MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
1.1. Cúlra ginearálta agus cuspóir
Leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach agus inbhuanaithe faoi 2050, cuirtear deiseanna ar fáil don Aontas Eorpach ach tá dúshláin ag baint leo freisin. Leis an infheistíocht san aistriú glas, cuideofar leis an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach, cuideofar le caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus cuideofar le sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. A bhuí le hinfheistíochtaí san fhuinneamh glan agus san éifeachtúlacht fuinnimh, neartófar neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais agus laghdófar ár spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ó thríú tíortha, rud a chuideoidh le praghsanna fuinnimh a mhaolú amach anseo. Má dhéantar infheistíocht inár gcumas teicneolaíochtaí glana a fhorbairt agus a mhonarú, neartófar iomaíochas an Aontais freisin. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh ar an Aontas EUR 700 billiún breise a infheistiú in aghaidh na bliana chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Beidh ar an gcuid is mó go mór fada de na hinfheistíochtaí sin teacht ó chistiú príobháideach. Tá sé sin i gcomhréir freisin le tosaíocht an Choimisiúin geilleagar atá réidh don todhchaí a thógáil a oibreoidh do dhaoine agus a sholáthróidh cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht.
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’) cuidiú chun caipiteal a dhíriú i dtreo gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, amhail an aeráidneodracht agus athléimneacht, truailliú nialasach, caomhnú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach agus úsáid inbhuanaithe uisce agus acmhainní muirí. Trí shainmhínithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha is féidir a mheas mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a sholáthar do chuideachtaí, d’infheisteoirí agus do lucht ceaptha beartas, measfar go gcuideoidh an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht infheistíochtaí a dhíriú chuig earnálacha eacnamaíocha ina bhfuil an gá is mó leo le haghaidh aistriú glas cothrom.
Cuidíonn an creat sin le trédhearcacht a mhéadú, an riosca a bhaineann le ‘snas glas’ a mhaolú agus ilroinnt an mhargaidh a sheachaint, ilroinnt a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca easpa comhthuisceana ar a bhfuil i gceist le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Mar sin féin, leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ní fhorchuirtear aon oibleagáid ar infheisteoirí gan infheistíocht a dhéanamh ach sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a chomhlíonann critéir shonracha a leagtar síos sa Rialachán sin.
Leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, leagtar síos an creat do Thacsanomaíocht an Aontais trí cheithre choinníoll a leagan amach nach mór do ghníomhaíocht eacnamaíoch a chomhlíonadh chun bheith cáilithe mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní mór, maidir le gníomhaíocht cháilitheach:
(i)
go ndéanann sí rannchuidiú substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na sé chuspóir comhshaoil i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16 den Rialachán sin;
(ii)
nach ndéanann sí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin;
(iii)
go ndéantar í i gcomhréir leis na coimircí (sóisialta) íosta a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht;
(iv)
go gcomhlíonann sí critéir scagtha theicniúla a leag an Coimisiún amach trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Déanann na critéir scagtha theicniúla coinníollacha (i) agus (ii) a oibríochtú trí na ceanglais feidhmíochta a shonrú d’aon ghníomhaíocht eacnamaíoch lena gcinntear na coinníollacha faoina ndéanann an ghníomhaíocht sin an méid seo a leanas: (i) rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le cuspóir comhshaoil áirithe; agus ii) gan dochar suntasach a dhéanamh do na cuspóirí comhshaoil eile.
Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena mbunaítear critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe cáilithe mar chinn a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus mar chinn nach ndéanann dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil ábhartha eile (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide’). Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena sonraítear ábhar, modheolaíocht, agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais araon a bhfuil ceangal orthu tuairisc a thabhairt maidir le hincháilitheacht agus le hailíniú a ngníomhaíochtaí le Tacsanomaíocht an Aontais (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta’). Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide agus an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta. Áiríodh leis na leasuithe sin gníomhaíochtaí áirithe i dTacsanomaíocht an Aontais maidir le giniúint fuinnimh ó fhuinneamh núicléach agus ó ghás nádúrtha agus leagtar amach iontu ceanglais shonracha maidir le nochtadh le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.
Leis an nGníomh Tarmligthe seo, leasaítear an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide go príomha trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach n-áirítear fós sa Ghníomh Tarmligthe sin. Baineann sé sin go háirithe le roinnt gníomhaíochtaí monaraíochta i ndáil le príomh-chomhpháirteanna d’iompar ísealcharbóin agus do threalamh leictreach, gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cuidiú le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i ngníomhaíochtaí sprice eile. Baineann sé freisin le roinnt gníomhaíochtaí idirthréimhseacha san earnáil iompair (iompar uisce-iompartha agus eitlíocht) nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh iontu go fóill maidir le réitigh saor ó charbón, agus inar bealach éifeachtach é iad a chur san áireamh chun cuidiú le feabhsuithe lasmuigh den status quo a dhreasú. I gcás ina mbunaítear leis an nGníomh Tarmligthe seo critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, leagtar amach na critéir sin le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil aon rogha mhalartach ísealcharbóin atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de faoi láthair agus a bheadh riachtanach san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Níl critéir den sórt sin teoranta do chritéir scagtha theicniúla nach n-áirithítear leo ach an rannchuidiú is substaintiúla leis an gcuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide agus nach ndéanann aon dochar, nó ar a laghad nach ndéanann ach an dochar is lú do chuspóirí comhshaoil eile.
Is dócha go ndéanfaidh an t‑athrú aeráide difear d’earnálacha uile an gheilleagair, agus sin an fáth ar gá gach earnáil a chur in oiriúint do dhrochthionchar na haeráide atá ann faoi láthair agus don aeráid a mheastar a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, bhunaigh an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide critéir scagtha theicniúla den chuid is mó le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide i gcomhair na n-earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a chumhdaítear leis na critéir scagtha theicniúla maidir le maolú ar an athrú aeráide. Sna hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide, breithneofar critéir scagtha theicniúla iomchuí le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide freisin i gcomhair na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a cuireadh isteach leis an Rialachán Tarmligthe seo agus leis an Rialachán Tarmligthe comhthreomhar maidir le cuspóirí comhshaoil na Tacsanomaíochta. Mar sin féin, tá roinnt gníomhaíochtaí ann nach mór a chur in oiriúint go práinneach do thionchair an athraithe aeráide toisc gur féidir leo réitigh oiriúnaithe a chur ar fáil lena n-áirithítear athléimneacht na sochaí agus an chomhshaoil, amhail seirbhísí éigeandála, bonneagar chun riosca tuilte a chosc agus a chosaint, innealtóireacht shibhialta, nó díshalannú. Trí na gníomhaíochtaí sin a chur le Tacsanomaíocht an Aontais, is féidir cuidiú le hinfheistíochtaí a dhíriú ar an Aontas a dhéanamh athléimneach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, i gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide.
Tugtar isteach leis an nGníomh Tarmligthe seo freisin leasuithe teoranta de chineál teicniúil ar roinnt de na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí a áiríodh cheana féin sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide chun inúsáidteacht, comhleanúnachas agus cur chun feidhme an Ghnímh Tharmligthe sin a fheabhsú.
Tá an Gníomh Tarmligthe seo mar chuid de phacáiste rialála lena n-áirítear an Gníomh Tarmligthe lena sonraítear na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn leis na ceithre chuspóir comhshaoil eile (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil’). Déantar leasuithe spriocdhírithe sa phacáiste sin freisin ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta chun a áirithiú, go háirithe, go ndéanann na gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais ábhartha na gníomhaíochtaí sin a thuairisciú go hiomchuí.
1.2. Cúlra dlíthiúil
Tá an Gníomh Tarmligthe seo bunaithe ar na cumhachtuithe a leagtar amach in Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leagtar amach na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le ceanglais Airteagal 19 den Rialachán sin.
I gcomhréir le hAirteagal 31 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, comhcheanglaítear leis an nGníomh Tarmligthe seo dhá chumhachtú idirghaolmhara den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht in aon ghníomh amháin, is iad sin na cinn a leagtar síos in Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) a bhaineann leis na critéir scagtha theicniúla maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Cuireann an Gníomh Tarmligthe seo leis na moltaí ón Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin a bunaíodh in 2020 agus atá comhdhéanta de pháirtithe leasmhara éagsúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Tá sainordú ag an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe faoi Airteagal 20 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh na sé chuspóir comhshaoil de Thacsanomaíocht an Aontais.
Foilsíodh na dréachtchritéir scagtha theicniúla a mhol an tArdán le haghaidh aiseolas ó pháirtithe leasmhara ó mhí Lúnasa go mí Mheán Fómhair 2021. Rinne an tArdán an t-aiseolas a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil a mheas sular foilsíodh a mholtaí críochnaitheacha i mí an Mhárta agus i mí na Samhna 2022. Pléadh moltaí críochnaitheacha an Ardáin freisin le Grúpa Saineolaithe na mBallstát (MSEG) den Choimisiún roinnt uaireanta, go háirithe an 6 Aibreán, an 8 Iúil, an 4 Deireadh Fómhair agus an 15 Nollaig 2022 agus an 24 Eanáir 2023.
Bhreithnigh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla a d’fhorbair an tArdán agus rinne sé tuilleadh oibre chun a áirithiú go gcomhlíonann na critéir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Roinneadh na dréachtleasuithe ar an ngníomh tarmligthe le Grúpa Saineolaithe na mBallstát agus leis an Ardán an 5 Aibreán 2023 agus foilsíodh iad in éineacht leis an nGníomh Tarmligthe Comhshaoil atá beartaithe agus na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, ar feadh ceithre seachtaine chun aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhailiú ón 5 Aibreán go dtí an 3 Bealtaine 2023. San iomlán, fuarthas aiseolas ó 636 pháirtí leasmhar.
Pléadh na dréachtleasuithe ar an nGníomh Tarmligthe Aeráide freisin leis an Ardán an 19 Aibreán agus an 24 Bealtaine 2023. Cuireadh faoi bhráid shaineolaithe agus bhreathnóirí na mBallstát ó Pharlaimint na hEorpa iad freisin agus pléadh iad leo, ag cruinnithe de chuid Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát an 20 Aibreán 2023 agus an 25 Bealtaine 2023. Bhí plé ad hoc ann freisin le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa an 25 Bealtaine 2023.
Ar an iomlán, bhí an t-aiseolas ón Ardán, ó Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát agus ó na páirtithe leasmhara dearfach den chuid is mó. Ba dhíol sásaimh dóibh gur cuireadh earnálacha agus gníomhaíochtaí nua leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide. Maidir le hearnálacha áirithe, bhí deighilt ann go pointe idir iad siúd a mhol critéir níos déine ar thaobh amháin nó critéir nach mbeadh chomh dian céanna ar an taobh eile.
