MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
1.1.Cúlra dlí
1.1.1.Raon feidhme na himlíne trédhearcachta maidir le díorthaigh thar an gcuntar
Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘MiFIR’), i bhfeidhm an 28 Márta 2024. Athraítear leis an Rialachán leasaitheach raon feidhme an tuairiscithe trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála le haghaidh díorthaigh ‘thar an gcuntar’ (‘OTC’). Sainmhínítear díorthaigh thar an gcuntar in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘EMIR’).
De réir Airteagal 8a(2) de MiFIR, tá díorthaigh thar an gcuntar faoi réir trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála más rud é: (i) go n‑ainmnítear iad in euro, yen na Seapáine, dollar na Stát Aontaithe nó punt steirling na Breataine; (ii) go bhfuil siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh a leagtar síos in Airteagal 5(2) EMIR; agus (iii) go n‑imréitítear go lárnach iad, i.e., níl aon cheann de na contrapháirtithe díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh lárnach.
I gcás díorthaigh ráta úis thar an gcuntar, déantar raon feidhme na trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a theorannú a thuilleadh d’aibíochtaí conartha 1, 2, 3, 5, 7, 10, 12, 15, 20, 25 nó 30 bliain.
Maidir le díorthaigh chreidmheasa thar an gcuntar (babhtálacha mainneachtana creidmheasa), fiú mura gcumhdaítear iad leis an oibleagáid imréitigh, tá feidhm ag ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála maidir leis an dá aicme seo a leanas: (i) babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm a thagraíonn do bhanc domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leis agus a imréitítear go lárnach; agus (ii) babhtálacha mainneachtana creidmheasa a thagraíonn d’innéacs ina bhfuil sciar suntasach de na comheintitis dhlíthiúla ina mbainc dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus a imréitítear go lárnach.
Maidir le gach díorthach thar an gcuntar atá faoin raon feidhme, ceanglaítear le hAirteagal 8a(2) de MiFIR ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil saoráid trádála iltaobhach (‘MTF’) nó saoráid trádála eagraithe (‘OTF’) á hoibriú acu a chuireann leabhar orduithe teorann lárnach nó córas trádála bunaithe ar cheant tréimhsiúil i bhfeidhm, praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógraítear trína gcórais a phoibliú.
De réir Airteagal 10 de MiFIR, ceanglaítear ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe á hoibriú acu praghas, méid agus tráth na n‑idirbheart a fhorghníomhaítear i leith díorthaigh a áirítear i raon feidhme Airteagal 8a(2) de MiFIR a phoibliú. Tá feidhm ag an oibleagáid chéanna maidir le gnólachtaí infheistíochta a thugann idirbhearta i gcrích, ar a gcuntas féin nó thar ceann cliant, sna díorthaigh sin (Airteagal 21 de MiFIR).
Le Rialachán (AE) Uimh. 2024/791 tugadh isteach sonraí tagartha sainaitheanta, in éineacht le sonraí tagartha sainaitheanta chun idirbhearta a thuairisciú, chun críocha na gceanglas trédhearcachta (Airteagal 27(1) de MiFIR). Soiléiríodh leis an Rialachán leasaitheach freisin, i gcás díorthaigh thar an gcuntar, gur cheart sonraí tagartha sainaitheanta a bheith bunaithe ar aitheantóir uathúil táirge arna chomhaontú go domhanda agus, más gá, ar aon sonraí tagartha sainaitheanta ábhartha eile.
1.1.2.Raon feidhme an chumhachtaithe dhlíthiúil in Airteagal 27(5), an chéad fhomhír de MiFIR
Léitear Airteagal 27(5), an chéad fhomhír, de MiFIR mar a leanas: ‘Faoin 29 Meitheamh 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na sonraí tagartha sainaitheanta a úsáidfear maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2) agus in Airteagail 10 agus 21’.
Maidir le babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar a thuairisciú, is léir go bhfuil an Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (‘ISIN’) ISO 6166 anásta agus neamhéifeachtach, go háirithe mar gheall ar dháta éaga a chur san áireamh. Murab ionann agus roinnt díorthach thar an gcuntar eile, a bhfuil dátaí éaga comhchuibhithe agus rialta acu, níl na dátaí éaga le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar comhchuibhithe agus is féidir iad a dhéanamh (agus déantar iad) ar bhonn laethúil dá bhrí sin. Mar thoradh ar an dáta éaga (laethúil) a chuimsiú in ISO 6166 (ISIN) le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar, bíonn iomadú an aitheantóra sin i gceist, rud a fhágann nach bhfuil sé oiriúnach táirgí atá inchomparáide go heacnamaíoch a shainaithint agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé oiriúnach lena n‑úsáid i gcomhthéacs an tuairiscithe trédhearcachta.
Dá bhrí sin, moltar in Aithris 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/791 sonraí tagartha sainaitheanta a bheith bunaithe ar aitheantóirí uathúla táirgí arna gcomhaontú ar fud an domhain, amhail Aitheantóir Uathúil Táirge ISO 4914 (‘AUT’). Mínítear an rogha sin san aithris trína chur in iúl gur forbraíodh AUT mar aitheantóir uathúil le haghaidh táirgí díorthach thar an gcuntar, agus é mar aidhm trédhearcacht mhéadaithe agus comhiomlánú sonraí a thabhairt isteach ar fud na margaí díorthach domhanda thar an gcuntar. Aithnítear san aithris freisin, áfach, go bhféadfadh sé nach leor aon aitheantóir uathúil táirge a roghnaítear chun críoch tuairiscithe trédhearcachta agus go bhféadfadh sé go mba ghá é a chomhlánú le sonraí tagartha sainaitheanta breise.
Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(5), an chéad fhomhír, de MiFIR gach cineál sonraí tagartha sainaitheanta ba cheart a úsáid chun trédhearcacht i ndáil le díorthaigh thar an gcuntar a thuairisciú, bíodh sé ina aitheantóir táirge uathúil nó ina shonraí tagartha sainaitheanta eile atá ábhartha ó thaobh na trédhearcachta de.
1.2.Cuspóirí an Rialacháin Tharmligthe
Is é príomhchuspóir an Rialacháin Tharmligthe an sainordú a thugtar don Choimisiún in Airteagal 27(5) de MiFIR, an chéad fhomhír, a chomhlíonadh, arb é atá ann na sonraí tagartha sainaitheanta atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar a shonrú chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2) agus in Airteagail 10 agus 21 de MiFIR.
Déantar idirdhealú sa Rialachán Tarmligthe idir díorthaigh ráta úis agus díorthaigh chreidmheasa. Ós rud é nár tháinig saincheist an dáta éaga laethúil chun cinn ach amháin le ISO 6166 (ISIN) le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar, tá an Rialachán Tarmligthe dírithe den chuid is mó ar an aicme sócmhainne sin (rátaí úis) agus ar an gcineál ionstraime sin (babhtálacha).
1.2.1.Babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar
Maidir le babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar faoi raon feidhme Airteagal 8a(2) de MiFIR, sonraítear sa Rialachán Tarmligthe seo na tréithe atá ábhartha chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2), agus in Airteagail 10 agus 21 de MiFIR. Is iad seo a leanas na tréithe sin:
(1)Aicme sócmhainne: chun a chinneadh an bhfuil díorthach thar an gcuntar ag tagairt do ráta, creidmheas, rátaí malairte eachtraí, cothromais, tráchtearraí, nó aicmí sócmhainne neamhchaighdeánacha eile.
(2)Cineál ionstraime: chun a chinneadh cé acu babhtáil, céadrogha, nó conradh réamhcheaptha atá i ndíorthach thar an gcuntar.
(3)Cineál sócmhainne: chun a chinneadh an babhtáil ráta sheasta ar ráta comhlúthach, babhtáil ráta sheasta, nó bonnbhabhtáil (bonn) í babhtáil ráta úis thar an gcuntar.
(4)Airgeadra barúlach: chun a chinneadh an ainmnítear babhtáil ráta úis thar an gcuntar in aon cheann de na ceithre airgeadra a luaitear in Airteagal 8a(2) de MiFIR agus chun an t‑airgeadra ábhartha a shainaithint faoi threoir chód airgeadra trí charachtar ISO 4217.
(5)Cineál seachadta: chun a chinneadh an bhfuil babhtáil ráta úis thar an gcuntar inseachadta (fisiciúil) nó neamh‑inseachadta (airgead tirim).
(6)Sceideal barúlach: chun a chinneadh an bhfuil sceideal barúlach tairiseach, fuilleach, amúchta nó saincheaptha ag babhtáil ráta úis thar an gcuntar.
(7)An ráta tagartha foluiteach: chun an ráta agus téarma an ráta dá dtagraíonn an bhabhtáil ráta úis thar an gcuntar a shainaithint.
(8)Téarmaí caighdeánacha gnó a bhaineann leis an ráta tagartha foluiteach: chun na téarmaí caighdeánacha gnó a bhaineann le gach ceann de na rátaí tagartha foluiteacha sin a shainaithint. Chun críocha an Rialacháin Tharmligthe seo, is iad seo a leanas na téarmaí caighdeánacha gnó ábhartha: (i) an coinbhinsiún is infheidhme maidir le laethanta seasta a áireamh, (ii) minicíocht na híocaíochta seasta, (iii) an coinbhinsiún maidir le laethanta comhlúthacha a áireamh, (iv) minicíocht na híocaíochta comhlúthaí agus (v) easpa íocaíochtaí breise. Is eilimintí sonraí criticiúla (‘ESC’) iad na chéad cheithre thréith a shainítear i dtreoraíocht theicniúil athbhreithnithe ESC ón gCoiste Formhaoirseacht Rialála (‘CFR’). Is é an toradh atá air sin go bhfuil na tréithe sin caighdeánaithe cheana féin, go dtacaítear leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus go gcoinníonn CFR ar bun iad. Cuirtear téarmaí eile leis, amhail an coinbhinsiún maidir le lá gnó a choigeartú, an aga moille socraithe, an féilire íocaíochta agus nach bhfuil aon íocaíocht bhreise sa chonradh, chun a áirithiú gur féidir babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar le comhaontuithe aonair a imíonn ó na téarmaí caighdeánacha a shainaithint.
(9)Téarma conarthach: chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil téarma conarthach babhtála rátaí úis thar an gcuntar ar cheann de théarmaí na bliana iomláine faoi raon feidhme Airteagal 8a(2) de MiFIR. I gcás ina dtugtar babhtáil ráta úis thar an gcuntar i gcrích le haghaidh téarma bliana iomláine, cuirtear isteach freisin téarma an chonartha arna shloinneadh mar shlánuimhir agus an t‑aonad tréimhse ama is infheidhme.
(10)An Dáta Éifeachtach a Fhritháireamh: chun a chinneadh an spotbhabhtáil í an bhabhtáil ráta úis thar an gcuntar (dhá lá gnó tar éis na conclúide de ghnáth) nó an babhtáil réamhthosaithe í (aon dáta tosaigh comhaontaithe eile).
(11)Coinbhinsiún maidir le hAthsceidealú Dátaí: chun a chinneadh cé acu a úsáideann nó nach n‑úsáideann an bhabhtáil ráta úis thar an gcuntar an féilire, an Margadh Airgeadaíochta Idirnáisiúnta nó aon choinbhinsiún eile maidir le hathsceidealú dátaí (neamhchaighdeánach).
Ina theannta sin, chun gur féidir tuarascálacha trédhearcachta a chomhiomlánú ar bhonn trasteorann, ba cheart AUT ISO 4914 a bheith san áireamh i sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar.
Leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo na téarmaí caighdeánacha gnó atá bainteach leis na rátaí tagartha foluiteacha a chumhdaítear in Airteagal 8a(2) de MiFIR.
Chun léargas tapa a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh agus d’údaráis inniúla ar na téarmaí gnó caighdeánacha a bhaineann le rátaí foluiteacha nach gcumhdaítear in Airteagal 8a(2) de MiFIR, is inmhianaithe go gcuirfidh an Biúró um Sheirbhís Díorthach fardal de na téarmaí gnó caighdeánacha sin ar fáil go poiblí. Tá sé inmhianaithe freisin go leanfadh fardal den sórt sin an fhormáid a leagtar amach i dTábla 2 den Rialachán Tarmligthe seo agus go ndéanfaí é a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
Le hAirteagal 27(3) de MiFIR tugtar de chumhacht don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun a shonrú, i measc nithe eile, caighdeáin agus formáidí sonraí le haghaidh shonraí tagartha na hionstraime airgeadais, lena n‑áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí a sholáthar do ESMA, agus foirm agus inneachar na sonraí sin. Agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige de bhun Airteagal 27(3) de MiFIR, beidh sé de rogha ag ESMA a cheangal go ndéanfar na sonraí tagartha sainaitheanta uile a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo a thuairisciú mar chuid d’aitheantóir uathúil. Féadfaidh ESMA a roghnú freisin a cheangal go ndéanfar na sonraí tagartha sainaitheanta a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo a thuairisciú trí aitheantóir uathúil ina mbeidh cuid de na sonraí tagartha sainaitheanta agus a mbeidh na sonraí tagartha sainaitheanta eile atá ábhartha don trédhearcacht ag gabháil leis.
1.2.2.Babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar
Chun foráil a dhéanamh maidir le comhiomlánú trasteorann tuarascálacha trédhearcachta, ba cheart AUT ISO 4914 a áireamh sna sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar.
1.3.Cur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe
Chun go mbeidh go leor ama ag ESMA a shonrú conas ba cheart sonraí tagartha sainaitheanta a thuairisciú agus go leor ama le haghaidh na gcoigeartuithe is gá ar chórais TF, ba cheart na sonraí tagartha sainaitheanta a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo a úsáid ón 1 Meán Fómhair 2026. Go dtí sin, ba cheart leanúint de bhabhtálacha rátaí úis thar an gcuntar agus de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar a shainaithint i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair.
Níor cheart seoladh tráthúil an nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar nó fo-aicmí ábhartha de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur i mbaol mar gheall ar dháta iarchurtha chur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe seo. Le hAirteagal 27da(1), an ceathrú fomhír, de MiFIR ceanglaítear ar ESMA tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar nó fo-aicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar laistigh de 3 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe seo agus, i gcás ar bith, tráth nach luaithe ná 6 mhí ó thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh le haghaidh scaireanna agus Cistí arna dTrádáil ar an Malartán (‘ETFanna’). Chun a áirithiú gur féidir le ESMA tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar nó aicmí díobh 6 mhí tar éis thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh soláthraí teilitéipe comhdhlúite scaireanna agus ETFanna (i.e. R1 2026), beidh feidhm ag an Rialachán Tarmligthe seo ó dháta a theacht i bhfeidhm.
1.4.Cúlra dlí
Feidhmítear leis an rialachán tarmligthe an cumhachtú in Airteagal 27(5), an chéad fhomhír, de MiFIR.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
I mí na Samhna 2023, sheol an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a lorg maidir leis na sonraí tagartha sainaitheanta iomchuí atá le húsáid chun trédhearcacht díorthach thar an gcuntar a thuairisciú faoi raon feidhme Airteagal 8a(2) de MiFIR. Seoladh an comhairliúchán spriocdhírithe an 29 Samhain 2023 agus bhí sé ar siúl go dtí an 9 Eanáir 2024.
An 16 Eanáir 2024, d’eagraigh an Coimisiún ceardlann oscailte a bhí dírithe ar na roghanna beartais a shainaithint maidir leis na sonraí tagartha sainaitheanta a bheidh le húsáid chun trédhearcacht díorthach thar an gcuntar a thuairisciú.
Bhí formhór na rannpháirtithe sa mhargadh a d’fhreagair an comhairliúchán spriocdhírithe i bhfabhar ISO 4914 (AUT) a úsáid mar an t‑aitheantóir táirge le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar, agus d’aithin siad ag an am céanna gur gá é a fhorlíonadh le sonraí tagartha sainaitheanta breise lena sonraítear a thuilleadh tréithe na mbabhtálacha rátaí úis thar an gcuntar i raon feidhme Airteagal 8a(2) de MiFIR. Chuir roinnt páirtithe leasmhara eile i gcoinne na rogha sin, áfach, lena n‑áirítear ESMA, a chuir in iúl gurbh fhearr leo ISIN thar an gcuntar a choinneáil mar an t‑aitheantóir le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar, agus athbhreithniú á dhéanamh ag an am céanna ar chuid dá shaintréithe. D’aontaigh freagróirí an chomhairliúcháin ar a thábhachtaí atá sé an t‑aitheantóir uathúil céanna a úsáid le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar thar shruthanna tuairiscithe éagsúla, lena n‑áirítear trédhearcacht agus tuairisciú rialála.
Níor tháinig rannpháirtithe na ceardlainne ar chomhthoil maidir leis an aitheantóir is oiriúnaí chun críocha cheanglais trédhearcachta MiFIR. Bhí peirspictíocht amháin i bhfabhar úsáid a bhaint as ISO 4914 (AUT) agus sonraí conarthacha a thaispeáint ar leithligh (amhail téarma conarthach nó dáta éifeachtach infheidhme an chonartha), ag áitiú go dtabharfadh aitheantóir táirge ‘caol’ solúbthacht maidir le sonraí tagartha eile a chur leis, de réir mar is gá. Moladh sa dearcadh malartach sonraí conarthacha áirithe a chomhtháthú san aitheantóir alfa-uimhriúil (‘ISO 6166 athchóirithe (ISIN)’), lena maítear go bhfeabhsaítear leis an gcur chuige sin gráinneacht i leith feidhmeanna anailíseacha arna ndéanamh ag meaisíní agus cáilíocht sonraí.
Foilsíodh dréacht den Rialachán Tarmligthe ar an tairseach maidir le Rialáil Níos Fearr ar feadh tréimhse aiseolais ceithre seachtaine ón 12 Meitheamh 2024 go dtí an 10 Iúil 2024, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Fuarthas trí bharúil déag. Bhí tuairimí éagsúla ag na freagróirí. Chuir ionadaithe taobh an cheannaigh in iúl go dtacaíonn siad le deireadh a chur leis an dáta éaga laethúil agus tuairisciú díorthach thar an gcuntar atá bunaithe ar ISIN á choinneáil ar bun ag an am céanna. D’athdhearbhaigh rannpháirtithe eile sa mhargadh, go háirithe ionadaithe ón taobh díola, gurbh fhearr leo tuairisciú atá bunaithe ar AUT do dhíorthaigh thar an gcuntar. D’agair formhór na bhfreagróirí a bhí i bhfabhar tuairisciú atá bunaithe ar AUT ailíniú idirnáisiúnta na gcaighdeán tuairiscithe, ach d’aithin siad freisin go dtabharfadh na hathchóirithe atá beartaithe ar ISO 6166 (ISIN) aghaidh ar chuid de na cúiseanna le hiomadú ISIN agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí iad a mheas mar réiteach comhréitigh inmharthana maidir le tuairisciú trédhearcachta díorthach thar an gcuntar faoi raon feidhme Airteagal 8a(2) de MiFIR.
Chuir formhór na bhfreagróirí in iúl gurbh fhearr leo réimse luacha aonair Boole a chur in ionad liosta miondealaithe de ghnáthchoinbhinsiúin ghnó lena ndéanfaí idirdhealú idir na coinbhinsiúin ‘chaighdeánacha’ agus na coinbhinsiúin ‘neamhchaighdeánacha’.
D’iarr formhór na bhfreagróirí ar an gCoimisiún tuilleadh comhairliúcháin a dhéanamh maidir leis an dara céim den chumhachtú a leagtar amach in Airteagal 27(5) de MiFIR, i.e. chun sonraí tagartha sainaitheanta a shainiú atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha tuairiscithe idirbheart.
An 5 Iúil 2024, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Sainghrúpa an Choiste Eorpaigh um Urrúis (EGESC) maidir le hábhar an dréachtghnímh tharmligthe. Bhí formhór na mBallstát a labhair i bhfabhar ISIN thar an gcuntar a choinneáil agus na tréithe atá mar chuid den aitheantóir sin a shimpliú ag an am céanna. Trí ISO 6166 (ISIN) a choinneáil le haghaidh tuairisciú díorthach thar an gcuntar, thug trí Bhallstát dá n‑aire go bhféadfadh sé teacht salach ar na cuspóirí maidir le hiomaíochas an Aontais a fheabhsú agus an t‑ualach rialála a laghdú. Moladh freisin réimse luacha aonair Boole (caighdeánach vs neamhchaighdeánach) a chur in ionad liosta na gcoinbhinsiún gnó caighdeánach agus foráil a dhéanamh le haghaidh tréimhse cur chun feidhme níos faide.
Agus é mar aidhm tuairimí éagsúla na bpáirtithe leasmhara a réiteach, leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo na sonraí tagartha sainaitheanta ba cheart a úsáid chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8(a), agus in Airteagail 10 agus 21 de MiFIR.
Tá sé ríthábhachtach nach mbeidh dátaí conarthacha sonracha, amhail dáta éaga nó dáta éifeachtach na babhtála, mar chuid de shonraí tagartha sainaitheanta. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith mar chuid de na réimsí éigeantacha trédhearcachta agus tuairiscithe idirbheart (MiFIR, RTS 2 agus RTS 22).
Tá sé chomh tábhachtach céanna go léireodh luachanna an méid seo a leanas maidir leis an mbabhtáil ráta úis thar an gcuntar: (i) an dáta éifeachtach caighdeánach a bhaineann leis an ráta tagartha foluiteach ábhartha a chur i bhfeidhm; (ii) ceann amháin den dá choinbhinsiún caighdeánacha maidir le hathsceidealú dátaí a chur i bhfeidhm maidir le babhtálacha ráta úis, (iii) diall ó aon téarma gnó caighdeánach eile atá bainteach leis an ráta tagartha foluiteach ábhartha nó (iv) ceann amháin nó níos mó d’fhorálacha eile a bhfuil tionchar acu ar phraghsanna nach luaitear mar chuid de na téarmaí caighdeánacha gnó ach atá mar chuid de na sonraí tagartha sainaitheanta.
Agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige de bhun Airteagal 27(3) MiFIR, beidh sé de rogha ag ESMA an Rialachán Tarmligthe seo a chur chun feidhme trí aitheantóir uathúil iomchuí a roghnú ina mbeidh na sonraí tagartha sainaitheanta uile a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo. Féadfaidh ESMA a roghnú freisin an Rialachán Tarmligthe seo a chur chun feidhme trí aitheantóir uathúil iomchuí ina mbeidh cuid de na sonraí tagartha sainaitheanta a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo in éineacht leis na sonraí tagartha sainaitheanta eile atá ábhartha don trédhearcacht.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
·In Airteagal 1 tá na rialacha oibríochtúla maidir leis na sonraí tagartha sainaitheanta a úsáidfear ón 1 Meán Fómhair 2026 le haghaidh rátaí úis thar an gcuntar agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8(a), agus in Airteagail 10 agus 21 de MiFIR.
·Leagtar amach in Airteagal 2 an dáta teacht i bhfeidhm chomh maith le dáta cur i bhfeidhm. Beidh feidhm ag an Rialachán Tarmligthe ó dháta a theacht i bhfeidhm.
·Áirítear san Iarscríbhinn tábla ina liostaítear sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar. Áirítear san Iarscríbhinn freisin tábla ina liostaítear téarmaí caighdeánacha gnó le haghaidh na rátaí tagartha dá dtagraítear i mbabhtálacha rátaí úis thar an gcuntar faoi réir na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2), agus in Airteagail 10 agus 21 de MiFIR.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 24.1.2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí tagartha sainaitheanta i dtaca le díorthaigh thar an gcuntar atá le húsáid chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2) agus in Airteagail 10 agus 21
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) 648/2012,agus go háirithe Airteagal 27(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar a shainaithint chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2), agus Airteagail 10 agus 21 de Rialachán (AE) 600/2014.
(2)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir díorthaigh thar an gcuntar i dtéarmaí aicme sócmhainne, trína léiriú an bhfuil díorthach thar an gcuntar ag tagairt do ráta, creidmheas, rátaí malairte eachtraí, cothromais, tráchtearraí, nó aicmí sócmhainne neamhchaighdeánacha eile.
(3)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla díorthaigh thar an gcuntar a idirdhealú ó thaobh an chineáil ionstraime de trína léiriú an babhtáil, céadrogha nó conradh réamhcheaptha é díorthach thar an gcuntar.
(4)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir babhtálacha ráta úis thar an gcuntar i dtéarmaí an chineáil sócmhainne foluití, trína léiriú, bunaithe ar ISO 10962 (AIA) 2021, cibé acu an babhtáil ráta sheasta le ráta comhlúthach, babhtáil ráta sheasta nó bonnbhabhtáil (bonn) é díorthach ráta úis thar an gcuntar.
(5)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar i dtéarmaí airgeadra bharúlaigh, trína léiriú an bhfuil babhtáil rátaí úis thar an gcuntar ainmnithe in aon cheann de na ceithre airgeadra dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) de Rialachán (AE) 600/2014 agus, más amhlaidh go bhfuil, tríd an airgeadra ábhartha a shainaithint faoi threoir chód airgeadra trí charachtar ISO 4217.
(6)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar i dtéarmaí cineál seachadta, trí ISO 10962 (AIA) 2021 a úsáid chun a chinneadh an bhfuil babhtáil rátaí úis thar an gcuntar inseachadta (fisiciúil) nó neamh‑inseachadta (airgead tirim).
(7)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla an sceideal barúlach le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar a shainaithint trí úsáid a bhaint as ISO 10962 (AIA) 2021 chun a léiriú cé acu an bhfuil sceideal barúlach tairiseach, fuilleach, amúchta nó saincheaptha ag an mbabhtáil nó nach bhfuil.
(8)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar i dtéarmaí a rátaí tagartha foluiteacha.
(9)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla ar an eolas faoi théarmaí caighdeánacha gnó áirithe a bhaineann leis an ráta tagartha foluiteach. Ba cheart go léireodh na coinbhinsiúin chaighdeánacha ghnó ábhartha na heilimintí sonraí criticiúla (ESC) a shainítear i dtreoraíocht theicniúil athbhreithnithe ESC an Choiste Formhaoirseacht Rialála (CFR) toisc go bhfuil na tréithe sin caighdeánaithe, go dtacaítear leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus go gcoinníonn CFR iad. Is iad seo a leanas na ceithre ESC: (i) an coinbhinsiún is infheidhme maidir le laethanta seasta a áireamh, (ii) minicíocht na híocaíochta seasta, (iii) an coinbhinsiún maidir le laethanta comhlúthacha a áireamh, (iv) minicíocht na híocaíochta comhlúthaí.
(10)Chun babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar nach bhfuil i gcomhréir leis na téarmaí caighdeánacha gnó a bhaineann lena rátaí tagartha foluiteacha a shainaithint, ba cheart go bhféadfaí freisin, trí shonraí tagartha sainaitheanta, an coinbhinsiún maidir le lá gnó a choigeartú, an aga moille socraithe, an féilire íocaíochta agus nach bhfuil aon íocaíochtaí breise sa chonradh a chinneadh.
(11)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar maidir le téarma na rátaí tagartha foluiteacha, trí théarma an ráta tagartha fholuitigh a shainaithint i laethanta, seachtainí, míonna, nó blianta, de réir mar is infheidhme.
(12)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar le téarmaí caighdeánacha i dtaca le rátaí tagartha foluiteacha, trí na téarmaí caighdeánacha is infheidhme maidir le gach ceann de na rátaí tagartha foluiteacha a léiriú.
(13)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla a chinneadh an dtugtar babhtáil ráta úis thar an gcuntar i gcrích le haghaidh ceann de na téarmaí bliana iomláine faoi raon feidhme Airteagal 8a(2) de Rialachán (AE) 600/2014. I gcás ina dtugtar babhtáil ráta úis thar an gcuntar i gcrích le haghaidh téarma bliana iomláine, ba cheart do shonraí tagartha sainaitheanta téarma an chonartha arna shloinneadh mar shlánuimhir a shainaithint agus an t‑aonad tréimhse ama is infheidhme a léiriú.
(14)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla a chinneadh an bhfuil babhtáil ráta úis thar an gcuntar spot‑tosaithe, i.e., an dtagann sí i bhfeidhm tar éis 2 lá gnó de ghnáth tar éis an conradh a thabhairt i gcrích, nó an bhfuil sí réamhthosaithe, rud a chiallaíonn go dtagann an conradh babhtála ráta úis thar an gcuntar i bhfeidhm ag aon dáta tosaigh eile a chomhaontaítear go conarthach.
(15)Ba cheart go gcuirfeadh sonraí tagartha sainaitheanta ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla a chinneadh an mbaineann babhtáil úis thar an gcuntar úsáid as an bhféilire, as an Margadh Airgeadaíochta Idirnáisiúnta nó as aon choinbhinsiún (neamhchaighdeánach) eile maidir le hathsceidealú dátaí.
(16)Níor cheart an dáta éaga laethúil ná an dáta éifeachtach babhtála ráta úis a áireamh i sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha ráta úis thar an gcuntar toisc go gcuireann tréithe den sórt sin cosc ar chomparáid fhiúntach praghsanna le haghaidh babhtálacha ráta úis thar an gcuntar.
(17)Aitheantóir uathúil táirge a comhaontaíodh ar fud an domhain is ea Aitheantóir Uathúil Táirge (AUT) ISO 4914 a forbraíodh mar uirlis aitheantais le haghaidh babhtálacha mainneachtana ráta úis agus creidmheasa thar an gcuntar chun comhiomlánú riosca sonraí ag stórtha trádála a éascú ar fud margaí díorthach domhanda thar an gcuntar. Mar sin féin, níl na sonraí tagartha sainaitheanta eile is gá chun babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar a shainaithint i gceart in ISO 4914 (AUT) le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2), agus in Airteagail 10 agus 21 de Rialachán (AE) 600/2014. Dá bhrí sin, ba cheart ISO 4914 (AUT) a chomhlánú leis na sonraí tagartha sainaitheanta eile sin. Chun na críche sin, le hAirteagal 27(3) de Rialachán (AE) 600/2014, tugtar de chumhacht don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun a shonrú, i measc nithe eile, caighdeáin agus formáidí sonraí le haghaidh na sonraí tagartha ionstraime airgeadais, lena n‑áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú orthu a sholáthar do ESMA agus a tharchur chuig údaráis inniúla, agus foirm agus inneachar na sonraí sin. Áirítear leis na modhanna agus na socruithe chun na sonraí tagartha sainaitheanta a sholáthar an rogha chun a cheangal go ndéanfar na sonraí tagartha sainaitheanta uile a leagtar amach sa Rialachán seo a thuairisciú mar chuid d’aitheantóir uathúil.
(18)Chun go mbeifear in ann ailíniú a dhéanamh idir an Rialachán seo agus an Rialachán Tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 600/2014 agus chun dóthain ama a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh agus d’údaráis inniúla na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun na ceanglais maidir le sonraí tagartha a chomhlíonadh, ba cheart babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar a shainaithint leis na sonraí tagartha sainaitheanta a leagtar amach sa Rialachán seo ón 1 Meán Fómhair 2026.
(19)Le hAirteagal 27da(1), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 600/2014, ceanglaítear ar ESMA tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar nó fo-aicmí ábhartha de dhíorthaigh thar an gcuntar laistigh de 3 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tráth nach luaithe ná 6 mhí ó thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán. Chun a áirithiú go seolfar an nós imeachta roghnúcháin go tráthúil chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite aonair a cheapadh do dhíorthaigh thar an gcuntar nó d’fho-aicmí ábhartha de dhíorthaigh thar an gcuntar, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar
1.Ón 1 Meán Fómhair 2026, chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2), agus in Airteagail 10 agus 21 de Rialachán (AE) 600/2014, úsáidfear na sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.Ón 1 Meán Fómhair 2026, chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2), agus in Airteagail 10 agus 21 de Rialachán (AE) 600/2014, áireofar freisin Aitheantóir Uathúil Táirge (AUT) ISO 4914 sna sonraí tagartha sainaitheanta le haghaidh babhtálacha rátaí úis thar an gcuntar agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa thar an gcuntar.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24.1.2025
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN