torthaí an chomhairliúcháin spriocdhírithe á gcur san áireamh, níor cheart a shonrú sa Rialachán seo ach míreanna faisnéise áirithe, a bhaineann go príomha le mionsonraí na tairisceana urrús don phobal nó an ligin isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte agus le téarmaí agus coinníollacha na n‑urrús, nach bhfuil mionsonraithe go leormhaith cheana féin in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1129.
(6)Ba cheart an fhaisnéis a áirítear sa réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais a chur in oiriúint d’eolas agus do shaineolas na n‑infheisteoirí ar a bhfuil sí dírithe. Dá bhrí sin, ba cheart an réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais atá inrochtana d’infheisteoirí miondíola a bheith faoi réir ceanglais faisnéise níos cuimsithí agus níos sainiúla i gcomparáid leis an réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais atá dírithe ar infheisteoirí cáilithe amháin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach na nochtaí nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le hinfheisteoirí miondíola agus iad siúd a bhaineann go sonrach le hinfheisteoirí cáilithe a shainaithint go soiléir.
(7)Chun inchomparáideacht na faisnéise i réamheolairí a chothú, ba cheart formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe a leagan amach trí na cineálacha éagsúla urrús lena mbaineann an réamheolaire leantach AE a chur san áireamh. Cé gur faisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí í tuairisc ar an eisitheoir agus ar na hurrúis atá le tairiscint nó le ligean isteach chun a dtrádála, tá sé ríthábhachtach, ó thaobh cosaint infheisteoirí de, go mbeidh faisnéis faoi thosca riosca a bhaineann leis an eisitheoir sin agus leis na hurrúis sin le feiceáil in áit fheiceálach sa réamheolaire, rud ba cheart a léiriú, dá bhrí sin, sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, ionas go mbeidh rochtain níos éasca ag infheisteoirí ar an bhfaisnéis sin.
(8)Ba cheart an fhormáid le haghaidh réamheolaire leantach AE maidir le hurrúis chothromais a chaighdeánú bunaithe ar ord na ranna a leagtar amach san Iarscríbhinn ábhartha a thugtar isteach leis an Rialachán seo. Má tá gá le faisnéis bhreise, dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, ag brath ar an gcineál eisitheora nó urrús, níor cheart an fhaisnéis bhreise sin a bheith faoi réir formáid nó seicheamh caighdeánaithe.
(9)Mar gheall ar chastacht urrús neamhchothromais áirithe, ar minic a cheanglaítear leo faisnéis bhreise a nochtadh maidir le cineálacha casta eisitheoirí nó urrús, agus ós rud é gur féidir réamheolaire leantach AE maidir le hurrúis neamhchothromais a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair nó mar dhoiciméid ar leithligh, tá sé tábhachtach an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir caighdeánú agus éifeachtúlacht. Ionas nach gcruthófar ualach iomarcach ar eisitheoirí urrús neamhchothromais, ba cheart formáid chaighdeánaithe a bhunú leis an Rialachán seo lena ndéantar idirdhealú idir cibé acu a tharraingítear suas réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais mar dhoiciméad aonair, nó mar dhoiciméid ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 14a(4) de Rialachán (AE) 2017/1129 agus de bhun na nIarscríbhinní ábhartha a thugtar isteach leis an Rialachán seo i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980. San am céanna, ba cheart solúbthacht a cheadú nuair a nochtar faisnéis mar a leagtar amach in Iarscríbhinní eile a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 i réamheolaire Leantach AE.
(10)Chun éifeachtúlacht réamheolairí bunaidh a choinneáil ar bun, ar sciar suntasach de réamheolairí neamhchothromais iad, ba cheart formáid níos solúbtha a bhunú do réamheolaire leantach AE ina bhfuil réamheolaire bunaidh (‘réamheolaire bunaidh leantach AE’). Ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag réamheolaire bunaidh le heisitheoirí nó eisiúintí aonair nó iolracha, is iomchuí formáid chaighdeánaithe le haghaidh faisnéis a bhaineann go sonrach le heisitheoir a mheas i gcás eisitheoir aonair, nuair a ullmhaítear réamheolaire bunaidh leantach AE mar dhoiciméid ar leithligh, agus solúbthacht á tabhairt san am céanna chun an fhaisnéis eile a nochtadh sa réamheolaire bunaidh leantach AE sin.
(11)Chun caoi réidh a thabhairt do FBManna cistiú nua a thiomsú, ba cheart an réamheolaire eisiúna fáis AE a bheith faoi réir rialacha níos éadroime maidir le nochtadh i gcomparáid le córas an réamheolaire fáis AE a dtiocfaidh sé ina ionad. Dá bhrí sin, chun tacú le rochtain ar mhargaí poiblí an Aontais do FBManna agus do chuideachtaí atá liostaithe nó atá le liostú ar mhargadh fáis FBManna, níor cheart a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo ach míreanna faisnéise teoranta áirithe, ina dtagraítear go príomha do mhionsonraí na tairisceana urrús don phobal, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha na n‑urrús, nach bhfuil mionsonraithe go leormhaith in Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1129.
(12)Dála an réamheolaire leantaigh AE, is é is aidhm don réamheolaire eisiúna fáis AE inchomparáideacht na faisnéise i réamheolairí a chur chun cinn agus, san am céanna, méid áirithe solúbthachta a choinneáil ar bun ionas nach gcuirfear ualaí iomarcacha ar eisitheoirí. Dá bhrí sin, ba cheart cur chuige atá cosúil leis an gcur chuige a glacadh le haghaidh réamheolaire leantach AE a ghlacadh maidir le formáid chaighdeánaithe agus seicheamh caighdeánaithe réamheolaire eisiúna fáis AE, lena n‑áirítear maidir leis na tosca riosca, agus aird chuí á tabhairt freisin ar an bhfíoras nach bhféadfar réamheolaire eisiúna fáis AE a ullmhú ach mar dhoiciméad aonair, agus nach féidir ítimí cáilithe a bhaineann go sonrach le hinfheisteoirí a bheith ann, ós rud é nach n‑úsáidtear é ach amháin chun urrúis a thairiscint don phobal. Ar an gcaoi chéanna, chun úsáid an réamheolaire bunaidh a spreagadh, ba cheart cur chuige solúbtha atá inchomparáide leis an gcur chuige a glacadh i gcás an réamheolaire bunaidh leantaigh AE maidir leis an bhformáid chaighdeánaithe agus an t‑ord caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le réamheolaire eisiúna fáis AE ina bhfuil réamheolaire bunaidh (‘réamheolaire bunaidh eisiúna fáis AE’).
(13)I ngach cás nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe agus nach leanann an t‑eisitheoir, an tairgeoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcás réamheolaire leantach AE, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart cead a bheith ag an údarás inniúil a fhormheasann an réamheolaire leantach AE nó an réamheolaire eisiúna fáis AE liosta crostagairtí a iarraidh ina léirítear míreanna na nIarscríbhinní ábhartha dá gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis sin. I gcás nach n‑iarrtar ná nach soláthraítear an liosta sin, ba cheart a léiriú go soiléir sa dréacht‑réamheolaire leantach AE nó sa dréacht‑réamheolaire eisiúna fáis AE an fhaisnéis shonrach ó na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a gcomhfhreagraíonn gach roinn den réamheolaire di.
(14)Chun soiléireacht a thabhairt d’infheisteoirí, níor cheart roinn forléargais atá san áireamh i réamheolaire leantach AE nó i réamheolaire eisiúna fáis AE a lipéadú mar achoimre ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais maidir le hachoimrí a leagtar amach in Airteagal 7(12a) de Rialachán (AE) 2017/1129. Thairis sin, is iomchuí rialacha a bhunú maidir leis an uair ba cheart achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán sin, ionas go mbeidh infheisteoirí in ann na hathruithe a shainaithint go héasca.
(15)Ós rud é go bhfuil na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo nasctha go substaintiúil lena chéile, mar go leasaítear leo an Rialachán Tarmligthe céanna agus go mbaineann siad uile leis na cineálacha nua réamheolairí a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2809, leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha bunaithe ar na sainorduithe a leagtar amach in Airteagail 14a(8) agus 15a(8) de Rialachán (AE) 2017/1129 araon.