Bunaithe ar anailís a dhéanamh ar an aiseolas a fuarthas, rinneadh roinnt calabrúcháin spriocdhírithe ar chritéir áirithe chomh maith le modhnuithe teicniúla eile chun an Rialachán Tarmligthe a thabhairt chun críche. Baineann siad sin, go háirithe, le soiléirithe teicniúla, ailíniú chun comhsheasmhacht níos fearr leis an reachtaíocht earnálach atá ann cheana a áirithiú, tagairtí d’athbhreithnithe atá ar na bacáin a chur isteach, chomh maith le hailínithe chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas na gcritéar ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí.
Leagtar amach in Iarscríbhinn 7.2 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe seo achoimre ar an aiseolas a fuarthas le linn na tréimhse aiseolais phoiblí. Leagtar amach i gcaibidil 4 den Doiciméad Inmheánach Oibre na príomhathruithe a rinneadh ar na critéir tar éis na tréimhse aiseolais (arna n-aicmiú de réir cuspóra agus earnála gníomhaíochta).
Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide — Iarscríbhinn I
Maidir leis na gníomhaíochtaí nua a bhaineann le comhpháirteanna mótarfheithiclí, comhábhair iarnróid agus trealamh leictreach a mhonarú, i bhfianaise an aiseolais dhearfaigh a fuarthas ar an iomlán ó na Ballstáit, ón Ardán agus ó pháirtithe leasmhara eile, is soiléirithe teicniúla iad na hathruithe den chuid is mó. Cé gur mhol roinnt freagróirí raon feidhme níos leithne go háirithe do chomhpháirteanna incháilithe mótarfheithiclí, ba chosúil go n-aontaíonn an chuid is mó acu leis an raon feidhme a theorannú do chomhpháirteanna nach dtáirgtear ach d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha. Maidir leis na coigeartuithe ar na gníomhaíochtaí uisce-iompair, baineann an príomhathrú le nithe sonracha breise a bhaineann le gníomhaíochtaí muirí, chun rialú a dhéanamh in aghaidh sceitheadh meatáin, mar fhreagairt ar roinnt aiseolais ón Ardán agus ó fhreagróirí eile nach dtugtar aghaidh go hiomchuí ar an tsaincheist fhéideartha sin sa dréachtleagan de na critéir. Maidir le gníomhaíochtaí eitlíochta a chuimsiú, i bhfianaise an aiseolais dhearfaigh a fuarthas ar an iomlán ó thionscal na heitlíochta agus ó na Ballstáit, agus ag cur san áireamh go raibh roinnt ENRanna níos cáintí faoin ábhar seo, rinneadh roinnt coigeartuithe de chineál teicniúil chun inúsáidteacht a fheabhsú.
Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide — Iarscríbhinn II
Rinneadh trí phríomhathrú ar na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide a chumhdaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe. Ar an gcéad dul síos, athraíodh an cur síos ar na gníomhaíochtaí chun (i) an raon feidhme a leathnú (díshalannú) agus (ii) teorainneacha a chur leis na gníomhaíochtaí nuachumhdaithe lena dtugtar aghaidh ar fhorluí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí dlúthghaolmhara eile a chumhdaítear cheana sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide nó sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil (bogearraí, comhairleacht, seirbhísí éigeandála agus bonneagar chun riosca tuile a chosc agus cosaint a thabhairt ar riosca tuile). Ar an dara dul síos, tugadh isteach athruithe ar na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ chun comhleanúnachas a áirithiú idir gníomhaíochtaí ar fud na ngníomhartha tarmligthe, agus chun raon feidhme na ngníomhaíochtaí éagsúla a léiriú ar bhealach níos fearr. Mar shampla, athraíodh go ‘neamhbhainteach’ na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus le cosc agus rialú ar thruailliú mar dhírigh siad ar na crua-earraí a úsáidtear chun na bogearraí a dhéanamh, rud nach dtagann faoi raon feidhme na gníomhaíochta. Ar an tríú dul síos, mar gheall ar an aiseolas a fuarthas ón Ardán, baineadh an ghníomhaíocht ‘Innealtóireacht shibhialta’ den Ghníomh Tarmligthe toisc go bhfuil forluí idir í sin agus gníomhaíochtaí eile a áirítear cheana sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide.
3.MEASÚNÚ TIONCHAR
Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchair an Ghnímh Tharmligthe. Ní i bhfoirm measúnú tionchair foirmiúil a rinneadh an measúnú tionchar. Is amhlaidh atá toisc go leanann an Gníomh Tarmligthe na roghanna beartais a rinneadh cheana sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus, den chuid is mó, sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide. Bhí an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht faoi réir measúnú tionchair a rinne measúnú ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an tuairiscithe faoi Thacsanomaíocht an Aontais. Bhí measúnú tionchair comhréireach ag gabháil leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide inar leagadh amach go mionsonraithe na cineálacha cur chuige ginearálta a glacadh chun critéir scagtha theicniúla a shonrú. Tá an measúnú sin fós ábhartha maidir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil.
Tá mar thaca leis an nGníomh Tarmligthe seo Doiciméad Inmheánach Oibre anailíseach ina ndéantar na nithe seo a leanas: (i) tugtar tuairisc ar chomhthéacs agus ar chuspóir an tionscnaimh; (ii) mínítear an cur chuige a glacadh chun na critéir scagtha theicniúla shonracha a shainiú, lena n-áirítear an chaoi a measfar a oibreoidh na critéir sin sa chleachtas; (iii) mínítear aon éagsúlacht nó aon ní a cuireadh le moltaí an Ardáin; (iv) déantar achoimre ar na tairbhí agus na costais a mheasfar a bheidh ag an tionscnamh sin, lena n-áirítear costais riaracháin go háirithe, agus (v) tugtar tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an tionscnamh sin.
Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Ghnímh Tharmligthe seo leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis an dul chun cinn maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán sin a áirithiú.
Leis na critéir maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide agus leis na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ faoi seach, áirithítear go bhfuil an Rialachán Tarmligthe seo comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2021/1119. I gcomhréir le ceanglais Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, cuirtear san áireamh i gcalabrú na gcritéar ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ na rioscaí comhshaoil a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí sonracha. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, tagraíonn na critéir sin ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ do chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i ndlí an Aontais.
4.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Déantar foráil maidir leis an gceart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 10(3) agus faoi Airteagal 11(3) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Leagtar síos in Airteagal 1 na leasuithe ar an méid seo a leanas:
Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide trí chritéir scagtha theicniúla maidir le maolú ar an athrú aeráide a chur leis nó a chomhlánú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe in earnálacha an iompair agus na monaraíochta. Áirítear in Iarscríbhinn I freisin leasuithe spriocdhírithe ar fhorálacha atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar neamhréireachtaí teicniúla agus dlíthiúla áirithe a sainaithníodh ó cuireadh i bhfeidhm an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide;
Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide trí na critéir scagtha theicniúla le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide a chur leis le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe atá oiriúnaithe don athrú aeráide nó lena gcumasaítear oiriúnú gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile ó earnálacha an uisce, na foirgníochta, an bhainistithe riosca tubaistí, na faisnéise agus na cumarsáide, agus seirbhísí gairmiúla. Áirítear in Iarscríbhinn II freisin leasuithe spriocdhírithe ar fhorálacha atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar neamhréireachtaí teicniúla agus dlíthiúla áirithe a sainaithníodh ó cuireadh i bhfeidhm an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide.
In Airteagal 2 leagtar síos na rialacha maidir le teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 27.6.2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 lena mbunaítear critéir scagtha theicniúla bhreise chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088, agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) de sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2020/852 bunaítear an creat ginearálta chun a chinneadh cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun a shocrú a mhéid atá infheistíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá an Rialachán sin infheidhme maidir le bearta arna nglacadh ag an Aontas nó ag na Ballstáit lena leagtar amach ceanglais do rannpháirtithe nó eisitheoirí sa mhargadh airgeadais i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha arna gcur ar fáil mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil, agus do ghnóthais atá faoi réir na hoibleagáide chun ráiteas neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó chun ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite a fhoilsiú de bhun Airteagal 29a den Treoir sin. Is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha nó údaráis phoiblí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2020/852 an Rialachán sin a chur i bhfeidhm freisin ar bhonn deonach.
(2)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún, bunaítear na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide. Leis na critéir scagtha theicniúla, cumhdaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha ó naoi n-earnáil eacnamaíocha mar gheall ar an sciar mór atá acu de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána, agus an acmhainneacht chruthaithe atá acu chun táirgeadh astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint, na hastaíochtaí sin a laghdú, nó na hastaíochtaí sin a bhaint. Ina theannta sin, tá acmhainneacht chruthaithe sna hearnálacha eacnamaíocha sin chun seachaint, laghdú agus baint den sórt sin a chumasú le haghaidh earnálacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile, nó chun stóráil fhadtéarmach astaíochtaí den sórt sin a áirithiú le haghaidh earnálacha agus gníomhaíochtaí eile.
(3)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, ní chumhdaítear gach gníomhaíocht eacnamaíoch a d’fhéadfadh rannchuidiú go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide. Chun infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a éascú a thuilleadh, is gá critéir scagtha theicniúla bhreise a leagan síos le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a d’fhéadfadh rannchuidiú go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide gan dochar mór a dhéanamh do na cuspóirí comhshaoil eile, ach nach gcumhdaítear faoi láthair le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139. Leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha breise a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, cumhdaítear an earnáil iompair agus a slabhra luachra den chuid is mó. Maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha breise a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide, cumhdaítear gníomhaíochtaí leo den chuid is mó lena gcumasaítear oiriúnú d’éifeachtaí dosheachanta an athraithe aeráide, lena n-áirítear díshalannú agus seirbhísí chun tubaistí agus éigeandálaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus chun freagairt do na tubaistí agus do na héigeandálaí sin.
(4)Na critéir scagtha theicniúla le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha breise sin, ba cheart dóibh, i gcás inarb indéanta, aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a leanúint a leagtar síos i gcóras aicmithe NACE Athbhreithniú 2 de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart a áireamh freisin sa tuairisc shonrach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na tagairtí do chóid NACE is féidir a lua leis an ngníomhaíocht sin, le go bhféadfaidh gnóthais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint ar cheart critéir scagtha theicniúla a bhunú ina leith. Ba cheart na tagairtí sin a thuiscint mar thagairtí táscacha agus níor cheart go mbeadh tosaíocht acu ar an sainmhíniú sonrach ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuirtear ar fáil sa tuairisc uirthi.
