MOLADH ÓN gCOIMISIÚN

an 20.11.2025

maidir le córais rianaithe pinsean, deaiseanna pinsean agus uathchlárú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I dtuarascáil ó Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le maoiniú infheistíochtaí agus athchóirithe a éascú chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa agus chun Aontas na Margaí Caipitil a chruthú (Tuarascáil Draghi) (2024/2116(INI)), cuirtear i dtábhacht go gcabhraíonn pinsin le pinsinéirí a chosaint, margaí caipitil a thógáil agus infheistíocht a shlógadh, agus tathantaítear go sonrach ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh na Ballstáit uile córais rianaithe pinsean atá simplí agus trédhearcach isteach.

(2)I bhformáid chuimsitheach i mí an Mhárta 2024, d’iarr an Grúpa Euro (i) ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht táirgí dá saoránaigh i margadh na bpinsean ceirde agus dea-chleachtais a chomhroinnt, lena n-áirítear dea-chleachtais maidir le conas feabhas a chur ar chlárú saoránach i bpinsin cheirde; (ii) ar an gCoimisiún Eorpach bonn eolais a chur faoi iarrachtaí na mBallstát trí dhea-chleachtais a shainaithint agus a mholadh; (iii) ar na Ballstáit córais rianaithe pinsean a fhorbairt chun forléargas a thabhairt dá saoránaigh ar an ioncam scoir a bheidh ann amach anseo; agus (iv) ar an gCoimisiún Eorpach deais pinsean a fhorbairt i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus leis na Ballstáit;

(3)Sa Ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro i mí Aibreáin 2024 iarradh ar na Ballstáit uile agus ar institiúidí uile an Aontais a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go pras na bearta uile a leagtar amach sa ráiteas ón nGrúpa Euro san fhormáid chuimsitheach a luaitear thuas;

(4)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas Coigiltis agus Infheistíochta: Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach’, leagtar amach tiomantas an Choimisiúin úsáid agus dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le córais rianaithe pinsean, deaiseanna pinsean agus uathchlárú chun cur le feasacht daoine maidir lena n-ioncam scoir ionchasach ionas gur fearr is féidir leo ullmhú le haghaidh an scoir. Chuideodh uirlisí den sórt sin le scála agus doimhneacht feabhsaithe a chur ar fáil i margaí pinsean ceirde, rud a rachadh chun tairbhe ní hamháin do dhaoine ach do gheilleagar an Aontais i gcoitinne;

(5)Sa tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le pinsin fhorlíontacha i mí na Bealtaine 2025, moltar don Choimisiún feabhas a chur ar thrédhearcacht na sonraí maidir le bearnaí pinsin, le haghaidh daoine aonair agus ar leibhéal na tíre araon, trína ghníomhaíocht beartais maidir le córais rianaithe pinsean agus deaiseanna pinsean a chur chun cinn;

(6)I dtuarascáil mhí na Nollag 2019 ón nGrúpa ardleibhéil saineolaithe maidir le pinsin, moladh do na Ballstáit cur chuige fadtéarmach agus cuimsitheach a ghlacadh maidir le córais pinsean il-leibhéil a fhorbairt, agus cuireadh moltaí ar fáil d’institiúidí an Aontais, do na Ballstáit, do sholáthraithe pinsean agus do chomhpháirtithe sóisialta maidir le conas é sin a bhaint amach;

(7)I dtuarascáil mhí an Mheithimh 2020 ón bhFóram ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil, tugtar rabhadh go gcruthaíonn rioscaí neamh-leordhóthanachta pinsean dúshláin pholaitiúla agus bhuiséadacha do na Ballstáit, agus moltar don Choimisiún (i) deais a fhorbairt chun dul chun cinn na mBallstát maidir le leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean a thomhas; (ii) forbairt córas rianaithe pinsean do dhaoine aonair a spreagadh; agus (iii) tacú le tabhairt isteach córas uathchlárúcháin chun cumhdach leordhóthanach pinsin a áirithiú ar fud na mBallstát uile;

(8)Le staidéar 2021 ar dhea-chleachtais maidir le huathchlárú a rinneadh thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, agus le comhairle theicniúil an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde maidir le dea-chleachtais le haghaidh córais rianaithe pinsean agus deaiseanna pinsean, mar aon lena ionchur teicniúil breise i mí Mheán Fómhair 2025 do na hathbhreithnithe a rinneadh mar chuid den Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, soláthraíodh ionchur breise sna réimsí sin;

(9)I dTuarascáil 2024 maidir le Leordhóthanacht Pinsean, arna hullmhú go comhpháirteach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an gCoiste um Chosaint Shóisialta, agus i dTuarascáil 2024 maidir le hAosú ina dtuartar caiteachas poiblí a bhaineann le haois sna blianta amach romhainn, arna hullmhú go comhpháirteach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch, cuirtear an Coimisiún ar an eolas faoi leordhóthanacht pinsean atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus faoi phríomhdhúshláin ar fud an Aontais, agus faoi inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, faoi seach;

(10)Sonraítear i bPrionsabal 15 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil sé de cheart ag oibrithe agus ag daoine féinfhostaithe pinsean a fháil atá i gcomhréir lena ranníocaíochtaí agus lena n-áirithítear ioncam leordhóthanach agus go mbeidh na deiseanna céanna ag mná agus fir cearta pinsin a fháil.

(11)Sa Mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 (2019/C 387/01) maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, áirítear moladh do na Ballstáit trédhearcacht na gcoinníollacha agus na rialacha maidir le scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú, agus go mbeidh rochtain saor in aisce ag daoine aonair ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, cuimsitheach, soláimhsithe agus intuigthe go soiléir faoi theidlíochtaí agus oibleagáidí aonair. Moltar do na Ballstáit freisin simpliú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar na ceanglais riaracháin ar oibrithe, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar fhostóirí chun rochtain a fháil ar chosaint shóisialta agus tairbhe a bhaint aisti.

(12)Ós rud é gur féidir le litearthacht airgeadais íseal agus claontacht chognaíoch agus iompraíochta bac a chur ar phleanáil scoir, tá gá le bearta chun oideachas airgeadais agus trédhearcacht pinsin a chur chun cinn. Léirigh Eorabharaiméadar mhí Iúil 2023 claontachtaí den sórt sin i sciar suntasach den daonra. Sna Conclúidí ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024, iarradh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta fadréimseacha a dhéanamh chun cur le litearthacht airgeadais san Aontas, lena n-áirítear é a chur ar a gcumas do dhaoine ullmhú agus infheistíocht a dhéanamh le haghaidh na todhchaí. Mar fhreagairt ar an nglao sin, d’fhoilsigh an Coimisiún straitéis maidir le litearthacht airgeadais an 30 Meán Fómhair 2025 ina leagtar amach tionscnaimh arb é is aidhm dóibh daoine a chumhachtú le cinntí níos eolasaí a dhéanamh a mhéid a bhaineann le pleanáil fhadtéarmach, lena n-áirítear pleanáil scoir.

(13)Chomh maith le bearta oideachais airgeadais, beidh gá le huirlisí faisnéise éifeachtacha a chur ar fáil chun é a chur ar a gcumas do dhaoine páirt a ghlacadh i bpleanáil airgeadais le haghaidh scoir. Tá easpa sonraí agus uirlisí ar chuid mhór de mhuintir na hEorpa chun súil a choinneáil ar a dteidlíochtaí pinsin, a bhíonn scaipthe níos mó agus níos mó ar fud scéimeanna agus tíortha éagsúla, rud a fhágann go bhfuil sé dúshlánach cinntí eolasacha a dhéanamh faoi riachtanais ghairme, scoir agus choigiltis. Dá n-ardófaí feasacht maidir leis an tionchar a bhíonn ag roghanna gairme, amhail sosanna gairme agus fostaíocht pháirtaimseartha, ar aois scoir agus ar choigilteas, chuirfí ar a gcumas do thairbhithe, agus do mhná go háirithe, cinntí eolasacha a dhéanamh. Is féidir le córas rianaithe pinsean náisiúnta, uirlis dhigiteach lena dtugtar forléargas comhdhlúite ar theidlíochtaí fabhraithe agus, go hidéalach, sochair phinsin réamh-mheasta ó na foinsí uile, an trédhearcacht agus an fheasacht a chothú, agus muinín as córais na bpinsean a chruthú, rud a chuirfidh ar a gcumas do dhaoine aonair measúnú níos fearr a dhéanamh ar leordhóthanacht a n-ioncaim scoir amach anseo agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Cé go bhfuil ardáin faisnéise thiomnaithe ar líne le haghaidh teidlíochtaí pinsin ag formhór na mBallstát, is minic a bhíonn siad sin teoranta do phinsin phoiblí agus nach gcumhdaítear pinsin fhorlíontacha go cuimsitheach leo. Faoi láthair ní sholáthraíonn ach cúpla Ballstát córas rianaithe pinsean lena n-áirítear faisnéis chuimsitheach faoi na colúin agus na soláthraithe uile.

