MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leis an Treoir Tharmligthe seo ón gCoimisiún, leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (‘an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha’) a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh luaidhe mar dhúil chóimhiotalaithe i gcruach, alúmanam agus copar.
Le hAirteagal 4 den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, cuirtear srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL). Faoi láthair, tá srian ar 10 substaint agus liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir: luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinilí polabróimínithe (PBBanna), éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (PBDEnna), taláit bhis(2‑eitilheicsil) (DEHP), taláit bhúitilbeinsile (BBP), taláit débhúitile (DBP) agus taláit dé-iseabúitile (DIBP).
Liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ábhair agus comhpháirteanna TLL le haghaidh feidhmeanna sonracha atá díolmhaithe ó na srianta ar shubstaintí in Airteagal 4(1) den Treoir. Le hAirteagal 5, ceadaítear Iarscríbhinní III agus IV a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil (maidir le díolúintí a dheonú, a athnuachan agus a chúlghairm). Faoi Airteagal 5(1)(a), níl díolúintí le cur in Iarscríbhinní III agus IV ach amháin mura lagóidh sé sin an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘Rialachán REACH’) agus má chomhlíontar aon cheann de na trí choinníoll seo a leanas:
·má tá an díothú nó an t‑ionadú dodhéanta go heolaíoch nó go teicniúil trí athruithe ar an dearadh, nó trí ábhair agus chomhpháirteanna nach bhfuil aon cheann de na hábhair ná substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II ag teastáil lena n‑aghaidh;
·mura n‑áirithítear iontaofacht na n‑ionadach;
·más dócha gur mó tionchair dhiúltacha iomlána an ionadaithe don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra ná na tairbhí iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra.
Ní mór infhaighteacht na n‑ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe a chur san áireamh sna cinntí maidir le díolúintí, agus fad na ndíolúintí sin. Ní mór aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an nuálaíocht a chur san áireamh sna cinntí maidir le fad na ndíolúintí. Ní mór feidhm a bheith ag an smaointeoireacht saolré ar thionchar foriomlán na díolúine, i gcás inarb ábhartha.
Aicmítear TLL atá faoi réir na Treorach maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha i gcomhréir leis an gcatagóiriú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
Le hAirteagal 5(1) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ceadaítear don Choimisiún ábhair agus comhpháirteanna TLL le haghaidh feidhmeanna sonracha a chur sna liostaí in Iarscríbhinní III agus IV trí bhíthin gníomhartha tarmligthe aonair de bhun Airteagal 20. Le hAirteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V, leagtar síos an nós imeachta chun iarratais ar dhíolúine a chur isteach.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Faigheann an Coimisiún iarrataí ó ghnólachtaí ar dhíolúintí a dheonú nó a athnuachan de bhun Airteagal 5(3) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
Liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir trí phríomhphointe le haghaidh luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach, pointe 6(a), alúmanam, pointe 6(b) agus copar, pointe 6(c), a cumhdaíodh ar dtús le pointe amháin. Bunaithe ar thorthaí na n‑athbhreithnithe is déanaí, leathnaíodh na pointí sin chun na hiontrálacha a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus chun fo-iontrálacha sonracha breise a chruthú.
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach
Áiríodh an díolúine i bpointe 6(a)-I in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/739 ón gCoimisiún. Aistríodh Catagóirí 1 go 7 agus 10 a bhí le hathbhreithniú chuig an bpointe nua sin. Is é an 21 Iúil 2021 dáta éaga na díolúine i bpointe 6(a)-I. Baineann díolúine i bpointe 6(a)-I le luaidhe a úsáid mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críocha meaisínithe agus i gcruach ghalbhánaithe. I gcomparáid leis an díolúine a bhí ann roimhe seo i bpointe 6(a), a bhí fós bailí le haghaidh catagóirí áirithe TLL, laghdaíodh an tiúchan tairsí níos ísle luaidhe i gcruach ghalbhánaithe go 0,2 % luaidhe de réir meáchain.
Go sonrach, is é an 21 Iúil 2023 dáta éaga phointe 6(a) le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro de chatagóir 8, an 21 Iúil 2024 le haghaidh uirlisí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha de chatagóir 9 chomh maith le catagóir 11 ‘TLL eile nach gcumhdaítear le haon cheann de na catagóirí eile’ (TLL eile).
An 17 Eanáir 2020 agus an 20 Eanáir 2020, laistigh den tréimhse athnuachana a leagtar amach in Airteagal 5(5) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun an díolúine i bpointí 6(a) agus 6(a)-I a athnuachan. An 20 Eanáir 2023, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun an díolúine i bpointe 6(a) maidir le catagóir 9 IMCI agus 11 TLL eile a athnuachan.
De bhun Airteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, leanfaidh na díolúintí atá ann cheana de bheith bailí go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan.
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam
Áiríodh an díolúine i bpointí 6(b)-I agus 6(b)-II in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/740 ón gCoimisiún. Baineann an díolúine a bhí ann roimhe seo i bpointe 6(b) le húsáid luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam ina bhfuil suas le 0,4 % luaidhe de réir meáchain agus, cosúil leis an díolúine i bpointe 6(a), tá sí fós ábhartha do chatagóirí sonracha TLL. Mar sin féin, aistríodh formhór na gcatagóirí TLL chuig na fodhíolúintí comharba i bpointí 6(b)-I agus 6(b)-II. Sonraítear sa dá dhíolúine sin raon feidhme na díolúine roimhe sin i bpointe 6(b) in dhá fheidhm: cumhdaítear leis an díolúine i bpointe 6(b)-I alúmanam luaidhe, ar choinníoll go n‑eascraíonn sé as athchúrsáil dramh-alúmanaim ina bhfuil luaidhe, agus cumhdaítear leis an díolúine i bpointe 6(b)-II alúmanam luaidhe chun críoch meaisínithe.
Is é an 21 Iúil 2021 dáta éaga phointe 6(b) i gcás chatagóirí 8 agus 9, seachas feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha. Tá dáta éaga ag na foghrúpaí sin an 21 Iúil 2023 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IVD) de chatagóir 8 agus an 21 Iúil 2024 maidir le hionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha de chatagóir 9. Rachaidh catagóir 11 ‘TLL eile nach gcumhdaítear le haon cheann de na catagóirí eile’ (TLL eile) in éag an 21 Iúil 2024 freisin.
Is é an 21 Iúil 2021 dáta éaga na díolúine i bpointe 6(b)-I agus is é an 18 Bealtaine 2021 dáta éaga phointe 6(b)-II, is infheidhme maidir le catagóirí 1 go 7 agus 10.
An 2 Nollaig 2019 agus an 17 Eanáir 2020, laistigh den tréimhse athnuachana a leagtar síos in Airteagal 5(5) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun raon feidhme agus fad na ndíolúintí sin a athnuachan. An 20 Eanáir 2023, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun an díolúine i bpointe 6(b) maidir le catagóirí 9 IMCI agus 11 TLL eile a athnuachan.
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcopar
Baineann an díolúine i bpointe 6(c) d’Iarscríbhinn III le luaidhe i gcóimhiotail chopair agus rinneadh í a athnuachan le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/741. Níor athraíodh an díolúine ón gcéad Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha 2002/95/CE.
Cumhdaítear gach catagóir TLL leis an díolúine. Is é an 21 Iúil 2021 dáta éaga na díolúine i bpointe 6(c) le haghaidh chatagóirí 1 go 7, 8 agus 9, seachas feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha, agus 10. Is é an 21 Iúil 2023 dáta éaga na díolúine i bpointe 6(c) le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro de chatagóir 8 agus an 21 Iúil 2024 le haghaidh ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha de chatagóir 9 chomh maith le catagóir 11 ‘TLL eile nach gcumhdaítear le haon cheann de na catagóirí eile’ (TLL eile).
An 15 Eanáir 2020 agus an 16 Eanáir 2020, laistigh den tréimhse athnuachana a leagtar síos in Airteagal 5(5) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun an díolúine i bpointe 6(c) a athnuachan.
Measúnú teicniúil
I mí Dheireadh Fómhair 2020, sheol an Coimisiún staidéar, a tugadh i gcrích i mí Feabhra 2022, chun an measúnú teicniúil agus eolaíoch is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear comhairliúchán poiblí deich seachtaine le páirtithe leasmhara. Cuireadh na tuairimí go léir san áireamh. Cuireadh an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
·Cuireadh 10 rannchuidiú shonracha isteach le haghaidh na díolúine i bpointe 6(a) agus cuireadh go leor aighneachtaí ginearálta isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí.
·Cuireadh 7 rannchuidiú shonracha isteach le haghaidh na díolúine i bpointe 6(b)-I, 12 rannchuidiú shonracha le haghaidh na díolúine i bpointe 6(b)-II agus roinnt aighneachtaí ginearálta le linn an chomhairliúcháin phoiblí.
·Cuireadh 12 aighneacht shonracha isteach le haghaidh na díolúine i bpointe 6(c) agus cuireadh go leor aighneachtaí ginearálta isteach le linn an fhoilseacháin.
·Chun meastóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis shonrach maidir leis an gcatagóir nua ó na hiarratais a fuarthas in 2023, sheol an Coimisiún staidéar i mí Lúnasa 2023, a tugadh i gcrích i mí Aibreáin 2024. Bhí comhairliúchán poiblí ocht seachtaine leis na páirtithe leasmhara sa mheasúnú teicniúil, agus cuireadh na barúlacha uile san áireamh. Cuireadh an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
·Fuarthas 8 rannchuidiú le haghaidh na díolúine i bpointe 6(a).
·Fuarthas 13 aighneacht le haghaidh na díolúine i bpointe 6(b).
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach – conclúidí teicniúla
Sna tuarascálacha measúnachta teicniúla agus eolaíche cuireadh an méid seo a leanas i dtábhacht:
·úsáidtear luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críocha meaisínithe chun feidhmíocht meaisínithe, cobhsaíocht agus dromchla réidh an ábhair a mhéadú;
·i gcásanna áirithe, is féidir go teicniúil ionadú a fháil ar luaidhe. Mar sin féin, ní fhéadfaí é sin a shonrú a thuilleadh le linn na measúnuithe teicniúla agus ar an iomlán, is ar éigean a rinneadh aon dul chun cinn maidir le luaidhe i gcruach a ionadú chun críoch meaisínithe ó rinneadh an t‑athbhreithniú in 2015. Is mó na tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an díolúine a chúlghairm chun críoch meaisínithe ná na tairbhí a bhaineann le luaidhe a ionadú, go háirithe má tá feidhm ag dáta éaga gearrthéarmach;
·chun tuilleadh ama a thabhairt chun fianaise shubstaintiúil a sholáthar maidir le stádas teicniúil an ionadaithe agus chun tionchair dhiúltacha ar an margadh a sheachaint, is iomchuí díolúine ghearrthéarmach a dheonú;
·d’fhéadfadh luaidhe a bheith i gcruach‑ghalbhánaithe theothumtha bhaisce. Úsáidtear sinc leachtach sa phróiseas galbhánaithe chun bratú since cosanta a tháirgeadh ar tháirgí cruach. Is féidir luaidhe a bheith ann mar eisíontas sa tsinc úsáidte a thagann ó shinc thánaisteach nó ó thiúchan iarmharach luaidhe baisceanna a bhí ann roimhe sin. I gcásanna eile, áirithíonn luaidhe a chuirtear isteach d’aon ghnó ardcháilíocht an bhrataithe, go háirithe i gcás feidhmeanna a bhfuil mionsonraí beaga ag baint leo. De réir mar a dhéanann roinnt luaidhe imirce go cruach, tá méid beag luaidhe sa chruach a tháirgtear;
·tá an tiúchan tairsí luaidhe atá ann faoi láthair (0,2 % luaidhe de réir meáchain) is infheidhme maidir le comhpháirteanna cruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce fós iomchuí agus infheidhme;
·tá úsáid since tánaistí tairbheach don chomhshaol i gcomparáid le sinc phríomhúil a úsáid. Is mó tionchair dhiúltacha a bhaineann le hathúsáid na díolúine le haghaidh cruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce ná na tairbhí a bhaineann le luaidhe a ionadú. Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a dheonú;
·sa dá chás, úsáidtear an chruach a chumhdaítear leis na díolúintí i raon éagsúil feidhmeanna deiridh. Níor cuireadh aon argóint theicniúil fhónta ar fáil chun údar a thabhairt leis an raon feidhme nó an tréimhse bhailíochta a athrú le haghaidh catagóirí éagsúla TLL.
·Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam – conclúidí teicniúla
Sna tuarascálacha measúnachta teicniúla agus eolaíche cuireadh an méid seo a leanas i dtábhacht:
·d’fhéadfadh luaidhe a bheith i láthair go neamhbheartaithe i bhfuíoll alúmanaim athchúrsáilte. Is amhlaidh atá i gcás cóimhiotail teilgin, a leáitear i bhfoirnéis agus a theilgtear i múnla;
·níl aon bhuntáistí móra comhshaoil ag baint le luaidhe a chur in ionad cóimhiotail alúmanaim, i gcás ina n‑eascraíonn an luaidhe as fuíoll alúmanaim, ná ní fhéadfaí í a bhaint amach go comhréireach ar scála mór tionsclaíoch. Ciallaíonn sé sin nach bhféadfaí alúmanam príomhúil i gcóimhiotail theilgthe a ionadú nó a chaolú le halúmanam tánaisteach i ngach réimse feidhmeanna, i bpáirt mar gheall go bhfuil gá le tomhaltas fuinnimh níos airde;
·meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcion luaidhe i bhfuíoll alúmanaim le himeacht ama. Tá gá le ham breise chun iontaofacht cóimhiotal alúmanaim luaidhe níos ísle sa tionscal a áirithiú;
·chun raon feidhme na díolúine a shoiléiriú, ba cheart an fhoclaíocht a shonrú maidir le cóimhiotail teilgin alúmanaim ó athchúrsáil fuíoll alúmanaim ina bhfuil luaidhe;
·ba cheart an luach uasta tairsí le haghaidh luaidhe i gcóimhiotail teilgin alúmanaim a laghdú go 0,3 % de réir meáchain mar gheall ar dhul chun cinn teicniúil agus laghdú ar thiúchan luaidhe i bhfuíoll alúmanaim;
·úsáidtear luaidhe freisin mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam chun críoch meaisínithe chun feabhas a chur ar inmheaisínitheacht trí ghníomhú mar bhealach;
·is ann d’ionadaigh iontaofa le haghaidh luaidhe in alúmanam chun críoch meaisínithe ar an margadh i gcás fhormhór na gcatagóirí TLL. Tá go leor feidhmeanna curtha in ionad luaidhe in alúmanam chun críocha meaisínithe. Bhí an t‑aistriú chuig alúmanam saor ó luaidhe le feiceáil cheana féin san athbhreithniú deireanach ar an díolúine a rinneadh in 2016;
·le linn an phróisis meastóireachta dheireanaigh, bhí feidhm amháin ann, nach raibh ionadú iontaofa ar fáil ina leith go fóill: comhlaí gáis le haghaidh rialú agus rialáil gáis i bhfearais tí gáis.
·tá coinne leis go dtabharfar chun críche ábhar ionaid le haghaidh na feidhme sin i gcás comhlaí gáis ag deireadh 2024. Tar éis idirthréimhse 18 mí le haghaidh na díolúine atá ann cheana i bpointe 6(b)-II, ní bheidh gá a thuilleadh le díolúine nua le haghaidh luaidhe i bhfeidhmeanna sonracha den sórt sin;
·maidir le catagóirí 9 ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha, agus catagóir 11 TLL eile, tugtar le fios le sonraí go bhfuil gá le hathdhearadh agus, i gcásanna áirithe ar a laghad, le hathcháiliú TLL chun cóimhiotail alúmanaim saor ó luaidhe a úsáid le haghaidh meaisínithe agus chun cóimhiotail alúmanaim ina bhfuil cion luaidhe laghdaithe ó 0,4 % go 0,3 % a úsáid.
·Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcopar – conclúidí teicniúla
Sna tuarascálacha measúnachta teicniúla agus eolaíche cuireadh an méid seo a leanas i dtábhacht:
·tá airíonna speisialta ag cóimhiotail chopair ina bhfuil luaidhe i dtéarmaí seoltachta, maolaithe, creimthe nó bealaidh. Dá bhrí sin, is féidir úsáid cóimhiotal copair luaidhe a bheith bunaithe ar fheidhmeanna leictreacha agus/nó meicniúla in TLL;
·maidir le comhpháirteanna leictreacha, úsáidtear cóimhiotail chopair luaidhe den chuid is mó mar sheoltóirí i ngach cineál nasc in iarratais iomadúla. Maidir le comhpháirteanna a úsáideann cóimhiotail chopair luaidhe bunaithe ar airíonna meicniúla, tá cóimhiotail chopair-since saor ó luaidhe ann ach teastaíonn oiriúnuithe sa phróiseas meaisínithe ó na roghanna malartacha sin, a dteastaíonn níos mó ama uathu;
·cé go bhféadfaí comhpháirteanna a bhfuil geoiméadrachtaí simplí acu a ionadú sna blianta amach romhainn, tá srianta ar ionadú a chuireann teorainn lena infheidhmeacht maidir le feidhmeanna áirithe agus nach bhféadfaí críochú soiléir na n‑iarratas a aimsiú;
·d’ainneoin ionadú aonair, thángthas ar an gconclúid nach raibh an t‑am ceart chun an raon feidhme a chúngú ná chun an t‑uasluach tiúchana le haghaidh luaidhe i gcóimhiotail chopair a laghdú agus go bhféadfadh tionchair shuntasacha a bheith ag baint leis sin;
·úsáidtear an copar ina bhfuil luaidhe i raon éagsúil feidhmeanna deiridh agus níor cuireadh aon argóint fhónta ar fáil chun údar a thabhairt le raonta feidhme nó tréimhsí bailíochta éagsúla ag brath ar an gcatagóir TLL. Ba cheart dáta éaga amháin a shocrú do gach catagóir TLL;
·cé go moltar an díolúine a athnuachan, ba cheart fianaise a bhaineann go sonrach le cur i bhfeidhm a sholáthar agus, más iomchuí, ba cheart raon feidhme na díolúine a chúngú sa chéad athbhreithniú eile, mar gheall ar dhul chun cinn san obair chun luaidhe i gcóimhiotail chopair a ionadú.
Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán
Ba cheart leibhéal comhchosúil cosanta a thabhairt i gcás ina n‑eisiatar raon feidhme na Treorach maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ó na srianta a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán.
De bhun phointe 7 den srian i bpointe 63 in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, tá srian ar luaidhe in earraí agus ina gcodanna inrochtana d’fhonn nochtadh leanaí do luaidhe ó earraí a sholáthraítear don phobal i gcoitinne a íoslaghdú. Tá teorainn 0,05 % de réir meáchain le luaidhe sna hearraí sin nó sna páirteanna inrochtana sin dá bhféadfaí na comhpháirteanna a chur i mbéal leanaí. Níl feidhm ag an teorainn i gcás ina bhfuil an ráta scaoilte luaidhe faoi bhun leibhéal áirithe. Tá méid na gcodanna inrochtana níos lú ná 5 cm in aon toise amháin.
De réir phointe 8 de phointe 63 in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, eisiatar raon feidhme na Treorach maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha ón gceanglas srianta sonrach sin. Mar sin féin, de réir Airteagal 5(1), pointe (a), an chéad fhomhír, den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ceanglaítear le cuimsiú ábhar agus comhpháirteanna TLL le haghaidh feidhmeanna sonracha nach lagaítear leis an gcuimsiú sin an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar leis an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán.
Is féidir le feistí TLL nó codanna díobh an luach tairsí a leagtar amach i bpointe 7 de phointe 63 a shárú go mór de bharr díolúintí a dheonú agus atá beartaithe i bpointí 6(a), 6(b) agus 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha. Mar gheall ar na cineálacha éagsúla feidhmeanna, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaidh leanaí comhpháirteanna a chur sa bhéal, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide atá measartha intuartha. Is iomchuí, dá bhrí sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (a), den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha agus le prionsabal an réamhchúraim an fonóta seo a leanas a chur leis an bhfoclaíocht díolúine i bpointí 6(a), 6(b) agus 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha:
·Ní chumhdófar leis an díolúine TLL atá le soláthar don phobal i gcoitinne i gcás ina bhféadfaidh leanaí an TLL nó cuid inrochtana de a chur sa bhéal, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha. Beidh feidhm ag an díolúine, áfach, i gcás inar féidir an méid seo a leanas a léiriú:
·—
nach mó ná 0,05 μg/cm2 in aghaidh na huaire an ráta scaoilte luaidhe ó TLL den sórt sin nó ó aon pháirt inrochtana, bíodh sí brataithe nó neamhbhrataithe (coibhéiseach le 0,05 μg/g/h), agus,
·—
i gcás earraí brataithe, gur leor an bratú chun a áirithiú nach sárófar an ráta scaoilte sin ar feadh 2 bhliain ar a laghad de ghnáthdhálaí úsáide an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó de dhálaí úsáide measartha intuartha TLL.
·Chun críche an fhonóta seo, meastar go bhféadfaidh leanaí TLL nó cuid inrochtana de TLL a chur sa bhéal má tá sé níos lú ná 5 cm in aon toise amháin nó má tá cuid inbhainte nó ag gobadh amach den mhéid sin aige.
Is teorannú ar an raon feidhme é an fonóta ach níl feidhm aige ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha, agus ina soláthraítear airteagal nó codanna inrochtana d’airteagal don phobal i gcoitinne. Dá bhrí sin, tuigtear go mbeidh tionchar imeallach ag an teorannú, go háirithe maidir le TLL a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthéacs gairmiúil.
Comhairliúcháin
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le grúpa saineolaithe na mBallstát maidir le gníomhartha tarmligthe faoin Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha an 11 Deireadh Fómhair 2021 agus an 18 Meán Fómhair 2024. Rinne sé na céimeanna nós imeachta riachtanacha uile a bhaineann le díolúintí ón srian ar shubstaintí de bhun Airteagal 5(3) go (7). Tugadh fógra don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa faoi gach gníomhaíocht sa chomhthéacs sin.
·Ba é an phríomhcháineadh a chuir saineolaithe na mBallstát in iúl an fhaisnéis neamhleor a chuir na hiarratasóirí ar fáil sna measúnuithe teicniúla. Ba cheart d’iarratasóirí a léiriú go soiléir go gcomhlíontar na critéir faoi Airteagal 5(1), pointe (a), agus ba cheart dóibh bunús a thabhairt lena n‑éilimh, seachas sin níor cheart aon díolúine a dheonú. Chuir an Coimisiún an méid sin san áireamh trí fho-iontrálacha agus tréimhsí gearra bailíochta a chruthú, i gcás inar gá. Breithníodh freisin rannchuidithe eile ó roinnt ionadaithe tionscail i bhfabhar status quo na ndíolúintí a choinneáil.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
·Ar choinníoll go gcuirtear fonóta leis na hiontrálacha díolúine faoi seach, léiríonn torthaí na meastóireachta nach lagódh an díolúine an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar leis an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2011/65/AE.
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach
·Déantar an dá fheidhm theicniúla (luaidhe a úsáidtear chun críoch meaisínithe nó luaidhe mar iarmhar i gcruach ghalbhánaithe) a chumhdaítear faoi láthair le díolúintí a leagtar amach i bpointí 6(a) agus 6(a)-I, a roinnt ina dhá fhodhíolúine chun aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do pháirtithe leasmhara agus chun an chéad phróiseas meastóireachta eile a éascú. Dá bhrí sin, deonaítear leis an treoir tharmligthe dhá dhíolúine le haghaidh luaidhe i gcruach, i bpointí 6(a)‑I agus 6(a)‑II.
·Leis an gcéad díolúine i bpointe 6(a)-I, a chuirtear in ionad an phointe roimhe seo, cumhdaítear luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críoch meaisínithe. Cumhdaítear leis an dara díolúine i bpointe nua 6(a)-II luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce. Sa dá chás, comhlíontar an chéad intinn den chritéar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), agus tá díothú nó ionadú dodhéanta go heolaíoch nó go teicniúil i gcás fhormhór na bhfeidhmeanna a thagann faoi na díolúintí.
·Cumhdófar catagóirí 8 agus 9, a chumhdaítear faoi láthair leis an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a), leis an dá fho-iontráil nua i bpointí 6(a)-I agus 6(a)-II. Ós rud é nach bhfuil coinne le haon impleacht shuntasach, rachaidh an díolúine a bhí ann roimhe seo a leagtar amach in 6(a) in éag laistigh de 12 mhí.
·I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ón measúnú teicniúil a rinneadh, ba cheart tréimhse bhailíochta níos giorra a bheith ag na fodhíolúintí nua ná an uastréimhse bhailíochta fhéideartha atá dírithe ar na moltaí teicniúla. Ina theannta sin, mar gheall ar cheisteanna maidir le raon feidhme oscailte agus sonraí neamhiomlána ón tionscal, tá údar maith le spriocdháta gearr chun deis a thabhairt d’iarratasóirí bunús a thabhairt lena n‑éilimh. Ós rud é go bhfuil an dualgas cruthúnais ar iarratasóirí a léiriú go gcomhlíontar ceann de chritéir Airteagal 5(1), pointe (a), ba cheart dóibh sonraí iomlána a chur isteach ag an gcéad mheasúnú eile, nó ní mór don Choimisiún breithniú a dhéanamh gan an díolúine a athnuachan mar gheall ar easpa sonraí atá in easnamh.
·De réir an mheasúnaithe theicniúil, ba cheart don fhodhíolúine nua i bpointe 6(a)-I dul in éag níos luaithe ná an fhodhíolúine i bpointe 6(a)-II. Mar sin féin, ní thugann dáta éaga níos faide mar gheall ar an ard-am údar le dáta éaga níos faide don fho-dhíolúine i bpointe 6(a)-II. I bhfianaise na meastóireachta teicniúla, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh gach catagóire in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam
·Aistrítear an pointe 6(b)-I atá ann faoi láthair lena gcumhdaítear alúmanam a eascraíonn as athchúrsáil dramh-alúmanaim ina bhfuil luaidhe chuig pointe nua 6(b)-III. Sonraíonn an pointe nua an raon feidhme agus socraíonn sé an t‑uastiúchan luaidhe ag 0,3 % de réir meáchain. Comhlíontar an critéar a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (a), an dara hintinn, agus ní áirithítear iontaofacht na n‑ionadach.
·An feidhmchlár lena gcumhdaítear luaidhe in alúmanam chun críoch meaisínithe, ní chomhlíonann sé a thuilleadh na critéir ábhartha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), le haghaidh chatagóirí 1 go 7 agus 10. Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh am breise ag teastáil ón tionscal chun dul in oiriúint don athrú sin, ba cheart feidhm a bheith ag idirthréimhse uasta de réir Airteagal 5(6) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
·Forbraíonn an díolúine a bhí ann roimhe seo i bpointe 6(b) ina fho-iontrálacha. Aistrítear iarratais ábhartha a chomhlíonann critéir na Treorach maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha sna fo-iontrálacha ina dhiaidh sin agus, dá bhrí sin, is iomchuí go rachadh pointe 6(b) roimhe sin in éag laistigh de 12 mhí. Cumhdófar Catagóirí 8, 9 agus 11, a chumhdaítear faoi láthair leis an díolúine i bpointe 6(b), le pointí 6(b)-I agus 6(b)‑III. I gcás ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha de chatagóir 9 agus de chatagóir 11, beidh an díolúine i bpointe 6(b)-I fós bailí. Is iomchuí catagóirí eile TLL a chumhdach le pointe 6(b)-III nua.
·I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ón measúnú teicniúil a rinneadh, ba cheart tréimhse bhailíochta níos giorra a bheith ag na fodhíolúintí nua ná an uastréimhse bhailíochta fhéideartha atá dírithe ar na moltaí teicniúla. Ina theannta sin, mar gheall ar cheisteanna maidir le raon feidhme oscailte agus sonraí neamhiomlána ón tionscal, tá údar maith le spriocdháta gearr chun deis a thabhairt d’iarratasóirí bunús a thabhairt lena n‑éilimh. Ós rud é go bhfuil an dualgas cruthúnais ar iarratasóirí a léiriú go gcomhlíontar ceann de chritéir Airteagal 5(1), pointe (a), ba cheart dóibh sonraí iomlána a chur isteach ag an gcéad mheasúnú eile, nó ní mór don Choimisiún breithniú a dhéanamh gan an díolúine a athnuachan mar gheall ar easpa sonraí atá in easnamh.
·Ós rud é nár soláthraíodh aon sonraí teicniúla chun údar a thabhairt le dátaí éaga éagsúla a thabhairt isteach le haghaidh catagóirí éagsúla TLL, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh na gcatagóirí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcopar
Comhlíonann na feidhmeanna a chumhdaítear le raon feidhme reatha na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(c) d’Iarscríbhinn III critéar amháin ar a laghad a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (a), den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, is é sin, nach n‑áirithítear iontaofacht na n‑ionadach.
·Níor cuireadh aon fhaisnéis theicniúil ar fáil a léiríonn go bhfuil difríochtaí teicniúla idir catagóirí TLL maidir le luaidhe a ionadú i gcóimhiotail chopair. I bhfianaise na meastóireachta teicniúla, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh gach catagóire a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha.
·I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ón measúnú teicniúil a rinneadh, ba cheart tréimhse bhailíochta níos giorra a bheith ag na fodhíolúintí nua ná an uastréimhse bhailíochta fhéideartha atá dírithe ar na moltaí teicniúla. Ina theannta sin, mar gheall ar cheisteanna maidir le raon feidhme oscailte agus sonraí neamhiomlána ón tionscal, tá údar maith le spriocdháta gearr chun deis a thabhairt d’iarratasóirí bunús a thabhairt lena n‑éilimh. Ós rud é go bhfuil an dualgas cruthúnais ar iarratasóirí a léiriú go gcomhlíontar ceann de chritéir Airteagal 5(1), pointe (a), ba cheart dóibh sonraí iomlána a chur isteach ag an gcéad mheasúnú eile, nó ní mór don Choimisiún breithniú a dhéanamh gan an díolúine a athnuachan mar gheall ar easpa sonraí atá in easnamh.
Gníomh Tarmligthe
Mar gheall ar an ngaireacht theicniúil agus láithreacht luaidhe i gcóimhiotail a úsáidtear le haghaidh TLL, ba cheart cinneadh amháin a dhéanamh maidir le gach ceann de na trí dhíolúine. Is treoir tharmligthe í an ionstraim dlí, dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a).
Is é is cuspóir don treoir tharmligthe rannchuidiú le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, agus forálacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse TLL a chomhchuibhiú. Chuige sin, ceadaítear leis substaintí a bhfuil toirmeasc orthu seachas sin a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha agus leis an nós imeachta a bhunaítear inti chun Iarscríbhinní III agus IV a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Socraítear dátaí éaga na ndíolúintí i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha. Ba cheart a chur san áireamh sna dátaí éaga an íostréimhse 18 mí roimh an dáta éaga, inar gá iarrataí ar athnuachan a chur isteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(5) den Treoir maidir le Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, chun dóthain ama a thabhairt don tionscal iarrataí ar athnuachan a ullmhú.
Ní mheastar go mbeidh drochthionchair ag na tréimhsí bailíochta a dheonaítear ar an nuálaíocht.
Níl aon impleachtaí ag an Treoir Tharmligthe do bhuiséad an Aontais.
TREOIR THARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 8.9.2025
lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach, in alúmanam agus i gcopar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.
(2)Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
(3)Is substaint shrianta í luaidhe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Is é 0,1 % luaidhe de réir meáchain an t‑uasluach tiúchana inghlactha in ábhair aonchineálacha.
(4)Le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/739 ón gCoimisiún deonaíodh díolúine maidir le luaidhe a úsáid mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críoch meaisínithe ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain agus i gcomhpháirteanna cruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce ina bhfuil suas le 0,2 % luaidhe de réir meáchain, mar a leagtar amach i bpointe 6(a)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Cumhdaítear leis an díolúine sin catagóirí 1 go 7 agus catagóir 10 de threalamh leictreach agus leictreonach, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí cur i bhfeidhm na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin teoranta do chatagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh 8, 9 agus 11.
(5)Le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/740 ón gCoimisiún deonaíodh díolúintí maidir le luaidhe a úsáid mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam ina bhfuil suas le 0,4 % luaidhe de réir meáchain chun críoch meaisínithe nó chun fuíoll alúmanaim ina bhfuil luaidhe a athchúrsáil. Leagtar amach na díolúintí i bpointí 6(b)-I agus 6(b)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Cumhdaítear leis na díolúintí sin catagóirí 1 go 7 agus catagóir 10 de threalamh leictreach agus leictreonach, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí cur i bhfeidhm na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin teoranta do chatagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh 8, 9 agus 11.
(6)Le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/741 ón gCoimisiún, deonaíodh díolúine maidir le cóimhiotal copair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain a úsáid le haghaidh gach catagóire, mar a leagtar amach i bpointe 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.
(7)An 17 Eanáir 2020 agus an 20 Eanáir 2020, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na ndíolúintí a leagtar amach i bpointí 6(a) agus 6(a)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil, go háirithe maidir lena raon feidhme. An 2 Nollaig 2019 agus an 17 Eanáir 2020, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine a leagtar amach i bpointí 6(b), 6(b)-I agus 6(b)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE agus an 15 Eanáir 2020 agus an 16 Eanáir 2020, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.
(8)Maidir leis na díolúintí a leagtar amach i bpointí 6(a), 6(b) agus 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, bhí an trealamh leictreach agus leictreonach de chatagóir 8 ‘feistí leighis diagnóiseacha in vitro’, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, le dul in éag an 21 Iúil 2023 agus bhí catagóirí 9 ‘ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha’ agus 11 ‘trealamh leictreach agus leictreonach eile nach gcumhdaítear le haon cheann de na catagóirí’, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, le dul in éag an 21 Iúil 2024. An 20 Eanáir 2023, fuarthas dhá iarratas ar athnuachan le haghaidh gach díolúine a leagtar amach i bpointí 6(a) agus 6(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE agus go sonrach maidir leis na trí chatagóir sin. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, chuir a gcur isteach síneadh le bailíocht na ndíolúintí atá ann cheana go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis na hiarratais ar athnuachan.
