MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (‘Coinbhinsiún Basel’), a glacadh an 22 Márta 1989 agus a tháinig i bhfeidhm in 1992. Tá 191 Pháirtí i gCoinbhinsiún Basel.
Le linn an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel an 17 Meitheamh 2022, chinn sí an dramhaíl leictreach agus leictreonach uile a chuimsiú faoi shásraí rialaithe an Choinbhinsiúin (Cinneadh BC-15/18). Cuimseofar na cineálacha dramhaíola sin in Iarscríbhinní II agus VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel. Cuirfear na hiontrálacha nua in ionad na n‑iontrálacha atá ann faoi láthair le haghaidh dramhaíl den sórt sin in Iarscríbhinní VIII agus IX. Leis na hathruithe sin, cuirfear feabhas ar rialuithe loingsithe trasteorann dramhaíola leictrí agus leictreonaí, rud a spreagfaidh a mbainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a rannchuideoidh chun srian a chur le gluaiseacht neamhdhleathach trasteorann dramhaíola.
Tiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Forbraíodh an Rialachán Tarmligthe seo chun na hathruithe thuas ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel a chur chun feidhme i ndlí an Aontais agus cuireann sé le foclaíocht an chinnidh maidir leis an ábhar sin a ghlac Comhdháil na bPáirtithe (COP) i gCoinbhinsiún Basel le linn an 15ú cruinniú a bhí aici. Rinneadh comhairliúchán substaintiúil leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara maidir leis an tsaincheist sin, tráth a sainíodh seasamh an Aontais ag COP Choinbhinsiún Basel agus ina dhiaidh sin.
Cur chun feidhme na n‑athruithe ar leith ar Choinbhinsiún Basel tríd an Rialachán Tarmligthe seo, rinneadh tuilleadh plé air leis na Ballstáit ina dhiaidh sin ag cruinnithe de Mheitheal na Comhairle um Shaincheisteanna Idirnáisiúnta i leith an Chomhshaoil, a bhíonn ag déileáil le Coinbhinsiún Basel, agus le linn Cruinniú Saineolaithe maidir le Dramhaíl a bhí ar siúl an 13 Bealtaine 2024. Cuireadh na Páirtithe Leasmhara ar an eolas i rith an phróisis sin freisin agus bhí siad in ann páirt a ghlacadh i gcruinniú na saineolaithe. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le páirtithe leasmhara maidir leis an tsaincheist i mí Feabhra 2024. Phléigh an Coimisiún an dréacht freisin le linn roinnt cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara.
Foilsíodh an dréachtghníomh le haghaidh aiseolas ón bpobal agus le linn na tréimhse ón 5 Meitheamh 2024 go dtí an 3 Iúil 2024, fuair an Coimisiún barúlacha agus ionchur ó 27 bpáirtí leasmhara. Ós rud é go bhfuil substaint an Rialacháin Tharmligthe seo cosúil leis an dréacht‑Rialachán Tarmligthe lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1157 a foilsíodh le haghaidh aiseolas ón bpobal le linn na tréimhse céanna ama agus ós rud é freisin gur ábhartha don Rialachán Tarmligthe seo roinnt seasamh ó pháirtithe leasmhara dá bhforáiltear maidir leis an ngníomh sin, rinneadh na ráitis sin go léir a mheas go comhpháirteach.
Sa chomhairliúchán faoi aiseolas ón bpobal, léiríodh tacaíocht leathan d’iontrálacha nua Choinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach a ionchorprú i ndlí an Aontais, a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le honnmhairiú dramhaíola leictrí agus leictreonaí ón Aontas chuig tríú tíortha, agus maidir le hallmhairiú ó na tíortha sin chuig an Aontas. Tacaíodh den chuid is mó freisin le hiontráil nua Choinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl ghuaiseach leictreach agus leictreonach a ionchorprú, a mhéid a bhaineann le loingsithe dramhaíola den sórt sin idir na Ballstáit.
Ar an taobh eile, thug roinnt athchúrsálaithe agus roinnt comhlachas athchúrsálaithe, chomh maith le hionadaithe ó earnálacha tionsclaíocha éagsúla, le fios go mbeadh sé díréireach an ‘nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn’ a chur i bhfeidhm maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí idir na Ballstáit, ar loingsithe iad atá faoi réir na ‘gceanglas maidir le faisnéis ghinearálta’ faoi láthair faoi Airteagal 18 de Rialachán 1013/2006 (dá ngairtear ‘nós imeachta ar an liosta glas’). Áitíonn siad go bhfuil na rialacha maidir le cóireáil dramhaíola den sórt sin comhchuibhithe ar fud an Aontais agus go n‑áirithítear leo leibhéal comhchosúil cosanta comhshaoil sna Ballstáit. Loingsítear cainníochtaí móra dramhaíola den sórt sin lena n‑athchúrsáil idir na Ballstáit. Bheadh moilleanna agus costais nua ar loingsithe den sórt sin i gceist le cur i bhfeidhm an ‘nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn’. Bhainfeadh sé sin an bonn de chuspóirí an Aontais athchúrsáil dramhaíola leictrí agus leictreonaí a mhéadú, go háirithe i gcás amhábhair chriticiúla.
Go leor de na páirtithe leasmhara a léirigh imní maidir leis sin, mhol siad na rialacha atá ann faoi láthair maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí laistigh den Aontas a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear aicmiú na dramhaíola leictreonaí neamhghuaisí faoi iontrálacha GC010 agus GC020, go dtí an 1 Eanáir 2027. An tráth sin, an córas chun malartú leictreonach éigeantach faisnéise agus doiciméad a chur chun feidhme, ar faisnéis agus doiciméid iad a bhaineann le loingsiú dramhaíola agus a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/1157, meastar go mbeidh an córas sin lánoibríochtúil agus go bhféadfaí rialuithe Basel a chur chun feidhme go héifeachtúil ina n‑iomláine tar éis an 1 Eanáir 2027. Chiallódh sé sin, maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach neamhghuaiseach, go leanfadh na ceanglais maidir le faisnéis ghinearálta in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 de bheith infheidhme go dtí nach mbeadh Airteagal 18 den Rialachán sin infheidhme a thuilleadh.
Bhreithnigh an Coimisiún na hargóintí uile a ardaíodh, lena n‑áirítear na sonraí nua a chuir páirtithe leasmhara ar fáil maidir leis an méid dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí a loingsítear idir na Ballstáit i gcomhréir le ceanglais maidir le faisnéis ghinearálta Airteagal 18 de Rialachán (CE) 1013/2006. Mar thoradh air sin, rinneadh athruithe ar an ngníomh tarmligthe, athruithe a ndeachthas i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ina leith i mí Mheán Fómhair 2024. Baineann an t‑athrú leis an gcóras a mbeadh feidhm aige maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí laistigh den Aontas, a leanfadh de bheith faoi réir na rialacha céanna leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair.
Tiocfaidh na hiontrálacha nua i gCoinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach in éifeacht ón 1 Eanáir 2025 ar an leibhéal domhanda. Ba cheart na hiontrálacha nua i ndlí an Aontais a chur chun feidhme faoin dáta sin. Agus idirdhealú á dhéanamh idir tús chur i bhfeidhm na rialacha maidir le dramhaíl den sórt sin a onnmhairiú lasmuigh den Aontas agus maidir le loingsiú dramhaíola den sórt sin idir na Ballstáit, tá an baol ann go mbeidh tionchar diúltach aige sin ar an tsoiléireacht dhlíthiúil agus go mbeidh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin níos casta dá bharr. Ar an taobh eile, trí idirthréimhse a cheadú ina leanfadh na rialacha atá ann faoi láthair maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach atá ar an liosta glas a loingsiú idir na Ballstáit de bheith infheidhme go dtí go laghdófaí, le cur i bhfeidhm nósanna imeachta digitithe, na hualaí riaracháin agus dramhaíl á cur faoi réir an nós imeachta um fhógra a thabhairt, éascófar loingsiú na dramhaíola sin chuig na saoráidí athchúrsála cuí i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh agus rialú leordhóthanach á áirithiú an tráth céanna. Déantar faireachán ar loingsithe dramhaíola ar an liosta glas faoi na ‘ceanglais maidir le faisnéis ghinearálta’ faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) 1013/2006. Ciallaíonn sé sin nach mór an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin a bheith ag gabháil le gach loingsiú. Is beart sonrach é an nós imeachta sin faoi reachtaíocht an Aontais, a bhfuil feidhm aige maidir leis an dramhaíl uile atá ar an liosta glas, mar ráthaíocht maidir le hinrianaitheacht agus inbhuanaitheacht le haghaidh loingsithe na dramhaíola sin agus bhainistiú na dramhaíola sin.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh trí Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le loingsithe dramhaíola chun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán a leasú chun athruithe a chur san áireamh agus cinntí a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel a léiriú.
Leis an ngníomh tarmligthe seo, déantar foráil maidir le hathruithe ar Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, agus Cinneadh (AE) 2020/1829 ón gComhairle an 24 Samhain 2020 á chur san áireamh.
Tá na hathruithe sin ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
·an iontráil nua maidir le dramhaíl ghuaiseach leictreach agus leictreonach (A1181) a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel a ionchorprú i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (Iarscríbhinn V),
·an iontráil nua maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach neamhghuaiseach (Y49) a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel a ionchorprú i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (Iarscríbhinn V),
·na tagairtí d’iontráil B1110 in Iarscríbhinn III a scriosadh, toisc nach mbeidh feidhm ag an iontráil sin a thuilleadh ón 1 Eanáir 2025,
·na tagairtí d’iontráil A1180 in Iarscríbhinn IV a scriosadh, toisc nach mbeidh feidhm ag an iontráil sin a thuilleadh ón 1 Eanáir 2025,
·na tagairtí d’iontráil A1180, agus d’iontrálacha B1110 agus B4030 in Iarscríbhinn V a scriosadh, toisc nach mbeidh feidhm ag na hiontrálacha sin a thuilleadh ón 1 Eanáir 2025,
·dramhaíl leictreach agus leictreonach neamhghuaiseach a aicmítear faoi iontrálacha GC010 agus GC020 a loingsiú laistigh den Aontas i gcomhréir le ceanglais ghinearálta Airteagal 18 de Rialachán (CE) 1013/2006,
·forálacha idirthréimhseacha a leagan síos chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla, agus chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le cur chun feidhme na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo.
Níl aon impleacht ag an ngníomh tarmligthe maidir le buiséad an Aontais.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 18.10.2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a mhéid a bhaineann le hathruithe maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le seoltaí dramhaíola, agus go háirithe Airteagal 58(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le linn an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2022, chinn sí, le Cinneadh BC-15/18, iontráil nua le haghaidh dramhaíl ghuaiseach leictreach agus leictreonach (iontráil A1181) a áireamh in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, iontráil A1180 san Iarscríbhinn sin a scriosadh agus iontráil nua le haghaidh dramhaíl neamhghuaiseach leictreach agus leictreonach (iontráil Y49) a chur isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, an iontráil atá ann faoi láthair le haghaidh dramhaíl den sórt sin (iontráil B1110) a scriosadh in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, agus iontráil B4030 a scriosadh in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel. Tiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.
(2)Is iomchuí don Aontas, atá ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Basel, na hiontrálacha a bhaineann le dramhaíl leictreach agus leictreonach a mhodhnú sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 i gcás ina dtagraíonn siad do na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel.
(3)Maidir le honnmhairiú dramhaíola leictrí agus leictreonaí ón Aontas chuig tríú tíortha agus allmhairiú dramhaíola den sórt sin isteach san Aontas ó thríú tíortha, ba cheart na hathruithe ar Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel a chur san áireamh in Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006. Mar thoradh air sin, ón 1 Eanáir 2025, onnmhairí ón Aontas chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag an gCinneadh ó Chomhairle Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha atá Beartaithe le haghaidh Oibríochtaí Aisghabhála (‘Cinneadh ECFE’) maidir leo, agus allmhairí dramhaíola leictrí agus leictreonaí isteach san Aontas faoi iontráil A1181 in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel agus faoi iontráil Y49 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, ba cheart iad a bheith faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn. I gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú dramhaíola leictrí agus leictreonaí faoi iontrálacha A1181 in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel agus Y49 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, chuig tríú tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo.
(4)Ba cheart ceanglais Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a bheith infheidhme i gcónaí maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí idir na Ballstáit faoi iontrálacha GC010 agus GC020 fad a bheidh feidhm ag Airteagal 18 den Rialachán sin. Áirithítear le hAirteagal 18 go ndéanfar maoirseacht agus rialú ar na loingsithe d’fhonn iad a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
(5)Cuirtear san áireamh sa Rialachán seo nár thángthas ar chomhaontú laistigh de ECFE chun na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach a ionchorprú i bhFoscríbhinní Chinneadh ECFE. Dá bhrí sin, níor cheart na hiontrálacha GC010 agus GC020 in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a chur i bhfeidhm a thuilleadh ón 1 Eanáir 2025 maidir le dramhaíl leictreach agus leictreonach a onnmhairiú ón Aontas chuig tríú tíortha agus maidir le dramhaíl den sórt sin a allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha.
(6)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1013/2006 a leasú dá réir sin.
(7)Ós rud é nach mbeidh éifeacht leis na hathruithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Basel go dtí an 1 Eanáir 2025, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin.
(8)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla, agus chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le cur chun feidhme na n‑athruithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo, is gá forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach lena sonraítear go mbeidh toilithe le haghaidh loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a eisítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo fós bailí go dtí an 1 Eanáir 2026 nó go dtí go rachaidh an toiliú sin in éag i gcás ina rachaidh sé in éag roimh an dáta sin. Thairis sin, ba cheart cead a bheith ag fógróirí go dtí an 1 Feabhra 2025 fógra a chuirfí isteach roimh an 31 Nollaig 2024 a thabhairt cothrom le dáta chun é a ailíniú leis na hathruithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo.
(9)Ba cheart cead a bheith ag fógróirí fógraí a chur isteach maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí bunaithe ar na hiontrálacha nua cheana féin roimh an 1 Eanáir 2025, chun cinnteoireacht thapa a éascú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025. Mar sin féin, féadfaidh fógróirí fógraí a chur isteach roimh an dáta sin maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 arna leasú leis an Rialachán seo.
Maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a aicmítear faoi iontrálacha A1180, B1110, B4030, GC010 nó GC020, nó loingsithe dramhaíola den sórt sin nach n‑aicmítear faoi aon iontráil amháin in Iarscríbhinn III, IIIB nó IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, ar loingsithe iad a bhfuil toiliú tugtha ag údarás inniúil ina leith roimh an 1 Eanáir 2025, cé is moite de loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí neamhghuaisí chuig tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, beidh an toiliú fós bailí go dtí an 1 Eanáir 2026 nó go dtí go rachaidh an toiliú sin in éag i gcás ina rachaidh sé in éag roimh an dáta sin.
I gcás inar chuir fógróir fógra isteach maidir le loingsithe dramhaíola a aicmítear faoi iontrálacha A1180, B1110, B4030, GC010 nó GC020 roimh an 31 Nollaig 2024 agus nach bhfuil cinneadh déanta ag na húdaráis inniúla faoin dáta sin, beidh cead ag an bhfógróir an fógra a thabhairt cothrom le dáta chun é a ailíniú leis na rialacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo go dtí an 1 Feabhra 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18.10.2024
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
lena leasaítear Rialachán (CE) 1013/2006 a mhéid a bhaineann le hathruithe maidir le loingsithe dramhaíola leictrí agus leictreonaí a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel
Leasaítear Iarscríbhinní III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 mar a leanas:
(1)Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
(a)i gCuid I, scriostar pointe (e);
(b)i gCuid II, faoin gceannteideal ‘Dramhaíl eile ina bhfuil miotail’, cuirfear an fonóta seo a leanas le cód GC010:
‘[1] Ní bheidh feidhm ag iontráil GC010 ach amháin maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas.’
(c)i gCuid II, faoin gceannteideal ‘Dramhaíl eile ina bhfuil miotail’, cuirfear an fonóta seo a leanas le cód GC020:
‘[2] Ní bheidh feidhm ag iontráil GC020 ach amháin maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas.’
(2)Leasaítear Iarscríbhinn IV, Cuid I mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) Ní bheidh feidhm ag iontráil Basel A2060 agus beidh feidhm ag iontráil ECFE GG040 in Iarscríbhinn III, Cuid II, ina hionad sin i gcás inarb iomchuí.’
(b)cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(g) Maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, ní bheidh feidhm ag iontráil Basel Y49 agus beidh feidhm ag iontrálacha GC010 agus GC020 in Iarscríbhinn III, Cuid II, ina ionad sin i gcás inarb iomchuí.’
(3)Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
(a)Leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
(i)ar Liosta A, roinn A1, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil A1180:
‘A1181
Dramhaíl leictreach agus leictreonach (tugtar ar aire an iontráil ghaolmhar Y49 ar Liosta A de Chuid 3 in Iarscríbhinn V):
–Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach
–ina bhfuil caidmiam, luaidhe, mearcair, comhdhúile orgánahalaigine nó comhábhair eile a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear Iarscríbhinn III ag an dramhthrealamh, nó
–ina bhfuil comhpháirt a bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I inti nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear Iarscríbhinn III ag an gcomhpháirt, lena n‑áirítear aon cheann de na comhpháirteanna seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
–gloine ó fheadáin gha-chatóideacha a áirítear ar liosta A
–ceallra a áirítear ar liosta A
–lasc, lampa, feadán fluaraiseach nó cúlsolas gairis taispeána ina bhfuil mearcair
–toilleoir ina bhfuil PCBanna
–comhpháirt ina bhfuil aispeist
–cláir ciorcaid áirithe
–gairis taispeána áirithe
–comhpháirteanna plaisteacha áirithe ina bhfuil lasairmhoillitheach bróimínithe
–Comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh ina bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag na comhpháirteanna dramhaíola, mura gcumhdaítear iad le hiontráil eile ar liosta A
–Dramhaíl a eascraíonn as próiseáil dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó as próiseáil comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, agus ina bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an dramhaíl (e.g. codáin a eascraíonn as mionghearradh nó díchóimeáil), mura gcumhdaítear í le hiontráil eile ar liosta A’
(ii) ar Liosta B, roinn B1, scriostar iontráil B1110;
(iii) ar Liosta B, roinn B4, scriostar iontráil B4030.
(b)i gCuid 3, Liosta A, cuirtear isteach an iontráil Y49 seo a leanas:
‘Y49
Dramhaíl leictreach agus leictreonach:
–Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach
–nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I ann agus nach n‑éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an dramhaíl, agus
–nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I in aon cheann de na comhpháirteanna (e.g. cláir ciorcaid áirithe, gairis taispeána áirithe) nó nach n‑éillítear leis na comhábhair sin iad, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an gcomhpháirt
–Comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (e.g. cláir ciorcaid áirithe, gairis taispeána áirithe) nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu agus nach n‑éillítear leis na comhábhair sin iad, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag na comhpháirteanna dramhaíola, mura gcumhdaítear iad le hiontráil eile in Iarscríbhinn II nó le hiontráil in Iarscríbhinn IX
–Dramhaíl a eascraíonn as próiseáil dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó as comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (e.g. codáin a eascraíonn as mionghearradh nó díchóimeáil), agus nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu agus nach n‑éillítear leis na comhábhair sin iad, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an dramhaíl, mura gcumhdaítear í le hiontráil eile in Iarscríbhinn II nó le hiontráil in Iarscríbhinn IX’.