MOLADH ÓN gCOIMISIÚN
an 30.9.2025
maidir le hInfhaighteacht Cuntas Coigiltis agus Infheistíochta a Mhéadú le Cóireáil Cánach Shimplithe agus Bhuntáisteach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá ceann de na rátaí coigiltis is airde ar domhan ag saoránaigh an Aontais. Mar sin féin, is minic nach mbaineann siad an tairbhe is mó as a gcoigilteas. Is é is cúis leis sin meascán de thosca, lena n‑áirítear litearthacht airgeadais neamhleor, turais chasta infheisteoirí agus margaí seirbhísí airgeadais ilroinnte as a n‑eascraíonn easpa iomaíochta, agus roghanna teoranta. Cuireann sé sin teorainn leis na roghanna atá ar fáil do shaoránaigh an Aontais chun a gcoigilteas a infheistiú ar bhealaí a d’fhéadfadh torthaí níos airde a bhaint amach agus chun a rachmas a mhéadú.
(2)Is féidir le hinfheistíochtaí i margaí caipitil cur le torthaí airgeadais níos fearr do shaoránaigh an Aontais. Dá bhrí sin, trí infheistíochtaí a dhéanamh níos éasca, is féidir a bhfolláine airgeadais a mhéadú.
(3)Is minic gur fearr le hinfheisteoirí miondíola agus bainisteoirí sócmhainní sciar ollmhór dá bpunanna a leithdháileadh ar a margaí caipitil intíre, mar gheall ar thosca amhail forbairt an mhargaidh, eolas, teanga choiteann, cultúr coiteann agus gaireacht gheografach. Dá bhrí sin, trí rannpháirtíocht mhiondíola níos mó i margaí caipitil a spreagadh, is féidir foinsí breise infheistíochtaí a chur ar fáil ar mhaithe le geilleagar an Aontais.
(4)Cé go bhfuil sé de shaoirse ag daoine aonair infheistíocht a dhéanamh de réir a thosaíochtaí pearsanta, a riachtanas agus a roghanna agus ar a luas féin, is féidir le níos mó infheistíochtaí miondíola i margaí caipitil níos mó deiseanna cistiúcháin a chur ar fáil do ghnólachtaí an Aontais chun fás agus nuáil a dhéanamh agus poist a chruthú. Trí bhonn infheisteoirí an Aontais a mhéadú, d’fhéadfaí cuidiú freisin le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a mhaoiniú, lena n‑áirítear an t‑aistriú digiteach, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú sóisialta, agus slándáil agus cosaint an Aontais a neartú, i gcás ina roghnódh infheisteoirí miondíola a n‑infheistíochtaí a leithdháileadh dá réir sin.
(5)Tá ról ríthábhachtach ag na Ballstáit maidir le cuspóirí an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta a bhaint amach agus chuir siad in iúl go bhfuil siad tiomanta feabhas a chur ar rochtain na saoránach ar mhargaí caipitil sa ráiteas ón nGrúpa Euro i mí Aibreáin 2024 agus sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mhárta 2025. Dá réir sin, moltar do na Ballstáit athchóirithe a chur chun feidhme chun a margaí caipitil intíre a fhorbairt agus a neartú, lena n‑áirítear bearta chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola. Trí fheabhas a chur ar litearthacht airgeadais, trí infheistíochtaí miondíola a éascú agus trí dhreasachtaí iomchuí a chur ar fáil, cuidítear leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá torthaí an-dearfach bainte amach cheana féin ag roinnt Ballstát i ndáil leis sin.
(6)Leis an moladh sin, soláthraítear treoirphlean Eorpach do na Ballstáit maidir le Cuntais Choigiltis agus Infheistíochta (CCInna), agus leas á bhaint as na dea-chleachtais atá ann cheana. Leagtar amach ann na príomh-shaintréithe ba cheart a bheith in CCInna chun a nglacadh a uasmhéadú agus chun cuidiú leis an gcuspóir borradh a chur faoi rannpháirtíocht mhiondíola i margaí caipitil a bhaint amach.
(7)Soláthraíonn soláthraithe seirbhísí airgeadais údaraithe CCInna agus cuireann siad ar a gcumas do dhaoine aonair infheistíocht a dhéanamh in ionstraimí airgeadais amhail scaireanna, bannaí, agus aonaid gnóthas comhinfheistíochta. Is minic a bhíonn sochair chánach ag gabháil leo. Tá tíortha áirithe, lena n‑áirítear roinnt Ballstát de chuid an Aontais, tar éis CCInna a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar rannpháirtíocht íseal miondíola i margaí caipitil. Léirítear le fianaise ó chreataí CCI rathúla, nuair a dheartar i gceart iad, gur féidir leo margaí caipitil a dhéanamh níos tarraingtí agus níos éasca d’infheisteoirí miondíola agus cuidiú leo a rachmas a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtaí.
