MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 tugtar sainordú ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí (ADDW) a fheistiú i mótarfheithiclí de chatagóirí M agus N ón 7 Iúil 2024 i gcás cineálacha nua agus ón 7 Iúil 2026 i gcás gach feithicle nua. Sainmhínítear ADDW mar chóras lena gcuidítear leis an tiománaí leanúint d’aird a choinneáil ar na coinníollacha tráchta agus a thugann rabhadh don tiománaí nuair a théann sé nó sí chun seachmaill. Mar shampla, is féidir an fheidhm sin a chomhlíonadh le córas atá in ann leibhéal airde amhairc an tiománaí ar na coinníollacha tráchta a aithint agus rabhadh a thabhairt don tiománaí nuair a théann sé chun seachmaill.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais theicniúla shonracha i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca leis an rabhadh do sheachmall tiománaí. Leis an Rialachán Tarmligthe seo ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 trí na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta tástála lena mbaineann a leagan síos.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Le linn ullmhú an ghnímh seo, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara na mBallstát, rud a dheimhnigh a dtacaíocht ghinearálta.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Is é is bunús dlí leis an ngníomh tarmligthe seo Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Measann an Coimisiún Eorpach, ina dhoiciméad inmheánach oibre, doiciméad ina dtugtar tuairisc ar na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’ 2 , gurb é seachmall úsáideoirí bóthair faoi deara idir 10 % agus 30 % de thuairteanna san Eoraip agus measann Riarachán Náisiúnta na Sábháilteachta Tráchta ar Mhórbhealaí 3 (NHTSA) go bhféadfadh baint a bheith ag seachmall tiománaí le 16 % de na himbhuailtí marfacha uile, 21 % de na himbhuailtí díobhálacha uile agus 22 % de na himbhuailtí uile sna Stáit Aontaithe. Is dócha gur gannmheastachán atá sna figiúirí sin 4 mar gheall ar an deacracht a bhaineann le tosca rannpháirteacha a chinneadh tar éis tuairte. Chun tuairteanna a bhaineann le seachmall amhairc a chosc, tugtar sainordú le Rialachán (AE) 2019/2144 Ardchórais Rabhaidh do Sheachmall Tiománaí (ADDW) a chur chun feidhme le haghaidh cineálacha nua feithiclí ó 2024 ar aghaidh. Sainmhínítear ADDW mar chóras lena gcuidítear leis an tiománaí leanúint d’aird a choinneáil ar na coinníollacha tráchta agus a thugann rabhadh don tiománaí nuair a théann sé nó sí chun seachmaill.

Baineann forbairt na gcóras ADDW go sonrach le foirne taighde, monaróirí agus soláthraithe gluaisteán agus, dá bhrí sin, cumhdaítear le forálacha an Rialacháin seo gné an chomhéadain duine le meaisín, agus an timpeallacht shonrach inar gá don ADDW rabhadh a thabhairt don tiománaí. Ní mór don chóras ADDW iompraíocht daoine, a bhfuil leibhéal éiginnteachta i gcónaí ag baint léi, a léirmhíniú. Sin an fáth, leis an nós imeachta tástála arna dhéanamh ag seirbhísí teicniúla, a gceadaítear nós imeachta atástála lena mbaineann athrú ar an iompraíocht sheachmallach, arna dhéanamh ag an tiománaí tástála, chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina ngné dhílis de gach córas ADDW.

Leis an Rialachán Tarmligthe seo ón gCoimisiún, leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 trí thagairt don Rialachán seo a chur léi, arb é atá ann an gníomh rialála lena mbunaítear na ceanglais shonracha maidir le hardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 13.7.2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí áirithe i dtaca lena n-ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí agus lena leasaítear an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus na leantóirí a ghabhann leo, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint na ndaoine atá sna feithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún 5 , agus go háirithe Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2144, ceanglaítear go ndéanfar mótarfheithiclí i gcatagóirí M agus N a fheistiú le hardchórais áirithe feithicle, lena n-áirítear ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí (‘ADDW’). In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, leagtar síos ceanglais maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le córais ADDW.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2019/2144, is córas é córas ADDW lena gcuidítear leis an tiománaí leanúint d’aird a choinneáil ar na coinníollacha tráchta agus a thugann rabhadh don tiománaí nuair a théann sé nó sí chun seachmaill. Agus raon leathan saintréithe tiománaithe, athraitheacht na n-ionad suí, agus neamhaibíocht choibhneasta na dteicneolaíochtaí atá ann cheana sa mhargadh á gcur san áireamh, ba cheart na ceanglais feidhmíochta maidir le córais ADDW a shocrú ar leibhéal atá réalaíoch agus insroichte i dtaca leis an taithí theoranta a fuarthas ó na córais atá ar an margadh agus i dtaca leis an tsolúbthacht is gá le haghaidh tuilleadh nuálaíochta sna córais sin. An tráth céanna, ba cheart na ceanglais sin a bheith neodrach ó thaobh teicneolaíochta de, ionas go gcothófar forbairt teicneolaíochtaí nua. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo dírithe ar rabhadh a thabhairt do thiománaithe i gcásanna seachmall fada amhairc.

(3)Sa chéad chéim eile, leanfaidh an Coimisiún den obair chun ceanglais a imscrúdú agus a fhorbairt a thuilleadh, agus chun iad a ghlacadh faoi mhí Iúil 2027, ar ceanglais iad a leanfaidh dul chun cinn teicneolaíoch chórais ADDW, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/2144. Áirítear leis an dul chun cinn sin seachmall uaineach, an measúnú ar chineálacha seachmaill tiománaí eile seachas seachmall amhairc (e.g. seachmall cognaíoch), gluaiseacht choirp an tiománaí (e.g. ag féachaint ar gcúl) agus seachmall a sheachaint trí mhodhanna teicniúla.

(4)Leis an Rialachán seo, ba cheart ionchais réasúnacha a leagan síos maidir leis an raon saintréithe tiománaí agus ionad suí ar cheart córais ADDW a bheith éifeachtach ina leith. Ba cheart do mhonaróirí fianaise a sholáthar go bhfuil a gcóras ADDW éifeachtach thar raon sainithe saintréithe tiománaí agus ionad suí.

(5)An tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, tábla ina bhfuil an liosta ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus in Airteagal 6(3) den Rialachán sin, níl aon tagairt ann do ghníomhartha rialála a mhéid a bhaineann le hardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí. Dá bhrí sin, is gá tagairt don Rialachán seo a thabhairt isteach san Iarscríbhinn sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir.

(6)Ós rud é go mbeidh feidhm ag an gceanglas maidir le córais ADDW faoi Rialachán (AE) 2019/2144 ón 7 Iúil 2024 (mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144), ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

(7)Tá dlúthnasc ag forálacha an Rialacháin seo le chéile toisc go mbaineann siad le rialacha maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n-ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí. De thoradh na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, is gá tagairt don Rialachán seo a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. Is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha sin a leagan síos in aon Rialachán Tarmligthe amháin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí de chatagóirí M agus N, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

Airteagal 2

Ceanglais theicniúla maidir leis an ardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí

Is i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a leagtar síos ceanglais theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca leis na hardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí.

Airteagal 3

Nósanna imeachta sonracha tástála chun ardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí a bhailíochtú

Is i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a leagtar síos nósanna imeachta sonracha tástála i ndáil le bailíochtú ardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí ag na seirbhísí teicniúla.

Airteagal 4

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

Is i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 7 Iúil 2024. Mar sin féin, ón 1 Eanáir 2024, ní dhiúltóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú AE le haghaidh cineál nua feithicle a dheonú nó síneadh a dheonú le haghaidh cineál feithicle atá ann cheana, i gcás ina gcomhlíonann an fheithicil sin an Rialachán seo, má iarrann monaróir sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13.7.2023

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(2)    Creat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 - Na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’: Doiciméad inmheánach oibre de chuid An Choimisiúin, 2019
(3)    Scrúdú ar sheachmall tiománaí mar a taifeadadh i mbunachar sonraí NHTSA, 2009
(4)    A The battle for attention: Driver distraction - a review of recent research and knowledge’, 2015, Kinnear, N; Stevens,
(5)    IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(6)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1)

IARSCRÍBHINN I 

CUID 1 
Ceanglais theicniúla maidir leis na hardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí (córais ADDW)

1.

Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo 1 , beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.1.

ciallaíonn ‘cineál feithicle maidir leis an gcóras ADDW’ feithiclí nach bhfuil éagsúil ó chéile ó thaobh gnéithe fíor-riachtanacha de amhail saintréithe agus feidhmiúlacht an chórais ADDW mar aon leis an gcóras aiseolais a úsáidtear chun cabhrú leis an tiománaí.

1.2.

ciallaíonn ‘cás neamh-ainmniúil’ cás ina ndéanann eilimintí difear don chóras ADDW, arb eilimintí iad a bhaineann leis an tiománaí, leis an bhfeithicil, nó leis an timpeallacht, nó arb eilimintí eile iad, a fhanann laistigh de theorainneacha an chórais a dhearbhaítear i bpacáiste doiciméadachta an mhonaróra a bhfuil tuairisc air i gcuid 3 den Iarscríbhinn seo.

1.3.

ciallaíonn ‘pointe tagartha súilí’ an tagairt uathúil súile a úsáidtear i ndearadh feithicle.

2.

Ceanglais theicniúla ghinearálta

2.1.

Cinnfear le córas ADDW cén uair nach bhfuil aird amhairc an tiománaí dírithe ar na tascanna tiomána agus tabharfaidh sé foláireamh don tiománaí trí chomhéadan duine le meaisín na feithicle.

2.2.

Dearfar an córas ADDW chun ráta earráide an chórais (bréagdheimhneach) faoi fhíordhálaí tiomána a íoslaghdú.

2.3.

Príobháideachas agus cosaint sonraí

2.3.1.

Feidhmeoidh an córas ADDW gan bheith ag brath ar shonraí pearsanta bithmhéadracha d’aon taistealaí feithicle. Sa chomhthéacs sin, eascraíonn na sonraí pearsanta bithmhéadracha as próiseáil theicniúil shonrach a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lenar féidir sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin a dhéanamh nó a dheimhniú, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha. Leis an gceanglas sin, ní chuirtear cosc ar chóras ADDW úsáid a bhaint as sonraí ó na ceamaraí atá feistithe san fheithicil, cuirtear cosc ar chóras ADDW an duine a shainaithint.

2.3.2.

Beidh an córas ADDW deartha sa chaoi nach dtaifeadfaidh sé go leanúnach ach na sonraí is gá chun go bhfeidhmeoidh agus go n‑oibreoidh an córas laistigh de chóras lúbiata.

2.3.3.

Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

3.

Ceanglais theicniúla shonracha.

3.1.

Rialú ar an gcóras ADDW

3.1.1.

Déanfar an córas ADDW a ghníomhachtú go huathoibríoch os cionn luas 20 km/h, mura sonraítear a mhalairt leis na ceanglais a leagtar síos i bpointí 3.1.2. go 3.1.6. Féadfaidh monaróir na feithicle a roghnú gníomhachtú uathoibríoch an chórais ADDW a shocrú ar luas níos ísle.

Ceadaítear tréimhse charnach nach mó ná 1 nóiméad tiomána ar luasanna ≥ 20 km/h chun go dtosóidh an córas ar staid an tiománaí a thomhas agus chun é féin a chalabrú.

3.1.2.

Beidh an tiománaí in ann an rabhadh ADDW nó an córas ADDW a dhíghníomhachtú de láimh, ag brath ar cé acu den dá fhéidearthacht (nó an dá fhéidearthacht araon) atá roghnaithe ag an monaróir a chur ar fáil.

3.1.3.

Féadfar an córas ADDW a dhíghníomhachtú go huathoibríoch sna cásanna atá réamhshainithe ag an monaróir, sna cásanna seo a leanas go sonrach:

(a)i gcás ina nglacfaidh córas eile smacht ar an tasc tiomána dinimiciúil ar fad ar bhonn leanúnach agus ina dtabharfar tacaíocht dó le córas cuí um fhaireachán tiománaithe.

(b)i gcás inar gníomhach an córas feithicle arna oibriú ag an tiománaí agus ina bhfuil córas iomchuí um fhaireachán tiománaithe ann, ar córas é lena dtugtar cúnamh do thiománaí daonna an fhadghluaisne agus an ghluaisne chliathánach a rialú ar bhonn leanúnach.

Déanfar an córas ADDW a athghníomhachtú go huathoibríoch a luaithe nach ann a thuilleadh do na dálaí ba chúis lena dhíghníomhachtú uathoibríoch.

Sa chomhthéacs sin, áireofar leis an tasc tiomána dinimiciúil na feidhmeanna oibríochtúla fíor-ama agus na feidhmeanna beartacha uile is gá chun an fheithicil a oibriú, seachas feidhmeanna straitéiseacha amhail sceidealú turais agus roghnú ceann scríbe agus treoirphointí, agus na fothascanna seo a leanas san áireamh:

(a)rialú ar ghluaisne chliathánach feithicle trí stiúradh (oibríochtúil);

(b)rialú ar fhadghluaisne feithicle trí luasghéarú agus luasmhoilliú (oibríochtúil);

(c)faireachán a dhéanamh ar an timpeallacht tiomána trí ábhair agus teagmhais a bhrath, a aithint, a aicmiú agus trí ullmhú freagartha (oibríochtúil agus beartach);

(d)freagairt ar ábhair agus ar theagmhais a fhorghníomhú (oibríochtúil agus beartach);

(e)pleanáil ainlithe (beartach);

(f)feabhas a chur ar fheiceálacht trí shoilsiú, an bonnán a shéideadh, comharthaíocht nó geáitsíocht (beartach).

3.1.4.

Ní dhéanfar an córas ADDW a dhíghníomhachtú go huathoibríoch faoi na dálaí a leagtar síos i bpointe 3.5., ach féadfar rabhaidh seachmaill an chórais ADDW a dhíghníomhachtú go huathoibríoch. Ba cheart astú an rabhaidh seachmaill a athghníomhachtú go huathoibríoch a luaithe nach ann a thuilleadh do na dálaí ba chúis lena dhíghníomhachtú uathoibríoch.

3.1.5.

Féadfar astú rabhadh seachmaill ón gcóras ADDW a dhíghníomhachtú go huathoibríoch faoi dhálaí ina bhfuil rabhadh á thabhairt ag córas cúnaimh tiomána eile faoi gharchontúirt nó faoi chás criticiúil, ach ní dáil é chun an córas ADDW a dhíghníomhachtú go huathoibríoch. Ba cheart astú an rabhaidh seachmaill a athghníomhachtú go huathoibríoch a luaithe nach ann a thuilleadh do na dálaí ba chúis lena dhíghníomhachtú uathoibríoch.

3.1.6.

Déanfar an córas ADDW, lena n‑áirítear na rabhaidh ón gcomhéadan duine le meaisín, a aischur go huathoibríoch ina ghnáthmhodh oibríochta nuair a ghníomhachtófar máistirlasc rialaithe na feithicle. Féadfaidh monaróir na feithicle coinníollacha eile le haghaidh aischur uathoibríoch a thabhairt isteach agus a chur isteach.

3.2.

Dálaí comhshaoil

3.2.1.

Feidhmeoidh an córas ADDW go héifeachtach i rith an lae agus na hoíche araon.

3.3

Faireachán ar sheachmall tiománaí

3.3.1

Leis an gcóras ADDW, déanfar faireachán ar fhéachaint an tiománaí sna réimsí spéise dá dtagraítear i bpointí 3.3.1.1. go 3.3.1.3.

Meastar go dtosaíonn féachaint an tiománaí ón bpointe tagartha súilí a shainítear mar a leanas:

I gcás feithiclí de chatagóir M agus N, is é lár phointí súilí an tiománaí a bheidh sa phointe tagartha súilí, mar a shainmhínítear i Rialachán 46 ó na Náisiúin Aontaithe 2 (maidir le gairis amhairc neamhdhírigh). Dá bhrí sin, tá comhordanáidí an phointe súl 635 mm go hingearach os cionn phointe R shuíochán an tiománaí (suíodh an pointe ‘R’ cheana féin i ndáil le marcanna tagartha an déantóra atá sainithe ag monaróir na feithicle).

De rogha air sin, i gcás feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 nach bhfuil bunaithe ar ardán M1, féadfaidh pointe súile E2 mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hamharc díreach 3 a bheith ina phointe tagartha súilí. Is éard atá i bpointe súile E2 pointe a sheasann don lárphointe idir lár shúil chlé an tiománaí agus lár shúil dheas an tiománaí, sainítear E2 le fritháireamh 1163,25 mm in ais Z agus 678 mm siar in ais X ó phointe sáile an luasaire. Tá suíomh E2 in ais Y ar phlána ceartingearach, atá comhthreomhar leis an bhfadphlána meánach agus a théann trí lár shuíochán an tiománaí.

3.3.1.1.

Ainmnítear Achar 1 mar fhorluí ar na criosanna seo a leanas:

(a)díon na feithicle

(b)aon achar san fheithicil atá lasmuigh (maidir leis an treo chun tosaigh ina bhfuil an tiománaí ag féachaint, a mheastar ag treoshuíomh 0°) den dá phlána cheartingearacha, ceann amháin acu arna rothlú +55° (ar dheis) agus an ceann eile arna rothlú –55° (ar chlé) i ndáil le fadtreo na feithicle, tagann an dá phlána le chéile ag an bpointe tagartha súilí mar a shainítear thíos.

Léiríonn na pictiúir thíos an cás tiomána chlé-stiúrtha.

 

3.3.1.2.

Ainmnítear Achar 2 mar aontas de na criosanna a liostaítear thíos:

(a)achar an ghaothscátha agus na bhfuinneog;

(b)10° timpeall achar an ghaothscátha agus na bhfuinneog mar a fheictear ón bpointe tagartha súilí;

Léiríonn an pictiúr thíos an cás tiomána chlé-stiúrtha.

3.3.1.3.

Ainmnítear Achar 3 le haon achar faoi bhun plána, 30° síos ó phointe tagartha súilí an tiománaí agus leis an idirghníomhaíocht le hAchar 1 agus le hAchar 2 a dtugtar tuairisc uirthi ina dhiaidh seo.

(a)mar réamhshocrú, déantar aon achar a bhreithnítear a bheith in Achar 1 a eisiamh ó Achar 3.

(b)mar réamhshocrú, déantar aon achar a bhreithnítear a bheith in Achar 2 a eisiamh ó Achar 3.

(c)is féidir le monaróir na feithicle a roghnú cuid den achar ó Achar 1 agus/nó Achar 2 go dtí Achar 3 a chur san áireamh.

Léiríonn an pictiúr thíos an cás tiomána chlé-stiúrtha.

  

 

(léiríonn an íomhá thíos ag an mbun an cás má tá an chuid is ísle d’Achar 2 (gaothscáth móide 10°) faoi bhun na huillinne amhairc ingearaigh de 30°)

3.3.1.4.

Is ó thaobh phointe tagartha súilí an tiománaí i gcónaí a chuirtear achar le chéile nó a eisiatar achar ó chéile. Fágann sin gurb í an chomhordanáid uilleach, seachas an chomhordanáid spásúil, nach mór a úsáid agus achar á theilgean ar achar eile.

Tar éis an teilgean a dhéanamh, féadfar an chomhordanáid spásúil a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar an achar a eascraíonn as sin agus an tuairisc atá air a shimpliú.

3.3.2

Truicir rabhaidh agus cásanna a chumhdaítear leis an gcóras ADDW

3.3.2.1.

Tabharfar rabhadh don tiománaí a luaithe a bheidh feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas:

(a)ar luas 50 km/h nó níos mó atá an fheithicil;

(b)maireann féachaint an tiománaí in Achar 3 ar feadh uastréimhse 3.5 soicind sa chás ainmniúil. Sna cásanna neamh-ainmniúla a leagtar amach i gCuid 3, pointe 1.3., féadfar síneadh 1,5 soicind breise a chur le huasteorainn ama an cháis ainmniúil.

Aon uair a dhéanfar na coinníollacha a liostaítear in (b) a thástáil, cuirfear aga maolánach breise chun feidhme chun na neamhchinnteachtaí tomhais teicniúla a chúiteamh.

3.3.2.2.

Tabharfar rabhadh don tiománaí a luaithe a fhíorófar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)ar luas 20 km/h nó níos mó atá an fheithicil;

(b)maireann féachaint an tiománaí in Achar 3 ar feadh uastréimhse 6 shoicind sa chás ainmniúil. Sna cásanna neamh-ainmniúla a leagtar amach i gCuid 3, pointe 1.3., féadfar síneadh 1,5 soicind breise a chur le huasteorainn ama an cháis ainmniúil.

Aon uair a dhéanfar na coinníollacha a liostaítear in (b) a thástáil, cuirfear aga maolánach breise chun feidhme chun na neamhchinnteachtaí tomhais teicniúla a chúiteamh.

3.3.2.3.

Nuair a ghníomhachtaítear an córas ADDW comhairfear an fad ama a chaitheann an tiománaí ag féachaint ar achar 3. Tomhaistear an fad ama sin gan beann ar luas na feithicle, fad agus go bhfuil an córas ADDW gníomhachtaithe agus go bhfuil sé in ann é a thomhas.

3.3.2.4.

Ní dhéanfar an fad ama a chaitheann an tiománaí ag féachaint ar achar 3 a athshocrú mar gheall ar dhéantán próiseála íomhánna a d’fhéadfadh a bheith ann ná mar gheall ar athrú gearr ar an treo féachana ‘isteach, amach agus isteach arís’ in achar 3. Is é monaróir na feithicle a shaineoidh an lamháltas ama a cheadaítear le haghaidh na dteagmhas a thuairiscítear, lena ngabhfaidh lamháltas íosta ama 50 milleasoicind (sacáidí súl).

3.3.2.5.

Féadfaidh monaróir na feithicle a roghnú íoscheanglas luais níos ísle a shocrú i gcásanna dá dtagraítear in 3.3.2.1. agus 3.3.2.2.

3.3.2.6.

Féadfaidh monaróir na feithicle straitéisí rabhaidh breise a chur chun feidhme, bunaithe ar ionchur breise a chuideoidh leis an gcóras iompraíocht, seachmall cognaíoch nó garthimpeallacht an tiománaí laistigh den fheithicil a thuiscint.

3.4.

Ceanglais a bhaineann leis an gcomhéadan duine le meaisín

3.4.1.

Cineál an rabhaidh

3.4.1.1.

Bainfidh an córas ADDW úsáid as rabhadh amhairc chun an tiománaí a chur ar an eolas agus as rabhadh fuaime agus/nó rabhadh haptach chun foláireamh a thabhairt don tiománaí a luaithe is féidir tar éis na hiompraíochta truicearaithe agus féadfaidh sé dul i ndéine go dtí go scoirfear den choinníoll truicearaithe a leagtar amach i bpointí 3.3.2.1., 3.3.2.2. nó 3.3.2.6. a fhíorú.

Meastar go dtosaíonn an rabhadh nuair a thugtar rabhadh fuaime nó rabhadh haptach don tiománaí.

3.4.1.2.

Féadfar an rabhadh a thugtar don tiománaí a oiriúnú chun straitéis rabhaidh a cheadú atá bunaithe ar theagmhais a tharla roimhe seo, iompraíocht an tiománaí, dálaí bóthair, an aimsir agus faisnéis chomhthéacsúil ábhartha eile. Ní mór aon oiriúnú ar an rabhadh a bheith i gcomhréir leis na critéir theicniúla a leagtar amach i bpointí 3.4.2. go 3.4.4.2.

3.4.2.

Rabhadh amhairc

3.4.2.1.

Beidh an rabhadh amhairc suite ionas go mbeidh sé sofheicthe agus inaitheanta ag an tiománaí faoi sholas an lae agus le linn na hoíche agus is féidir é a úsáid le haghaidh aon fholáireamh airde, ar choinníoll nach gcuirfidh sé mearbhall ar an tiománaí.

3.4.2.2.

Táscaire seasta nó gealánach a bheidh sa rabhadh amhairc (e.g. leideoirí, teachtaireacht aníos, etc.).

3.4.3.

Rabhadh fuaime

3.4.3.1.

Beidh an rabhaidh fuaime inaitheanta go héasca ag an tiománaí.

3.4.3.2.

Beidh formhór na rabhadh fuaime laistigh den speictream minicíochta 200-8000 Hz agus laistigh den raon aimplitiúide 50-90 dB. Féadfaidh monaróir na feithicle an aimplitiúid a choigeartú ag brath ar an leibhéal torainn máguaird.

3.4.3.3.

Má úsáidtear foláirimh urlabhra, beidh an stór focal a úsáidfear comhsheasmhach le haon téacs a úsáidtear mar chuid den fholáireamh amhairc.

3.4.3.4.

Mairfidh an chuid inchloiste den fholáireamh ar a laghad an fad ama a ligeann don tiománaí é a thuiscint.

3.4.4.

Rabhadh haptach

3.4.4.1

Beidh an rabhadh haptach sobhraite don tiománaí agus tabharfar é go díreach nó go hindíreach trí aon chomhéadan a mheastar a tharraingeoidh aird an tiománaí ar ais chuig an tasc tiomána.

3.5.

Rabhadh maidir le teip córais ADDW

3.5.1.

Teipeanna buana

3.5.1.1

Tar éis teip bhuan a bhrath sa chóras ADDW, tabharfar síorchomhartha rabhaidh amhairc faoi theip don tiománaí.

3.5.1.2.

Déanfar féinseiceáil tosaigh ADDW amháin ar a laghad sula mbeidh an ADDW oibríochtúil. Ina dhiaidh sin, cuirfear comhartha rabhaidh faoi theip in iúl don tiománaí i gcás teip atá inbhraite go leictreach.

3.5.1.3.

Aithneoidh an córas teagmhas neamhshealadach plúchta braiteora agus tabharfaidh sé an comhartha rabhaidh faoi theip mar a leagtar síos i bpointe 3.5.1.1., ar comhartha é a thaispeánfar. Is éard a chumhdaítear le teagmhas plúchta braiteora ar a laghad i gcás nach ndéanann an braiteoir aon solas a thomhas agus an córas ADDW gníomhachtaithe.

3.5.1.4.

Teipeanna lena ngníomhachtaítear an comhartha rabhaidh, ach nach mbraitear nuair a dhíghníomhachtaítear ADDW, coinneofar iad tar éis iad a bhrath agus leanfar dá dtaispeáint ó thosú na feithicle tar éis gach uair a ghníomhachtaítear máistirlasc rialaithe na feithicle, fad agus a mhairfidh an teip nó an fabht.

3.5.2.

Teipeanna sealadacha

3.5.2.1

Nuair a bhraithfear teip shealadach neamhleictreach, féadfar an comhartha rabhaidh faoi theip mar a leagtar síos i bpointe 3.5.1. a thaispeáint.

3.5.2.2

Soláthrófar faisnéis don tiománaí maidir leis an teorainn a bhaineann leis an gcóras ADDW faoi láthair agus/nó na teorainneacha tipiciúla a bhaineann leis an gcóras ADDW. Is iad na teorainneacha lena mbaineann na teorainneacha sin a fhágann nach mbíonn an córas ADDW ag feidhmiú go leormhaith ar bhonn sealadach toisc nach féidir gnéithe leordhóthanacha d’aghaidh an tiománaí a bhrath de dheasca eilimintí iomarcacha a bhaineann leis an tiománaí, leis an bhfeithicil nó leis an timpeallacht, nó de dheasca eilimintí iomarcacha eile a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chórais ADDW agus nach bhféadfaí déileáil leo mar chás neamh-ainmniúil. Féadfaidh monaróir na feithicle úsáid a bhaint as cur chuige gníomhach trí bhíthin rabhadh amhairc breise agus/nó as cur chuige éighníomhach trí bhíthin faisnéis i scríbhinn.

3.6.

Forálacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta.

3.6.1.

Chun críche tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den chóras ADDW a fhíorú:

a)Stádas ceart oibriúcháin an chórais, trí stádas an chomhartha rabhaidh faoi theip a bhreathnú go soiléir tar éis do mháistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú agus aon bholgán a sheiceáil. I gcás ina dtaispeántar an comhartha rabhaidh faoi theip i spás coiteann (an t‑achar ar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna/siombailí faisnéise a thaispeáint air, ach ní ag an am céanna), ní mór a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteann ag feidhmiú roimh an tseiceáil ar stádas an chomhartha rabhaidh faoi theip;

b)feidhmiúlacht cheart agus sláine bogearraí an chórais, trí chomhéadan leictreonach feithicle a úsáid, amhail an ceann a leagtar síos i bpointe I.(14) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE 4 , i gcás inar féidir sin a bhuí le gnéithe teicniúla na feithicle agus i gcás ina gcuirtear ar fáil na sonraí is gá. Áiritheoidh monaróirí feithiclí go gcuirfear an fhaisnéis theicniúil ar fáil faoin gcaoi a n‑úsáidfear comhéadan leictreonach na feithicle, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/621 5 .

3.6.2.

Tráth an chineálcheadaithe, sa mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil faoi Chuid 3 leagfar amach go rúnda an modh chun cosaint a thabhairt ar mhodhnú simplí neamhúdaraithe ar oibriú an chomhartha rabhaidh faoi theip arna roghnú ag monaróir na feithicle. De rogha air sin, comhlíonfar an ceanglas cosanta sin nuair a bheidh modh tánaisteach chun stádas ceart oibriúcháin an chórais ADDW a sheiceáil ar fáil.



CUID 2 

Nósanna imeachta tástála maidir le tástáil spotseiceála ar chórais ADDW ag údaráis chineálcheadaithe agus ag seirbhísí teicniúla

1.

Ceanglais ghinearálta maidir le tástáil spotseiceála

1.1.

Déanfar tástáil spotseiceála faoi dhálaí lena áirithiú go bhfuil an córas ADDW oibríochtúil agus in ann na rabhaidh uile a thaispeáint. Féadfar na dálaí a ionsamhlú chun an tástáil a éascú.

1.2.

Gaireas a thástáil

1.2.1.

Feithicil atá á meas le haghaidh an chineálcheadaithe atá socraithe ina cumraíocht réamhshocraithe.

Sa chomhthéacs sin, bíonn feidhm ag cumraíocht réamhshocraithe maidir le feithicil ag a bhfuil páirteanna gluaisteacha (i.e. cumraíocht is féidir leis an tiománaí a athrú gan gá le cuidiú seachtrach), cumraíocht lenar féidir infheictheacht an tiománaí nó rochtain an tiománaí ar thuilleadh spáis laistigh den urrann tosaigh (lena n‑áirítear an díon) a athrú.

Agus an chumraíocht réamhshocraithe i bhfeidhm le haghaidh na tástála, beidh an tiománaí in ann an chuid is mó de na pointí grinnithe in achar 3 mar a leagtar amach i bpointe 1.4.2. a fheiceáil agus idirghníomhú leo, mar aon le héifeacht na timpeallachta a íoslaghdú amhail solas na gréine, an ghaoth agus an bháisteach.

1.2.2.

Trealamh lenar féidir luas na feithicle tástála arna thaispeáint (fíorluas nó luas ionsamhailte) a chinneadh go ± 1 km/h chun an ceanglas maidir le luasanna a leagtar síos i bpointe 1.5.1. a thaifeadadh agus a dheimhniú.

1.2.3.

Líon leordhóthanach ceamaraí forlíontacha atá suite ionas go dtabharfar forbhreathnú ar na dálaí tástála a leagtar síos i bpointe 2.

1.3.

Sampla tástála

1.3.1.

Déanfar an tástáil agus tiománaí tástála amháin ar a laghad i suíochán an tiománaí.

Léireoidh an tiománaí tástála na tréithe a leagtar síos i bpointí 1.3.1.1. go 1.3.1.4.

1.3.1.1.

Ní mór don tiománaí tástála a bheith in ionad lenar féidir súile an tiománaí, agus a ghnáthchoigeartú suíocháin agus rotha stiúrtha le haghaidh tiomána i bhfeidhm, a bheith ag pointe súl na tagartha súilí, agus ceachtar de na leibhéil inathraitheachta ionad seo a leanas a bheith ann, de réir rogha mhonaróir na feithicle:

(a)± 100 mm ar a fhad agus ± 50 mm go hingearach timpeall an phointe tagartha súilí;

(b)bunaithe ar chaighdeán atá ábhartha chun ionad féideartha phointe súl an tiománaí timpeall an phointe tagartha súilí a shonrú agus, an tráth céanna, a áirithiú go gcumhdaítear achar atá ar mhéid comhchosúil nó atá ar mhéid níos mó ná mar a thuairiscítear in (a) thuas.

1.3.1.2.

Gan spéaclaí ná gabhálas cinn, lena n‑áirítear hata nó masc.

1.3.1.3.

Gan gruaig aghaidhe seachas malaí.

1.3.1.4.

Féadfaidh monaróir na feithicle a roghnú ceann amháin nó níos mó de na tréithe a leagtar amach i bpointí 1.3.1.2. agus 1.3.1.3. a cheadú do na tiománaithe tástála. Féadfaidh monaróir na feithicle a roghnú an crios a bhféadfadh ionad shúile an tiománaí a bheith ann mar a leagtar amach i bpointe 1.3.1.1. a mhéadú.

1.4.

Pointí grinnithe féachana

1.4.1.

Is é monaróir na feithicle a mholfaidh suíomh iomchuí na bpointí grinnithe a bheidh le tástáil de réir na srianta geoiméadracha agus deartha a bhaineann le cábán na feithicle atá á mheas le haghaidh an chineálcheadaithe.

1.4.2.

Áireofar sa tástáil spotseiceála pointe grinnithe amháin ar a laghad atá suite i ngach ceann de na criosanna seo a leanas, má tá siad san fheithicil, agus, i gcás inar féidir, laistigh d’Achar 3 mar a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3.3.1.3.:

(a)glúin chlé an tiománaí;

(b)glúin dheas an tiománaí;

(c)ucht an tiománaí;

(d)log coise an phaisinéara nó suíomh comhchosúil atá ag féachaint síos i dtreo limistéar íochtarach tosaigh na feithicle ó chlé nó ó dheas ó shuíochán an tiománaí;

(e)dromchla shuíochán an phaisinéara nó suíomh comhchosúil atá ag féachaint síos ar chlé nó ar dheis ó shuíochán an tiománaí i dtreo dromchla atá ceaptha chun paisinéir a shuí, earraí a stóráil nó ligean do ghluaiseacht paisinéirí san fheithicil;

(f)cóifrín lámhainní nó suíomh comhchosúil ag 30° (ingearach) ón taobh eile (ó thaobh an tiománaí) d’urrann tosaigh na feithicle;

(g)gaothairí aeir atá díreach ar thaobh na láimhe clé den tiománaí;

(h)gaothairí aeir atá díreach ar thaobh na láimhe deise den tiománaí;

(i)braisle uirlisí, gan an taispeáint cheannard ná taispeáint a thrasnaíonn bonn an ghaothscátha;

(j)roth stiúrtha, nuair atá sé feistithe le cnaipí chun idirghníomhú leis an gcóras faisnéise siamsúla nó leis na córais chúnaimh;

(k)giarluamhán

(l)rialuithe téimh, aerála agus aerchóiriúcháin;

(m)taispeáint faisnéise siamsúla;

(n)consól láir, arb é atá ann an crios tosaigh atá gar do phainéal na deaise, mura bhfuil sé cumhdaithe le haon phointe grinnithe eile dá dtagraítear ó (a) go (m);

1.4.3.

Má tá ionad an tiománaí i lár na hurrainne tosaigh nó gar di agus má chomhfhreagraíonn an ‘taobh eile (ó thaobh an tiománaí) d’urrann tosaigh na feithicle’ do dhá chrios fhéideartha ar chlé agus ar dheis ó ionad an tiománaí, roghnóidh na seirbhísí teicniúla ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)an grinniú féachana a roinnt ina ‘leagan clé’ agus ina ‘leagan deas’ den phointe grinnithe;

(b)ach amháin má tá níos mó ná pointe grinnithe amháin ann is féidir a roinnt, malartú a dhéanamh tríd an ‘leagan ar chlé’ a dhéanamh de phointe grinnithe ar leith agus an ‘leagan ar dheis’ a dhéanamh de phointe grinnithe eile – ionas go gcumhdófar an taobh ar chlé agus an taobh ar dheis uair amháin ar a laghad (i gcás gach taoibh).

1.5.

Treoluasanna tástála

1.5.1.

Déanfar gach pointe grinnithe féachana a thástáil, ar a laghad, uair amháin idir 20 agus 35 km/h agus uair amháin idir 50 agus 65 km/h.

1.6.

Dálaí comhshaoil

1.6.1.

Ní mór na tástálacha a dhéanamh ar an bhfeithicil faoi fhíordhálaí nó dálaí seachtracha oibríochta ionsamhlaithe le haghaidh an lae agus na hoíche.

Féadfar córais nach ndéanann solas an lae difear dóibh a thástáil i ndálaí lae nó oíche.

1.6.1.1.

I gcás ina ndéantar an tástáil ar thimpeallacht bóthair riain tástála:

(a)lá: tosóidh an tástáil tar éis éirí gréine agus roimh luí na gréine;

(b)oíche: tosóidh an tástáil tar éis luí na gréine agus roimh éirí gréine.

1.6.1.2.

I gcás tástáil a dhéantar ar thimpeallacht bóthair ionsamhlaithe:

(a)lá: leathnaíonn na dálaí faoi sholas timpeallach (ISO 15008: 2017);

(b)oíche: dáil lena mbaineann soilsiú timpeallach íseal, ar dáil í faoina mbíonn leibhéal oiriúnaithe an tiománaí faoi thionchar go príomha ag an gcuid sin den bhóthar os a chomhair atá cumhdaithe le ceannsoilse na feithicle féin agus na soilse sráide mórthimpeall, agus ag gile scáileáin agus uirlise (ISO 15008: 2017).

1.7.

Sainmhíniú ar thairseacha ama le haghaidh rabhadh

1.7.1.

An phríomhthairseach chun rabhadh seachmaill a thabhairt:

Ba cheart rabhadh a thionscnamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 3.3.2.1. agus 3.3.2.2. de Chuid 1, i gcás inarb iad na paraiméadair faireacháin a bheidh sna pointí grinnithe féachana a leagtar amach i gCuid 2, pointe 1.4.2.

2.

Nós imeachta maidir le tástáil spotseiceála

2.1.

Tabharfar treoir don tiománaí tástála maidir le feidhmiúlacht an chórais. An próiseas maidir le treoir a thabhairt, déanfar é a dhoiciméadú go soiléir sa sainchomhad fianaise arna sholáthar ag monaróir na feithicle do na húdaráis chineálcheadaithe agus do na seirbhísí teicniúla i gcomhréir le Cuid 3.

2.2.

Más rud é gur cheart an córas ADDW a chalabrú ar feadh tréimhse ama tar éis a thúsaithe, déanfar nósanna imeachta calabrúcháin le linn cás tiomána bunlíne, gan aon ghníomhaíocht sheachmallach chomhthreomhar.

2.3.

Pointí grinnithe féachana a thástáil

2.3.1.

Leis an nós imeachta tástála, braithfear aon uair a bhíonn an tiománaí ag féachaint go fadtréimhseach gan bhriseadh ar shiúl ón gcás tiomána. Tosófar ar na tarluithe sin a bhrath nuair a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)baineann an fheithicil amach an treoluas atá le tástáil, de réir phointe 1.5.1

(b)measann an córas ADDW nach ndeachaigh an tiománaí chun seachmaill ar feadh 60 soicind ar a laghad.

2.3.2.

Féadfaidh an t‑údarás atá freagrach as an gcineálcheadú an seicheamh ina dtástáiltear na pointí grinnithe a chinneadh.

2.3.3.

Le linn na tástála, ba cheart gníomhaíochtaí an tiománaí a theorannú dó na gníomhaíochtaí sin a bhfuil coinne leo go nádúrtha ó na pointí grinnithe atá á meas. 

2.3.4.

Déanfar gach pointe grinnithe a shanntar do na criosanna a leagtar amach i bpointe 1.4.2. a thástáil.

2.3.5.

Chun gach pointe grinnithe féachana aonair a thomhas, tionscnaítear tús an tomhais a luaithe a mheasann an córas nach ndeachaigh an tiománaí tástála chun seachmaill ar feadh 15 shoicind ar a laghad.

2.3.6.

Féadfaidh monaróir na feithicle faisnéis a chur ar fáil trí bhíthin na doiciméadachta, dá dtagraítear i gCuid 3, chun sainmhíniú a dhéanamh ar an bpríomhiompraíocht nó ar na príomhghníomhaíochtaí nach n‑aithneofar mar ghníomhaíochtaí seachmaill chun críoch na tástála sin.

2.3.7.

Tugtar treoir don tiománaí tástála an fhéachaint a aistriú chuig ceann de na pointí grinnithe, agus an ceanglas ó phointe 2.3.3. á chur i bhfeidhm a mhéid is féidir.

2.3.8.

Coinníonn an tiománaí an fhéachaint dírithe ar an bpointe grinnithe go dtí go dtugtar rabhadh nó go dtí go mbeidh an t‑am lena bhfuil coinne le rabhadh caite le 3 shoicind ar a laghad

2.3.9.

Tar éis gach pointe grinnithe féachana a thomhas, measfaidh an córas nach ndeachaigh an tiománaí chun seachmaill ar feadh 15 shoicind ar a laghad sula mbogfaidh sé ar aghaidh go dtí an chéad phointe grinnithe eile.

3.

Torthaí tástála

3.1.

Déileálfar le tomhais mar thomhais bhréagdhiúltacha nuair a choinníonn an tiománaí an fhéachaint dírithe ar phointe grinnithe atá suite laistigh d’Achar 3 a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3.3.1.3. agus faoin gcoinníoll a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3.3.2.1. agus nach dtugtar aon rabhadh seachmaill laistigh de 4 shoicind (lena n‑áirítear maolán neamhchinnteachta 0,5 soicind).

Féadfar tomhas a athrú ó thomhas bréagdhiúltach go tomhas ‘neamhbhainteach’ má thionscnaítear rabhadh fuaime nó haptach ó chóras eile feithicle, laistigh den tréimhse ama lena bhfuil coinne i gcás rabhadh ón gcóras ADDW, agus má tá an córas eile feithicle sin nasctha leis an measúnú ar iompraíocht an tiománaí dá dtagraítear i bpointe 2.3.6.

3.2.

Déileálfar le tomhais mar thomhais bhréagdhiúltacha nuair a choinníonn an tiománaí an fhéachaint dírithe ar phointe grinnithe atá suite laistigh d’Achar 3 a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3.3.1.3. agus faoin gcoinníoll a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3.3.2.2. agus nach dtugtar aon rabhadh seachmaill laistigh de 6,5 soicind (lena n‑áirítear maolán neamhchinnteachta 0,5 soicind).

Féadfar tomhas a athrú ó thomhas bréagdhiúltach go tomhas ‘neamhbhainteach’ má thionscnaítear rabhadh fuaime nó haptach ó chóras eile feithicle, laistigh den tréimhse ama lena bhfuil coinne i gcás rabhadh ón gcóras ADDW, agus má tá an córas eile feithicle sin nasctha leis an measúnú ar iompraíocht an tiománaí dá dtagraítear i bpointe 2.3.6.

4.

Nós imeachta atástála chun scagadh a dhéanamh ar mheasúnú neamhfhoirfe ar iompraíocht an duine

4.1.

Ní mór an nós imeachta atástála a dhéanamh faoi dhó ar a mhéad i gcás gach pointe grinnithe a meastar a bheith ina bhréagdhiúltach i gcomhréir le pointe 3.1., a tástáladh idir 50 agus 65 km/h, agus ní mór é a dhéanamh faoi dhó ar a mhéad i gcás pointe grinnithe a meastar a bheith ina bhréagdhiúltach i gcomhréir le pointe 3.2., a tástáladh idir 20 agus 35 km/h.

4.2.

Leis an nós imeachta atástála, ní mór céim an nós imeachta tástála a leagtar amach i bpointí 2.1 go 2.3.9., a dhéanamh, agus an t‑oiriúnú seo a leanas i bhfeidhm:

(a)ní áirítear ar an liosta pointí grinnithe ach pointí grinnithe a aicmíodh roimhe sin mar bhréagdhiúltaigh;

(b)ní mór don tiománaí tástála gníomhaíocht dhifriúil a dhéanamh, a bhaineann le hiompraíocht sheachmallach, le haghaidh gach atástála ar phointe grinnithe ar leith

Féadfaidh na seirbhísí teicniúla an tiománaí tástála céanna nó tiománaí tástála difriúil a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an tiománaí tástála na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.1.1. go 1.3.1.4.

5.

Torthaí críochnaitheacha na tástála

5.1.

Déileálfar le tomhais a dhéantar le linn an nós imeachta atástála amhail ‘teip’ má dhéantar pointe grinnithe a atástáil agus má mheastar faoi dhó gur bréagdhiúltach é i gcomhréir le pointe 3.1., má dhéantar tástáil air idir 50 agus 65 km/h. Bréagdhiúltach a athshanntar mar thomhas ‘neamhbhainteach’ nó mar fhíordheimhneach, ní mheasfar gur bréagdhiúltach é a thuilleadh agus ní thiocfaidh ‘teip’ as. Más rud é go ndearnadh atástáil amháin agus gur bréagdhiúltach é, déanfar an dara hatástáil ar an bpointe grinnithe.

5.2.

Déileálfar le tomhais a dhéantar le linn an nós imeachta atástála amhail ‘teip’ má dhéantar pointe grinnithe a atástáil agus má mheastar faoi dhó gur bréagdhiúltach é i gcomhréir le pointe 3.2., má dhéantar tástáil air idir 20 agus 35 km/h. Bréagdhiúltach a athshanntar mar thomhas ‘neamhbhainteach’ nó mar fhíordheimhneach, ní mheasfar gur bréagdhiúltach é a thuilleadh agus ní thiocfaidh ‘teip’ as. Más rud é go ndearnadh atástáil amháin agus gur bréagdhiúltach é, déanfar an dara hatástáil ar an bpointe grinnithe.

6.

Critéir inghlacthachta

6.1.

Comhlíonadh na gceanglas teicniúil uile maidir le córais ADDW a fhíorú trí bhíthin tástáil spotseiceála

6.1.1.

Critéar maidir le teip:

Measfar gur go bhfuil teipthe ar chóras ADDW sa tástáil spotseiceála i gcás ina n‑aimsítear tomhas ‘teipe’ amháin nó níos mó, i gcomhréir le pointe 5, i measc na bpointí grinnithe féachana uile a leagtar amach i gCuid 2, pointe 1.4.2., a tástáladh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 2, agus a bhféadfadh sé go ndearnadh atástáil orthu i gcomhréir le pointe 4.

6.1.2.

Critéar maidir le pas:

Measfar gur éirigh leis an gcóras ADDW sa tástáil spotseiceála nuair nach gcomhlíontar an critéar maidir le teip a leagtar amach i bpointe 6.1.1.



CUID 3 

Nósanna imeachta maidir le measúnú arna dhéanamh ag monaróir na feithicle ar an doiciméadacht theicniúil atá le soláthar do na húdaráis chineálcheadaithe agus do na seirbhísí teicniúla

1.

Pacáiste doiciméadachta

1.1.

Soláthróidh monaróir na feithicle pacáiste doiciméadachta don údarás cineálcheadaithe agus don tseirbhís theicniúil ina mbeidh fianaise ar fheidhmíocht an chórais ADDW.

1.2.

Cumhdófar leis an bpacáiste doiciméadachta an tuairisc ar fheidhmiúlacht an chórais, i gcomhréir le pointe 2, mar aon le próiseas bailíochtúcháin an chórais, i gcomhréir le pointe 3.

1.3.

Soláthróidh monaróir na feithicle tuairisc ar theorainneacha an chórais. D’fhéadfadh na teorainneacha sin a bheith ina n‑eilimintí a bhaineann leis an tiománaí, leis an bhfeithicil nó leis an timpeallacht, ach níl siad teoranta do na heilimintí sin, arb eilimintí iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le díghrádú fheidhmíocht an chórais ADDW.

1.4.

Laistigh de theorainneacha an chórais a bhfuil tuairisc orthu, soláthróidh monaróir na feithicle faisnéis maidir le measúnuithe ar fheidhmíocht an chórais ADDW atá bunaithe ar atástálacha, faisnéis ina dtabharfar tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an córas in ann faireachán a dhéanamh ar sheachmall tiománaí agus na rabhaidh chomhfhreagracha a thabhairt.

1.5.

Soláthrófar an pacáiste doiciméadachta don údarás cineálcheadaithe agus don tseirbhís theicniúil sula gcuirfear i gcrích an tástáil spotseiceála a leagtar amach i gCuid 2, pointe 2.

2.

Feidhmiúlacht an chórais ADDW

2.1

Sa phacáiste doiciméadachta ina sonrófar an chaoi a bhfeidhmeoidh an córas ADDW, áireofar an méid seo a leanas:

(a)míniú ar fheidhmeanna gníomhachtaithe, athghníomhachtaithe agus díghníomhachtaithe an chórais, lena náirítear raonta luais gaolmhara na feithicle;

(b)liosta d’ionchuir uile an chórais ina bhfuil na méadrachtaí uile a glacadh chun seachmall an tiománaí a thomhas;

(c)tuairisc ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na méadrachtaí agus ar an gcaoi a ndéanann siad faireachán ar iompraíocht tiomána, lena náirítear, más infheidhme, an gaol idir príomh-mhéadrachtaí agus méadrachtaí tánaisteacha/cúltaca;

(d)tuairisc ar na truicir in iompraíocht tiomána a bhfuil an córas ag déanamh faireachán orthu;

(e)tuairisc ar an achar timpeall na tagartha súilí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóras agus, má úsáidtear tagairt do chaighdeán, an t‑achar ina bhfuil coinne leis go mbeidh súile an tiománaí tástála, mar a leagtar amach i gCuid 2, pointe 1.3.1.1. (b).

(f)tuairisc (tuairisc théacsúil, léaráid, líníocht theicniúil nó aon mhodh leordhóthanach eile) ar an achar laistigh de chábán na feithicle a mheasann an córas a bheith ina achair 1, 2, agus 3, i gcomhréir le Cuid 1, pointe 3.3.1., chun seachmall tiománaí a mheas;

(g)na criosanna lena dteorannaítear suíomh gach ceann de na pointí grinnithe féachana le haghaidh na tástála spotseiceála laistigh de chábán na feithicle, i gcomhréir le Cuid 2, pointe 1.4.2.;

(h)doiciméad ina sonraítear comhpháirteanna chomhéadan duine le meaisín an chórais chomh maith leis an bhfeidhmiúlacht atá beartaithe dóibh, lena náirítear an méid seo a leanas:

(I)fianaise ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le comhéadan duine le meaisín an chórais ADDW i gcomhréir le Cuid 1, pointe 3.4., agus réasúnuithe má roghnaíonn an monaróir gan an moladh a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3.4.3.2, a leanúint;

(II)más infheidhme, tuairisc ar an straitéis maidir le hathdhéanamh, dul i ndéine nó géarú thabhairt an rabhaidh i gcásanna nach gcomhlíonann an tiománaí na rabhaidh seachmaill a thugtar.

(i)míniú ar an gcaoi a bhféadfaí an córas ADDW a thiúnáil má chuirtear an fheithicil in oiriúint do thiománaí a bhfuil riachtanas speisialta aige

Áireofar sa phacáiste doiciméadachta freisin liosta ina mbeidh tuairisc ar na teorainneacha atá leis an gcóras, mar aon le fianaise faoin gcaoi a ndéantar difear d’fheidhmíocht an chórais laistigh de na teorainneacha sin.

2.2.

Ní sholáthrófar liosta na n‑ionchur córais don údarás cineálcheadaithe ná don tseirbhís theicniúil ach amháin chun an córas ADDW le haghaidh an chineálcheadaithe a fhíorú.

2.3.

Ní chuirfear an liosta d’aon mhéadracht thánaisteach ar aghaidh ón tseirbhís theicniúil chuig an údarás cineálcheadaithe.

3.

Bailíochtú an chórais ADDW

3.1.

An pacáiste doiciméadachta ina sonraítear an chaoi ar bailíochtaíodh an córas ADDW laistigh de raon na dteorainneacha a leagtar amach i bpointe 2.1. (h), áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)fianaise maidir le feidhmíocht an chórais a bailíodh le linn atástálacha a rinneadh le tiománaithe daonna, lena náirítear an fhaisnéis faoi líon agus déimeagrafaic na rannpháirtithe tástála a ndearnadh measúnú orthu, ina bhfuil an méid seo a leanas:

(I)critéir chuimsithe agus eisiaimh a úsáideadh agus rannpháirtithe á roghnú, lena náirithítear gur measadh an córas a bheith éifeachtach, laistigh dá raonta teorainneacha, i gcás cuid ionadaíoch den daonra tiomána san Aontas;

(II)ráiteas maidir le leordhóthanacht na rannpháirtithe i leith na déimeagrafaíochta spriocdhírithe i gcás na feithicle (rannpháirtithe a bhfuil ceadúnas bailí acu chun an fheithicil ina bhfuil an córas ADDW suiteáilte a thiomáint, mar shampla)

(b)tuairisc ar na dálaí tástála a ndearnadh measúnú orthu, lena náirítear faisnéis maidir le hin-atrialltacht agus in-atáirgtheacht na tástála;

(c)fianaise go noibríonn an córas go héifeachtach i ndálaí aimsire agus soilsithe nach gcuireann teorainn le hoibriú an chórais;

3.2.

Más rud é go ndearnadh an bailíochtú ar fheithicil eile, áireofar sa doiciméadacht faisnéis lena nasctar an próiseas bailíochtúcháin le ceanglais chineálcheadaithe na feithicle.

3.3.

Más rud é go ndearnadh an tástáil bhailíochtúcháin in insamhlóir tiomána, déanfaidh monaróir na feithicle na teorainneacha a bhaineann leis a dhoiciméadú maidir le tástáil ar fhíorbhóithre faoi dhálaí réalaíocha chun an córas ADDW a thástáil. Áireofar sa doiciméadacht sin an méid seo a leanas:

(a)comparáid idir na príomhshonraí ionchuir a úsáidtear le haghaidh an chórais ADDW ón ionsamhlóir agus na príomhshonraí ionchuir ón bhfeithicil faoi fhíordhálaí;

(b)anailís ar bhailíocht thorthaí an bhailíochtaithe ionsamhlaithe.

3.4.

Más rud é go ndearnadh an bailíochtú mar chuid de thaighde a rinneadh chun comhlíontacht leis na ceanglais theicniúla a shuíomh nó chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an chórais maidir le cineálcheadú, beidh faisnéis sa doiciméadacht maidir leis na paraiméadair, lena n‑áirítear raonta inghlacthachta, a úsáideann monaróirí feithiclí chun a dhearbhú do na húdaráis chineálcheadaithe go gcomhlíonann an córas ADDW na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.5.

Measúnú a dhéanann an tseirbhís theicniúil ar phacáiste doiciméadachta an chórais ADDW agus ar thuarascáil tástála an chórais sin

3.5.1

Leis an tseirbhís theicniúil áiritheofar an méid seo a leanas maidir leis an gcóras ADDW atá suiteáilte san fheithicil is iarrthóir ar chineálcheadú:

(a)    comhlíonann sé na critéir theicniúla a leagtar amach i gCuid 1; agus

(b)    d’éirigh leis sa tástáil spotseiceála a leagtar amach i gCuid 2.



IARSCRÍBHINN II 

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas E3:

‘E3 Ardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/... ón gCoimisiún (*)

[Cuir isteach tagairt don Rialachán seo]

Féadfar seachaint seachmaill trí mhodhanna teicniúla a chur sa áireamh freisin

C

C

C

C

C

C

________

(*) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/[... - uimhir agus teideal iomlán/tagairt don IO le cur isteach sula bhfoilseofar é] ón gCoimisiún’.

(1)    Na sainmhínithe a thugtar isteach i Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá feidhm acu maidir leis an Iarscríbhinn seo freisin, go háirithe sainmhíniú (6) ‘ardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí’
(2)    Rialachán 46 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Gairis Amhairc Neamhdhírigh: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/780cbf09-1ec1-11e4-8c3c-01aa75ed71a1
(3)    Rialachán 167 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taisclann Amhairc Dhírigh in 2022-2023 (foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh seo): https://unece.org/sites/default/files/2022-10/ECE_TRANS_WP.29_2022_140r1e.pdf  
(4)    Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51)
(5)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 an 17 Aibreán 2019 ón gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí a bheidh le tástáil, maidir le húsáid na modhanna molta agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe i ndáil le formáid na sonraí agus i ndáil leis na nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil ábhartha (IO L 108, 23.4.2019, lch. 5)