(16)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/980 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1
‘1. I gcás urrúis chothromais, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo sa doiciméad clárúcháin, ach amháin má tarraingíodh suas é i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(b)cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
‘3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a nó le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(2)scriostar Airteagal 4;
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:
‘Airteagal 7
Doiciméad clárúcháin maidir le hurrúis neamhchothromais mhiondíola
1. I gcás urrúis neamhchothromais seachas na hurrúis sin dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo, beidh sa doiciméad clárúcháin an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an Rialachán seo, ach amháin má tharraingítear suas é i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/1129 nó má tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo ann.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a nó le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(4)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1
‘1. I gcás urrúis neamhchothromais dá dtagraítear i mír 2, beidh sa doiciméad clárúcháin an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an Rialachán seo, ach amháin má tharraingítear suas an doiciméad clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/1129 nó má tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinní 1 nó 6 a ghabhann leis an Rialachán seo ann.’;
(b)cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
‘3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a nó le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(5)scriostar Airteagal 9;
(6)leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1
‘1. I gcás urrúis chothromais nó aonaid chothromais arna n‑eisiúint ag gnóthais chomhinfheistíochta den chineál iata, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an Rialachán seo sa nóta mínithe urrús.’;
(b)cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
‘3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a nó le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(7)scriostar Airteagal 13;
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 15 agus 16:
‘Airteagal 15
Nóta mínithe urrús le haghaidh urrúis neamhchothromais mhiondíola
1. Maidir le hurrúis neamhchothromais cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an Rialachán seo sa nóta mínithe urrús.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a nó le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129.
Airteagal 16
Nóta mínithe urrús le haghaidh urrúis neamhchothromais mhórdíola
1. Maidir leis na hurrúis neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo, beidh sa nóta mínithe urrús an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis an Rialachán seo, ach amháin má tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an Rialachán seo ann.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a nó le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(9)scriostar Airteagal 17;
(10)leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘2. Maidir le heintiteas, cé is moite den eisitheoir, is éard a bheidh san fhaisnéis bhreise an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Iarscríbhinní 1 agus 20 a ghabhann leis an Rialachán seo a theastaíonn ó infheisteoirí chun measúnú eolasach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 14a(2) agus Airteagal 15a(2) de Rialachán (AE) 2017/1129, amhail is dá mba eisitheoir an urrúis cothromais é an t‑eintiteas sin.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):
‘(b)
déanann an míchruinneas dá dtagraítear i bpointe (a) difear do chumas infheisteoirí measúnú eolasach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 14a(2) agus Airteagal 15a(2) de Rialachán (AE) 2017/1129;
(c)
tá gá le faisnéis bhreise a bhaineann le heintiteas seachas an t‑eisitheoir chun go ndéanfaidh infheisteoirí measúnú eolasach dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 14a(2), agus Airteagal 15a(2) de Rialachán (AE) 2017/1129.’;
(11)leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. Déanfar an fhaisnéis dá ngairtear ‘Catagóir A’ in Iarscríbhinní 14 go 19, 22, 31, 33 agus 35 a ghabhann leis an Rialachán seo a chur san áireamh sa réamheolaire bunaidh.
2. Déanfar an fhaisnéis dá ngairtear ‘Catagóir B’ in Iarscríbhinní 14 go 19, 22, 31, 33 agus 35 a ghabhann leis an Rialachán seo a chur san áireamh sa réamheolaire bunaidh cé is moite de mhionsonraí na faisnéise sin nach raibh eolas uirthi tráth a formheasadh an réamheolaire bunaidh sin. Cuirfear na mionsonraí sin isteach sna téarmaí críochnaitheacha.
3. Cuirfear an fhaisnéis dá ngairtear ‘Catagóir C’ in Iarscríbhinní 14 go 19, 22, 31, 33 agus 35 a ghabhann leis an Rialachán seo isteach sna téarmaí críochnaitheacha, ach amháin má tá eolas uirthi tráth formheasta an réamheolaire bhunaidh, agus sa chás sin féadfar í a chur isteach sa réamheolaire bunaidh sin ina ionad sin.’;
(b)cuirtear mír 4a seo a leanas isteach:
‘4a. Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur faisnéis ‘Catagóir C’ í an fhaisnéis a áirítear i mbileog eolais maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus sna teimpléid le haghaidh nochtadh réamheisiúna deonach dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán sin.