(8)Le scrúdú ar dhea-chleachtais CCInna, san Aontas agus go hidirnáisiúnta araon, cuireadh i dtábhacht príomhthréithe CCInna rathúla. Áirítear ar na gnéithe sin soláimhsitheacht ionas go mbeidh sé éasca iad a rochtain agus a oibriú, solúbthacht i dtéarmaí infheistíochta agus dí-infheistithe, agus comhlíonadh cánach a éascú. Moltar do na Ballstáit creataí náisiúnta CCI a bhfuil na saintréithe sin iontu a thabhairt isteach.
(9)Déanann éagsúlachtaí sa rachmas agus san ioncam ar fud an daonra difear do rannpháirtíocht mhiondíola i margaí caipitil. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag creataí CCI rátaí arda rannpháirtíochta a bhaint amach ar fud na n‑aoisghrúpaí uile, ó dhaoine óga go daoine scothaosta, ag freastal ar gach saoránach gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad in ann méideanna beaga nó móra a infheistiú.
(10)Cuidítear, trí choigilt agus infheistiú a dhéanamh ó aois óg, le saibhreas a bhailiú ar bhealach inbhuanaithe agus rannchuidítear le litearthacht airgeadais a mhéadú agus cultúr infheistíochta a chothú. Moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le creat lena n‑éascófar glacadh CCInna ag daoine óga, faoi réir coimircí iomchuí.
(11)Tá ról ríthábhachtach ag earnáil airgeadais an Aontais, mar phríomhidirghabhálaí idir infheisteoirí miondíola agus margaí caipitil. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí airgeadais leas a bhaint as na deiseanna a chuireann CCInna ar fáil chun rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a mhéadú agus na roghanna agus seirbhísí infheistíochta is fearr is féidir a thairiscint d’infheisteoirí miondíola, ar phraghsanna iomaíocha agus cothroma.
(12)Léirítear le dea-chleachtais go n‑éiríonn le CCInna nuair a bhíonn iomaíocht láidir ann i measc soláthraithe seirbhísí airgeadais, rud a chuireann ar a gcumas d’infheisteoirí miondíola rochtain a fháil ar na tairiscintí is buntáistí agus ar an tseirbhís is fearr. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag raon leathan soláthraithe seirbhíse airgeadais CCInna a thairiscint d’infheisteoirí miondíola, ar choinníoll go bhfuil údarú acu le haghaidh na seirbhísí atá beartaithe acu a sholáthar, amhail orduithe a ghlacadh agus a tharchur, orduithe a fhorghníomhú agus ionstraimí airgeadais a choimeád slán agus a riar, comhairle infheistíochta a thabhairt, agus punanna a bhainistiú. Go ginearálta, ba cheart na costais agus na táillí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le CCInna a bheith trédhearcach, agus ba cheart é a bheith éasca d’infheisteoirí miondíola iad a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile.
(13)Déanann margaí ilroinnte agus iompraíocht chosantach dochar d’infheisteoirí miondíola agus d’fhorbairt mhargaí caipitil an Aontais. Trí sholáthar CCInna thar theorainneacha a éascú, is féidir iomaíocht a mhéadú i measc soláthraithe agus nuálaíocht a spreagadh, rud a chruthóidh níos mó deiseanna d’infheisteoirí miondíola na deiseanna infheistíochta is fearr a fháil, mar atá léirithe ag creataí rathúla CCI san Aontas. Faoi na rialacha atá ann cheana, níor cheart bacainní breise ar iontráil a bheith roimh sholáthraithe seirbhísí airgeadais atá údaraithe i mBallstát amháin agus seirbhísí airgeadais á soláthar acu i mBallstát eile bunaithe ar phrionsabail na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Agus an moladh sin á chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus creataí CCI á mbunú acu, nach gcruthófar aon bhacainn ar shaorghluaiseacht chaipitil, ná ar sholáthar trasteorann seirbhísí airgeadais ná ar shaoirse bunaíochta san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí airgeadais atá údaraithe in aon Bhallstát CCInna a sholáthar.
(14)Is féidir le táillí agus próisis riaracháin a bhaineann le sócmhainní a aistriú idir CCInna nó le soláthraithe CCI a athrú bac a chur ar iomaíocht freisin. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an próiseas aistrithe cuntas agus sócmhainní a chuíchóiriú agus go dtabhófar táillí íosta leis. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí aistriú punainne idir soláthraithe a mheas ó thaobh cánach de mar theagmhas inchánach (e.g. má shocraítear an t‑aistriú idir soláthraithe tríd an bpunann a dhíol ar dtús agus punann a athcheannach leis an soláthraí nua ina dhiaidh sin) agus dá bhrí sin faoi réir cánachais. Is féidir leis sin bac a chur ar inaistritheacht CCInna idir soláthraithe. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthófar teagmhas inchánach chun críoch cánach ioncaim le haistriú punainne infheisteora miondíola idir soláthraithe, bídís ag feidhmiú go náisiúnta nó thar theorainneacha, ná nach gcuirfear in aghaidh sochair chánach atá ann cheana leis an aistriú sin, lena n‑áirítear i gcás ina mbaineann sé le díol na sócmhainní agus aistriú na bhfáltas chuig an soláthraí nua ina dhiaidh sin, agus go leanfar de chóireáil cánach na sócmhainní sa chuntas. Tá an méid sin gan dochar do Chonarthaí cánach déthaobhacha, agus do chearta cánach na mBallstát i gcás ina n‑athraítear an áit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an infheisteoir miondíola.
(15)Moltar do na Ballstáit freisin oibriú le chéile chun riosca an chánachais dhúbailte a bhaineann le seilbh CCI a sheachaint má athraíonn infheisteoir miondíola cónaí chun críoch cánach san Aontas, agus chun a áirithiú nach ndéanfar saoránaigh a dhíspreagadh maidir lena gceart chun saorghluaisteachta a fheidhmiú leis an cóireáil cánach.
(16)Tá sé fíor-riachtanach punanna infheisteoirí a éagsúlú le haghaidh maolú riosca, rud is féidir a éascú trí rochtain leathan ar roghanna infheistíochta éagsúla a áirithiú. Dá bhrí sin, agus infheistíocht á déanamh acu trí CCI, ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh an Aontais ar raon leathan ionstraimí airgeadais, lena n‑áirítear, ar a laghad, scaireanna, bannaí, agus aonaid nó scaireanna gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna; lena n‑áirítear cistí arna dtrádáil ar an malartán), ó raon leathan eisitheoirí chun rochtain ar tháirgí airgeadais neamhchasta a áirithiú. Ionstraimí airgeadais eile, amhail aonaid nó scaireanna cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) agus cistí infheistíochta malartacha miondíola (i gcás ina gceadaíonn Ballstát cistí infheistíochta malartacha a mhargú d’infheisteoirí miondíola), d’fhéadfadh sé go mbeidís incháilithe freisin lena sealbhú in CCI. Le hinfhaighteacht ionstraimí den sórt sin, d’fhéadfaí a chur ar a gcumas d’infheisteoirí miondíola a bpunanna a éagsúlú agus rannchuidiú le cistiú tionscadal bonneagair tábhachtach chomh maith le cuideachtaí neamhliostaithe, lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus FBManna. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí airgeadais tairiscint na sócmhainní infheistíochta atá ar fáil a leathnú thar na sócmhainní airgeadais arna n‑eisiúint sa Bhallstát ar faoina dhlíthe a thairgtear an CCI. Ba cheart an deis a bheith ag infheisteoirí miondíola a n‑infheistíochtaí a éagsúlú ar fud roinnt aicmí sócmhainní agus limistéar geografach.
(17)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí airgeadais freisin roghanna a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola chun a n‑infheistíochtaí a dhíriú ar gheilleagar an Aontais, chun rannchuidiú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, lena n‑áirítear an t‑aistriú digiteach, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú sóisialta, agus chun slándáil agus cosaint an Aontais a neartú.
(18)Ceann de phríomhchuspóirí CCInna is ea cuidiú le hinfheisteoirí miondíola, lena n‑áirítear saoránaigh nár infheistigh i margaí caipitil roimhe sin, a bpunanna a éagsúlú agus a rachmas a mhéadú go stuama agus go hinbhuanaithe trí mhargaí caipitil. Is fearr is féidir é sin a dhéanamh trí infheistíocht a dhéanamh go príomha in ionstraimí airgeadais neamhchasta, nach nochtann infheisteoirí miondíola do rioscaí atá deacair a thuiscint agus nach infheistíochtaí san fhíorgheilleagar iad. Dá bhrí sin, ba cheart a eisiamh le sócmhainní in-infheistithe sócmhainní áirithe a bhfuil ardriosca ag baint leo nó atá casta, nach bhfuil sócmhainn tagartha acu, nó a meastar go bhfuil ardriosca ag baint lena sócmhainn tagartha nó go bhfuil sí casta. Áirítear le sócmhainní den sórt sin ionstraimí airgeadais a bhfuil ardriosca ag baint leo nó atá casta amhail roinnt díorthach, chomh maith le cripteashócmhainní seachas na cinn sin a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais atá incháilithe lena sealbhú in CCI (i.e. leagan teacschomharthaithe de na hionstraimí airgeadais sin).
(19)Mar a tugadh faoi deara sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis um Litearthacht Airgeadais don Aontas, a seoladh in éineacht leis an Moladh seo, tá leibhéil éagsúla litearthachta agus saineolais airgeadais ag infheisteoirí, agus tá cuspóirí infheistíochta agus próifílí riosca éagsúla acu. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha a bheith ag infheisteoirí miondíola rogha a dhéanamh idir seirbhísí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta agus forghníomhú orduithe, agus seirbhísí nach bhfuil i gceist leo ach orduithe cliant a fhorghníomhú nó a ghlacadh agus a tharchur, i gcás ina ndéanann infheisteoirí miondíola cinntí infheistíochta go neamhspleách. Thairis sin, níor cheart aon íoscheanglas infheistíochta a bheith ann chun CCI a oscailt nó a oibriú chun go mbeidh gach infheisteoir miondíola in ann iad a úsáid gan beann ar a leibhéal rachmais.
(20)Tá iarrachtaí na mBallstát agus na soláthraithe seirbhísí airgeadais chun turas an infheisteora a chuíchóiriú agus gnéithe riaracháin agus nós imeachta uile CCInna a shimpliú ríthábhachtach le haghaidh creat rathúil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don tionscal a áirithiú go soláthróidh CCInna taithí shimplí, iontaofa agus inrochtana go héasca d’infheisteoirí miondíola, lena n‑áirítear trí chomhéadain dhigiteacha sholáimhsithe agus trí sheirbhís ardcháilíochta do chustaiméirí. Le comhar tionscail maidir le comhéadain dhigiteacha sholáimhsithe den sórt sin a chur ar bun, is féidir glacadh na gcomhéadan sin ag infheisteoirí a éascú agus costais fhoriomlána don tionscal a laghdú. Cé gur bealach éifeachtach é réitigh dhigiteacha chun rochtain ar CCInna a éascú, ba cheart roghanna as líne le haghaidh CCInna a bheith ar fáil freisin i gcás inarb indéanta chun cuimsitheacht agus inrochtaineacht a áirithiú do chách.
(21)I gcás go leor daoine, is féidir leis an gcastacht maidir le comhlíonadh cánach a bhaineann le hioncam infheistíochta iad a dhíspreagadh ó infheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil. Agus cánacha ar shócmhainní a shealbhaítear in CCInna á socrú, ba cheart daoine a bheith in ann córais chánach atá simplí, éasca agus, a mhéid is féidir, uathoibrithe a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis chánach náisiúnta brath ar sholáthraithe CCI chun cáin a bhailiú agus/nó faisnéis a sholáthar maidir le hinfheistíochtaí CCI chun an chastacht a bhaineann le comhlíonadh cánach do shealbhóirí cuntas den sórt sin a íoslaghdú. Chun iomaíocht trasteorann idir soláthraithe a chur chun cinn, ba cheart do gach Ballstát é a chur ar a gcumas do sholáthraithe CCI ó Bhallstáit eile na nósanna imeachta céanna um chomhlíonadh cánach a leanúint agus a leanann soláthraithe atá údaraithe ar bhonn intíre, lena n‑áirítear i gcás inarb ábhartha, cánacha ábhartha a bhaineann le CCI a bhailiú agus a shocrú thar ceann a gcustaiméirí.
(22)Trí dhreasacht chánach a thairiscint d’infheisteoirí miondíola agus trí nósanna imeachta simplí um chomhlíonadh cánach a bheith acu le haghaidh infheistíochtaí a shealbhaítear in CCI, is féidir feabhas a chur ar ghlacadh agus léiríodh gur príomhghnéithe iad de chreataí rathúla CCI sna Ballstáit agus i dtríú tíortha. Moltar do na Ballstáit cóireáil cánach bhuntáisteach a thabhairt do CCInna, a bheadh coibhéiseach ar a laghad leis an gcóireáil cánach is fabhraí atá ar fáil faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin a thugtar d’ioncam ó aon aicme sócmhainní nó a thugtar do tháirge nó do chuntas infheistíochta. Más mian leis na Ballstáit dreasachtaí cánach a thabhairt isteach chun glacadh CCInna a chur chun cinn, féadfaidh siad breithniú a dhéanamh ar liúntais chánach, díolúintí ó cháin, bearta iarchurtha cánach, rátaí cánach aonfhoirmeacha, nó teaglaim de bhearta den sórt sin a thabhairt isteach. D’fhéadfadh scéimeanna liúntais cánach cuidiú le glacadh tosaigh CCInna a dhreasú. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leo méid a cheadú atá le hasbhaint ó ioncam inchánach nuair a osclaítear cuntas, amhail méid a asbhaint ó ioncam inchánach sa chéad bhliain fhioscach inar osclaíodh CCI amháin nó níos mó. D’fhéadfadh díolúine ó chánachas ar an ioncam a ghintear leis na sócmhainní a shealbhaítear in CCI a bheith i gceist le scéim díolúine ó cháin. D’fhágfadh iarchur cánach go bhféadfaí an teagmhas cánachais a chur siar go dtí go dtarraingeofar na sócmhainní siar ó CCI.
(23)Moltar go láidir do na Ballstáit dreasachtaí cánach den sórt sin a dhearadh agus aird chuí á tabhairt ar chuspóirí CCInna maidir le hinfheistíocht mhiondíola a éascú, chomh maith leis na príomhphrionsabail is bonn le húsáid bhreithiúnach chostéifeachtach dreasachtaí cánach laistigh de chóras cánach atá fónta agus éifeachtúil. Cé gur féidir le dreasachtaí cánach glacadh CCInna a spreagadh agus gur féidir leo an nasc le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a mheas freisin, gan srian a chur ar an gcumas raon leathan agus éagsúlaithe d’ionstraimí airgeadais incháilithe a bheith in CCI, tá sé tábhachtach cothroime chánach a áirithiú agus gan seachaint cánach ná imghabháil cánach a éascú. Aon dreasachtaí cánach a thugtar isteach chun glacadh CCInna a spreagadh, ba cheart dóibh cloí leis an bprionsabal gur cheart dreasachtaí cánach a bheith spriocdhírithe go maith agus simplí d’infheisteoirí miondíola, do sholáthraithe CCI agus do riaracháin chánach chun tuiscint a fháil ar na dreasachtaí cánach agus iad a chur i bhfeidhm. Agus an cuspóir maidir le margadh inmheánach oscailte agus cuimsitheach a chaomhnú á chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh na dreasachtaí sin ailínithe go hiomlán le saorghluaiseacht chaipitil agus le ceanglais eile a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais. Go háirithe, níor cheart do bhearta den sórt sin idirdhealú a dhéanamh idir gnólachtaí atá bunaithe sa mhargadh aonair agus ba cheart iad a cheapadh ar bhealach nach gcuireann bac ar dháileadh trasteorann ná ar mhéadú táirgí infheistíochta san Aontas.
(24)D’fhéadfadh na Ballstáit tacú le glacadh CCInna le bearta neamhchánach, lena n‑áirítear dreasachtaí airgeadaíochta amhail íocaíochtaí cnapshuime go díreach isteach iontu, nuair a osclaítear iad nó mar chomhlánú ar chistí arna n‑infheistiú ag an sealbhóir cuntais.
(25)Is é is dóichí go mbeadh gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe, torthaí níos airde agus bonn cánach méadaithe ar na torthaí infheistíochta mar thoradh ar leibhéil níos airde infheistíochta, rud a d’fhéadfadh costas cánach nó dreasachtaí airgeadaíochta eile a mhaolú san fhadtéarma. Dá mbeadh CCInna ann chun infheistíocht a chur ar bhonn foirmiúil, mhéadófaí freisin inrianaitheacht teagmhas inchánach a bhaineann le hinfheistíochtaí, rud a thacódh le comhlíontacht níos airde agus a mhaolódh aon bhearna chánach atá ann cheana a bhaineann le hioncam infheistíochta infheisteoirí miondíola.
(26)Tá aon bheart a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme de bhun an mholta seo gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(27)Is iad na Ballstáit atá freagrach as forbairt CCInna, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh córais faireacháin leordhóthanacha i bhfeidhm chun a bhforbairt a leanúint. Ba cheart a áireamh san fhaireachán sin, a dhéanfar mar chuid den phróiseas faireacháin ábhartha a bhaineann leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta agus den Seimeastar Eorpach, comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit agus rianú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil creataí CCI forbartha agus curtha chun feidhme ag na Ballstáit agus ag an tionscal.
