RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 26.7.2024
maidir leis an teimpléad le haghaidh pleananna faireacháin de bhun Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, agus go háirithe Airteagal 8(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 8(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2023/1805 ceanglaítear ar chuideachtaí plean faireacháin a chur faoi bhráid an fhíoraitheora ina mbeidh doiciméadú iomlán agus trédhearcach maidir leis an modh faireacháin agus tuairiscithe atá le cur i bhfeidhm i gcás gach loinge a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1805.
(2)Chun a áirithiú go gcuirfear na pleananna faireacháin sin isteach agus go ndéanfar iad a thaifeadadh go leictreonach agus go mbeidh faisnéis iomlán agus chaighdeánaithe iontu ionas go mbeifear in ann oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na gcuideachtaí a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, ba cheart sonraíochtaí a leagan síos maidir le teimpléid leictreonacha, lena n‑áirítear rialacha teicniúla dá gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach.
(3)Ba cheart na heilimintí a leagtar síos in Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2023/1805 ar a laghad a bheith sa teimpléad le haghaidh an phlean faireacháin.
(4)Agus faisnéis faoi eilimintí agus nósanna imeachta á soláthar mar chuid den phlean faireacháin, ba cheart cuideachtaí a bheith in ann tagairt a dhéanamh freisin do nósanna imeachta nó do chórais a chuirtear chun feidhme go héifeachtach mar chuid dá gcórais bhainistíochta atá ann cheana, amhail an Cód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta (‘Cód ISM’), an Plean Bainistíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar bord Loinge (‘SEEMP’), nó do chórais agus rialuithe a chumhdaítear le caighdeáin aonfhoirmeacha maidir le bainistiú cáilíochta, comhshaoil nó fuinnimh, amhail EN ISO 9001:2015, EN ISO 14001:2015 nó EN ISO 50001:2011. I gcásanna den sórt sin nó i gcás ina dtugtar tuairisc cheana féin ar na nósanna imeachta ábhartha i nósanna imeachta arna mbunú i scríbhinn, ba cheart é a bheith ceadaithe tuairisc ghairid nó achoimre ar na nósanna imeachta sin a chur san áireamh sna pleananna faireacháin.
(5)De bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2023/1805, a luaithe a bheidh measúnú sásúil déanta ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe, déanfaidh an fíoraitheoir iad a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU, córas faisnéise tiomnaithe de chuid an Aontais arna fhorbairt agus arna oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a chláraíonn feidhmíocht gach loinge. Ní mór rochtain a bheith ag an Stát riaracháin ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 11(3) de Rialachán 2023/1805.
(6)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe dá ndéantar difear maidir le dea-chleachtas in ábhair a dtugtar aghaidh orthu leis an Rialachán seo. Rinneadh an comhairliúchán sin tríd an bhFo-Ghrúpa maidir le Cumhacht Mhalartach Inbhuanaithe don Loingseoireacht arna bhunú faoi scáth Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe.
(7)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Teimpléad an phlean faireacháin
1. Chun an plean faireacháin a thíolacadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2023/1805, úsáidfidh cuideachtaí leagan leictreonach den teimpléad atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bheifear in ann a rochtain i mbunachar sonraí FuelEU.
2. Chun an plean faireacháin a ndearnadh measúnú air a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2023/1805, úsáidfidh fíoraitheoirí leagan leictreonach de theimpléad an phlean faireacháin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26.7.2024
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Teimpléad le haghaidh pleananna faireacháin
Cuid A Bileog taifid d’athbhreithnithe
Uimh. Leagain
|
Dáta tagartha
|
Stádas ar an dáta tagartha (1)
|
Tagairt do Chaibidlí ina ndearnadh athbhreithnithe nó modhnuithe, lena n‑áirítear míniú gearr ar na hathruithe
|
|
|
|
|
(1) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Dréacht oibre’, ‘Faoi athbhreithniú’, ‘Dréacht deiridh curtha faoi bhráid an fhíoraitheora’, ‘Measúnaithe ag an bhfíoraitheoir’.