(14)Ba cheart do na Ballstáit córas rianaithe pinsean cuimsitheach a chur ar fáil dá bpobal. Déantar é sin chun an bhearna san fhaisnéis faoi phinsin a líonadh agus chun daoine aonair a chumhachtú le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht a n-ioncaim pinsin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus, más gá, feabhas a chur uirthi. Áirítear i gcomhairle theicniúil ÚEÁPC dea-chleachtais maidir le córais rianaithe pinsean náisiúnta a cheapadh, a rialú agus a chur chun feidhme. Chun go mbeidh sé éifeachtach, ní mór ceapadh úsáideoir-lárnach a bheith ag córas rianaithe pinsean lena dtugtar cuntas ar riachtanais agus ar chlaontachtaí cognaíocha an ghnáthdhuine aonair. Is éard atá i gceist leis sin faisnéis a chur i láthair ar bhealach simplí intuigthe, teanga shimplí a úsáid, agus cur chuige ilsrathach a úsáid lena dtugtar tosaíocht d’fhaisnéis riachtanach ar leathanach lamairne. Ba cheart faisnéis mhionsonraithe maidir leis na tairbhí a bheidh ann amach anseo a chur ar fáil freisin d’úsáideoirí ar mian leo iniúchadh níos doimhne a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go gcomhlíonann a gcóras rianaithe pinsean ceanglais na hIonstraime Eorpaí Inrochtaineachta (Treoir (AE) 2019/882) agus na Treorach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (Treoir (AE) 2016/2102)).

(15)Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú le forbairt na Seirbhíse Rianaithe Eorpaí - ardán uile-Eorpach ar beartaíodh go bhfeidhmeodh sí mar mhol lárnach, agus na SRPanna náisiúnta éagsúla ar fud an Aontais á nascadh aici. Ba cheart go gcuirfeadh SRE ar a gcumas d’oibrithe taistil forléargas a fháil ar a dteidlíochtaí pinsin, gan beann ar an mBallstát inar fabhraíodh iad. Réamhriachtanas le haghaidh rianú éifeachtach trasteorann pinsean is ea go ndéanfar na córais rianaithe pinsean náisiúnta a bhunú agus a cheapadh, nó a oiriúnú, ionas go mbeidh siad idir-inoibritheach agus údaraithe go teicniúil le sonraí a chomhroinnt le SRE.

(16)Tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá roimh leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsean ar fud an Aontais mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha, tionchar na bhforbairtí teicneolaíochta ar an bhfostaíocht agus cineálacha nua oibre. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an meánphinsean poiblí san Aontas mar chéatadán den mheán-ollphá sna blianta amach romhainn. Mar sin féin, tá difríochtaí suntasacha ar fud an Aontais i struchtúr na gcóras pinsean, agus i dteidlíochtaí pinsin idir aoisghrúpaí, inscní, earnálacha, leibhéil tuillimh, tréimhsí gairme agus conairí éagsúla. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil leordhóthanacht mhíchothrom pinsean ann ar fud an daonra.

(17)I bhfianaise an bhrú dhéimeagrafaigh, tá athchóiriú déanta ag formhór na mBallstát ar a gcórais pinsean, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeidh rátaí athsholáthair pinsin phoiblí níos ísle ann i mórán cásanna. D’ainneoin roinnt athchóirithe le lenar cuireadh feabhas ar an inbhuanaitheacht, bíonn córais pinsean poiblí i roinnt mhaith Ballstát fós faoi bhrú. Idir an dá linn, tá ról níos tábhachtaí ag scéimeanna pinsin ceirde agus pearsanta maidir le forlíonadh scéimeanna poiblí chun a áirithiú go mbeidh ioncam scoir leordhóthanach ag pinsinéirí, agus inbhuanaitheacht an chórais á coinneáil ar bun an tráth céanna. Mar sin féin, tá pinsin fhorlíontacha fós tearcfhorbartha i roinnt mhaith Ballstát, agus bíonn a gcumhdach éagsúil ar fud an daonra mar gheall ar mheascán tosca amhail difríochtaí in acmhainneacht coigiltis, litearthacht airgeadais agus trédhearcacht neamhleor, agus easpa muiníne as cumas earnáil na bpinsean forlíontach fíorfhás coigiltis a bhaint amach. Bíonn rochtain ar phinsin cheirde ag brath ar an gcineál conartha fostaíochta, ar an earnáil fostaíochta agus ar mhéid an fhostóra, chomh maith le neart na gcóras cómhargála agus an idirphlé shóisialta i ndáil leis sin. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh rochtain ar phinsin fhorlíontacha a éascú trí bhíthin cur chuige cuimsitheach a fhreastalaíonn ar ghrúpaí éagsúla den daonra.

(18)Ós rud é gur ar na Ballstáit atá an fhreagracht córais pinsean a eagrú, tá sé beartaithe leis an Moladh seo treoir a thabhairt maidir le córais rianaithe pinsean, deaiseanna pinsean agus creataí uathchlárúcháin a thabhairt isteach agus, i gcás inarb ábhartha agus inar gá, athbhreithniú a dhéanamh orthu. Is é an cuspóir atá ann cur le feasacht daoine aonair maidir lena n-ioncam scoir foriomlán ionchasach a eascraíonn as na colúin pinsean uile, agus cuidiú leo ullmhú níos fearr don scor, agus feabhas a chur ar chumas na mBallstát measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht agus leordhóthanacht a gcóras pinsean, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i measc grúpaí éagsúla déimeagrafacha. Cuirtear san áireamh sa Mholadh na tuairimí agus an chomhairle ó na páirtithe leasmhara a bailíodh trí chomhairliúcháin, agus fianaise maidir le tionchair shocheacnamaíocha na gcóras rianaithe pinsean, na ndeaiseanna pinsean agus an uathchláraithe.

(19)I roinnt Ballstát, bíonn ról bunúsach ag comhpháirtithe sóisialta i rialachas agus i gceapadh cistí pinsin ceirde, agus a neamhspleáchas agus a sainchumas cómhargála á bhfeidhmiú. Is léir go bhfuil an tsamhail freagrachta comhroinnte sin, atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta, an-éifeachtach chun soláthar scoir ceirde láidir a áirithiú. Léiríodh go gcothaíonn sí úinéireacht oibrithe agus fostóirí, agus go gcuireann sí feabhas ar inbhuanaitheacht, leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht fhadtéarmach cistí pinsin ceirde, chomh maith lena n-ailíniú le leasanna eacnamaíocha agus sóisialta oibrithe agus fostóirí araon. I roinnt Ballstát nach bhfuil scéimeanna pinsin ceirde chomh forbartha céanna iontu, déanann fostóirí ranníocaíochtaí a n-oibrithe lena bpinsin phearsanta a mheaitseáil. Léirítear an ranníocaíocht sin i bpacáiste pá na n-oibrithe, agus cuireann sí le hioncam pinsin.