(28)Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi bhearta arna ndéanamh chun an moladh seo a chomhlíonadh agus faoi ghlacadh iarbhír CCInna. Tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar éifeachtacht na ndreasachtaí cánach agus cé acu atá nó nach bhfuil tionchar dearfach ag na dreasachtaí sin ar gheilleagar an Aontais freisin. Cuirfidh na bearta sin ar a chumas don Choimisiúin creataí CCI na mBallstát a rianú go tráthrialta, agus dlúthfhaireachán á dhéanamh aige ar an dul chun cinn a dhéantar faoin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta le haghaidh Athbhreithniú Meántéarma an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta.
(29)Tá sé ríthábhachtach feasacht a ardú maidir le CCInna, lena n‑áirítear a bhfeidhmiúlacht agus a n‑inrochtaineacht, chun a nglacadh a spreagadh. Ba cheart feachtais feasachta, arna reáchtáil ag na Ballstáit agus ag an tionscal, ar féidir iad a chomhtháthú i bhfeachtais litearthachta airgeadais agus infheistíochta níos leithne, a bheith ag gabháil le leathadh amach CCInna. Leis na feachtais sin, ba cheart díriú freisin ar choigilt agus infheistíocht ó aois óg a spreagadh trí na deiseanna a chur i láthair san fhadtéarma agus a bheith soiléir faoi na rioscaí an tráth céanna.
(30)Aithnítear sa mholadh seo tionscnaimh atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát chun lipéad a chruthú le haghaidh táirge coigiltis Eorpach chun tacú le maoiniú gheilleagar na hEorpa. Thairis sin, níl sé i gceist aige cur isteach ar CCInna rathúla atá ann cheana a mhéadaigh rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola i margaí caipitil agus a d’éascaigh a gcruthú rachmais ná cur as dóibh.
(31)Glactar an moladh seo ar bhonn Airteagal 292 CFAE. Ní mór ábharthacht agus éifeacht an mholta maidir le LEE a chinneadh ar bhonn Chomhaontú LEE.
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Baineann an moladh seo le creataí CCI a bheith á mbunú ag na Ballstáit chun rannpháirtíocht níos mó infheisteoirí miondíola i margaí caipitil a chur chun cinn, agus saintréithe na gcuntas sin.
Airteagal 2
Cruthú CCInna
(1)Ba cheart do na Ballstáit creataí CCI a bhunú.
(2)Agus a gcreataí CCI á bhforbairt acu, moltar do na Ballstáit na saintréithe a leagtar amach sa mholadh seo a thabhairt dóibh.
(3)Mura bhfuil siad ailínithe leis an moladh seo cheana féin, moltar do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí CCI atá ann cheana, agus na saintréithe a leagtar amach sa mholadh seo á gcur san áireamh.
(4)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhforchuirfear aon íosmhéid chun CCI a oscailt nó le haghaidh íocaíochtaí rialta isteach ann.
(5)Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt d’infheisteoirí CCInna iomadúla a oscailt, lena n‑áirítear le soláthraithe éagsúla.
Airteagal 3
Soláthar CCInna
(1)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú maidir leis na soláthraithe seirbhísí airgeadais uile atá údaraithe faoi reachtaíocht an Aontais chun na seirbhísí ábhartha a thairiscint atá beartaithe acu a sholáthar i ndáil le CCI, amhail orduithe a ghlacadh agus a tharchur, orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant agus ionstraimí airgeadais a choimeád slán agus a riar, bainistiú punainne agus comhairle infheistíochta, ba cheart a cheadú dóibh CCI a thairiscint do dhaoine aonair a bhfuil cónaí orthu laistigh dá gcríocha, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí airgeadais sin údaraithe.
(2)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gceanglófar ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais arna n‑údarú agus arna maoirsiú ag údaráis inniúla Ballstáit eile agus arna n‑údarú ag na húdaráis sin chun na seirbhísí airgeadais dá dtagraítear faoi mhír 1 a sholáthar nó a dhéanamh, laistigh dá gcríocha, aon cheanglas breise a chomhlíonadh agus na seirbhísí sin á dtairiscint acu mar aon le soláthar CCI agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil siad in ann an CCI a thairiscint faoi na coinníollacha céanna le soláthraithe atá bunaithe ar a gcríocha.