Cuid B Sonraí bunúsacha
Tábla B.1. Sainaithint na loinge agus sonraí an longúinéara
Ainm na loinge
|
|
Uimhir aitheantais IMO na loinge
|
|
Calafort cláraithe
|
|
Calafort baile (murab ionann é agus an calafort cláraithe)
|
|
Ainm an longúinéara (1)
|
|
Uimhir chánach an longúinéara (deonach)
|
|
Duine teagmhála an longúinéara (deonach)
|
|
Seoladh (deonach)
|
|
Cathair (deonach)
|
|
Stát/Cúige/Réigiún (deonach)
|
|
Uimhir theileafóin (deonach)
|
|
Seoladh ríomhphoist (deonach)
|
|
Uimhir aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO an úinéara chláraithe (2)
|
|
Tír chlárúcháin an úinéara chláraithe (1)
|
|
Cineál na loinge (3)
|
|
Meálasta (i dtonaí méadracha)
|
|
Olltonnáiste
|
|
Cumann Aicmiúcháin (deonach)
|
|
Aicme oighir (4)
|
|
Bratstát (deonach)
|
|
Éifeachtúlacht Theicniúil (deonach) (5)
|
|
Réimse tuairisce oscailte deonach le haghaidh faisnéis bhreise faoi shaintréithe na loinge (6)
|
|
(1) Mar a taifeadadh faoin Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO
(2) Is é an tÚinéir Cláraithe an t‑úinéir a shonraítear ar dheimhniú cláraithe na loinge.
(3). Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Long paisinéirí’, ‘Long róró’, ‘Long coimeádán’, ‘Tancaer ola’, ‘Tancaer ceimiceán’, ‘Iompróir GNL’, ‘Iompróir gáis’, ‘Bulc-iompróir’, ‘Long lastais ghinearálta’, ‘Long lastais cuisniúcháin’, ‘Iompróir feithicle’, ‘Iompróir il-lastais’, ‘Long Ro-Pax’, ‘Long coimeádán/Lastlong róró’, ‘Cineálacha loinge eile’. Faoin gcatagóir ‘Long paisinéirí’, ba cheart an fochineál ‘Long chúrsála’ a chur san áireamh.
(4) Éigeantach má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise de thoradh aicme oighir na loinge agus/nó seoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh na hiarmhéide comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1805. Roghnaigh ceann de na hAicmí Polacha PC1 — PC7 nó ceann de na hAicmí Oighir Fionlannacha-Sualannacha (IC, IB, IA nó IA Super). Chun a fháil amach cén chaoi a gcomhfhreagraíonn aicmí oighir dá chéile, úsáidfear Moladh 25/7 HELCOM.
(5) Ba cheart do longa an tInnéacs Éifeachtúlachta Teicniúla EEDI nó EEXI a thuairisciú, agus murab ann dó sin, féadfar EIV a thuairisciú.
(6) Is féidir duine teagmhála breise a chur isteach anseo.
Tábla B.2. Faisnéis faoin gcuideachta
Ainm na cuideachta
|
|
Cineál na cuideachta (1)
|
|
Uimhir aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO na cuideachta (2)
|
|
Tír Chlárúcháin na cuideachta (3)
|
|
Uimhir chánach na cuideachta (deonach)
|
|
Teagmhálaí
|
|
Seoladh
|
|
Cathair
|
|
Stát/Cúige/Réigiún
|
|
Cód poist/ZIP
|
|
Tír
|
|
Uimhir theileafóin
|
|
Seoladh ríomhphoist
|
|
(1) Is féidir le cuideachtaí ceann díobh seo a leanas a roghnú: ‘Longúinéir agus Cuideachta ISM’, ‘Cuideachta ISM nach bhfuil baint aici leis an Longúinéir’.
(2) Uimhir aitheantais mar a taifeadadh faoin Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus/nó Úinéara Chláraithe IMO.
(3) Beidh an tír chlárúcháin mar an gcéanna leis an tír chlárúcháin mar a taifeadadh faoin Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO.
