RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 7.3.2025

lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hintleachta saorga a bhunú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 1 , agus go háirithe Airteagal 68(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hintleachta saorga (an ‘painéal eolaíoch’) a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi Rialachán (AE) 2024/1689 agus chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga (an ‘Oifig um Intleacht Shaorga’) chun a cúraimí a chomhlíonadh.

(2)Ba cheart comhaltaí an phainéil eolaíoch a cheapadh bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus tar éis glao poiblí ar léiriú spéise. Leis na critéir roghnúcháin a áirítear sa ghlao ar léiriú spéise, ba cheart a áirithiú go roghnófar saineolaithe ildisciplíneacha agus idirdhisciplíneacha ardcháilithe, ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach saineolais eolaíoch, shochtheicniúil nó theicniúil, saineolas atá cothrom le dáta, maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, le tionchair na hintleachta saorga, nó atá ábhartha ar bhealach eile d’fhorfheidhmiú éifeachtach Rialachán (AE) 2024/1689, lena n‑áirítear saineolas in earnálacha feidhmeacha, cearta bunúsacha agus comhionannas, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart a áirithiú go mbeidh na saineolaithe sin in ann gníomhú go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Ba cheart an nós imeachta um iarratais a leagan amach sa ghlao ar léiriú spéise. Féadfar a áireamh i measc na ndoiciméad tacaíochta ráitis arna n‑eisiúint ag údarás poiblí de chuid Ballstáit nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch é, lena bhfianaítear saineolas eolaíoch, sochtheicniúil nó teicniúil na n‑iarrthóirí.

(3)Chun feidhmiú éifeachtach a áirithiú agus éagsúlacht saineolais a áirithiú an tráth céanna, níor cheart an líon saineolaithe atá le ceapadh ar an bpainéal eolaíoch a bheith níos mó ná 60, rud a ndeachthas i gcomhairle leis an mBord Eorpach um an Intleacht Shaorga (an ‘Bord’) faoi. I gcás gach téarma oifige, ba cheart an líon saineolaithe atá le ceapadh ar an bpainéal eolaíoch a chinneadh agus a shonrú sa ghlao ar léiriú spéise, bunaithe ar an ualach oibre lena bhfuil coinne agus ar an saineolas is gá, agus i ngach cás cinnfear an líon saineolaithe i gcomhairle leis an mBord. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an líon uasta saineolaithe bunaithe ar an taithí a fuarthas agus déanfaidh sé a mhachnamh ar an líon uasta saineolaithe sin a athbhreithniú mar chuid d’athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán seo.

(4)Ba cheart prionsabail a leagan síos maidir le grúpa éagsúil saineolaithe a roghnú. Ba cheart don Choimisiún cothromaíocht inscne agus ionadaíocht gheografach chothrom a áirithiú a mhéid is féidir agus saineolaithe á roghnú. Chun ionadaíocht gheografach chothrom a bhaint amach, ba cheart náisiúnach amháin ar a laghad ó gach Ballstát den Aontas agus ó gach comhalta de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch é a cheapadh, ar choinníoll go bhfuil iarratasóir ann ó na tíortha sin a chomhlíonann critéir an ghlao. In aon chás, níor cheart níos mó ná triúr saineolaithe ó gach ceann de na tíortha sin a bheith ann. Agus aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann le peirspictíochtaí éagsúla a thabhairt isteach sa phainéal eolaíoch, ba cheart a bheith in ann náisiúnaigh tríú tíortha a cheapadh ina saineolaithe. Mar sin féin, ba cheart ceithre chúigiú de shaineolaithe an phainéil eolaíoch ar a laghad a bheith ina náisiúnaigh ó na Ballstáit den Aontas nó ó chomhalta de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch é.

(5)Chun feidhmiú éifeachtúil an phainéil eolaíoch a áirithiú, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga agus d’Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh Rúnaíocht an phainéil a sholáthar go comhpháirteach.

(6)Le heagrú an phainéil eolaíoch, ba cheart solúbthacht a áirithiú ionas gur féidir saineolas a úsáid ar bhonn na riachtanas is gá. Chun na críche sin, ba cheart don Chathaoirleach agus don Rúnaíocht rapóirtéir agus rannchuiditheoirí ábhartha a cheapadh le haghaidh chúraimí aonair an phainéil eolaíoch, agus saineolas, lena n‑áirítear saineolas earnálach, infhaighteacht, coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus ábhair imní slándála á gcur san áireamh, inter alia.

(7)I bhfianaise rannchuidiú an phainéil eolaíoch le baint amach chuspóirí bheartais an Aontais, trí thacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi Rialachán (AE) 2024/1689, ba cheart luach saothair leordhóthanach a thabhairt do shaineolaithe as cúraimí an phainéil eolaíoch a dhéanamh arna iarraidh sin don Oifig um Intleacht Shaorga. Ba cheart an luach saothair sin a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm ag an gCoimisiún, go háirithe le hAirteagal 237 de Rialachán (AE) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

(8)Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i gcomhlíonadh a gcúraimí, ba cheart do shaineolaithe an phainéil eolaíoch a bheith neamhspleách ar aon soláthraí córas intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus ba cheart dóibh gníomhú go neamhspleách, go neamhchlaonta agus go hoibiachtúil. Chun muinín in obair an phainéil eolaíoch a áirithiú, ba cheart do shaineolaithe dearbhuithe leasa agus gealltanais a tharraingt suas maidir le gníomhú ar mhaithe le leas an phobail, agus ba cheart na dearbhuithe sin a chur ar fáil go poiblí. Chun na críche céanna, ba cheart cúraimí an phainéil eolaíoch a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus ba cheart a chomhaltas a chur ar fáil go poiblí.

(9)Chun gur féidir atreisiú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí náisiúnta is gá chun Rialachán (AE) 2024/1689 a fhorfheidhmiú go héifeachtach, ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar an bpainéal eolaíoch maidir lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán sin. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna praiticiúla chun go mbeidh na Ballstáit in ann tacaíocht den sórt sin a iarraidh. Ba cheart na hiarrataí a bheith riachtanach agus comhréireach agus ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga iad a phróiseáil go tráthúil.

(10)Chun a áirithiú gur féidir leis an bpainéal eolaíoch foláirimh cháilithe a eisiúint go héifeachtach don Oifig um Intleacht Shaorga de bhun Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2024/1689, ba cheart na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le foláirimh cháilithe den sórt sin a eisiúint. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga comhéadan slán a sholáthar trínar féidir leis an bpainéal eolaíoch foláirimh cháilithe agus an fhianaise a thacaíonn le foláirimh den sórt sin a tharchur. I bhfianaise ábharthacht foláirimh cháilithe agus na n‑impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige do sholáthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí, ba cheart cinneadh trí thromlach simplí chomhaltaí an phainéil eolaíoch ar a laghad a bheith ag teastáil le haghaidh foláireamh den sórt sin.

(11)Chun an painéal eolaíoch a chumhachtú chun a chúraimí a leagtar amach in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na socruithe mionsonraithe a leagan amach don phainéal eolaíoch agus dá chomhaltaí chun cúnamh a iarraidh ar an Oifig um Intleacht Shaorga chun a chúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis an gcaoi ar féidir leis an bpainéal eolaíoch iarraidh ar an gCoimisiún iarraidh ar fhaisnéis a eisiúint do sholáthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí de bhun Airteagal 91(3) de Rialachán (AE) 2024/1689.

(12)Ba cheart do chomhalta den phainéal eolaíoch a cheaptar ina rapóirtéir do chúram de chuid an phainéil eolaíoch an iarraidh sin a dhéanamh, agus tacaíocht á fáil ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an phainéil eolaíoch. Leis an iarraidh, ba cheart bunús cuí a thabhairt leis an bhfáth a bhfuil gá le hiarraidh ar fhaisnéis agus le rochtain ar an bhfaisnéis a iarradh chun cúraimí an phainéil eolaíoch a chomhlíonadh. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga measúnú a dhéanamh ar riachtanas agus ar chomhréireacht na hiarrata, agus an gá atá le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint á chur san áireamh. Nuair a chinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an iarraidh a chomhlíonadh, ba cheart di iarraidh ar fhaisnéis ó sholáthraí a ullmhú, a bheidh le heisiúint ag an gCoimisiún, agus ba cheart di an fhaisnéis a gheofar a chur ar fáil do chomhaltaí ábhartha an phainéil eolaíoch. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga modhanna teicniúla slána a chur i bhfeidhm, ar cheart dóibh a bheith oiriúnach dá bhfeidhm agus ar cheart dóibh oibriú ar ardchaighdeán iomchuí, chun rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis sin, rochtain ar cheart í a theorannú do chomhaltaí iarrthacha an phainéil eolaíoch, ar cheart dóibh a bheith ina rapóirtéir ceaptha, agus do na rannchuiditheoirí le haghaidh cúram de chuid an phainéil eolaíoch. Sula bhfaighidh na comhaltaí iarrthacha na sonraí, ba cheart dóibh féindearbhú a chur isteach ina luaitear nach bhfuil sé beartaithe acu an fhaisnéis arna hiarraidh a úsáid ach amháin chun na críche sonraithe agus ina dtugtar tuairisc ar na módúlachtaí agus ar na coimircí chun láimhseáil rúnda sonraí a áirithiú. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann iarraidh a dhiúltú más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag comhalta den phainéal eolaíoch, go bhfuil forais aici glacadh leis go bhfuil rioscaí measartha intuartha ann a bhaineann le slándáil nó rúndacht sonraí.

(13)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Intleacht Shaorga.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Foráil ghinearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas

(a)painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hintleachta saorga a bhunú agus a oibriú;

(b)forálacha maidir leis na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na socruithe mionsonraithe don phainéal eolaíoch agus dá chomhaltaí chun foláirimh cháilithe a eisiúint, agus chun cúnamh na hOifige um Intleacht Shaorga a iarraidh chun cúraimí an phainéil eolaíoch a fheidhmiú.

Caibidil II
An painéal eolaíoch a bhunú agus a oibriú

Airteagal 2

An painéal eolaíoch a bhunú

Bunaítear leis seo an painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hintleachta saorga (an ‘painéal eolaíoch’).

Airteagal 3

Critéir roghnúcháin agus comhdhéanamh an phainéal eolaíoch

1.Ceapfar saineolaithe ar an bpainéal eolaíoch tar éis glao ar léiriú spéise, bunaithe ar na critéir roghnúcháin a shonraítear sa ghlao sin.

2.I gcás gach téarma oifige dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh an Coimisiún an líon saineolaithe a chinneadh, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um an Intleacht Shaorga (an ‘Bord’), agus déanfar é a leagan amach sa ghlao ar léiriú spéise dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh an líon saineolaithe ar an bpainéal eolaíoch os cionn 60 in aon chás.

3.Roghnófar saineolaithe maidir leis an ngá atá ann an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)saineolas eolaíoch, teicniúil nó sochtheicniúil atá ildisciplíneach agus idirdhisciplíneach, leordhóthanach agus cothrom le dáta a bhaineann leis an intleacht shaorga, le tionchair na hintleachta saorga, nó atá ábhartha ar bhealach eile d’fhorfheidhmiú éifeachtach Rialachán (AE) 2024/1689, lena n‑áirítear saineolas a bhaineann le hearnálacha feidhmeacha, cearta bunúsacha agus comhionannas, de réir mar is iomchuí;

(b)neamhspleáchas ar aon soláthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí mar a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 68(2) de Rialachán (AE) 2024/1689;

(c)neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht mar a leagtar amach in Airteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2024/1689;

(d)an cumas gníomhaíochtaí a dhéanamh go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.

4.Áiritheoidh an Coimisiún, agus saineolaithe á roghnú aige, go ndéanfar náisiúnach amháin ar a laghad agus triúr náisiúnach ar a mhéad ó gach Ballstát den Aontas agus ó gach comhalta de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch é a cheapadh ina saineolaithe ar an bpainéal eolaíoch, ar choinníoll go bhfuil iarratasóirí ón tír sin ann a chomhlíonann na critéir a shonraítear sa ghlao agus ar choinníoll gur féidir cumhdach sách cuimsitheach ar réimsí ábhartha saineolais a bhaint amach ar an mbealach sin. Beidh ceithre chúigiú de shaineolaithe an phainéil eolaíoch ar a laghad ina náisiúnaigh ó Bhallstáit den Aontas agus ó chomhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad.

5.Déanfaidh an Coimisiún cothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid is féidir agus saineolaithe á roghnú. Chuige sin, aon uair a bheidh gá le cinneadh maidir le beirt iarrthóirí atá chomh cáilithe céanna chun an roghnú a dhéanamh, tabharfaidh an Coimisiún tús áite don inscne thearcionadaithe.

6.Na saineolaithe a chomhlíonfaidh na critéir a shonrófar sa ghlao, ach nach gceapfar ar an bpainéal eolaíoch, cuirfear ar phainéal ionadaithe iad de shaineolaithe a bheidh ar fáil (an ‘painéal ionadaithe’), agus beidh an painéal sin bailí ar feadh théarma oifige an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 4

Téarma oifige

1.Ceapfar saineolaithe ina gcomhaltaí den phainéal eolaíoch ar feadh téarma teoranta 2 bhliain, agus féadfar an téarma a athnuachan.

2.I gcás ina n‑éireoidh saineolaí as oifig nó i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 10 agus 13 den Rialachán seo nó in Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, féadfaidh an Coimisiún an saineolaí sin a bhriseadh as a phost.

3.I gcás ina mbrisfear saineolaí as a phost le linn a théarma oifige, ceapfaidh an Coimisiún ionadaí don saineolaí sin ón bpainéal ionadaithe ar feadh a mbeidh fágtha den téarma, nó, i gcás inar gá, tar éis glao ar léiriú spéise. Agus ionadaí á cheapadh ag an gCoimisiún, beidh sé d’aidhm aige leanúnachas saineolais, ionadaíocht gheografach agus cothromaíocht inscne a áirithiú.

Airteagal 5

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach

1.Ag tús gach téarma oifige dá dtagraítear in Airteagal 4, ceapfaidh an Coimisiún Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc chomhaltaí an phainéil eolaíoch. Chuige sin, déanfaidh an painéal eolaíoch, ag gníomhú dó trí thromlach simplí a chomhaltaí, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach a mholadh as measc a chomhaltaí.

2.Leanfaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh téarma oifige an phainéil eolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4 agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Is i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfar aon ionadú ar an gCathaoirleach nó ar an Leas-Chathaoirleach le linn an téarma oifige agus beidh an t‑ionadú sin bailí ar feadh a mbeidh fágtha den téarma.

Airteagal 6

An Rúnaíocht

1.An Oifig um Intleacht Shaorga agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, déanfaidh siad an rúnaíocht (an ‘Rúnaíocht’) a sholáthar go comhpháirteach don phainéal eolaíoch.

2.Beidh an Rúnaíocht freagrach as an tacaíocht is gá a sholáthar chun go bhfeidhmeoidh an painéal eolaíoch go héifeachtúil. Déanfaidh an Rúnaíocht na nithe seo a leanas, go háirithe:

coinbhleachtaí féideartha leasa a shainaithint agus a bhainistiú;

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar chomhlíonadh na n‑iarrataí ar chúraimí a dhéanamh de réir Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689;

iarrataí ó na húdaráis um fhaireachas margaidh ar shaineolas breise ón bpainéal eolaíoch a phróiseáil;

iarrataí ó na Ballstáit ar thacaíocht ó shaineolaithe chun Rialachán (AE) 2024/1689 a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta a phróiseáil.

Airteagal 7

Cúraimí a chomhlíonadh agus doiciméid a ullmhú

1.Ceapfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an gCathaoirleach, comhaltaí an phainéil eolaíoch chun cúraimí an phainéil a chomhlíonadh ar bhonn saineolais, infhaighteachta agus tosca eile atá ábhartha maidir le comhlíonadh éifeachtúil an chúraim i gceist, lena n‑áirítear coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus ábhair imní slándála. Rachfar i gcomhairle le comhaltaí an phainéil eolaíoch sula bhféadfar iad a cheapadh agus beidh an deis acu spéis a léiriú sa cheapachán.

2.Maidir le gach cúram de bhun Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an gCathaoirleach, rapóirtéir agus beirt rannchuiditheoirí a cheapadh. Féadfaidh comhaltaí an phainéil eolaíoch a chinneadh tráth ar bith foláirimh cháilithe a ullmhú de bhun Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2024/1689 nó cúraimí eile de chuid an phainéil eolaíoch a ullmhú ar a dtionscnamh féin.

3.I gcás nach mbeidh saineolaí in ann an cúram a leithdháilfear air a chomhlíonadh go héifeachtach a thuilleadh, tabharfaidh an saineolaí fógra don Choimisiún, agus is é an Coimisiún a cheapfaidh comhalta eile den phainéal eolaíoch i gcomhairle leis an gCathaoirleach faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.

4.I gcás ina gceapfaidh an Coimisiún saineolaí ón bpainéal eolaíoch chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2024/1689, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an ceapachán sin difear a dhéanamh do chumas an tsaineolaí cúram atá sannta faoi láthair laistigh den phainéal eolaíoch a dhéanamh go neamhspleách, go neamhchlaonta agus go hoibiachtúil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhféadfadh an ceapachán sin difear diúltach a dhéanamh don chumas sin, díolmhófar an saineolaí ón gcúram lena mbaineann atá sannta faoi láthair, agus leithdháilfear an cúram sin ar chomhalta eile den phainéal eolaíoch faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.

5.Féadfaidh an painéal eolaíoch éisteachtaí téamacha a stiúradh le geallsealbhóirí chun fianaise a bhailiú chun a chúraimí a ullmhú de bhun Airteagail 68(3) agus 90 de Rialachán (AE) 2024/1689. Chuige sin, féadfaidh an Cathaoirleach iarraidh ar an Rúnaíocht éisteachtaí den sórt sin a eagrú, má iarrann triúr comhaltaí den phainéal ar a laghad amhlaidh. Cuirfear rannpháirtíocht agus conclúidí na n‑éisteachtaí sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin.

Airteagal 8

Rialacha nós imeachta

1.Ar thogra ón Rúnaíocht agus i gcomhaontú léi, glacfaidh an painéal eolaíoch rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí.

2.Le rialacha nós imeachta an phainéil eolaíoch, déanfar foráil, inter alia, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)nósanna imeachta maidir le cúraimí an phainéil eolaíoch a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689;

(b)rialacha lena n‑áirithítear cur i bhfeidhm na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 10 go 13 den Rialachán seo;

(c)rialacha a bhaineann le vótáil, lena n‑áirítear trí nós imeachta an tosta.

3.Déanfaidh an painéal eolaíoch, i gcomhaontú leis an Rúnaíocht, athbhreithniú ar na rialacha nós imeachta gach 2 bhliain ar a laghad maidir lena rannchuidiú le feidhmiú éifeachtach an phainéil eolaíoch agus, i gcás inar gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad.

4.Beidh na rialacha nós imeachta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin.

Airteagal 9

Luach saothair

1.Íocfar luach saothair le saineolaithe má ceapadh iad ina rapóirtéir nó ina rannchuiditheoir chun cúraimí an phainéil eolaíoch a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm ag an gCoimisiún, i gcás inar iarr an Oifig um Intleacht Shaorga na cúraimí sin de bhun Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689.

2.Speansais taistil agus, i gcás ina measfaidh an Rúnaíocht iad a bheith iomchuí, speansais chothaithe na saineolaithe i dtaca le gníomhaíochtaí an phainéil eolaíoch, déanfaidh an Coimisiún iad a aisíoc i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Déanfar na speansais sin a aisíoc laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil um leithdháileadh acmhainní.

Airteagal 10

Neamhspleáchas, neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht

1.Déanfar saineolaithe a cheapadh nó a shannadh ina gcáil phearsanta. Ní dhéanfaidh siad a bhfreagrachtaí a tharmligean chuig aon duine eile.

2.Beidh saineolaithe neamhspleách ar aon soláthraí córas intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689. Ní bheidh siad ina bhfostaí ná ní bheidh gaol conarthach acu leis an soláthraí sin ó thús deireadh an téarma oifige dá dtagraítear in Airteagal 4, mar go bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh dá neamhspleáchas, dá neamhchlaontacht agus dá n‑oibiachtúlacht.

3.Déanfaidh siad dearbhú leasa ina léireofar aon leas a d’fhéadfadh a neamhspleáchas a chur i mbaol nó a d’fhéadfaí a mheas le réasún go gcuireann sé a neamhspleáchas, a neamhchlaontacht agus a n‑oibiachtúlacht i mbaol, lena n‑áirítear aon imthoisc ábhartha a bhaineann lena ndlúthbhaill teaghlaigh. Déanfar teimpléad le haghaidh dearbhú leasa den sórt sin a sholáthar mar Iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an nglao ar léiriú spéise agus cuirfear an dearbhú leasa isteach mar chuid den iarratas.

4.Déanfaidh saineolaithe a ndearbhuithe leasa a thabhairt cothrom le dáta:

sula gceapfar ar an bpainéal eolaíoch iad nó sula gcuirfear ar an bpainéal ionadaithe iad;

aon uair a thagann athrú ar imthosca.

5.I gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga gach beart is iomchuí a dhéanamh, lena n‑áirítear an saineolaí a bhriseadh as an bpainéal eolaíoch.

Airteagal 11

Gealltanas

1.Geallfaidh saineolaithe go ngníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail agus go n‑urramóidh siad na prionsabail a liostaítear in Airteagail 10 go 13. Chun na críche sin, síneoidh siad dearbhú gealltanais.

2.Freagróidh saineolaithe iarrataí agus teachtaireachtaí eile ón gCathaoirleach agus ón Rúnaíocht. Déanfaidh siad an iarracht is gá chun na cúraimí sannta a chur i gcrích chomh maith agus is féidir leo agus laistigh de na hamlínte a dtugtar tuairisc orthu sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 12

Trédhearcacht

1.Déanfar gníomhaíochtaí an phainéil eolaíoch ar bhealach trédhearcach. Cuirfidh an Rúnaíocht an méid seo a leanas ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin, gan moill mhíchuí:

ainmneacha na saineolaithe a cheapfar ar an bpainéal eolaíoch;

curriculum vitae agus dearbhuithe leasanna, rúndacht agus tiomantas na saineolaithe a cheapfar ar an bpainéal eolaíoch;

rialacha nós imeachta an phainéil eolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 8;

tuairimí nó moltaí a thabharfar agus cúraimí á gcomhlíonadh de bhun Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, ach amháin i gcás ina nochtfaí faisnéis rúnda ghnó, rúin trádála nó leasanna straitéiseacha an Aontais mar gheall air sin;

an rannpháirtíocht in éisteachtaí téamacha dá dtagraítear in Airteagal 7(4) agus conclúidí na n‑éisteachtaí sin.

Airteagal 13

Rúndacht

1.Ní nochtfaidh saineolaithe aon fhaisnéis de chineál rúnda a fuair siad mar chuid dá gcuid oibre ar an bpainéal eolaíoch nó de thoradh gníomhaíochtaí eile a rialaítear leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, síneoidh siad dearbhú rúndachta.

2.Comhlíonfaidh saineolaithe Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.Comhlíonfaidh saineolaithe na rialacha maidir le rúndacht a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe an Aontais agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444.

4.I gcás nach gcomhlíonfar na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a dhéanamh, lena n‑áirítear an saineolaí a bhriseadh as an bpainéal eolaíoch.

Caibidil III
Tacaíocht a thabhairt d’údaráis um fhaireachas margaidh

Airteagal 14

Iarrataí ar thacaíocht ó údaráis um fhaireachas margaidh

1.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga foráil maidir le modhanna praiticiúla d’údaráis um fhaireachas margaidh chun cúnamh a iarraidh ar an bpainéal eolaíoch le haghaidh a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh faoi Rialachán (AE) 2024/1689.

2.Luafar go soiléir in aon iarraidh ar thacaíocht ar an bpainéal eolaíoch cuspóir an chúnaimh iarrtha agus ní dhéanfar an iarraidh sin ach i ndáil le gníomhaíochtaí faireachais margaidh faoi Rialachán (AE) 2024/1689, agus tabharfar bunús leis an ngá agus leis an gcomhréireacht a bhaineann le cúnamh an phainéil eolaíoch a iarraidh.

3.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga meastóireacht ar riachtanas agus comhréireacht na hiarrata ar thacaíocht, agus cuirfear san áireamh an acmhainneacht atá ar fáil ón bpainéal eolaíoch agus an gá atá le rochtain éifeachtach ar shaineolaithe a áirithiú do na Ballstáit uile.

4.I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga, tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil an iarraidh riachtanach agus comhréireach, ceapfaidh an Coimisiún rapóirtéir agus beirt rannchuiditheoirí le haghaidh an chúraim i gcomhréir le hAirteagal 7.

5.I gcás ina bhfaighidh an Oifig um Intleacht Shaorga amach nach bhfuil an tacaíocht a iarradh riachtanach agus comhréireach, tabharfaidh sí fógra don údarás iarrthach um fhaireachas margaidh agus sonróidh sí na cúiseanna leis an diúltú.

6.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga an iarraidh a phróiseáil laistigh de 2 sheachtain ón iarraidh iomlán a fháil. Tráth ar bith sula ndéanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a cinneadh, féadfaidh sí a cheangal ar an údarás iarrthach um fhaireachas margaidh faisnéis bhreise a sholáthar chun bunús a thabhairt leis an iarraidh. Sa chás sin, ní mheasfar an iarraidh a bheith iomlán go dtí go soláthrófar an fhaisnéis bhreise.

Caibidil IV
Iarrataí ar chúnamh

Airteagal 15

Iarrataí ar chúnamh na hOifige um Intleacht Shaorga

1.I gcás ina n‑iarrfaidh an painéal eolaíoch ar an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 91(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, iarraidh ar dhoiciméadacht nó ar fhaisnéis a eisiúint do sholáthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus rochtain a dheonú ar an bhfaisnéis a gheofar a mhéid is gá agus is comhréireach chun cúram dá dtagraítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 a chomhlíonadh (‘iarraidh ar chúnamh’), tabharfar aird chuí ar an ngá atá le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint.

2.An comhalta den phainéal eolaíoch arna cheapadh ag an Rúnaíocht mar rapóirtéir do chúram de chuid an phainéil eolaíoch, féadfaidh sé iarraidh ar chúnamh a eisiúint don Oifig um Intleacht Shaorga. Ní dhéanfar iarraidh den sórt sin ach amháin i gcás ina mbeidh an rapóirtéir údaraithe ag aon trian ar a laghad de chomhaltaí an phainéil eolaíoch leis an méid sin a dhéanamh.

3.Luafar go soiléir san iarraidh ar chúnamh ainm an rapóirtéara iarrthaigh agus na rannchuiditheoirí iarrthacha agus cuspóir an chúnaimh iarrtha agus ní dhéanfar an iarraidh ach amháin chun cúraimí an phainéil eolaíoch a chomhlíonadh faoi Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689. Chun riachtanas agus comhréireacht iarrata den sórt sin a léiriú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 91(3) de Rialachán (AE) 2024/1689, tabharfar bunús leis na nithe seo a leanas san iarraidh:

(a)má dhiúltaítear an cúnamh iarrtha a dheonú, cuirfear cosc ar an rapóirtéir iarrthach a chúram dá dtagraítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 a dhéanamh;

(b)ní sháraíonn méid, raon feidhme, gráinneacht agus cineál na doiciméadachta agus na faisnéise a iarrtar an méid is gá chun an cúram a chur i gcrích.

Airteagal 16

An iarraidh ar chúnamh a phróiseáil

1.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach agus comhréireach iarraidh ar dhoiciméadacht nó ar fhaisnéis a eisiúint do sholáthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun cúraimí an phainéil eolaíoch a chomhlíonadh, agus an gá atá le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint á chur san áireamh.

2.I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga, tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil iarraidh ar chúnamh riachtanach agus comhréireach, féadfaidh sí cinneadh a ullmhú don Choimisiún chun iarraidh ar dhoiciméadacht nó ar fhaisnéis a eisiúint do sholáthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí de bhun Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2024/1689 agus féadfaidh sí rochtain a thabhairt don phainéal eolaíoch ar an doiciméadacht nó ar an bhfaisnéis a gheofar.

3.I gcás ina bhfaighidh an Oifig um Intleacht Shaorga amach nach bhfuil an cúnamh a iarradh riachtanach agus comhréireach, tabharfaidh sí fógra don phainéal eolaíoch agus sonróidh sí na cúiseanna leis an diúltú.

4.Tuairisceoidh an Oifig um Intleacht Shaorga go tráthrialta don Bhord maidir leis na hiarrataí a gheofar agus na cinntí a dhéanfar i ndáil leis na hiarrataí sin.

5.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga an iarraidh a phróiseáil laistigh de 2 sheachtain ón iarraidh iomlán a fháil. Tráth ar bith sula ndéanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a cinneadh, féadfaidh sí a cheangal ar chomhalta iarrthach an phainéil eolaíoch faisnéis bhreise a sholáthar chun bunús a thabhairt leis an iarraidh. Sa chás sin, ní mheasfar an iarraidh a bheith iomlán go dtí go soláthrófar an fhaisnéis bhreise.

Airteagal 17

Coinníollacha maidir le rochtain a dheonú ar an doiciméadacht nó ar an bhfaisnéis a gheofar

1.Soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga modhanna slána trínar féidir léi an doiciméadacht nó an fhaisnéis a gheofar, arna hiarraidh ag an gCoimisiún tar éis iarraidh ar chúnamh, a chur ar fáil do rapóirtéir iarrthach an phainéil eolaíoch.

2.Beidh rochtain ar an bhfaisnéis a iarrfar teoranta don rapóirtéir agus do na rannchuiditheoirí ceaptha agus beidh teorainn ama leis an rochtain sin, agus féadfar síneadh ama a chur léi ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil.

3.Sula ndeonófar rochtain ar an doiciméadacht nó ar an bhfaisnéis a gheofar, ceanglóidh an Oifig um Intleacht Shaorga ar an rapóirtéir an méid seo a leanas a chur isteach:

(a)féindearbhú chun an fhaisnéis a úsáid chun na gcríoch sonraithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Rialachán seo agus chun na gcríoch sin amháin;

(b)tuairisc ar mhódúlachtaí agus ar choimircí chun a áirithiú go láimhseálfar an fhaisnéis a gheofar faoi rún.

4.Beidh an Oifig um Intleacht Shaorga in ann rochtain ar na sonraí iarrtha a dhiúltú, i gcás ina bhfuil forais aici glacadh leis go bhfuil rioscaí measartha intuartha ann a bhaineann le slándáil nó rúndacht sonraí, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach de bhun mhír 3.

Caibidil V
Foláirimh cháilithe a eisiúint

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le foláirimh cháilithe a eisiúint

1.Beidh gá le cinneadh trí thromlach simplí ar a laghad de chomhaltaí an phainéil eolaíoch chun foláireamh cáilithe a eisiúint don Oifig um Intleacht Shaorga de bhun Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2024/1689. Féadfaidh an painéal eolaíoch nósanna imeachta níos sonraí a thabhairt isteach ina rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.Beidh na foláirimh cháilithe cuí-réasúnaithe agus beidh iontu, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 90(3) de Rialachán (AE) 2024/1689.

3.Soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga comhéadan tiomnaithe chun foláirimh cháilithe a tharchur ar bhealach slán. Beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag an gcomhéadan:

(a)foláirimh cháilithe a sheoladh de bhun Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2024/1689;

(b)foláirimh cháilithe a tharraingt siar, faisnéis atá i bhfoláirimh cháilithe a cheartú, agus foláirimh cháilithe a mhodhnú;

(c)foláirimh cháilithe a dhúnadh.

Airteagal 19

Foláirimh cháilithe a láimhseáil

1.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga meastóireacht ar na foláirimh cháilithe arna n‑eisiúint de bhun Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 agus déanfaidh sí cinneadh maidir le cé acu a sheolfar nó nach seolfar aon bheart dá bhforáiltear in Airteagail 91 go 93 den Rialachán sin. I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga gan aon bheart dá bhforáiltear in Airteagail 91 go 93 a sheoladh, dúnfaidh sí an foláireamh cáilithe.

2.Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga an foláireamh cáilithe a phróiseáil laistigh de 2 sheachtain ón dáta a gheofar an foláireamh cáilithe iomlán. Tráth ar bith sula ndéanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a cinneadh, féadfaidh sí a cheangal ar chomhalta iarrthach an phainéil eolaíoch faisnéis bhreise a sholáthar chun bunús a thabhairt leis an iarraidh. Sa chás sin, ní mheasfar an foláireamh cáilithe a bheith iomlán go dtí go soláthrófar an fhaisnéis bhreise.

3.Sula seolfar na bearta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an Bord ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) 2024/1689.

4.I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga beart a sheoladh de bhun Airteagail 91 go 93 de Rialachán (AE) 2024/1689, ceapfaidh an Rúnaíocht, i gcomhairle le Cathaoirleach an phainéil eolaíoch, rapóirtéir agus beirt rannchuiditheoirí a bheidh freagrach as comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na bearta a ghlacadh.

Caibidil VI
Foráil chríochnaitheach

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7.3.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 2024/1689, 12.7.2024 
(2)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222.