(3)Mura gceanglaítear go sonrach faoi reachtaíocht an Aontais, níor cheart a cheangal ar shealbhóirí CCInna comhairle airgeadais a fháil agus infheistíocht á déanamh acu trí CCI.
(4)Ba cheart do na Ballstáit aistriú ionstraimí airgeadais aonair nó an phunann iomlán ó sholáthraí CCI amháin go soláthraí eile a chumasú, ar choinníoll gur féidir leis an soláthraí CCI is faighteoir cumhdach agus riar na n‑ionstraimí airgeadais atá á n‑aistriú a sholáthar agus na rialacha maidir le comhlíonadh cánach a éascú dá dtagraítear in Airteagal 7 a leanúint.
Airteagal 4
Costais a bhaineann le CCInna
(1)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na costais agus na táillí a d’fhéadfadh a bheith ann chun CCI a oscailt agus a oibriú cothrom, comhréireach, trédhearcach agus éasca le tuiscint.
(2)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na costais a bhaineann le sócmhainní a aistriú chuig CCI eile mar a luaitear in Airteagal 3(4), bíodh siad á dtairiscint ag an soláthraí céanna nó ag soláthraí eile, teoranta do chostais riaracháin. Ba cheart na costais sin a mhuirearú ar leibhéal comhréireach agus ba cheart iad a lua go soiléir i dtéarmaí agus coinníollacha CCI.
(3)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthófar teagmhas inchánach chun críoch cánach ioncaim le haistriú punainne infheisteora miondíola ó sholáthraí CCI amháin chuig soláthraí CCI eile, bídís ag feidhmiú go náisiúnta nó thar theorainneacha, ná nach gcuirfear in aghaidh sochair chánach atá ann cheana leis an aistriú sin. Tá an méid sin gan dochar do Chonarthaí cánach déthaobhacha, agus do chearta cánach na mBallstát i gcás ina n‑athraítear an áit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an infheisteoir miondíola.
Airteagal 5
Raon feidhme na sócmhainní in CCInna
(1)Gan dochar d’aon cheanglas faoi Threoir 2014/65/AE (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais II), go háirithe na ceanglais sin a bhaineann le hoiriúnacht agus leis an measúnú oiriúnachta atá le déanamh ag gnólachtaí infheistíochta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthróidh CCInna rochtain, ar a laghad, ar na hionstraimí airgeadais seo a leanas: scaireanna, bannaí agus scaireanna nó aonaid in GCUI. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh raon feidhme CCInna a leathnú chuig ionstraimí airgeadais eile ar choinníoll go bhfuil siad leordhóthanach d’infheisteoirí miondíola.
(2)Ba cheart do na Ballstáit ionstraimí airgeadais a bhfuil ardriosca ag baint leo agus atá casta a eisiamh ó raon feidhme CCInna, amhail díorthaigh a bhfuil ardriosca ag baint leo agus díorthaigh chasta, agus cripteashócmhainní seachas na cinn sin a cháilíonn mar ionstraim airgeadais atá incháilithe lena sealbhú in CCI.
(3)I measc infheistíochtaí incháilithe, ba cheart do na Ballstáit soláthraithe a spreagadh chun an réimse is leithne is féidir de roghanna infheistíochta atá ar fáil ar an margadh a thairiscint, ionas gur féidir le hinfheisteoirí miondíola a bpunanna a éagsúlú idir aicmí sócmhainní, limistéir gheografacha, eisitheoirí, bainisteoirí sócmhainní, monaróirí ionstraimí airgeadais, agus próifílí riosca. Ba cheart do na Ballstáit soláthraithe a spreagadh go láidir chun roghanna infheistíochta a áireamh lena gceadaítear d’infheisteoirí miondíola a n‑infheistíochtaí a dhíriú isteach i ngeilleagar an Aontais chun rannchuidiú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, lena n‑áirítear an t‑aistriú digiteach, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú sóisialta, agus neartú shlándáil agus chosaint an Aontais.
Airteagal 6
Simplíocht agus trédhearcacht CCInna
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthraíonn CCInna taithí shimplí, iontaofa, shlán agus inrochtana d’infheisteoirí miondíola – ar líne agus as líne. Ba cheart prionsabail na simplíochta, na hiontaofachta, na slándála agus na hinrochtaineachta a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na gcomhéadan úsáideora uile.
Airteagal 7
Comhlíonadh cánach éascaithe
(1)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis chuimsitheach maidir le cóireáil cánach na sócmhainní a shealbhaítear in CCInna ar fáil ar bhealach atá inrochtana go héasca agus intuigthe d’infheisteoirí miondíola agus do sholáthraithe seirbhísí airgeadais a bhfuil sé beartaithe acu CCInna a chur ar fáil.