(20)Ní féidir le cumarsáid leis an bpobal maidir le riachtanais athchóirithe pinsean agus a dtionchar a bheith inchreidte ach amháin má bhíonn sí oibiachtúil agus bunaithe ar shonraí iontaofa. Nuair a cheaptar athchóirithe fadtéarmacha pinsin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na Ballstáit in ann cinntí beartais a bhunú ar fhaisnéis chuimsitheach atá réamhbhreathnaitheach go leor maidir le pinsin phoiblí agus pinsin fhorlíontacha araon. Mar sin féin, cé go mbailíonn formhór na mBallstát staidreamh maidir le cistí pinsin fhorlíontaigh agus a gcomhaltaí, sa bhreis ar shonraí fairsinge maidir le pinsin phoiblí, níl ach líon beag sonraí agus uirlisí acu chun faireachán córasach a dhéanamh ar leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht fhoriomlán a gcóras pinsean ilcholúin.

(21)Is é is cuspóir do dheaiseanna pinsean cuidiú leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar athruithe ar chumhdach, leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean ar fud a gcóras ilcholúin agus é a chur ar a gcumas dóibh tacú lena n-athchóirithe pinsin le sonraí cruinne iontaofa. Chuirfeadh forléargas cuimsitheach den sórt sin ar a gcumas do na Ballstáit athchóirithe cuimsitheacha ar phinsin agus athchóirithe cuimsitheacha sóisialta a cheapadh agus inbhuanaitheacht agus leordhóthanacht fhioscach á ráthú agus díospóireacht phoiblí oibiachtúil á héascú maidir le riachtanais agus tionchair athchóirithe.

(22)Agus deaiseanna den sórt sin á bhforbairt aige, molann ÚEÁPC na táscairí céanna a úsáid agus atá sna tuarascálacha tríbhliantúla maidir le hAosú agus Leordhóthanacht Pinsean, faoi seach, agus i bhFaireachán bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Níor mhór na táscairí sin a chomhlánú le faisnéis bhunriachtanach maidir le rannchuidiú na bpinsean ceirde agus pearsanta sin leis an leordhóthanacht agus leis an inbhuanaitheacht araon. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumhdach agus cruinneas sonraí pinsin le himeacht ama má bhailíonn na húdaráis náisiúnta éagsúla a bhfuil baint acu le maoirseacht soláthraithe pinsean sonraí ábhartha agus má áirithíonn siad go gcuirtear na sonraí sin le mol lárnach sonraí. Bhainfeadh sonraí ábhartha le faisnéis dhí-chomhiomlánaithe maidir le ranníocaíochtaí agus éilimh fhabhraithe pinsinéirí amach anseo agus pinsinéirí atá ann faoi láthair araon. D’fhéadfadh na Ballstáit tairbhe a bhaint freisin as dea-chleachtais a mhalartú maidir le tosaíocht a thabhairt do shonraí agus iad a bhailiú.

(23)Le faisnéis faoi thosca amhail sócmhainní, dliteanais, ranníocaíochtaí, torthaí agus táillí, chomh maith le faisnéis faoi struchtúr inscne agus aoise thairbhithe na bpinsean forlíontach, chuirfí le cruinneas na réamh-mheastachán. Moltar do na Ballstáit feabhas a chur ar a gcuid sonraí maidir le pinsin fhorlíontacha agus faireachán a dhéanamh orthu, agus oibriú leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile chun uirlis a chruthú lena dtabharfar forléargas cuimsitheach ar leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsean atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Trí úsáid a bhaint as na sainmhínithe agus na haicmithe céanna atá sa Tuarascáil maidir le hAosú agus sa Tuarascáil maidir le Leordhóthanacht Pinsean, faoi seach, d’fhéadfaí na sonraí a chuirtear ar fáil ar dheaiseanna pinsean na mBallstát a dhéanamh inchomparáide. D’fhéadfadh na meithleacha atá ag ullmhú na dtuarascálacha sin tuilleadh sainmhínithe, toimhdí, modheolaíochtaí, treoraíochta agus tacsanomaíochtaí a fhorbairt más gá, lena n-áiritheofaí gur beag an t-ualach tuairiscithe a bheadh ann. I gcomhréir leis an gcúram a shann an Grúpa Euro don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit i bhformáid chuimsitheach, chuirfeadh tiomsú táscairí pinsin náisiúnta i ndeais pinsean an Aontais ar a gcumas do na mBallstát a bhfeidhmíocht pinsean náisiúnta a chur i gcomparáid le feidhmíocht pinsean náisiúnta na mBallstát eile, agus inspioráid a fháil ó dhea-chleachtais as a n-eascraíonn leordhóthanacht ard pinsean agus inbhuanaitheacht fhioscach.

(24)D’ainneoin an laghdaithe réamh-mheasta ar leordhóthanacht pinsean dá bhfanfadh an beartas gan athrú, léiríonn an rannpháirtíocht íseal i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh deonacha agus an méid measartha beag a shábhálann teaghlaigh i dtáirgí coigiltis agus infheistíochta fadtéarmacha – i gcomparáid lena rachmas airgeadais a shábháiltear mar thaiscí bainc – nach bhfuil na dreasachtaí atá ann cheana sách láidir chun gníomhaíocht a spreagadh i mórán daoine aonair. Is féidir le scéimeanna uathchlárúcháin cuidiú ina leith sin.

(25)Ciallaíonn uathchlárú go gcláraítear daoine aonair go huathoibríoch i scéim pinsin fhorlíontaigh, agus go bhféadfaidh siad roghnú gan bheith páirteach inti. Imíonn sé ón gcur chuige um rogha a bheith páirteach lena n-éilítear cinneadh gníomhach a ghlacadh le bheith rannpháirteach. D’éirigh leis an uathchlárú cur le rannpháirtíocht i gcoigilteas pinsin i dtíortha inar cuireadh chun feidhme é. Is iondúil go n-úsáidtear é le haghaidh pinsin cheirde, ach is féidir é a bheartú freisin le haghaidh cásanna eile, le haghaidh daoine féinfhostaithe cuir i gcás.

(26)Ba cheart do na Ballstáit an creat dlíthiúil is gá a chur i bhfeidhm chun an t-uathchlárú a chumasú. Chun timpeallacht chumasúcháin a chruthú, ba cheart dóibh an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh: (i) an daonra atá incháilithe le bheith cláraithe go huathoibríoch a chinneadh; (ii) cinneadh a dhéanamh maidir le fuinneoga um roghnú gan bheith páirteach agus athchlárú; (iii) na scéimeanna pinsin incháilithe a chinneadh; agus (iv) plean pinsin mainneachtana a cheapadh. Bheadh ar na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeadh sé d’acmhainn ag na húdaráis inniúla náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar coigilteas uathchlárúcháin a infheistiú agus a bhainistiú, agus a áirithiú go leanfaidh na costais de bheith comhréireach leis an toradh a thairgtear.

(27)Ba cheart sásraí uathchlárúcháin a thabhairt isteach ar bhealach a chaomhnóidh sláine scéimeanna pinsin phoiblí, scéimeanna pinsin náisiúnta nó scéimeanna pinsin fhorlíontaigh a fheidhmíonn go maith. Níor cheart iad a bheith ina míbhuntáiste le haghaidh rannpháirtithe i scéimeanna pinsin ceirde atá ann cheana, lagú rannpháirtíocht éigeantach oibrithe i scéimeanna ceirde a bheith mar thoradh air i gcás inarb ann do rannpháirtíocht éigeantach den sórt sin, ná dochar a bheith ann do na sásraí dlúthpháirtíochta náisiúnta. Léirigh taithí ó thíortha éagsúla gnéithe den cheapadh a mbíonn tionchar acu ar éifeachtacht an uathchláraithe. Chun glacadh uathchlárú a chothú agus chun a áirithiú go n-éireoidh leis, moltar do na Ballstáit foghlaim ó na dea-chleachtais sin agus iad a oiriúnú, i gcás inar gá, dá ndálaí tírshonracha.

(28)Chun feabhas a chur ar leordhóthanacht pinsean agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí pinsin idir grúpaí daonra, earnálacha fostaíochta agus cineálacha conartha fostaíochta éagsúla, ba cheart an daonra atá incháilithe d’uathchlárú a bheith chomh leathan agus is féidir.

(29)Is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo go mbíonn an t-uathchlárú níos éifeachtaí maidir le cur leis an rannpháirtíocht i bpinsin fhorlíontacha má fhágann a chur chun feidhme go mbeidh dóthain ama ann chun faisnéis a scaipeadh, chun comhairliúchán leathan a dhéanamh leis na comhpháirtithe sóisialta agus na páirtithe leasmhara amhail idirghabhálaithe airgeadais, agus chun feachtais chumarsáide éifeachtacha a cheapadh chun an pobal a chur ar an eolas. D’fhéadfadh sineirgí le córais rianaithe pinsean agus le cláir oideachais agus feasachta airgeadais feabhas a chur ar an tuiscint atá ag comhaltaí ionchasacha. Chun taithí foghlama a áirithiú agus an t-ualach coigeartaithe a laghdú, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an uathchlárú a thabhairt isteach ina chéimeanna de réir a chéile, mar shampla trí dhíriú de réir a chéile ar chineálacha sonracha fostóirí agus daoine incháilithe, nó trí mhéadú ar rátaí ranníocaíochta a cheadú le himeacht ama. Má thosaítear ar ráta ranníocaíochta réasúnta íseal, a mhéadaíonn de réir a chéile le himeacht ama go dtí an leibhéal is gá chun an sprioc leordhóthanachta pinsean a bhaint amach, d’fhéadfadh sé cuidiú freisin le glacadh a chruthú agus líon na roghanna gan bheith páirteach a theorannú, go háirithe i gcéimeanna tosaigh a chur chun feidhme.

(30)D’fhéadfadh dúshláin riaracháin agus oibríochtúla a bheith roimh fhostóirí ar mian leo an t-uathchlárú a thionscnamh nó a bhfuil sé d’oibleagáid orthu é a thionscnamh, go háirithe fostóirí atá réasúnta beag, maidir le hoibrithe a chlárú i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh atá ann cheana nó maidir lena scéimeanna pinsin ceirde féin a bhunú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thacaíocht riaracháin a chur ar fáil d’fhostóirí, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta.

(31)I gcás oibrithe, d’fhéadfadh laghdú ar a n-ioncam indiúscartha reatha a bheith i gceist le páirt a ghlacadh i bpinsin fhorlíontacha, mar mhalairt ar ioncam níos airde ar dhul ar scor dóibh. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina ualach trom, go háirithe i gcás saothraithe ar phá íseal agus oibrithe óga, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le rátaí níos airde roghnú gan bheith páirteach agus rátaí rannpháirtíochta níos ísle i measc na ngrúpaí sin. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar dhreasachtaí cánach spriocdhírithe, nó fóirdheontais, a fhágann go bhfuil sé inacmhainne do na grúpaí sin a bheith rannpháirteach agus fanacht i scéimeanna uathchlárúcháin. Chun go mbeidh na dreasachtaí sin éifeachtach, ní mór cumarsáid thrédhearcach agus nósanna imeachta soiléire simplí a bheith mar bhonn taca leo. D’fhéadfadh na Ballstáit breithniú níos ginearálta a dhéanamh freisin ar dhreasachtaí cánach a thabhairt isteach chun glacadh leathan pinsean forlíontach a spreagadh, go háirithe le haghaidh na ngrúpaí thuasluaite. Moltar go láidir dóibh freisin aon dreasacht chánach a cheapadh ar bhealach tomhaiste costéifeachtach, agus a himpleachtaí fioscacha agus a tionchar ar uirlisí eile amhail cuntais choigiltis agus infheistíochta á gcur san áireamh. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit sochair chánach agus eile a thairiscint chun glacadh táirgí pinsin fhorlíontaigh a spreagadh, foilseoidh siad faisnéis mhionsonraithe maidir le tionchar an chaiteachais cánach ar ioncaim i gcomhréir lena n-oibleagáidí faisnéise faoi Airteagal 14 de Threoir 2011/85/AE ón gComhairle, arna leasú le Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle.

(32)Bíonn struchtúr an mhargaidh fostaíochta an-éagsúil laistigh de na Ballstáit agus eatarthu araon. Bíonn conarthaí lánaimseartha buana ann i gcomhthráth le conarthaí neamhchaighdeánacha agus leis an bhféinfhostaíocht. D’fhéadfadh ioncam na ndaoine sa dá chatagóir fostaíochta dheireanacha sin a bheith éagsúil le himeacht ama agus d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir bristeacha rialta, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé nach mbeidís oiriúnach chun ranníocaíocht rialta a dhéanamh le scéim pinsin. Chun a áirithiú go dtabharfar an deis do na daoine uile a bpinsin reachtúla a fhorlíonadh agus gur féidir leo tairbhe a bhaint as sásraí uathchlárúcháin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chóir speisialta nó socruithe saincheaptha a dheonú don dá chatagóir sin, mar shampla níos mó solúbthachta maidir le minicíocht agus méid a ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin fhorlíontaigh.

(33)Ós rud é go bhféadfadh sé nach gceapann na grúpaí daonra uile go bhfuil sé áisiúil nó inacmhainne gealltanas a thabhairt ranníocaíochtaí áirithe a íoc isteach i bpinsin fhorlíontacha, d’fhéadfaidís tairbhe a bhaint as fuinneoga um roghnú gan bheith páirteach agus athchlárú. Thabharfadh sé sin an rogha dóibh scor de scéimeanna uathchlárúcháin agus dul isteach iontu arís ag céim níos déanaí. Dá mbeadh an rogha sin ann, chuirfí leis an nglacadh leis an gcóras agus leis an muinín as. D’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le minicíocht na bhfuinneog sin d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir maidir leis an rannpháirtíocht agus cobhsaíocht an chórais a uasmhéadú agus an cuspóir maidir le roghanna a chur ar fáil do dhaoine. Moltar do na Ballstáit critéir shoiléire a bhunú maidir le hincháilitheacht agus féidearthachtaí dea-cheaptha maidir le roghnú gan bheith páirteach agus athchlárú.

(34)D’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis ná na scileanna airgeadais is gá ag roinnt daoine chun cinntí a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí fadtéarmacha. D’fhéadfadh sé a bheith deacair dóibh freisin rogha a dhéanamh idir roghanna éagsúla próifíle infheistíochta, agus soláthraíonn gach ceann acu meascán éagsúil den toradh agus den riosca a bhfuil coinne leo. Ionas nach mbeidh daoine a bhfuil an iomarca cinntí róchasta le déanamh acu sa phróiseas uathchlárúcháin, ba cheart do na Ballstáit réitigh réamhshocraithe a thairiscint mar aon le líon teoranta roghanna maidir le heilimintí amhail rátaí ranníocaíochta, pleananna nó táirgí infheistíochta incháilithe, straitéisí infheistíochta agus socruithe eisíocaíochta, agus é a áirithiú acu go mbainfear amach spriocanna maidir le hioncam scoir agus leordhóthanacht pinsean, mar is léir ón taithí a fuarthas gur gnách le formhór na n-oibrithe atá uathchláraithe glacadh le tairiscintí mainneachtana agus cloí leo.

(35)Go háirithe, nuair a bhíonn orthu rogha a dhéanamh idir próifílí infheistíochta éagsúla, i bhfianaise a thábhachtaí a bhíonn ioncam pinsin le haghaidh cosaint shóisialta, bheadh claonadh ag go leor daoine próifílí infheistíochta coimeádacha a roghnú, agus cosaint chaipitil de chineál éigin acu go minic. Mar sin féin, ag brath ar an gcaoi a gceaptar í, d’fhéadfadh cosaint chaipitil den sórt sin a bheith costasach agus teorainn a chur leis an mbuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le luach coigiltis pinsin i gcaitheamh tréimhsí fada infheistíochta. Le straitéisí infheistíochta saolré, lena n-athraítear an leithdháileadh ó infheistíochtaí a bhfuil riosca níos mó ag baint leo go hinfheistíochtaí níos coimeádaí de réir mar a théann rannpháirtithe i dtreo aois an scoir, soláthraítear acmhainneacht ar an taobh thuas agus an tráth céanna baineann maolú riosca leabaithe leo agus is féidir leo freastal ar riachtanais fhormhór na rannpháirtithe. Moltar do na Ballstáit na straitéisí infheistíochta sin a mheas mar an rogha thosaíochta le haghaidh pleananna réamhshocraithe. Mar sin féin, ba cheart an deis a thabhairt do rannpháirtithe freisin roghanna eile a roghnú nó aistriú chuig straitéisí infheistíochta éagsúla le linn a ngairmréime.