_____________
*
Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).’;
(12)scriostar Caibidil IV;
(13)Cuirtear an Caibidil IVa seo a leanas isteach:
‘CAIBIDIL IVa
RÉAMHEOLAIRE LEANTACH AE AGUS RÉAMHEOLAIRE EISIÚNA FÁIS AE
ROINN 1
Inneachar an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE
Airteagal 28a
Réamheolaire leantach AE maidir le hurrúis chothromais
1. I réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis chothromais arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a de Rialachán (AE) 2017/1129, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 30 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo.
2. De mhaolú ar mhír 1, déanfar réamheolaire leantach AE maidir leis na hurrúis dá dtagraítear in Airteagail 19(1), 19(2), 20(1) agus 20(2) den Rialachán seo, i gcás nach scaireanna ná urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna iad na hurrúis sin, a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 28c den Rialachán seo.
Airteagal 28b
Réamheolaire eisiúna fáis AE le haghaidh urrúis chothromais
1. I réamheolaire fáis AE le haghaidh urrúis chothromais arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 34 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo.
2. De mhaolú ar mhír 1, déanfar réamheolaire fáis AE maidir leis na hurrúis dá dtagraítear in Airteagail 19(1), 19(2), 20(1) agus 20(2) den Rialachán seo, i gcás nach scaireanna ná urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna iad na hurrúis sin, a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 28d den Rialachán seo.
Airteagal 28c
Réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais
1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a de Rialachán (AE) 2017/1129:
(a)i gcás ina ndéanfar réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 14a(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1129, beidh ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo;
(b)i gcás ina dtarraingeofar suas réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis neamhchothromais mar dhoiciméid ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 14a(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1129, roinnfidh sé an fhaisnéis is gá sna háiteanna seo a leanas:
(i)doiciméad clárúcháin le haghaidh réamheolaire leantach AE (‘réamheolaire leantach AE’), ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 32 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo;
(ii)an nóta mínithe urrús le haghaidh réamheolaire leantach AE (‘nóta mínithe urrús leantach AE’), ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 33 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo.
(iii)achoimre i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2017/1129, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) den Rialachán sin.
2. An fhaisnéis atá in Iarscríbhinní 31, 32 agus 33, gairfear ceann amháin díobh seo a leanas di:
(a)sonrach ó thaobh mórdhíola de, i gcás ina dtagraíonn an fhaisnéis sin go sonrach d’urrúis neamhchothromais a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), an dara fomhír, pointí (a) nó (b), de Rialachán (AE) 2017/1129; nó
(b)sonrach ó thaobh miondíola de, i gcás ina dtagraíonn an fhaisnéis sin go sonrach d’urrúis neamhchothromais seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.
Airteagal 28d
Réamheolaire eisiúna fáis AE le haghaidh urrúis neamhchothromais
I Réamheolaire fáis AE le haghaidh urrúis neamhchothromais a tharraingítear suas i gcomhréir le hAirteagal 15a de Rialachán (AE) 2017/1129, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo.
ROINN 2
Formáid an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE
Airteagal 28e
Formáid an réamheolaire leantaigh AE le haghaidh urrúis chothromais
I gcás na n‑urrús cothromais dá dtagraítear in Airteagal 28a(1) den Rialachán seo, déanfar réamheolaire leantach AE a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair, i gcomhréir le hAirteagal 14a(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1129, agus beidh sé comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) de Rialachán (AE) 2017/1129;
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn 30 a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar ord na ranna a leagtar amach san Iarscríbhinn sin;
(e)i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa réamheolaire leantach AE.
Airteagal 28f
Formáid an réamheolaire eisiúna fáis AE le haghaidh urrúis chothromais
I gcás na n‑urrús cothromais dá dtagraítear in Airteagal 28b(1) den Rialachán seo, déanfar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair, i gcomhréir le hAirteagal 15a(4) de Rialachán (AE) 2017/1129, agus beidh sé comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) de Rialachán (AE) 2017/1129;
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn 34 a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar ord na ranna a leagtar amach san Iarscríbhinn sin;
(e)i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE.
Airteagal 28g
Formáid an réamheolaire leantaigh AE le haghaidh urrúis neamhchothromais
1. Maidir leis na hurrúis neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 28c agus maidir leis na hurrúis chothromais dá dtagraítear in Airteagal 28a(2) den Rialachán seo, féadfar réamheolaire leantach AE a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair nó mar dhoiciméid ar leithligh, i gcomhréir le hAirteagal 14a(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1129.
2. I gcás ina ndéantar réamheolaire leantach AE, dá dtagraítear i mír 1, a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair, beidh na heilimintí seo a leanas ann a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)achoimre i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2017/1129, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) den Rialachán sin.
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an Rialachán seo;
(e)i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa réamheolaire leantach AE.
I gcás ina mbunaítear réamheolaire leantach AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar an Iarscríbhinn sin amháin, is é a bheidh in ord a ranna an t‑ord a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
3. I gcás ina ina dtarraingítear suas réamheolaire leantach AE mar dhoiciméid ar leithligh, beidh an doiciméad clárúcháin leantach AE agus an nóta mínithe urrús leantach AE comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(c)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinní 32 agus 33 a ghabhann leis an Rialachán seo;
(d)i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa doiciméad clárúcháin leantach sin de chuid an Aontais nó sa nóta mínithe urrús leantach sin de chuid an Aontais.
I gcás ina mbunaítear doiciméad clárúcháin leantach AE agus nóta mínithe urrús leantach AE ar Iarscríbhinní 32 agus 33 a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ar na hIarscríbhinní sin amháin, is é a bheidh in ord a ranna an t‑ord a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin.
Airteagal 28h
Formáid an réamheolaire eisiúna fáis AE le haghaidh urrúis neamhchothromais
I gcás na n‑urrús neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 28d agus is gcás na n‑úrrús cothromais dá dtagraítear in Airteagal 28b(2) den Rialachán seo, déanfar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair, i gcomhréir le hAirteagal 15a(4) de Rialachán (AE) 2017/1129, agus beidh sé comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2017/1129:
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an Rialachán seo;
(e)i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE.
I gcás ina mbunaítear réamheolaire eisiúna fáis AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ar an Iarscríbhinn sin amháin, is é a bheidh in ord a ranna an t‑ord a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 28i
Formáid an réamheolaire bhunaidh leantaigh AE
1. I gcás ina n‑ullmhaítear réamheolaire leantach AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ar an Iarscríbhinn sin amháin, is é a bheidh in ord a ranna an t‑ord a leagtar amach san Iarscríbhinn sin:
(a)clár inneachair;
(b)tuairisc ghinearálta ar an gclár tairisceana;
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn 31 agus, i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa réamheolaire bunaidh leantach AE.
2. I gcás ina bhfuil réamheolaire bunaidh i réamheolaire leantach AE agus ina dtarraingítear suas é mar dhoiciméid ar leithligh, beidh an doiciméad clárúcháin leantach AE agus an nóta mínithe urrús leantach AE comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)sa nóta mínithe urrús leantach AE, tuairisc ghinearálta ar an gclár tairisceana;
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinní 32 agus 33 agus, i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa doiciméad clárúcháin leantach AE agus sa nóta mínithe urrús leantach AE.
I gcás ina mbaineann réamheolaire bunaidh leantach AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír le heisitheoir aonair, is é ord na ranna den doiciméad clárúcháin leantach AE an ceann a leagtar amach in Iarscríbhinn 32 a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Féadfaidh eisitheoir, tairgeoir nó duine a iarrann urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte dhá réamheolaire bunaidh nó níos mó a thiomsú in aon doiciméad amháin.
