CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOIMISIÚN

an 4.7.2025

lena n‑údaraítear táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe 1 , agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 11 Meán Fómhair 2015, rinne Monsanto Europe S.A./N.V. iarratas a chur isteach thar ceann Monsanto Company, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuig údarás inniúil náisiúnta na hÍsiltíre (‘an t‑iarratas’) maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Cumhdaíodh san iarratas freisin táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 nó atá comhdhéanta di a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, cuimsíodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 . Cuimsíodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)Le litir dar dáta an 27 Lúnasa 2018, chuir Monsanto Europe S.A./N.V. in iúl don Choimisiún gur athraigh sé a fhoirm dhlíthiúil agus gur athraigh sé a ainm go dtí Bayer Agriculture BVBA ón 23 Lúnasa 2018 ar aghaidh.

(4)Le litir dar dáta an 28 Iúil 2020, chuir Bayer Agriculture BVBA in iúl don Choimisiún gur athraigh sé a ainm go dtí Bayer Agriculture BV ón 1 Lúnasa 2020 ar aghaidh.

(5)Le litir dar dáta an 28 Iúil 2020, chuir Bayer Agriculture BVBA in iúl don Choimisiún, thar ceann Monsanto Company, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, gur athraigh Monsanto Company, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, a fhoirm dhlíthiúil agus gur athraigh sé a ainm go dtí Bayer CropScience LP ón 1 Lúnasa 2020 ar aghaidh.

(6)An 18 Bealtaine 2020, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 3 maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788. Bhí scrúdú déanta ag an Údarás ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(7)Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, arna chur isteach ag an iarratasóir, arb é atá ann plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir leis na húsáidí atá beartaithe le haghaidh na dtáirgí.

(8)Ní raibh an tÚdarás in ann an measúnú riosca a chur i gcrích, áfach, ná teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 in éagmais staidéar 90 lá ar phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 agus in éagmais plean faireacháin iarmhargaidh ina gcuirfí próifíl aigéad sailleach athraithe na cruaiche pónaire soighe sin san áireamh.

(9)An 20 Márta 2024, sholáthair Bayer Agriculture BV staidéar 90 lá ar phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 agus an plean faireacháin iarmhargaidh, inar cuireadh próifíl aigéad sailleach athraithe phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 san áireamh.

(10)An 28 Deireadh Fómhair 2024, d’eisigh an tÚdarás ráiteas bunaithe ar na sonraí breise a sholáthair an t‑iarratasóir, agus lena gcomhlánaítear an tuairim eolaíoch uaidh an 18 Bealtaine 2020 4 . Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sí chomh sábháilte céanna lena macasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha pónaire soighe neamh‑ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach cúis imní chothaithe atá i bpónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 a chaitheamh.

(11)Ina theannta sin, mhol an tÚdarás plean faireacháin iarmhargaidh a chur chun feidhme, plean ina ndíreofaí ar shonraí allmhairiúcháin chuig an Aontas a bhailiú maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 agus/nó táirgí a dhíorthaítear aisti le haghaidh bia, agus ar shonraí tomhaltais le haghaidh an duine a bhailiú chun a fhíorú gurb iad coinníollacha úsáide phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 na coinníollacha úsáide a scrúdaítear le linn an mheasúnaithe riosca réamh‑mhargaíochta.

(12)Agus na conclúidí atá sa ráiteas ón Údarás an 28 Deireadh Fómhair 2024 á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, ba cheart údarú a thabhairt chun iad a chur ar an margadh le haghaidh na n‑úsáidí a liostaítear san iarratas.

(13)Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh do phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún 5 .

(14)Bia, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, ba cheart iad a lipéadú i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(15)Ar bhonn na tuairime ó EFSA, ina ndeimhnítear go bhfuil athrú ar chomhdhéanamh aigéad sailligh na síolta ó phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 agus ar chomhdhéanamh aigéad sailligh an ola a dhíorthaítear astu i ndáil leis an macasamhail thraidisiúnta, is dócha go bhfuil gá le lipéadú sonrach i gcomhréir le hAirteagal 13(2)(a) agus Airteagal 25(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(16)Le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 leagtar síos ceanglais lipéadaithe in Airteagal 4(6) le haghaidh táirgí ina bhfuil OGManna nó atá comhdhéanta díobh. Leagtar síos ceanglais inrianaitheachta le haghaidh na dtáirgí sin i míreanna 1 go 5 d’Airteagal 4 agus leagtar síos ceanglais le haghaidh bia agus beatha a tháirgtear ó OGManna in Airteagal 5 den Rialachán sin.

(17)Chun a áirithiú go n‑úsáidfear na táirgí laistigh de theorainneacha an údaraithe dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo, ba cheart a shonrú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil an OGM a n‑iarrtar údarú ina leith, nó atá comhdhéanta de, cé is moite de tháirgí bia, nár cheart na táirgí i gceist a úsáid le haghaidh saothrú.

(18)Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún 7 .

(19)Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach freisin maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh.

(20)Leis an tuairim ón Údarás ní thugtar údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 a chur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, ná maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, ar coinníollacha agus srianta iad dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e), agus in Airteagal 18(5), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(21)An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(22)Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 .

(23)Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

Pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe (Glycine max (L.) Merr.) MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t‑aitheantóir uathúil MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 di, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.

Airteagal 2

Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti;

(b)beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti;

(c)táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 nó atá comhdhéanta di, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘pónaire shoighe’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’.

2.Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(2)(a) agus Airteagal 25(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, beidh na focail ‘le cion méadaithe saille monai-neamhsháithithe agus cion laghdaithe saille polai-neamhsháithithe’ i ndiaidh ainm an orgánaigh ar an lipéad nó, más iomchuí, sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí.

3.Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 nó atá comhdhéanta di, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4

Modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 a bhrath.

Airteagal 5

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil

1.Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach é i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

Faireachán iarmhargaidh

1.Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin iarmhargaidh le haghaidh phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1, mar a leagtar amach é i bpointe (i) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh.

Airteagal 7

Clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 8

Sealbhóir an údaraithe

Is é Bayer CropScience LP, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture BV, a bheidh ina shealbhóir ar an údarú.

Airteagal 9

Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.

Airteagal 10

Seolaí

Is chuig Bayer CropScience LP, 800 N. Lindbergh Boulevard, St. Louis, Missouri 63167, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture BV, Haven 627, Scheldelaan 460, B-2040 Antuairp, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4.7.2025

   Thar ceann an Choimisiúin,

   Olivér VÁRHELYI
   Comhalta den Choimisiún

(1)    IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj .
(2)    Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj ).
(3)    Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2020. Scientific Opinion on the assessment of genetically modified soybean MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 for food and feed uses, under Regulation (EC) No 1829/2003 [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 le haghaidh úsáidí bia agus beatha, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003] (iarratas EFSA-GMO-NL-2015-126). EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(5):6111, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6111 .
(4)    Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2024. Statement complementing the EFSA Scientific Opinion on application (EFSA-GMO-NL-2015-126) for authorisation of food and feed containing, consisting of and produced from genetically modified soybean MON 87705 × MON 87708 × MON 89788 [Ráiteas lena gcomhlánaítear an Tuairim Eolaíoch ó EFSA maidir le hiarratas (EFSA-GMO-NL-2015-126) ar údarú bia agus beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 × MON 87708 × MON 89788, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e9061, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9061 .
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj ).
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj ).
(7)    Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj ).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj ).

GA

IARSCRÍBHINN

(a)    An tIarratasóir agus Sealbhóir an údaraithe:

Ainm:    Bayer CropScience LP;

Seoladh:    800 N. Lindbergh Boulevard St. Louis, Missouri 63167, na Stáit Aontaithe;

Arna ionadú san Aontas ag: Bayer Agriculture BV, Haven 627, Scheldelaan 460, B-2040 Antuairp, an Bheilg.

(b)    Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:

(1)    bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), nó atá comhdhéanta di, nó a tháirgtear aisti;

(2)    beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), nó atá comhdhéanta di, nó a tháirgtear aisti;

(3)    táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e) nó atá comhdhéanta di, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

Pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 dá dtagraítear san iarratas, táirgtear í trí chrosphórú idir pónaire shoighe ina bhfuil teagmhais MON-877Ø5-6, MON-877Ø8-9 agus MON-89788-1. Táirgeann MON-877Ø5-6 ARN déshnáithe a íosrialaíonn na heinsímí inginiúla Δ12-díshátaráis (FAD2) agus tia-eistearáis próitéine iompróra palmatóil aicile (FATB); Léiríónn MON-877Ø8-9 an phróitéin DMO agus léiríonn MON-89788-1 an phróitéin CP4 EPSPS. Tagann athrú ar an bpróifíl aigéad sailleach de thoradh na teaglama sin (cion méadaithe d’aigéad oiléach agus cion laghdaithe d’aigéad líonoléach) agus frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí ina bhfuil gliofosáit agus luibhicídí ina bhfuil díceamba.

(c)    Lipéadú:

(1)    Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 is é ‘pónaire shoighe’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’;

(2) Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(2)(a) agus in Airteagal 25(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, taispeánfar na focail ‘le cion méadaithe saille monai-neamhsháithithe agus cion laghdaithe saille polai-neamhsháithithe’ i ndiaidh ainm an orgánaigh ar an lipéad nó, más iomchuí, sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí;

(3)    Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil an phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e) nó atá comhdhéanta di, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)    Modh braite:

(1)    Na modhanna braite ISP teagmhas-shonracha cainníochtúla, is iad sin na modhanna a bailíochtaíodh ina n‑aonar le haghaidh phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6, MON-877Ø8-9 agus MON-89788-1 agus a fíoraíodh a thuilleadh ar chruach phónaire shoighe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1.

(2)    Arna mbailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna bhfoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx .

(3)Ábhar Tagartha: Tá rochtain ar AOCS 0210-A (le haghaidh MON87705), AOCS 0311-A (le haghaidh MON87708) agus AOCS 0906-B (le haghaidh MON 89788) tríd American Oil Chemists Society (AOCS), ag https://www.aocs.org/crm . 

(e)    Aitheantóir uathúil:

MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1.

(f)Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thugtar fógra faoi].

(g)Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní gá.

(h)Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i)Plean faireacháin iarmhargaidh:

1. Baileoidh sealbhóir an údaraithe an fhaisnéis seo a leanas:

(I)cainníochtaí de phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 le haghaidh eastóscadh ola, arna n‑allmhairiú isteach san Aontas lena gcur ar an margadh i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí le haghaidh bia;

(II)I gcás allmhairiú táirgí a luaitear faoi (i), torthaí cuardach bunachair sonraí i mbunachar FAOSTAT maidir leis na cainníochtaí ola phlandúil a thomhlaítear de réir an Bhallstáit, lena n‑áirítear aistrithe maidir le cainníochtaí na gcineálacha éagsúla olaí a thomhlaítear.

2. Ar bhonn na faisnéise a bhaileofar agus a thuairisceofar, déanfaidh sealbhóir an údaraithe an méid seo a leanas:

(I)athbhreithniú ar na sonraí tomhaltais réamh-mheasta maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1;

(II)a fhíorú gurb iad coinníollacha úsáide phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 × MON-877Ø8-9 × MON-89788-1 na coinníollacha a chuirtear san áireamh le linn an mheasúnaithe riosca réamh-mhargaidh.

Nóta: d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.