MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate is féidir faisnéis maidir le bearta in aghaidh táirge neamhbhia contúirteacha a scaipeadh go mear i measc na n‑údarás náisiúnta atá freagrach as sábháilteacht táirgí san Aontas Eorpach. Bunaíodh an có‑ras ar dtús faoin ainm ‘RAPEX’ le Treoir 2001/95/CE ó‑ Pharlaimint na hEorpa agus ó‑n gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí. An 13 Nollaig 2024, leasó‑far an Treoir sin agus cuirfear Rialachán (AE) 2023/988 (‘An Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí’) ina hionad. Tá forálacha nua agus nuashonraithe maidir leis an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate (an t‑ainm nua atá ar an gcó‑ras ‘RAPEX’ atá ann cheana) in Airteagail 25 agus 26 den Rialachán.

Chun a áirithiú go mbeadh rialacha aonfhoirmeacha ann maidir le feidhmiú an Chó‑rais Mear-Rabhaidh Safety Gate agus maidir leis an measúnú ar rioscaí a bhaineann le táirgí, leagadh amach rialacha oibríochtúla aonfhoirmeacha agus modheolaíocht measúnaithe riosca i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ó‑n gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú an Chó‑rais Mear-Rabhaidh Safety Gate ‘RAPEX’. Ní mó‑r na critéir mheasúnaithe riosca agus rialacha oibríochtúla sin a bhaineann le có‑ras RAPEX a nuashonrú chun forálacha agus cuspó‑irí an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a chur san áireamh go háirithe maidir leis an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Is é sin cuspó‑ir an rialacháin tharmligthe seo.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Na critéir a shonraítear faoi láthair sna treoirlínte maidir le measúnú riosca i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ó‑n gCoimisiún, tá siad ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an Có‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate go héifeachtach agus go héifeachtúil agus go gcuirtear rialacha maidir le sábháilteacht táirgí i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh.

Le teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/988 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, ní mó‑r an mhodheolaíocht measúnaithe riosca roimhe a choigeartú agus soiléiriú a dhéanamh ar a cur i bhfeidhm maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus atá faoi réir foláirimh freisin tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate i gcás ina mbíonn riosca tromchúiseach ag baint leo.

Chun ionchur a bhailiú le haghaidh modheolaíocht measúnaithe riosca ó‑ na páirtithe leasmhara ábhartha uile, chuir an Coimisiún meitheal saineolaithe ar bun, meitheal a bhí ag feidhmiú mar fhoghrúpa don Líonra um Shábháilteacht Tomhaltó‑irí a bunaíodh faoi Airteagal 10 de Threoir 2001/95/CE.

Cuireadh ionadaithe na mBallstát ar an eolas faoi chruthú an fhoghrúpa sin ag cruinniú den Líonra um Shábháilteacht Tomhaltó‑irí an 11 Bealtaine 2023. Bunaíodh an foghrúpa go hoifigiúil i mí an Mheithimh 2023, agus bhí ballraíocht oscailte d’údaráis na mBallstát uile a chuir in iúl go raibh spéis acu a bheith páirteach ina chuid oibre. Sheol na tíortha seo a leanas ionadaithe: an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Pholainn, an tSló‑vaic, an Fhionlainn agus an tSualainn.

Ina theannta sin osclaíodh an foghrúpa dó‑ibh siúd a raibh stádas breathnó‑ra acu sa Líonra um Shábháilteacht Tomhaltó‑irí. Ghlac an Comhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltó‑irí maidir le Caighdeánú (‘guth an tomhaltó‑ra Eorpaigh i leith an chaighdeánaithe’) agus BEUC (Biúró‑ Eorpach na gCumann Tomhaltó‑irí) páirt ghníomhach ann freisin. Ina theannta sin tugadh cead isteach sa mheitheal do roinnt saineolaithe neamhspleácha agus saineolaithe tionscail a léirigh spéis agus chuir siad ionchur luachmhar ar fáil.

Tháinig an foghrúpa le chéile ceithre huaire idir mí an Mheithimh agus mí na Nollag 2023 agus tugadh tuairisciú ar na torthaí go tráthrialta d’ionadaithe ó‑ na Ballstáit atá sa Líonra um Shábháilteacht Tomhaltó‑irí agus d’ionadaithe na mBallstát ó‑ Líonra an Aontais um Chomhlíontacht Táirgí arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Le hAirteagal 26(10) den Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun gnéithe éagsúla den Chó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate a shonrú, is iad sin: rochtain air, an chaoi a bhfeidhmeoidh sé, cén fhaisnéis atá le cur isteach ann, ceanglais le haghaidh fó‑graí ann agus critéir mheasúnaithe riosca.

I bhfianaise an mhéid sin, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán tarmligthe leagtar amach rialacha maidir le hoibriú an Chó‑rais Mear-Rabhaidh Safety Gate, maidir leis an bhfaisnéis atá le cur isteach sa chó‑ras agus maidir le forálacha oibríochtúla eile. Sonraíonn na rialacha na pró‑isis chun foláirimh a sheoladh tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, chun iad a bhailíochtú sa chó‑ras (i.e., iad a tharchur chuig na Ballstáit) agus iad a nuashonrú, a bhaint, nó‑ a aistarraingt. Ina theannta sin baineann siad le foilsiú faisnéise roghnaithe maidir leis na fó‑graí ar an Tairseach Safety Gate.

Cuireann Iarscríbhinn II den rialachán tarmligthe ar fáil na critéir agus an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le táirge a chumhdaítear leis an rialachán tarmligthe seo. Tá míniú sa mhodheolaíocht ar na céimeanna atá le déanamh le linn measúnú riosca. Áirithíonn an mhodheolaíocht go n‑úsáidtear na critéir mheasúnaithe riosca i gceart agus, dá réir sin, áirithíonn sí go gcinneann na Ballstáit an leibhéal riosca i gceart maidir leis na táirgí a dtugtar fó‑gra ina leith tríd an gCó‑ras Rabhaidh Safety Gate. Leagann Iarscríbhinn II amach cásanna inar féidir glacadh leis go có‑rasach go mbaineann riosca tromchúiseach le táirge gan aon ghá le measúnú riosca aonair.

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha oibríochtúla agus na critéir mheasúnaithe riosca maidir le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó‑ Pharlaimint na hEorpa agus ó‑n gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha oibríochtúla agus na critéir mheasúnaithe riosca maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta do thomhaltó‑irí a bhaineann leis na táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2023/988 agus maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta d’úsáideoirí deiridh a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/1020. Ina theannta sin ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán maidir leis na rioscaí do leasanna poiblí eile maidir le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I bhfianaise chineál sonrach na leasanna poiblí eile sin a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ba cheart a chur san áireamh leis na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca do na leasanna sin cuspó‑irí agus ceanglais shonracha reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó‑ na critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca sláinte agus sábháilteachta. A mhéid a bhaineann leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí seachas sláinte agus sábháilteacht a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ba cheart a mheabhrú go bhfuil ró‑l speisialta ag na grúpaí um chomhar riaracháin toisc, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2019/1020, gurb é an cúram atá orthu an measúnú earnáilsonrach ar tháirgí atá faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a éascú, lena n‑áirítear measúnuithe riosca.



RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 27.8.2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/988 ó‑ Pharlaimint na hEorpa agus ó‑n gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rochtain ar an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chó‑ras sin, ceanglais maidir le fó‑gra a thabhairt agus
na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/988 ó‑ Pharlaimint na hEorpa agus ó‑n gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí 1 , agus go háirithe Airteagal 26(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an Có‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate go cuí agus go héifeachtúil, tá sé fíor-riachtanach rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le rochtain ar an gCó‑ras sin agus a oibriú, faisnéis atá le cur isteach sa Chó‑ras sin agus ceanglais maidir le fó‑gra a thabhairt agus na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirgí a thabhairt isteach.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988, de réir an leibhéil riosca a bhaineann leis an táirge, caithfidh na Ballstáit nó‑ féadfaidh siad fó‑gra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a dhéantar nó‑ atá beartaithe i ndáil le táirgí contúirteacha ar bhonn an Rialacháin sin agus ar bhonn Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó‑ Pharlaimint na hEorpa agus ó‑n gComhairle 2 , maidir le táirgí atá faoi réir an dá Rialachán sin. Ó‑s rud é go bhfuil feidhm ag Airteagal 26(10) de Rialachán (AE) 2023/988, ar dá bhun atá an Coimisiún le gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear, inter alia, na ceanglais maidir le fó‑gra a thabhairt faoi tháirgí den só‑rt sin agus na critéir maidir le measúnú ar an riosca a bhaineann leo, ó‑s rud é go bhfuil feidhm ag an Airteagal sin i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2023/988 maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe shonrach an Aontais agus le Rialachán (AE) 2023/988 araon, is gá rialacha mionsonraithe a sholáthar don Chó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus critéir a sholáthar maidir leis an measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2023/988 agus Rialachán (AE) 2019/1020 araon.

(3)Chun an malartú faisnéise maidir leis na táirgí contúirteacha uile a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais a éascú trí uirlis amháin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na bearta ceartaitheacha uile i ndáil le táirgí contúirteacha atá beartaithe acu nó‑ atá déanta acu a chur in iúl, lena n‑áirítear na bearta a bhaineann le táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo, tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate.

(4)Fó‑graí a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ba cheart iad a bheith chomh mionsonraithe agus is féidir chun a áirithiú gur féidir le húdaráis eile atá chun bearta leantacha a dhéanamh nó‑ a d’fhéadfadh bearta leantacha a dhéanamh an táirge lena mbaineann a shainaithint. Dá bhrí sin, is gá na ceanglais ba cheart a chomhlíonadh leis na fó‑graí sin a shonrú, go háirithe an fhaisnéis atá le soláthar maidir le cineálacha éagsúla fó‑graí.

(5)Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún iomláine na bhfó‑graí a sheiceáil agus an fhaisnéis atá le soláthar maidir le cineálacha éagsúla fó‑graí á cur san áireamh go háirithe. An tráth céanna, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann faisnéis ábhartha bhreise a iarraidh nó‑ ceartúchán ar an bhfaisnéis ar tugadh fó‑gra fúithi, i gcás inar gá, sula mbailíochtaíonn an Coimisiún an fó‑gra sin sa chó‑ras agus sula dtarchuireann sé chuig na Ballstáit eile é trí sin a dhéanamh.

(6)Chun an méid sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2023/988 tá rochtain oscailte saor in aisce ag an bpobal ar fhaisnéis roghnaithe ar tugadh fó‑gra fúithi tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, agus go háirithe ar fhaisnéis maidir le táirgí contúirteacha agus bearta ceartaitheacha a rinneadh maidir leo, ba cheart don Choimisiún faisnéis roghnaithe a fhoilsiú, faisnéis atá sna fó‑graí a sheoltar tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ar an Tairseach Safety Gate.

(7)Bunaithe ar fhaisnéis ó‑n mBallstát a chuir an fó‑gra isteach, ba cheart don Choimisiún na fó‑graí sa Chó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate a nuashonrú. Níor cheart nuashonruithe den só‑rt sin baint a bheith acu ach leis an bhfó‑gra ar shonraigh an Ballstát sin nuashonrú ina leith. Chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ar an Tairseach Safety Gate cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a thaispeántar ar an Tairseach a nuashonrú nó‑ í a bhaint anuas, i gcás inarb iomchuí.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta do thomhaltó‑irí a bhaineann leis na táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2023/988 agus maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta d’úsáideoirí deiridh a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar leibhéal riosca na dtáirgí sin a leagan síos leis an Rialachán seo.

(9)Ina theannta sin ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na rioscaí do leasanna poiblí eile a mhéid a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I bhfianaise chineál sonrach na leasanna poiblí eile sin a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ba cheart a chur san áireamh leis na critéir maidir le measúnú ar an leibhéal riosca do na leasanna sin cuspó‑irí agus ceanglais shonracha reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó‑ na critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca sláinte agus sábháilteachta. A mhéid a bhaineann leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí seachas sláinte agus sábháilteacht a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, tá ró‑l speisialta ag na grúpaí um chomhar riaracháin toisc, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2019/1020, gurb é an cúram atá orthu an measúnú earnáilsonrach ar tháirgí atá faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a éascú, lena n‑áirítear measúnuithe riosca.

(10)I bhfianaise na dea-thaithí ar na treoirlínte measúnaithe riosca a áiríodh i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2019/417 ó‑n gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chó‑ras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’, i bhfianaise go bhfuil gá leis an gcomhleanúnachas idir RAPEX agus an Có‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate a chaomhnú agus i bhfianaise go bhfuil cuspó‑ir ann maidir le hoibriú ceart agus éifeachtach an Chó‑rais Mear-Rabhaidh Safety Gate a áirithiú, ba cheart modheolaíocht a áireamh sna critéir chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na rioscaí lenar féidir leis na húdaráis náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh riosca a bheith ag baint le díobháil nó‑ guais agus, sa chomhthéacs sin, ar an gcaoi ar cheart leibhéal an riosca a mheasúnú agus a shuí. Áirithíonn an cur chuige sin go n‑úsáidtear na critéir sin i gceart agus, dá réir sin, áirithíonn sí go gcinneann na Ballstáit an leibhéal riosca i gceart maidir leis na táirgí a dtugtar fó‑gra ina leith tríd an gCó‑ras Rabhaidh Safety Gate.

(11)Na húdaráis náisiúnta a thugann fó‑gra faoi tháirgí tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ba cheart dó‑ibh a bheith in ann a chur san áireamh go bhfuil fianaise sheanbhunaithe ann, i gcásanna áirithe nó‑ i ndáil le táirgí a bhfuil saintréithe áirithe acu, mar shampla staitisticí, torthaí faireachais mhargaidh nó‑ measúnuithe riosca, fianaise lena dtoimhdítear gurb ann do riosca tromchúiseach a bhaineann le táirgí den só‑rt sin. I gcásanna den só‑rt sin, níor cheart a cheangal ar na húdaráis náisiúnta measúnuithe riosca aonair a chur isteach chun críoch fó‑gra a thabhairt tríd an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate.

(12)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó‑n dáta céanna le Rialachán (AE) 2023/988,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Oibreofar an Có‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate i gcomhréir leis na rialacha maidir le rochtain ar an gCó‑ras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus lena oibriú, leis an bhfaisnéis atá le cur isteach sa Chó‑ras sin agus leis na ceanglais maidir le fó‑gra a thabhairt a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Déanfar measúnú ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirge i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó‑n 13 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27.8.2024

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj .
(2)    Rialachán (AE) 2019/1020 ó‑ Pharlaimint na hEorpa agus ó‑n gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj ).

IARSCRÍBHINN I

RIALACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR AN gCÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE AGUS LENA OIBRIÚ, FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH SA CHÓRAS SIN AGUS CEANGLAIS MAIDIR LE FÓGRA A THABHAIRT

1.Cineálacha fógraí tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate

1.1.Fógra maidir le riosca tromchúiseach

I gcás ina bhfuil Ballstát le fógra a thabhairt faoi bheart ceartaitheach a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/988 nó i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020, tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate , déanfaidh an t‑údarás náisiúnta fógra a ullmhú agus a chur isteach. Déanfar fógra den sórt sin a aicmiú sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate mar ‘fhógra maidir le riosca tromchúiseach’.

1.2.Fógra maidir le riosca eile

Féadfaidh údaráis náisiúnta fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2023/988 trí úsáid a bhaint as an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Sa Chóras sin déanfar fógra den sórt sin a aicmiú mar ‘fhógra maidir le riosca eile’.

1.3.Fógra le haghaidh faisnéise

Féadfaidh údaráis náisiúnta fógra a thabhairt, trí úsáid a bhaint as an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, faoi bheart ceartaitheach atá beartaithe faoi Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2023/988 nuair a mheasann an t‑údarás náisiúnta go bhfuil gá le fógra den sórt sin maidir leis an bpráinn a bhaineann leis an riosca do shláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile. Déanfar fógraí den sórt sin a aicmiú sa Chóras mar ‘fhógra le haghaidh faisnéise’.

1.4.Fógraí leantacha

Déanfar fógraí atá le cur isteach ag Ballstáit eile tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate i gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2023/988 a aicmiú sa Chóras sin mar ‘fhógraí leantacha’.

1.5. Fógraí a sheolann an Coimisiún

Féadfaidh an Coimisiún an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate a úsáid chun na Ballstáit a chur ar an eolas de bhun Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) 2023/988. Déanfar faisnéis den sórt sin a aicmiú sa Chóras sin mar ‘fhógraí ón gCoimisiún’.

2.faisnéis atá le cur san áireamh i bhfógraí a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate

2.1.Liostaítear na heilimintí atá le cur san áireamh sna fógraí i bpointí 2.2. agus 2.3. Fógraí a chuireann na húdaráis náisiúnta isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, beidh siad chomh hiomlán agus is féidir. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Bhallstát a thugann fógra tráth a chuirtear isteach fógra, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra an méid sin a léiriú agus a mhíniú go soiléir. A luaithe a bheidh an fhaisnéis atá ar iarraidh ar fáil, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra a fhógra a nuashonrú i gcomhréir le pointe 4 den Iarscríbhinn seo.

2.2.Áireofar ar na fógraí a chumhdaítear le pointí 1.1 go 1.3 an méid seo a leanas:

(a)faisnéis faoi na ceanglais sábháilteachta is infheidhme maidir leis an táirge a dtugtar fógra ina leith:

(i)an tagairt do reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus don reachtaíocht náisiúnta is infheidhme agus, i gcás inarb ábhartha, do chaighdeáin;

(ii)cruthúnas ar chomhréireacht, i gcás inarb ábhartha;

(iii)na deimhnithe, i gcás inarb ábhartha agus inarb infheidhme;

(b)tuairisc ar an riosca a bhaineann leis an táirge a dtugtar fógra ina leith, lena n‑áirítear:

(i)tuairisc ar an riosca lena mínítear an locht ar an táirge agus an chaoi a ngabhann riosca leis;

(ii)an catagóir riosca;

(iii)an leibhéil riosca;

(iv)an tuairisc ar thorthaí na dtástálacha saotharlainne nó amhairc, i gcás inarb infheidhme;

(v)na tuarascálacha faoi na tástálacha, lena n‑áirítear dáta na dtástálacha, agus deimhnithe lena ndeimhnítear neamh‑chomhlíontacht an táirge a dtugtar fógra ina leith leis na ceanglais sábháilteachta, i gcás inarb infheidhme;

(vi)measúnú riosca, i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(vii)i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le tionóiscí nó teagmhais aitheanta;

(c)faisnéis maidir leis na bearta ceartaitheacha a rinneadh nó atá beartaithe, go háirithe:

(i)cineál an bhirt (éigeantach nó deonach);

(ii)catagóir (mar shampla, aistarraingt ón margadh, aisghairm);

(iii)raon feidhme geografach;

(iv)a luaithe a bheidh siad ar fáil, dáta theacht i bhfeidhm agus fad an bhirt (mar shampla, buan, sealadach);

(v)a luaithe a bheidh sé ar fáil, an nasc URL don fhógra aisghairme;

(d)léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil fógra, cuid de agus/nó ceangaltáin a ghabhann leis rúnda agus, más ábhartha, iarraidh ar rúndacht agus réasúnú le hiarraidh den sórt sin ag gabháil leis;

(e)faisnéis lena sainaithnítear an táirge lena mbaineann, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas a luaithe a bheidh siad ar fáil:

(i)an léiriú ar cé acu an táirge tomhaltóra nó gairmiúil é an táirge;

(ii)catagóir an táirge;

(iii)catagóir thairseach ECFE;

(iv)ainm an táirge;

(v)an branda;

(vi)an tsamhail nó an uimhir chineáil nó an dá cheann;

(vii)an barrachód;

(viii)an bhaiscuimhir nó an tsraithuimhir;

(ix)an cód custaim;

(x)an tuairisc ar an táirge agus ar a phacáistíocht;

(xi)líon iomlán na n‑ítimí a chumhdaítear leis an bhfógra;

(xii)aon fhaisnéis eile lenar féidir leis na húdaráis náisiúnta an táirge a shainaithint;

(xiii)sonraíocht maidir le cé acu an táirge góchumtha é an táirge nó nach ea;

(f)faisnéis inrianaitheachta, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas a luaithe a bheidh siad ar fáil:

(i)faisnéis lena mbunaítear tionscnamh an táirge (tír thionscnaimh);

(ii)sonraí teagmhála iomlána an mhonaróra lena n‑áirítear a ainm, a thrádainm nó a thrádmharc cláraithe, a sheoladh poist agus a sheoladh leictreonach agus a uimhir theileafóin;

(iii)faisnéis maidir leis na tíortha cinn scríbe, sonraí teagmhála an allmhaireora nó na n‑allmhaireoirí;

(iv)faisnéis maidir le dáileoirí an táirge a dtugtar fógra ina leith san Aontas agus miondíoltóirí;

(v)ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, agus sonraí teagmhála, lena n‑áirítear seoladh poist agus seoladh leictreonach, an duine atá freagrach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2023/988;

(vi)cóipeanna d’orduithe, conarthaí díolacháin, sonraisc, doiciméid loingseoireachta, dearbhuithe custaim, nó aon doiciméad eile ina bhfuil faisnéis faoi ghníomhaithe sa slabhra soláthair, i gcás ina bhfuil monaróirí agus onnmhaireoirí an táirge a dtugtar fógra ina leith lonnaithe i dtríú tíortha;

(vii)léiriú ar an áit go díreach ar cuireadh an táirge ar fáil;

(viii)URL na tairisceana agus a haitheantóir uathúil, i gcás ina bhfuil an táirge ar díol ar líne nó inar díoladh ar líne é, agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an tsoláthraí margaidh ar líne;

(ix)faisnéis maidir le slabhraí soláthair an táirge a dtugtar fógra ina leith, lena n‑áirítear i dtríú tíortha;

(g)i gcás inarb ábhartha agus ina bhfuil sí ar fáil, tagairt don fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(i)faisnéis maidir leis na tionóiscí a tuairiscíodh a bhaineann leis an táirge a dtugtar fógra ina leith;

(ii)na bearta a dhéanann an t‑oibreoir eacnamaíoch;

(h)i gcás inarb ábhartha, faisnéis bhreise maidir le comhthéacs an fhógra, lena n‑áirítear faisnéis i dtaobh an ndearnadh an beart i gcomhthéacs gníomhaíochta forfheidhmiúcháin comhordaithe ar leibhéal an Aontais nó de thoradh ar ghearán a rinne tomhaltóir nó aon pháirtí leasmhar eile i gcomhréir le hAirteagal 33(4) nó ar fhaisnéis a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2023/988.

Maidir leis an bhfaisnéis lena sainaithnítear an táirge lena mbaineann dá bhforáiltear i bpointe (e), sonrófar san fhógra, más féidir, an bhfuil na sonraí sainaitheantais lonnaithe go díreach ar an táirge nó ar an bpacáistíocht áit ar chuir an monaróir iad, nó ar lipéid a chuir an t‑allmhaireoir nó an dáileoir ar an táirge nó ar a phacáistíocht.

Beidh pictiúir ag gabháil leis an bhfógra a léiríonn an táirge agus a phacáistíocht lena n‑áirítear na lipéid ábhartha dhaite i bhformáid ardtaifigh.

2.3.Áireofar i bhfógraí leantacha faoi phointe 1.4 faisnéis nár áiríodh san fhógra bunaidh, nó faisnéis atá le nuashonrú nó le comhlánú, agus faisnéis maidir leis an mbeart nó gníomh leantach a dhéanann an t‑údarás náisiúnta a chuireann isteach an fógra leantach.

Go háirithe soláthróidh na fógraí leantacha faisnéis mhionsonraithe maidir leis an measúnú riosca más rud é gur tháinig an Ballstát a thugann fógra faoin mbeart leantach ar chonclúid maidir leis an leibhéal riosca a bhí éagsúil leis an gconclúid ar ar tháinig an Ballstát a sheol an fógra bunaidh.

3.Seiceáil ar fhógraí ón gCoimisiún agus a bhfoilsiú

3.1.I gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2023/988, déanfaidh an Coimisiún seiceáil ar an bhfuil na fógraí a chuireann na Ballstáit isteach iomlán, agus na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh.

Más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an fógra iomlán, bunaithe ar na bhfaisnéis atá san fhógra, déanfar an sprioc-am ceithre lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2023/988 a thruicearú tríd an bhfógra a fháil.

3.2.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta a thugann fógra nó a iarraidh orthu a bhfógraí a cheartú. I gcásanna den sórt sin, leagfaidh an Coimisiún síos sprioc-am chun iarrataí den sórt sin a chomhlíonadh.

I gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2023/988, ní chuirfear tús leis an sprioc-am ceithre lá oibre a leagtar amach san Airteagal sin go dtí go bhfaightear faisnéis bhreise leordhóthanach nó go gcuirtear an ceartúchán a iarrtar ar an bhfógra i gcrích.

3.3.Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, déanfaidh sé cinneadh maidir le fógra a bhailíochtú, más rud é, tar éis dhul in éag an sprioc-ama dá dtagraítear i mír 2 de phointe 3.2,

(a)nach bhfuil an fhaisnéis bhreise curtha ar fáil;

(b)nach bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil leordhóthanach; nó

(c)nach bhfuil an ceartúchán ar an bhfógra curtha i gcrích.

3.4.Féadfaidh an Coimisiún cineál an fhógra lena mbaineann a athrú, i gcomhréir leis na catagóirí a leagtar amach i bpointe 1, ar bhailíochtú an fhógra sin agus an Ballstát a chur ar an eolas faoin méid sin.

3.5.Tar éis fógra a bhailíochtú, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faisnéis roghnaithe a áirítear san fhógra a fhoilsiú ar an Tairseach Safety Gate.

3.6.Ní bheidh an Coimisiún faoi dhliteanas i leith chruinneas agus bheachtas na faisnéise a chuireann na húdaráis náisiúnta ar fáil.

4.Nuashonrú ar fhógraí

4.1.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan moill mhíchuí agus tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi aon nuashonrú, modhnú nó aistarraingt maidir le bearta ceartaitheacha a dtugtar fógra ina leith tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate.

4.2.Bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear faoi phointe 4.1 tabharfaidh an Coimisiún isteach na hathruithe ar tugadh fógra ina leith sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus, i gcás inarb infheidhme, foilseoidh sé na hathruithe sin ar an Tairseach Safety Gate.

5.Rialacha sonracha a bhaineann le fógraí leantacha

5.1.I gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2023/988, cuirfidh na Ballstáit, seachas an Ballstát a thug fógra faoin mbeart ceartaitheach bunaidh a rinneadh i ndáil le táirgí lena mbaineann riosca tromchúiseach, fógraí leantacha isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)rinne an Ballstát gníomhaíocht shonrach um fhaireachas margaidh i ndáil le fógra sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate ach níor aimsigh sé an táirge ar tugadh fógra ina leith ar a mhargadh;

(b)d’aimsigh an Ballstát an táirge ar tugadh fógra ina leith ar a mhargadh agus rinne sé beart ceartaitheach;

(c)d’aimsigh an Ballstát an táirge ar tugadh fógra ina leith ar a mhargadh, ach ní dhearna an Ballstát sin aon bheart ceartaitheach;

(d)rinne an Ballstát gníomhaíochtaí eile nó fuair sé faisnéis bhreise faoin bhfógra.

Le fógraí leantacha a sheoltar sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) áireofar míniú ar an bhfáth ar measadh nach raibh gá leis na bearta ceartaitheacha.

6.Baint anuas fógraí ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus ón Tairseach Safety Gate

6.1.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún fógraí a chuir siad isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate a bhaint anuas.

6.2.Más rud é, ar bhonn an údair a chuireann an Ballstát ar fáil, go mbaineann an Coimisiún an fógra anuas ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, bainfidh sé anuas ón Tairseach Safety Gate é freisin.

6.3.10 mbliana tar éis don Choimisiún an fógra a bhailíochtú, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis roghnaithe bunaithe ar an bhfógra sin ar fáil don phobal i gcoitinne i roinn chartlainne ar leith sa Tairseach Safety Gate.

IARSCRÍBHINN II

CRITÉIR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR AN LEIBHÉAL RIOSCA

1.Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘cás díobhála’ an tsraith teagmhas as a n‑eascraíonn an díobháil;

(b)ciallaíonn ‘dóchúlacht díobhála’ an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil i ndáiríre;

(c)ciallaíonn ‘bainistiú riosca’ an ghníomhaíocht leantach lena bhféachtar le riosca a shainaithnítear i measúnú riosca a laghdú nó a dhíothú.

2.Rioscaí

2.1.Leis an Iarscríbhinn seo soláthraítear critéir chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca, ionas gur féidir leis na Ballstáit a n‑oibleagáidí faoi Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2023/988 a chomhlíonadh agus le linn dóibh fógraí a chur isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi Airteagal 26(2), (3) nó (7) den Rialachán sin.

2.2. Leagann an Iarscríbhinn seo ceanglais amach maidir leis an measúnú ar na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le táirgí atá faoi réir Rialacháin (AE) 2023/988 agus (AE) 2019/1020 agus maidir leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí eile a mhéid a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, a mhéid a chosnaíonn reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais na leasanna poiblí eile sin.

2.2.1. Rioscaí do shláinte agus sábháilteacht

I bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn seo leagtar amach na ceanglais a bhaineann leis an measúnú ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ann do thomhaltóirí agus, i gcás táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, d’úsáideoirí deiridh.

2.2.2. Rioscaí do leasanna poiblí seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 2.2.1 a mhéid a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020

Tá níos mó i gceist le leasanna poiblí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ná na rioscaí sláinte agus sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe 2.2.1. agus áirítear leo réimse níos leithne leasanna faoi chosaint mar shampla an comhshaol, ainmhithe, acmhainní fuinnimh, maoin, slándáil phoiblí nó idirbhearta eacnamaíocha.

I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, leis an measúnú ar an mbaineann riosca tromchúiseach le táirge cuirfear san áireamh cineál na guaise agus an dóchúlacht go dtarlóidh sé.

I measúnú na mBallstát ar rioscaí do leasanna poiblí eile, cuirfidh na Ballstáit san áireamh ceanglais shonracha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, lena n‑áirítear cineál sonrach na leasanna a chosnaítear leis an reachtaíocht sin agus na ceanglais atá le comhlíonadh ag na táirgí chun a áirithiú go gcosnaítear na leasanna sin.

Ina theannta sin cuirfidh na Ballstáit san áireamh go bhféadfadh sé go mbainfeadh rioscaí do leasanna poiblí seachas sláinte agus sábháilteacht le guaiseacha an táirge nach ndéanann gortú d’úsáideoirí deiridh ach ar féidir leo cineálacha éagsúla éifeachtaí diúltacha nó díobhála is gá a shainaithint agus ar gá meastóireacht a dhéanamh orthu le linn an mheasúnaithe riosca a ghiniúint, agus ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus na leasanna poiblí is é is aidhm dóibh a chosaint á gcur san áireamh.

Cuirfear pointí 3 agus 4 i bhfeidhm maidir leis an measúnú ar rioscaí do leasanna poiblí eile a chosnaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, agus pointe 2.2.2. agus ceanglais agus cuspóirí sonracha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme maidir leis an riosca atá i gceist á gcur san áireamh.

3.An t‑ord maidir le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca

Chun a n‑oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh faoi Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2023/988 agus le linn dóibh fógraí a chur isteach faoi Airteagal 26(2) nó (3) den Rialachán sin, leanfaidh na Ballstáit na céimeanna a leagtar amach sa phointe seo, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)anailís a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí díobháil a dhéanamh mar gheall ar ghuaiseacha áirithe;

(b)an leibhéal riosca i ndáil le táirgí a chinneadh, agus an dóchúlacht á cur san áireamh.

Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit céimeanna ón bpointe seo a leanúint sna cásanna a liostaítear i bpointe 4.1.

3.1. Measúnú ar an gcás díobhála réamh‑mheasta

3.1.1. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta measúnú ar an gcás ina bhféadfadh guais intreach an táirge díobháil a dhéanamh. Cinnfear guais intreach an táirge trí thagairt a dhéanamh do mhéid na héifeachta díobhálaí is féidir le táirge a dhéanamh d’úsáideoirí.

3.1.2. Bunófar cás díobhála trí chur síos mionsonraithe a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)conas a eascraíonn an díobháil ón nguais;

(b)déine na díobhála a dhéantar.

3.1.3. Agus measúnú á dhéanamh ar an gcás díobhála réamh‑mheasta, measfaidh na húdaráis náisiúnta go bhféadfadh díobháil a bheith éagsúil ó thaobh déine de, ag brath ar roinnt fachtóirí mar shampla guais intreach an táirge, an chaoi a n‑úsáidtear an táirge nó an chaoi a bhféadfadh sé go n‑úsáidfeadh an t‑úsáideoir é, nó an cineál úsáideora a úsáideann an táirge.

3.2. Cás díobhála: céimeanna as a n‑eascraíonn an díobháil

3.2.1. D’fhéadfadh cásanna díobhála difriúla teacht chun cinn ag brath ar an líon fachtóirí is gá a chur san áireamh agus an riosca a bhaineann le táirge á chinneadh. Tosóidh na Ballstáit le cás ina bhfuil an t‑úsáideoir a bhfuil an táirge beartaithe dó ag úsáid an táirge i gcomhréir lena úsáid intuartha.

3.2.2. I gcás ina léiríonn an táirge roinnt guaiseacha, déanfar cásanna díobhála a fhorbairt go gach ceann acu.

3.2.3. Is éard a bheidh i gceist le cás díobhála anailís ar na céimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a)tá locht ar an táirge nó is féidir leis an táirge a bheith ina chúis le cás contúirteach le linn a shaolré intuartha;

(b)bíonn an locht nó an cás contúirteach ina chúis le tionóisc nó éifeacht dhíobhálach ar shláinte nó sábháilteacht duine (nó ar leasanna poiblí cosanta eile, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le pointe 2);

(c)bíonn an tionóisc nó an éifeacht dhíobhálach ina cúis le díobháil.

3.2.4. Bunaithe ar anailís ar bhonn cás ar chás, féadfaidh na Ballstáit na céimeanna dá dtagraítear i bpointe 3.2.3 a roinnt ina gcéimeanna breise, suas le cúig chéim ar a mhéad, chun a léiriú conas is féidir le guais an táirge a bheith ina cúis le díobháil.

3.2.5. I bhfianaise go bhféadfadh gach céim dá dtagraítear i bpointí 3.2.3 agus 3.2.4 an t‑imeacht dóchúlachta a laghdú go mór, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na céimeanna sin soiléir achomair agus go léireoidh siad an chonair is giorra go dtí an díobháil.

3.3. Déine an ghortaithe nó na díobhála

3.3.1.D’fhéadfadh déine an ghortaithe nó na díobhála ar shláinte agus sábháilteacht úsáideoirí a bheith ag brath ar na heilimintí seo a leanas:

(a)cineál na guaise;

(b)cé chomh cumhachtach atá an ghuais;

(c)conas a dhéanann an ghuais difear don úsáideoir;

(d)cén ball coirp atá gortaithe;

(e)cén tionchar atá ag an nguais ar bhall coirp amháin nó ar roinnt ball coirp;

(f)cineál agus iompar an úsáideora.

Chun measúnú a dhéanamh ar dhéine na n‑iarmhairtí, leagfaidh údaráis náisiúnta critéir oibiachtúla síos maidir lena measúnú, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: an leibhéal idirghabhála leighis atá ag teastáil, ar lámh amháin, agus ar an lámh eile, na hiarmhairtí ar cháilíocht saoil an úsáideora ina dhiaidh.

3.3.2. I gcás ina meastar roinnt cásanna díobhála sa mheasúnú riosca, déanfar déine gach díobhála a aicmiú ar leithligh agus a mheas le linn an phróisis measúnaithe riosca ar fad.

3.3.3. Déanfar déine gortuithe nó díobhála a aicmiú i gceithre leibhéal, ag brath ar inchúlaitheacht gortaithe nó díobhála, i.e., an féidir téarnamh ó ghortú nó díobháil agus, más féidir, a mhéid is féidir.

Cuirfidh na Ballstáit an t‑aicmiú a leagtar amach sa tábla seo i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh acu ar an leibhéal riosca a bhaineann le táirge.

Cur síos ar an déine

Leibhéal díobhála

Díobháil ar shláinte/sábháilteacht

Díobháil eile

4

Bagrach don bheatha: díobháil nó iarmhairt atá marfach nó a d’fhéadfadh a bheith marfach, lena n‑áirítear bás inchinne; iarmhairtí a dhéanann difear don atáirgeadh nó don sliocht; droch‑chaillteanas géag agus/nó feidhme a fhágann níos mó ná thart ar 10 % míchumas.

Éifeacht dhiúltach mhór, dochúlaithe i roinnt gnéithe, bíodh sí ina géaréifeacht nó ná bíodh.

3

Dian: díobháil nó iarmhairt a fhágann gur gá an duine a ospidéalú agus a dhéanfaidh difear don fheidhmíocht ar feadh níos mó ná 6 mhí nó a fhágann go gcailltear an fheidhmíocht go buan.

Éifeacht dhiúltach shuntasach, iarracht shuntasach chun cúlú trí idirghabháil speisialaithe, éifeacht atá dochúlaithe gan an idirghabháil agus iarracht sin.

2

Measartha: díobháil nó iarmhairt a bhféadfadh cuairt ar an ospidéal a bheith mar thoradh uirthi, ach nach bhfágann gur gá an duine a ospidéalú go ginearálta. D’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar an bhfeidhmíocht ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná 6 mhí agus ansin beidh an téarnamh déanta a bheag nó a mhór.

Éifeacht dhiúltach, inchúlaithe laistigh de thréimhse áirithe, tá gá le hidirghabháil speisialaithe.

1

Beag: díobháil nó iarmhairt nach gcuireann bac suntasach ar an bhfeidhmíocht nó nach mbíonn ina cúis le pian iomarcach tar éis cóireáil bhunúsach (garchabhair, ó dhuine nach dochtúir é de ghnáth); de ghnáth bíonn na hiarmhairtí go hiomlán inchúlaithe.

Éifeacht dhiúltach, go hiomlán inchúlaithe de ghnáth sa ghearrthéarma gan idirghabháil speisialaithe.

3.3.4. I gcásanna eisceachtúla, lena n‑áirítear cásanna atá nasctha le sonraíochtaí cultúrtha nó aeráide, féadfaidh na Ballstáit imeacht ón aicmiú a leagtar amach i bpointe 3.3.3. I gcásanna den sórt sin tabharfaidh na Ballstáit an t‑údar le himeacht ón aicmiú sa mheasúnú riosca a ghabhann leis an bhfógra ábhartha.

3.3.5. I gcás inarb infheidhme i gcomhréir le pointe 2., d’fhéadfaí díobháil do leasanna cosanta eile a aicmiú de réir grádú ceithre chéim atá cosúil lenar leagadh amach i bpointe 3.3.3, i dtéarmaí atá níos teibí.

3.4.Dóchúlacht díobhála

3.4.1. Déanfaidh na Ballstáit meastachán dóchúlachta i leith gach céim den chás díobhála arna suí i gcomhréir le pointe 3.2.

3.4.2. Trí dhóchúlachtaí a iolrú faoina chéile gheofar dóchúlacht fhoriomlán an cháis díobhála.

3.4.3. Déanfaidh na Ballstáit dóchúlacht na díobhála a ríomh mar chomhdhóchúlacht go dtarlóidh na céimeanna uile i gcás díobhála faoi leith. I gcás ina bhforbraítear roinnt cásanna díobhála, déanfaidh na Ballstáit dóchúlacht gach ceann acu a ríomh.

3.4.4. Cuirfidh na Ballstáit an t‑innéacs dóchúlachta a leagtar amach sa tábla i bhfeidhm.

Dóchúlacht go dtarlóidh an cás díobhála le linn shaolré intuartha an táirge

Comhionann le 50 % nó níos airde

An‑mhinic

Idir 5/10 agus 1/10

Minic

Idir 1/10 agus 1/100

Coiteann

Idir 1/100 agus 1/1 000

Anois is arís

Idir 1/1000 agus 1/10 000

Drochsheans

Idir 1/10 000 agus1/100 000

Neamhghnách

Idir 1/100 000 agus 1/1 000 000

Neamhchoitianta

Comhionann le 1/1 000 000 nó níos lú

Fíor-neamhchoitianta

3.5. An dóchúlacht go dtiocfaidh ann don díobháil a shloinneadh

Chun an dóchúlacht go dtiocfaidh ann do dhíobháil a chinneadh, d’fhéadfaí an dóchúlacht i gcás díobhála a shloinneadh ar an mbealach seo a leanas:

(a)go cainníochtúil: d’fhéadfaí an dóchúlacht a shloinneadh mar chodán, amhail ‘> 50 %’ nó ‘> 1/1 000’.

(b)go cáilíochtúil: d’fheadfaí an dóchúlacht a shloinneadh mar ‘an‑mhinic’, ‘minic’, mar a leagtar amach i bpointe 3.4.

3.6. An leibhéal riosca a chinneadh

3.6.1. Cinnfear leibhéal riosca táirge mar mheascán de dhéine na díobhála faoi phointe 3.3 agus dóchúlacht na díobhála faoi phointe 3.4.

3.6.2. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ngreille a leagtar amach sa phointe seo chun measúnú a dhéanamh ar an meascán dá dtagraítear i bpointe 3.6.1, agus cinnfidh siad an leibhéal riosca dá réir sin mar cheann de na cinn seo a leanas:

(a)tromchúiseach;

(b)ard;

(c) meánach, nó

(d)íseal.

Dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil le linn shaolré intuartha an táirge

Déine díobhála

1

2

3

4

Ard

Íseal

>50 %

A

T

T

T

> 1/10

M

T

T

T

> 1/100

M

T

T

T

> 1/1 000

Í

A

T

T

> 1/10 000

Í

M

A

T

> 1/100 000

Í

Í

M

A

> 1/1 000 000

Í

Í

Í

M

< 1/1 000 000

Í

Í

Í

Í

T — Riosca Tromchúiseach

A — Ardriosca

M — Riosca Meánach

Í — Riosca Íseal

3.7.An leibhéal riosca do na cásanna díobhála éagsúla a chinneadh

3.7.1. I gcás ina ndéantar measúnú ar chásanna díobhála éagsúla i ndáil le táirge, cinnfidh na Ballstáit an leibhéal riosca do gach ceann de na cásanna sin.

3.7.2. I gcás ina léiríonn an measúnú leibhéil éagsúla riosca atá nasctha leis na cásanna díobhála éagsúla, cuirfidh siad san áireamh an leibhéal riosca is airde a shainaithnítear, chun críoch Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988.

3.8. Doiciméadú a dhéanamh ar an measúnú ar an leibhéal riosca

Déanfaidh na Ballstáit doiciméadú cuí ar leibhéal riosca táirge agus áireoidh siad an doiciméadú sin ina bhfógra tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, seachas i gcásanna ina dtoimhdítear go bhfuil riosca tromchúiseach i gcomhréir le pointe 4.

4.Toimhde go bhfuil riosca tromchúiseach ann

4.1.Rioscaí a bhaineann le táirge, toimhdeofar gur riosca tromchúiseach iad sna cásanna seo a leanas:

(a)Tá an táirge nasctha le leibhéil díobhála dhóchúla a fhreagraíonn do leibhéil déine 3 nó 4 dá dtagraítear i bpointe 3.3 agus ní féidir coinne réasúnta a bheith leis go ndéanfaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh na bearta réamhchúraim is gá chun iad féin a chosaint nó chun teacht ann don riosca a chosc nó ní chuireann an t‑oibreoir eacnamaíoch ar an eolas iad go hiomchuí faoi conas teacht ann don riosca a sheachaint. Ní mór dlúthbhaint a bheith ag na dálaí a bhaineann le teacht ann don riosca le guais an táirge.

(b)Tá sé curtha in iúl ag an oibreoir eacnamaíoch a chuir an táirge ar an margadh nó a chuir an táirge ar fáil ann nó ag an soláthraí margaidh ar líne a liostaigh ar a chomhéadan ar líne é go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis an táirge.

(c)Cuireadh an táirge faoi réir aisghairme, aistarraingthe, nó baint anuas ábhair ar líne bunaithe ar bhearta deonacha oibreoirí eacnamaíocha nó soláthraithe margaí ar líne.

(d)Tá substaint cheimiceach sa táirge a bhfuil toirmeasc uirthi le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais nó tá an tsubstaint sin in úsáid ag tiúchan atá os cionn na teorann a bhunaítear leis an reachtaíocht sin.

(e)I gcás ina bhfuil fianaise dhea-dhoiciméadaithe ann go bhfuil gnéithe áirithe den táirge ann a mbaineann riosca tromchúiseach leo go seasta, lena n‑áirítear sna cásanna seo a leanas:

(i)páirteanna beaga is féidir a bhaint de bhréagáin nó de tháirgí cúraim leanaí do leanaí faoi bhun 36 mhí nó atá le fáil sna bréagáin nó táirgí cúraim leanaí sin;

(ii)bréigéide sár-inlasta atá beartaithe do leanaí;

(iii)éadaí oíche agus fabraicí éadaí oíche sár-inlasta do leanaí;

(iv)earraí cúraim leanaí a bhfuil riosca báite ag baint leo;

(v)sreangáin tarraingthe sa cheann, sa mhuineál nó sa bhrollach uachtarach ar bhaill éadaigh atá beartaithe do leanaí óga;

(vi)táirgí leictreacha a bhfuil comhpháirteanna lochtacha iontu ar féidir leo a bheith ina gcúis le turraing leictreach nó tine.

4.2.I gcásanna a liostaítear i bpointe 4.1. Féadfaidh na Ballstáit an fógra a chur isteach tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate gan measúnú riosca aonair.