Tábla B.3. Tuairisc ar an Tomhaltóir Breosla
Uimhir an aonaid tomhaltóra breosla
|
Ainm an aonaid tomhaltóra breosla
|
Cineál an tomhaltóra breosla (1)
|
Aicme an aonaid tomhaltóra breosla (2)
|
Tuairisc theicniúil ar an aonad tomhaltóra breosla (feidhmíocht/cumhacht, ídiú ola breosla shonraigh (SFOC), bliain suiteála, uimhir aitheantais i gcás ilfhoinsí astaíochtaí comhionanna, etc) (3)
|
Cineálacha (féideartha) breosla a úsáidtear (4)
|
|
|
|
|
|
|
(1) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Príomhinnill’, ‘Innill chúnta’, ‘Gástuirbíní’, ‘Coirí’, ‘Gineadóirí támhgháis’, ‘Cealla breosla’, ‘Loisceoirí dramhaíola’, ‘Eile’.
(2) Inneall dócháin inmheánaigh (ICE) (eile), GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais), GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais), GNL ar thimthriall Díosail (inneall débhreosla íseal-luais), inneall ísealdó spréachadhainte (LBSI), Gástuirbín, Coirí, Cealla Breosla, Loisceoirí Dramhaíola, Gineadóirí Támhgháis.
(3) D’fhéadfadh an uimhir aitheantais a bheith san áireamh i gcás ilfhoinsí astaíochtaí comhionanna. Ba cheart luach feidhmíochta/cumhachta na huasrátála leanúnaí a shonraítear ar an deimhniú EIAPP an a úsáid. Mura gceanglaítear ar an tomhaltóir deimhniú EIAPP a bheith aige, ba cheart an uasrátáil leanúnach ar an ainmchlár a úsáid.
(4) Roghnaigh ceann amháin ar a laghad de na catagóirí seo a leanas: ‘Ola bhreosla throm (HFO)’, ‘Ola bhreosla éadrom (LFO)’, ‘Ola dhíosail/Gás‑ola (MDO/MGO)’, ‘Gás peitriliam leachtaithe (Própán, GPL)’, ‘Gás peitriliam leachtaithe (Bútán, GPL)’, ‘Gás nádúrtha leachtaithe (GNL)’ ‘H2 (Breosla iontaise)’, ‘NH3 (Breosla iontaise), ‘Meatánól (Breosla iontaise)’, ‘Eatánól’, ‘Bithdhíosal’, ‘Ola glasraí hidreachóireáilte’, ‘Bithmheatán leachtaithe mar bhreosla iompair (Bith‑GNL)’, ‘Bithmheatánól’, ‘Bithbhreosla eile’, ‘Bio-H2’, ‘leictridhíosal’, ‘ leictrimheatánól’, ‘leictri-GNL’, ‘leictri-H2’, ‘leictri-NH3’, ‘leictri-GPL’, ‘leictri-DME’, ‘Breosla in‑athnuaite eile’.
Tábla B.4. Trealamh chun gur féidir nascadh le soláthar cumhachta ar tír (1)
Uimhir thagartha an trealaimh OPS
|
Trealamh OPS
(ainm, cineál)
|
Tuairisc theicniúil ar voltas agus minicíocht shonraithe an trealaimh OPS, lena n‑áirítear an trealamh a shonraítear in IEC/IEEE 80005-1 (Ardvoltas) agus IEC/IEEE 80005-3 (Ísealvoltas) agus an suíomh ar bord
|
Caighdeáin (2)
|
|
|
|
|
(1) Éigeantach i gcás longa coimeádán agus longa paisinéirí amháin.
(2) IEC/IEEE 80005-1 (Ardvoltas) agus IEC/IEEE 80005-3 (Ísealvoltas)
Tábla B.5. Teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha (1)
Uimhir thagartha na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha
|
Teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha
(ainm, cineál) (2)
|
Tuairisc theicniúil ar an teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha (3)
|
|
|
|
(1) Éigeantach i gcás longa coimeádán agus longa paisinéirí nach n‑úsáideann soláthar cumhachta ar tír agus sna cásanna sin amháin.
(2) Breosla-chealla, stóráil fuinnimh leictrigh ar bord ó ghiniúint leictreachais ar muir, stóráil fuinnimh leictrigh ar bord ó OPS, stóráil fuinnimh leictrigh ar bord ó bhabhtáil ceallraí, giniúint cumhachta ar bord ó fhuinneamh gaoithe nó giniúint cumhachta ar bord ó fhuinneamh gréine.
(3) Ní mór an chumhacht rátaithe a bheith sa tuairisc theicniúil.
Tábla B.6. Éileamh iomlán ar chumhacht leictreach arna bhunú ag an long i mbeart (1) (2)
Éileamh iomlán ar chumhacht leictreach arna bhunú ag an long i mbeart (kW)
|
Foinsí Sonraí
|
|
|
(1) Éigeantach i gcás longa coimeádán agus longa paisinéirí amháin.
(2) Mar a fhoráiltear ina comhardú ualaigh leictrigh nó ina staidéar maidir le hualach leictreach a úsáidtear chun comhlíonadh Rialacháin 40 agus 41 de Chaibidil II-1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) a léiriú. I gcás nach mbíonn an long in ann an tagairt sin a sholáthar, meastar an luach sin mar 25 % d’uasrátálacha leanúnacha phríomhinnill na loinge, mar a shonraítear ina ndeimhniú EIAPP arna sheachadadh i gcur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL) nó, mura gceanglaítear go gcaithfidh deimhniú EIAPP a bheith ag na hinnill, ar ainmchlár na n‑inneall.
Tábla B.7 Tuairisc ar chórais tiomána gaothchuidithe (WAPS) (i gcás inarb infheidhme)
Uimhir thagartha WAPS
|
WAPS (ainm, cineál) (1)
|
Dáta suiteála WAPS
|
Tuairisc theicniúil ar WAPS
|
Pwind (2)
|
Pprop (2)
|
|
|
|
|
|
|
(1) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: seolta rótair, eiteoga, seolta crua nó dochta, seolta boga, sciatháin shúcháin, tuirbíní, WAPS eile.
(2) Mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1805, más infheidhme.
Tábla B.8. Nósanna imeachta, córais agus freagrachtaí a úsáidtear chun iomláine an liosta tomhaltóirí breosla, trealaimh OPS, teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha agus WAPS a thabhairt cothrom le dáta
Teideal an nós imeachta
|
Iomláine an liosta tomhaltóirí breosla, trealaimh OPS, teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha agus WAPS a bhainistiú
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla B.9. Nósanna imeachta maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhachtóirí astaíochtaí tobar-go-humar agus umar-go-marbhshruth fuinnimh a bheidh le húsáid ar bord, i gcomhréir leis na modhanna a shonraítear in Airteagal 10 agus in Iarscríbhinní I agus II
Teideal an nós imeachta
|
Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhachtóirí astaíochtaí tobar-go-humar agus umar-go-marbhshruth fuinnimh a bheidh le húsáid ar bord
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Cuid C Sonraí gníomhaíochta
C.1. Faireachán a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh
Tábla C.1.1. Modhanna a úsáidtear chun ídiú breosla gach tomhaltóra breosla a chinneadh:
Uimhir an aonaid tomhaltóra breosla(1)
|
Ainm an aonaid tomhaltóra breosla
|
Cineál an tomhaltóra breosla (2)
|
Modh faireacháin (3)
|
|
|
|
|
(1) Mar a thuairiscítear i dTábla B.3.
(2) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Príomhinnill’, ‘Innill chúnta’, ‘Gástuirbíní’, ‘Coirí’, ‘Gineadóirí támhgháis’, ‘Cealla breosla’, ‘Loisceoirí dramhaíola’, ‘Eile’.
(3) Roghnaigh ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas: ‘Modh A: Nóta seachadta breosla umair (BDN) agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla’, ‘Modh B: Faireachán ar thanc breosla umair ar bord’, ‘Modh C: Sreabhmhéadair do phróisis dócháin infheidhme’ nó ‘Modh D: Astaíochtaí gás ceaptha teasa CO2 díreacha a thomhas’. Agus Modh D in úsáid, ríomhfar an t‑ídiú breosla agus úsáid á baint as na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas. Ní mór ceartúchán a chur ar fáil i ngach cás ina bhfuil astaíochtaí sceite breosla ghásaigh neamhdhóite le cur san áireamh. Is amhlaidh atá i gcás ina sainítear luachanna Cslip sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2023/1805.
