RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 12.5.2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sásra athbhreithniúcháin inmheánaigh chun obair leantach a dhéanamh ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2015/128 agus nuashonruithe nós imeachta eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 1 a chur i bhfeidhm, agus go háirithe Airteagal 33 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’). Cuirtear Coinbhinsiún Aarhus chun feidhme san Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

(2)In Airteagal 2(2), pointe (a) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, eisiatar gníomhartha riaracháin, de réir bhrí phointe Airteagal 2(1), pointe (g), arna nglacadh ag an gCoimisiún i réimse na hiomaíochta, ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. Cinntí ón gCoimisiún maidir le státchabhair lena mbaineann an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh, ní féidir iad a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú ó dhaoine den phobal dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006.

(3)Chinn an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (‘ACCC’) i gcás ACCC/C/2015/128 3 , go raibh Coinbhinsiún Aarhus á shárú ag an Aontas toisc nár thug sé rochtain phoiblí do dhaoine den phobal ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le bearta státchabhrach arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh lena sáraítear dlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol.

(4)Ba cheart don Aontas bearta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí ACCC trí shásra athbhreithnithe inmheánaigh a chur ar bun. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra sin i dtaca le cinntí maidir le státchabhair lena ndúntar an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil faoi Airteagal 108(2) den Chonradh, arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2015/1589, a bhfuil Airteagal 107(3), pointe (a), an chéad chuid de phointe (b) (cabhair chun cur i gcrích tionscadail thábhachtaigh ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne), pointí (c), (d) agus (e) den Chonradh, agus Airteagal 93 den Chonradh, agus Airteagal 106(2) den Chonradh mar bhunús dlí leo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Bhallstát a thugann fógra a dheimhniú nach sáraíonn an ghníomhaíocht atá faoi réir státchabhrach, ná aon ghné den bheart státchabhrach a dtugtar fógra ina leith atá nasctha go doscaoilte le cuspóir na cabhrach, dlí comhshaoil an Aontais 4 . Ba cheart an deimhniú sin a thabhairt san fhoirm a leagtar amach i gCuid I, pointe 6.8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún 5 . Má tá an beart státchabhrach ag teacht salach ar dhlí an Aontais, agus ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa chásdlí 6 , ní féidir leis an gCoimisiún an chabhair a údarú.

(5)Chun go mbeidh na Ballstáit in ann oiriúnú do na ceanglais nua a eascraíonn as an sásra athbhreithnithe inmheánaigh nua sin, an oibleagáid atá ar na Ballstáit a dheimhniú ina bhfógra nach ndearnadh sárú ar dhlí comhshaoil an Aontais, níor cheart feidhm a bheith aici ach amháin ó 2 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)Tá na socruithe don nós imeachta athbhreithnithe inmheánaigh mionsonraithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCód Dea-Chleachtas i ndáil le seoladh nósanna imeachta maidir le rialú státchabhrach 7 .

(7)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004, níor cheart méadú suas le 20 % ar bhuiséad bunaidh scéime cabhrach a mheas mar athrú ar chabhair atá ann cheana. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4(1) den Rialachán sin ach amháin maidir le scéimeanna cabhrach údaraithe nó scéimeanna cabhrach a mheastar a bheith comhoiriúnach faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 8 , ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh buiséad bunaidh údaraithe ag cineálacha eile cabhrach atá ann cheana, amhail cabhair réamhaontachais.

(8)Ba cheart don Choimisiún a fhoirmeacha fógartha a leasú, tar éis rialacháin, treoirlínte agus creataí nuashonraithe maidir le státchabhair a ghlacadh a bhaineann le cabhair réigiúnach 9 , taighde, forbairt agus nuálaíocht 10 , leathanbhanda 11 , aeráid, cosaint an chomhshaoil agus fuinneamh 12 , maoiniú riosca 13 , cabhair le haghaidh talmhaíochta 14 agus iascaigh 15 agus leathnú na dtreoirlínte státchabhrach maidir le heitlíocht 16 . I bhfianaise na n-athruithe sin, ba cheart an fhoirm fógartha maidir le státchabhair agus na bileoga faisnéise a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 a leasú chun go mbeidh siad ag teach leis na hathruithe agus chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá dó chun a mheasúnú a dhéanamh faoi na rialacha leasaithe maidir le státchabhair.

(9)Tá forbairt tagtha ar chleachtas an Choimisiúin ó thaobh córais fógartha leictreonacha agus formáidí tuairiscithe bliantúla a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3(3) agus Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún a leasú chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá dó chun a mheasúnú a dhéanamh faoi na rialacha maidir le státchabhair.

(10)Ní mór cleachtas an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le tuairisciú in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil an iascaigh a leasú, i gcomhréir leis na rialacha ginearálta tuairiscithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a dtuarascálacha a chur isteach freisin in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil an iascaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 794/2004, de bhun Airteagal 5(1) den Rialachán sin.

(11)Le cásdlí Chúirteanna an Aontais, rinneadh soiléiriú breise ar choincheap ‘an páirtí leasmhar’ faoi Airteagal 1, pointe (h) de Rialachán (AE) 2015/1589 17 . Dá bhrí sin, ba cheart an fhoirm ghearáin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 794/2004 a leasú.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 794/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 mar seo a leanas:

(1)in Airteagal 1, cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal ‘Rialachán (CE)Uimh. 659/1999’;

(2)in Airteagal 2, cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal ‘Rialachán (CE)Uimh. 659/1999’;

(3)In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Seolfar fógraí go leictreonach, tríd an bhfeidhmchlár leictreonach arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Seolfar an comhfhreagras uile a bhaineann le fógra go leictreonach tríd an gcóras leictreonach slán arna ainmniú ag an gCoimisiún.’;

(4)in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)sa chéad abairt, cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal ‘Rialachán (CE) Uimh. 659/1999’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Ní mheasfar, áfach, gur athrú ar chabhair atá ann cheana é méadú suas le 20 % ar bhuiséad bunaidh cabhrach atá ann cheana atá údaraithe nó a mheastar a bheith comhoiriúnach faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014.’;

(5)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Gan dochar d’aon cheanglas tuairiscithe sonrach breise a leagtar síos i gcinneadh coinníollach arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2015/1589, nó d’urramú aon ghealltanas arna sholáthar ag an mBallstát lena mbaineann i ndáil le cinneadh chun cabhair a fhormheas, tiomsóidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla maidir le scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair atá ann cheana i leith gach bliana féilire iomláine nó gach páirtbhliana féilire a bhfuil feidhm ag an scéim lena linn, agus úsáid á baint as an bhformáid chaighdeánaithe tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III.’;

(6)in Airteagal 7, cuirtear na focail ‘Airteagal 108(3) den Chonradh’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 88(3) den Chonradh’ agus cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal ‘Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle’.

(7)Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal ‘Rialachán (CE) Uimh. 659/1999’;

(b)i mír 5, cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad ‘Rialachán (CE) Uimh. 659/1999’;

(c)i mír 5a, cuirtear na focail ‘Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) Uimh 2015/1589’ in ionad ‘na bhfocal ‘Airteagal 6a(6) de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999’;

(d)i mír 5b, cuirtear na focail ‘Airteagal 7(7) de Rialachán (AE) Uimh 2015/1589’ in ionad ‘na bhfocal ‘Airteagal 6a(7) de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999’;

(8)in Airteagal 9(1), cuirtear na focail ‘Airteagal 108(3) den Chonradh’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 88(3) den Chonradh’;

(9)in Airteagal 11a(1), cuirtear na focail ‘Airteagal 12(1) agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal‘Airteagal 10(1) agus Airteagal 20(2) de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999’;

(10)in Airteagal 11b, cuirtear na focail ‘Rialachán (AE) 2015/1589’ in ionad na bhfocal ‘Rialachán (CE)Uimh. 659/1999’;

(11)leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; 

(12)scriostar Iarscríbhinní III.A, III.B agus III.C;

(13)cuirtear isteach, Iarscríbhinn III mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(14)Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV;

(15)cuirtear isteach, Iarscríbhinn V mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Cuid I, pointe 6.8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 arna leasú i gcomhréir le hAirteagal 1, pointe 11 den Rialachán seo ón [Oifig na bhFoilseachán: cuirtear isteach an dáta = 2 mhí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12.5.2025

       Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 248, 24.9.2015, lch. 9, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1589/oj .
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/OJ ).
(3)    Chun teacht ar na torthaí agus ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcás, féach https://unece.org/env/pp/cc/accc.c.2015.128_european-union .
(4)    Ex multis, breithiúnas an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi, 74/76, EU:C:1977:51, mír 14: ‘Féadfaidh na gnéithe sin den chabhair a sháraíonn forálacha sonracha an Chonartha (...) a bheith nasctha chomh doscaoilte sin le cuspóir na cabhrach nach féidir meastóireacht a dhéanamh orthu astu féin, agus mar sin, ní mór, de dhroim riachtanais, a n-éifeacht maidir le comhoiriúnacht nó neamh-chomhoiriúnacht na cabhrach, agus í á meas ina hiomláine, a chinneadh i bhfianaise an nós imeachta a fhorordaítear in Airteagal 93’.
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2004/794/oj ).
(6)    Breithiúnas an 15 Meitheamh 1993, Matra v an Coimisiún C-225/91, EU:C:1993:239, mír 41, Breithiúnas an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi, 74/76, EU:C:1977:51, mír 14, Breithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus Eile, C-284/21 P, EU:C:2023:58, míreanna 96 go 99.
(7)    IO C [Oifig na bhFoilseachán: cuirtear isteach an tagairt iomlán don fhoilseachán IO].
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj ).
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1).
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat do státchabhair le haghaidh taighde agus, forbairt agus nuálaíocht (IO C 414, 28.10.2022, lch. 1).
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le státchabhair do líonraí leathanbhanda (IO C 36, 31.1.2023, lch. 1).
(12)    Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1).
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (IO C 508, 16.12.2021, lch. 1).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 2022/2472 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcur i bhfeidhm (IO L 327, 21.12.2022, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2472/oj ) agus Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (IO C 485, 21.12.2022, lch. 1).
(15)    Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 327, 21.12.2022, lch. 82, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2473/oj ) agus Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO C 107, 23.3.2023, lch. 1).
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún lena gcuirtear síneadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte a bhaineann le haerfoirt réigiúnacha (IO C 244, 11.7.2023, lch. 1).
(17)    Breithiúnais an 2 Meán Fómhair 2021, Ja zum Nürburgring v an Coimisiún, C‑647/19 P, EU:C:2021:666, míreanna 56 agus 57; an 31 Eanáir 2023, An Coimisiún Eorpach v Anthony Braesch agus Eile, C-284/21 P, EU:C:2023:58, míreanna 59 agus 60; an 5 Meán Fómhair 2024, Penya Barça Lyon (PBL) agus Issam Abdelmouine v an Coimisiún Eorpach, C-224/23 P, EU:C:2024:682, míreanna 59 go 72.

IARSCRÍBHINN II

‘Iarscríbhinn III 

FORMÁID CHAIGHDÉANAITHE TUAIRISCITHE LE hAGHAIDH STÁTCHABHAIR ATÁ ANN CHEANA

(Cuimsíonn an fhormáid seo gach earnáil)

Faoin 1 Márta gach bliain, seolfaidh an Coimisiún chuig na Ballstáit, trí uirlis tuairiscithe thiomnaithe, na cásanna státchabhrach nach mór a gcaiteachas a thuairisciú. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar iomláine na gcásanna arna soláthar ag an gCoimisiún agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon chás atá in easnamh trí na huimhreacha cabhrach comhfhreagracha a sholáthar. Ginfear na tuarascálacha go huathoibríoch san uirlis tuairiscithe thiomnaithe. Comhlánóidh na Ballstáit na tuarascálacha leis an bhfaisnéis faoi chaiteachas agus bailíochtóidh siad na cásanna, agus ansin cuirfear ar ais iad chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh den bhliain atá i gceist. Cuirfidh sé sin ar a chumas don Choimisiúin sonraí maidir le státchabhair a fhoilsiú i mbliain t le haghaidh na tréimhse tuairiscithe t-1 1 .

Déanfaidh an Coimisiún formhór na faisnéise ar an ardán tiomnaithe a réamhchomhlánú ar bhonn na sonraí a chuirfear ar fáil tráth fhormheas na cabhrach. Ceanglófar ar na Ballstáit sonraí gach scéime nó cabhrach aonair a sheiceáil agus, i gcás inar gá, a mhodhnú, agus an caiteachas bliantúil don bhliain is déanaí a chur leis (t-1). Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl cé na scéimeanna atá imithe in éag nó a bhfuil deireadh curtha leis na híocaíochtaí ar fad ina leith agus cé acu atá nó nach bhfuil scéim cómhaoinithe ag Cistí an Aontais.

Le faisnéis amhail cuspóir na cabhrach, an earnáil a bhfuil an chabhair dírithe uirthi, etc., tagrófar don tráth a fhormheastar an chabhair agus ní do thairbhithe deiridh na cabhrach. Mar shampla, is cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bheidh mar phríomhchuspóir scéime atá curtha i leataobh go heisiach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide tráth a fhormheastar an chabhair. Mar sin féin, i gcás scéim eile a ndeonaítear a cabhair uile ar deireadh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ní mheasfar go bhfuil an príomhchuspóir céanna aici más rud é go bhfuil an scéim ar oscailt do gach fiontar an tráth a fhormheastar an chabhair.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sna tuarascálacha:

1. Teideal

2. Uimhir na cabhrach

3. Gach uimhir cabhrach roimhe seo (mar shampla, tar éis scéim a athnuachan)

4. Dul in éag

Ba cheart do na Ballstáit na scéimeanna sin atá imithe in éag nó a bhfuil deireadh curtha leis na híocaíochtaí uile ina leith a chur in iúl.

5. Cómhaoiniú

Cé go n-eisiatar bearta atá bunaithe ar chistiú ón Aontas amháin, áireofar sa státchabhair iomlán do gach Ballstát bearta cabhrach a chómhaoinítear le cistiú ón Aontas. Chun na scéimeanna a chómhaoinítear a shainaithint agus chun meastachán a dhéanamh ar an méid cabhrach den sórt sin atá ann i ndáil leis an státchabhair fhoriomlán, ceanglaítear ar na Ballstáit a chur in iúl cé acu atá nó nach bhfuil an scéim cómhaoinithe agus más amhlaidh atá, céatadán na cabhrach atá cómhaoinithe. Mura féidir é sin a dhéanamh, soláthrófar meastachán ar mhéid iomlán na cabhrach a chómhaoinítear.

6. Earnáil

Beidh an t-aicmiú earnála bunaithe den chuid is mó ar NACE 2 ag [leibhéal trí dhigit].

7. Príomhchuspóir

8. Cuspóir tánaisteach

Is éard is cuspóir tánaisteach ann cuspóir, sa bhreis ar an bpríomhchuspóir, dá ndearnadh an chabhair (nó cuid ar leith di) a chur i leataobh an tráth a formheasadh í. Mar shampla, d’fhéadfadh scéim arb é taighde agus forbairt an príomhchuspóir atá aici fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bheith aici mar chuspóir tánaisteach má chuirtear an chabhair nó cuid di i leataobh go heisiach le haghaidh FBManna.

9. Réigiú(i)n

Féadfar cabhair, tráth an fhormheasa, a chur i leataobh go heisiach le haghaidh réigiún sonrach nó grúpa réigiún sonrach. I gcás inarb iomchuí, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir réigiúin Airteagal 107(3)a agus réigiúin Airteagal 107(3)c. Má tá an chabhair curtha i leataobh do réigiún ar leith, ba cheart é sin a shonrú ar leibhéal NUTS II 3 .

10. Ionstraim chabhrach

11. Cineál cabhrach

Déanfar idirdhealú idir trí chatagóir: Scéim, iarratas aonair ar scéim, cabhair aonair arna dámhachtain lasmuigh de scéim (cabhair ad hoc).

12. Caiteachas

Réamhchomhlánóidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1, 2, 3 agus 6-11 agus seiceálfaidh na Ballstáit í. Comhlánóidh na Ballstáit pointí 4, 5 agus 12.

Mar riail ghinearálta, ba cheart figiúirí a shloinneadh i dtéarmaí caiteachas iarbhír (nó ioncam iarbhír ligthe thar ceal i gcás bearta cánach). I gcás nach mbeidh íocaíochtaí ar fáil, déanfar gealltanais nó leithreasuithe buiséadacha a sholáthar agus a mharcáil dá réir sin. Soláthrófar figiúirí ar leithligh le haghaidh gach ionstraime cabhrach laistigh de scéim nó cabhair aonair (e.g. deontas, iasachtaí ar lacáiste, etc.). Sloinnfear figiúirí san airgeadra náisiúnta atá i bhfeidhm tráth na tréimhse tuairiscithe. Cuirfear caiteachas ar fáil le haghaidh t-1. Ina theannta sin, is féidir caiteachas a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta suas le 6 bliana san am a chuaigh thart.

(1)    Is ionann ‘t’ agus an bhliain ina n-iarrtar na sonraí.
(2)    Is é NACE ath.2.1 aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach.
(3)    Is é NUTS ainmníocht na n-aonad críche chun críocha staidrimh san Aontas Eorpach.

IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN IV

FOIRM CHUN GEARÁIN A THAISCEADH A BHAINEANN LE STÁTCHABHAIR NEAMHDHLEATHACH LÍOMHNAITHE NÓ MÍ‑ÚSÁID A BHAINTEAR AS CABHAIR

Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le réiltín (*).

1. Faisnéis maidir leis an ngearánach

Ainm*:

Sloinne*:

Seoladh líne 1*:

Seoladh líne 2:

Baile/Cathair*:

Contae/Stát/Cúige:

Postchód*:

Tír*:

Teileafón:

Fón póca:

Seoladh ríomhphoist*:

2. Táim ag cur an ghearáin isteach thar ceann duine éigin (duine nó gnólacht)

☐ Tá*     ☐ Níl* 

Má tá, soláthair an fhaisnéis seo a leanas freisin

Ainm an duine/ghnólachta ar a bhfuil ionadaíocht á déanamh*:

Uimh. chláraithe an eintitis:

Seoladh líne 1*:

Seoladh líne 2:

Baile/Cathair*:

Contae/Stát/Cúige:

Postchód*:

Tír*:

Teileafón 1:

Teileafón 2:

Seoladh ríomhphoist*:

Cuir cruthúnas i gceangal go bhfuil an t‑ionadaí údaraithe chun gníomhú thar ceann an duine/ghnólachta seo.* 

3. Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas chun tuairisc a thabhairt ar d’aitheantas*

(a) Iomaitheoir an tairbhí nó na dtairbhithe

(b) Comhlacht trádála a dhéanann ionadaíocht ar leasanna iomaitheoirí

(c) Eagraíocht neamhrialtasach

(d) Ceardchumann

(e) Saoránach den Aontas Eorpach

(f) Eile, sonraigh

Mínigh cén fáth a ndéanann an Státchabhair líomhnaithe difear do do staid iomaíochta / do staid iomaíochta an duine/ghnólachta ar a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat, agus a mhéid a dhéanann sí difear, nó cén fáth ar dócha go mbeidh tionchar áirithe aici ar do staid / a staid. Soláthair an oiread fianaise coincréití agus is féidir.

Tabhair faoi deara, de bhua Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 1 a chur i bhfeidhm, nach bhféadfaidh ach páirtithe leasmhara de réir bhrí Airteagal 1, pointe (h) den Rialachán sin gearáin fhoirmiúla a chur isteach. Dá bhrí sin, mura féidir leat a léiriú gur páirtí leasmhar thú, ní chlárófar an fhoirm reatha mar ghearán, agus coimeádfar an fhaisnéis a sholáthrófar ar an bhfoirm mar fhaisnéis ghinearálta mhargaidh.

4. Roghnaigh ceann amháin den dá rogha seo a leanas*

☐ Féadfaidh sibh m’aitheantas a thabhairt

☐ Ní fhéadfaidh sibh m’aitheantas a thabhairt

Mura féidir, sonraigh na cúiseanna:

5. Faisnéis maidir leis an mBallstát atá ag deonú na cabhrach*

Tabhair faoi deara: meastar nach bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear faoin bpointe seo faoi rún.

(a)Tír:

(b)Más eol é nó í, sonraigh cén institiúid nó comhlacht a dheonaigh an Státchabhair neamhdhleathach líomhnaithe:

An rialtas láir:

Réigiún (sonraigh):

Eile (sonraigh):

6. Faisnéis maidir leis an mbeart cabhrach líomhnaithe*

Tabhair faoi deara: meastar nach bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear faoin bpointe seo faoi rún.

I gcás ina gcuireann tú iarscríbhinní isteach chun tacú le d’éileamh, léirigh sa roinn thíos na pointí/ranna ábhartha den iarscríbhinn a thacaíonn le do líomhaintí nach bhfuil an beart i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair.

(a)Soláthair tuairisc ar an gcabhair líomhnaithe, agus cuir in iúl cén fhoirm inar deonaíodh í (iasachtaí, deontais, ráthaíochtaí, dreasachtaí cánach nó díolúintí etc.).

(b)Cén aidhm a bhí leis an gcabhair líomhnaithe a tugadh (más eol)?

(c)Cén méid a bhí sa chabhair líomhnaithe (más eol)? Mura bhfuil an figiúr beacht agat, soláthair meastachán agus an oiread fianaise a thugann údar leis agus is féidir.

(d)Cé hé an tairbhí? Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir, lena n‑áirítear tuairisc ar phríomhghníomhaíochtaí an tairbhí/ghnólachta (na dtairbhithe/na ngnólachtaí) lena mbaineann.

(e)Ar feadh d’eolais, cathain a deonaíodh an chabhair líomhnaithe?

(f)Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas:

☐ De réir m’eolais, níor tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an Státchabhair.

☐ De réir m’eolais, tugadh fógra maidir leis an Státchabhair, ach deonaíodh í roimh chinneadh an Choimisiúin. Más eol, cuir in iúl uimhir thagartha an fhógra a tugadh nó abair cathain a tugadh fógra maidir leis an gcabhair.

☐ De réir m’eolais, tugadh fógra maidir leis an Státchabhair agus cheadaigh an Coimisiún í, ach níor tugadh urraim le cur chun feidhme na cabhrach do na coinníollacha is infheidhme. Más eol, cuir in iúl uimhir thagartha an fhógra a tugadh nó abair cathain a tugadh fógra maidir leis an gcabhair agus cathain a ceadaíodh í.

☐ De réir m’eolais, deonaíodh an Státchabhair faoi rialachán blocdhíolúine, ach níor cloíodh leis na coinníollacha ab infheidhme i ndáil lena cur chun feidhme.

7. Forais an ghearáin*

Tabhair faoi deara, má tá beart chun cáiliú mar Státchabhair faoi Airteagal 107(1) den Chonradh, ní mór do Bhallstát an chabhair líomhnaithe a dheonú nó níor mhór í a dheonú trí acmhainní Stáit, ní mór dó iomaíocht a shaobhadh nó bagairt go ndéanfaidh sé iomaíocht a shaobhadh trí fhabhar a thabhairt do ghnóthais áirithe nó do tháirgeadh earraí áirithe, agus difear a dhéanamh do thrádáil idir Ballstáit.

I gcás ina gcuireann tú iarscríbhinní isteach chun tacú le d’éileamh, léirigh sa roinn thíos na pointí/ranna ábhartha den iarscríbhinn a thacaíonn le do líomhaintí nach bhfuil an beart i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair.

(a)Mínigh a mhéid is atá acmhainní poiblí i gceist (más eol) agus, murar ghlac údarás poiblí leis an mbeart (ach gurbh é gnóthas poiblí, mar shampla, a ghlac leis), mínigh cén fáth, i do thuairim, go bhfuil sé inchurtha i leith údaráis phoiblí i mBallstát.

(b)Mínigh cén fáth, i do thuairim, go bhfuil an Státchabhair líomhnaithe roghnaíoch (i.e. go bhfuil sí i bhfabhar gnóthais tráchtála áirithe nó táirgeadh earraí áirithe).

(c)Mínigh cén fáth, i do thuairim, go soláthraíonn an Státchabhair líomhnaithe buntáiste eacnamaíoch don tairbhí nó do na tairbhithe.

(d)Mínigh cén fáth, i do thuairim, go saobhann an Státchabhair líomhnaithe iomaíocht nó go mbagraíonn sí iomaíocht a shaobhadh.

(e)Mínigh cén fáth, i do thuairim, go ndéanann an chabhair líomhnaithe difear do thrádáil idir Ballstáit.

8. Comhoiriúnacht na cabhrach

cuir in iúl na cúiseanna i do thuairim nach bhfuil an chabhair líomhnaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

I gcás ina gcuireann tú iarscríbhinní isteach chun tacú le d’éileamh, léirigh sa roinn thíos na pointí/ranna ábhartha den iarscríbhinn a thacaíonn le do líomhaintí nach bhfuil an beart i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair.

9. Faisnéis maidir le sárú líomhnaithe ar rialacha eile de dhlí an Aontais Eorpaigh agus maidir le nósanna imeachta eile

(a)Más eol, cuir in iúl cé na rialacha eile de dhlí an Aontais Eorpaigh a cheapann tú a sáraíodh le deonú na cabhrach líomhnaithe. Tabhair faoi deara nach gá go dtabharfaí le fios leis seo go láimhseálfar na sáruithe féideartha sin laistigh den imscrúdú ar an Státchabhair.

(b)An raibh tú i dteagmháil le seirbhísí an Choimisiúin nó le haon institiúid Eorpach eile cheana féin maidir leis an tsaincheist chéanna?*

☐ Bhí        ☐ Ní raibh

Má bhí, cuir cóipeanna comhfhreagrais i gceangal.

(c)An raibh tú i dteagmháil le húdaráis náisiúnta nó leis na cúirteanna náisiúnta maidir leis an tsaincheist chéanna cheana féin?*

☐ Bhí    ☐ Ní raibh

Má bhí, cuir in iúl cé na húdaráis nó cúirteanna atá i gceist; chomh maith leis sin, má rinneadh cinneadh nó má tugadh breithiúnas cheana féin, cuir cóip i gceangal (má tá ceann ar fáil); nó má tá an cás fós ar feitheamh, tabhair tagairt an cháis (má tá sí ar fáil).

 

(d)Soláthair aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcás seo.

 

10. Doiciméid tacaíochta

Liostaigh aon doiciméad agus fianaise a chuirtear isteach mar thaca leis an ngearán agus cuir iarscríbhinní leis más gá

·Aon uair is féidir, ba cheart cóip den dlí náisiúnta nó de bheart eile lena soláthraítear an bunús dlí i gcomhair íocaíocht na cabhrach líomhnaithe a sholáthar.

·Aon uair is féidir, cuir i gceangal aon fhianaise atá ar fáil gur deonaíodh Státchabhair (e.g. preaseisiúint, cuntais fhoilsithe).

·Má chuirtear an gearán isteach thar ceann duine éigin eile (duine nádúrtha nó gnólacht) cuir cruthúnas i gceangal go bhfuil tusa mar ionadaí údaraithe chun gníomhú.

·I gcás inarb infheidhme, cuir i gceangal cóipeanna de gach comhfhreagras roimhe seo leis an gCoimisiún Eorpach nó le haon institiúid Eorpach nó náisiúnta a bhaineann leis an tsaincheist chéanna.

·Má láimhseáil cúirt/údarás náisiúnta an tsaincheist cheana féin, cuir i gceangal cóip den bhreithiúnas/chinneadh, má tá sí ar fáil.

11. Faisnéis rúnda

Níl an fhaisnéis go léir atá san fhoirm seo agus sna hiarscríbhinní a cuireadh isteach faoi rún agus féadfar í a roinnt leis an mBallstát a líomhnaítear ina leith go bhfuil an státchabhair á deonú aige.

☐ Níl, féadfar    ☐ Tá, ní fhéadfar

Má tá, sainaithin an chuid rúnda nó na codanna rúnda d’aon doiciméad, mínigh an chúis go measann tú go bhfuil sé rúnda agus soláthair leagan neamhrúnda den doiciméad.

Tabhair faoi deara nach féidir an fhaisnéis atá i bpointí 5 agus 6 den fhoirm seo a ainmniú mar fhaisnéis rúnda.

Mura dtugann tú aon rud le fios maidir le rúndacht doiciméad nó faisnéise áirithe, caithfear leis na gnéithe sin mar nithe nach bhfuil faoi rún agus féadfar iad a roinnt leis an mBallstát a líomhnaítear gurb é atá ag deonú na státchabhrach.

Dearbhaím leis seo go soláthraítear an fhaisnéis go léir san fhoirm agus sna hiarscríbhinní seo de mheon macánta.

Áit, dáta agus síniú an ghearánaigh

(1)    IO L 248, 24.9.2015, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1589/oj.

IARSCRÍBHINN IV

‘Iarscríbhinn V

FOIRM CHUN IARRATAIS AR ATHBHREITHNIÚ INMHÉANACH A CHUR ISTEACH TAR ÉIS THORTHAÍ AN CHOISTE UM CHOMHLÍONADH CHOINBHINSIÚN AARHUS I gCÁS ACCC/C/2015/128 1

Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le réiltín (*).

1.Faisnéis faoin eagraíocht neamhrialtasach a bhfuil an iarraidh á cur isteach aici*

Eagraíocht neamhrialtasach*:

Céadainm (an duine a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar an eagraíocht neamhrialtasach)*:

Sloinne*:

Seoladh líne 1*:

Seoladh líne 2:

Baile/Cathair*:

Contae/Stát/Cúige:

Postchód*:

Tír*:

Teileafón:

Fón póca:

Seoladh ríomhphoist*:

Tá an iarraidh á cur isteach agam thar ceann eagraíocht neamhrialtasach eile, is é sin___________

☐ Tá*    ☐ Níl* 

Tabhair faoi deara: Má dhéanann roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha iarraidh chomhpháirteach maidir leis an gcinneadh céanna maidir le státchabhair agus maidir leis an mbeart státchabhrach céanna, cuir isteach san fhoirm seo sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha uile.

Má ainmnítear pointe teagmhála aonair, tabhair sonraí an phointe teagmhála aonair.*

Pointe teagmhála aonair, más infheidhme:_____

Céadainm*:

Sloinne*:

Seoladh líne 1*:

Seoladh líne 2:

Baile/Cathair*:

Contae/Stát/Cúige:

Postchód*:

Tír*:

Teileafón:

Fón póca:

Seoladh ríomhphoist*:

2.Dlíodóir a bhfuil an iarraidh á cur isteach aige thar ceann eagraíocht neamhrialtasach amháin nó níos mó*

Tá an iarraidh á cur isteach agam thar ceann eagraíocht neamhrialtasach amháin nó roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha*

☐ Tá        ☐ Níl

Má tá, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:

Ainm na heagraíochta neamhrialtasaí/na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat orthu*:

Uimh. chláraithe an eintitis/na n-eintiteas:

Seoladh líne 1*:

Seoladh líne 2:

Baile/Cathair*:

Contae/Stát/Cúige:

Postchód*:

Tír*:

Teileafón 1:

Teileafón 2:

Seoladh ríomhphoist*:

Cuir cruthúnas i gceangal go bhfuil an t-ionadaí údaraithe chun gníomhú thar ceann na heagraíochta neamhrialtasaí/na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha. Má dhéanann dlíodóir ionadaíocht ar eagraíocht neamhrialtasach, ní mór doiciméid agus sonraí lena gcruthaítear go bhfuil an dlíodóir údaraithe cleachtadh os comhair cúirte Ballstáit a bheith san áireamh san iarraidh. Féadfar a áireamh leis sin deimhniú arna eisiúint ag comhlachas barra i mBallstát nó aon doiciméad eile a bhfuil an éifeacht chéanna aige de réir an chleachtais náisiúnta. Ní mór don dlíodóir cumhacht aturnae a sholáthar freisin lena bhfianófar go bhfuil sé i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar a chliaint.*

3.Rúndacht*

Don duine a bhfuil an iarraidh á dhéanamh aige thar ceann na heagraíochta neamhrialtasaí*:

☐ Féadfaidh sibh m’aitheantas a thabhairt

☐ Ní fhéadfaidh sibh m’aitheantas a thabhairt

Rúndacht: Mura mian leat go nochtfaí d’aitheantas, cuir é sin in iúl go soiléir.

Foilseofar an iarraidh sin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Roinnfear an iarraidh leis an mBallstát a dheonaíonn an státchabhair chun barúlacha a d’fhéadfadh a bheith acu a fháil agus d’fhéadfaí í a roinnt le húdaráis phoiblí eile freisin.

4.Critéir incháilithe*

4.1.Stádas dlíthiúil na heagraíochta neamhrialtasaí*

An bhfuil d’eagraíocht neamhrialtasach bunaithe mar eintiteas dlíthiúil i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin Ballstáit den Aontas Eorpach?

☐ Tá    ☐ Níl

Má tá, sonraigh cá bhfuil sé sin cláraithe (sonraigh an leathanach agus an t-alt/an mhír): ....

4.2. Stádas ‘seachbhrabúsach’ d’eagraíochta*

An eagraíocht ‘seachbhrabúsach’ í d’eagraíocht neamhrialtasach? Tabhair fianaise chuige sin.

☐ Is í    ☐ Ní hí

Más í, tabhair míniú agus sonraigh cá bhfuil sé sin cláraithe (sonraigh an leathanach agus an t-alt/an mhír): …… (250 focal ar a mhéad)

4.3 Stádas neamhspleách d’eagraíochta*:

An eagraíocht neamhspleách í d’eagraíocht neamhrialtasach?

☐ Is í    ☐ Ní hí

Más í, tabhair míniú agus sonraigh cá bhfuil sé sin cláraithe (sonraigh an leathanach agus an t-alt/an mhír): … (250 focal ar a mhéad)

4.4 An príomhchuspóir: cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn i gcomhthéacs dhlí an chomhshaoil*

An bhfuil sé mar phríomhchuspóir ag d’eagraíocht neamhrialtasach cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn i gcomhthéacs dhlí an chomhshaoil?

☐ Tá    ☐ Níl

Má tá, tabhair míniú agus sonraigh cá bhfuil sé sin cláraithe (sonraigh an leathanach agus an t-alt/an mhír): …… (250 focal ar a mhéad)

4.5 Fad ama oibríochta na heagraíochta agus saothrú gníomhach an chuspóra dá dtagraítear i bpointe 4.4 thuas*:

An bhfuil d’eagraíocht neamhrialtasach ag feidhmiú agus ag saothrú an chuspóra a luaitear i 4.4 thuas go gníomhach le breis agus 2 bhliain?

☐ Tá    ☐ Níl

Má tá, tabhair míniú agus sonraigh cá bhfuil sé sin cláraithe (sonraigh an leathanach agus an t-alt/an mhír): …(250 focal ar a mhéad).

4.6 Cuspóir na eagraíochta agus ábhar na hiarrata ar athbhreithniú inmheánach*

Cad is ábhar do d’iarraidh? .... (250 focal ar a mhéad).

An gcumhdaítear ábhar an athbhreithnithe inmheánaigh a d’iarr tú le cuspóir agus gníomhaíochtaí d’eagraíochta?

☐ Cumhdaítear    ☐ Ní chumhdaítear

Má chumhdaítear, tabhair míniú agus sonraigh cá bhfuil sé sin cláraithe (sonraigh an leathanach agus an t-alt/an mhír): .... (250 focal ar a mhéad).

5.Foras na hiarrata*

Sonraigh an cinneadh agus an beart maidir le státchabhair ón gCoimisiún a bhfuil athbhreithniú inmheánach á iarraidh agat ina leith. Más féidir, sonraigh na haithrisí sa chinneadh maidir le státchabhair atá mar bhonn le d’iarraidh.

Sonraigh an fhoráil shonrach nó na forálacha sonracha de dhlí comhshaoil an Aontais a líomhnaítear gur sháraigh an ghníomhaíocht a fuair cabhair agus/nó aon ghné den bheart státchabhrach iad. Mínigh an fáth a bhfuil siad nasctha go doscaoilte le cuspóir na cabhrach agus/nó leis an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair 2 .

Tabhair do d’aire nach féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh ach amháin i gcás cinntí críochnaitheacha maidir le státchabhair lena ndúntar nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil faoi Airteagal 108(2) den Chonradh, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle, arb é an bunús dlí atá leo Airteagal 107(3), pointe (a), an chéad chuid (cabhair chun feidhmiú tionscadail thábhachtaigh ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn) de phointe (b), pointí (c), (d), (e) den Chonradh, Airteagal 93 den Chonradh, Airteagal 106(2) den Chonradh.

Tabhair faisnéis agus doiciméadacht ábhartha struchtúrtha a thacaíonn le gach foras i d’iarratas agus sonraigh cén chuid den fhaisnéis agus den doiciméadacht atá á gcur isteach a bhaineann le gach foras.

Sonraigh freisin ar thionscain tú aon chaingean ar an leibhéal náisiúnta (riaracháin nó breithiúnach) agus, má thionscain, an staid mar atá faoi láthair.

Cuir fíorais agus argóintí dlíthiúla chun tosaigh le haghaidh gach ceann de na forais sin.

………(9 000 focal ar a mhéad)

6.Doiciméid tacaíochta

6.1.Liostaigh aon doiciméad agus fianaise a chuirtear isteach mar thaca le d’iarraidh agus cuir iarscríbhinní leo más gá.

Ní mór gach iarscríbhinn a uimhriú, ceannteidil a bheith marcáilte go soiléir uirthi agus tagairt a dhéanamh di san iarraidh ar athbhreithniú inmheánach, mar fhianaise ar na hargóintí sonracha fíorasacha agus/nó dlíthiúla a rinneadh i d’iarraidh.

6.2.Iarscríbhinní éigeantacha le cur isteach chun na ceanglais incháilitheachta i Roinn 4* a chomhlíonadh:

(a)reacht nó fodhlíthe na heagraíochta neamhrialtasaí, nó aon doiciméad eile a bhfuil an éifeacht chéanna leis agus a leanann an cleachtas náisiúnta sna Ballstáit sin nach gceanglaítear iontu, nó nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta, go nglacfaidh eagraíocht neamhrialtasach reacht nó fodhlíthe;

(b)tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta neamhrialtasaí lena gcumhdaítear an dá bhliain dheireanacha;

(c)i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha atá bunaithe i dtíortha ina bhfuil comhlíonadh na nósanna imeachta sin ina réamhriachtanas d’eagraíocht neamhrialtasach chun pearsantacht dhlítheanach a fháil, cóip den chlárú dlíthiúil leis na húdaráis náisiúnta;

(d)aon fhaisnéis agus doiciméadacht ar admhaigh an Coimisiún roimhe sin go bhfuil an eagraíocht neamhrialtasach i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (‘Rialachán Aarhus’) nó faoi mhír [xx] de Chód Dea-Chleachtas an Choimisiúin maidir le seoladh nósanna imeachta i ndáil le rialú státchabhrach; agus dearbhú ón eagraíocht neamhrialtasach go bhfuil sí ag leanúint de na coinníollacha incháilitheachta a chomhlíonadh.

Tabhair faoi deara: mura féidir aon cheann de na doiciméid thuasluaite a sholáthar ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith na heagraíochta neamhrialtasaí, féadfaidh an eagraíocht fianaise a sholáthar i bhfoirm aon doiciméid choibhéisigh eile.

Mura luaitear go soiléir sna doiciméid a cuireadh isteach gurb é príomhchuspóir sonraithe na heagraíochta neamhrialtasaí cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn i gcomhthéacs dhlí an chomhshaoil, gurb ann di le breis agus 2 bhliain agus go saothraíonn sí an cuspóir sin go gníomhach, nó go gcumhdaítear ábhar na hiarrata ar athbhreithniú inmheánach le cuspóirí agus gníomhaíochtaí na heagraíochta neamhrialtasaí, ní mór don eagraíocht aon doiciméad eile a chur isteach ina soláthraítear fianaise go gcomhlíontar an critéar sin.

7.Tarscaoileadh teanga

Chun dlús a chur le próiseáil na hiarrata ar athbhreithniú inmheánach, molann an Coimisiún go láidir go n-úsáidfí an tarscaoileadh teanga thíos, arna dhátú agus arna shíniú ag an eagraíocht neamhrialtasach.

‘Aontaíonn an duine thíos-sínithe, thar ceann na heagraíochta neamhrialtasaí iarrthaí a bhfuil an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar [sonraigh uimhir agus teideal an chinnidh maidir le státchabhair] á taisceadh aici, go heisceachtúil a chearta a eascraíonn as Airteagal 342 den Chonradh i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1/1958 a tharscaoileadh agus freagra an Choimisiúin a ghlacadh agus a chur in iúl i mBéarla amháin faoi Airteagal 297 den Chonradh’.

8.Cosaint Sonraí Pearsanta 3 *

☐ Tuigim go bhféadfaí an iarraidh seo ar athbhreithniú a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, agus na sonraí pearsanta uile folaithe.

☐ Diúltaím d’fhoilsiú mo sheolta poist ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

☐ Diúltaím d’fhoilsiú m’ainm ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

☐ Diúltaím do nochtadh m’aitheantais do thríú páirtithe.

Déanfaidh an Coimisiún do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais sa ráiteas príobháideachais is infheidhme.

Dearbhaím leis seo go soláthraítear an fhaisnéis go léir san fhoirm agus sna hiarscríbhinní seo de mheon macánta.

Áit, dáta agus síniú an iarrthóra

(1)    Tabhair faoi deara nach mór don eagraíocht neamhrialtasach an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh d’ocht seachtaine tar éis fhoilsiú an chinnidh ón gCoimisiún maidir le státchabhair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh is ábhar don athbhreithniú atá á lorg.
(2)    Breithiúnas Ex multis an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi SpA v Ditta Paolo Meroni, 74/76, EU:C:1977:51, mír 14, ‘Féadfaidh na gnéithe sin den chabhair a sháraíonn forálacha sonracha an Chonartha (...) a bheith nasctha chomh doscaoilte sin le cuspóir na cabhrach nach féidir meastóireacht a dhéanamh orthu astu féin, agus mar sin, ní mór, de dhroim riachtanais, a n-éifeacht maidir le comhoiriúnacht nó neamh-chomhoiriúnacht na cabhrach, agus í á meas ina hiomláine, a chinneadh i bhfianaise an nós imeachta a fhorordaítear in Airteagal 93’.
(3)    Tagraíonn sé seo d’ainm, do sheoladh poist agus d’aitheantas na heagraíochta neamhrialtasaí/na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil an iarraidh á déanamh acu, agus ní don ionadaí dlíthiúil.