4. Beidh feidhm ag Airteagal 26 den Rialachán seo freisin maidir le réamheolaire bunaidh leantach AE.
Airteagal 28j
Formáid an réamheolaire bunaidh eisiúna fáis AE
1. I gcás ina bhfuil réamheolaire bunaidh i réamheolaire eisiúna fáis AE, beidh na heilimintí seo a leanas ann a leagtar amach san ord seo a leanas:
(a)clár inneachair;
(b)tuairisc ghinearálta ar an gclár tairisceana;
(c)na tosca riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1129;
(d)an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn 35 agus, i gcás inarb ábhartha, aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II den Rialachán seo atá le cur san áireamh sa réamheolaire bunaidh eisiúna fáis AE.
I gcás ina mbaineann réamheolaire bunaidh eisiúna fáis AE le heisitheoir aonair, leanfar ord na faisnéise a leagtar amach i ranna 2 go 8 d’Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Féadfaidh eisitheoir nó tairgeoir dhá réamheolaire bunaidh nó níos mó a thiomsú in aon doiciméad amháin.
3. Beidh feidhm ag Airteagal 26 den Rialachán seo freisin maidir le réamheolaire bunaidh eisiúna fáis AE.
Airteagal 28k
Liosta crostagairtí
1. I réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis chothromais nó neamhchothromais, dá dtagraítear in Airteagail 28e, 28 g agus 28i den Rialachán seo, i gcás nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le formáid chaighdeánaithe agus seicheamh caighdeánaithe agus nach leanann an t‑eisitheoir, an tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ord na faisnéise a leagtar amach sna hIarscríbhinní ábhartha, féadfaidh na húdaráis inniúla liosta crostagairtí a iarraidh ina léireofar na míreanna de na hIarscríbhinní ábhartha dá gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis sin.
2. I réamheolaire leantach AE le haghaidh urrúis chothromais nó neamhchothromais, dá dtagraítear in Airteagail 28f, 28 h agus 28j den Rialachán seo, i gcás nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le formáid chaighdeánaithe agus seicheamh caighdeánaithe agus nach leanann an t‑eisitheoir nó an tairgeoir ord na faisnéise a leagtar amach sna hIarscríbhinní ábhartha, féadfaidh na húdaráis inniúla liosta crostagairtí a iarraidh ina léireofar na míreanna de na hIarscríbhinní ábhartha dá gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis sin.
3. Sainaithneofar sa liosta crostagairtí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 aon ítim a leagtar amach sna hIarscríbhinní ábhartha nár áiríodh sa dréacht‑réamheolaire leantach AE nó sa dréacht‑réamheolaire eisiúna fáis AE de bharr chineál an eisitheora, na n‑urrús, na tairisceana nó an ligin isteach chun trádála.
4. I gcás nach n‑iarrtar aon liosta crostagairtí i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 nó i gcás nach ndéanann an t‑eisitheoir, an tairgeoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcás réamheolaire leantach AE, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, déanfar é a léiriú ar imeall an dréacht‑réamheolaire leantaigh AE nó an dréacht‑réamheolaire bunaidh, nó ar imeall an dréacht‑réamheolaire eisiúna Fáis AE nó an dréacht‑réamheolaire bunaidh, dá gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis sa dréacht‑réamheolaire nó sa réamheolaire bunaidh do na hítimí ábhartha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 28l
Achoimre ar réamheolaire leantach AE agus ar réamheolaire eisiúna fáis AE
1. I roinn forléargais ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE, ní úsáidfear an téarma ‘achoimre’ ach amháin má chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7(12a) de Rialachán (AE) 2017/1129.
2. I gcás ina mbeidh achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE le forlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/1129, déanfar an fhaisnéis nua a chomhtháthú san achoimre ar an réamheolaire leantach AE sin nó ar an réamheolaire eisiúna fáis AE sin ar bhealach a chuirfidh ar chumas infheisteoirí na hathruithe a shainaithint go héasca.
Déanfar an fhaisnéis nua dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhtháthú san achoimre ar an réamheolaire leantach AE nó ar an réamheolaire eisiúna fáis AE trí achoimre nua a tháirgeadh nó tríd an achoimre bhunaidh a fhorlíonadh.’;
(14)déantar liosta na hIarscríbhinní a leasú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
(15)Scriostar Iarscríbhinní 3, 8, 12, 16 agus 23 go 27;
(16)Cuirtear Iarscríbhinní 30 go 35 isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4.3.2026
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN