RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 19.3.2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 a mhéid a bhaineann le fadú a chur le bearta sealadacha i leith torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua agus na Siombáibe chun tabhairt isteach na lotnaide Phyllosticta citricarpa (McAlpine) Van der Aa i gcríoch an Aontais, agus a scaipeadh laistigh di, a chosc
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 41(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 ón gCoimisiún 2 , leagtar amach bearta i leith thorthaí Citrus L., Fortunella Swingle, Poncirus Raf., agus a hibridí, seachas torthaí Citrus aurantium L. agus Citrus latifolia Tanaka (‘na torthaí sonraithe’) de thionscnamh hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua agus na Siombáibe chun tabhairt isteach Phyllosticta citricarpa (McAlpine) Van der Aa (‘an lotnaid shonraithe’) i gcríoch an Aontais, agus a scaipeadh laistigh di, a chosc. Rachaidh sé in éag an 31 Márta 2025.
(2)Ó bhí 2022 ann, tá roinnt cásanna neamhchomhlíontachta tuairiscithe ag na Ballstáit mar gheall ar láithreacht na lotnaide sonraithe in allmhairí na dtorthaí sonraithe isteach san Aontas, ar allmhairí de thionscnamh hAirgintíne, na hAfraice Theas, Uragua agus na Siombáibe iad. Thairis sin, agus ón mbliain sin i leith, níor allmhairíodh aon cheann de na torthaí citris sonraithe de thionscnamh na Brasaíle isteach san Aontas. Dá bhrí sin, ní rabhthas in ann aon mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal comhlíontachta na Brasaíle le bearta Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632.
(3)Mar thoradh air sin, is gá na bearta a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 a choinneáil ar bun maidir leis na torthaí sonraithe ó gach ceann de na tríú tíortha sin, ós rud é go bhfuil gá fós leis na bearta sin chun an riosca fíteashláintíochta lena mbaineann do chríoch an Aontais a choinneáil ar leibhéal inghlactha.
(4)An riosca fíteashláintíochta, arb é an lotnaid shonraithe a bheith ann san Airgintín, sa Bhrasaíl, san Afraic Theas, in Uragua agus sa tSiombáib is cúis leis, agus arb é allmhairiú na dtorthaí sonraithe ó na tríú tíortha sin isteach san Aontas is cúis leis freisin, bíonn an riosca sin ag athrú gach bliain de réir gach tríú tír tionscnaimh i gcás na dtorthaí sonraithe. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú breise a dhéanamh air ar bhonn na bhforbairtí teicniúla agus eolaíocha is déanaí maidir leis an lotnaid shonraithe a chosc agus a rialú.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart na bearta dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 a choinneáil ar bun go dtí an 31 Márta 2028.
(6)Ós rud é go rachaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 in éag an 31 Márta 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Aibreán 2025 chun aon bhearnaí dlíthiúla a sheachaint.
(7)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:
‘Airteagal 11
Dáta éaga
Rachaidh an Rialachán seo in éag an 31 Márta 2028.’.