RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 18.6.2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe d’fhíorú sonraí agus de chreidiúnú fíoraitheoirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 15, an tríú fomhír, agus Airteagal 30f(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tar éis Treoir 2003/87/CE a leasú le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , ní mór Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún 3 a leasú ionas go n‑ionchorpraítear rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le fíorú bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a shonraítear in Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE. Chun bealach struchtúrtha a sholáthar chun tuairisciú a dhéanamh ar gharspriocanna agus spriocanna a baineadh amach agus chun fíorú na ngarspriocanna agus na spriocanna sin a éascú, cuireadh ceanglais nós imeachta san áireamh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún 4 maidir le tuarascáil aeráidneodrachta a chur isteach agus maidir le hábhar na tuarascála sin. Tá sé fíor-riachtanach rialacha comhchuibhithe a chur ar fáil maidir le tuarascáil den sórt sin a fhíorú.

(2)Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a baineadh nó nár baineadh garspriocanna agus spriocanna amach, tá sé fíor-riachtanach don fhíoraitheoir measúnú a dhéanamh ar iomláine agus ar chomhlíontacht na tuarascála aeráidneodrachta leis na ceanglais a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842, agus seiceáil a dhéanamh ar dheiseanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe agus ar chruinneas na sonraí sa tuarascáil aeráidneodrachta. Ba cheart don fhíoraitheoir an plean aeráidneodrachta a ghlacadh mar thúsphointe agus measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an oibreora leis an bplean sin, go háirithe i ndáil le garspriocanna, spriocanna, bearta agus infheistíochtaí. Chun gur féidir leis an údarás inniúil cinneadh a dhéanamh cé acu is gá nó nach gá lamháltais astaíochtaí a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 22b(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún 5 , ba cheart faisnéis leordhóthanach a bheith sa tuarascáil fíorúcháin maidir le haon neamhréireacht nach bhféadfaí a réiteach sula n‑eiseofaí an tuarascáil sin, lena n‑áirítear aon neamhchomhlíontacht de chuid an phlean aeráidneodrachta leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún 6 , ar neamhchomhlíontacht é a shainaithin an fíoraitheoir.

(3)Chun ailíniú le rialacha agus caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus sonraí leithdháilte a fhíorú, ba cheart na sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, na hoibleagáidí in Airteagal 4 agus cur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidlí II agus III de Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leathnú chun fíorú tuarascálacha aeráidneodrachta a chumhdach mura n‑éilítear rialacha saincheaptha eile leis an bhfíorú sin. Ar an gcaoi chéanna, na ceanglais maidir le creidiúnú fíoraitheoirí i gCaibidil V den Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus na ceanglais maidir le comhar agus malartú faisnéise idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe agus údaráis inniúla i gCaibidil VI den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na tuarascálacha aeráidneodrachta a fhíorú.

(4)Tá sé fíor-riachtanach don fhíoraitheoir faisnéis leordhóthanach a fháil chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an tuarascáil aeráidneodrachta saor ó mhíráitis ábhartha agus gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna. Chun cineálacha cur chuige comhchuibhithe a áirithiú, is gá rialacha a bhunú maidir leis an gcineál faisnéise atá le comhroinnt idir an t‑oibreoir agus an fíoraitheoir agus maidir leis na tosca atá le breithniú san anailís straitéiseach agus riosca chun an fíorú a phleanáil.

(5)Chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta de bhun Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE, ba cheart don fhíoraitheoir seiceáil a dhéanamh ar na sonraí a úsáidtear chun a léiriú gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna sin. Chun comhchuibhiú mheasúnú an fhíoraitheora ar thuarascálacha aeráidneodrachta a áirithiú ar fud na suiteálacha, ba cheart rialacha a bhunú maidir le seiceálacha atá le déanamh ar fhianaise agus ar phlean aeráidneodrachta an oibreora agus maidir le bearnaí sna sonraí a úsáidtear chun a léiriú go bhfuil na garspriocanna nó na spriocanna bainte amach.

(6)Chun fíorú na dtuarascálacha aeráidneodrachta a phleanáil agus chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil míráiteas, neamhchomhréireacht nó neamhchomhlíontacht ábharthach, ba cheart leibhéal ábharthachta a bhunú. Chun a ghné chainníochtúil a chur i bhfeidhm agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, ba cheart leibhéal ábharthachta aonfhoirmeach amháin a shonrú le haghaidh na n‑oibreoirí uile gan beann ar a méid agus ar a n‑astaíochtaí. Braitheann na cineálacha sonraí ar cheart an leibhéal ábharthachta a chur i bhfeidhm ina leith ar an gcineál sprice cainníochtúla a shainítear sa phlean aeráidneodrachta agus ba cheart iad a shonrú sa reachtaíocht, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil. Ina theannta sin, ba cheart don fhíoraitheoir breithniú a dhéanamh ar chineál, ar mhéid agus ar imthosca ar leith aon mhíráitis, aon neamhchomhréireachta nó aon saincheist neamhchomhlíontachta.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, agus Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE, ní féidir a fhíorú go bhfuil tuarascáil aeráidneodrachta sásúil ach amháin má tá an tuarascáil aeráidneodrachta saor ó mhíráitis ábhartha agus má baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta i ndáil leis an tréimhse ábhartha 5 bliana. Chun tuairisciú struchtúrtha an fhíoraitheora a éascú, ba cheart rialacha a shonrú maidir le cathain nach féidir tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú mar thuarascáil shásúil.

(8)Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún 7 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2493 ón gCoimisiún 8 chun rialacha faireacháin agus tuairiscithe a chur san áireamh maidir le rátáil nialasach agus neamhnialasach breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte agus breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin. Mar thoradh air sin, na rialacha atá ann cheana maidir le ról an fhíoraitheora i measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 agus fianaise ar chomhlíonadh na gcritéar sin, ní mór iad a chur in oiriúint. Mar chuid de mheasúnú an fhíoraitheora ar chur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta faireacháin, ba cheart don fhíoraitheoir seiceáil a dhéanamh ar fhianaise an oibreora, an oibreora aerárthaigh nó an eintitis rialáilte i dtaobh feidhm a bheith ag na critéir ábhartha inbhuanaitheachta agus ag na critéir ábhartha maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus i dtaobh comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh na gcritéar sin. Ba cheart feidhm a bheith ag seiceálacha comhchosúla agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 2(13) de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 le haghaidh breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin. Má shainaithníonn an fíoraitheoir neamhchomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa is infheidhme, rud nach féidir a cheartú sula n‑eisítear an tuarascáil fíorúcháin, ba cheart é sin a thuairisciú sa tuarascáil fíorúcháin.

(9)Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 le Rialachán 2024/2493 (AE) ón gCoimisiún chun sannadh breoslaí malartacha nó breoslaí eitlíochta incháilithe agus a n‑astaíochtaí a rialáil maidir le heitiltí sonracha. I gcás nach féidir na breoslaí sin a shannadh go fisiceach d’eitilt shonrach, áirítear rialacha sonracha maidir le sannadh comhréireach na mbreoslaí sin d’eitiltí a imíonn ó aerfoirt agus maidir le huainiú sheachadadh na mbreoslaí chuig an gcóras breoslaithe. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus sláine comhshaoil, is iomchuí ról an fhíoraitheora a shonrú maidir le seiceáil a dhéanamh ar comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh na gceanglas ábhartha in Airteagal 53a go hAirteagal 54c de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

(10)Chun sannadh ceart comhréireach breoslaí eitlíochta malartacha agus breoslaí eitlíochta incháilithe d’eitiltí a áirithiú agus chun an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoin méid sin, ba cheart don fhíoraitheoir seiceálacha a dhéanamh ar iomláine agus ar chruinneas an mhéid breosla eitlíochta íon mhalartaigh nialas-rátaithe a éilíodh agus ar mhéid an bhreosla íon eitlíochta incháilithe in aghaidh na catagóire breosla de bhun Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart don fhíoraitheoir aon neamhréireacht a thugtar faoi deara a thuairisciú sa tuarascáil fíorúcháin.

(11)I gcomhréir le raon feidhme leathnaithe Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, tugadh rialacha nua isteach le Rialachán (AE) 2024/2493 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar CO2 arna aistriú chuig suiteálacha nó chuig an mbonneagar iompair CO2 le haghaidh stóráil gheolaíoch fhadtéarmach mar a shonraítear in Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. Chun a áirithiú go sainaithneofar neamhréireachtaí i mbaint an mhéid CO2 arna aistriú, tá sé fíor-riachtanach go sonrófar na seiceálacha ba cheart d’fhíoraitheoir a dhéanamh agus measúnú á dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta faireacháin agus ar bhaint iomchuí CO2 arna aistriú i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(12)Chun a áirithiú go ndéanfar CO2 atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirge a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún 11 a bhaint i gceart ó astaíochtaí iomlána suiteálacha, tá sé fíor-riachtanach na seiceálacha a shonrú atá le déanamh ag an bhfíoraitheoir ar an gcainníocht CO2 atá buancheangailte go ceimiceach sna táirgí sin agus baint an CO2 sin.

(13)Tar éis leasuithe ar Threoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , leagtar síos rialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 oibreoirí aerárthaigh i Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/2066. Mar thoradh ar na hathruithe sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 agus maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a dhéanann an fíorú sin a ionchorprú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(14)I dtaobh fhíorú na tuarascála maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh, ba cheart na céimeanna céanna atá i dtuarascálacha maidir le fíorú astaíochtaí CO2 an oibreora aerárthaigh a leanúint. Chun na críche sin, ba cheart na sainmhínithe in Airteagal 3, an oibleagáid in Airteagal 4 agus cur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidlí II agus III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 a leathnú chun fíorú éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chumhdach mura n‑éilíonn saintréithe sonracha an fhíoraithe sin rialacha saincheaptha eile. Ar an gcaoi chéanna, na ceanglais maidir le creidiúnú fíoraitheoirí i gCaibidil V de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus na ceanglais maidir le comhar agus malartú faisnéise idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe agus údaráis inniúla i gCaibidil VI den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le héifeachtaí eitlíochta CO2 a fhíorú.

(15)I gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Threoir 2003/87/CE, tá uathoibriú le cur i bhfeidhm a mhéid is féidir agus éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 á bhfíorú. I gcás ina ndéantar tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur ann go huathoibríoch ón gcóras rianaithe éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 (NEATS) arna fhorbairt ag an gCoimisiún nó ó uirlis TF tríú páirtí arna formheas ag an gCoimisiún gan bainteacht nó leasú ar bith ar na sonraí ionchuir ag an oibreoir aerárthaigh, ba cheart a mheas go bhfuil na tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta CO2 fíoraithe. Sna cásanna sin, rinne an córas nó an uirlis seiceálacha fíorúcháin uathoibrithe ar an tuarascáil. Chun ailíniú le tuairisciú CO2 a áirithiú agus chun an cruinneas sonraí is airde is féidir a bhaint amach, ba cheart seiceáil comhsheasmhachta a dhéanamh mar chuid den fhíorú ar thuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh idir an fhaisnéis eitilte sa tuarascáil astaíochtaí agus an fhaisnéis eitilte in NEATS nó san uirlis TF tríú páirtí agus raon feidhme na n‑eitiltí a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE á mheas ag an am céanna. Chun an t‑ualach riaracháin a íoslaghdú, níor cheart a cheangal ar na hastaírí beaga seiceálacha comhsheasmhachta den sórt sin a dhéanamh. Ba cheart don fhíoraitheoir aon neamhréireacht a thugtar faoi deara san fhaisnéis eitilte a thuairisciú sa tuarascáil fíorúcháin.

(16)I gcás ina n‑úsáideann an t‑oibreoir aerárthaigh a shonraí féin chun ionchur a dhéanamh in NEATS nó in uirlis tríú páirtí arna formheas ag an gCoimisiún nó i gcás ina gcuireann sé a mhodhanna ríofa féin i bhfeidhm, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le sláine comhshaoil agus le muinín an phobail a mhéadú as cruinneas na sonraí, le haghaidh na tuarascála maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, go ndéanfaidh fíoraitheoir inniúil neamhspleách í a fhíorú.

(17)Ba cheart critéir inniúlachta shonracha a shainiú chun gur féidir le fíoraitheoirí fíorú a dhéanamh ar thuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 agus chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe teicniúla d’fhaireachán agus de thuairisciú éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Leis sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do chomhlachtaí creidiúnaithe measúnú a dhéanamh ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht an fhíoraitheora in aghaidh na gcritéar sonrach sin agus fíoraitheoirí á gcreidiúnú agus maoirseacht á déanamh orthu.

(18)Chun muinín an phobail as cáilíocht agus stóinseacht an fhíoraithe a mhéadú agus an creidiúnú á éascú agus an t‑ualach riaracháin á sheachaint ag an am céanna, ba cheart leathnú ar raon feidhme creidiúnaithe 12 atá ann cheana le haghaidh na heitlíochta a chruthú chun an tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a fhíorú. Fíoraitheoirí a dhéanann fíorú ar thuarascáil astaíochtaí, ba cheart iad a chreidiúnú de réir raon feidhme creidiúnaithe 12a ach ba cheart fíoraitheoirí a fhíoraíonn tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chreidiúnú le haghaidh raon feidhme creidiúnaithe leathnaithe 12b. Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, ba cheart díolúine a chruthú do na cásanna sin ina bhfuil fíorú na dtuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 réasúnta simplí mar gheall ar an gcineál ionchuir sonraí a dhéanann an t‑oibreoir aerárthaigh amhail faisnéis eitilte, sonraí faoi ruthag eitilte nó sonraí faoi mhaoin aerárthaí. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mba leor creidiúnú i gcoinne raon feidhme 12a.

(19)Ionas nach n‑imreofar tionchar ar chreidiúnuithe bailí fíoraitheoirí a fhíoraíonn tuarascálacha astaíochtaí CO2, ba cheart fíoraitheoirí atá creidiúnaithe i gcoinne raon feidhme creidiúnaithe 12 faoin tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm a bheith in ann tuarascálacha astaíochtaí an oibreora aerárthaigh, agus tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, a fhíorú, i gcás nach n‑athraíonn an t‑oibreoir aerárthaigh ach an fhaisnéis eitilte, na sonraí faoi ruthag eitilte nó na hairíonna aerárthaigh in NEATS nó san uirlis tríú páirtí arna formheas ag an gCoimisiún.

(20)Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh rochtain ag an bhfíoraitheoir ar na córais TF a úsáideann oibreoirí aerárthaigh chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Ní mór rialacha comhchuibhithe a bhunú maidir leis an gcineál faisnéise, na córais nó na huirlisí atá le comhroinnt idir an t‑oibreoir agus an fíoraitheoir agus maidir leis na tosca atá le breithniú san anailís straitéiseach agus riosca chun an fíorú a phleanáil.

(21)Mar chuid den fhíorú sonraí, ba cheart d’fhíoraitheoirí seiceálacha comhsheasmhachta sonracha a dhéanamh ar na sonraí a úsáideann oibreoirí aerárthaigh agus na tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 á dtiomsú acu. Ba cheart an cineál seiceálacha a bheith ag brath ar an ionchur sonraí sonrach. Tá gá le rialacha comhchuibhithe chun na seiceálacha sin a shainiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na sonraí atá in easnamh sna héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.

(22)Chun ailíniú le fíorú CO2 agus chun a chur san áireamh go ndéantar sonraí maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a phróiseáil agus a thaifeadadh den chuid is mó i gcórais uathoibrithe, an sainiú ar láithreán i bhfíorú CO2 agus na rialacha maidir le cuairteanna ar an láithreán atá le déanamh ag an bhfíoraitheoir, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an bhfíorú ar thuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Ba cheart cuairteanna fíorúla ar an láithreán a cheadú faoi choinníollacha comhchosúla. Ba cheart do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin agus ar fheidhmíocht na bhfíoraitheoirí le linn na gcuairteanna sin ar an láithreán mar chuid den fhaireachas bliantúil ar fhíoraitheoirí.

(23)Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus chun an t‑ualach riaracháin a sheachaint, tá leibhéal aonfhoirmeach ábharthachta amháin le haghaidh na n‑oibreoirí aerárthaigh uile iomchuí chun fíorú na dtuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a phleanáil agus chun tacú le measúnú an fhíoraitheora san fhíorú sin i dtaobh tionchar ábhartha a bheith ag míráiteas, neamhchomhréireacht nó neamhchomhlíonadh.

(24)Chun a áirithiú nach dtabharfar neamhaird ar mhíráitis aonair nó chomhiomlána, neamhchomhréireacht nó neamhchomhlíonadh Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/2066 faoin leibhéal ábharthachta is infheidhme, ba cheart a mheas go bhfuil na saincheisteanna sin ábhartha freisin má tá údar leis sin i bhfianaise chineál, mhéid agus imthosca ar leith na saincheiste áirithe sin.

(25)Chun an t‑ualach riaracháin ar eintitis rialáilte a bhfuil cásanna faireacháin simplí agus rioscaí ísle ag baint leo a mhaolú, ba cheart roinnt simplithe a fhorbairt i bhfíorú thuarascálacha na n‑eintiteas rialáilte sin. Níor cheart na simplithe sin a bheith infheidhme ach amháin faoi choinníollacha dochta chun cáilíocht an fhíoraithe a áirithiú agus chun sláine an chomhshaoil a chaomhnú.

(26)Chun an riosca a laghdú go gcuirfí neamhchlaontacht an fhíoraitheora i mbaol, ba cheart na rialacha maidir le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an fhíoraitheora agus a fhoirne a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin a leathnú chuig fíorú tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.

(27)De bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2003/87/CE, na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó bhreoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte agus breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, beidh feidhm leo ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le fíorú astaíochtaí a bhaineann leis na breoslaí sin maidir le fíorú na dtuarascálacha astaíochtaí a bhaineann leis an tréimhse thuairiscithe 2024.

(28)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) fíorú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, arna dtuairisciú ag an eintiteas rialáilte de bhun Airteagal 30f de Threoir 2003/87/CE;’

(b)cuirtear pointe (c) isteach: 

‘(c) fíorú éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, arna dtuairisciú ag an oibreoir aerárthaigh de bhun Airteagal 14(5) de Threoir 2003/87/CE.’; 

(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an pointe (6c) seo a leanas isteach:

‘(6c) ciallaíonn ‘tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2’ an tuarascáil atá le cur isteach ag an oibreoir aerárthaigh de bhun Airteagal 14(5) de Threoir 2003/87/CE agus atá le háireamh mar cheangaltán i dtuarascáil astaíochtaí bhliantúil an oibreora aerárthaigh i gcomhréir le hAirteagal 68(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

‘(7)    ‘ciallaíonn ‘tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh’ an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil atá le cur isteach ag an oibreoir nó ag an oibreoir aerárthaigh de bhun Airteagal 14(3) de Threoir 2003/87/CE, an tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, an tuarascáil ar shonraí bonnlíne a chuir an t‑oibreoir isteach de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún*, an tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua arna cur isteach ag an oibreoir de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán sin, an tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó an tuarascáil aeráidneodrachta;’;

___________

* Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/331/oj ).

(c)leasaítear pointe (13) mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)chun tuarascáil astaíochtaí oibreora aerárthaigh nó tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 oibreora aerárthaigh a fhíorú, aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéanann an t‑oibreoir aerárthaigh atá contrártha leis na ceanglais sa phlean faireacháin a d’fhormheas an t‑údarás inniúil;’;

(ii)cuirtear an pointe (ca) seo a leanas isteach:

‘(ca) chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid an oibreora atá contrártha leis na sonraíochtaí sa phlean aeráidneodrachta;’;

(d)i bpointe (14), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)    chun tuarascáil astaíochtaí nó chun tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 oibreora aerárthaigh a fhíorú: na suíomhanna ina sainítear agus ina mbainistítear an próiseas faireacháin, lena n‑áirítear na suíomhanna ina ndéantar na sonraí agus an fhaisnéis ábhartha a rialú agus a stóráil;’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (30):

‘(30) ciallaíonn ‘tréimhse thuairiscithe maidir leis an leibhéal gníomhaíochta’ an tréimhse is infheidhme roimh chur isteach na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842;’;

(f)cuirtear isteach na pointí (31) agus (32) seo a leanas:

‘(31) ciallaíonn ‘tuarascáil aeráidneodrachta’ tuarascáil arna cur isteach ag oibreoir de bhun Airteagal 3b(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842;

(32) ciallaíonn ‘tréimhse thuairiscithe maidir leis an aeráidneodracht’, de bhun Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, agus Airteagal 10b(4), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, an tréimhse is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 agus ina dhiaidh sin gach tréimhse 5 bliana dar críoch an 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin.’;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Iontaofacht an fhíoraithe

Beidh tuarascáil astaíochtaí fhíoraithe, tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tuarascáil ar shonraí bonnlíne, tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó tuarascáil aeráidneodrachta iontaofa d’úsáideoirí. Na tuarascálacha sin, léireoidh siad go dílis an méid a mhaítear go léiríonn siad nó an méid a bhféadfaí coinne a bheith leis go réasúnach go léireodh siad.

Uirlis éifeachtach iontaofa a bheidh sa phróiseas chun tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh a fhíorú chun tacú le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, lena soláthrófar faisnéis ar féidir le hoibreoir nó le hoibreoir aerárthaigh gníomhú dá réir chun feabhas a chur ar fheidhmíocht maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, sonraí atá ábhartha don leithdháileadh saor in aisce nó sonraí atá ábhartha do thuarascálacha aeráidneodrachta, lena n‑áirítear sonraí i ndáil le garspriocanna agus spriocanna.’;

(4)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a) go bhfuil tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh iomlán agus go gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, in Airteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, de réir mar is iomchuí;

(b)gur ghníomhaigh an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh i gcomhréir le ceanglais an cheada astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leis an bplean faireacháin a d’fhormheas an t‑údarás inniúil, i gcás lena mbaineann fíorú tuarascála astaíochtaí oibreora, agus i gcomhréir le ceanglais an phlean faireacháin a d’fhormheas an t‑údarás inniúil, i gcás lena mbaineann fíorú tuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh nó na tuarascála maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2;’;

(ii)cuirtear an pointe (ca) seo a leanas isteach:

‘(ca) i gcás ina mbaineann sé le fíorú a dhéanamh ar thuarascáil aeráidneodrachta oibreora, ghníomhaigh an toibreoir i gcomhréir le sonraíochtaí an phlean aeráidneodrachta de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún*, go háirithe maidir le bearta, garspriocanna, infheistíochtaí agus spriocanna;

______________

*Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú (IO L, 2023/2441, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj ).’;

(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

Chun críche phointe (d), gheobhaidh an fíoraitheoir fianaise shoiléir oibiachtúil ón oibreoir nó ón oibreoir aerárthaigh chun tacú leis na hastaíochtaí comhiomlánaithe tuairiscithe, na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, na sonraí atá ábhartha don leithdháileadh saor in aisce nó na sonraí atá ábhartha do thuarascálacha aeráidneodrachta, agus an fhaisnéis eile ar fad a sholáthraítear i dtuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh á cur san áireamh.’;

(b)cuirtear isteach an mhír (5 a) seo a leanas:

‘5a. Má fhaigheann an fíoraitheoir amach nach bhfuil oibreoir ag comhlíonadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441, cuirfear an neamhrialtacht sin san áireamh sa tuarascáil fíorúcháin fiú má mheasann an t‑údarás inniúil go gcomhlíonann an plean aeráidneodrachta an Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 22b(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.’;

(5)leasaítear Airteagal 9(1) mar seo a leanas:

(a)cuirtear an pointe (ba) seo a leanas isteach:

‘(ba) leibhéal faisnéise agus castacht an phlean aeráidneodrachta, a mhéid a bhaineann le fíorú na tuarascála aeráidneodrachta;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)    suíomh na faisnéise agus na sonraí a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, sonraí atá ábhartha don leithdháileadh saor in aisce nó sonraí atá ábhartha do thuarascálacha aeráidneodrachta.’;

(6)leasaítear Airteagal 10(1) mar seo a leanas:

(a)cuirtear an pointe (ca) seo a leanas isteach:

‘(ca) an leagan is déanaí de phlean aeráidneodrachta an oibreora chomh maith le haon leagan ábhartha eile den phlean aeráidneodrachta;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)    tuarascáil bhliantúil astaíochtaí an oibreora nó an oibreora aerárthaigh, tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tuarascáil ar shonraí bonnlíne, tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó tuarascáil aeráidneodrachta, de réir mar is iomchuí;’;

(c)cuirtear isteach an pointe (kb) seo a leanas:

‘(kb) má tugadh an plean aeráidneodrachta cothrom le dáta le linn na tréimhse tuairiscithe aeráidneodrachta, taifead de na nuashonruithe sin go léir i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331;’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (m), (n) agus (o):

‘(m)    an tuarascáil fíorúcháin ón mbliain roimhe sin, ón tréimhse bhonnlíne roimhe sin nó ón tréimhse thuairiscithe aeráidneodrachta roimhe sin, de réir mar is iomchuí, mura ndearna an fíoraitheoir an fíorú don oibreoir nó don oibreoir aerárthaigh áirithe sin an bhliain roimhe sin, an tréimhse bhonnlíne roimhe sin nó an tréimhse tuairiscithe aeráidneodrachta roimhe sin , de réir mar is iomchuí;

(n)    an comhfhreagras ábhartha uile leis an údarás inniúil, go háirithe faisnéis a bhaineann le fógra a thabhairt faoi mhodhnuithe ar an bplean faireacháin, ar an bplean modheolaíochta faireacháin, ar an bplean aeráidneodrachta nó ar gharspriocanna agus spriocanna chomh maith le ceartúcháin ar na sonraí a tuairiscíodh, de réir mar is iomchuí;

(o)    faisnéis faoi na bunachair sonraí agus na foinsí sonraí a úsáidtear chun críoch faireacháin agus tuairiscithe, lena n‑áirítear na bunachair sonraí agus na foinsí sonraí sin ó Eurocontrol nó ó eagraíocht ábhartha eile, ó chóras rianaithe éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 (‘NEATS’) nó ó uirlis TF tríú páirtí de bhun Airteagal 56a(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;’;

(e)cuirtear pointe (oa) seo a leanas isteach:

‘(oa) faisnéis agus sonraí foluiteacha a úsáideann an t‑oibreoir aerárthaigh chun faisnéis eitilte, faisnéis faoi airíonna aerárthaigh agus cineálacha eile faisnéise a ndéantar faireachán orthu a thiomsú, chun ríomh coibhéiseach CO2 a dhéanamh ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 in aghaidh na heitilte, i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún NEATS ar fáil níos déanaí i gcomhréir le hAirteagal 56b(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;’;

(7)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)chun tuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh nó tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh a fhíorú, méid agus cineál an oibreora aerárthaigh, dáileadh na faisnéise i suíomhanna éagsúla chomh maith leis an líon agus an cineál eitiltí;’;

(ii)cuirtear an pointe (ca) seo a leanas isteach:

‘(ca) chun fíorú a dhéanamh ar an tuarascáil aeráidneodrachta, ar an bplean aeráidneodrachta, ar na garspriocanna agus na spriocanna sonracha a leagtar síos sa phlean sin chomh maith le haon nuashonrú ar an bplean aeráidneodrachta sa tréimhse thuairiscithe aeráidneodrachta;’;

(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)cineál, scála agus castacht na bhfoinsí astaíochtaí agus na bhfloscanna bunaidh chomh maith leis an trealamh agus na próisis as ar tháinig astaíochtaí, éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 nó sonraí atá ábhartha don leithdháileadh saor in aisce, lena n‑áirítear an trealamh tomhais a dtugtar tuairisc air sa phlean faireacháin nó sa phlean modheolaíochta faireacháin de réir mar is iomchuí, tionscnamh agus cur i bhfeidhm na bhfachtóirí ríofa agus foinsí sonraí príomhúla eile;’;

(b)cuirtear an pointe (f) a leanas isteach:

‘(f) chun tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a fhíorú, tuairiscítear a mhéid a sholáthraíonn na hoibreoirí aerárthaigh sonraí in NEATS nó uirlisí TF tríú páirtí arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 56a(8) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.’;

(c)leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘(aa) an é an plean aeráidneodrachta a cuireadh faoina bhráid an leagan is déanaí agus ar mheas an túdarás inniúil é sin a bheith comhlíontach i gcomhréir le hAirteagal 22b(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331;’;

(ii)cuirtear an pointe (bb) seo a leanas isteach:

‘(bb) cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon mhodhnú ar an bplean aeráidneodrachta le linn na tréimhse tuairiscithe aeráidneodrachta agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an túdarás inniúil ar an eolas faoi na modhnuithe sin;’;

(8)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)i mír 1,cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘ (c)    plean samplála sonraí ina leagtar amach raon feidhme agus modhanna na samplála sonraí a bhaineann le pointí sonraí is bun leis na hastaíochtaí comhiomlánaithe i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora nó an oibreora aerárthaigh, na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 comhiomlánaithe sa tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, na sonraí comhiomlánaithe is ábhartha don leithdháileadh saor in aisce i dtuarascáil ar shonraí bonnlíne an oibreora, tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua nó tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta, nó na sonraí comhiomlánaithe is ábhartha chun a léiriú gur baineadh amach garspriocanna agus spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta.’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Bunóidh an fíoraitheoir an plean tástála dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar bhealach lenar féidir leis a chinneadh a mhéid is féidir brath ar na gníomhaíochtaí rialaithe ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais a luaitear in Airteagal 7(4), pointí (b), (c), (ca) agus (d), nó Airteagal 7(4), an tríú fomhír.’;

(9)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Cuirfidh an fíoraitheoir an plean fíorúcháin chun feidhme agus, ar bhonn na hanailíse riosca, seiceálfaidh an fíoraitheoir cur chun feidhme an phlean faireacháin nó an phlean modheolaíochta faireacháin a d’fhormheas an t‑údarás inniúil, nó an phlean aeráidneodrachta, de réir mar is iomchuí.’;

(10)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití sa chéad fhomhír:

‘2. Mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus an plean faireacháin formheasta, an plean modheolaíochta faireacháin nó an plean aeráidneodrachta á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí, lena náirítear na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu sa phlean sin, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:’;

(ii)cuirtear an pointe (ca) seo a leanas isteach:

‘(ca) chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, an chomhsheasmhacht le teorainneacha na suiteála a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus lena foshuiteálacha a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331;’;

(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)chun tuarascáil astaíochtaí oibreora aerárthaigh nó tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 oibreora aerárthaigh a fhíorú, iomláine na n‑eitiltí a chumhdaítear le gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE as a bhfuil an t‑oibreoir aerárthaigh freagrach chomh maith le hiomláine na sonraí astaíochtaí nó na n‑éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.’;

(iv)cuirtear isteach an pointe (fb) seo a leanas:

‘(fb) chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, cé acu atá nó nach bhfuil na hastaíochtaí stairiúla, na leibhéil astaíochtaí chomh maith leis na leibhéil ghníomhaíochta comhsheasmhach leis na sonraí a áirítear sna tuarascálacha ar shonraí bonnlíne agus sna tuarascálacha ar an leibhéal gníomhaíochta;’;

(b)cuirtear isteach na míreanna 2a, 2b, 2c agus 2d seo a leanas:

‘2a. I gcás ina soláthraíonn an t‑oibreoir aerárthaigh sonraí maidir le conairí eitilte sa tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, seiceálfaidh an fíoraitheoir iomláine na faisnéise faoi na ruthaig eitilte mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an plean faireacháin formheasta á chur san áireamh.

2b. I gcás ina soláthraíonn an t‑oibreoir aerárthaigh sonraí maidir le hairíonna aerárthaigh sa tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, seiceálfaidh an fíoraitheoir na nithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an plean faireacháin formheasta á chur san áireamh:

(a)an chomhsheasmhacht idir na cineálacha aerárthaigh a liostaítear sa phlean faireacháin formheasta agus sonraí tuairiscithe maidir le cineálacha aerárthaigh agus na sonraí sin a thaifeadtar i dtaifid inmheánacha;

(b)an chomhsheasmhacht idir foinsí sonraí agus nósanna imeachta oibreora aerárthaigh maidir le hinnill aerárthaigh le huimhir aitheantóra uathúil innill an aerárthaigh a liostaítear i mbunachar sonraí astaíochtaí innill na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) nó le foinse sonraí choibhéiseach a úsáidtear chun innill atá ceangailte den aerárthach a shainaithint;

(c)an chomhsheasmhacht idir mais, mais éirí de thalamh nó lódfhachtóir an aerárthaigh i dtaifid inmheánacha an oibreora aerárthaigh agus doiciméadacht mhaise agus chothromaíochta an oibreora aerárthaigh leis na sonraí a thuairiscíonn an t‑oibreoir aerárthaigh.

Bainfidh an fíoraitheoir úsáid freisin as bonn ionsamhlúcháin feidhmíochta an aerárthaigh de shonraí an aerárthaigh chun mais, mais éirí de thalamh nó lódfhachtóir an aerárthaigh a mheas chun comparáid a dhéanamh leis na sonraí arna soláthar ag an oibreoir aerárthaigh.

2c. I gcás ina soláthraíonn an t‑oibreoir aerárthaigh sonraí maidir le feidhmíocht aerárthaigh sa tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, seiceálfaidh an fíoraitheoir na nithe seo a leanas mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an plean faireacháin formheasta á chur san áireamh:

(a)an chomhsheasmhacht idir sonraí faoi na ruthaig eitilte agus sonraí faoin bhfeidhmíocht aerárthaigh feadh a ruthaig, lena n‑áirítear cros-seiceáil a dhéanamh ar na stampaí ama a úsáidtear le haghaidh sonraí faoi na ruthaig eitilte agus sonraí faoin bhfeidhmíocht aerárthaigh;

(b)an chomhsheasmhacht idir ídiú comhiomlánaithe breosla, na sonraí maidir le breosla a cheannaítear nó a sholáthraítear ar bhealach eile don aerárthach a dhéanann an ghníomhaíocht eitlíochta agus tomhais an umair;

(c)an chomhsheasmhacht idir na sonraí a thuairiscíonn an t‑oibreoir aerárthaigh agus sonraíochtaí, taifid inmheánacha agus nósanna imeachta an mhonaróra a bhaineann leis an mbreosla a sheachadtar, leis an sreabhadh breosla agus le héifeachtúlacht inneall an aerárthaigh, lena n‑áirítear sá inneall an aerárthaigh;

(d)aon fhaisnéis a measfaidh an fíoraitheoir gá a bheith léi chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 saor ó mhíráiteas ábhartha.

Agus comhsheasmhacht na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) á seiceáil, úsáidfidh an fíoraitheoir bonn ionsamhlúcháin feidhmíochta an aerárthaigh freisin le haghaidh sonraí aerárthaigh chun tomhais an tsreafa breosla agus éifeachtúlacht an innill a mheas chun comparáid a dhéanamh leis na sonraí a sholáthraíonn an t‑oibreoir aerárthaigh.

2d. I gcás ina n‑úsáideann an t‑oibreoir aerárthaigh a mhodh féin chun airíonna breosla nó sonraí aimsire a chinneadh sa tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, a mhodúl dóite breosla féin nó a mhodúl meastacháin astaíochtaí féin dá dtagraítear in Airteagal 56a(4), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir, mar chuid den fhíorú sonraí dá dtagraítear i mír 1, bailíocht na faisnéise ionchuir a úsáidtear chun na sonraí a chinneadh agus na modhanna arna bhformheas ag an údarás inniúil sa phlean faireacháin a chur i bhfeidhm.’;

(c)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4. Chun iomláine na ruthag eitilte dá dtagraítear i mír 2a a sheiceáil, úsáidfidh an fíoraitheoir samhail eitilte oirbheartaíochta ar bhonn próifíl iarbhír de chuid Eurocontrol, samhail eitilte oirbheartaíochta rialaithe de chuid Eurocontrol, nó de rogha air sin, samhail eitilte oirbheartaíochta ar bhonn comhdú de chuid Eurocontrol nó a coibhéis i dtéarmaí cruinneas sonraí, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le sonraí craolacháin faireachais spleách uathoibríoch.’;

(11)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. I gcás ina mbaintear CO2 aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus go ndéantar an CO2 aistrithe a thomhas tríd an tsuiteáil aistrithe agus an tsuiteáil faighte araon nó trí bhonneagar iompair CO2, seiceálfaidh an fíoraitheoir an féidir difríochtaí idir na luachanna tomhaiste ag an dá shuiteáil nó ag an mbonneagar iompair CO2 a mhíniú trí éiginnteacht na gcóras tomhais agus ar úsáideadh nó nár úsáideadh meánráta uimhríochtúil cruinn na luachanna tomhaiste i dtuarascálacha astaíochtaí an dá shuiteáil nó an bhonneagair iompair CO2.

I gcás nach féidir na difríochtaí idir na luachanna tomhaiste ag an dá shuiteáil nó ag an mbonneagar iompair CO2 a mhíniú le héiginnteacht na gcóras tomhais, seiceálfaidh an fíoraitheoir an ndearnadh coigeartuithe chun na difríochtaí idir na luachanna tomhaiste a ailíniú, an raibh na coigeartuithe sin coimeádach agus ar dheonaigh an t‑údarás inniúil formheas le haghaidh na gcoigeartuithe sin.

I gcás inar gá an CO2 faoi bhealach a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 49(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an CO2 faoi bhealach a aistriú go suiteáil eile nó go bonneagar iompair CO2 tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir an bhliain dár gcionn.’;

(b)cuirtear isteach míreanna 4a, 4b agus 4c mar seo a leanas:

‘4a. I gcás nach n‑áirítear N2O) aistrithe mar N2O astaithe i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus go ndéantar an N2O aistrithe a thomhas tríd an tsuiteáil aistrithe agus an tsuiteáil faighte araon, seiceálfaidh an fíoraitheoir an féidir difríochtaí idir na luachanna tomhaiste ag an dá shuiteáil a mhíniú trí éiginnteacht na gcóras tomhais agus ar úsáideadh nó nár úsáideadh meánráta uimhríochtúil cruinn na luachanna tomhaiste i dtuarascálacha astaíochtaí an dá shuiteáil.

I gcás nach féidir na difríochtaí idir na luachanna tomhaiste ag an dá shuiteáil a mhíniú le héiginnteacht na gcóras tomhais, seiceálfaidh an fíoraitheoir an ndearnadh coigeartuithe chun na difríochtaí idir na luachanna tomhaiste a ailíniú, an raibh na coigeartuithe sin coimeádach agus ar dheonaigh an t‑údarás inniúil formheas le haghaidh na gcoigeartuithe sin.

4b. I gcás ina n‑eascraíonn an CO2 aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 49(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 as ábhair nó breoslaí ina bhfuil carbón nialas-rátaithe, seiceálfaidh an fíoraitheoir na nithe uile seo a leanas:

(a)na torthaí CO2 a aistríodh ó ábhair nó ó bhreoslaí ina bhfuil carbón nialas-rátaithe;

(b)go ndearna an tsuiteáil aistrithe nó an bonneagar iompair CO2 an CO2 aistrithe a bhaint i gceart, i gcomhréir leis an gcodán carbóin nach de thionscnamh carbóin nialas-rátaithe é;

(c)go ndearna oibreoir na suiteála nó an bonneagar iompair CO2 faireachán ar astaíochtaí ó theagmhais sceite, astaíochtaí éalaitheacha nó astaíochtaí scaoilte má tharla na hastaíochtaí sin;

(d)aon fhaisnéis a measfaidh an fíoraitheoir gá a bheith léi chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil tuarascáil astaíochtaí saor ó mhíráiteas ábhartha.

4c. I gcás ina bhfuil ceangal buan ceimiceach ag CO2 i dtáirge i gcomhréir le hAirteagal 49a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir na nithe uile seo a leanas:

(a)go liostaítear an táirge i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620;

(b)go ndearna an t‑oibreoir an CO2 de thionscnamh carbóin nach bhfuil nialas-rátaithe atá buancheangailte go ceimiceach i gcomhréir le hAirteagal 49a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a bhaint i gceart;

(c)an chainníocht CO2 ag a bhfuil ceangal buan ceimiceach i dtáirge a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620;

(d)i gcás ina n‑eascraíonn an CO2 ó ábhair nó ó bhreoslaí ina bhfuil codán carbóin nialas-rátaithe:

(i)go n‑eascraíonn an CO2 ó na hábhair nó na breoslaí sin;

(ii)go ndearna an t‑oibreoir an CO2 atá buancheangailte go ceimiceach a bhaint i gceart, i gcomhréir leis an gcodán carbóin nach de thionscnamh carbóin nialas-rátaithe é;

(e)aon fhaisnéis a measfaidh an fíoraitheoir gá a bheith léi chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí saor ó mhíráiteas ábhartha.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.    Chun tuarascáil astaíochtaí an oibreora a fhíorú, seiceálfaidh an fíoraitheoir an fhianaise seo a leanas mar chuid den tseiceáil dá dtagraítear i mír 1:

(a) fianaise an oibreora lena léirítear comhlíontacht na mbithbhreoslaí nialas-rátaithe leis na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b) fianaise an oibreora lena léirítear comhlíontacht breosla in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte leis na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29a de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) fianaise an oibreora lena léirítear na nithe uile seo a leanas:

(i) comhlíontacht breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin nialas-rátaithe leis an tairseach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2024/1788;

(ii) cé acu a bhí nó nach raibh an cion carbóin i mbreoslaí sintéiseacha ísealcharbóin faoi réir lamháltais a thabhairt suas roimh ré faoi Threoir 2003/87/CE.’;

(d)cuirtear na míreanna 5a agus 5b seo a leanas isteach:

‘5a. I gcás inar chinn an t‑oibreoir an codán bithmhaise agus an codán bithmhaise comhionann nialas-rátaithe den bhithghás trí úsáid a bhaint as taifid cheannaigh i gcomhréir le hAirteagal 39(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir na nithe uile seo a leanas:

(a)ní mhaítear go bhfuil cainníocht an bhithgháis a ceannaíodh á húsáid ag aon duine eile;

(b)tá oibreoir agus táirgeoir an chodáin bithmhaise nasctha leis an eangach chéanna;

(c)aon fhaisnéis a measfaidh an fíoraitheoir gá a bheith léi chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil tuarascáil astaíochtaí saor ó mhíráiteas ábhartha.

5b. I gcás inar gcinntear an codán breoslaí in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó an codán breoslaí carbóin athchúrsáilte agus an codán breoslaí in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch comhionann nó an codán breoslaí carbóin athchúrsáilte comhionann de ghás nádúrtha i gcomhréir le hAirteagal 39a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir na nithe uile seo a leanas:

(a)ní mhaítear go bhfuil an chainníocht breoslaí in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a ceannaíodh á húsáid ag aon duine eile;

(b)tá an t‑oibreoir agus an táirgeoir breoslaí in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch/breoslaí carbóin athchúrsáilte nasctha leis an eangach chéanna;

(c)aon fhaisnéis a measfaidh an fíoraitheoir gá a bheith léi chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí saor ó mhíráiteas ábhartha.’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.    I gcás ina seachadtar an breosla eitlíochta malartach nó an breosla eitlíochta incháilithe chuig an aerárthach ina bhaisceanna atá inaitheanta go fisiceach agus inar féidir é a shannadh go fisiceach d’eitilt thuairiscithe, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar sannadh an chainníocht breosla eitlíochta mhalartaigh nó an chainníocht breosla eitlíochta incháilithe i gceart don eitilt díreach tar éis an breosla a chur ar bord.

I gcás ina ndéanfar roinnt eitiltí dá éis sin gan breosla a chur ar bord idir na heitiltí, déanfaidh an fíoraitheoir a sheiceáil an sanntar an breosla eitlíochta malartach nó an chainníocht breosla eitlíochta incháilithe do na heitiltí sin go comhréireach leis na hastaíochtaí ó na heitiltí sin arna ríomh agus an réamhfhachtóir astaíochta á úsáid.

I gcás nach féidir an breosla eitlíochta malartach a shannadh go fisiceach ag aeradróm d’eitilt shonrach, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar sannadh an breosla eitlíochta malartach d’eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE go comhréireach leis na hastaíochtaí ó na heitiltí sin a imíonn ón aeradróm sin arna ríomh agus an réamhfhachtóir astaíochta á úsáid.

I gcás nach féidir an breosla eitlíochta incháilithe a shannadh go fisiceach ag aeradróm d’eitilt shonrach, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar sannadh an breosla eitlíochta incháilithe d’eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE agus dá eitiltí a chumhdaítear le hAirteagal 3c(8) den Treoir sin go comhréireach leis na hastaíochtaí ó na heitiltí sin arna ríomh agus an réamhfhachtóir astaíochta á úsáid.

Chun críocha fhomhíreanna 3 agus 4, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar seachadadh an breosla eitlíochta malartach nó an breosla eitlíochta incháilithe chuig córas breoslaithe an aeradróim imeachta sa tréimhse thuairiscithe, nó 3 mhí roimh thús na tréimhse tuairiscithe sin, nó 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin, mar a shonraítear sa phlean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil.

Chun críocha fhomhíreanna 1, 2, 3 agus 4, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:

(a)go sanntar an breosla eitlíochta malartach nó an breosla eitlíochta incháilithe i gceart do phéirí aeradróm i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh;

(b)nach mó méid iomlán an bhreosla eitlíochta mhalartaigh a éilítear ná breosla iomlán an oibreora aerárthaigh sin arna thuairisciú le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE, de thionscnamh an aeradróim ag a soláthraítear an breosla eitlíochta malartach;

(ba) nach mó an méid iomlán breosla eitlíochta incháilithe ná úsáid breosla iomlán an oibreora aerárthaigh sin arna thuairisciú le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE agus le haghaidh eitiltí a chumhdaítear le hAirteagal 3c(8) den Treoir sin, de thionscnamh an aeradróim ag a soláthraítear an breosla eitlíochta incháilithe;

(c) nach mó méid iomlán an bhreosla eitlíochta mhalartaigh le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas lena naghaidh i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE ná cainníocht iomlán an bhreosla eitlíochta mhalartaigh arna ceannach óna mbaintear cainníocht iomlán an bhreosla eitlíochta mhalartaigh arna ndíol le tríú páirtithe;

(ca) nach mó an méid breosla eitlíochta incháilithe le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas lena naghaidh i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE agus ó eitiltí a chumhdaítear le hAirteagal 3c(8) den Treoir sin ná cainníocht iomlán an bhreosla eitlíochta incháilithe a ceannaíodh óna mbaintear cainníocht iomlán na mbreoslaí eitlíochta incháilithe a dhíoltar le tríú páirtithe;

(d)nach sáraítear an cóimheas idir breosla eitlíochta malartach nó breosla eitlíochta incháilithe agus breoslaí iontaise a shanntar d’eitiltí arna gcomhiomlánú in aghaidh an phéire aeradróm an uasteorainn chumaiscthe le haghaidh an chineáil breosla eitlíochta mhalartaigh sin nó an chineáil breosla eitlíochta incháilithe sin mar a dheimhnítear i gcomhréir le caighdeán idirnáisiúnta aitheanta;

(e)nach mó an codán comhiomlánaithe nialas-rátaithe sa bhreosla eitlíochta malartach ná méid an bhreosla eitlíochta mhalartaigh a gcuirtear an cruthúnas seo a leanas ar fáil ina leith:

(i)i gcás ina mbaineann an codán nialas-rátaithe leis an gcodán bithmhaise de bhreosla eitlíochta malartach measctha, an cruthúnas maidir leis na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001;

(ii)i gcás ina mbaineann an codán nialas-rátaithe leis an gcodán breoslaí in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó an codán breoslaí carbóin athchúrsáilte de bhreosla malartach measctha, an cruthúnas maidir leis na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29a de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh;

(iii)i gcás ina mbaineann an codán nialas-rátaithe leis an gcodán breosla sintéiseach ísealcharbóin de bhreosla malartach measctha, an cruthúnas maidir leis an tairseach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2024/1788 a chomhlíonadh agus cruthúnas go raibh cion carbóin an bhreosla shintéisigh ísealcharbóin faoi réir lamháltais a thabhairt suas roimh ré faoi Threoir 2003/87/CE.

(f)nár cuireadh i gcuntas méideanna comhionanna an bhreosla eitlíochta mhalartaigh nó an bhreosla eitlíochta incháilithe ná nár maíodh go raibh siad á n‑úsáid i dtuarascáil níos luaithe ná ag oibreoir aerárthaigh eile, ná i gcóras praghsála carbóin eile.’

(12)Cuirtear an tAirteagal 17c seo a leanas isteach:

‘Airteagal 17c

Baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a sheiceáil

Chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta. Chuige sin, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:

(a)fianaise an oibreora i dtaobh cur chun feidhme na bearta a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna curtha chun feidhme agus i dtaobh cur i gcrích chur chun feidhme na mbeart sin;

(b)tionchar aon nuashonrú ar an bplean aeráidneodrachta ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna;

(c)an bhfuil fianaise an oibreora maidir le garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach comhsheasmhach leis an bplean aeráidneodrachta;

(d)cé acu a úsáidtear nó nach n‑úsáidtear sonraí iomchuí chun a léiriú ar baineadh amach garspriocanna agus spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta;

(e)ríomh na sonraí a úsáidtear chun a léiriú ar baineadh amach garspriocanna agus spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta, an bhfuil sé ceart agus an bhfuil na sonraí sin comhsheasmhach le sonraí ábhartha eile sa tuarascáil astaíochtaí fhíoraithe, sa tuarascáil ar shonraí bonnlíne agus sa tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta;

(f)cé acu a léiríonn nó nach léiríonn na spriocanna a baineadh amach laghdú i gcomhréir leis an laghdú measta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil tuairisc air sa phlean aeráidneodrachta agus mura léiríonn, cén bonn cirt atá leis sin.’;

(13)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. I gcás ina bhfuil na sonraí is gá chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a ríomh in easnamh, seiceálfaidh an fíoraitheoir an féidir na sonraí atá in easnamh a mheas trí úsáid a bhaint as NEATS nó as uirlis TF tríú páirtí arna formheas ag an gCoimisiún.

I gcás nach féidir meastachán a dhéanamh ar na sonraí atá in easnamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar cuireadh na sonraí ionadacha arna bhformheas ag an údarás inniúil i bhfeidhm i gceart.

I gcás nach féidir leis an oibreoir aerárthaigh formheas a fháil le haghaidh sonraí ionadacha in am, seiceálfaidh an fíoraitheoir an áirithítear leis an gcur chuige a úsáideann an t‑oibreoir aerárthaigh chun na sonraí atá in easnamh a chomhlánú nach ndéantar gannmheastachán ar na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 agus nach n‑eascraíonn míráitis ábhartha as an gcur chuige sin.’;

(b)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4. I gcás ina bhfuil bearnaí sonraí sna sonraí a úsáidtear chun a léiriú gur baineadh amach na garspriocanna nó na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta, seiceálfaidh an fíoraitheoir an bhfuil an cur chuige a d’úsáid an t‑oibreoir chun na sonraí atá in easnamh a chúiteamh bunaithe ar fhianaise réasúnta agus áiritheoidh sé nach ndéanfar gannmheastachán ná rómheastachán ar na sonraí a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441.’;

(14)in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Chun tuarascáil astaíochtaí an oibreora, tuarascáil ar shonraí bonnlíne an oibreora, tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua an oibreora, tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta de chuid an oibreora nó tuarascáil aeráidneodrachta an oibreora a fhíorú, cinnfidh an fíoraitheoir, ar bhonn na hanailíse riosca, an bhfuil gá le cuairteanna ar shuíomhanna breise, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, cásanna ina ndéantar na codanna ábhartha de ghníomhaíochtaí sreafa sonraí agus gníomhaíochtaí rialaithe i suíomhanna eile amhail ceanncheathrú na cuideachta agus oifigí eile lasmuigh den láithreán.’;

(15)Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Má shainaithníonn an fíoraitheoir míráitis, neamhchomhréireachtaí nó neamhchomhlíonadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 de réir mar is iomchuí, le linn an fhíoraithe, cuirfidh sé an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh ar an eolas faoi sin ar bhonn tráthúil agus iarrfaidh sé ceartúcháin ábhartha. 

Ceartóidh an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh aon mhíráiteas nó neamhchomhréireacht a cuireadh in iúl.

I gcás inar sainaithníodh neamhchomhlíontacht i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441, tabharfaidh an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh fógra don údarás inniúil agus ceartóidh sé an neamhchomhlíontacht de réir mar is iomchuí gan moill mhíchuí.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Maidir le gach míráiteas, neamh-chomhréireacht nó neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441, a cheartaigh an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh le linn an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir iad a dhoiciméadú agus a mharcáil mar mhíráitis, neamhchomhréireachtaí nó neamhchomhlíontachtaí a réitíodh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.’;

(c)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cinnfidh an fíoraitheoir an bhfuil éifeacht ábhartha ag na míráitis neamhcheartaithe, ina n‑aonar nó nuair a chomhiomlánaítear iad le míráitis eile, ar na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe, ar na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, ar na sonraí atá ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce nó ar na sonraí atá ábhartha maidir le tuairisciú aeráidneodrachta. Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht na míráiteas, breithneoidh an fíoraitheoir méid agus cineál an mhíráitis chomh maith leis na himthosca ar leith a bhaineann le tarlú na míráiteas.’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

‘Mura gceartaíonn an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh an neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 i gcomhréir le mír 1 sula n‑eisíonn an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh tionchar a bheith ag neamhchomhlíontacht neamhcheartaithe ar na sonraí tuairiscithe agus an ann do mhíráiteas ábhartha mar thoradh air sin.’;

(16)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a. Chun tuarascálacha éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a fhíorú, is éard a bheidh sa leibhéal ábharthachta 5 % den CO2(e) iomlánaithe iomlán arna thuairisciú sa tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.’;

(b)cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

‘5. Chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, is éard a bheidh sa leibhéal ábharthachta 5 % d’aon cheann díobh seo a leanas:

(a)astaíochtaí iomlána na suiteála le haghaidh na foshuiteála ábhartha, i gcás ina mbaineann na spriocanna a baineadh amach le dearbhspriocanna astaíochtaí;

(b)leibhéal déine gach foshuiteála ábhartha le tagarmharc táirge ina haonar, arna shloinneadh mar tCO2eq in aghaidh an aonaid táirgthe ábhartha, i gcás ina mbaineann na spriocanna a baineadh amach le foshuiteáil le tagarmharc táirge;

(c) leibhéal déine gach foshuiteála ábhartha le tagarmharc teochta ina haonar, arna shloinneadh mar tCO2eq in aghaidh theas TJ a ídítear, i gcás ina mbaineann na spriocanna a bhaintear amach le leibhéil ghníomhaíochta foshuiteála tagarmhairc teochta;

(d) leibhéal déine gach foshuiteála ábhartha le tagarmharc breosla ábhartha ina haonar, arna shloinneadh mar tCO2eq in aghaidh an bhreosla TJ a ídítear, i gcás ina mbaineann na spriocanna a bhaintear amach le leibhéil ghníomhaíochta foshuiteála tagarmhairc breosla;

(e) leibhéal déine gach foshuiteála astaíochtaí próisis ábhartha ina haonar, arna shloinneadh mar tCO2eq in aghaidh an aonaid táirgthe ábhartha, i gcás ina mbaineann na spriocanna a baineadh amach le leibhéil ghníomhaíochta foshuiteála táirge;

(f) an sprioc shonrach a úsáidtear chun céatadán an luacha tagarmhairc a chinneadh, i gcás ina mbaineann sé le spriocanna i gcoibhneas leis an luach tagarmhairc do gach foshuiteáil ábhartha.’;

(17)in Airteagal 24, cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘(ea) chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, a áirithiú gur bailíodh fianaise leordhóthanach chun bheith in ann tuairim fíorúcháin a thabhairt le cinnteacht réasúnta gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta;’;

(18)leasaítear Airteagal 26(1) mar seo a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí an oibreora nó an oibreora aerárthaigh, ar an tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 de chuid an oibreora nó an oibreora aerárthaigh, nó chun fíorú a dhéanamh ar thuarascáil ar shonraí bonnlíne an oibreora, ar thuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó ar thuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, faisnéis leordhóthanach chun tacú leis an tuairim fíorúcháin, lena n‑áirítear réasúnaíocht le haghaidh breithiúnais a rinneadh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil éifeacht ábhartha ag na míráitis a sainaithníodh ar na hastaíochtaí tuairiscithe, ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 nó ar shonraí atá ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce;’;

(b)cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d)    chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, faisnéis leordhóthanach chun tacú leis an tuairim fíorúcháin, lena n‑áirítear réasúnaíocht le haghaidh breithiúnais a rinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na míráitis a sainaithníodh ábhartha agus cé acu a baineadh nó nár baineadh amach garspriocanna agus spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta.’;

(19)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.    Ar bhonn na faisnéise a bailíodh le linn an fhíoraithe, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin don oibreoir nó don oibreoir aerárthaigh maidir le gach tuarascáil astaíochtaí, gach tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 de chuid an oibreora aerárthaigh nó gach tuarascáil ar shonraí bonnlíne de chuid an oibreora, tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó tuarascáil aeráidneodrachta a bhí faoi réir fíorúcháin, ina mbeidh aon cheann de na ráitis tuairime seo a leanas:’;

(ii)cuirtear an pointe (ba) seo a leanas isteach:

‘(ba) chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, níor baineadh amach na garspriocanna ná na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta.’;

(iii)cuirtear an pointe (ca) seo a leanas isteach:

‘(ca) chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, tá raon feidhme an fhíoraithe rótheoranta de bhun Airteagal 28 agus ní fhéadfadh an fíoraitheoir fianaise leordhóthanach a fháil chun tuairim fíorúcháin a eisiúint le cinnteacht réasúnta gur baineadh amach garspriocanna nó spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta;’;

(iv)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), ní fhéadfar tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh a fhíorú mar thuarascáil shásúil ach amháin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina bhfuil tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh saor ó mhíráitis ábhartha;

(b)i gcás, chun tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, gur baineadh amach na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos sa phlean aeráidneodrachta.’;

(b)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e);

‘(e) na critéir a úsáideadh chun tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh a fhíorú, lena n‑áirítear an cead, i gcás inarb infheidhme, agus na leaganacha den phlean faireacháin nó den phlean modheolaíochta faireacháin a d’fhormheas an t‑údarás inniúil, nó den phlean aeráidneodrachta, de réir mar is iomchuí, chomh maith le tréimhse bhailíochta gach plean;’;

(ii)cuirtear isteach an pointe (ga) seo a leanas:

‘(ga) i gcás ina mbaineann sé le tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh a fhíorú, CO2(e) iomlánaithe na n‑éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 de réir an oibreora aerárthaigh;’;

(iii)cuirtear isteach an pointe (gb) seo a leanas:

‘(gb) i gcás ina mbaineann sé le tuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh a fhíorú, dearbhú go ndearnadh seiceáil ar iomláine agus cruinneas an mhéid breosla eitlíochta íon mhalartaigh nialas-rátaithe a éilíodh agus an mhéid breosla eitlíochta íon incháilithe in aghaidh na catagóire breosla de bhun Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE, lena n‑áirítear deimhniú nár breathnaíodh aon neamhréireacht agus gur cuireadh sannadh comhréireach na mbreoslaí do na heitiltí i bhfeidhm i gceart i gcás inarb infheidhme;’;

(iv)cuirtear isteach an pointe (hb) seo a leanas:

‘(hb) i gcás ina mbaineann sé le tuarascáil aeráidneodrachta a fhíorú, na spriocanna agus na garspriocanna a baineadh amach faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe aeráidneodrachta;’;

(v)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i) an tréimhse thuairiscithe, an tréimhse bhonnlíne, tréimhse thuairiscithe an leibhéil gníomhaíochta nó an tréimhse thuairiscithe aeráidneodrachta atá faoi réir fíorúcháin;’;    

(vi)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o):

‘(o)    aon saincheist maidir le neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 a tháinig chun solais le linn an fhíoraithe;’;

(vii)cuirtear isteach na pointí (qa) agus (qb) seo a leanas:

‘(qa) ráiteas má bhíonn míráitis ábhartha ann mar thoradh ar an modh a úsáidtear chun bearnaí sonraí a líonadh de bhun Airteagal 18(4);

(qb) i gcás nach bhfuair an t‑oibreoir aerárthaigh formheas le haghaidh sonraí ionadacha in am de bhun Airteagal 18(1a), ráiteas má bhíonn míráitis ábhartha ann mar thoradh ar an modh a úsáidtear chun bearnaí sonraí a líonadh;’;

(viii)cuirtear pointe (rf) seo a leanas isteach:

‘(rf) i gcás ina bhfuil an tseiceáil déanta ag an bhfíoraitheoir a dhéanann fíorú ar thuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh de bhun Airteagal 33a(2) den Rialachán seo, deimhniú go bhfuil na sonraí maidir le heitiltí in NEATS nó san uirlis TF tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 56a(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 comhsheasmhach leis na sonraí maidir le heitiltí sa tuarascáil astaíochtaí agus raon feidhme na n‑eitiltí a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE agus na heitiltí arna dtuairisciú ag an oibreoir aerárthaigh á gcur san áireamh, lena n‑áirítear tuairisc ar aon toradh agus breathnóireacht maidir le comhsheasmhacht agus iomláine eitiltí, i gcás inarb ábhartha;’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Tabharfaidh an fíoraitheoir tuairisc a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach sa tuarascáil fíorúcháin ar na míráitis, na neamhchomhréireachtaí agus an neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 chun go mbeidh an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir aerárthaigh chomh maith leis an údarás inniúil in ann an méid seo a leanas a thuiscint:

(a)méid agus cineál an mhíráitis, na neamhchomhréireachta nó na neamhchomhlíontachta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441;

(b)an fáth a bhfuil éifeacht ábhartha ag an míráiteas, nó nach bhfuil;

(c)an ghné de thuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh dá dtagraíonn an míráiteas, nó an ghné den phlean faireacháin, den phlean modheolaíochta faireacháin nó den phlean aeráidneodrachta dá dtagraíonn an neamhchomhréireacht;

(d)an tAirteagal i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 lena mbaineann an neamhchomhlíontacht.’;

(20)Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘Féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh go bhfuil raon feidhme an fhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(c) agus 27(1)(ca) rótheoranta in aon cheann de na cásanna seo a leanas:’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    ní thugtar raon feidhme ná soiléireacht leordhóthanach sa phlean faireacháin, sa phlean modheolaíochta faireacháin ná sa phlean aeráidneodrachta, de réir mar is iomchuí, chun an fíorú a thabhairt i gcrích;’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)    níor fhormheas an t‑údarás inniúil an plean modheolaíochta faireacháin.’;

(d)cuirtear an pointe (f) seo a leanas isteach:

‘(f)    ní dhearna an t‑údaráis inniúil an plean aeráidneodrachta a sheiceáil agus a mheas mar phlean comhlíontach i gcomhréir le hAirteagal 22b(1), an dara fomhír, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.’;

(21)leasaítear Airteagal 30(1) mar seo a leanas:

(a)cuirtear pointe (da) isteach mar a leanas:

‘(da) faireachán agus tuairisciú maidir leis na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2;’;

(b)cuirtear an pointe (f) seo a leanas isteach:

‘(f) sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a thuairisciú le haghaidh tuarascálacha aeráidneodrachta, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i ndáil le garspriocanna agus spriocanna.’;

(22)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31(3), pointe (d):

‘(d)má fhíoraítear tuarascáil ar shonraí bonnlíne an oibreora, tuarascáil ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua de chuid an oibreora nó tuarascáil aeráidneodrachta an oibreora.’;

(23)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

‘Airteagal 33

Fíorú simplithe ar thuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh

1.    De mhaolú ar Airteagal 21(1) den Rialachán seo, féadfaidh fíoraitheoir a chinneadh gan cuairt a thabhairt ar láithreán oibreora aerárthaigh trí úsáid a bhaint as na huirlisí simplithe dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 chun astaíochtaí CO2 a chinneadh más rud é gur chinn an fíoraitheoir, ar bhonn a anailíse riosca, gur féidir leis an bhfíoraitheoir na sonraí ábhartha uile a rochtain go cianda.

2.    I gcás ina n‑úsáideann oibreoir aerárthaigh na huirlisí simplithe dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 chun an t‑ídiú breosla a chinneadh agus inar gineadh na sonraí tuairiscithe maidir le hastaíochtaí CO2 trí úsáid a bhaint as na huirlisí sin go neamhspleách ar aon ionchur ón oibreoir aerárthaigh, féadfaidh an fíoraitheoir, bunaithe ar a anailís riosca, a chinneadh gan na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 16, Airteagal 17(1) agus (2) agus Airteagal 18 den Rialachán seo a dhéanamh.’;

(24)cuirtear an tAirteagal 33a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 33a

Fíorú simplithe ar thuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh

1.De mhaolú ar Airteagail 7 go 27 den Rialachán seo, meastar tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh a bheith fíoraithe má líonadh isteach an tuarascáil ó NEATS nó ó uirlis TF tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 56a(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, go neamhspleách ar aon ionchur ón oibreoir aerárthaigh agus gan aon leasú ón oibreoir aerárthaigh agus má tá an t‑oibreoir aerárthaigh ar cheann díobh seo a leanas:

(a)astaíre beag de réir bhrí Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún;

(b)le haghaidh na tréimhse tuairiscithe 2025 agus 2026, oibreoir aerárthaigh ag a bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 3 000 tona de CO2 ó eitiltí seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 28a(1), pointe (a), agus Airteagal 3c(8) de Threoir 2003/87/CE.

2.An tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 ó oibreoir aerárthaigh seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina líontar é ó NEATS nó ó uirlis TF tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 56a(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, go neamhspleách ar aon ionchur ón oibreoir aerárthaigh sin agus gan leasú uaidh, meastar go bhfuil an tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 fíoraithe. Mar sin féin, an fíoraitheoir a dhéanfaidh fíorú ar thuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaí sin, seiceálfaidh sé, mar chuid den fhíorú sin, an chomhsheasmhacht idir an fhaisnéis eitilte sa tuarascáil astaíochtaí agus an fhaisnéis eitilte in NEATS nó san uirlis tríú páirtí, agus raon feidhme na n‑eitiltí a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE agus arna dtuairisciú ag an oibreoir aerárthaigh á chur san áireamh.’;

(25)leasaítear Airteagal 34b mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas a leanas in ionad an teidil:

Cuairteanna fíorúla ar an láithreán chun tuarascálacha oibreora aerárthaigh a fhíorú’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    De mhaolú ar Airteagal 21(1), féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh cuairt fhíorúil a thabhairt ar an láithreán chun tuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh nó tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh a fhíorú i gcásanna eile seachas na cinn sin a chumhdaítear le hAirteagal 34a. Beidh an cinneadh ón bhfíoraitheoir cuairt fhíorúil a thabhairt ar an láithreán bunaithe ar thoradh na hanailíse riosca agus tar éis a chinneadh gur féidir leis an bhfíoraitheoir na sonraí ábhartha uile a rochtain go cianda. Cuirfidh an fíoraitheoir an t‑oibreoir aerárthaigh ar an eolas faoina chinneadh cuairt fhíorúil a thabhairt ar an láithreán gan moill mhíchuí.’;

(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) nuair a fhíoraíonn an fíoraitheoir tuarascáil astaíochtaí an oibreora aerárthaigh nó tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 an oibreora aerárthaigh den chéad uair,’;

(26)in Airteagal 37(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás ina bhfuil fíorú á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir ar thuarascálacha ar shonraí bonnlíne, ar thuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, ar thuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta nó ar thuarascálacha aeráidneodrachta, áireoidh an fhoireann fíorúcháin ina theannta sin duine amháin ar a laghad a bhfuil an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint is gá aige chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe teicniúla sonracha maidir le bailiú, faireachán agus tuairisciú sonraí atá ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce.’;

(27)in Airteagal 38(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)eolas ar Threoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 i gcás fhíorú na tuarascála ar shonraí bonnlíne, na tuarascála ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta nó na tuarascála aeráidneodrachta, an Rialacháin seo, na gcaighdeán ábhartha, agus na reachtaíochta ábhartha eile, na dtreoirlínte is infheidhme, chomh maith le treoirlínte agus reachtaíocht ábhartha arna n‑eisiúint ag an mBallstát ina bhfuil fíorú á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir;’;

(28)in Airteagal 43(3), leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

Maidir le riosca do-ghlactha don neamhchlaontacht nó do choinbhleacht leasa dá dtagraítear sa chéad abairt den chéad fhomhír, measfar gur ann dó go háirithe in aon cheann de na cásanna seo a leanas:’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) i gcás ina soláthraíonn fíoraitheoir nó aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna cúnamh teicniúil chun an córas a cuireadh chun feidhme a fhorbairt nó a choinneáil ar bun chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 nó ar shonraí atá ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce;’;

(c)cuirtear pointe (c) agus pointe (d) isteach mar a leanas:

‑‑‘(c) i gcás ina ndéanann fíoraitheoir fíorú ar an tuarascáil aeráidneodrachta agus ina soláthraíonn an fíoraitheoir sin nó aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna seirbhísí comhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (a), cúnamh teicniúil dá dtagraítear i bpointe (b) nó seirbhísí comhairliúcháin maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sa phlean aeráidneodrachta, lena náirítear measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ar na tionchair mheasta ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa na mbeart agus na ninfheistíochtaí sin;

(d) i gcás ina ndéanann fíoraitheoir fíorú ar an tuarascáil aeráidneodrachta agus ina soláthraíonn an fíoraitheoir sin nó aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna seirbhísí comhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (a), cúnamh teicniúil dá dtagraítear i bpointe (b) nó seirbhísí comhairliúcháin chun an plean aeráidneodrachta a fhorbairt nó an tuarascáil aeráidneodrachta a dhréachtú.’;

(29)in Airteagal 43l, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5a. Chun tuarascálacha an eintitis rialáilte a fhíorú, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas mar chuid den tseiceáil dá dtagraítear i mír 1:

(a) fianaise an eintitis rialáilte lena léirítear comhlíontacht bithbhreoslaí nialas-rátaithe leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b) fianaise an eintitis rialáilte lena léirítear comhlíontacht breosla in-athnuaite nialas-rátaithe de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte leis na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29a de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) fianaise an eintitis rialáilte lena léirítear na nithe uile seo a leanas:

(i) comhlíontacht breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin nialas-rátaithe leis an tairseach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2024/1788;

(ii) cé acu a bhí nó nach raibh an cion carbóin i mbreoslaí sintéiseacha ísealcharbóin faoi réir lamháltais a thabhairt suas roimh ré faoi Threoir 2003/87/CE.’;

(30)leasaítear Airteagal 43w mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

‘(a) is breoslaí caighdeánacha tráchtála nó breoslaí atá coibhéiseach le breoslaí caighdeánacha tráchtála iad na sreabha breosla uile arna scaoileadh lena dtomhailt ag an eintiteas rialáilte de bhun Airteagal 75k(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;

(b) cuirtear luachanna réamhshocraithe i bhfeidhm don fhachtóir astaíochta agus don fhachtóir coinbhéartúcháin aonaid;

(c) i gcás chodán na bithmhaise, cuirtear luach réamhshocraithe i bhfeidhm nó i gcás feidhm a bheith ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i) cuirtear leibhéal 3b i bhfeidhm chun codán bithmhaise an tsreafa breosla a chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IIa, roinn 2.3 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;

(ii) tugtar rochtain don fhíoraitheoir ar na taifid ábhartha uile ar an doiciméadacht maidir le maischothromaíocht i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir (AE) 2018/2001 agus fianaise ar chomhlíonadh critéar inbhuanaitheachta nó critéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(ii) tugann an t‑eintiteas rialáilte rochtain don fhíoraitheoir ar an bpearsanra ábhartha uile le haghaidh agallamh.’;

(ii)cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d) maidir le gach sreabh breosla, tá feidhm ag fachtóir raoin 1 de bhun Airteagal 75 l(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, nó tá feidhm ag fachtóir raoin ag luach réamhshocraithe de bhun Airteagal 75 l(6) den Rialachán sin;’;

(b)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) cuirtear luachanna réamhshocraithe i bhfeidhm don fhachtóir astaíochta agus don fhachtóir coinbhéartúcháin aonaid;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) i gcás chodán na bithmhaise, cuirtear luach réamhshocraithe i bhfeidhm nó i gcás feidhm a bheith ag gach ceann díobh seo a leanas:

   (i) cuirtear leibhéal 3b i bhfeidhm chun codán bithmhaise an tsreafa breosla a chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IIa, roinn 2.3 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;

   (ii) tugtar rochtain don fhíoraitheoir ar na taifid ábhartha uile ar an doiciméadacht maidir le maischothromaíocht i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir (AE) 2018/2001 agus fianaise ar chomhlíonadh critéar inbhuanaitheachta nó critéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

   (ii) tugann an t‑eintiteas rialáilte rochtain don fhíoraitheoir ar an bpearsanra ábhartha uile le haghaidh agallamh.’;

(iii)cuirtear pointe (e) seo a leanas isteach:

‘(e) maidir le gach sreabh breosla, tá feidhm ag fachtóir raoin 1 de bhun Airteagal 75 l(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, nó tá feidhm ag fachtóir raoin ag luach réamhshocraithe de bhun Airteagal 75 l(6) den Rialachán sin.’;

(31)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43x:

‘Airteagal 43x

Plean fíorúcháin simplithe, cuairteanna fíorúla ar an láithreán agus fíorú simplithe

1. Beidh feidhm ag Airteagail 34 agus 34a maidir le fíorú astaíochtaí eintitis rialáilte a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Chun na críche sin léifear aon tagairt don oibreoir, don tsuiteáil agus don oibreoir aerárthaí amhail is dá mba thagairt í don eintiteas rialáilte.

2. Chun tuarascáil astaíochtaí eintitis rialáilte a bhaineann leis na tréimhsí tuairiscithe 2025 agus 2026 a fhíorú, féadfaidh an fíoraitheoir, bunaithe ar an anailís riosca, cinneadh a dhéanamh gan seiceálacha a dhéanamh ar an modheolaíocht chun na méideanna breosla arna scaoileadh a chinneadh má chinntear cainníocht na méideanna breosla arna scaoileadh i dtuarascáil astaíochtaí an eintitis rialáilte bunaithe ar mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 75j(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/2066 agus má tá feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:

(a) tá fianaise ann ó fhoinse neamhspleách go gcomhfhreagraíonn na cainníochtaí breosla a chinntear leis na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 75j(1) (a) de Rialachán (AE) 2018/2066 do na méideanna breosla arna scaoileadh i dtuarascáil astaíochtaí an eintitis rialáilte;

(b) gintear na méideanna breosla arna scaoileadh i dtuarascáil astaíochtaí an eintitis rialáilte ón gcóras ríomhairithe a úsáidtear chun earraí máil dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Threoir (AE) 2020/262* a bhogadh agus faireachas a dhéanamh orthu, gan aon athrú ag an eintiteas rialáilte.

3. Tabharfaidh an t‑eintiteas rialáilte rochtain don fhíoraitheoir ar an bhfianaise dá dtagraítear i mír 2, (pointe a) agus ar an bhfianaise ón gcóras ríomhairithe dá dtagraítear i mír 2, (pointe b), chun cros-seiceáil a dhéanamh ar chainníocht na méideanna breosla san fhianaise leis na méideanna breosla arna scaoileadh sna tuarascálacha astaíochtaí bliantúla.

4. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 43v(7) (a) má tá na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43w(3) infheidhme agus má tá cinneadh déanta ag an bhfíoraitheoir gan seiceálacha a dhéanamh ar an modheolaíocht chun na méideanna breosla arna scaoileadh a chinneadh i gcomhréir le mír 2.

5. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 43v(7) (a) má tá na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43w(2) infheidhme.

* Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú) (IO L 58, 27.2.2020, lgh. 4-42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).’;

(32)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Chun tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta nó tuarascálacha aeráidneodrachta a fhíorú, déanfar fíoraitheoir a eiseoidh tuarascáil fíorúcháin d’oibreoir a chreidiúnú freisin le haghaidh ghrúpa gníomhaíochta Uimh. 98 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.’;

(b)cuirtear an tríú agus an ceathrú fomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina n‑áiríonn an t‑oibreoir aerárthaigh a fhaisnéis eitilte féin, sonraí maidir le ruthaig eitilte nó airíonna aerárthaí in NEATS nó in uirlis TF tríú páirtí arna formheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 56a(7) agus (8) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus ina bhfuil an chuid eile den tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 líonta isteach ó NEATS nó ón uirlis TF tríú páirtí sin, go neamhspleách ar aon ionchur agus gan leasú ag an oibreoir aerárthaigh, féadfar fíoraitheoir a dhéanann fíorú ar thuarascáil an oibreora aerárthaigh sin maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chreidiúnú le haghaidh ghrúpa gníomhaíochta 12a dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Na deimhnithe creidiúnaithe chun fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha astaíochtaí an oibreora aerárthaigh arna n‑eisiúint faoi ghrúpa gníomhaíochta 12 de raon feidhme an chreidiúnaithe, deimhnithe atá bailí ón 31 Márta 2025 ar aghaidh, measfar iad a bheith eisithe le haghaidh ghrúpa gníomhaíochta 12a faoi raon feidhme an chreidiúnaithe’;

(33)in Airteagal 58(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Áireofar ar an bhfoireann mheasúnaithe duine amháin ar a laghad a bhfuil eolas aige ar fhaireachán agus ar thuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 atá ábhartha maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe agus an inniúlacht agus an tuiscint aige is gá chun measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin laistigh den tsuiteáil, den oibreoir aerárthaigh nó den eintiteas rialáilte le haghaidh an raoin feidhme sin, agus duine amháin ar a laghad a bhfuil eolas aige ar an reachtaíocht agus an treoir náisiúnta ábhartha.’;

(34)in Airteagal 59(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)eolas a bheith aige ar Threoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/1842 i gcás ina ndéanann an measúnóir measúnú ar inniúlacht agus feidhmíocht an fhíoraitheora le haghaidh raon feidhme uimh. 98 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 i gcás ina ndéanann an measúnóir measúnú ar fhíoraitheoir a dhéanann fíorú ar thuarascáil aeráidneodrachta, ar an Rialachán seo, ar chaighdeáin ábhartha agus ar reachtaíocht ábhartha eile chomh maith leis na treoirlínte is infheidhme;’;

(35)in Airteagal 60(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)    eolas a bheith aige ar Threoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/1842 i gcás ina ndéanann an saineolaí teicniúil measúnú ar inniúlacht agus feidhmíocht an fhíoraitheora le haghaidh raon feidhme uimh. 98 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2023/2441 i gcás ina ndéanann an saineolaí teicniúil measúnú ar fhíoraitheoir a dhéanann fíorú ar thuarascáil aeráidneodrachta, ar an Rialachán seo, ar chaighdeáin ábhartha agus ar reachtaíocht ábhartha eile chomh maith leis na treoirlínte is infheidhme;’;

(36)in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar fhíoraitheoirí teimpléid leictreonacha nó formáidí comhaid sonracha a úsáid le haghaidh tuarascálacha fíorúcháin i gcomhréir le hAirteagal 74(1) nó Airteagal 75u de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, nó i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/1842.’;

(37)in Airteagal 77(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)seoladh agus sonraí teagmhála na n‑oibreoirí nó na n‑oibreoirí aerárthaigh a bhfuil a dtuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta nó tuarascálacha aeráidneodrachta faoi réir a fhíoraithe;’;

(38)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (11)(c), (11)(d) agus (11)(e), pointe (19)(b)(iii) agus pointe (29) ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh maidir le fíorú na n‑astaíochtaí a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18.6.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)

DRAFT

DRAFT

(2)    IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj .
(3)    Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj ).
(4)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj ).
(5)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta, (IO L 285, 4.11.2019, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1842/oj ).
(6)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/331/oj ).
(7)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú (IO L, 2023/2441, 3.11.2023: ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj ).
(8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj ).
(9)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2493 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2493, 29.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2493/oj ).
(10)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj ).
(11)    Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj ).
(12)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil ceangal buan ceimiceach ag gáis cheaptha teasa i dtáirge (IO, L 2620, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2620/oj ).
(13)    Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj ).

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Léireofar raon feidhme creidiúnúcháin fíoraitheoirí sa deimhniú creidiúnaithe trí úsáid a bhaint as na grúpaí gníomhaíochtaí a leanas de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus Chaibidil IVa di agus gníomhaíochtaí eile de bhun Airteagal 10a agus 10b agus Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE. Beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le fíoraitheoirí arna ndeimhniú ag údarás náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 55(2) den Rialachán seo.’;

(2)leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú ró déag maidir le grúpa gníomhaíochta 12:

12a

Gníomhaíochtaí eitlíochta (sonraí astaíochtaí)

12b

Gníomhaíochtaí eitlíochta (éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2)

’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú ró déag maidir le grúpa gníomhaíochta 98:

98

Gníomhaíochtaí eile de bhun Airteagal 10a agus 10b(4), an tríú agus an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE

’;