RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 2.6.2025

lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ón gCéinia a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagail 30(1) agus 42a(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 7 i gcomhar le pointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 2 toirmeasctar plandaí le haghaidh plandú ón bhfine Solanaceae a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tíortha áirithe.

(2)Tá spéis léirithe ag roinnt Ballstát in allmhairiú gearrthóg neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí (‘na plandaí sonraithe’) ón gCéinia, áit óna bhfuil toirmeasc ar thrádáil faoi láthair. Chuir na Ballstáit sin sainchomhad teicniúil isteach lena n‑áirítear na nósanna imeachta um na plandaí sonraithe a tháirgeadh.

(3)I mí Aibreáin 2024, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí neamhfhréamhaithe Petunia spp. agus Calibrachoa spp. ón gCéinia 3 .

(4)Shainaithin an tÚdarás Aleurodicus disperses Russell, Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh‑Eorpach), víreas breac éadrom na Pise Bó, Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza sativae Blanchard, Liriomyza trifolii (Burgess), Nipaecoccus viridis (Newstead), víreas féithbhreac an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí, víreoideach tiúbar fearsaideach prátaí, Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Scirtothrips dorsalis Hood, Tetranychus neocaledonicus André, víreas breac éadrom an phlanda trátaí, víreas sleabhctha ballach an phlanda trátaí, víreas cuachta duilleog buí an phlanda trátaí, víreas buífháinní an phlanda trátaí agus Xanthomonas vesicatoria (ex Doidge) Vauterin et al. mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sonraithe.

(5)Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sin.

(6)Ar bhonn na tuairime sin, ba cheart na bearta atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann leis na lotnaidí sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta, chun a áirithiú go ndéanfar an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha.

(7)Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh‑Eorpach), víreas breac éadrom na Pise Bó, Liriomyza sativae Blanchard, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí, Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Scirtothrips dorsalis Hood agus víreas breac éadrom an phlanda trátaí, liostaítear mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Liriomyza huidobrensis (Blanchard) agus Liriomyza trifolii (Burgess) mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Ós rud é go bhfuil toirmeasc ann faoi láthair ar na plandaí sonraithe teacht isteach i gcríoch an Aontais, níl siad faoi réir cheanglais speisialta Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(8)In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 liostaítear víreoideach tiúbar fearsaideach prátaí, víreas sleabhctha ballach an phlanda trátaí, víreas cuachta duilleog buí an phlanda trátaí agus Xanthomonas vesicatoria (ex Doidge) Vauterin et al mar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais le haghaidh tráchtearraí seachas plandaí Petunia spp. agus Calibrachoa spp. Ós rud é nár sainaithníodh na lotnaidí sin mar lotnaidí a bhfuil tionchar eacnamaíoch acu ar tháirgeadh Petunia spp. agus Calibrachoa spp. i gcríoch an Aontais, níor cheart iad a mheas mar lotnaidí sonraithe chun críocha an Rialacháin seo.

(9)Ní liostaítear Phenacoccus solenopsis Tinsley mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus níor aimsíodh aon tionchar mór ar phlandaí óstacha atá ionfhabhtaithe leis an lotnaid sin i gcríoch an Aontais. Dá bhrí sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

(10)Ní liostaítear Aleurodicus dispersus Russell, Nipaecoccus viridis (Newstead), víreas féithbhreac an phlanda piobair, Tetranychus neocaledonicus André  agus víreas buífháinní an phlanda trátaí mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. Tar éis na tuairime ón Údarás, meastar na lotnaidí sin a bheith ábhartha do na plandaí sonraithe. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin go gcomhlíonann siad critéir Fhoroinn 2, Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031 agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir bhearta Airteagal 30, mír 1, den Rialachán sin.

(11)Chun a áirithiú nach mbeidh riosca ann go dtabharfar isteach na lotnaidí sonraithe i gcríoch an Aontais, ba cheart na plandaí a fhás ó phlandaí de thionscnamh chríoch an Aontais chun láithreacht na lotnaidí san ábhar tosaigh a chosc.

(12)Ba cheart plandaí sonraithe a tháirgeadh i láithreáin táirgthe atá formheasta ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia maidir le táirgeadh na bplandaí sonraithe le haghaidh onnmhairiú chuig an Aontas agus sainaithnítear iad le cód inrianaitheachta uathúil chun gur féidir leis na húdaráis inniúla, i gcás ina n‑aimsítear lotnaid shonraithe ar phlanda sonraithe i gcríoch an Aontais, an láithreán táirgthe as an dtionscnaíonn an planda sonraithe sin a shainaithint.

(13)Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sonraithe, ba cheart iad a fhás faoi chosaint fhisiciúil agus cigireacht a dhéanamh orthu sula n‑onnmhaireofar iad.

(14)Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh siomptóim láithreacht na lotnaidí sonraithe le feiceáil go fóill ar na gearrthóga neamhfhréamhaithe a allmhairítear isteach san Aontas, tar éis iad a allmhairiú i gcríoch an Aontais ba cheart na plandaí sonraithe a phlandú agus a fhréamhú ag áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh na bplandaí sin atá de thionscnamh na Céinia nó oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí, ós rud é go ndéantar cigireachtaí oifigiúla rialta ar na hoibreoirí gairmiúla sin. Oibreoirí gairmiúla atá leis na plandaí sonraithe a fhás nó a fhréamhú, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla a chur ar an eolas sula bhfaigheann siad na plandaí sonraithe ionas go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na cigireachtaí oifigiúla a phleanáil go tráthúil.

(15)Chun a chosc go n‑aistreofar na plandaí sonraithe den chéad uair chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla nach bhfuil údaraithe chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh na bplandaí sonraithe, ba cheart don allmhaireoir doiciméad a chur ar fáil, doiciméad arna eisiúint ag an údarás inniúil lena ndeimhnítear go bhfuil na plandaí le haistriú chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, nó chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí le haghaidh na bplandaí sonraithe, de bhun Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(16)Ós rud é nár tugadh isteach na plandaí sonraithe i gcríoch an Aontais go dtí seo agus nach bhfuil aon taithí ann ar an trádáil sin go fóill, tá riosca fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe nach bhfuil measúnú iomlán déanta go fóill air. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais a fhoráiltear leis an Rialachán sin a bheith de chineál sealadach de bhun Airteagal 42a(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(17)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘lotnaidí sonraithe’ Aleurodicus disperses Russell, Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh‑Eorpach), víreas breac éadrom na Pise Bó, Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza sativae Blanchard, Liriomyza trifolii (Burgess), Nipaecoccus viridis (Newstead), víreas féithbhreac an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí, Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Scirtothrips dorsalis Hood, Tetranychus neocaledonicus André, víreas breac éadrom an phlanda trátaí agus víreas buífháinní an phlanda trátaí;

(2)ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ gearrthóga neamhfhréamhaithe a bhfuiltear le Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí a phlandú, ar plandaí iad a fásadh sa Chéinia agus a díorthaíodh i líne dhíreach ó mháthairphlandaí a allmhairítear ón Aontas.

Airteagal 2
Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

De mhaolú ar phointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir chomhlíontacht na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo.

Airteagal 3
Ceanglais maidir leis na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a ngluaiseacht laistigh de

1.Ní fhéadfar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)roimh thús na trádála; an liosta de bhearta atá beartaithe chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a áirithiú, tá sé curtha in iúl i scríbhinn ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia don Choimisiún;

(b)an liosta de láithreáin táirgthe, in éineacht leis na cóid inrianaitheachta atá ag dul leo, atá formheasta maidir le honnmhairiú na bplandaí sonraithe chuig an Aontas an bhliain féilire dár gcionn, cuirfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 31 Nollaig gach bliain, agus cuirfidh sé aon leasú ar an liosta sin in iúl láithreach;

(c)tuarascáil bhliantúil ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin agus a bhfuil na heilimintí uile a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I inti, cuirfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia faoi bhráid an Choimisiún í faoin 31 Márta gach bliain.

2.Chun gur féidir na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil allmhairiúcháin doiciméad arna eisiúint ag an údarás inniúil i láthair lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t‑oibreoir gairmiúil a fhaigheann na plandaí sonraithe na ceanglais a leagtar amach i mír 3.

3.Agus na plandaí sonraithe tugtha isteach san Aontas, ní fhéadfar iad a ghluaiseacht ach amháin chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, de bhun Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/2031; nó

(b)áitreabh na n‑oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí le haghaidh na bplandaí sonraithe.

Sula bhfaigheann na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír na plandaí sonraithe, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin dáta a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh na plandaí sonraithe sin agus coimeádfaidh siad an cód inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) (iii) d’Iarscríbhinn I.

4.Plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, coimeádfar scartha iad ó aon phlanda eile atá soghabhálach i leith na lotnaidí sonraithe. Déanfar cigireachtaí oifigiúla orthu ar a laghad uair amháin sula n‑aistreofar iad den chéad uair amach as áitreabh an oibreora ghairmiúil lena mbaineann agus chomh gar agus is féidir go dtí an t‑am a aistreofar iad. Mar chuid de na cigireachtaí sin, i gcás ina mbeidh amhras faoi ionfhabhtú, áireofar sampláil agus tástáil mhóilíneach le haghaidh víreas breac éadrom na Pise Bó, víreas féithbhreac an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí, víreas breac éadrom an phlanda trátaí agus víreas buífháinní an phlanda trátaí.

I gcás ina n‑aimseofar lotnaidí sonraithe ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe , scriosfar láithreach ar a laghad na plandaí go léir a fhréamhaítear nó a fhástar ón luchtóg chéanna de phlandaí sonraithe, déanfar an t‑áitreabh a ghlanadh agus a dhíghalrú.

5.Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon uair a aimsíodh láithreacht lotnaide sonraithe ar na plandaí sonraithe, nó ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe. Cuirfidh an Coimisiún Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia ar an eolas láithreach faoi.

I gcás ina gcuirfear Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia ar an eolas faoi láithreacht lotnaide sonraithe ar phlandaí sonraithe nó ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, ní fhormheasfar a thuilleadh an láithreán táirgthe as a dtionscnaíonn na plandaí sin le haghaidh onnmhairiú chuig an Aontas agus bainfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia an láithreán táirgthe sin láithreach den liosta de láithreáin táirgthe formheasta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go dtí go léireofar go bhfuil saoirse lotnaidí ann an athuair.

Airteagal 4
Leasú ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 30 Aibreán 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2.6.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)

   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj .

(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj ).
(3)    Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2024, Measúnú riosca tráchtearraí ar ghearradh neamhfhréamhaithe Petunia spp. agus Calibrachoa spp. ón gCéinia. Iris EFSA 2024; 22:e8742. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8742  

GA

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 3 maidir le plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.    Ní fhéadfar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas ina leith:

(a)    táirgeadh iad i láithreáin táirgthe a mbaineann na nithe seo a leanas leo:

(I)tá siad curtha ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia le liosta de láithreáin táirgthe formheasta a aithnítear a bheith saor ó na lotnaidí sonraithe agus a gceadaítear dóibh na plandaí sonraithe a onnmhairiú chuig an Aontas;

(II)tá siad aitheanta le cód inrianaitheachta uathúil atá le feiceáil ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (i);

(III)tá siad scoite amach go fisiceach in aghaidh feithidí, trí dhorais dhúbailte, in áit nach n‑osclaítear an dara doras ach amháin tar éis an chéad doras a bheith dúnta go hiomlán, agus tá córas i bhfeidhm acu chun nósanna imeachta sláinteachais agus díghalraithe a áirithiú don fhoireann, don trealamh agus do na próisis táirgthe uile;

(IV)tá córas ann chun uisce uisciúcháin saor ó lotnaidí a sholáthar, córas ar a ndéantar dhá chigireacht oifigiúla bhliantúla, lena n‑áirítear tástáil mhóilíneach, chun neamhláithreacht Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al. agus Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al. a áirithiú;

(V)dírítear go hiomlán ar tháirgeadh na bplandaí sonraithe, nó plandaí eile a chomhlíonann ceanglais reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte plandaí, agus déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú go hiomlán roimh thabhairt isteach na bplandaí sonraithe nua;

(VI)tá seilfeanna ann chun na potaí a choinneáil 50 cm ar a laghad os cionn na talún;

(VII)tá córas i bhfeidhm ann chun taifead a choimeád ar na próisis uile, lena n‑áirítear na luchtóga a tháirgtear agus na nósanna imeachta chun na lotnaidí sonraithe a rialú le linn gach timthrialla táirgeachta;

(VIII)i gcásanna ina n‑aimseofar lotnaid shonraithe, baintear den liosta de láithreáin táirgthe iad dá dtagraítear i bpointe (i) go dtí go mbeidh an staid saor ó lotnaidí ann an athuair agus ní fhormheasfar iad an athuair maidir le táirgeadh agus onnmhairiú an ábhair sin ach amháin ag an bpointe sin;

(b)    maidir leis na plandaí sonraithe:

(I)fásadh sa Chéinia iad agus díorthaíodh ó mháthairphlandaí a allmhairítear ón Aontas iad;

(II)táirgeadh iad agus úsáid á baint as damhnaí fáis agus potaí atá nua nó atá faoi réir cóireálacha chun saoirse ó orgánaigh ithreacha agus ó aon lotnaid shonraithe a áirithiú sula n‑úsáidtear iad sa phróiseas táirgthe;

(III)rinne foireann oilte faireachán orthu trí ghaistí a úsáid chun láithreacht feithidí a bhrath;

(IV)rinne foireann oilte scrúduithe amhairc orthu chun neamhláithreacht na lotnaidí sonraithe nó a siomptóim a áirithiú ar bhonn seachtainiúil;

(V)déantar cóireálacha in aghaidh lotnaidí orthu, i gcás inarb iomchuí;

(VI)déantar tástáil mhóilíneach orthu chun víreas breac éadrom na Pise Bó, víreas féithbhreac an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí, víreas breac éadrom an phlanda trátaí agus víreas buífháinní an phlanda trátaí a bhrath ar a laghad uair amháin sula n‑onnmhaireofar an chéad luchtóg de ghearrthóga neamhfhréamhaithe chuig an Aontas le linn an timthrialla táirgeachta sin nó níos minice i gcás inar aimsíodh iad sa láithreáin táirgthe Bemisia tabaci Genn. nó aifidí nó tripis arb eol go dtarchuireann siad víris;

(c)    sular onnmhairíodh iad, rinneadh an méid seo a leanas i ndáil le gach luchtóg de phlandaí sonraithe ó gach láithreán táirgthe:

(I)rinneadh cigireacht oifigiúil orthu maidir le láithreacht na lotnaidí sonraithe, trí bhíthin modh samplála lenar féidir leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 % i gcomhréir leis an gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta ISPM 31, lena n‑áirítear tástáil mhóilíneach le haghaidh víreas breac éadrom na Pise Bó, víreas féithbhreac an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí, víreas breac éadrom an phlanda trátaí agus víreas buífháinní an phlanda trátaí i gcás ina mbeidh amhras faoi ionfhabhtú ann;

(II)iompraíodh iad ón láithreáin táirgthe go dtí na saoráidí stórála, fuarúcháin nó pacáistíochta in áiteanna táirgthe, ar bhealach a gcoisctear éilliú leis na lotnaidí sonraithe;

(III)rinneadh iad a phacáil i mboscaí, a bhfuil lipéad ar gach bosca ar a bhfuil cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe;

(d)    tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leo arna eisiúint ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta na Céinia, deimhniú lena ndeimhnítear comhlíontacht cheanglais an Rialacháin seo agus áirítear na nithe seo a leanas ann, faoin gceannteideal ‘Deimhniú breise’:

(I)ainm nó ainmneacha an láithreáin táirgthe formheasta nó na láithreán táirgthe formheasta as a dtionscnaíonn na plandaí;

(II)cód nó cóid inrianaitheachta an láithreáin táirgthe nó na láithreán táirgthe as a dtionscnaíonn na plandaí;

(III)an ráiteas ‘Comhlíonann an choinsíneacht seo na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) xxx/xxx’ [Cuirfidh Oifig na bhFoilseachán uimhir an Rialacháin seo isteach].

2.    Áireofar na nithe seo a leanas i gcás gach láithreán táirgthe sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na bliana féilire roimhe sin:

(a)an líon plandaí sonraithe a onnmhairíodh chuig an Aontas;

(b)forbhreathnú ar na cigireachtaí oifigiúla a rinneadh roimh an onnmhairiú;

(c)láithreacht na lotnaidí sonraithe a aimsíodh;

(d)an líon plandaí a scriosadh mar gheall ar amhras faoi inmhíolú nó inmhíolú leis na lotnaidí sonraithe; agus

(e)na gníomhaíochtaí a rinneadh chun go mbeadh saoirse lotnaidí ann an athuair sa láithreán táirgthe agus chun atarlú na lotnaidí sonraithe a chosc.



IARSCRÍBHINN II

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/2072

I bpointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an cholúin ‘Tuairisc’:

‘ Plandaí le haghaidh plandú Solanaceae seachas síolta agus na plandaí a chumhdaítear le hiontrálacha 15, 16 nó 17 *

*cé is moite de na plandaí seo a leanas:

-gearrthóga neamhfhréamhaithe a bhfuiltear le Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ón gCéinia a phlandú, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) …/… ón gCoimisiún lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ón gCéinia a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt foilseacháin ];

-gearrthóga neamhfhréamhaithe a bhfuiltear le Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a phlandú, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) …/… ón gCoimisiún lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt foilseacháin] ’