RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 9.8.2023

maidir le dearadh lógónna coiteanna chun soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí agus eagraíochtaí altrúchais sonraí atá aitheanta san Aontas a shainaithint

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) 1 , agus go háirithe Airteagal 11(9), an dara fomhír, agus Airteagal 17(2), an dara fomhír, de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Beartas Sonraí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun a áirithiú, i dtaca le soláthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí ar soláthraithe aitheanta iad agus i dtaca le heagraíochtaí altrúchais sonraí, go mbeidh na soláthraithe agus na heagraíochtaí sin so-aitheanta ar fud an Aontais, ba cheart na dearaí le haghaidh na lógónna coiteanna a úsáidfidh na soláthraithe agus na heagraíochtaí sin atá aitheanta san Aontas a shonrú.

(2)Ba cheart na lógónna sin a bheith sa dóigh a bhfónfaidh siad mar thrustmharcanna AE a dhéanfaidh difreáil idir seirbhísí aitheanta agus seirbhísí eile, agus ar an gcaoi sin go mbeidh siad ina gcuidiú chun neartú ar an iontaoibh as an gcomhroinnt sonraí ar bhonn deonach agus ina gcuidiú don trédhearcacht sa mhargadh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Na dearaí le haghaidh na lógónna coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 11(9) agus Airteagal 17(2) de Rialachán (AE)2022/868, beidh siad de réir na samhlacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú  lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9.8.2023

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 152, 3.6.2022, lch. 1.

IARSCRÍBHINN

Is iad seo a leanas na samhlacha dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh na lógónna coiteanna:

(a)Is iad na lógónna cothrománacha na lógónna príomhúla. Is féidir iad a úsáid lándaite – gorm agus turcaidghorm.

(b)Is iad seo a leanas na dathanna tagartha:

Glas: #00A99D | RGB: 0 169 157

Gorm: #1743CE | RGB: 23 67 206

Buí: #FFFF10 | RGB: 255 255 16

(c)Is 40 mm an t-íosleithead a bheidh sna lógónna coiteanna i leaganacha priontáilte, agus 300 picteilín i gcás úsáid dhigiteach.

(d)I cás lógónna i bpaimfléid, bileoga, bróisiúir agus in ábhar priontáilte eile, cuirfear na lógónna ar fáil i bhformáid veicteoireach, ghiotánmhapach nó pdf, chun díchumadh a sheachaint.

(e)Lógónna statacha a bheidh sna lógónna coiteanna, iad gan bheochan.

(f)Ar chúlraí dorcha, úsáidfear na leaganacha claonchló seo a leanas de na lógónna cothrománacha:

(g)Is éard atá sna lógónna ingearacha dearadh malartach is féidir a úsáid in ionad na lógónna caighdeánacha i gcásanna ina bhfuil srianta ar infheidhmeacht na lógónna cothrománacha de dheasca easpa spáis nó ar chúiseanna aeistéitice. Is féidir iad a úsáid lándaite – gorm agus turcaidghorm:

 

(h)Ar chúlraí dorcha, úsáidfear na leaganacha claonchló seo a leanas de na lógónna ingearacha:

 

(i)Limistéar cosanta na lógónna – trí bhíthin ciumhaise déanfar na lógónna a dhealú ón gcúlra agus ó na heilimintí timpeall orthu. Ba cheart an chiumhais a bheith saor ó mharcálacha eile de gach saghas, agus ba cheart í a bheith lántimpeall na siombaile ‘n’ ar feadh gach ceann de na ceithre thaobh. Mar shampla:

 

 

(j)Prionsabail nach mór cloí leo nuair a úsáidtear na lógónna seo i gcás comhbhrandála: ba cheart na lógónna a bheith comhsheasmhach le lógónna eile a úsáideadh i leaganacha daite nó claonchló. Ba cheart, freisin, iad a bheith ar aon dul le chéile ó thaobh méide de, iad a bheith spásáilte go cothrom agus iad a bheith ailínithe go comhleanúnach, ar an gcaoi seo a leanas, mar shampla: