CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOIMISIÚN

an 7.1.2025

lena mbunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach maidir leis an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov
(CTAO ERIC)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Is iad na téacsanna Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Polainnise, Seicise, Slóivéinise agus Spáinnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail i dtaca le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) 1 , agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chuir an Ostair, an tSeicia, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Réalteolaíoch sa Leathsféar Theas iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 chun an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov (CTAO) a bhunú (‘an t‑iarratas’). Chuir an Eilvéis a cinneadh in iúl go mbeidh sí rannpháirteach in CTAO ERIC mar bhreathnóir ar dtús.

(2)Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Iodáil Ballstát óstach CTAO ERIC.

(3)Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE 2 .

(4)Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse thionchair na réalteolaíochta gáma-gha, na réaltfhisice, na fisice cáithníní, na fisice plasma agus na fisice bunúsaí.

(5)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Bunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach maidir leis an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov (CTAO ERIC).

2.Leagtar amach san Iarscríbhinn gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna CTAO ERIC dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine, Cónaidhm na hEilvéise agus an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Réalteolaíoch sa Leathsféar Theas.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7.1.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   Ekaterina ZAHARIEVA
   Comhalta den Choimisiún

(1)    IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.
(2)    Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2016/755] (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85).

IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA DE REACHTANNA CTAO ERIC

1.Ainm agus suíochán

(Airteagal 1 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Beidh Bonneagar Taighde Eorpach ann ar a dtabharfar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov (CTAO).

2.Beidh foirm dhlíthiúil de Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) ag CTAO arna ionchorprú faoi fhoráil Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 agus tabharfar ERIC maidir leis an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov (CTAO ERIC) air.

3.Beidh oifig chláraithe agus ceanncheathrú CTAO ERIC in Bologna na hIodáile.

2.Cúraimí agus gníomhaíochtaí

(Airteagal 2 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Beidh sé de chúram ar CTAO ERIC réadlann a thógáil le haghaidh réalteolaíocht gháma-ghathach thalamhbhunaithe mar a thuairiscítear sa ‘Tuairisc Eolaíoch agus Theicniúil ar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov’, (cumraíocht Alfa) agus an tsaoráid sin a oibriú, a uasghrádú agus a dhíchoimisiúnú a thuilleadh. Leagtar síos na costais tógála i Leabhar Costais CTAO.

2.Déanfaidh CTAO ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas, i measc cinn eile:

(a)rannchuideoidh sé le taighde ardleibhéil, forbairt theicneolaíoch, nuálaíocht agus dúshláin shochaíocha agus, dá réir sin, beidh breisluach ann d’fhorbairt an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) agus dá bhfuil níos faide anonn;

(b)áiritheoidh sé go ndéanfar saothrú eolaíoch iomlán ar CTAO agus ar a shraith ionstraimí;

(c)deonóidh sé rochtain éifeachtach d’úsáideoirí i gcomhréir leis an mBeartas Rochtana a leagtar amach in Airteagal 3;

(d)rannchuideoidh sé le scaipeadh torthaí eolaíocha;

(e)bainfidh sé an úsáid is fearr is féidir as acmhainní agus fios gnó; agus

(f)déanfaidh sé aon ghníomhaíocht eile is gá a bhaineann le míreanna (a) go (e).

3.Saothróidh CTAO ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Féadfaidh sé gníomhaíochtaí teoranta eacnamaíocha a dhéanamh, áfach, ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach an chúraim sin i mbaol. Déanfaidh CTAO ERIC costais agus ioncaim a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a thaifeadadh ar leithligh, agus gearrfaidh sé praghsanna margaidh orthu, nó, mura féidir iad sin a áirithiú, gearrfaidh sé costais iomlána móide corrlach réasúnach.

3.Beartas rochtana d’úsáideoirí na Réadlainne um Eagar Teileascóp Cherenkov

 (Airteagal 3 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Soláthróidh CTAO ERIC rochtain éifeachtach do thaighdeoirí Eorpacha agus idirnáisiúnta (Úsáideoirí) bunaithe ar fhiúntas eolaíoch, indéantacht theicniúil agus/nó critéir ábhartha eile a bhaineann le haidhm CTAO ERIC. Cuirfear méid teoranta Ama Breathnóireachta ar fáil do thograí a bhfuil fiúntas eolaíoch ag baint leo ó thaighdeoirí nach mbaineann le Comhalta, Comhpháirtí Straitéiseach, Tríú Páirtí ná Breathnóir, dá ngairtear Úsáideoirí Eile anseo feasta, faoi théarmaí rochtana sonracha, mar a shainíonn an Chomhairle.