(36)Chun feabhas a chur ar leordhóthanacht pinsean agus na pointí éagsúla ama i ngairm nó i saol duine á gcur san áireamh nuair is féidir leis an duine sin a chlárú i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh nó nuair is féidir leis ath-rannpháirtiú iontu, ba cheart an deis a thabhairt do dhaoine ranníocaíochtaí íosta a bhreisiú le híocaíochtaí deonacha.

(37)Tá éagsúlacht mhór idir tírdhreach na dtáirgí pinsin fhorlíontaigh agus na gcoigilteas scoir eile ar fud an Aontais, agus tá níos mó i gceist leis ná scéimeanna pinsin ceirde arna riar ag Institiúidí um Sholáthar Pinsean Ceirde a rialaítear ar leibhéal an Aontais. I roinnt Ballstát, bíonn pleananna scoir san ionad oibre i bhfoirm táirgí árachais agus táirgí pinsin phearsanta freisin, agus i roinnt Ballstát bhain roinnt cuideachtaí trasteorann úsáid as an táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach (TPPU) chun plean scoir a chur ar fáil dá n-oibrithe. Baineann na scéimeanna uile den sórt sin le ranníocaíochtaí comhroinnte ó fhostóirí agus oibrithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon réiteach a roghnaítear mar réiteach atá incháilithe le haghaidh uathchlárú tairbhí a ghiniúint do choigilteoirí san fhadtéarma. Chuige sin, tá sé inmholta go roghnódh na Ballstáit táirgí pinsin atá incháilithe le haghaidh uathchlárú bunaithe ar a n-acmhainneacht na cuspóirí beartais inmhianaithe a bhaint amach, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le soláthraithe leasmhara i gcás inarb iomchuí. Thairis sin, agus dreasachtaí cánach agus/nó fóirdheontais á ndeonú acu d’fhostóirí agus d’oibrithe, ba cheart do na Ballstáit na dreasachtaí cánach agus na fóirdheontais chánach chéanna a dheonú i gcás aon táirge inchomparáide. Ba cheart do na Ballstáit bacainní cánach agus bacainní náisiúnta eile a bhaint chun infheistíocht trasteorann agus feidhmiú cistí pinsin a éascú, agus ar an gcaoi sin comhtháthú níos fearr mhargadh pinsin an Aontais a chur chun cinn, chun gné an mhargaidh aonair a léiriú ar bhealach níos fearr.

(38)Chun cumhdach a uasmhéadú, ba cheart pleananna réamhshocraithe a bheith oscailte do na hoibrithe agus na daoine féinfhostaithe uile, lena n-áirítear iad siúd atá ag obair in earnálacha eacnamaíocha nó i gcatagóirí eacnamaíocha nach gcumhdaítear le scéimeanna pinsin ceirde arna mbunú faoi chomhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta. Is féidir go n-athróidh oibrithe poist le linn a ngairmréime, go n-aistreoidh siad idir earnálacha eacnamaíocha nó thar theorainneacha, nó go n-oibreoidh siad faoi chineálacha éagsúla conarthaí a bhféadfadh sé nach gcumhdaítear iad le plean pinsin fhorlíontaigh. Ba cheart do na Ballstáit a mheas ar cheart do na daoine aonair sin leanúint de bheith ag ranníoc leis an bplean pinsin ina raibh siad cláraithe roimhe sin, nó ar cheart dóibh clárú i bplean pinsin mainneachtana nó in aon táirge pinsin incháilithe eile is rogha leo. Sa chás deireanach sin, ba cheart do na Ballstáit a mheas ar cheart é a bheith de cheart ag oibrithe teidlíochtaí pinsin a aistriú chuig an scéim nua agus, más ceart, cad iad na coinníollacha faoinar cheart é sin a dhéanamh.

(39)Ba cheart do na Ballstáit measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá an creat uathchlárúcháin ag feidhmiú agus ba cheart dóibh sásra maoirseachta leordhóthanach a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí nó uirlisí incháilithe agus a soláthraithe. Ba cheart é a bheith d’acmhainn ag maoirseoirí faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-uirlisí coigiltis scoir ábhartha, agus ba cheart na cumhachtaí a bheith acu idirghabháil a dhéanamh nuair is gá agus ag céim luath chun a áirithiú go mbeidh scéimeanna pinsin fhorlíontaigh éifeachtach maidir le feabhas a chur ar ioncam scoir agus go gcaomhnófar cearta na rannpháirtithe le himeacht ama. Is féidir le maoirseacht éifeachtach cur le muinín sa chóras agus roghnú gan bheith páirteach a laghdú.

(40)I roinnt tíortha, rinneadh éigeantach d’fhostóirí a gcuid oibrithe a uathchlárú. Tá comhlacht poiblí curtha ar bun ag roinnt tíortha a thug an beart sin isteach atá freagrach as coigilteas pinsin a riar agus a bhfuil ról aige in infheistíocht an choigiltis pinsin. D’fhéadfadh na bearta sin borradh mór a chur faoin rannpháirtíocht. Ba cheart do na Ballstáit a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha is gá chun na bearta sin a chur chun feidhme go héifeachtach.

(41)Ní dhéanann an Moladh seo difear d’inniúlachtaí na mBallstát a gcórais pinsean náisiúnta a eagrú agus a cheapadh. Níor chuireann an Moladh seo teorainn le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta i gcás ina bhfuil siad freagrach as scéimeanna pinsin a bhunú agus a bhainistiú. Dá bhrí sin, níor cheart don Mholadh seo difear a dhéanamh don dlí sóisialta agus saothair náisiúnta maidir le heagrú córas pinsean agus córas cómhargála.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 
Ábhar

(1)Baineann an Moladh seo le feabhas a chur ar chórais pinsean trí chórais rianaithe pinsean a fhorbairt do dhaoine aonair, trí dheaiseanna pinsin agus tríd an uathchlárú a chur chun feidhme i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh. Cuimsítear ann bearta chun tacú le daoine cinntí eolasacha a dhéanamh agus a gcoigilteas scoir á phleanáil acu, agus chun tacú leis na Ballstáit cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean. Leagtar amach ann freisin bearta chun cur le leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean trí thuilleadh rannpháirtíochta i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh.

(2)Ní dhéanann an Moladh seo difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras cosanta sóisialta a chinneadh, lena n-áirítear córais pinsean, agus na cineálacha éagsúla cleachtas náisiúnta i réimse an chaidrimh saothair agus an idirphlé shóisialta.

Airteagal 2 
Sainmhínithe

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)Is éard atá i bpinsin reachtúla scéimeanna pinsin atá bunaithe ar reachtaíocht, arna riaradh ag an rialtas ginearálta.

(2)Ciallaíonn pinsin fhorlíontacha scéimeanna pinsin ceirde agus phearsanta, lena gcuirtear ioncam scoir breise ar fáil go ginearálta do na pinsin reachtúla.

(3)Is scéimeanna pinsin comhchoiteanna iad pinsin cheirde atá nasctha le caidreamh fostaíochta, a bhíonn bunaithe de ghnáth ar chomhaontuithe conarthacha idir fostóirí agus fostaithe, nó a bhíonn nasctha le gníomhaíocht ghairmiúil.

(4)Is éard atá i bpleananna pinsin phearsanta uirlisí coigiltis scoir a bhíonn bunaithe de ghnáth ar chonradh idir coigilteoir aonair agus soláthraí seirbhíse airgeadais le haghaidh an chuspóra shainráite ioncam a sholáthar le linn scoir.

