RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 18.12.2024

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clárlann SCCT

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha 1 , agus go háirithe Airteagal 14(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2023/956, ceanglaítear ar an gCoimisiún bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe agus slán a bhunú, ar leibhéal an Aontais, le haghaidh bhainistiú dheimhnithe SCCT, dearbhuithe SCCT, iarratais ar bheith ina ndearbhóirí SCCT údaraithe, clárú oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha (‘oibreoirí’), agus chun rochtain a thabhairt, cásanna a láimhseáil agus san am céanna rúndacht na faisnéise á háirithiú. Fuair an Coimisiún taithí cheana féin ar chlárlann a bhunú chun críocha SCCT nuair a chuir sé Clárlann Idirthréimhseach SCCT chun feidhme faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1773 ón gCoimisiún 2 .

(2)I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/956, tá an Coimisiún le rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le feidhmiú chlárlann SCCT.

(3)Ba cheart clárlann SCCT a bheith ina córas chun dearbhuithe SCCT a chomhdú agus a bhainistiú, lena n‑áirítear seiceálacha, measúnuithe táscacha, agus nósanna imeachta athbhreithnithe. Ba cheart sonraí maidir le dearbhóirí SCCT údaraithe, iarratasóirí a chomhdaíonn iarraidh ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe (‘iarratasóirí’), oibreoirí, agus fíoraitheoirí SCCT creidiúnaithe a bheith i gclárlann SCCT. Beidh an fhaisnéis faoi na hoibreoirí i roinn ar leith de chlárlann SCCT. An bonneagar TF is gá chun na cúraimí anailíseacha is gné dhílis d’fheidhmeanna anailíse riosca SCCT atá le déanamh ag an gCoimisiún a dhéanamh, ba cheart é a bheith ina chuid de chlárlann SCCT.

(4)Chun measúnú cruinn ar na hoibleagáidí tuairiscithe a áirithiú, chun rochtain ar shonraí SCCT a sholáthar d’údaráis chustaim chun críocha fhíorú na bhfoirmiúlachtaí SCCT le linn imréiteach custaim, agus chun tacú leis an anailís riosca agus leis an bhfaireachán gaolmhar ar imchéimniú, lena n‑áirítear imscrúdú i gcomhréir le hAirteagail 15, 19 agus 27 de Rialachán (AE) 2023/956, ba cheart clárlann SCCT a bheith idir-inoibritheach le córais chustaim atá ann cheana agus go háirithe, ba cheart na sonraí a bhailítear a mhalartú léi trí bhíthin faireachais i gcomhréir le hAirteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 . Dá bhrí sin, ba cheart clárlann SCCT úsáid a bhaint as malartuithe caighdeánaithe sonraí le córais chustaim atá ann cheana.

(5)Chun córas tuairiscithe éifeachtach agus aonfhoirmeach a áirithiú, ba cheart socruithe teicniúla maidir le feidhmiú chlárlann SCCT a leagan síos. Áirítear ar na socruithe sin, socruithe maidir le clárlann SCCT a fhorbairt, comhéadain, cosaint sonraí, nuashonrú sonraí, teorannú ar phróiseáil sonraí, úinéireacht agus slándáil an chórais, chomh maith le socruithe maidir le tástáil agus cuir in úsáid, cothabháil agus modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Ba cheart socruithe den sórt sin a bheith comhoiriúnach le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 agus in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , chomh maith le slándáil na próiseála dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679.

(6)Chun an rochtain ar chlárlann SCCT a dhaingniú, ba cheart córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (UUM&DS), dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún 6 , a úsáid chun an próiseas fíordheimhnithe agus fíoraithe rochtana a bhainistiú d’iarratasóirí, do dhearbhóirí SCCT údaraithe, chomh maith le hionadaithe na n‑údarás inniúil. Chun críoch teicniúil, maidir leis na hiarratasóirí ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe, dearbhóirí SCCT údaraithe nó na daoine a ndearnadh stádas dearbhóra SCCT údaraithe ina leith a chúlghairm, ba cheart cead a bheith acu rochtain a tharmligean chuig duine atá ag gníomhú thar a gceann ach san am céanna, iad a bheith freagrach i gcónaí as comhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/956.

(7)Chun iarratasóirí agus dearbhóirí SCCT údaraithe a shainaithint trína n‑uimhreacha Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI), ba cheart Clárlann SCCT a bheith idir-inoibritheach le córas EORI agus sonraí ábhartha a mhalartú leis an gcóras sin léi, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070. Leis an idir-inoibritheacht sin, ba cheart measúnú cruinn ar oibleagáidí SCCT a áirithiú freisin agus tacú le feidhmíocht na hanailíse riosca, an athbhreithnithe agus an fhaireacháin ar imchéimniú.

(8)Chun an fhaisnéis faoi Dhearbhuithe Allmhairiúcháin Custaim maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 agus an fhaisnéis maidir leis na hearraí a aisghabháil agus chun seiceálacha a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT agus ar chomhlíonadh oibleagáidí SCCT chun críche anailíse riosca, athbhreithnithe agus faireacháin ar imchéimniú dá dtagraítear in Airteagail 15, 19 agus 27 de Rialachán (AE) 203/956, ba cheart clárlann SCCT a idirnascadh leis an gCóras faireachais, a forbraíodh trí Fhaireachas 3 UCC (SURV3), dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070. Ba cheart na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/956 a áireamh san fhaisnéis sin.

(9)Chun a fhíorú nach ndéanann ach dearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú, agus chun a fhíorú gur comhlíonadh na hoibleagáidí maidir leis na hearraí nó táirgí próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/956, ba cheart clárlann SCCT a idirnascadh le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 .

(10)Chun críoch seiceála agus tuairiscithe, mar aon le hanailís riosca agus faireachán ar imchéimniú agus athbhreithnithe, i gcomhréir le hAirteagail 15, 19 agus 27 de Rialachán (AE) 2023/956, ba cheart a sholáthar leis na córais chustaim náisiúnta an fhaisnéis is gá maidir le hallmhairí agus ath-onnmhairí, dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún 8 . I gcás nach féidir leis na córais chustaim náisiúnta an fhaisnéis a sholáthar trí uathmhalartú, ba cheart é a chur ar a gcumas dóibh trí chlárlann SCCT an fhaisnéis a chur in iúl go díreach i gclárlann SCCT. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir leis an allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, an fhaisnéis faoi earraí a chuirtear faoi phróiseáil isteach, an fhaisnéis faoi scaoileadh táirgí próiseáilte i saorchúrsaíocht agus earraí SCCT in úsáid mar ionchur agus an fhaisnéis faoi na hearraí nó táirgí próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/956.

(11)Chun earraí allmhairithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a shainaithint, ba cheart aicmiú na n‑earraí sin san Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’) a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle 9 a úsáid.

(12)Chun faisnéis faoi rioscaí agus torthaí anailíse riosca a mhalartú idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, ba cheart clárlann SCCT a idirnascadh leis an gCóras Bainistíochta Riosca Custaim (CBRC2) dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 10 agus in Airteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070.

(13)Chun leanúnachas an chórais a áirithiú an t‑am ar fad, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le réitigh mhalartacha atá le cur chun feidhme i gcás chliseadh sealadach chlárlann SCCT. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún plean leanúnachais gnó SCCT a leagan síos.

(14)Déanann na húdaráis inniúla agus an Coimisiún sonraí pearsanta atá cláraithe ar Chlárlann SCCT a phróiseáil i gcomhréir lena gcúraimí mar a shonraítear i Rialachán 2023/956 agus, dá réir sin, a mhéid a bhaineann le bainistiú chlárlann SCCT, na ndearbhuithe agus dheimhnithe SCCT, gníomhaíonn siad mar rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm lena gcumasaítear sainaithint na n‑ábhar sonraí ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil. I ndáil leis sin, beidh an tréimhse coinneála sonraí do chlárlann SCCT teoranta do 7 mbliana ón gclárú i gclárlann SCCT chun gur féidir anailís a dhéanamh ar fheidhmiú SCCT agus go háirithe anailís a dhéanamh ar na conclúidí a baineadh as an athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT.

(15)Baineann an Rialachán seo le seirbhís phoiblí a sholáthar chun rochtain agus bainistiú trasteorann ar fhaisnéis rialáilte SCCT a éascú agus cloífidh sé le ceanglais Rialachán (AE) 2024/903 maidir leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach 11 .

(16)Beidh roghanna straitéiseacha forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Chibearshlándáil.

(17)Chun go bhféadfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(18)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 agus thug sé tuairim an 27 Samhain 2024.

(19)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste SCCT,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le bonneagar agus próisis shonracha agus nósanna imeachta sonracha chlárlann SCCT.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘comhpháirt náisiúnta’ comhpháirt de na córais leictreonacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh í;

(2) ciallaíonn ‘córas tras-Eorpach’ bailiúchán de chórais chomhoibritheacha a bhfuil freagrachtaí orthu arna ndáileadh ar fud na riarachán náisiúnta agus an Choimisiúin, agus arna fhorbairt i gcomhar leis an gCoimisiún;

(3) ciallaíonn ‘iarratasóir’ allmhaireoir, nó ionadaí custaim indíreach, a dhéanann iarratas ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe.

Caibidil II

Clárlann SCCT

Roinn 1

Clárlann SCCT

Airteagal 3
Feidhmeanna chlárlann SCCT

1.Is éard a bheidh i gclárlann SCCT bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe slán ina mbeidh gnéithe sonraí de chuntais SCCT, de dhearbhuithe SCCT, d’iarratais d’fhonn stádas dearbhóra SCCT a fháil, de chlárúcháin oibreoirí, de thuarascálacha fíorúcháin arna n‑eisiúint ag fíoraitheoirí SCCT creidiúnaithe, agus lena soláthrófar rochtain, láimhseáil cásanna agus rúndacht.

2.Le clárlann SCCT, cumasófar cumarsáid, fógra, clárú, seiceálacha agus malartuithe faisnéise idir an Coimisiún, na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim, dearbhóirí SCCT údaraithe, iarratasóirí, daoine a ndearnadh stádas dearbhóra SCCT údaraithe ina leith a chúlghairm, agus oibreoirí.

3.Le clárlann SCCT beifear in ann tabhairt faoi na cúraimí anailíseacha is gné dhílis d’fheidhmeanna anailíse riosca SCCT a dhéanfaidh an Coimisiún.

4.Is é an Coimisiún a bheidh ina úinéir córais ar chlárlann SCCT.

Airteagal 4
Struchtúr chlárlann SCCT

1.Beidh na comhpháirteanna seo a leanas i gclárlann SCCT:

(a)Tairseach Dearbhóirí SCCT;

(b)Tairseach Údaráis Náisiúnta Inniúla SCCT (TÚI/N SCCT);

(c)Tairseach SCCT an Choimisiúin Eorpaigh;

(d)Tairseach Oibreoirí SCCT (Oibreoir SCCT).

2.Údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an dearbhóra SCCT údaraithe, agus an t‑údarás inniúil atá i gceannas ar dhuine seachas dearbhóir SCCT údaraithe a thugann earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais sna cásanna de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2023/956, cuirfidh sé na cinntí maidir le pionóis in iúl don Choimisiún trí chlárlann SCCT.

Airteagal 5
Idir-inoibritheacht le córais chustaim 

1.Beidh clárlann SCCT idir-inoibritheach leis na córais seo a leanas:

(a)córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (UUM&DS) chun úsáideoirí a chlárú agus rochtain a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 le haghaidh na mBallstát, an Choimisiúin, dearbhóirí SCCT údaraithe, na n‑iarratasóirí agus na ndaoine a bhfuil údarú cúlghairthe acu;

(b)an córas chun Oibreoir Eacnamaíoch a Chlárú agus a Shainaithint (EORI), dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070, rud lena gcumasaítear cros-seiceáil sonraí EORI a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)an córas Faireachais, a forbraíodh trí Fhaireachas 3 UCC (SURV3), dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070;

(d)Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(e)an Córas Bainistíochta Riosca Custaim dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus dá dtagraítear in Airteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070.

2.Le clárlann SCCT, cumasófar an comhar digiteach trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/2399.

Airteagal 6
Pointí teagmhála le haghaidh na gcóras leictreonach

Ainmneoidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla pointí teagmhála do gach ceann de na comhpháirteanna agus de na córais dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 chun faisnéis a mhalartú lena áirithiú go ndéanfar na comhpháirteanna sin a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach comhordaithe. Féadfaidh na húdaráis inniúla pointí teagmhála atá ann cheana a úsáid.

Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit mionsonraí na bpointí teagmhála sin in iúl dá chéile agus cuirfidh siad aon athrú ar na mionsonraí sin in iúl dá chéile láithreach.

Airteagal 7
Téarmaí comhair i gclárlann SCCT 

Molfaidh an Coimisiún na téarmaí maidir le comhar, comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus plean slándála, a bheidh faoi réir chomhaontú na n‑údarás inniúil. Oibreoidh an Coimisiún clárlann SCCT i gcomhréir leis na téarmaí comhair.

Roinn 2

Bainistíocht rochtana agus tairseacha

Airteagal 8
Bainistíocht SCCT um Rochtain d’Úsáideoirí

1.Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana na ndearbhóirí SCCT údaraithe, na n‑iarratasóirí, agus na ndaoine a ndearnadh stádas na ndearbhóirí SCCT údaraithe ina leith a chúlghairm, chun rochtain a fháil ar chomhpháirteanna chlárlann SCCT, trí úsáid a bhaint as córas UUM&DS.

2.Soláthróidh an Coimisiún na seirbhísí fíordheimhnithe lena bhfágfar go mbeidh úsáideoirí chlárlann SCCT in ann rochtain shlán a fháil ar an gclárlann.

3.Úsáidfidh an Coimisiún córas UUM&DS chun rochtain a údarú agus a thabhairt dá fhoireann ar chlárlann SCCT.

4.Úsáidfidh údarás inniúil Ballstáit córas UUM&DS chun rochtain a údarú agus a thabhairt ar chlárlann SCCT dá fhoireann, do dhearbhóirí SCCT údaraithe, d’iarratasóirí, agus do na daoine a ndearnadh stádas dearbhóra SCCT údaraithe ina leith a chúlghairm, atá bunaithe sa Bhallstát sin.

5.Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit úsáid a bhaint as córas bainistíochta aitheantais agus rochtana arna bhunú sa Bhallstát sin (córas custaim náisiúnta eIDAS) chun na dintiúir is gá a sholáthar chun rochtain a fháil ar chlárlann SCCT.

6.Féadfaidh an t‑iarratasóir, dearbhóir SCCT údaraithe, nó daoine a ndearnadh stádas dearbhóra SCCT údaraithe ina leith a chúlghairm, rochtain ar chlárlann SCCT a tharmligean chuig daoine atá ag gníomhú thar a gceann. Leanfaidh toscairí de bheith freagrach as a n‑oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/956 a chomhlíonadh.

Airteagal 9
Tairseach Dearbhóirí SCCT

1.Beidh Tairseach Dearbhóirí SCCT ina pointe iontrála uathúil chuig clárlann SCCT do na dearbhóirí SCCT údaraithe agus do na hiarratasóirí. Beidh an tairseach ar fáil ar an Idirlíon.

2.Úsáidfear Tairseach Dearbhóirí SCCT le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)iarratais ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe agus ar chúlghairm an stádais sin;

(b)dearbhuithe SCCT a chur isteach;

(c)fógraí agus cumarsáid a bhaineann le hoibleagáidí SCCT, lena n‑áirítear bainistiú dearbhuithe SCCT.

3.Déanfar rochtain ar Thairseach Dearbhóirí SCCT a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 10
Tairseach Oibreoirí SCCT 

1.Beidh Tairseach Oibreoirí SCCT ina pointe iontrála uathúil chuig clárlann SCCT d’oibreoirí. Beidh an tairseach inrochtana ón Idirlíon.

2.Úsáidfidh oibreoirí Thairseach Oibreoirí SCCT i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán 2023/956 le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteálacha a chlárú;

(b)an fhaisnéis faoi na hearraí arna dtáirgeadh ag suiteáil a chlárú;

(c)na sonraí astaíochtaí agus tuarascálacha fíorúcháin a chlárú;

(d)fógraí agus cumarsáid a fháil a bhaineann lena gclárú agus lena n‑úsáid faisnéise i gclárlann SCCT.

3.Cuirfidh oibreoir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go sannfar próifíl dó chun rochtain a fháil ar Thairseach Oibreoirí SCCT. Beidh doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an iarraidh sin lena léireofar clárú dlíthiúil an oibreora nó cruthúnas ar ghníomhaíocht sa tríú tír bhunaíochta, lena n‑áirítear ainm, seoladh, faisnéis teagmhála, agus cláruimhir náisiúnta chorparáideach nó ghníomhaíochta. Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh sin lena léireofar go bhfuil an duine a bhfuil an iarraidh á cur isteach aige údaraithe chun gníomhú thar ceann an oibreora mar aon le doiciméid lena gcruthaítear céannacht an duine sin. I gcás inar leor na doiciméid tacaíochta chun cruinneas na faisnéise atá iontu a fhianú, sannfaidh an Coimisiún an phróifíl iarrtha don oibreoir iarrthach.

4.Úsáidfidh an t‑oibreoir seirbhís lárnach rochtana an Aontais arna hoibriú ag an gCoimisiún chun rochtain ar chlárlann SCCT a iarraidh.

Airteagal 11
Tairseach Údaráis Náisiúnta Inniúla SCCT 

1.Beidh Tairseach Údaráis Náisiúnta Inniúla SCCT ina pointe iontrála uathúil chuig an gclárlann SCCT do na húdaráis inniúla. Beidh an tairseach inrochtana ón Idirlíon.

2.Úsáidfear Tairseach Údaráis Inniúla Náisiúnta SCCT chun na cúraimí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh, agus áireofar air sin fógraí agus cumarsáid.

3.I gclárlann SCCT beifear in ann na sonraí is gá a aistriú chuig an gclárlann agus ón gclárlann chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh.

4.Déanfar rochtain ar Thairseach Údaráis Inniúla SCCT a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 12
Tairseach SCCT an Choimisiúin Eorpaigh 

1.Beidh Tairseach SCCT an Choimisiúin Eorpaigh ina pointe iontrála uathúil chuig clárlann SCCT don Choimisiún.

2.Úsáidfidh an Coimisiún Tairseach SCCT an Choimisiúin Eorpaigh chun na cúraimí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh.

3.Déanfar rochtain ar Thairseach SCCT an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 13
Córais bainistíochta céannachta agus rochtana na mBallstát

Bunóidh na Ballstáit córas nua UUM&DS bainistíochta céannachta agus rochtana nó úsáidfidh siad a UUM&DS custaim féin atá ann cheana le haghaidh na bhfeidhmeanna seo a leanas:

(a)clárú slán agus stóráil shlán sonraí aitheantais dearbhóirí SCCT údaraithe, iarratasóirí agus daoine eile a bhfuil rochtain acu ar chlárlann SCCT;

(b)malartú slán sonraí aitheantais sínithe agus criptithe dearbhóirí SCCT údaraithe, iarratasóirí agus daoine eile a bhfuil rochtain acu ar chlárlann SCCT.

Roinn 3

Feidhmiú chlárlann SCCT

Airteagal 14
Forbairt, tástáil, cur in úsáid agus bainistiú chlárlann SCCT

1.Déanfaidh an Coimisiún comhpháirteanna chlárlann SCCT a fhorbairt, a thástáil, a chur in úsáid agus a bhainistiú, agus féadfaidh na Ballstáit iad a thástáil.

2.Déanfaidh an Coimisiún sonraíochtaí coiteanna na gcomhéadan a liostaítear in Airteagail 4, 5 agus 11 a dhearadh agus a chothabháil i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

3.I gcás inarb iomchuí, sainmhíneoidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla coiteanna i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla, agus faoi réir athbhreithniú uathu, d’fhonn iad a chur in úsáid in am trátha. Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le dearbhóirí SCCT, le hiarratasóirí SCCT agus le páirtithe leasmhara eile.

4.I gcomhar leis na húdaráis inniúla, déanfaidh an Coimisiún tástáil agus bailíochtú ar an idir-inoibritheacht idir clárlann SCCT agus na córais dá dtagraítear in Airteagal 5 chun a áirithiú go ndéanfar cros-seiceáil chruinn, éifeachtúil agus rúnda ar shonraí.

Airteagal 15
Cothabháil chlárlann SCCT agus athruithe uirthi

1.Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an chothabháil ar chlárlann SCCT.

2.Déanfaidh an Coimisiún comhpháirteanna chlárlann SCCT a thabhairt cothrom le dáta chun mífheidhmeanna a cheartú, agus féadfaidh sé feidhmiúlachtaí nua a chur léi nó chun feidhmiúlachtaí atá inti cheana a athrú.

3.Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla, na dearbhóirí SCCT údaraithe agus na hoibreoirí ar an eolas roimh ré faoi athruithe agus nuashonruithe ar chomhpháirteanna chlárlann SCCT.

Airteagal 16
Cliseadh sealadach chlárlann SCCT

1.I gcás chliseadh sealadach chlárlann SCCT, déanfaidh dearbhóirí agus iarratasóirí SCCT an fhaisnéis is gá a chur isteach chun a n‑oibleagáidí i ndáil le hoibleagáidí SCCT faoi Rialachán (AE) 2023/956 a chomhlíonadh trí na modhanna a shonraítear i bplean leanúnachais gnó SCCT.

2.Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas faoi aon neamh-infhaighteacht mhór maidir le clárlann SCCT a mbeidh tionchar aici ar na leibhéil infhaighteachta a shainítear sna Comhaontuithe ar Leibhéal na Seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.Cuirfidh an Coimisiún na dearbhóirí SCCT údaraithe agus na hoibreoirí SCCT údaraithe ar an eolas faoi cheanglais, nuashonruithe móra agus clárlann SCCT gan a bheith ar fáil go fadtéarmach i gcomhréir le plean leanúnachais gnó SCCT.

Airteagal 17
Tacaíocht agus oiliúint maidir le húsáid agus feidhmiú chlárlann SCCT

1.Tacóidh an Coimisiún leis na húdaráis inniúla maidir le comhpháirteanna chlárlann SCCT a úsáid agus a fheidhmiú trí ábhar oiliúna agus cumarsáide a sholáthar.

2.Soláthróidh na húdaráis inniúla an tacaíocht náisiúnta deisce freastail do dhearbhóirí SCCT údaraithe agus d’iarratasóirí.

Caibidil III

Slándáil chlárlann SCCT agus cosaint sonraí

Airteagal 18
Cosaint sonraí pearsanta

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún na sonraí pearsanta atá cláraithe i gclárlann SCCT, agus comhpháirteanna na gcóras leictreonach arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)críocha fíordheimhnithe agus bainistiú rochtana;

(b)próiseáil agus bainistiú iarratas;

(c)dearbhuithe SCCT a chur isteach agus a bhainistiú;

(d)faireachán, seiceálacha agus athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT;

(e)bainistiú oibreoirí agus fíoraitheoirí;

(f)bainistiú dheimhnithe SCCT;

(g)cumarsáid agus fógraí;

(h)chun comhlíonadh a áirithiú;

(i)feidhmiú an bhonneagair TF, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht le córais náisiúnta agus le córais dhíláraithe thras-Eorpacha faoin Rialachán seo;

(j)staidreamh agus athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2023/956;

(k)anailís riosca agus faireachán ar imchéimniú;

(l)fíorú go ndéanann dearbhóir SCCT údaraithe allmhairiú earraí agus athonnmhairiú earraí, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 19
Ról sonrach an Choimisiúin agus na n‑údarás inniúil

1.Is é an Coimisiún a bheidh ina rialaitheoir ar na nithe seo a leanas:

(a)próiseáil sonraí pearsanta maidir le bainistiú rochtana Thairseach an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagail 12 den Rialachán seo;

(b)próiseáil sonraí pearsanta atá cláraithe ar Thairseach Oibreoirí SCCT;

(c)EORI nó sonraí eile a úsáid, a bhailíochtú agus a aisghabháil chun críoch na hanailíse riosca agus an fhaireacháin ar imchéimniú dá bhforáiltear in Airteagail 15 agus 27 de Rialachán (AE) 2023/956.

2.Is é an t‑údarás inniúil a bheidh ina rialaitheoir ar na nithe seo a leanas:

(a)próiseáil sonraí pearsanta chun cinntí a dhéanamh maidir le húdaruithe dearbhóirí SCCT a dheonú agus a chúlghairm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/956;

(b)próiseáil sonraí pearsanta chun cinntí a dhéanamh maidir le pionóis i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/956;

(c)próiseáil sonraí pearsanta chun rochtain dearbhóirí atá bunaithe laistigh dá mBallstát a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 8, 11 agus 13 den Rialachán seo;

(d)próiseáil sonraí pearsanta na bhfíoraitheoirí creidiúnaithe.

3.Beidh an t‑údarás inniúil agus an Coimisiún ina rialaitheoirí comhpháirteacha ar na nithe seo a leanas:

(a)bainistiú chlárlann SCCT;

(b)próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh bhainistiú dhearbhuithe SCCT i gcomhréir le Rialachán (AE) 956/2023;

(c)próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh bhainistiú dheimhnithe SCCT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 20
Freagracht na rialaitheoirí i leith na n‑ábhar sonraí

I gcás ina bhfaigheann rialaitheoir iarraidh ó ábhar sonraí nach dtagann faoina fhreagracht i gcomhréir le hAirteagal 19, cuirfidh sé an iarraidh sin ar aghaidh chuig an rialaitheoir freagrach go pras agus ar a dhéanaí laistigh de 3 lá oibre ón iarraidh a fháil.

Airteagal 21
Teorainn a chur le rochtain ar shonraí, le próiseáil sonraí agus rúndacht

1.Measfar gur faisnéis rúnda í an fhaisnéis uile atá i gclárlann SCCT.

Féadfaidh na dearbhóirí agus na hiarratasóirí SCCT údaraithe rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta atá cláraithe i gclárlann SCCT tar éis dóibh clárú sa chlárlann.

2.Féadfaidh na hoibreoirí rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta atá cláraithe i gclárlann SCCT tar éis dóibh clárú i gclárlann SCCT. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/956, féadfaidh dearbhóirí SCCT údaraithe rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá cláraithe ag oibreoirí i gclárlann SCCT nó na sonraí sin a phróiseáil ar shlí eile, i gcás inar dheonaigh na hoibreoirí údarú ina leith sin.

3.Féadfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla na sonraí pearsanta agus sonraí eile ó Dhearbhuithe Allmhairiúcháin Custaim a rochtain agus a phróiseáil ar shlí eile i gcás earraí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 i gcomhréir le hAirteagail 15, 19 agus 27 de Rialachán (AE) 2023/956.

Féadfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla na sonraí ón gcóras EORI a rochtain agus a phróiseáil ar shlí eile, i gcomhréir le hAirteagail 15, 19 agus 27 de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 22
Slándáil an chórais

1.Déanfaidh an Coimisiún bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí maidir le slándáil an chórais a chur chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla bearta eagraíochtúla iomchuí chun feidhme maidir le slándáil an chórais.

3.Déanfar na bearta teicniúla agus na bearta eagraíochtúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)slándáil, sláine, rúndacht, infhaighteacht agus leanúnachas na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a áirithiú;

(b)aon sonra pearsanta atá ina seilbh acu a chosaint ar aon phróiseáil, athrú, caillteanas, úsáid agus nochtadh neamhúdaraithe nó neamhdhleathach, nó ar aon rochtain neamhúdaraithe nó neamhdhleathach ar na sonraí sin;

(c)srian a chur le nochtadh sonraí pearsanta nó rochtain orthu d’aon duine seachas na faighteoirí atá beartaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2023/956.

4.Tabharfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla fógra dá chéile agus cuirfidh siad cúnamh ar fáil i gcás teagmhais slándála chriticiúla lena ndéantar plean leanúnachais gnó SCCT a ghníomhachtú nuair a thugtar le tuiscint le teagmhais den sórt sin go bhfuil sárú i ndáil le sonraí pearsanta ann de réir bhrí Airteagal 4(12) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 3(16) de Rialachán (AE) 2018/1725.

5.Déanfaidh an Coimisiún measúnuithe tráthrialta ar chomhpháirteanna chlárlann SCCT agus déanfaidh sé anailís ar shlándáil agus sláine na gcomhpháirteanna sin agus ar rúndacht na sonraí a phróiseáiltear laistigh de na comhpháirteanna sin.

Airteagal 23
Tréimhse coinneála sonraí

1.Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 18, ní choinneoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún na sonraí ach ar feadh na tréimhse is gá chun an cuspóir a bhaint amach, agus ar feadh uastréimhse 7 mbliana ó chlárú na sonraí pearsanta i gclárlann SCCT.

2.D’ainneoin mhír 1, i gcás inar taisceadh achomharc nó ina dtionscnaítear imeachtaí cúirte a bhaineann le sonraí a stóráiltear i gClárlann SCCT, coinneofar na sonraí sin go dtí go bhfoirceannfar an nós imeachta um achomharc nó na himeachtaí cúirte agus ní úsáidfear iad ach amháin chun críoch an nós imeachta achomhairc nó na n‑imeachtaí cúirte.

Caibidil IV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18.12.2024

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)

   IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj . 

(2)

   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1773 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe chun críocha an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le linn na hidirthréimhse (IO L 228, 15.9.2023, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1773/oj ).

(3)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj ).
(4)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
(5)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj ).
(6)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 143, 2.6.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1070/oj ).
(7)    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj ).
(8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L, 22.12.2023, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2879/oj ).
(9)    Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (TARIC) (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj ).
(10)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lgh. 558-893, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj)
(11)    Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj ).
(12)

   Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le    daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí,    comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh.     45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).


IARSCRÍBHINN I

Sonraí Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI)

Tábla 1

Céannacht an Chustaiméara

Tír EORI + Uimhir Náisiúnta EORI

Tír EORI

Dáta tosaigh EORI

Dáta éaga EORI

Faisnéis faoin gCustaiméir Custam

Ainm gearr EORI

Ainm iomlán EORI

Teanga EORI

Dáta bunaithe EORI

Cineál duine EORI

Gníomhaíocht eacnamaíoch EORI

Liosta seoltaí bhunaíocht EORI

Seoltaí na bunaíochta

Seoladh EORI

Teanga EORI

Ainm EORI

Bunaíocht san Aontas

Seoladh na saoráide

Dáta tosaigh sheoladh EORI

Dáta deiridh sheoladh EORI

Uimhreacha CBL nó TIN

‘CBL’ nó ‘TIN’

Stádas dlíthiúil EORI

Teanga stádas dlíthiúil EORI

Stádas dlíthiúil EORI

Dáta tosaigh & dáta deiridh stádas dlíthiúil EORI

Liosta teagmhálaithe

Teagmhálaí

Seoladh theagmhálaí EORI

Teanga theagmhálaí EORI

Ainm iomlán theagmhálaí EORI

Ainm theagmhálaí EORI

Bratach an chomhaontaithe foilseacháin

Tuairisc ar réimsí na seoltaí

Sráid agus Uimhir

Cód poist

Cathair

Cód tíre

Liosta na mionsonraí cumarsáide

Cineál cumarsáide