(2)Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta simplí agus éasca um chomhlíonadh cánach a áirithiú do shealbhóirí cuntais CCI maidir le hioncam inchánach a bhaineann le sócmhainní a shealbhaítear in CCI amháin nó níos mó trí chreat a chur i bhfeidhm lena gcuirfear ar a gcumas do sholáthraithe CCI seirbhísí a thairiscint lena gcuimsítear an méid seo a leanas:
(a)cáin a bhailiú thar ceann shealbhóir cuntais CCI; agus/nó
(b)na sonraí ábhartha uile a chomhroinnt le húdarás cánach an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar shealbhóir cuntais CCI ionas gur féidir iad a úsáid chun tuairisceán cánach an tsealbhóra cuntais atá i gceist a réamhlíonadh.
(3)Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do sholáthraithe CCI atá údaraithe agus maoirsithe in aon Bhallstát eile chun na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar d’aon infheisteoir miondíola i ndáil leis an gcreat CCI ina ndlínse faoi na coinníollacha céanna leis na soláthraithe atá bunaithe ina gcríocha.
Airteagal 8
Cóireáil cánach thairbhiúil
(1)Chun glacadh CCInna a spreagadh, moltar do na Ballstáit dreasachtaí cánach a thabhairt isteach agus a áirithiú go dtabharfar ar a laghad an chóireáil cánach is fabhraí atá ar fáil do CCInna agus do shócmhainní a shealbhaítear in CCInna, ar cóireáil í a thugtar d’ioncam ó aon aicme sócmhainní nó a thugtar do tháirge nó do chuntas infheistíochta.
(2)Gan dochar don mhéid thuas, féadfaidh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar CCInna a dhreasú trí bhearta amhail an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
(a)asbhaintí ón mbonn inchánach, lena n‑áirítear cead a thabhairt méid arna infheistiú in CCI a asbhaint ón ioncam inchánach;
(b)díolúintí ó cháin, lena n‑áirítear díolúine ó cháin a sholáthar ar an ioncam inchánach a ghintear leis na sócmhainní in CCI;
(c)iarchur cánach, lena n‑áirítear cánachas an ioncaim a ghintear trí CCI a chur siar go dtí go dtarraingeofar siar é ó CCI; nó
(d)ráta cánach aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar an ioncam a ghintear le SIA nó ar luach na sócmhainní a shealbhaítear in CCI.
Airteagal 9
Cur Chun Feidhme agus Tuairisciú
(1)Moltar do na Ballstáit meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a rinneadh chun an moladh seo a chur chun feidhme maidir le cruthú rachmais a mhéadú agus tacú le geilleagar na hEorpa a mhaoiniú. Iarrtar orthu faireachán a dhéanamh ar ghlacadh, ar shócmhainní arna n‑infheistiú agus ar thionchar buiséid a bhaineann le haon dreasacht chánach chun éifeachtacht na tacaíochta a thomhas.
(2)Chun dlús a chur le cruthú margaidh aonair le haghaidh CCInna, chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus chun iad a chur i gcomhréir níos mó le chéile, moltar do na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú maidir le dearadh CCInna, lena n‑áirítear cánachas ar ioncam ar choigilteas agus ar infheistíochtaí, chun ailíniú a dhéanamh a mhéid is féidir ar a gcritéir náisiúnta maidir le dreasachtaí cánach a dheonú agus inaistritheacht cuntas nó táirgí den sórt sin ar fud na mBallstát a éascú, lena n‑áirítear trí bhearta a thabhairt isteach chun cánachas dúbailte a sheachaint.
(3)Ba cheart do na Ballstáit tuairisc rialta a thabhairt ar na bearta a dhéantar chun an moladh seo a chur chun feidhme trí na próisis faireacháin a bhaineann leis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, agus i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Mheántéarma ar straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, a fhoilseofar in 2027.
(4)Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar chur chun feidhme an mholta trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.
Airteagal 10
Ardú Feasachta
Ba cheart do na Ballstáit feachtais feasachta a dhéanamh chun an pobal a chur ar an eolas faoi na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht agus le húsáid CCInna. D’fhéadfadh na feachtais sin a bheith nasctha le tionscnaimh litearthachta airgeadais níos leithne, nó a bheith mar chuid díobh.
Airteagal 11
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30.9.2025
Thar ceann an Choimisiúin
Maria Luís Albuquerque
Comhalta den Choimisiún