(9)Chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais a fuarthas, rinneadh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch agus tugadh chun críche é in 2022. Rinneadh staidéar eile inar díríodh ar na catagóirí ar iarradh athnuachan ina leith ag céim níos déanaí agus tugadh chun críche é in 2024. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht freisin, i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE.
(10)Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ar an athnuachan díolúine a iarradh, maidir leis an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, go bhfuil gá fós le luaidhe i gcruach chun airíonna meaisínithe áirithe a bhaint amach. Níl ionadú nó díothú i gcruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce indéanta go teicniúil ná inmharthana go heacnamaíoch faoi láthair. Mar sin féin, is féidir an dá fheidhm theicniúla a roinnt idir pointí 6(a)-I agus 6(a)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, chun scrúdú níos tiomnaithe a cheadú sa chéad athbhreithniú eile.
(11)Chun dóthain ama a thabhairt chun luaidhe i gcruach a ionadú agus chun tionchair dhiúltacha a sheachaint, ar mó iad ná na tairbhí a bhaineann le hionadú, is iomchuí tréimhse bhailíochta ghearrthéarmach a dheonú le haghaidh na bhfeidhmeanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. A mhéid a bhaineann le pointí 6(a), 6(a)-I agus 6(a)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh na gcatagóirí uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
(12)Ba cheart an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE dul in éag 12 mhí tar éis dháta an chinnidh maidir leis an iarratas ar athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 5(6) den Treoir sin.
(13)A mhéid a bhaineann leis an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(b)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE maidir le luaidhe in alúmanam a eascraíonn as athchúrsáil dramh-alúmanaim ina bhfuil luaidhe, fuarthas amach gur féidir an tiúchan luaidhe a laghdú a thuilleadh go 0,3 % de réir meáchain in alúmanam. Ba cheart é sin a leagan amach i bpointe nua, lena sonraítear gur cóimhiotal teilgthe é an t‑alúmanam sin.
(14)Níl gá a thuilleadh le luaidhe a chuirtear isteach d’aon ghnó in alúmanam chun críoch meaisínithe le haghaidh trealamh leictreach agus leictreonach. Tá ionadaigh iontaofa le haghaidh luaidhe in alúmanam ar an margadh. Meastar go gcuirfear roghanna malartacha in ionad an réimse feidhme dheireanaigh a bhraitheann ar dhíolúine den sórt sin faoi 2025. I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE, ba cheart an idirthréimhse uasta 18 mí a shocrú chun go mbeidh rannpháirtithe aonair sa mhargadh sa tionscal in ann oiriúnú.
(15)Fuarthas amach gur gá trealamh leictreach agus leictreonach a thagann faoi chatagóir 9 ‘ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha’ agus faoi chatagóir raon feidhme oscailte 11 ‘trealamh leictreach agus leictreonach eile’ a athdhearadh agus a athcháiliú chun cóimhiotail alúmanaim ina bhfuil luaidhe ag a bhfuil tiúchan luaidhe faoi bhun 0,4 % de réir meáchain a úsáid, rud a éilíonn níos mó ama le haghaidh comhlíontachta i gcomparáid le catagóirí eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhsí bailíochta níos faide a mheas le haghaidh an dá chatagóir sin.
(16)A mhéid a bhaineann le pointe 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE maidir le cóimhiotail chopair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain, níorbh fhéidir, le linn an mheasúnaithe eolaíoch agus theicniúil, réimsí feidhme nach bhfuil an díolúine ag teastáil ina leith a thuilleadh a shainaithint agus a shainiú, d’ainneoin go leor tásca go bhféadfaí luaidhe a ionadú go rathúil i bhfeidhmeanna áirithe. Ós rud é nach bhfuil ionadaithe iontaofa go leor, ba cheart síneadh ar an díolúine a dheonú. I bhfianaise na meastóireachta teicniúla, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh na gcatagóirí uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.
(17)Níor cheart go lagódh cuimsiú ábhar agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. De bhun phointe 7 den srian a leagtar amach i bpointe 63 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tá srian ar luaidhe in earraí agus ina gcodanna inrochtana d’fhonn nochtadh leanaí do luaidhe ó earraí a sholáthraítear don phobal i gcoitinne a íoslaghdú. Tá teorainn nach mó ná 0,05 % de réir meáchain leis an luaidhe sna hearraí sin nó sna páirteanna inrochtana sin más féidir na comhpháirteanna sin a chur i mbéal leanaí. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an leibhéal cosanta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart na hiontrálacha díolúine formheasta a mharcáil le fonóta, lena gcuirtear srian breise ar na hiarratais i gcomhréir le pointe 7 den srian a leagtar amach i bpointe 63 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
(18)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [lá deireanach den 6ú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [lá deireanach den 6ú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1 lá].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8.9.2025
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN