MOLADH ÓN gCOIMISIÚN

an 4.6.2025

maidir leis na treoirphrionsabail ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Mar gheall ar chleachtais neamh-inbhuanaithe bainistithe uisce, ar an truailliú agus ar éileamh méadaitheach, níl cáilíocht agus cainníocht uisce ná sláinte na n‑éiceachóras uisceach san Aontas ag feabhsú ar an luas ba cheart dóibh. Tá an t‑athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta ag cur leis an treocht sin. Tá méadú ag teacht ar an tionchar a bhíonn ag srianta uisce ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Sa chomhthéacs sin, tá éifeachtúlacht uisce mhéadaithe fíor-riachtanach.

(2)Deimhnítear sa tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa 1 , ina gcuirtear i láthair an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 agus Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , go measann formhór na mBallstát gur ábhar imní atá ag dul i méid é an ganntanas uisce. Tarlaíonn ganntanas uisce in thart ar 34 % de chríoch an Aontais agus bíonn tionchar aige ar thart ar 40 % de dhaonra an Aontais le linn séasúr amháin ar a laghad in aon bhliain amháin 4 . Is é meascán de róshaothrú agus de thionchair aeráide is cúis leis an nganntanas uisce 5 . D’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí gníomhaíocht maidir leis na hábhair sin 6 .

(3)Bíonn tionchar ag triomaigh ar 4 % ar an meán de chríoch an Aontais gach bliain. I ndeisceart agus in iardheisceart na hEorpa, d’fhéadfadh laghdú suas le 40 % teacht ar dhoirteadh abhann le linn an tsamhraidh, má bhíonn ardú teochta 3°C ann. Le fiche nó tríocha bliain anuas, tá méadú tagtha ar líon agus ar dhéine na dtriomach san Eoraip. Ba iad na teagmhais throma triomaigh agus teasa in 2022, mar shampla, ba chúis le caillteanais eacnamaíocha mheasta EUR 40 billiún agus taifeadadh na caillteanais ba mhó san Iodáil, sa Spáinn agus sa Fhrainc 7 .

(4)Meastar go rachaidh an fhadhb in olcas de bharr an athruithe aeráide leanúnaigh, de réir mar a mhéadaíonn tionchair agus minicíocht na dtriomach. Tá rioscaí don tslándáil uisce, don soláthar uisce óil, don talmhaíocht, don loingseoireacht intíre, don turasóireacht agus don soláthar cumhachta ag baint le tionchar comhcheangailte an róthomhaltais struchtúraigh agus an riosca méadaithe go mbeidh triomaigh fhada ann 8 . Ganntanas uisce ar fud earnálacha agus caillteanas i dtáirgeadh talmhaíochta mar gheall ar theas agus ar thriomach in éineacht le chéile, tá siad ar na príomhrioscaí is mó a bhaineann leis an athrú aeráide san Eoraip 9 .

(5)Tá laghdú 19 % tagtha ar astarraingt fionnuisce in aghaidh na bliana, agus difríochtaí geografacha ann, idir 2000 agus 2022 10 , ach meastar, áfach, go dtiocfaidh méadú arís ar astarraingtí fionnuisce per capita. Sin de bharr na cúiseanna seo a leanas: (i) ní leor an dul chun cinn maidir le héifeachtúlacht uisce sna hearnálacha is déine ó thaobh tomhaltais de amhail earnáil an fhuinnimh agus na talmhaíochta, lena n‑áirítear an bithfhuinneamh; (ii) teastaíonn níos mó fionnuisce ón gclaochlú tionsclaíoch agus digiteach; agus (iii) tá an mhíbhainistíocht, an truailliú agus an t‑athrú aeráide ag cur brú méadaitheach ar infhaighteacht fionnuisce ghlain chun críoch socheacnamaíoch. Déanann sé sin dochar do na sreabha éiceolaíocha atá riachtanach chun an t‑éiceachóras uisceach a chosaint, agus déanann sé dochar d’iomaíochas gheilleagar an Aontais a bhfuil fionnuisce glan de dhíth air a mhéid atá fuinneamh glan de dhíth air.

(6) Measann an Banc Ceannais Eorpach go bhféadfadh suas le 60 % de na rioscaí creidmheasa gan íoc sa limistéar euro a bheith neamhchosanta ar ghanntanas uisce agus strus teirmeach, agus 20 % ar thuilte 11 . Thairis sin, de réir mar a ghéaraíonn rioscaí aeráide a bhaineann le huisce, d’fhéadfadh méadú teacht ar an mbearna árachais, 12 rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra téarnamh eacnamaíoch a dhéanamh tar éis teagmhais a bhaineann le huisce amhail triomaigh nó tuilte.

(7)Trí infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht uisce, rannchuideofar le dóthain uisce a chur ar fáil do phríomhearnálacha eacnamaíocha atá ríthábhachtach duathriail straitéiseach an Aontais agus a dfhéadfaí, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an iomaíochas, mar a aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 13 . Trí leas a bhaint as an acmhainneacht spárála uisce, cruthófar deiseanna gnó agus coigilteas costais do thomhaltóirí freisin. Tá tionscal an Aontais ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain cheana féin maidir le teicneolaíochtaí uisce a fhorbairt.

(8)Le Compás Iomaíochais 2025 14 , iarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an nganntanas uisce atá ag dul i méid agus sin a dhéanamh trí chleachtais agus bonneagair bainistithe uisce a fheabhsú, éifeachtúlacht uisce a mhéadú agus úsáid inbhuanaithe uisce a chur chun cinn. Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis um Aontas na hUllmhachta 15 , cuirtear i dtábhacht an gá le rochtain ar acmhainní criticiúla ar fud an Aontais a neartú, amhail an t‑uisce, mar shampla chun freagairt ar chásanna éigeandála agus ar thubaistí.

(9)Is fachtóir criticiúil é an idirthuilleamaíocht idir acmhainní uisce agus fuinnimh chun slándáil agus athléimneacht chórais uisce agus fuinnimh an Aontais a áirithiú.

(10)Ceanglaítear ar an Aontas gníomhú maidir le héifeachtúlacht uisce bunaithe ar rialacha Eorpacha agus idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta a síníodh an 17 Márta 1992 i Heilsincí, Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a síníodh an 12 Nollaig 2015 i bPáras, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 chomh maith le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chlár Oibre Gníomhaíochta Uisce na Náisiún Aontaithe 17 . Le Sprioc 6.4 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ceanglaítear ar na Páirtithe éifeachtúlacht úsáide uisce a mhéadú go mór ar fud na n‑earnálacha uile cheana féin faoi 2030.

(11)Leis an gComhaontú Glas don Eoraip 18 , seoladh straitéis chomhbheartaithe um gheilleagar atá ag éirí níos aeráidneodraí, saor ó thocsainí, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch, ina bhfuil an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó thomhaltas acmhainní, mar fhreagairt ar dhúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol.

(12)I straitéis an Aontais um an oiriúnú don athrú aeráide, 19 sa mheasúnú Eorpach ar riosca aeráide agus sa Teachtaireacht maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú, tugtar forléargas ar an raon leathan tionchar atá ag rioscaí aeráide agus ar an ngá le gníomhú toisc nach bhfuil na beartais agus na bearta a dhéantar ag coinneáil suas le luas an athraithe aeráide. Tá dul i ngleic le ganntanas uisce agus le triomaigh ar cheann de na réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht. Cuirtear i dtábhacht go bhfuil sé ríthábhachtach infhaighteacht fionnuisce a áirithiú ar bhealach inbhuanaithe don athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.

(13)Bíonn tionchar an-láidir ag ganntanais uisce ar shláinte na néiceachóras muirí agus ar inmharthanacht ghníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha na bpobal cósta agus na bpobal ar oileáin a bhíonn ag brath orthu. Dá bhrí sin, is gá fionnuiscí agus uiscí mara a bhainistiú ar bhealach comhtháite éifeachtúil.

(14)Leis an bplean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach 20 , cuirtear clár oibre ar fáil chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo tomhaltas acmhainní a choinneáil laistigh de theorainneacha pláinéadacha, lena náirítear an tuisce. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, trí athúsáid shábháilte uisce a chur chun cinn in earnálacha éagsúla, is féidir leas a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch i réigiúin ina bhfuil strus ar acmhainní uisce. Is féidir leis an gá le tionscadail bhonneagair chostasacha amhail taiscumair nua nó gléasraí díshalannaithe a laghdú freisin, as a dtiocfaidh coigilteas fadtéarmach agus athléimneacht ghnó níos fearr in aghaidh ganntanais uisce, chomh maith le rioscaí oibriúcháin laghdaithe.

(15)Le Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , is féidir ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú nach mór do tháirgí a chomhlíonadh chun sraith gnéithe a fheabhsú, lena náirítear úsáid uisce agus éifeachtúlacht uisce, le haghaidh beagnach gach catagóir táirgí fisiceacha. Rannchuideoidh gnéithe an Mholta seo lena chur chun feidhme.

(16)Soláthraítear treoraíocht sa Mholadh seo maidir le gnéithe nach dtugtar aghaidh orthu ar bhealach cuimsitheach i reachtaíocht uisce an Aontais: Treoir 2000/60/EC, Treoir (AE) 2020/2184 22 , Treoir (AE) 2024/3019 23 , Treoir (AE) 2024/1785 24  ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle 25 .

(17)Chun éifeachtúlacht uisce a chur chun cinn, is iomchuí sraith prionsabal agus moltaí a shainiú ar cheart iad a bheith mar bhonn do ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát amach anseo chun a dheimhniú go gcuirfear an acmhainneacht spárála uisce san áireamh ar bhealach níos córasaí sa chinnteoireacht, agus go mbainfear úsáid níos freagraí as uisce i ngach earnáil.

(18)Is é is aidhm don phrionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ inbhuanaitheacht fhadtéarmach an tomhaltais uisce a áirithiú, agus é á chur san áireamh go bhfuil acmhainní fionnuisce nádúrtha finideach agus go laghdófar a thuilleadh iad mar gheall ar an téamh domhanda atá ag dul i méid. Le bearta chun éifeachtúlacht uisce a mhéadú, ba cheart cur le hanailís costais is tairbhe lena n‑áirítear seachtrachtaí eacnamaíoch, comhshaoil agus sochaíocha, agus an choimhdeacht, an chomhréireacht, an chothroime agus an cothromas á gcur san áireamh san am céanna.

(19)Chun dlús a chur le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ agus chun úsáid mhórscála beart atá éifeachtúil ó thaobh uisce de a chur chun cinn, is gá cuspóirí treoracha a bhunú. Chuige sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a spriocanna féin a leagan síos maidir le héifeachtúlacht uisce, bunaithe ar a n‑imthosca náisiúnta.

(20)Agus prionsabal na héifeachtúlachta uisce á chur chun feidhme, ba cheart an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí nua, amhail méadair chliste dhigiteacha agus braiteoirí cliste digiteacha, chun sceitheadh a bhrath agus a bhainistiú, lena náirítear sceitheadh ó bhonneagar uisce óil, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 4(3) de Threoir 2020/2184.

(21)I gcás inar gá bearta chun éifeachtúlacht uisce a mhéadú a sheicheamhú de réir srianta acmhainní, ba cheart tosaíocht a thabhairt do na hearnálacha sin a úsáideann an méid is mó uisce nó de na hearnálacha ina bhféadfaí an méid is mó uisce a spáráil agus tar éis measúnú a dhéanamh ar na comhbhabhtálacha, go háirithe i ndáil le hearnálacha straitéiseacha, agus ordlathas an uisce á urramú san am céanna. Is cinnte go mbeidh na hearnálacha sin éagsúil ó abhantrach go habhantrach agus ó uiscíoch go huiscíoch.

(22)Ba cheart bearta éifeachtúlachta uisce a leabú i gcláir beart na bpleananna bainistithe abhantraí. Ní fhéadfaidh spáráil uisce agus an dul chun cinn inmhianaithe i dtreo athléimneacht uisce a bheith mar thoradh ar na bearta sin ach amháin má tá siad mar chuid de chur chuige cuimsitheach. Bearta rialachais a ghabhann leo agus úsáid ionstraimí eacnamaíocha, is féidir leo sin feabhsuithe marthanacha ar an gcothromaíocht uisce a dhéanamh de ghnóthachain éifeachtúlachta uisce trí éifeachtaí athfhillteacha a sheachaint. Ba cheart straitéisí éifeachtúlachta uisce a bheith comhsheasmhach i gcónaí le straitéisí náisiúnta um an oiriúnú don athrú aeráide.

AG MOLADH AN MHÉID SEO A LEANAS:

An prionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’

(1)Moltar do na Ballstáit an prionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ a chur i bhfeidhm, agus ceisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á gcur san áireamh, nuair atá bearta náisiúnta a dhéanann difear do bhainistiú uisce á nglacadh acu.

(2)Ciallaíonn ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ na bearta uile is gá a dhéanamh chun an t‑éileamh ar uisce a laghdú mar thosaíocht os cionn saothrú acmhainní uisce breise. In ord laghdaitheach tosaíochta, ba cheart tomhaltas a laghdú ar dtús, agus ba cheart bearta chun éifeachtúlacht a mhéadú teacht ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin ba cheart fuíolluisce a athúsáid agus an soláthar uisce a laghdú.

(3)I bhfianaise na hacmhainneachta spárála uisce, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas éifeachtúlacht uisce a fheabhsú 10 % ar a laghad go dtí 2030. Moltar do na Ballstáit a spriocanna féin a leagan síos maidir le héifeachtúlacht uisce, bunaithe ar a n‑imthosca náisiúnta. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun modheolaíocht chomhpháirteach a fhorbairt le haghaidh spriocanna éifeachtúlachta uisce, agus difríochtaí críochacha agus difríochtaí eile idir tíortha, réigiúin agus earnálacha á gcur san áireamh.

Bainistiú éifeachtúil acmhainní uisce

(4)Moltar do na Ballstáit cleachtais bainistithe uisce a leagtar amach san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm a chuireann, go háirithe, le cothromaíocht uisce abhantraí agus le réamh-mheastacháin iontaofa ar riachtanais chomhshaoil agus shocheacnamaíocha uisce. Ba cheart do na cleachtais sin cur le measúnú ar thionchar an athraithe aeráide agus le measúnuithe leochaileachta bunaithe ar na cásanna ábhartha maidir leis an athrú aeráide, agus ar an tionchar a bhíonn acu ar an tslándáil shibhialta. Leis na cleachtais sin, ba cheart cur le rialuithe éifeachtacha agus rialta ar astarraingtí uisce, le nósanna imeachta ceadaithe inoiriúnaithe, agus le tacaíocht láidir don taighde agus don nuálaíocht, agus ba cheart úsáid iomlán a bhaint as arduirlisí digiteacha.

(5)Moltar do na Ballstáit éifeachtúlacht a chur chun cinn ar gach leibhéal den slabhra soláthair uisce, is é sin stóráil, iompar agus úsáid uisce, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus na hinfheistíochtaí is gá a fháil.

(6)Moltar do na Ballstáit an prionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ a chur i bhfeidhm, i gcás inar féidir, ar fud na n‑earnálacha uile ina n‑úsáidtear uisce, lena n‑áirítear earnálacha na talmhaíochta, an fhuinnimh, na tionsclaíochta, na tráchtála, earnáil an tsoláthair uisce phoiblí, agus an geilleagar digiteach, ar gach leibhéal pleanála agus ceadaithe maidir le bainistiú uisce.

 

Rialachas

(7)Moltar do na Ballstáit rialachas iomchuí le haghaidh bainistiú uisce a áirithiú go háirithe trí shásraí trédhearcacha, slána, cuimsitheacha, cothroma agus intuartha a áirithiú le haghaidh leithdháileadh uisce, rud a sholáthródh cinnteacht maidir le tosaíochtaí leithdháilte idir catagóirí úsáidí i gcás ganntanais, agus rochtain grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce óil inacmhainne agus ar uisce le haghaidh sláintíochta á cosaint san am céanna.

Oiliúint agus ardú feasachta

(8)Moltar do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus in acmhainní daonna chun bainistiú éifeachtach éifeachtúil uisce a áirithiú ar gach leibhéal.

(9)Moltar do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun feasacht na saoránach, na n‑údarás áitiúil agus na ngnólachtaí a ardú maidir leis an bprionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh arís go tráthrialta.

Comhar trasteorann agus an ghné idirnáisiúnta

(10)Ba cheart do na Ballstáit comhar trasteorann iomlán a áirithiú maidir le gnéithe cainníochtúla de bhainistiú uisce le haghaidh gach abhantrach, lena n‑áirítear trí na sásraí a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE agus trí shásraí agus comhlachtaí comhair idirnáisiúnta ábhartha.

(11)Moltar do na Ballstáit an prionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin amhail NA-Uisce, UNEP, G7 agus G20, ECFE, UNFCCC, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, FAO, agus a rannpháirtíocht le hinstitiúidí airgeadais amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Domhanda a neartú, chomh maith leis an earnáil phríobháideach chun infheistíochtaí fadtéarmacha a phlódú isteach i dtionscnaimh éifeachtúlachta uisce.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4.6.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   Jessika ROSWALL
   Comhalta den Choimisiún

(1)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) (An tríú plean bainistithe abhantraí An dara plean bainistithe riosca tuilte), COM(2025) 2 final.
(2)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj ).
(3)    Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/60/oj ).
(4)    Féach Dálaí Ganntanais Uisce EAA san Eoraip, le fáil anseo . Glactar leis go dtugtar le fios go bhfuil ganntanas uisce ann má tá táscaire WEI+ le haghaidh acmhainní uisce os cionn 20 %.
(5)    EEA, Acmhainní Uisce ar fud na hEorpa, 2021, le fáil anseo .
(6)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 i ndáil leis an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce (2024/2104(INI)).
(7)    Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide, Tuarascáil EEA 01/2024 , leathanach 209 le tagairtí breise.
(8)    An Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (2024), caibidil 5 agus caibidil 11, ina bhfuil tuilleadh faisnéise freisin maidir leis an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thriomaigh fhada (lena n‑áirítear meigithriomaigh) san Eoraip.
(9)    Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, an Séú Tuarascáil Mheasúnachta https://www.ipcc.ch/assessment-report/ar6/
(10)    EEA (2024), Astarraingt uisce de réir foinse agus earnáil eacnamaíoch san Eoraip, le fáil ag https://www.eea.europa.eu/en/analysis/indicators/water-abstraction-by-source-and  
(11)    An Banc Ceannais Eorpach, Rioscaí aeráide don chobhsaíocht airgeadais, Cairt B.2?
(12)    An Banc Ceannais Eorpach, An Bhearna Cosanta Árachais Aeráide, bunaithe ar shonraí ÚEÁPC, atá le fáil anseo .
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’, COM(2025)85 final.
(14)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Compás Iomaíochais don Aontas’, COM (2025) 30 final.
(15)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘maidir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta’, JOIN(2025) 130 final.
(16)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj ).
(17)     https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7443-2023-INIT/en/pdf  
(18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, COM(2019) 640 final.
(19)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], COM(2021) 82 final.
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Plean nua Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], (COM(2020)98 final.
(21)    Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj ).
(22)    Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj ).
(23)    Treoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L, 2024/3019, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3019/oj ).
(24)    Treoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L, 2024/1785, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/oj ).
(25)    Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2020/741/oj ).

C(2025) 3580

IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an

Moladh ón gCoimisiún maidir leis na
treoirphrionsabail ‘Tús Áite don Éifeachtúlacht Uisce’

Príomhchleachtais atá éifeachtúil ó thaobh uisce de chun na treoirphrionsabail ‘Tús Áite don Éifeachtúlacht Uisce’ a chur chun feidhme

(1)Rialú níos fearr ar an acmhainn

Cothromaíochtaí uisce cruinne agus cothrom le dáta a choinneáil ar bun atá bunaithe ar threoraíocht atá ar fáil 1 agus na cothromaíochtaí uisce sin a mheas i gcinntí pleanála a dhéanann difear do thomhaltas uisce agus do bhearta spárála uisce. Chuige sin, ba cheart an ghníomhaíocht seo a leanas a mheas:

(1)Astarraingtí, caillteanais agus sreabha fillte uisce a bhunú agus faireachán leanúnach a dhéanamh orthu i ngach dobharlach i ngach abhantrach, agus méadrú digiteach uisce le haghaidh astarraingtí agus sceitheadh uisce a chur chun cinn. Ba cheart do sholáthróirí uisce doiciméid agus sonraí maidir leis na hathruithe ar an gcothromaíocht uisce agus ar cháilíocht an uisce a chur ar fáil go poiblí go minic.

(2)In earnáil an tsoláthair uisce phoiblí, ba cheart a áirithiú go ndéanfar an tomhaltas uisce a mhéadrú ar bhonn aonair do gach foirgneamh agus, i gcás bloic árasán, do gach árasán ar leith. Ba cheart úsáid méadar cliste a spreagadh i gcás ina bhfuil gá le tuairisciú sonraí fíor-ama le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta bhreise, rud a d’fhágfadh gur fiú an infheistíocht.

(3)Sreabha éiceolaíocha 2 na ndobharlach dromchla a bhunú, agus riachtanais na ndobharlach screamhuisce á gcur san áireamh freisin, i ngach abhantrach chun bheith ar an eolas faoi uasmhéid na n‑astarraingtí inbhuanaithe, rud atá ina réamhchoinníoll le haghaidh úsáid réasúnach éifeachtúil uisce. Ba cheart riachtanais na n‑úsáideoirí neamhthomhaltacha agus na ceanglais sa reachtaíocht ábhartha a chur san áireamh freisin in uasmhéid na n‑astarraingtí inbhuanaithe. Dul i mbun comhordú trasteorann chun sreabha éiceolaíocha a bhunú le haghaidh aibhneacha a thrasnaíonn teorainneacha chun coinbhleachtaí a sheachaint a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chur chuige éifeachtúil maidir le tomhaltas uisce. Cur chun feidhme éifeachtach sreabha éiceolaíocha a áirithiú trí iad a mheas go córasach i ndálaí le haghaidh ceadanna uisce.

(4)Measúnú leordhóthanach a dhéanamh, bunaithe ar an treoraíocht atá ar fáil, 3  ar ionsánna sáile agus ar ionsánna eile agus ar riachtanais uisce na néiceachóras talún spleách agus na néiceachóras uisceach gaolmhar agus atá nasctha le dobharlaigh screamhuisce. Teicnící Athlíonta Uiscígh Bainistithe 4 a chur i bhfeidhm ar bhealach fhreagrach, trí mheasúnú cuimsitheach riosca.

(5)A áirithiú go gcuirfear réamh-mheastacháin maidir leis an athrú aeráide san áireamh sna ceadanna le haghaidh astarraingtí uisce le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce chun éiginnteacht a chur san áireamh chun athruithe amach anseo ar an gcothromaíocht uisce a réamh-mheas agus lena n‑ailíneofar ceadanna uisce go rialta chun ró-astarraingtí a sheachaint 5 . A áirithiú go bhfuil an córas lena gceadaítear astarraingtí solúbtha a dhóthain, agus éagsúlachtaí séasúracha móra á gcur san áireamh freisin i gcás inarb iomchuí. Tréimhsí ceadaithe rófhada a sheachaint chun oiriúnú solúbtha a éascú i bhfianaise athruithe ar an gcothromaíocht uisce. Praghsáil iomchuí uisce a chur i bhfeidhm chun úsáid éifeachtúil uisce a áirithiú. Smachtbhannaí atá sách athchomhairleach le haghaidh astarraingtí agus sceitheadh uisce neamhdhleathach, neamhchláraithe nó neamhcheadaithe a ghlacadh.

(6)A áirithiú go n‑áireofar ‘cothromaíochtaí uisce’ sna pleananna bainistithe abhantraí agus go ndéanfar tomhaltas uisce a chainníochtú in aghaidh na gníomhaíochta socheacnamaíocha chun pleanáil beart éifeachtúlachta a éascú bunaithe ar mheastacháin ar an acmhainneacht spárála uisce atá fágtha. Gnéithe bainistithe riosca triomaigh a chomhtháthú i bPleananna Bainistithe Abhantraí agus ullmhú don riosca go mbeidh triomaigh fhada ann.

(7)A áirithiú go mbeidh athléimneacht mar thoradh ar éifeachtúlacht uisce mhéadaithe trí thomhaltas uisce níos ísle. Chun na críche sin:

·prionsabal na haisghabhála costas do sheirbhísí uisce a chur i bhfeidhm ionas go gcuirfidh gach úsáideoir uisce agus gach earnáil úsáide uisce go leordhóthanach le costais na seirbhísí uisce;

·a áirithiú, le beartais praghsála uisce, go gcuirfear dreasachtaí leordhóthanacha ar fáil chun acmhainní uisce a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla bunaithe ar an anailís eacnamaíoch a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2000/60/CE 6 ;

·úsáid níos fearr agus níos leithne a bhaint as an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ agus as prionsabal an ‘réamhchúraim’, deireadh a chur le fóirdheontais dhíobhálacha chomhshaoil agus sásraí praghsála inacmhainne, córa agus cothroma a áirithiú do gach úsáideoir uisce.

Féadfaidh na Ballstáit, agus an méid sin á dhéanamh acu, aird a thabhairt ar éifeachtaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha na haisghabhála costas agus ar dhálaí geografacha agus aeráide an réigiúin nó na réigiún a ndéantar difear dóibh.

Trédhearcacht iomlán na mbeartas praghsála uisce a áirithiú, go háirithe maidir le leibhéal na dtaraifí, le húsáid na gcistí, agus leis na bearta a dhéantar chun acmhainn an uisce a chaomhnú. Mar ábhar dea-chleachtais, ba cheart é sin a chur i bhfeidhm freisin in earnálacha eile seachas cóireáil uisce óil agus fuíolluisce uirbigh.

 

(2)Éifeachtúlacht iompair

Feabhas a chur ar bhainistiú sceite uisce mar chuid riachtanach de bhainistiú oibríochtúil na gcóras soláthair uisce agus tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí chun aghaidh a thabhairt go tapa ar sceitheadh lena ndírítear ar na réimsí soláthair is mó atá i ngátar agus trí úsáid a bhaint as deiseanna cistiúcháin uile an Aontais agus as na huirlisí atá ar fáil.

(3)Éifeachtúlacht stórála

(a)Tús áite a thabhairt do bhearta coinneála uisce nádúrtha, 7 san ithir, i bhforaoisí, i screamhuisce agus i mbogaigh, lena laghdaítear galú i gcomparáid le stóráil uisce os cionn na talún i dtaiscumair shaorga.

(b)Taiscumair shaorga a chothabháil go rialta, lena n‑áirítear trí chistiú a imfhálú chun dríodair a bhaint go tréimhsiúil agus sceitheadh a chosc. 

(c)Bainistiú uisce uirbigh a bharrfheabhsú trí bailiú uisce báistí, agus cineálacha eile coinneála uisce nádúrtha agus dlús a chur le leathadh amach beart chun forsceitheadh uisce stoirme a chosc 8 .

(4)Éifeachtúlacht úsáide

(a)Glacadh na dteicneolaíochtaí, na gcleachtas agus na seirbhísí is fearr atá ar fáil a chur chun cinn chun úsáid éifeachtúil uisce a áirithiú ar fud na nearnálacha uile, lena náirítear tríd an gciorclaíocht a chur chun cinn.

(b)Athúsáid fuíolluisce a chur chun cinn, seachas uisciú, lena náirítear freisin in earnáil na tionsclaíochta, in earnáil an fhuinnimh agus in earnáil an tsoláthair uisce phoiblí agus rioscaí do shláinte an duine á gcosc san am céanna agus aird á tabhairt ar na tionchair chomhshaoil a bhíonn ag sreabha laghdaithe fillte in abhantrach.

 

(5)Dea-rialachas

(a)Scéimeanna leithdháilte uisce a fhorbairt atá trédhearcach agus a bhfuil sásra rialachais cuimsitheach acu chun intuarthacht a áirithiú do na húsáideoirí uisce lena mbaineann, lena n‑áirítear na húsáideoirí neamhthomhaltacha, agus an inbhuanaitheacht, an chothroime agus urraim do chearta an duine á gcur chun cinn san am céanna. Agus sásraí leithdháilte uisce á gceapadh, ba cheart acmhainneacht spárála uisce na n‑earnálacha agus na réigiún a chur san áireamh.

(b)Beartais shóisialta shonracha a fhorbairt nó a choinneáil ar bun a théann chun tairbhe d’úsáideoirí uisce a bhfuil ioncam íseal acu agus/nó atá leochaileach/imeallaithe chun rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine, mar a cheanglaítear le Treoir 2020/2184 agus le Treoir (AE) 2024/3019.

(6)Oiliúint agus ardú feasachta

(a)Scileanna a mhéadú agus oiliúint a chur ar na húdaráis bainistithe uisce, agus ar na húdaráis atá freagrach as earnálacha ina n‑úsáidtear uisce, chun cuidiú leo an prionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ a chur i bhfeidhm chun tomhaltas uisce níos ísle a spreagadh.

(b)Tacú leis an taighde agus leis an nuálaíocht, scileanna a fheabhsú agus feabhas a chur ar an eolas faoi gach gné de bhainistiú éifeachtúil uisce in earnálacha ina n‑úsáidtear an t‑uisce. Feasacht tomhaltóirí a ardú maidir leis an tábhacht a bhaineann le huisce a spáráil, agus san am céanna iad a chumhachtú chun gníomhú ar bhealach níos inbhuanaithe i bhfianaise dálaí áitiúla. Áirítear leis sin freisin trédhearcacht a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do shaoránaigh maidir le tomhaltas uisce agus bainistiú uisce i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2020/2184 agus le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2024/3019.

(c)Faisnéis níos fearr do thomhaltóirí a chur chun cinn agus feasacht a ardú maidir le lorg uisce táirgí agus seirbhísí tomhaltóirí trí úsáid a bhaint as uirlisí, amhail Éicilipéad AE, an Pas Táirge Digiteach faoi Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 .

(7)An ghné idirnáisiúnta

(a)Prionsabail agus cuspóirí an Mholta seo a chur san áireamh, nuair is ábhartha, agus tacaíocht theicniúil agus airgeadais do thíortha comhpháirtíochta á dearadh.

(b)Rannpháirtíocht a neartú le hinstitiúidí airgeadais amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Domhanda, chomh maith leis an earnáil phríobháideach chun infheistíochtaí fadtéarmacha a thabhairt isteach i dtionscnaimh éifeachtúlachta uisce i gcomhréir le cuspóirí straitéis Global Gateway an Aontais 10 .

(c)Dea-chleachtais a chomhroinnt trí phrionsabail agus cuspóirí an Mholta seo a chur chun feidhme agus tacú le hathléimneacht uisce agus éifeachtúlacht uisce sa chomhar idirnáisiúnta.

(1)    Féach an Chomhstraitéis Cur Chun Feidhme faoi Threoraíocht na Treorach Réime maidir le hUisce Uimh. 34 i ndáil le Cothromaíochtaí Uisce, le fáil anseo .
(2)    Féach Treoraíocht na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme Uimh. 31 maidir le Sreabha Éiceolaíocha, le fáil anseo .
(3)    Féach Treoraíocht na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme Uimh. 18 maidir le Stádas Screamhuisce agus Measúnú Treochtaí, atá le fáil anseo .
(4)    Féach Treoraíocht na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme Uimh. 39 maidir le hAthlíonadh Uiscígh Bainistithe, le fáil anseo .
(5)    Féach Treoraíocht na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme Uimh. 24 maidir le Bainistiú Abhantrach agus leis an Athrú aeráide, atá le fáil anseo .
(6)    Féach Treoraíocht na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme Uimh. 1 maidir leis an Eacnamaíocht agus leis an gComhshaol, atá le fáil anseo .
(7)    Féach, mar shampla, A guide to support the selection, design and implementation of natural water retention measures in Europe, Capturing the multiple benefits of nature-based solutions [Treoir chun tacú le roghnú, dearadh agus cur chun feidhme beart coinneála uisce nádúrtha san Eoraip, Leas a bhaint as na tairbhí iomadúla a bhaineann le réitigh dhúlrabhunaithe], atá le fáil anseo ; agus Tuarascáil Theicniúil 82 na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme Natural Water Retention Measures [Bearta Coinneála Uisce Nádúrtha], atá le fáil anseo ; agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde Nature-based solutions for agricultural water management [Réitigh dhúlrabhunaithe le haghaidh bainistiú uisce talmhaíochta], atá le fáil anseo .
(8)    I gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2024/3019.
(9)    Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj ).
(10)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta , The Global Gateway, JOIN (2021) 30 final.