Tábla C.1.2. Nósanna imeachta chun breosla lastáilte umair agus breosla in umair a chinneadh:
Teideal an nós imeachta
|
Breosla lastáilte umair agus breosla in umair a chinneadh
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla C.1.3. Cros‑seiceálacha rialta idir an chainníocht lastáilte umair mar a fhoráiltear le BDN agus an chainníocht lastáilte umair a léirítear le tomhas ar bord:
Teideal an nós imeachta
|
Cros‑seiceálacha rialta idir an chainníocht lastáilte umair mar a fhoráiltear le BDNanna agus an chainníocht lastáilte umair a léirítear le tomhas ar bord
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Tábla C.1.4. Modh chun dlús breosla a chinneadh:
Cineál breosla/umar
|
An modh chun luachanna dlúis iarbhír an bhreosla in umair a chinneadh (1)
|
An modh chun luachanna dlúis iarbhír an bhreosla in umair a chinneadh (2)
|
|
|
|
(1) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Trealamh tomhais ar bord’, ‘Tástáil soláthróra breosla’ nó ‘Tástáil saotharlainne’.
(2) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Trealamh tomhais’, ‘Tástáil soláthróra breosla’ nó ‘Tástáil saotharlainne’.
Tábla C.1.5. An leibhéal neamhchinnteachta a bhaineann le faireachán ar bhreosla:
Modh faireacháin (1)
|
Cur chuige a úsáidtear (2)
|
Luach na neamhchinnteachta
|
|
|
|
(1) Roghnaigh ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas: ‘Modh A: Nóta seachadta breosla umair (BDN) agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla’. ‘Modh B: Faireachán ar thanc breosla umair ar bord’, ‘Modh C: Sreabhmhéadair do phróisis dócháin infheidhme’ nó ‘Modh D: Astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a thomhas’
(2) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Luach réamhshocraithe’ nó ‘Meastachán a bhaineann go sonrach leis an long’.
Tábla C.1.6. Nósanna imeachta maidir le faireachán a dhéanamh ar fhuinneamh arna sholáthar ag soláthar cumhachta ar tír (OPS) (i gcás inarb infheidhme)
Teideal an nós imeachta
|
Faireachán a dhéanamh ar fhuinneamh arna sholáthar ag soláthar cumhachta ar tír (OPS)
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla C.1.7. Nósanna imeachta maidir le faireachán a dhéanamh ar fhuinneamh arna sholáthar ag teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha (i gcás inarb infheidhme)
Teideal an nós imeachta
|
Faireachán a dhéanamh ar fhuinneamh arna sholáthar ag teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla C.1.8. Nósanna imeachta maidir le faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla gach tomhaltóra breosla nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir (1)
Teideal an nós imeachta
|
Faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla gach tomhaltóra breosla nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
(1) Éigeantach má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise a úsáidtear de thoradh seoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh na hiarmhéide comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1805.
C.2. Nósanna imeachta ginearálta le haghaidh tomhas
Tábla C.2.1. Tuairisc ar na hionstraimí tomhais lena mbaineann
Trealamh tomhais (ainm)
|
Eilimintí a bhaineann le hábhar (e.g. aonaid tomhaltóra breosla, tancanna, foinsí ionadacha fuinnimh nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha)
|
Tuairisc theicniúil
(sonraíocht, modhanna agus eatraimh chalabraithe, eatraimh chothabhála)
|
|
|
|
Tábla C.2.2. Nósanna imeachta chun faisnéis maidir le tomhais a thaifeadadh, a aisghabháil, a tharchur agus a stóráil
Teideal an nós imeachta
|
Faisnéis maidir le tomhais a thaifeadadh, a aisghabháil, a tharchur agus a stóráil
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla C.2.3. Nósanna imeachta chun dearbhú cáilíochta an trealaimh tomhais a áirithiú
Teideal an nós imeachta
|
Dearbhú cáilíochta an trealaimh tomhais a áirithiú
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
C.3. Loingseoireacht
Tábla C.3.1. Nósanna imeachta chun an liosta muiraistear a chinneadh agus a thaifeadadh
Teideal an nós imeachta
|
Iomláine na muiraistear a thaifeadadh agus a chosaint
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (lena n‑áirítear muiraistir a thaifeadadh, faireachán a dhéanamh ar mhuiraistir etc.) (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla C.3.2. Nósanna imeachta chun an fad a thaistealaítear a chinneadh agus a thaifeadadh (1)
Teideal an nós imeachta
|
An fad in aghaidh an mhuiraistir a thaifeadadh agus a chinneadh
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (lena n‑áirítear faisnéis maidir le fad a thaifeadadh agus a bhainistiú) (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
(1) Éigeantach má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise a úsáidtear de thoradh seoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh na hiarmhéide comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1805.
Tábla C.3.3 Nósanna imeachta chun an dáta, an t‑am agus an suíomh ar dhul isteach agus ar fhágáil na ndálaí oighir, agus an fad a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir a chinneadh agus a thaifeadadh (1)
Teideal an nós imeachta
|
An fad a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir a chinneadh agus a thaifeadadh
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (lena n‑áirítear an fad agus faisnéis ar dhálaí geimhridh a thaifeadadh agus a bhainistiú) (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Foirmlí agus foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
(1) Éigeantach má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise a úsáidtear de thoradh seoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh na hiarmhéide comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1805.
Tábla C.3.4. Nósanna imeachta chun an t‑am a chaitear ar muir agus i mbeart a chinneadh agus a thaifeadadh (1)
Teideal an nós imeachta
|
An t‑am a chaitear ar muir ón mbeart sa chalafort imeachta go dtí beart an chalafoirt teachta, agus an t‑am a chaitear i mbeart (le taobh cé agus ar ancaire), a chinneadh agus a thaifeadadh
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (lena n‑áirítear faisnéis faoi imeacht ó chalafoirt agus teacht isteach i gcalafoirt a thaifeadadh agus a bhainistiú) (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Foirmlí agus foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
(1) ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá múráilte go daingean nó ar ancaire go daingean i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit le linn di a bheith á luchtú, á díluchtú nó le linn di bheith ar fuireach ann, lena n‑áirítear an t‑am a chaitear ann gan a bheith gafa le hoibríochtaí lastais; ciallaíonn ‘long ar ancaire’ long atá i mbeart nach bhfuil ar múráil le taobh cé; ciallaíonn ‘muiraistear’ aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn ó chalafort cuarda nó a chríochnaíonn i gcalafort cuarda agus arb é is feidhm léi paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála.
Cuid D Bearnaí sonraí
Tábla D.1. Modhanna atá le húsáid chun ídiú breosla a mheas
Teideal an mhodha
|
An modh atá le húsáid chun ídiú breosla a mheas
|
Modh faireacháin cúltaca (1)
|
|
Foirmlí a úsáidtear
|
|
Tuairisc ar an modh atá le húsáid chun ídiú breosla a mheas
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an modh seo
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
(1) Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas: ‘Modh A: Nóta seachadta breosla umair (BDN) agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla’. ‘Modh B: Faireachán ar thanc breosla umair ar bord’, ‘Modh C: Sreabhmhéadair do phróisis dócháin infheidhme ’, ‘Modh D: Astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a thomhas’ nó ‘Ní bhaineann le hábhar’. Ní mór an chatagóir roghnaithe a bheith éagsúil leis an gcatagóir a roghnaítear faoi ‘Modhanna roghnaithe le haghaidh ídiú breosla’ i dtábla C.1.1. (Faireachán a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh — Modhanna a úsáidtear chun ídiú breosla gach Tomhaltóra Breosla a chinneadh).
Tábla D.2. Modhanna atá le húsáid chun tomhaltas fuinnimh ó OPS agus teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a mheas (i gcás inarb infheidhme)
Teideal an mhodha
|
An modh atá le húsáid chun tomhaltas fuinnimh a mheas
|
Modh faireacháin cúltaca
|
|
Foirmlí a úsáidtear
|
|
Tuairisc ar an modh atá le húsáid chun tomhaltas fuinnimh a mheas
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an modh seo
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla D.3. Modhanna atá le húsáid chun déileáil le bearnaí sonraí maidir leis an bhfad a thaistealaítear
Teideal an mhodha
|
An modh atá le húsáid chun déileáil le bearnaí sonraí maidir leis an bhfad a thaistealaítear
|
Foirmlí a úsáidtear
|
|
Tuairisc ar an modh chun déileáil le bearnaí sonraí
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an modh seo
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla D.4. Modhanna atá le húsáid chun déileáil le bearnaí maidir leis an dáta, leis an am agus leis an suíomh ar dhul isteach agus ar fhágáil na ndálaí oighir, agus an fad a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir
Teideal an mhodha
|
An modh atá le húsáid chun déileáil le bearnaí sonraí maidir leis an dáta, leis an am agus leis an suíomh ar dhul isteach agus ar fhágáil na ndálaí oighir, agus an fad a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir
|
Foirmlí a úsáidtear
|
|
Tuairisc ar an modh chun déileáil le bearnaí sonraí
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an modh seo
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla D.5. Modhanna atá le húsáid chun déileáil le bearnaí sonraí maidir leis an méid am a chaitear ar muir agus leis an méid ama a chaitear i mbeart (le taobh cé agus ar ancaire) (i gcás inarb infheidhme)
Teideal an mhodha
|
An modh atá le húsáid chun déileáil le bearnaí sonraí maidir leis an méid am a chaitear ar muir agus leis an méid ama a chaitear i mbeart (le taobh cé agus ar ancaire)
|
Foirmlí a úsáidtear
|
|
Tuairisc ar an modh chun déileáil le bearnaí sonraí
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an modh seo
|
|
Foinsí sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Cuid E Bainistíocht
Tábla E.1. Seiceáil rialta ar leordhóthanacht an phlean faireacháin
Teideal an nós imeachta
|
Seiceáil rialta ar leordhóthanacht an phlean faireacháin
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla E.2. Nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí sreafa sonraí
Teideal an nós imeachta
|
Nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí sreafa sonraí
|
Tagairt don nós imeachta
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla E.3. Nósanna imeachta maidir le measúnú riosca
Teideal an nós imeachta
|
Nósanna imeachta maidir le measúnú riosca
|
Tagairt don nós imeachta
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla E.4. Gníomhaíochtaí rialaithe: Dearbhú cáilíochta agus iontaofacht na teicneolaíochta faisnéise
Teideal an nós imeachta
|
Bainistiú Teicneolaíochta Faisnéise (e.g. rialuithe rochtana, cúltaca, aisghabháil agus slándáil)
|
Tagairt don nós imeachta
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as cothabháil sonraí
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Liosta na gcóras bainistíochta ábhartha atá ann cheana
|
|
Tábla E.5. Gníomhaíochtaí rialaithe: Athbhreithnithe inmheánacha agus bailíochtú sonraí atá ábhartha
Teideal an nós imeachta
|
Athbhreithnithe inmheánacha agus bailíochtú sonraí atá ábhartha do FuelEU
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar an nós imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla E.6. Gníomhaíochtaí rialaithe: Ceartúcháin agus gníomhartha ceartaitheacha
Teideal an nós imeachta
|
Ceartúcháin agus gníomhartha ceartaitheacha
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla E.7. Gníomhaíochtaí rialaithe: Gníomhaíochtaí seachfhoinsithe (más infheidhme)
Teideal an nós imeachta
|
Gníomhaíochtaí seachfhoinsithe
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Tábla E.8. Gníomhaíochtaí rialaithe: Doiciméadú
Teideal an nós imeachta
|
Doiciméadú
|
Tagairt don nós imeachta atá ann cheana
|
|
Leagan an nós imeachta atá ann cheana
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta (is leor tuairisc ghairid ar an nós imeachta a sholáthar más ann dó cheana féin lasmuigh den phlean faireacháin)
|
|
Ainm an duine nó an phoist atá freagrach as an nós imeachta sin
|
|
Láthair ina gcoimeádtar taifid
|
|
Ainm an chórais TF a úsáidtear (i gcás inarb infheidhme)
|
|
Cuid F Tuilleadh faisnéise
Tábla F.1. Liosta sainmhínithe agus giorrúchán
Giorrúchán, acrainm, sainmhíniú
|
Míniú
|
|
|