RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 28.1.2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 a mhéid a bhaineann le tagairt a chur isteach do dheimhnithe uirlisí ceoil agus mínithe a chur isteach maidir le húsáid na bhfoirmeacha sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil 1 , agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 2 a ailíniú leis na rúin ábhartha arna nglacadh nó arna leasú ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (‘an Coinbhinsiún’).

(2)I gcomhréir le Rún 16.8 ó Chomhdháil CITES, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/57 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2015 3 leasaíodh Airteagal 1 agus Airteagal 2 (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis, chun eisiúint deimhnithe sonracha a cheadú le haghaidh uirlisí ceoil chun a ngluaiseachtaí neamhthráchtála trasteorann a shimpliú.

(3)Is gá leasú den chineál céanna a dhéanamh chun Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 792/2012 a ailíniú.

(4)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012, leagtar síos na samhlacha a bhfuil ceadanna, deimhnithe agus doiciméid eile a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 le comhfhreagairt dóibh. Tá Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 á leasú maidir le críoch cód idirbhirt agus foinse. Ba cheart mínithe maidir le húsáid na bhfoirmeacha in Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 792/2012 a leasú dá réir sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an dá Rialachán ón lá céanna.

(5)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Thrádáil in Fauna agus in Flora Fiáine.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2(4) mar a leanas:

‘Na foirmeacha ar a dtarraingítear suas bileoga leantacha le haghaidh deimhnithe úinéireachta pearsanta, deimhnithe taispeántais taistil agus deimhnithe uirlise ceoil beidh siad i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.’

(2)Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28.1.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)     IO L 61, 3.3.1997, lch. 1. .
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, deimhnithe agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lch. 13).
(3)

   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/57 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2015 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le dearadh ceadanna, deimhnithe agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus i Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (IO L 10, 16.1.2015, lch. 19). 

IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:

(1)Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:

(a)i bpointe 13 de na ‘Treoracha agus mínithe’ lena ndéantar ag tagairt do ‘1 – Bunchóip’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A: 

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(b)i bpointe 14 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘1 – Bunchóip’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna E, L, M, N agus Z:

‘E    Oideachas. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun an t‑eiseamal a úsáid i gcláir oideachais nó oiliúna nó lena thaispeáint in institiúid arb é an t‑oideachas is príomh-shainchúram di.

L    Forfheidhmiú dlí/breithiúnach/fóiréinseach. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamail a aistriú idir gníomhaireachtaí rialtais chun críoch forfheidhmithe dlí, breithiúnach nó fóiréinseach nó chun tacú leis na gníomhaireachtaí sin.

M    Leigheas (lena n‑áirítear taighde bithleighis). I gcás ina ndéantar an tidirbheart chun tástáil, diagnóis, cóireáil nó taighde leighis nó tréidliachta a dhéanamh, lena náirítear taighde bithleighis.

N    Tabhair isteach athuair nó tabhairt isteach san fhiadhúlra. I gcás ina ndéantar idirbheart chun atreisiú nó athbhunú a dhéanamh laistigh de raon nádúrtha stairiúil speicis, agus chun bunú caomhnúcháin a dhéanamh, arb éard atá ann coilíniú cuidithe agus ionadú éiceolaíoch, lasmuigh de raon nádúrtha stairiúil an speicis.

Z    Zúnna. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamal a bhogadh go zú agus/nó uisceadán nó go mbogfaidh zú agus/nó uisceadán eiseamal lena thaispeáint go poiblí nó chun críche cúraim, atáirgthe, oideachais agus feasachta poiblí, taighde eolaíoch, tarrthála, athshlánaithe, nó caomhnúcháin.’

(c)i bpointe 13 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘2 – Cóip don sealbhóir’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A:

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(d)i bpointe 14 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘2 – Cóip don sealbhóir’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna E, L, M, N agus Z:

‘E    Oideachas. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun an t‑eiseamal a úsáid i gcláir oideachais nó oiliúna nó lena thaispeáint in institiúid arb é an t‑oideachas is príomh-shainchúram di.

L    Forfheidhmiú dlí/breithiúnach/fóiréinseach. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamail a aistriú idir gníomhaireachtaí rialtais chun críoch forfheidhmithe dlí, breithiúnach nó fóiréinseach nó chun tacú leis na gníomhaireachtaí sin.

M    Leigheas (lena n‑áirítear taighde bithleighis). I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun tástáil, diagnóis, cóireáil nó taighde leighis nó tréidliachta a dhéanamh, lena n‑áirítear taighde bithleighis.

N    Tabhair isteach athuair nó tabhairt isteach san fhiadhúlra. I gcás ina ndéantar idirbheart chun atreisiú nó athbhunú a dhéanamh laistigh de raon nádúrtha stairiúil speicis, agus chun bunú caomhnúcháin a dhéanamh, arb éard atá ann coilíniú cuidithe agus ionadú éiceolaíoch, lasmuigh de raon nádúrtha stairiúil an speicis.

Z    Zúnna. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamal a bhogadh go zú agus/nó uisceadán nó go mbogfaidh zú agus/nó uisceadán eiseamal lena thaispeáint go poiblí nó chun críche cúraim, atáirgthe, oideachais agus feasachta poiblí, taighde eolaíoch, tarrthála, athshlánaithe, nó caomhnúcháin.’

(e)i bpointe 13 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘3 – Cóip atá le cur ar ais ag an údarás custaim chuig an údarás eisiúna’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A:

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiún ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(f)i bpointe 14 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘3 – Cóip atá le cur ar ais ag an údarás custaim chuig an údarás eisiúna’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna E, L, M, N agus Z:

‘E    Oideachas. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun an t‑eiseamal a úsáid i gcláir oideachais nó oiliúna nó lena thaispeáint in institiúid arb é an t‑oideachas is príomh-shainchúram di.

L    Forfheidhmiú dlí/breithiúnach/fóiréinseach. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamail a aistriú idir gníomhaireachtaí rialtais chun críoch forfheidhmithe dlí, breithiúnach nó fóiréinseach nó chun tacú leis na gníomhaireachtaí sin.

M    Leigheas (lena n‑áirítear taighde bithleighis). I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun tástáil, diagnóis, cóireáil nó taighde leighis nó tréidliachta a dhéanamh, lena n‑áirítear taighde bithleighis.

N    Tabhair isteach athuair nó tabhairt isteach san fhiadhúlra. I gcás ina ndéantar idirbheart chun atreisiú nó athbhunú a dhéanamh laistigh de raon nádúrtha stairiúil speicis, agus chun bunú caomhnúcháin a dhéanamh, arb éard atá ann coilíniú cuidithe agus ionadú éiceolaíoch, lasmuigh de raon nádúrtha stairiúil an speicis.

Z    Zúnna. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamal a bhogadh go zú agus/nó uisceadán nó go mbogfaidh zú agus/nó uisceadán eiseamal lena thaispeáint go poiblí nó chun críche cúraim, atáirgthe, oideachais agus feasachta poiblí, taighde eolaíoch, tarrthála, athshlánaithe, nó caomhnúcháin.’

(g)i bpointe 13 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘4 – Cóip don údarás eisiúna’ agus do ‘5 – Iarratas’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A:

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(h) i bpointe 14 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘4 – Cóip don údarás eisiúna’ agus do ‘5 – Iarratas’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna E, L, M, N agus Z:

‘E    Oideachas. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun an t‑eiseamal a úsáid i gcláir oideachais nó oiliúna nó lena thaispeáint in institiúid arb é an t‑oideachas is príomh-shainchúram di.

L    Forfheidhmiú dlí/breithiúnach/fóiréinseach. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamail a aistriú idir gníomhaireachtaí rialtais chun críoch forfheidhmithe dlí, breithiúnach nó fóiréinseach nó chun tacú leis na gníomhaireachtaí sin.

M    Leigheas (lena n‑áirítear taighde bithleighis). I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun tástáil, diagnóis, cóireáil nó taighde leighis nó tréidliachta a dhéanamh, lena n‑áirítear taighde bithleighis.

N    Tabhair isteach athuair nó tabhairt isteach san fhiadhúlra. I gcás ina ndéantar idirbheart chun atreisiú nó athbhunú a dhéanamh laistigh de raon nádúrtha stairiúil speicis, agus chun bunú caomhnúcháin a dhéanamh, arb éard atá ann coilíniú cuidithe agus ionadú éiceolaíoch, lasmuigh de raon nádúrtha stairiúil an speicis.

Z    Zúnna. I gcás ina ndéantar an t‑idirbheart chun eiseamal a bhogadh go zú agus/nó uisceadán nó go mbogfaidh zú agus/nó uisceadán eiseamal lena thaispeáint go poiblí nó chun críche cúraim, atáirgthe, oideachais agus feasachta poiblí, taighde eolaíoch, tarrthála, athshlánaithe, nó caomhnúcháin.’

(2)Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:

(a)i bpointe 9 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘1 –Bunchóip’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A:

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(b)i bpointe 9 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘2 – Cóip don allmhaireoir’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A:

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(3)Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:

(a)i bpointe 14 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘Bunchóip’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró A:

‘A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(b)i bpointe 14 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘Cóip don údarás eisiúna’ agus do ‘Iarratas’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró A:

‘A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(4)Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 mar a leanas:

(a)i bpointe 9 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘Bunchóip’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A:

‘D    Eiseamail speiceas ainmhíoch a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a phóraítear i mbraighdeanas chun críoch tráchtála in oibríochtaí a áirítear sa chlár oibríochtaí a phóraíonn speicis ainmhíocha ó Fhoscríbhinn I chun críoch tráchtála, ar clár é a choinníonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar bun, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh, agus eiseamail speiceas plandaí a liostaítear in bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a iomadaítear go saorga chun críoch tráchtála i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

A    Plandaí a iomadaítear go saorga i gcomhréir le Caibidil XIII de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006, mar aon le codanna agus díorthaigh díobh.

(b)i bpointe 9 de na ‘Treoracha agus mínithe’ ag tagairt do ‘Cóip don údarás eisiúna’ agus do ‘Iarratas’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna D agus A: