RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 30.7.2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192 a mhéid a bhaineann leis an teimpléad le haghaidh suirbhéanna ar Globodera pallida (Stone) Behrens agus Globodera rostochiensis (Wollenweber) Behrens, úsáid na modhanna tástála agus ainmniú láithreán táirgthe inmhíolaithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (a) go (h), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192 2 bunaítear bearta chun Globodera pallida (Stone) Behrens agus Globodera rostochiensis (Wollenweber) Behrens (‘na lotnaidí sonraithe’) a dhíothú agus chun a leathadh a chosc i gcríoch an Aontais. Tháinig sé i gcomharbas ar Threoir 2007/33/CE ón gComhairle 3 , Treoir a aisghaireadh le Rialachán (AE) 2016/2031 le héifeacht ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192, tá na húdaráis inniúla le láithreán táirgthe a ainmniú mar láithreán inmhíolaithe i gcás inar deimhníodh go hoifigiúil láithreacht na lotnaide sonraithe sa láithreán sin leis na tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(3)Maidir le goirt a thaifead na húdaráis inniúla go hoifigiúil mar ghoirt inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe, de bhun Airteagal 8(1) nó Airteagal 8(2) de Threoir 2007/33/CEE, roimh an 1 Eanáir 2022, bhí amhras ann ar cheart iad a mheas a bheith ainmnithe mar láithreáin táirgthe inmhíolaithe freisin chun críocha Rialachán (AE) 2022/1192. Chun a áirithiú go gcosnófar críoch an Aontais ón lotnaid shonraithe ar an leibhéal is airde is féidir, ba cheart na goirt sin a bheith faoi réir na gceanglas céanna leis na láithreáin táirgthe a ainmnítear mar láithreáin inmhíolaithe de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192. Ar an gcúis sin, in Airteagal 5(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart a shoiléiriú gur cheart a mheas go bhfuil goirt a taifeadadh go hoifigiúil mar ghoirt inmhíolaithe roimh an 1 Eanáir 2022 le bheith ainmnithe mar láithreáin táirgthe inmhíolaithe freisin.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192, go dtí an 15 Iúil 2024, féadfar tástáil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as modh leithlise na gcisteanna néimeatóidí ón smionagar, agus an speiceas a bhrath agus a shainaithint le PCR fíor-ama ina dhiaidh sin ar bhonn Beniers et al. 2014, in ionad na modhanna maidir le lotnaidí sonraithe a bhrath agus a shainaithint a liostaítear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn III.
(5)I bhfoilseachán eolaíoch a foilsíodh le déanaí 4 , deimhníodh bailíocht agus éifeachtacht an mhodha tástála sin. Ar an gcúis sin, ba cheart é a chur leis na modhanna tástála a leagtar amach i bpointí 1(b)(ii) agus (iii) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin in éineacht leis an tásc ‘PCR fíor-ama ar bhonn Lombard et al. 2024’, ach ba cheart Airteagal 13 a scriosadh toisc é a bheith imithe i léig.
(6)I gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192, tá na Ballstáit le torthaí na suirbhéanna oifigiúla braite a thaifeadadh go hoifigiúil agus iad a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(7)Is gá an teimpléid sin d’Iarscríbhinn IV a bheith níos mionsonraithe chun taifeadadh níos cuimsithí ar thorthaí an tsuirbhé sin a áirithiú. Ar an gcúis sin, ba cheart na gnéithe seo a leanas a áireamh sa teimpléad nua: catagóir an tsuirbhé trí thagairt shonrach do thiúbair prátaí nó plandaí óstacha eile, méid tosaigh agus nuashonraithe an limistéir inmhíolaithe, uimhir fógra na ráigeanna nua agus faisnéis bhreise.
(8)Thairis sin, is gá a shoiléiriú ina chéad abairt in Iarscríbhinn IV go bhfuil an teimpléad le torthaí na suirbhéanna a rinneadh le linn na bliana féilire roimh bhliain an tuairiscithe a chur i láthair.
(9)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192 a leasú dá réir sin.
(10)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1192