(5)Uirlis dhigiteach atá i seirbhís rianaithe um pinsin, tairseach gréasáin shlán nó feidhmchlár móibíleach de ghnáth, lena dtugtar forléargas do dhaoine aonair ar a dteidlíochtaí pinsin fabhraithe aonair, agus réamh-mheastacháin ar shochair amach anseo, ar fud na scéimeanna pinsin a bhfuil an duine aonair ina chomhalta nó ina thairbhí díobh.

(6)Le deais pinsean, tugtar forléargas cuimsitheach do na Ballstáit ar a gcórais pinsean, lena gcumhdaítear táscairí maidir le teidlíochtaí pinsin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar leibhéal comhiomlán an Bhallstáit agus maidir leis na foinsí ioncaim scoir, go háirithe pinsin reachtúla, pinsin cheirde agus pinsin phearsanta, chun é a chur ar a gcumas dóibh bearnaí i leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean a shainaithint.

(7)Ciallaíonn uathchlárú go gcláraítear daoine go huathoibríoch i bpleananna pinsin fhorlíontaigh agus go dtugtar an rogha dóibh gan bheith páirteach laistigh de thréimhsí sonraithe.

(8)Tagraíonn leordhóthanacht pinsean do na cuspóirí a bhaineann lena áirithiú (i) go gcosnaíonn córais pinsean daoine scothaosta ar an mbochtaineacht; (ii) go gcoinnítear leibhéil ioncaim ar bun leo agus iad ag dul ar scor agus (iii) go ligeann siad do dhaoine sciar réasúnach dá saol a chaitheamh agus iad ar scor. Rannchuidíonn pinsin fhorlíontacha go príomha leis an dara cuspóir, is é sin leibhéil ioncaim a choinneáil ar bun.

Airteagal 3 
Coigeartú ar dhálaí náisiúnta

Gan difear a dhéanamh do na cleachtais atá ann cheana sa chaidreamh saothair agus san idirphlé sóisialta ná d’inniúlachtaí na mBallstát a gcórais pinsean náisiúnta a eagrú agus a cheapadh, agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Mholadh seo á gcur chun feidhme acu, moltar do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus na páirtithe leasmhara ábhartha agus dul i gcomhairle leo, de réir mar is iomchuí, amhail soláthraithe pinsean agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar thairbhithe, de réir an chleachtais náisiúnta sheanbhunaithe agus struchtúr an chórais pinsean náisiúnta. Moltar do na Ballstáit freisin foghlaim ó dhea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm i mBallstáit eile agus na cleachtais sin a oiriúnú de réir mar is gá chun freastal ar dhálaí náisiúnta.

CAIBIDIL I
Uirlisí faireacháin pinsean

Roinn I 
Rianú pinsean

Airteagal 4 
Córas cuimsitheach rianaithe pinsean a bhunú

(1)Molann an Coimisiún Eorpach do na Ballstáit córas rianaithe pinsean a bhunú (CRP). Ba cheart an tseirbhís rianaithe um pinsin a bheith ina seirbhís aonair ar fud na tíre a mbeadh rochtain in aisce ag na daoine aonair uile uirthi, a thabharfadh forbhreathnú dóibh ar a dteidlíochtaí pinsin fabhraithe aonair ar fud na scéimeanna éagsúla ina bhfuil nó ina raibh siad cláraithe.. Leis an tseirbhís rianaithe um pinsin ba cheart pinsin reachtúla, scéimeanna um pinsean ceirde agus táirgí pinsin phearsanta a chumhdach i gcás inarb infheidhme, trína raon feidhme a leathnú de réir a chéile más gá. Ina theannta sin, chun daoine aonair a chumhachtú ina bpleanáil airgeadais, ba cheart don tseirbhís réamh-mheastacháin a sholáthar maidir le hioncam scoir a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo óna scéimeanna pinsin uile.

(2)Ba cheart comhéadan na seirbhíse rianaithe um pinsin a bheith soláimhsithe. Ba cheart riachtanais na n-aoisghrúpaí éagsúla a chur san áireamh ann, agus faisnéis shoiléir intuigthe a sholáthar atá curtha in oiriúint do riachtanais an ghnáthúsáideora. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chomhéadan ilsrathach a úsáid, ag tosú leis an bhfaisnéis is riachtanaí maidir le teidlíochtaí pinsin agus réamh-mheastacháin shimplí ar shochair amach anseo a thaispeáint, agus faisnéis níos mionsonraithe ar éileamh a chur ar fáil. D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfaisnéis níos mionsonraithe, mar shampla, cásanna réamh-mheastacháin éagsúla bunaithe ar thoimhdí gairme. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit tástáil rialta úsáideora a dhéanamh chun taithí an úsáideora a bheachtú.

(3)Ba cheart do na Ballstáit na leibhéil éagsúla scileanna digiteacha idir grúpaí éagsúla den daonra a chur san áireamh. I gcás inar gá, ba cheart dóibh faisnéis neamhdhigiteach chomhlántach agus seirbhísí i bpearsa a sholáthar, lena n-áiritheofaí rochtain ar chroí-fhaisnéis faoi phinsin dóibh siúd nach n-úsáideann uirlisí digiteacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas a bhfuil riachtanais inrochtaineachta acu. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí bhíthin tacaíocht teileafóin, tríd an bpost nó trí bhíthin ceapachán fisiceach.

Airteagal 5
Rialachas agus maoiniú

(1)Ba cheart do na Ballstáit struchtúr soiléir rialachais a bhunú le haghaidh na seirbhíse rianaithe um pinsin bunaithe ar phrionsabail na hoibríochta neamhbhrabúis, an neamhspleáchais, na hinchreidteachta agus na trédhearcachta, a d’fhéadfaí a bhaint amach, mar shampla, trí eintiteas poiblí nó comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí.

(2)Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an tionscal pinsean/leis na páirtithe leasmhara/le soláthraithe i gcás inarb ábhartha, cistiú inbhuanaithe a áirithiú chun an tseirbhís rianaithe um pinsin a chur ar bun agus a oibriú go leanúnach.

Airteagal 6
Slándáil agus príobháideachas sonraí

(1)Ba cheart do na Ballstáit an tsamhail um malartú sonraí atá le húsáid dá seirbhís rianaithe um pinsin náisiúnta a chinneadh. Ba cheart dóibh creat slándála agus príobháideachais éigeantach cuimsitheach a bhunú chun modh sainaitheanta digití atá slán, uathúil agus soláimhsithe a áirithiú chun úsáideoirí a fhíordheimhniú, agus chun ardleibhéal cosanta a ráthú do shonraí pearsanta na saoránach.

(2)Agus a seirbhís rianaithe um pinsin náisiúnta á ceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a mbonneagar teicniúil agus a gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear a mbonneagar teicniúil agus a gcreat dlíthiúil le haghaidh comhroinnt sonraí, comhoiriúnach le nasc a bheidh ann amach anseo leis an tSeirbhís Rianaithe Eorpach (SRE), agus ar an gcaoi sin tacú le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair san Aontas agus le malartú trasteorann sonraí/faisnéise maidir le pinsin aonair. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as dea-chleachtais agus taithí chomhaltaí SRE atá ann cheana.

Roinn II
Deaiseanna pinsean

Airteagal 7
Deaiseanna pinsean cuimsitheacha a bhunú

(1)Moltar do na Ballstáit deaiseanna pinsean náisiúnta cuimsitheacha a chur ar bun chun faireachán córasach a dhéanamh le himeacht ama ar leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht fhoriomlán a gcóras pinsean ilcholúin agus ar bhearnaí pinsin chomh maith. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí comhiomlánaithe a bhailiú agus a chur ar fáil go poiblí maidir le rannchuidiú na bpinsean poiblí agus na bpinsean forlíontach araon le leordhóthanacht an ioncaim scoir agus le hinbhuanaitheacht a gcóras pinsean.

(2)Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí a tuairiscíodh cheana do chomhlachtaí poiblí, amhail an fhaisnéis thréimhsiúil a thuairiscíonn cistí pinsin do mhaoirseoirí nó d’oifigí staidrimh, sineirgí le córais rianaithe pinsean a úsáid agus an chomhréireacht a chur i bhfeidhm maidir le roghnú sonraí agus é mar aidhm acu bearnaí sonraí a dhúnadh agus feabhas a chur ar an gcruinneas.

(3)Agus faisnéis ábhartha á bailiú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcaomhnófar rúndacht na sonraí maoirseachta agus cosaint sonraí pearsanta na rannpháirtithe sna scéimeanna pinsin fhorlíontaigh.

(4)Moltar do na Ballstáit cleachtais a mhalartú le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún Eorpach chun gnéithe agus bealaí ábhartha a shainaithint chun faisnéis a fháil gan ualach tuairiscithe nach bhfuil gá leis a chruthú.

Airteagal 8
Táscairí deaise

(1)Moltar do na Ballstáit faisnéis a bhailiú faoi líon na gcomhaltaí i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh, faoina ranníocaíochtaí agus a n-éilimh fhabhraithe arna miondealú ina scéimeanna/táirgí ranníocaíochtaí sainithe agus sochar sainithe, na dliteanais agus na sócmhainní a bhaineann le scéimeanna pinsin, a dtorthaí infheistíochta, a gcostais agus a muirir, a ranníocaíochtaí agus a sochair le haghaidh chomhiomlán na n-uirlisí sin, agus de réir an chineáil pinsin chomh maith.

(2)Moltar do na Ballstáit staidreamh pinsin ábhartha a shainaithint a d’fhéadfadh cuidiú le faireachán a dhéanamh ar rioscaí bochtaineachta i measc grúpaí déimeagrafacha, ar athruithe ar dháileadh ioncaim ar fud aoisghrúpaí agus catagóirí inscne, ar athruithe ar aoiseanna scoir iarbhír i measc réimeanna ioncaim, agus ar chostais fhioscacha dreasachtaí cánach agus fóirdheontas a bhaineann le pinsin.

(3)Chun bonn eolais a chur faoin measúnú agus faoin athbhreithniú ar na creataí atá ann cheana agus ar aon bheart beartais atá beartaithe, iarrtar ar na Ballstáit réamh-mheastacháin a dhéanamh ar leordhóthanacht pinsean agus ar an méadracht inbhuanaitheachta le linn tréimhse réasúnta amach anseo.

Airteagal 9
Malartú sonraí leis an gCoimisiún Eorpach

(1)Moltar do na Ballstáit staidreamh pinsin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach i bhfoirm chomhiomlánaithe. Moltar dóibh oibriú leis an gCoimisiún Eorpach chun modheolaíochtaí comhchoiteanna a bhunú, chun a áirithiú go mbeidh na sonraí comhiomlánaithe sin inchomparáide.

(2)Molann an Coimisiún Eorpach do na Ballstáit uile réamh-mheastacháin a sholáthar maidir le ranníocaíochtaí agus caiteachas ar phinsin cheirde agus phearsanta le haghaidh na Tuarascála maidir le hAosú ón gCoimisiún Eorpach agus ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch, agus sonraí maidir le rannchuidiú na bpinsean ceirde agus pearsanta le hioncaim scoir le haghaidh na Tuarascála maidir le Cosaint Shóisialta Leordhóthanach i Seanaois ón gCoimisiún Eorpach agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta, agus úsáid á baint as sainmhínithe, modheolaíochtaí agus toimhdí eacnamaíocha a comhaontaíodh go comhchoiteann.

CAIBIDIL II
Uathchlárú

Airteagal 10
Uathchlárú a chur ar fáil

(1)Ba cheart do na Ballstáit tabhairt isteach clárú uathoibríoch i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh a chur ar fáil agus a chur chun cinn, i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, agus ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á n-urramú an tráth céanna.

(2)Ba cheart uathchlárú a thabhairt isteach ar bhealach a chaomhnóidh sláine scéimeanna pinsin phoiblí nó scéimeanna pinsin fhorlíontaigh a fheidhmíonn go maith. Níor cheart é a bheith ina mhíbhuntáiste le haghaidh rannpháirtithe i scéimeanna pinsin ceirde atá ann cheana, lagú rannpháirtíocht éigeantach oibrithe i scéimeanna ceirde a bheith mar thoradh air i gcás inarb ann do rannpháirtíocht éigeantach den sórt sin, ná dochar a bheith ann do na sásraí dlúthpháirtíochta náisiúnta.

(3)Ba cheart bearta a bheith ag gabháil le bearta cumasúcháin, amhail bunús dlí a chruthú sa dlí náisiúnta, lena gcinnfí cé atá incháilithe le haghaidh clárú, cé atá in ann an clárú a thionscnamh, agus cén cineál ciste pinsin nó táirge pinsin is féidir a úsáid amhail scéimeanna ceirde atá ann cheana agus – faoi choinníollacha áirithe – scéimeanna ceirde nua, na táirgí pinsin phearsanta atá ar fáil agus táirgí pinsin phearsanta Uile-Eorpacha (TPPUnna).

(4)Ba cheart do na Ballstáit coimircí a thabhairt isteach freisin lena n-áiritheofar go mbeidh sé d’acmhainn ag na scéimeanna pinsin fhorlíontaigh sochair a ghiniúint le haghaidh coigilteoirí san fhadtéarma - agus go ndéanfaidh siad amhlaidh go héifeachtach. Chuige sin, ba cheart dóibh eintitis nó soláthraithe táirgí pinsin a chur faoi mhaoirseacht agus an cumas agus na cumhachtaí a thabhairt do mhaoirseoirí le faireachán a dhéanamh ar chost-éifeachtúlacht na scéimeanna pinsin fhorlíontaigh ábhartha agus idirghabháil a dhéanamh nuair is gá chun a áirithiú go soláthróidh siad luach ar airgead.

Airteagal 11
Dea-chleachtais a úsáid le haghaidh uathchlárú

(1)Moltar do na Ballstáit dea-chleachtais a úsáid ag céim an tabhairt isteach. Áirítear ar na dea-chleachtais comhairliúchán forleathan leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, feachtais éifeachtacha faisnéise agus bearta trédhearcachta leanúnacha. Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar uathchlárú a thabhairt isteach ina chéimeanna de réir a chéile, mar shampla trí dhíriú de réir a chéile ar chineálacha sonracha fostóirí agus daoine aonair incháilithe, nó trí thús a chur le rátaí ranníocaíochta níos ísle a mhéadófaí ina dhiaidh sin, rud a ligfeadh do dhuine aonair ranníocaíocht mhór a dhéanamh lena ioncam scoir gan inacmhainneacht an chláraithe a chur i mbaol.

(2)Moltar do na Ballstáit freastal ar dheiseanna dea-cheaptha roghnú gan bheith páirteach agus athchlárú, a mbunófaí a minicíocht d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir maidir le rannpháirtíocht agus cobhsaíocht an chórais a uasmhéadú agus an cuspóir maidir le roghanna a dheonú do dhaoine aonair.

(3)Ionas nach mbeidh an iomad cinntí casta le déanamh ag daoine sa phróiseas uathchlárúcháin, ba cheart do na Ballstáit, mar dhea-chleachtas, líon teoranta roghanna a chur ar fáil maidir le gnéithe amhail an ráta ranníocaíochta, pleananna nó táirgí infheistíochta incháilithe, straitéisí infheistíochta agus socruithe eisíocaíochta. Ba cheart cead a bheith ag comhaltaí agus, i gcás inarb ábhartha, ag fostóirí, breisiú a dhéanamh le ranníocaíochtaí breise thar an íosmhéid. Le roghanna maidir le straitéisí infheistíochta ba cheart freastal ar dhearcthaí éagsúla i leith riosca, ionas nach roghnaíonn daoine aonair gan bheith páirteach toisc go measann siad go bhfuil an rogha réamhshocraithe róchontúirteach nó róchoimeádach, agus deiseanna á dtabhairt do dhaoine aonair atá toilteanach glacadh le rioscaí áirithe é sin a dhéanamh. D’fhéadfaí straitéisí saolré a chur chun cinn mar dhea-chleachtas chun freastal ar neamhchosaint ar riosca a bhíonn ag athrú le linn chéim an charntha. D’áireofaí go hidéalach i socruithe eisíocaíochta roghanna do choigilteoirí cinneadh a dhéanamh idir blianacht ar feadh an tsaoil a fháil nó íocaíocht aonuaire na gcistí fabhraithe a fháil, nó teaglaim den dá rud, gan difear a dhéanamh d’fhorálacha náisiúnta atá ann cheana.

(4)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear roghanna réamhshocraithe ar fáil do dhaoine a bhfuil feidhm acu mura bhfuil rannpháirtithe in ann nó toilteanach rogha a dhéanamh. Ba cheart na roghanna réamhshocraithe a bheith soiléir, agus ceaptha chun cobhsaíocht agus oiriúnacht fhadtéarmach a áirithiú don ghrúpa is mó rannpháirtithe, agus ioncam scoir leordhóthanach síos an líne á áirithiú an tráth céanna. D’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar straitéisí saolré a chur chun cinn mar an rogha réamhshocraithe le haghaidh leithdháileadh sócmhainní.

(5)Iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain leathan agus chuimsitheach ar an uathchlárú. Ba cheart an t-uathchlárú a bheith oiriúnach do phatrúin ghairme éagsúla, ba cheart caitheamh go cothrom le sosanna gairme a bheith i gceist leis - rud a chuirfeadh comhdheiseanna ar fáil d’fhir agus do mhná, agus a rachadh chun tairbhe do dhaoine ag céimeanna éagsúla ina ngairmréim. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtais a ghlacadh amhail fóirdheontais chnapshuime chun tacú leis an inacmhainneacht le haghaidh daoine ar ioncam íseal, dreasachtaí cánach chun glacadh mór a dhreasú, creidmheasanna pinsin cúraim, agus ar an gcaoi sin cuidiú leis an mbearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh, roghanna chun ranníocaíochtaí a bhreisiú, solúbthacht maidir le leibhéil ranníocaíochta nó briseadh le haghaidh daoine a bhfuil conarthaí oibre neamhthipiciúla acu agus le haghaidh cúramóirí, agus coinníollacha iomchuí le haghaidh aistarraingt luath i gcás riachtanais aonair.

Airteagal 12
Forálacha sonracha maidir le huathchlárú i gcomhthéacs fostaíochta

(1)Moltar do na Ballstáit critéir a bhunú maidir le hincháilitheacht oibrithe lena gcothaítear cumhdach leathan agus lena gceadaítear tús luath, agus iad ag tacú le hinacmhainneacht an tráth céanna.

(2)Moltar do na Ballstáit dreasachtaí d’fhostóirí agus tacaíocht riaracháin a thabhairt isteach le linn chéim an chur chun feidhme chun clárú oibrithe a éascú.

(3)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach maidir le hinaistritheacht éilimh na n-oibrithe uathchláraithe, ionas gur féidir leis na hoibrithe sin leanúint de thairbhe a bhaint as a rannpháirtíocht agus iad ag athrú fostaíochta nó ag scor den obair. Ba cheart do na Ballstáit cás a sheachaint ina mbeadh clárú i scéim bhreise mar thoradh ar gach athrú fostaíochta, ós rud é go mbeadh ilroinnt éileamh pinsin mar thoradh air sin. Is fearr a bhainfí é sin amach más féidir le hoibrithe leanúint de bheith ag ranníoc le scéimeanna roimhe seo nó más féidir leo na héilimh fhabhraithe a aistriú chuig scéim gairme nua.

(4)Ba cheart do na Ballstáit an deis a thabhairt do dhaoine féinfhostaithe agus do dhaoine a bhfuil conarthaí oibre neamhchaighdeánacha acu roghnú a bheith páirteach i scéimeanna atá ann cheana agus atá oscailte d’fhostaithe a bhfuil conarthaí caighdeánacha acu, nó freastal ar an bhféidearthacht scéimeanna ar leithligh a chur ar bun atá saincheaptha dá riachtanais shonracha. Ba cheart féidearthachtaí den sórt sin a bheartú cheana féin i gcéim cheaptha an uathchláraithe, agus ba cheart níos mó solúbthachta a bheith ann dá mbarr do dhaoine féinfhostaithe agus do dhaoine a bhfuil conarthaí oibre neamhchaighdeánacha acu i gcomparáid le daoine a bhfuil conarthaí oibre caighdeánacha acu.

(5)Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar conas a gcóras uathchlárúcháin a riar, bíodh sin trí chomhlacht poiblí a sholáthraíonn tacaíocht láraithe riaracháin nó eagraíochtúil, nó trí shamhail níos díláraithe ina ndéanann comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí gairmiúla nó soláthraithe príobháideacha scéimeanna pinsin a chur in oiriúint do riachtanais na rannpháirtithe.

(6)Iarrtar ar na Ballstáit freisin a mheas an mbeadh oibleagáid ar fhostóirí a n-oibrithe a chlárú oiriúnach dá gcomhthéacs náisiúnta.

Airteagal 13
Dreasachtaí cánach agus eile

(1)Moltar do na Ballstáit dreasachtaí cánach agus eile a thabhairt isteach chun glacadh táirgí pinsin fhorlíontaigh a spreagadh, agus a n-impleachtaí fioscacha á gcur san áireamh go cuí an tráth céanna. Ba cheart na dreasachtaí cánach sin a cheapadh ar bhealach nach gcuirfidh siad daoine aonair faoi mhíbhuntáiste i scéimeanna pinsin ceirde nó phearsanta atá ann cheana, lena n-áirítear scéimeanna atá urraithe ag comhpháirtithe sóisialta.

(2)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go leanfaidh daoine de thairbhe a bhaint as dreasachtaí cánach a thairgtear chun glacadh táirgí pinsin fhorlíontaigh a spreagadh freisin tar éis dóibh poist nó cónaí trasteorann a athrú.

(3)D’fhéadfadh dreasachtaí cánach den sórt sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)ligean do dhaoine an ranníocaíocht a rinneadh le táirge pinsin incháilithe a asbhaint óna n-ioncam inchánach suas le huasteorainn bhliantúil inasbhainte;

(b)ligean d’fhostóirí na ranníocaíochtaí a rinneadh dá bhfostaithe le táirgí pinsin incháilithe a asbhaint óna n-ioncam inchánach suas le huasteorainn bhliantúil inasbhainte.

(4)Ba cheart do na Ballstáit an chóireáil cánach chéanna a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na táirgí pinsin fhorlíontaigh a mheasann siad a bheith incháilithe d’uathchlárú.

CAIBIDIL III
Forálacha ginearálta

Airteagal 14
Faireachán agus tuairisciú

(1)Moltar do na Ballstáit taithí agus dea-chleachtais a mhalartú maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Mholadh seo. D’fhéadfaí plé a dhéanamh, mar shampla, maidir leis an méid seo a leanas: dúshláin choiteanna; taithí ar uathchlárú a thabhairt isteach; conas cur chuige comhordaithe a áirithiú maidir le nascacht na gcóras náisiúnta rianaithe pinsean leis an tSeirbhís Rianaithe Eorpach amach anseo; agus conas is fearr oibriú i dtreo sonraí cuimsitheacha a chur isteach lena gcumhdaítear na colúin pinsean uile le haghaidh forléargas inchomparáide uile-Aontais ar leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean.

(2)Moltar do na Ballstáit meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a leagtar amach sa Mholadh seo maidir le cur le rannpháirtíocht i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh agus trédhearcacht pinsean.

(3)Moltar do na Ballstáit tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar na bearta a dhéantar chun an Moladh seo a chur chun feidhme trí na próisis faireacháin a bhaineann leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, creat an Ghrúpa Euro chun faireachán a dhéanamh ar athchóirithe náisiúnta agus ar mhalartú dea-chleachtas, an Seimeastar Eorpach agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(4)Déanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán freisin ar an gcur chun feidhme mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, a fhoilseofar in 2027.

Airteagal 15
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20.11.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   Maria Luís Albuquerque 
   Comhalta den Choimisiún