2.Is féidir rochtain ar CTAO a bheith i bhfoirm rochtana ar Am Breathnóireachta CTAO, nó i bhfoirm rochtana ar Tháirgí Sonraí cartlainne CTAO (Airteagal 33). Déanfar mionsonraí rochtana a shainiú i mBeartas Rochtana, arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(13)(j)), lena saineofar na cineálacha éagsúla tograí agus lena ndéanfar foráil maidir le leibhéal iomchuí deiseanna do chláir mhóra leagáide (Príomhthionscadail Eolaíochta).

3.Tá an tArd-Stiúrthóir freagrach as leithdháileadh ama trí phróiseas athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a bhainistiú ina ndéanfar meastóireacht ar bharrfheabhas eolaíochta agus indéantacht tograí. Cuirfear nósanna imeachta agus critéir mheastóireachta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin CTAO ERIC. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir tuarascáil ar an leithdháileadh ama faoi bhráid na Comhairle go bliantúil.

4.Is é a chiallaíonn Am Úsáideoirí an tAm Breathnóireachta atá ar fáil tar éis Breathnuithe Ama Ráthaithe a eascraíonn as oibleagáidí conarthacha CTAO ERIC a chur san áireamh. Déanfar Am Úsáideoirí a roinnt idir Am Oscailte do Thograí Caighdeánacha agus Am do Phríomhthionscadail Eolaíochta i gcás cláir mhóra leagáide, Am Breathnóireachta don Phobal Idirnáisiúnta i gcás Úsáideoirí Eile agus Am Lánroghnach an Ard-Stiúrthóra. Tá na sainmhínithe sa Tuairisc Eolaíoch agus Theicniúil ar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov

5.Rannchuideoidh Úsáideoirí Eile leis na costais oibriúcháin a bhaineann leis an úsáid a bhaineann siad as CTAO, mar a shainmhínítear sa Bheartas Rochtana agus sna comhaontuithe comhpháirtíochta faoi seach.

6.Ní bheidh feidhm ag an bhforáil in Airteagal 3(5) de na Reachtanna maidir leis na leithdháiltí ama a dheonaíonn CTAO ERIC trí chomhaontuithe speisialta (e.g. comhaontuithe óstála).

4.Meastóireacht Eolaíoch

(Airteagal 4 de Reachtanna CTAO ERIC)

Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Teicniúil meastóireacht bhliantúil ar ghníomhaíochtaí eolaíocha agus teicniúla CTAO ERIC (Airteagal 28). Saineofar na mionsonraí i mBeartas um Meastóireacht Eolaíoch, arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(13)(k)).

5.Scaipeadh Torthaí Taighde

(Airteagal 5 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Beidh CTAO ERIC ina éascaitheoir taighde agus spreagfaidh sé, mar riail ghinearálta, rochtain oscailte ar shonraí taighde. Gan beann ar an bprionsabal sin, cuirfidh CTAO ERIC taighde ar ardchaighdeán chun cinn agus tacóidh sé le cultúr an ‘dea-chleachtais’ trí ghníomhaíochtaí oiliúna.

2.Iarrfaidh CTAO ERIC ar úsáideoirí a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí agus torthaí a chur ar fáil trí CTAO ERIC.

3.Glacfaidh CTAO ERIC a Bheartas féin um Scaipeadh (Airteagal 25(13)(l)). Tabharfar tuairisc sa Bheartas um Scaipeadh ar na spriocghrúpaí éagsúla, agus úsáidfidh CTAO ERIC roinnt cainéal chun teagmháil a dhéanamh leis an spriocphobal, amhail tairseacha gréasáin, nuachtlitreacha, ceardlanna, láithreacht i gcomhdhálacha agus ailt in irisleabhair, irisí agus nuachtáin laethúla.

6.Cearta Maoine Intleachtúla

(Airteagal 6 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Tuigfear an téarma ‘Maoin Intleachtúil’ de réir Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil a síníodh an 14 Iúil 1967.

2.Glacfaidh CTAO ERIC a Bheartas féin um Chearta Maoine Intleachtúla (Airteagal 25(13)(m)).

3.Beidh CTAO ERIC ina úinéir ar an Maoin Intleachtúil uile a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí faoi na Reachtanna seo, lena n‑áirítear Maoin Intleachtúil arna táirgeadh ag baill foirne atá fostaithe ag CTAO ERIC, ach gan a bheith teoranta di, ach amháin má chumhdaítear iad le comhaontuithe conarthacha ar leithligh nó i gcás ina sonraítear a mhalairt i reachtaíocht shainordaitheach nó sna Reachtanna seo.

4.Is leis na Comhaltaí nó na heintitis a dhéanann ionadaíocht orthu a bheidh an Mhaoin Intleachtúil a bhí acu cheana. Déanfar í a cheadúnú faoi CTAO ERIC más gá agus le comhaontuithe sonracha.

7.Fostaíocht

 (Airteagal 7 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Beidh CTAO ERIC ina fhostóir comhionannais deiseanna. Is le dlíthe na tíre nó na críche ina bhfuil an fhoireann fostaithe a rialófar conarthaí fostaíochta.

2.Faoi réir cheanglais na reachtaíochta náisiúnta, féachfaidh gach Comhalta laistigh dá dhlínse le gluaiseacht agus cónaí náisiúnaigh na gComhaltaí, na mBreathnóirí agus na gComhpháirtithe Straitéiseacha a bhfuil baint acu le cúraimí CTAO ERIC agus gluaiseacht agus cónaí bhaill teaghlaigh na náisiúnach sin a éascú.

3.Beidh na nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh phoist foirne CTAO ERIC trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo comhionannas deiseanna. Ní bheidh an earcaíocht agus an fhostaíocht idirdhealaitheach.

4.Spreagfaidh CTAO ERIC cruthú ionadaíochta fostaithe institiúidithe.

8.Soláthar

 (Airteagal 8 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Caithfidh CTAO ERIC le hiarrthóirí agus tairgeoirí soláthair go cothrom agus gan idirdhealú, bíodh siad bunaithe laistigh den Aontas Eorpach nó ná bíodh. Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus critéir sholáthair a leagan amach sa Bheartas um Sholáthar arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(12)(i) de na Reachtanna). Leis an mBeartas sin um Sholáthar, urramófar prionsabail na trédhearcachta, na hiomaíochta, na comhréireachta, an aitheantais fhrithpháirtigh, na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe agus na hinbhuanaitheachta.

2.Déanfaidh Comhaltaí, Breathnóirí, Comhpháirtithe Straitéiseacha agus Tríú Páirtithe soláthar i ndáil le gníomhaíochtaí CTAO ERIC ar bhealach ina dtabharfar aird chuí ar riachtanais CTAO ERIC, ar cheanglais theicniúla agus ar shonraíochtaí arna n‑eisiúint ag na comhlachtaí ábhartha.

3.Sonrófar sa Bheartas um Sholáthar nach mbeidh feidhm ag a fhorálacha maidir le soláthairtí arna ndéanamh ag CTAO ERIC agus úsáid á baint aige as cistí a sheoltar trí CTAO ERIC de réir Airteagal 21(4) de na Reachtanna. Sna cásanna sin, is iad na Bunphrionsabail maidir le Ranníocaíochtaí Comhchineáil le CTAO ERIC agus an Creat Ranníocaíochtaí Comhchineáil (Iarscríbhinn B) a chuirfear i bhfeidhm in ionad an Bheartais um Sholáthar.

9.Fad

 (Airteagal 9 de Reachtanna CTAO ERIC)

Beidh CTAO ERIC bunaithe go ceann tréimhse éiginnte.

10.Foirceannadh

 (Airteagal 10 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le foirceannadh CTAO ERIC i gcomhréir le hAirteagal 25(13)(h) de na Reachtanna.

2.Gan moill mhíchuí agus in aon chás, laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh maidir le CTAO ERIC a fhoirceannadh, tabharfaidh CTAO ERIC fógra don Choimisiún faoin gcinneadh.

3.Gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh CTAO-ERIC fógra faoi sin don Choimisiún.

4.Tiocfaidh deireadh le CTAO ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

11.Díscaoileadh CTAO ERIC nó scor dá phribhléidí cánach

 (Airteagal 11 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Ar CTAO ERIC a dhíscaoileadh nó ar scor dá phribhléidí cánach agus dá liúntais chánach, ní bhfaighidh na Comhaltaí aon rud níos mó ná a ranníocaíochtaí airgid thirim íoctha agus luach iarbhír a ranníocaíochtaí comhchineáil.

2.Ar CTAO ERIC a dhíscaoileadh nó ar scor dá phribhléidí cánach agus dá liúntais chánach, déanfar sócmhainní CTAO ERIC ar mó iad ná na ranníocaíochtaí airgid thirim íoctha agus luach iarbhír na ranníocaíochtaí comhchineáil a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil poiblí eile nó chuig corparáid eile faoi phribhléid chánach nó chuig eintiteas dlíthiúil eile a shaothraíonn cuspóirí atá comhchosúil le cuspóirí CTAO ERIC chun eolaíocht agus taighde a chur chun cinn.

12.Córas dliteanais agus árachas

 (Airteagal 12 de Reachtanna CTAO ERIC)

1.Beidh CTAO ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.Níl na Comhaltaí faoi dhliteanas comhpháirteach i leith fhiacha CTAO ERIC. Beidh dliteanas airgeadais na gComhaltaí i leith fhiacha CTAO ERIC teoranta dá ranníocaíocht bhliantúil faoi seach.

3.Gheobhaidh CTAO ERIC árachas iomchuí chun na rioscaí a bhaineann go sonrach le tógáil agus oibriú CTAO a chumhdach.