(5)Leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide, ba cheart a áirithiú go bhfuil tionchar dearfach ag an ngníomhaíocht eacnamaíoch ar an maolú ar an athrú aeráide nó ar an oiriúnú don athrú aeráide nó go laghdaíonn sí tionchair dhiúltacha ar mhaolú nó oiriúnú den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí tagairt leis na critéir scagtha theicniúla sin do thairseacha nó do leibhéil feidhmíochta a bheadh le baint amach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch chun é a bheith cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil leis an maolú ar an athrú aeráide nó leis an oiriúnú don athrú aeráide. Leis na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, ba cheart a áirithiú nach bhfuil tionchair chomhshaoil dhiúltacha mhóra ag an ngníomhaíocht eacnamaíoch, lena n-áirítear tionchair a bhaineann leis an aeráid. Dá réir sin, ba cheart na ceanglais íosta a shonrú leis na critéir scagtha theicniúla sin ar ceanglais iad a bheadh le comhlíonadh leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch chun é a bheith cáilithe mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
(6)Na critéir scagtha theicniúla chun a chinneadh, maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide a leagadh síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile, ba cheart, i gcás inarb ábhartha, iad a thógáil ar dhlí an Aontais atá ann cheana, ar dhea-chleachtais, ar dhea-chaighdeáin agus ar dhea-mhodheolaíochtaí, agus ar chaighdeáin, ar chleachtais agus ar mhodheolaíochtaí seanbhunaithe a d’fhorbair eintitis phoiblí a bhfuil dea-cháil orthu go hidirnáisiúnta. I gcás nach ann do na caighdeáin, na cleachtais ná na modheolaíochtaí sin le haghaidh réimse beartais sonrach, ba cheart do na critéir scagtha theicniúla tógáil ar chaighdeáin sheanbhunaithe a d’fhorbair comhlachtaí príobháideacha a bhfuil dea-cháil orthu go hidirnáisiúnta.
(7)De bhun Airteagal 19(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2020/852, ní mór go dtugtar cineál agus scála na gníomhaíochta eacnamaíche agus an earnáil dá dtagraítear leo san áireamh leis na critéir scagtha theicniúla, agus cé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch ina gníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán sin, nó ina gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán sin. Ionas go gcomhlíonfar ceanglas Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2020/852 leis na critéir scagtha theicniúla ar bhealach atá éifeachtach cothrom, ba cheart iad a shocrú mar thairseach chainníochtúil nó mar cheanglas íosta, mar fheabhsúchán coibhneasta, mar thacar ceanglas um fheidhmíocht cháilíochtúil, mar cheanglais bunaithe ar phróiseas nó ar chleachtas, nó mar thuairisc bheacht ar chineál na gníomhaíochta eacnamaíche féin i gcás ina bhféadfaidh an ghníomhaíocht sin, de réir a cineáil, rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le maolú ar an athrú aeráide nó leis an oiriúnú don athrú aeráide. Le critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin, ba cheart a áirithiú thairis sin, leis na gníomhaíochtaí lena gcumasaítear gníomhaíochtaí eile go díreach chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú, go mbeadh tionchar comhshaoil substaintiúil mór acu agus nach mbeadh gaibhniú sócmhainní a bheadh díobhálach don chomhshaol mar thoradh orthu. Chun a áirithiú go bhfanfaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha ar chonair inchreidte atá comhsheasmhach le geilleagar aeráidneodrach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha gach trí bliana mar a leagtar amach in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852, agus aird chuí á tabhairt ar athruithe ar dhlí an Aontais.
(8)Tá ról tábhachtach ag monarú trealaimh leictrigh maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide trí, go háirithe, glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh in eangacha leictreacha an Aontais a chur chun cinn agus suiteálacha athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus uirlisí úsáide cliste fuinnimh do theaghlaigh. Chun leas breise a bhaint as acmhainneacht an leictrithe san Aontas agus chun dlús breise a chur le hinfheistíochtaí i monarú trealaimh leictrigh, is gá critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le monarú trealaimh leictrigh.
(9)Braitheann monaraíocht feithiclí ísealcharbóin, gairis soghluaisteachta phearsanta agus rothstoc agus bonneagar iarnróid ar chomhpháirteanna a bhfuil ról lárnach acu maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, nó, i gcás iarnróid, atá ríthábhachtach d’fheidhmíocht chomhshaoil, oibriú agus feidhmiú feadh saolré traenacha agus bonneagair iarnróid atá ailínithe le Tacsanomaíocht, ach is minic a mhonaraíonn gnóthais nach gcoimeálann na feithiclí sin nó modhanna eile iompair iad. Chun a áirithiú go n-aithnítear go cuí ról na ngnóthas sin agus ról na gcomhpháirteanna a mhonaraíonn siad maidir le maolú ar an athrú aeráide, monarú na gcomhpháirteanna atá fíor-riachtanach chun feidhmíocht chomhshaoil na feithicle ísealcharbóin nó modhanna eile iompair a sholáthar agus a fheabhsú, ba cheart iad a áireamh mar ghníomhaíocht eacnamaíoch ar leith i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139. Ba cheart critéir scagtha theicniúla le haghaidh comhpháirteanna atá cinntitheach maidir le feidhmíocht chomhshaoil a chur san áireamh. I gcás feithiclí, airítear leis sin, go háirithe, rialaitheoirí, claochladáin, mótair leictreacha, poirt luchtaithe agus luchtairí, tiontairí SD/SD, inbhéartóirí cumhachta, ailtéarnóirí, aonaid rialaithe, córais coscánaithe athghiniúnacha, coscáin le teicneolaíochtaí laghdaithe cúltarraingte, córais bainistithe teirmí, córas tarchurtha, córais stórála hidrigine agus breoslaithe, leictreonaic nuair is gá sin le haghaidh gléasraí cumhachta a oibriú, gléasraí tiomána, córais fionraí den chéad scoth as a n-eascraíonn feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, aon innealra cúnta nuair is gá sin le haghaidh feithiclí ísealcharbóin agus nuair atá siad sin i bhfad níos tíosaí ar fhuinneamh ná mar atá na roghanna malartacha, aerghnéithe gníomhacha ar fheithiclí ísealcharbóin lena laghdaítear tarraingt aeir, agus leantóirí ina bhfuil teicneolaíochtaí coigiltis fuinnimh amhail meascán de choscán athghiniúnach nó feabhsuithe aeraidinimiciúla. Maidir le hiarnród, áirítear leis sin, go háirithe, comhpháirteanna iarnróid mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(10)Is iad na boinn is cúis le 20 % d’ídiú fuinnimh feithicle agus, dá réir sin, trí leas a bhaint as an nuálaíocht i monaraíocht bonn is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ar a bhfuil an earnáil iompair ar fad dírithe a laghdú. Is féidir le boinn cur le geilleagar níos ciorclaí freisin. Dá réir sin, cé nach n-áirítear monaraíocht bonn faoi raon feidhme na gníomhaíochta chun comhpháirteanna a mhonarú atá fíor-riachtanach chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí ísealcharbóin a bhaint amach agus a fheabhsú, beidh sé riachtanach measúnú breise a dhéanamh ar mhonarú bonn chun critéir scagtha theicniúla shonracha a bhunú don ghníomhaíocht sin, agus aird chuí á tabhairt ar cheanglais dhlíthiúla faoi na tograí is déanaí de reachtaíocht an Aontais agus ar dhea-chleachtais, go háirithe maidir le scaoileadh micreaphlaisteach, truailliú aeir, torann, astaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa, deireadh na saolré. Idir an dá linn, leanann monaraíocht bonn de bheith ina gníomhaíocht incháilithe faoi Roinn 3.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 maidir le teicneolaíochtaí ísealcharbóin eile. Go háirithe i gcás feithiclí bóthair i gcatagóirí M agus N, ba cheart do bhoinn na ceanglais maidir le torann seachtrach rollta san aicme is mó atá líonta agus an Chomhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aici ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is mó atá líonta, ba cheart do bhoinn iad sin a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus mar is féidir a fhíorú ón gClárlann Eorpach Táirgí um Lipéadú Fuinnimh (EPREL). Ina theannta sin, ba cheart do bhoinn togra Euro 7 maidir le ceanglais scríobtha bonn a chomhlíonadh.
(11)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020, Sustainable and Smart Mobility Strategy — putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste - iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], chuir sé in iúl go bhfuil gach modh iompair fíor-riachtanach don chóras iompair, agus go bhfuil ról ríthábhachtach ag an eitlíocht maidir le comhtháthú, nascacht agus rochtain ar an margadh inmheánach a chothú do gach réigiún. Tá acmhainneacht thábhachtach ag an earnáil eitlíochta na hastaíochtaí gás ceaptha teasa inti a laghdú, chun rannchuidiú le dícharbónú an iompair, agus, dá bhrí sin, tá an acmhainneacht inti rannchuidiú go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide. Is gá, dá bhrí sin, critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le monarú aerárthaí, léasú, aeriompar paisinéirí agus lasta agus oibríochtaí láimhseála ar an talamh a bhaineann leis an aeriompar. Níl aeriompar tráchtála astaíochtaí nialasacha a oibrítear le hastaíochtaí nialasacha díreacha CO2 nó a oibrítear go hiomlán le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar fáil go teicneolaíoch go fóill. Go dtí go mbeidh an t-aeriompar tráchtála astaíochtaí nialasacha sin ar fáil go teicneolaíoch, ba cheart an t-aeriompar a mheas mar ghníomhaíocht idirthréimhseach, agus na critéir scagtha theicniúla a bheith bunaithe ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil d’aerfhráma agus d’éifeachtúlacht breosla innill, agus bunaithe ar an acmhainneacht astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go substaintiúil le linn saolré aerárthaí trí bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ghlacadh de réir a chéile. Chun maoiniú aerárthach den aicme is fearr atá níos éifeachtúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a éascú, agus éifeachtaí gaibhnithe sócmhainní atá níos déine ar charbón á seachaint san am céanna agus gan cur isteach ar fhorbairt aeriompair tráchtála astaíochtaí nialasacha, níor cheart feidhm a bheith ag an gcóimheas athsholáthair, lena ngabhtar cion na n-aerárthaí a tharraingítear siar go buan óna n-úsáid chuig aerárthaí arna seachadadh ar an leibhéal domhanda, ach amháin maidir leis an ioncam a ghintear le gníomhaíochtaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla. Féadfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an cóimheas athsholáthair a fhoilsiú chun tacú leis na hoibreoirí eacnamaíocha sna nochtaí uathu. I gcomhréir le cineál idirthréimhseach na ngníomhaíochtaí agus chun forbairt mhargadh na dteicneolaíochtaí aerárthaí a chur san áireamh, ba cheart na critéir scagtha theicniúla le haghaidh monarú aerárthaí a bheith infheidhme go dtí 2032, agus faoin dáta sin ba cheart na critéir scagtha theicniúla sin a athbhreithniú chun comhlíonadh Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a áirithiú i gcomhréir le forbairtí teicneolaíocha. Thairis sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal úsáide nó cumaisc breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a léirítear sna critéir scagtha theicniúla gach trí bliana chun teicneolaíochtaí na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe atá ag teacht chun cinn agus infhaighteacht reatha breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus an infhaighteacht a mheasfar a bheidh ann amach anseo sa mhargadh a chur san áireamh. I réimse an oiriúnaithe don athrú aeráide, áfach, ní féidir tacú le gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le bainistiú riosca tubaistí ach amháin le haerárthaí atá deartha go sonrach agus atá feistithe go sonrach. D’fhéadfadh sé go mba ghá, dá bhrí sin, critéir scagtha theicniúla ar leith a bhunú ag céim ina dhiaidh sin chun na haerárthaí sin a mhonarú.
(12)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, leagtar síos critéir scagtha theicniúla le haghaidh príomhghníomhaíochtaí uisce-iompartha. Leis na critéir scagtha theicniúla a bheidh infheidhme i ndiaidh 2025 le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, léirítear laghdú de réir a chéile ar astaíochtaí i dtreo 2050, bunaithe ar an measúnú ar dhéine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann soithí iompair ar uiscebhealaí intíre, ar bhonn astaíochtaí ó thobar go marbhshruth. Chun inúsáidteacht na gcritéar scagtha teicniúil is infheidhme le haghaidh iompar muirlasta agus paisinéirí a áirithiú, agus chun na critéir scagtha theicniúla a ailíniú le luachanna tagartha idirnáisiúnta agus le luachanna tagartha an Aontais a glacadh le déanaí, ba cheart na critéir scagtha theicniúla a thabhairt cothrom le dáta. Áirítear ar na luachanna tagartha sin Céim 3 d’Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta is infheidhme ón 1 Eanáir 2025, treoiruimhir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh maidir le longa atá ann cheana, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, agus teorainneacha déine gás ceaptha teasa le haghaidh an fhuinnimh a úsáidtear ar bord arna mbunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, is infheidhme ón 1 Eanáir 2025. Chun cothrom iomaíochta leis an iompar d’iarnród a áirithiú, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir scagtha theicniúla le haghaidh bonneagar iompair ar uiscebhealaí intíre agus ba cheart nuachóiriú bhonneagar an iompar ar uiscebhealaí intíre a áireamh iontu ós rud é go bhfuil an bonneagar sin fíor-riachtanach chun loingseoireacht soithí astaíochtaí nialasacha ar uiscebhealaí a áirithiú. Chun cothrom iomaíochta le bonneagair iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uisce a áirithiú, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir scagtha theicniúla do bhonneagar aerfoirt ísealcharbóin chun trasloingsiú idir modhanna iompair a áireamh.
(13)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 ina leagtar amach Straitéis Oiriúnaithe an Aontais, tugtar le fios go bhfuil méadú ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine na dtarluithe foircneacha aeráide agus adhaimsire agus, dá réir sin, go bhfuil borradh tagtha ar an líon tubaistí a bhaineann leis an athrú aeráide agus ar an damáiste a rinneadh de dheasca na dtubaistí sin le 20 bliain anuas.
(14)Déanann seirbhísí éigeandála beatha daoine a shábháil, maoin agus an comhshaol a chosaint, cúnamh a thabhairt do phobail a mbíonn tionchar ag tubaistí orthu, agus cabhrú le téarnamh le linn éigeandálaí. Mar gheall ar mhinicíocht mhéadaithe na dtubaistí nádúrtha arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, tá seirbhísí éigeandála níos tábhachtaí anois ná riamh. Ní gá, áfach, go mbeadh seirbhísí éigeandála in ann déileáil le scála, cineál agus minicíocht na n-éigeandálaí sna dálaí aeráide atá athraithe. Dá bhrí sin, ní mór réitigh oiriúnaithe a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí seirbhísí éigeandála chun iad féin a chur in oiriúint do thionchair an athraithe aeráide agus, a luaithe a dhéanfar iad a oiriúnú, réitigh oiriúnaithe a chur ar fáil chun athléimneacht fhoriomlán limistéir agus sochaí a fheabhsú. Chun dlús breise a chur le hinfheistíochtaí sna seirbhísí éigeandála sin a chuireann borradh faoin athléimneacht fhoriomlán, is gá critéir scagtha theicniúla a leagan síos le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha den sórt sin.
(15)Meastar go mbeidh déine níos airde frasaíochta agus tréimhsí tirime níos faide san Eoraip ann mar thoradh ar an téamh domhanda. Bíonn tuilte ann go tréimhsiúil ar fud an Aontais mar thoradh ar bháisteach throm. Chun infheistíochtaí breise a dhreasú i réitigh oiriúnaithe i gcoinne tuilte, is gá critéir scagtha theicniúla a leagan síos chun riosca tuilte a chosc agus chun pobail a chosaint ar na hiarmhairtí a bhaineann leo.
(16) Is féidir le héifeachtaí an athraithe aeráide, lena n-áirítear imghalú méadaithe agus triomaigh níos minice, cur leis an nganntanas uisce, rud a d’fhéadfadh an soláthar uisce a chur i mbaol, agus d’fhéadfadh sin a bheith ina chúis le róshaothrú acmhainní screamhuisce agus uisce dromchla agus iomaíocht mhéadaithe maidir leis na hacmhainní sin. I gcomhréir leis an bearta maolaithe i gcomhréir leis an ordlathas uisce, ní mór bearta indéanta éifeachtúlachta uisce agus bearta indéanta athúsáide uisce ina dhiaidh sin a chur san áireamh roimh bhearta maidir le díshalannú uisce. San am céanna, is gá infheistíochtaí a dhreasú i ndíshalannú uisce mara nó uisce goirt lenar féidir róshaothrú na n-acmhainní uisce atá ann cheana a laghdú agus lenar féidir maolán cobhsaíochta a sholáthar freisin maidir le ganntanas an tsoláthair fionnuisce. Dá bhrí sin, is gá critéir scagtha theicniúla maidir le díshalannú uisce mara nó uisce goirt a leagan síos.
(17)D’fhéadfadh comhairleacht agus bogearraí lena gcumasaítear bainistiú riosca aeráide réitigh oiriúnaithe a chur ar fáil a thacóidh le gnólachtaí rioscaí aeráide atá ann faoi láthair nó a mheasfar a thiocfaidh amach anseo a thuar, a réamh-mheas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, is gá na critéir scagtha theicniúla a leagan amach le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin chun a chinneadh cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide trí réitigh oiriúnaithe a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852.
(18)In Aguisín C a ghabhann le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 (‘Aguisín C’), leagtar síos critéir scagtha theicniúla chineálacha maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ do chosc agus rialú ar thruailliú is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí éagsúla. Sonraítear san Aguisín sin na critéir maidir le húsáid agus láithreacht ceimiceán. Go dtí seo, rinneadh foráil maidir le díolúintí i gcásanna áirithe, i gcás inar léiríodh go bhfuil úsáid na gceimiceán sin fíor-riachtanach don tsochaí. Is cúis imní áirithe í an díolúine sin maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus fíorú do ghnóthais agus do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, rud a bhaineann le heaspa sainmhínithe shoiléir ar an gcoincheap ‘úsáid fhíor-riachtanach’. Dá bhrí sin, go dtí go dtabharfar treoraíocht bhreise lena soiléirítear an chaoi ar cheart d’oibreoirí measúnú agus doiciméadú a dhéanamh go gcomhlíonann siad prionsabail chothrománacha an Choimisiúin atá ar na bacáin maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán, ba cheart athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an Aguisín sin agus ba cheart critéir lena dtugtar níos mó deimhneacht dhlíthiúil agus ar féidir comhlíonadh a fhíorú ar bhealach níos éasca ina leith a chur in ionad an choincheapa ‘úsáid atá fíor-riachtanach don tsochaí’. Go dtí go bhfaighfear an treoraíocht bhreise sin, ba cheart, dá bhrí sin, an ceanglas nach mbeadh aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile ar fáil ar an margadh agus go n-úsáidfear na substaintí faoi dhálaí rialaithe a chur in ionad an choincheapa ‘úsáid atá fíor-riachtanach don tsochaí’.
(19)Chun inúsáidteacht Aguisín C a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart leasuithe spriocdhírithe breise a dhéanamh ar phointe (f) chun íosteorainn tiúchana a shonrú le haghaidh substaintí arb údar mór imní iad i dtáirge agus dáta tagartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais a shonraítear i bpointe (f). Ina theannta sin, ba cheart pointe (g) d’Aguisín C a scriosadh agus mír nua a chur ina ionad lena sonraítear íosteorainn tiúchana agus raon feidhme chur i bhfeidhm an cheanglais a shonraítear sa mhír sin.
(20)Ós rud é gur dócha go ndéanfaidh an t‑athrú aeráide difear d’earnálacha uile an gheilleagair, beidh gá gach earnáil den gheilleagar a chur in oiriúint do dhrochthionchar na haeráide atá ann faoi láthair agus don aeráid a mheastar a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá critéir scagtha theicniúla maidir le rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide le bunú amach anseo le haghaidh na n-earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha uile a chumhdaítear leis na critéir scagtha theicniúla maidir le rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide a leagtar amach sa Rialachán seo.
(21)Chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí teicniúla agus dlíthiúla áirithe a sainaithníodh ó cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 i bhfeidhm, ba cheart leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar an Rialachán sin.
(22)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a leasú dá réir sin.
(23)Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus áirithítear leis an Rialachán dul chun cinn maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán sin.
(24)Chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shioncrónú leis an tuairisciú faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024, cé is moite den leasú ar phointe (g) d’Aguisín C. Chun dóthain ama a thabhairt do ghnóthais an leasú sin a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2025,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 mar a leanas:
(1)
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(2)
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh feidhm ag pointe (28) d’Iarscríbhinn I agus ag pointe (26) d’Iarscríbhinn II, áfach, ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27.6.2023
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Mairead McGUINNESS
Comhalta den Choimisiún
IARSCRÍBHINN I
Leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 mar a leanas:
(1) Leasaítear Roinn 3.3., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’ mar a leanas:
(a) leasaítear an fhoroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’ mar a leanas:
(i) i bpointe (l), cuirtear isteach an pointe (v) seo a leanas:
‘(v) ón 1 Eanáir 2026, soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite*1, tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022*2, agus:
(a)tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.’;
(ii) i bpointe (m), cuirtear isteach an pointe (iv) seo a leanas:
‘(iv) ón 1 Eanáir 2026, soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite*3, tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022*4, agus:
(a)tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
I gcás inarb infheidhme, níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach ná caidmiam sna feithiclí.
|
________________________________________________________________
*1 Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10. agus 4.13. den Iarscríbhinn seo.
*2 Ceanglais EEDI a shonraítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Cuirfear na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI.
*3 Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10. agus 4.13. den Iarscríbhinn seo.
*4Ceanglais EEDI a shainítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI, cuirfear le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI iad.’;
(2) cuirtear isteach na Ranna 3.18., 3.19., 3.20. agus 3.21. seo a leanas:
‘3.18. Monarú comhpháirteanna gluaisteán agus comhpháirteanna soghluaisteachta
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Monarú, deisiú, cothabháil, iarfheistiú, athrú cuspóra, agus uasghrádú comhpháirteanna soghluaisteachta le haghaidh gairis soghluaisteachta phearsanta atá saor ó astaíochtaí agus córais mótarfheithiclí agus córais soghluaisteachta, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus páirteanna spártha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (18) go (21) agus (23) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*1, a chineálcheadaítear, a dheartar, agus a thógtar lena n‑úsáid i bhfeithiclí agus i mbusanna de chatagóir M1, M2, M3, N1, N2 agus N3 agus iontu sin amháin, agus in Airteagal 3, pointí (15) go (18) agus (21) de Rialachán (AE) 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*2, a chineálcheadaítear, a dheartar, agus a thógtar lena n‑úsáid i bhfeithiclí de chatagóir L agus iontu sin amháin, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Roinn seo agus atá fíor-riachtanach chun feidhmíocht chomhshaoil na feithicle a bhaint amach agus a fheabhsú.
Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo eisiata ó Ranna 3.3. agus 3.6. den Iarscríbhinn seo.
I gcás ina bhfuil feidhm ag Ranna 3.2. agus 3.4. den Iarscríbhinn seo, eisiatar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo ón Roinn seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C22.2, C26.1, C26.2, 26.3, 26.4, C28.14, C28.15, C29.2, C29.3, agus C33.17 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
1.Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch comhpháirteanna a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a iarfheistiú, a gcuspóir a athrú agus a uasghrádú, ar comhpháirteanna iad atá fíor-riachtanach chun an fheidhmíocht chomhshaoil a bhaint amach agus a fheabhsú le haghaidh na bhfeithiclí seo a leanas:
(a)gairis iompair paisinéirí uirbeacha, fo-uirbeacha agus bóthair, i gcás ina bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na feithiclí;
(b)feithiclí arna n‑ainmniú mar fheithiclí de chatagóirí M2 agus M3*3 i gcás ina bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 ag na feithiclí;
(a)feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 arna n‑aicmiú mar fheithiclí saothair éadroim*4i gcás ina bhfuil na hastaíochtaí sonracha CO2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*5, nialasach;
(b)feithiclí de chatagóir L*6 lena mbaineann astaíochtaí sceithphíopa CO2 comhionann le 0 g CO2e/km arna ríomh i gcomhréir leis an tástáil astaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 168/2013;
(c)feithiclí i gcatagóirí N2 agus N3, agus N1 a aicmítear mar fheithiclí tromshaothair, nach bhfuil tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar lena mbaineann uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil nach mó ná 7,5 tona atá ina ‘bhfeithiclí tromshaothair atá saor ó astaíochtaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*7.
2.Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch comhpháirteanna soghluaisteachta a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a iarfheistiú, a gcuspóir a athrú, agus a nuashonrú le haghaidh gairis ghluaiseachta phearsanta a bhfuil tiomáint acu a thagann ó ghníomhaíocht coirp an úsáideora, ó mhótar astaíochtaí nialasacha, nó ó mheascán de mhótar astaíochtaí nialasacha agus de ghníomhaíocht coirp.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:
(a)amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b)dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c)bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d)faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo
I gcás inarb infheidhme, níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach agus caidmiam sna comhpháirteanna agus sna páirteanna.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
3.19. Monarú comhábhar rothstoic iarnróid
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Monarú, suiteáil, comhairliúchán teicniúil, iarfheistiú, uasghrádú, deisiú, cothabháil agus athrú cuspóra táirgí, trealaimh, córas, agus bogearraí a bhaineann leis na comhábhair iarnróid a shonraítear i bPointe 2.7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797.
Tá na comhábhair agus na seirbhísí sin fíor-riachtanach don fheidhmíocht chomhshaoil, d’oibriú agus d’fheidhmiú feadh shaolré an rothstoic iarnróid a chomhlíonann Roinn 3.3 den Iarscríbhinn seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C30.2, C27.1, C27.9 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo eisiata ó Ranna 3.3. agus 3.6. den Iarscríbhinn seo.
Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch táirgí, trealamh, córais nó bogearraí a mhonarú, a shuiteáil, a iarfheistiú, a dheisiú, a chothabháil, a uasghrádú nó a gcuspóir a athrú, ar táirgí, trealamh, córais nó bogearraí iad a bhaineann leis na comhábhair iarnróid seo a leanas a shonraítear i bPointe 2.7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 nó soláthraíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch seirbhísí comhairliúcháin teicniúla gaolmhara:
Tá na comhábhair agus na seirbhísí sin fíor-riachtanach don fheidhmíocht chomhshaoil, d’oibriú agus d’fheidhmiú feadh shaolré ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí a liostaítear thíos:
(a)traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu a chomhlíonann Roinn 3.3. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)traenacha, carráistí paisinéirí agus vaigíní a bhfuil astaíocht nialasach dhíreach sceithphíopa CO2 acu nuair a oibrítear iad ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach); a chomhlíonann Roinn 3.3. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:
(a)amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b)dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c)bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d)faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
I gcás inarb infheidhme, níl luaidhe, mearcair, cróimiam heicsifhiúsach ná caidmiam sna feithiclí.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
3.20. Monarú, suiteáil, agus seirbhísiú trealaimh leictrigh ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais le haghaidh tarchur leictreach as a dtagann nó a chumasaíonn rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Déanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch táirgí, trealamh nó córais leictreacha, nó bogearraí a fhorbairt, a mhonarú, a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú arb é is aidhm dóibh laghduithe substaintiúla a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcórais tarchurtha agus dáilte leictreachais ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais trí leictriú, éifeachtúlacht fuinnimh, comhtháthú fuinnimh in-athnuaite nó tiontú éifeachtúil cumhachta.
Áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch córais chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú san eangach leictreachais, uathoibriú, solúbthacht agus cobhsaíocht na n‑eangacha a idirnascadh nó a mhéadú, freagairt don éileamh a bhainistiú, iompar nó teas ísealcharbóin a fhorbairt, nó teicneolaíochtaí méadraithe cliste a úsáid chun feabhas substaintiúil a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh.
Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir sin trealamh giniúna teasa agus cumhachta ná fearais leictreacha.
I gcás ina dtagann gníomhaíocht eacnamaíoch faoin Roinn seo agus faoi Roinn 4.9. den Iarscríbhinn seo, tá feidhm ag Roinn 4.9. den Iarscríbhinn seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C26.51, C27.1, C27.3, C27.9, C33.13, C33.14 agus C33.2 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
1. Déanann an ghníomhaíocht monarú, suiteáil nó cothabháil ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, nó soláthraíonn sí seirbhísí cothabhála, deisithe agus comhairliúcháin theicniúil, ar seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas ar feadh a saolré:
(a)stáisiúin athluchtaithe feithiclí leictreacha agus bonneagar tacaíochta leictreach chun iompar a leictriú atá suiteáilte go príomha chun luchtú feithiclí leictreacha a chumasú.
Eisiatar aon ghníomhaíocht a áirítear i Roinn 7.4. ón bpointe sin.
(b)gairis sreangaithe tarchurtha agus dáileacháin a iompraíonn sruth agus gairis sreangaithe tarchurtha agus dáileacháin nach n‑iompraíonn sruth chun ciorcaid leictreacha a shreangú, agus claochladáin a chomhlíonann ceanglais Leibhéal 2 (an 1 Iúil 2021) maidir le claochladáin mhórchumhachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 548/2014 ón gCoimisiún*8, agus claochladáin mheánchumhachta ag a bhfuil an voltas is airde do threalamh nach mó ná 36 kV, lena mbaineann ceanglais leibhéal AA0 maidir le caillteanais gan lód a leagtar amach i sraith chaighdeánach EN 50708, ar choinníoll go gcuireann na gairis agus na claochladáin sin le cion an fhuinnimh in-athnuaite sa chóras a mhéadú nó le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;
(c)táirgí, trealamh agus córais leictreacha ísealvoltais, lena méadaítear inrialaitheacht an chórais leictreachais, agus lena rannchuidítear le cion an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú nó éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, is iad sin:
(I)scoradáin chiorcaid, lascthrealamh, lasc-chláir, cláir phainéil nó lárionaid rialaithe ísealvoltais atá in-nasctha, uathoibrithe nó feistithe le gairis mhéadraithe fuinnimh nó cumhachta agus a chomhlíonann IEC TR 63196 Lascthrealamh agus Trealamh rialaithe Ísealvoltais agus a gcóimeálacha – Éifeachtúlacht fuinnimh;
(II)Córais Leictreonacha Baile agus Foirgníochta (HBES), dá dtagraítear i sraith EN IEC 63044, i gcás ina bhfuil gá leis na táirgí agus na córais chun ídiú fuinnimh a thomhas, a rialú agus a laghdú;
(III)teicneolaíochtaí lena gcumasaítear éifeachtúlacht fuinnimh suiteálacha ísealvoltais a mhéadú, a aithnítear faoi HD 60364-8-1: Suiteálacha leictreacha ísealvoltais – Cuid 8-1: Éifeachtúlacht fuinnimh agus HD 60364-8-82: Suiteálacha leictreacha ísealvoltais – Cuid 8-82: Gnéithe feidhmiúla – Suiteálacha leictreacha ísealvoltais táirgeora is tomhaltóir, lena n‑áirítear méadair fuinnimh agus chumhachta, taispeáint sheachtrach custaiméara, cúiteamh cumhachta, cúiteamh céime agus scagadh agus córais leictreacha éifeachtúla mótarthiomáinte;
(d)déantar lascthrealamh agus gléasanna rialaithe ardvoltais agus meánvoltais lena méadaítear inrialaitheacht an chórais leictreachais a chomhtháthú chun cion an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú nó chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
Comhlíonann an trealamh dá dtagraítear i bpointe (d) seo EN 62271-1 Lascthrealamh agus gléas rialaithe ardvoltais – Cuid 1: Sonraíochtaí coiteanna maidir le lascthrealamh agus gléas rialaithe srutha ailtéarnaigh agus EN 62271-200 Lascthrealamh agus gléas rialaithe ardvoltais – Cuid 200: Lascthrealamh agus gléas rialaithe SA atá iata i miotal le haghaidh voltais rátaithe os cionn 1 kV agus suas le 52 kV agus an voltas sin san áireamh nó le EN 62271-203 Lascthrealamh agus gléas rialaithe ardvoltais – Cuid 203: Lascthrealamh gás-inslithe atá iata i miotal le haghaidh voltais rátaithe os cionn 52 kV;
(e)trealamh, córais agus seirbhísí chun freagairt don éileamh agus chun an t‑ualach a aistriú lena méadaítear solúbthacht an chórais leictreachais agus lena dtacaítear le cobhsaíocht na heangaí, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
(I)réitigh chun faisnéis a iompar chuig úsáideoirí le haghaidh cianghníomhú ar sholáthar nó ar ídiú fuinnimh, lena n‑áirítear moil sonraí custaiméara;
(II)lárionaid rialaithe uathoibrithe do bhainistiú lóid agus a bpríomh-chomhpháirteanna (lasc-chláir, teagmhálaithe, athsheachadáin, scoradáin chiorcaid, lasca aistrithe uathoibríocha).
Suiteáiltear croí-chomhpháirteanna mar chuid d’ionaid rialaithe;
(III)i gcás nach n‑áirítear iad i Roinn 8.2., ard-bhogearraí agus anailísíocht chun éifeachtúlacht agus uathoibriú líonraí leictreachais a uasmhéadú nó chun acmhainní fuinnimh díláraithe a chomhtháthú, ar leibhéal na heangaí leictreachais nó tionscail, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
(a)seomraí ardrialaithe, fostáisiúin leictreacha a uathoibriú, acmhainneacht rialaithe voltais;
(b)bogearraí oibriúcháin lena gcuirtear ar a gcumas d’oibreoirí oibriú na n‑eangach a ionsamhlú chun cobhsaíocht na heangaí a áirithiú, Acmhainní Fuinnimh Dáilte a bhainistiú nó feidhmíocht eangaí a fheabhsú.
Tacaíonn na bogearraí le saintréithe eangaí dinimiciúla is gá chun an t‑aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite. Tá sé in ann sonraí a phróiseáil ó thomhais na heangaí gar d’fhíor-am chun breathnú ar an gcaoi a dtarlaíonn tarchur, dáileadh agus ídiú na cumhachta i ndáiríre, agus an fhaisnéis sin a úsáid chun staidéir ionsamhlúcháin agus gníomhaíochtaí oibriúcháin a fheabhsú, lena n‑áirítear éaradh seirbhíse, lándorchú, agus dramhaíl a sheachaint;
(IV)i gcás nach n‑áirítear iad i Roinn 8.2., bogearraí a thacaíonn le dearadh agus pleanáil eangacha nua nó uasghráduithe eangaí.
Tacaíonn na bogearraí le saintréithe eangaí dinimiciúla atá ag teastáil chun an t‑aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite, lena n‑áirítear giniúint cumhachta luainí ar an leibhéal dáileacháin (‘táirgeoirí is tomhaltóir’), treoracha sreafa cumhachta a athrú, agus aonaid stórála eangaí a úsáid;
(V)braiteoirí meitéareolaíocha chun táirgeadh in-athnuaite leictreachais a thuar;
(VI)rialaitheoirí agus athsheachadáin in-nasctha neamhspleácha nó leabaithe lena gcumasaítear úsáid éifeachtúil foinsí leictreacha agus lód leictreach;
(VII)trealamh scoite lóid agus aistrithe lóid le haghaidh trealamh bainistithe lóid agus aistrithe foinse, i gcás ina bhfuil an trealamh i gcomhréir le EN IEC 62962:2019 Ceanglais ar leith maidir le trealamh scoite lóid;
(f)i gcás nach n‑áirítear i Roinn 8.2., córais chumarsáide, bogearraí agus trealamh rialaithe, táirgí, córais, agus seirbhísí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh nó comhtháthú fuinnimh in-athnuaite:
(I)trealamh lenar féidir leictreachas in-athnuaite a mhalartú go sonrach idir úsáideoirí;
(II)teicneolaíocht nó seirbhísí malartaithe ceallraí, a thacaíonn le leictriú iompair;
(III)córais bhainistithe micreangaí;
(IV)córais bhainistithe fuinnimh nó cumhachta, córais rialaithe fuinnimh nó cumhachta agus córais SCADA le haghaidh bainistiú cumhachta;
(V)teagmhálaithe, tosaitheoirí mótair agus rialaitheoirí mótair atá in-nasctha nó uathoibrithe agus lenar féidir ídiú leictreachais a rialú go cianda nó go huathoibríoch agus an t‑athrú lóid a optamú;
(VI)tiomántáin luais inathraithe agus réitigh eile maidir le tiomantán luais inathraithe, seachas tosaitheoirí boga, lena gcumasaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfeidhmeanna mótair leictrigh, i gcás ina bhfuil an trealamh i gcomhréir le EN 61800-9-1: Córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe - Cuid 9-1: Éicidhearthóireacht do chórais tiomána cumhachta, do thosaitheoirí mótair, do leictreonaic chumhachta agus dá bhfeidhmeanna tiomáinte - Ceanglais ghinearálta maidir le caighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú do threalamh cumhacht-tiomáinte a úsáideann an cur chuige táirge leathnaithe (EPA) agus an tsamhail leathanailíseach (SAM) agus EN 61800-9-2: Córais tiomána cumhachta leictrí le luas inchoigeartaithe - Cuid 9-2: Éicidhearthóireacht do chórais tiomána cumhachta, do thosaitheoirí mótair, do leictreonaic chumhachta agus dá bhfeidhmeanna tiomáinte - Táscairí éifeachtúlachta fuinnimh do chórais tiomána cumhachta agus do thosaitheoirí mótair;
(VII)mótair leictreacha ísealvoltais a bhfuil aicme éifeachtúlachta fuinnimh acu (de réir EN 60034-30-1: Meaisíní leictreacha rothlacha - Cuid 30-1: Aicmí éifeachtúlachta de mhótair SA líne-oibrithe (cód IE)) a sháraíonn na ceanglais a leagtar síos le Rialachán 2019/1781 ón gCoimisiún*9, go sonrach:
(a)mótair leictreacha aon phas ag a bhfuil aschur rátaithe 0,12 kW nó níos mó ná sin agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta IE3 nó níos mó ná sin acu;
(b)Mótair sábháilteachta mhéadaithe ex eb ag a bhfuil aschur rátaithe idir 0,12 kW agus 1 000 kW, a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu agus aicme éifeachtúlachta IE3 nó níos airde;
(c)Mótair 3 phas a bhfuil aschur rátaithe acu idir 0,75 kW agus 1000 kW, a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu, nach mótair sábháilteachta mhéadaithe Ex eb iad agus ag a bhfuil (i) aicme éifeachtúlachta IE5 acu do mhótair a bhfuil 2, 4 nó 6 phol acu agus cumhacht rátaithe idir 75 kW agus 200 kW, (ii) aicme éifeachtúlachta IE4 nó níos airde acu do gach mótar eile;
(d)Mótair 3 phas ag a bhfuil aschur rátaithe idir 0,12 kW agus 0,75 kW, a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu nach mótair sábháilteachta mhéadaithe ex eb iad agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta IE3 nó níos airde;
(e)Mótair 3-phas VSD amháin a bhfuil aschur rátaithe idir 0,75 kW agus 1 000 kW acu a bhfuil 2, 4, 6 phol nó 8 bpol acu, atá aicmithe de réir EN IEC TS 60034-30-2 agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta IE5;
(VIII)mótair mheánvoltais agus ardvoltais a bhfuil cumhacht rátaithe os cionn 1 000 kW acu agus ag a bhfuil aicme éifeachtúlachta fuinnimh IE 4 nó níos airde de réir dhréachtchaighdeán IEC 60034-30-3.
2. Níl na gnéithe seo a leanas comhlíontach:
(a)bonneagar atá dírithe ar nasc díreach a chruthú nó ar nasc díreach atá ann cheana a fhorleathnú idir fostáisiún nó líonra agus gléasra táirgthe cumhachta atá níos déine ó thaobh gás ceaptha teasa de ná 100 g CO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré. Níl feidhm ag an eisiamh sin ach amháin maidir le trealamh a úsáidtear go díreach chun ceangal a dhéanamh le gléasra táirgthe cumhachta atá níos déine ó thaobh gás ceaptha teasa de ná 100 g CO2e/kWh arna thomhas ar bhonn saolré, nó chun an nasc le gléasra táirgthe cumhachta a threisiú;
(b)táirgí, trealamh, córais agus bogearraí atá suiteáilte i mbonneagar atá tiomnaithe d’eastóscadh, d’iompar, do dháileadh, do stóráil, do mhonarú nó do chlaochlú breoslaí iontaise.
3. Lascthrealamh le meán inslithe nó briste ag baint úsáid as gáis le Poitéinseal Téimh Dhomhanda os cionn 10, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, níl siad comhlíontach.
I gcás gach raon cumhachta, níl trealamh lasc ina bhfuil SF6 comhlíontach.
4. Comhlíonann na táirgí, an trealamh agus na córais uile na ceanglais éigeantacha feidhmíochta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair a leagtar síos i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*10. Tagraíonn monaróirí do na ceanglais feidhmíochta is infheidhme is déanaí san Aontas.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:
(a)amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b)dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c)bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d)faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
3.21. Monarú aerárthaí
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Monarú, deisiú, cothabháil, ollchóiriú, iarfheistiú, dearadh, athrú cuspóra agus uasghrádú aerárthaí agus páirteanna agus trealamh aerárthaí*11.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE, go háirithe C30.3 agus C33.16 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
Déanann an ghníomhaíocht ceann amháin díobh seo a leanas a mhonarú, a dheisiú, a chothabháil, a ollchóiriú, a iarfheistiú, a dhearadh, a chuspóir a athrú, nó a uasghrádú:
(a)na haerárthaí le hastaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;
(b)go dtí an 31 Nollaig 2027, na haerárthaí, seachas aerárthaí a tháirgtear le haghaidh eitlíocht ghnó phríobháideach nó tráchtála, a chomhlíonann na corrlaigh a shonraítear thíos agus atá teoranta leis an gcóimheas athsholáthair chun a áirithiú nach méadóidh an seachadadh líon an chabhlaigh dhomhanda:
(I)a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 5,7 t agus níos lú ná 60 t nó cothrom leis sin acu agus ag a bhfuil luach méadrach deimhnithe astaíochtaí CO2 11 % níos lú, ar a laghad, ná teorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO)*12;
(II)a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 60 t agus níos lú ná 150 t nó cothrom leis sin acu agus ag a bhfuil luach méadrach deimhnithe astaíochtaí CO2 2 % níos lú, ar a laghad, ná teorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;
(III)a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 150 t acu agus ag a bhfuil luach méadrach deimhnithe astaíochtaí CO2 1.5 % níos lú, ar a laghad, ná teorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Beidh an sciar de chomhlíonadh Tacsanomaíochta na n‑aerárthaí incháilithe teoranta ag an gcóimheas athsholáthair. Déanfar an cóimheas athsholáthair a ríomh bunaithe ar chion na n‑aerárthaí a tharraingítear siar go buan óna n‑úsáid le haerárthaí a sheachadtar ar an leibhéal domhanda ar an meán le linn na 10 mbliana roimhe sin, mar a léirítear le sonraí fíoraithe atá le fáil ó sholáthraithe sonraí neamhspleácha.
In éagmais deimhniú maidir le luachanna méadracha astaíochtaí CO2 lena ndeimhnítear an corrlach is gá do theorainn Cineáil Nua chaighdeán na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, tabharfaidh monaróir na n‑aerárthaí dearbhú go gcomhlíonann na haerárthaí an leibhéal feidhmíochta agus na corrlaigh feabhais is gá ar choinníoll go bhfuil na haerárthaí deimhnithe faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
(c)ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2032, na haerárthaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i bpointe (b) den fhoroinn seo agus atá deimhnithe chun oibriú ar chumasc 100 % de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:
(a)amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b)dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c)bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d)faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann na haerárthaí Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.
Comhlíonann na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) den Roinn seo na caighdeáin seo a leanas:
(a)leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i gcás nach lú ná 22 EPNdB suim na ndifríochtaí ag na trí phointe tomhais idir na huasleibhéil torainn agus na huasleibhéil torainn cheadaithe atá sonraithe in 14.4.1.1, 14.4.1.2 agus 14.4.1.3;
(b)leasú 10 d’Imleabhar II (astaíochtaí innill), Caibidlí 2 agus 4, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
________________________________________________________________
*1 Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
*2 Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
*3 Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858.
*4 Mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/858.
*5 Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
*6 Mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 168/2013.
*7 Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
*8 Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2014 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le claochladáin bheagchumhachta, mheánchumhachta agus mhórchumhachta (IO L 152, 22.5.2014, lch. 1).
*9 Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún (IO L 272, 25.10.2019, lch. 74).
*10 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
*11 Áirítear ar an ngníomhaíocht monarú páirteanna agus trealaimh agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, chomh maith le Cothabháil, Deisiú agus Ollchóiriú (CDO), a mhéid is féidir iad sin a nascadh le cineál aerárthaigh incháilithe agus a fheabhsaítear nó a choinnítear leibhéal éifeachtúlachta an aerárthaigh ar bun leo.
*12 Imleabhar 3 (astaíochtaí CO2) caighdeán cosanta comhshaoil na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta atá in Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, an chéad eagrán.’;
(3) i Roinn 4.4., san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*1.
|
________________________________________________________________
*1 Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).’;
(4) i Roinn 4.9., san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, pointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) claochladáin tarchurtha agus dáileacháin a shuiteáil lena gcomhlíontar ceanglais Leibhéal 2 (an 1 Iúil 2021) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 ón gCoimisiún agus, maidir le claochladáin mheánchumhachta lena mbaineann an voltas is airde do threalamh nach bhfuil níos mó ná 36 kV, le ceanglais leibhéil AA0 ar chaillteanais gan lód a leagtar amach i gcaighdeán EN 50588‑1*1.
_______________________________________
*1
CEI EN 50588-1 Claochladáin mheánchumhachta 50 Hz, lena mbaineann an voltas is airde do threalamh nach bhfuil níos mó ná 36 kV.’;
(5) i Roinn 4.26., san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):
‘
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC).
Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir le ceanglais Threoir 2000/60/CE agus le ceanglais Threoir 2013/51/Euratom ón gComhairle lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
’;
(6) i Roinn 4.27., i bhforoinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):
‘
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC).
Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE maidir le huisce óil a thógáil agus i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
’;
(7) i Roinn 4.28., san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Critéir bhreise a bhaineann le Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):
‘
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh teas dramhaíola a theorannú, oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre ag úsáid fuaraithe fhliuch aonuaire trí uisce a ghlacadh ó abhainn nó rialú locha:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha fionnuisce tar éis an mheasctha, agus
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce fuarúcháin sceite agus an dobharlach glactha fionnuisce.
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC).
Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir le ceanglais Threoir 2000/60/CE maidir le huisce óil a thógáil agus i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.
|
’;
(8) i Roinn 6.3., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóir M, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).
I gcás inarb infheidhme, comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.
|
’;
(9) i Roinn 6.5., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí saothair éadroim Euro 6*1 a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
Comhlíonann feithiclí na tairseacha astaíochtaí le haghaidh feithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*2.
Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).
Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*3.
|
_____________________________________________
*1 Rialachán (AE) 2018/1832 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar na tástálacha agus na nósanna imeachta um chineálcheadú astaíochtaí i gcás feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála, lena n‑áirítear iad sin le haghaidh comhréireacht inseirbhíse agus astaíochtaí fíorthiomána, agus chun gairis a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas breosla agus fuinnimh leictrigh (IO L 301, 27.11.2018, lch. 1).
*2 Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
*3 Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 70/157/CEE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 131).’;
(10) i Roinn 6.6., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL). Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI*1 a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.
Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014.
|
_____________________________________________
*1 Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1).’;
(11)
Leasaítear Roinn 6.7. mar a leanas:
a) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, cuirtear isteach pointe (c):
‘(c)
i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní rachaidh meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe*1 thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)15,3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 do dtí an 31 Nollaig 2049;
(f)0 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí iompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.
|
__________________________________________
*1Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.’;
(12) Leasaítear Roinn 6.8. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointe 1., cuirtear isteach pointe (c):
‘(c)
i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní rachaidh meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord nó a úsáideann flít cabhlach cuideachta le linn tréimhse tuairiscithe*1 thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)15,3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 do dtí an 31 Nollaig 2049;
(f)0 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh.’
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4) agus (5):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann innill i soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n‑áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh chineálcheadaithe amhail trí iarchóireáil).
|
__________________________________________
*1 Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
’;
(13) Leasaítear Roinn 6.9. mar a leanas:
(a) i bhforoinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
‘1. Leis an ngníomhaíocht iarfheistithe, baintear amach ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:
(a)ídiú breosla an tsoithigh paisinéirí intíre a laghdú 15 % ar a laghad arna shloinneadh in aghaidh an aonaid fuinnimh in aghaidh an turais iomláin (cúrsáil paisinéirí iomlán), mar a léirítear le ríomh comparáideach do na limistéir loingseoireachta ionadaíocha (lena n‑áirítear próifílí lóid ionadaíocha agus teacht chun cé) ina mbeidh an soitheach le hoibriú nó trí bhíthin torthaí tástálacha samhla nó ionsamhlúchán;
(b)ídiú breosla an tsoithigh lasta intíre a laghdú 15 % ar a laghad arna shloinneadh in aghaidh an aonaid fuinnimh in aghaidh an tona-ciliméadair, mar a léirítear le ríomh comparáideach do na limistéir loingseoireachta ionadaíocha (lena n‑áirítear próifílí lóid ionadaíocha) ina mbeidh an soitheach le hoibriú nó trí bhíthin torthaí tástálacha samhla nó ionsamhlúchán.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4) agus (5):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann innill i soithí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 (lena n‑áirítear soithí a chomhlíonann na teorainneacha sin gan réitigh chineálcheadaithe amhail trí iarchóireáil).
|
’;
(14) Leasaítear Roinn 6.10. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointe 1., cuirtear isteach na pointí (e) agus (f) seo a leanas:
‘(e) i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, na soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite*1 tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme ón 1 Aibreán 2022*2, agus:
(a)tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.
(f) i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de an critéar i bpointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, anuas ar luach Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach atá coibhéiseach chun laghdú 10 bpointe céatadáin ar a laghad a dhéanamh ar líne thagartha EEDI faoi bhun cheanglais EEXI is infheidhme ón 1 Eanáir 2023*3, ní théann meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe*4 thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)15.3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 ar aghaidh.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’ cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4) agus (5):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
I gcás long atá ann cheana atá os cionn 500 olltonnáiste agus na longa nuathógtha a chuirfear ina n‑ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*5. Déantar na dramhlonga a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún*6.
Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*7 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.
Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (Coinbhinsiún MARPOL IMO), go háirithe chun cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*8, agus Rialachán 14*9 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Ní mó ná mais 0,5 % (an teorainn dhomhanda sulfair) agus mais 0,1 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) an sulfar in ábhar breosla maidir le hocsaídí sulfair arna n‑ainmniú ag IMO*10 sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt le cois sa Mheánmhuir (ó 2025 ar aghaidh).
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13*11 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n‑oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) chun astaíochtaí NOx*12 a laghdú.
Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.
Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
|
__________________________________________
*1 Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10 agus 4.13 den Iarscríbhinn seo.
*2 Ceanglais EEDI a shainmhínítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Cuirfear na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI.
*3 Ceanglais EEXI a shainmhínítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 76ú seisiún. Ní mór na pointí céatadáin sainithe i gcritéir scagtha theicniúla na Tacsanomaíochta le haghaidh EEXI a chur le fachtóir laghdaithe céatadáin EEXI. (Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach), sainordaitheach ón 1 Eanáir 2023 le haghaidh gach long in iompar muirlasta/paisinéirí, chun a n‑éifeachtúlacht fuinnimh a thomhas agus chun tús a chur le bailiú sonraí chun an Táscaire um Dhéine Carbóin (CII) bhliantúil oibríochtúil agus chun an rátáil CII a thuairisciú. (leagan [dáta an ghlactha]: https://www.imo.org/en/MediaCentre/HotTopics/Pages/EEXI-CII-FAQ.aspx).
*4 Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
*5 Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).
*6 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 119).
*7 Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).
*8 Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).
*9 (Leagan [dáta an ghlactha]: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Sulphur-oxides- (SOx)-%E2%80%93-Regulation-14.aspx).
*10 A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a leathnú chun farraigí eile san Aontas Eorpach a chumhdach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar theorainn na Meánmhara.
*11 (Leagan [dáta an ghlactha]: http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Nitrogenoxides-(NOx)-–-Regulation-13.aspx).
*12 I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ó 2021, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.’;
(15) Leasaítear Roinn 6.11. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, cuirtear isteach na pointí (d) agus (e) seo a leanas:
‘(d) i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, na soithí atá inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite*1 tá luach de chuid Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) acu atá coibhéiseach le líne thagartha EEDI a laghdú 20 pointe céatadáin ar a laghad faoi cheanglais EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022*2, agus:
(a)tá siad in ann plugáil isteach agus iad i mbeart;
(b)i gcás longa a bhreoslaítear le gás, léiríonn siad an úsáid a bhaintear as bearta agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun astaíochtaí sceite meatáin a mhaolú.
(e) i gcás nach bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de pointe (a) a chomhlíonadh, ón 1 Eanáir 2026, anuas ar luach Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach atá coibhéiseach chun laghdú 10 bpointe céatadáin ar a laghad a dhéanamh ar líne thagartha EEDI faoi bhun cheanglais EEXI is infheidhme ón 1 Eanáir 2023*3, nach dtéann meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe*4 thar na teorainneacha seo a leanas:
(a)76,4 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2026 do dtí an 31 Nollaig 2029;
(b)61,1 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2030 do dtí an 31 Nollaig 2034;
(c)45,8 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2035 do dtí an 31 Nollaig 2039;
(d)30,6 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2040 do dtí an 31 Nollaig 2044;
(e)15.3 g CO2e/MJ ón 1 Eanáir 2045 ar aghaidh.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4) agus (5):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí iompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.
Maidir le longa atá ann cheana os cionn 500 olltonnáiste agus na longa nuathógtha a thagann ina n‑ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Déantar na dramhlonga a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.
Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.
Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (Coinbhinsiún MARPOL IMO), go háirithe chun cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Ní mó ná mais 0,50 % (an teorainn dhomhanda sulfair) agus mais 0,10 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) an sulfar in ábhar breosla maidir le hocsaídí sulfair arna n‑ainmniú ag IMO*5 sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt le cois sa Mheánmhuir (ó 2025 ar aghaidh).
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n‑oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) lena laghdaítear astaíochtaí NOx*6.
Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.
Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
|
__________________________________________
*1 Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10. agus 4.13. den Iarscríbhinn seo.
*2Ceanglais EEDI a shainítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 75ú seisiún. Cuirfear na pointí céatadáin sainithe sna critéir scagtha theicniúla le haghaidh EEDI le fachtóir laghdaithe céatadáin EEDI.
*3 Ceanglais EEXI a shainmhínítear mar fhachtóir laghdaithe céatadáin, atá le cur i bhfeidhm ar luach tagartha EEDI, mar a chomhaontaigh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag a 76ú seisiún. Ní mór na pointí céatadáin sainithe i gcritéir scagtha theicniúla na Tacsanomaíochta le haghaidh EEXI a chur le fachtóir laghdaithe céatadáin EEXI. (Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana (EEXI) a baineadh amach), sainordaitheach ón 1 Eanáir 2023 le haghaidh gach long in iompar muirlasta/paisinéirí, chun a n‑éifeachtúlacht fuinnimh a thomhas agus chun tús a chur le bailiú sonraí chun an Táscaire um Dhéine Carbóin (CII) bhliantúil oibríochtúil agus chun an rátáil CII a thuairisciú. (leagan [dáta an ghlactha]: https://www.imo.org/en/MediaCentre/HotTopics/Pages/EEXI-CII-FAQ.aspx).
*4 Fíoraíonn tríú páirtí neamhspleách déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann long ar bord agus ríomhtar é mar mhéid na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta agus na luachanna réamhshocraithe a shonraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
*5 A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a leathnú chun farraigí eile san Aontas Eorpach a chumhdach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar theorainn na Meánmhara.
(16) Leasaítear Roinn 6.12. mar a leanas:
(a) i bhforoinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
‘1. Comhlíonann an ghníomhaíocht ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)
leis an ngníomhaíocht iarfheistithe, laghdaítear ídiú breosla an tsoithigh 15 % ar a laghad, arna shloinneadh i ngraim breosla in aghaidh an tona meá-lasta in aghaidh an mhuirmhíle le haghaidh soithí lasta, nó in aghaidh an olltonnáiste in aghaidh an mhuirmhíle le haghaidh soithí paisinéirí, mar a léirítear le dinimic ríomhaireachtúil na sreabhán (CFD), tástálacha umair nó ríomhanna innealtóireachta;
(b)
cuirtear ar a chumas do na soithí luach Innéacs maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh na Long atá ann cheana ar a laghad 10 % faoi bhun cheanglais EExi is infheidhme ón 1 Eanáir 2023 a bhaint amach, agus má tá na soithí inoibrithe ar bhreoslaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) acu nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite*1, agus a bhfuil an cumas acu plugáil agus iad i mbeart agus feistithe le teicneolaíocht cumhachta inluchtaithe.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’ cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4) agus (5):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
Maidir le longa atá ann cheana os cionn 500 olltonnáiste agus na longa nuathógtha a thagann ina n‑ionad, comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Déantar na dramhlonga a athchúrsáil i saoráidí atá san áireamh ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long mar a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2016/2323 ón gCoimisiún.
Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir (AE) 2019/883 a mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thionchair dhiúltacha mar thoradh ar sceitheadh dramhaíola as longa.
Oibrítear an long i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (Coinbhinsiún MARPOL IMO), go háirithe chun cainníochtaí laghdaithe dramhaíola a tháirgeadh agus chun sceitheadh dleathach a laghdú, trína dramhaíl a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí sulfair agus ábhair cháithníneacha a laghdú, comhlíonann soithí Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Ní mó ná mais 0,50 % (an teorainn dhomhanda sulfair) agus mais 0,10 % sa limistéar rialaithe astaíochtaí (ECA) an sulfar in ábhar breosla maidir le hocsaídí sulfair arna n‑ainmniú ag IMO*2 sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt le cois sa Mheánmhuir (ó 2025 ar aghaidh).
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx), comhlíonann soithí Rialachán 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO. Tá feidhm ag ceanglas NOx Leibhéal II maidir le longa a tógadh i ndiaidh 2011. Agus iad á n‑oibriú i limistéir rialaithe astaíochtaí NOx a bunaíodh faoi rialacha IMO agus sin amháin, comhlíonann longa a tógadh i ndiaidh an 1 Eanáir 2016 ceanglais innill níos déine (Leibhéal III) lena laghdaítear astaíochtaí NOx*3.
Comhlíonann sceitheadh uisce dhuibh agus léith Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL IMO.
Tá bearta i bhfeidhm chun tocsaineacht péinte frithsmálaithe agus táirgí bithicídeacha a íoslaghdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
|
__________________________________________
*1 Breoslaí lena gcomhlíontar na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Ranna 3.10. agus 4.13. den Iarscríbhinn seo.
*2 A mhéid a bhaineann leis na ceanglais atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialaithe Astaíochtaí a leathnú chun farraigí eile san Aontas Eorpach a chumhdach, tá cruthú ECA ábhartha faoi chreat dlíthiúil Choinbhinsiún Barcelona á phlé ag tíortha ar theorainn na Meánmhara.
*3 I bhfarraigí de chuid an Aontais, tá an ceanglas infheidhme ó 2021, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh.’;
(17) i Roinn 6.13., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.11, F42.12, F42.13, F43.21, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(18) Leasaítear Roinn 6.14. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Monarú, suiteáil, iarfheistiú, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athrú cuspóra táirgí, trealaimh, córas agus bogearraí a bhaineann le ceann amháin de na gnéithe seo a leanas agus comhairliúchán teicniúil ina leith:
(a)daingneáin iarnróid chóimeáilte;
(b)comhábhair iarnróid a shonraítear i bPointí 2.2 go 2.6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe C25.99, C27.9, C30.20, F42.12, F42.13, M71.12, M71.20, F43.21 agus H52.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointe 1., cuirtear isteach pointe (d):
‘(d) le huirlisí digiteacha, cumasaítear méadú ar éifeachtúlacht, ar acmhainneacht nó ar choigilt fuinnimh.’;
(c) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4), (5) agus (6):
‘
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil agus cuireann siad san áireamh na teicnící is fearr atá ar fáil. 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta, déantar é a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n‑áirítear oibríochtaí aislíonta ina n‑úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh*1. Úsáideann oibreoirí scartáil roghnaíoch chun gur féidir substaintí guaiseacha a bhaint agus a láimhseáil go sábháilte agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.
Maidir le comhábhair a mhonarú, déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid seo a leanas:
(a) amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b) dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c) bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d) faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise íogaireacht an limistéir dá ndéantar difear, go háirithe i dtéarmaí mhéid an daonra dá ndéantar difear, maolaítear torann agus creathanna ó úsáid an bhonneagair trí úsáid a bhaint as trinsí oscailte, bacainní balla nó bearta eile agus comhlíonann siad Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*2.
Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.
Maidir le comhábhair a mhonarú, comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Leis an ngníomhaíocht, comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá an méid seo a leanas le háirithiú chomh maith:
(a) san Aontas, i ndáil le láithreáin Natura 2000: níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe ar bhonn measúnú iomchuí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle*3;
(b) san Aontas, in aon cheantar: níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh ná do chothabháil líon na speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*4 ag stádas caomhantais fabhrach. Ní dhéantar dochar leis an ngníomhaíocht ach oiread do théarnamh ná do chothabháil na gcineálacha gnáthóige lena mbaineann agus atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE ar stádas caomhantais fabhrach.
(c) lasmuigh den Aontas, déantar gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a bhaineann le gnáthóga agus speicis a chaomhnú.
|
__________________________________________
*1 Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh, Meán Fómhair 2016: https://ec.europa.eu/docsroom/documents/20509/.
*2 Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú - Dearbhú ón gCoimisiún sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an Treoir a bhaineann le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú, (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
*3 Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
*4 Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (Leagan códaithe) (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).’;
(19) i Roinn 6.15., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cód NACE, go háirithe F42.11, F42.13, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(20) Leasaítear Roinn 6.16. mar a leanas:
(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na Foranna ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’:
‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, nuachóiriú, oibriú agus cothabháil an bhonneagair is gá le haghaidh soithí nó oibríochtaí an chalafoirt féin a oibriú saor ó astaíochtaí sceithphíopa CO2, mar aon le bonneagar atá tiomnaithe don trasloingsiú agus don athrú córa iompair agus do shaoráidí seirbhíse, do chórais sábháilteachta agus bainistithe tráchta.
Ní áirítear dreidireacht uiscebhealaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.91, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo faoi mar a thagraítear in Airteagal 10(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointe 1., cuirtear isteach pointe (e):
‘(e)
nuachóiriú an bhonneagair atá ann cheana is gá chun an t‑aistriú córa iompair a chumasú agus atá oiriúnach lena úsáid ag soithí a bhfuil astaíochtaí CO2 nialasacha díreacha (sceithphíopa) acu agus a ndearnadh measúnú fíoraithe ina leith ar an díonadh ó thaobh na haeráide de i gcomhréir leis an bhFógra ón gCoimisiún — Technical guidance on the climate proofing of infrastructure in the period 2021-2027 [Treoir theicniúil maidir le díonadh ó thaobh na haeráide de sa tréimhse 2021-2027] (2021/C 373/01).’;
(c) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3), (4), (5) agus (6):
‘
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE.
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, tá measúnú tionchair le déanamh ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speiceas cosanta atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do dhálaí neamhshuaite á gcur san áireamh go háirithe.
Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n‑áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair. Déantar measúnú, go háirithe, ar thionchair charnacha an tionscadail nua le bonneagar eile reatha nó beartaithe san abhantrach.
Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an tionscadal, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a) níl aon mheathlú sa tionscadal, ná ní chuireann sé as do dhea-stádas ná d’acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh dá mbaineann sé a bhaint amach;
(b) i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an tionscadal meathlú a dhéanamh nó baint amach dhea-stádais/acmhainneacht an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin suntasach, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:
(i) na cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuil coinne leo ón tionscadal bonneagair loingseoireachta pleanáilte i dtéarmaí na mbuntáistí le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce;
(ii) ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, an leas sáraitheach poiblí nó na sochair a bhfuil coinne leo ón ngníomhaíocht a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail réitigh bunaithe ar an dúlra, láthair mhalartach, bonneagair atá ann cheana a athshlánú/athchóiriú, nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).
Tá gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch curtha chun feidhme d’fhonn drochthionchar ar uisce a laghdú, chomh maith le gnáthóga cosanta agus speicis a bhraitheann go díreach ar uisce.
I measc na mbeart imirce, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear:
(a) bearta lena áirithiú go bhfuil coinníollacha chomh gar agus is féidir do leanúnachas nach bhfuil cur isteach air, lena n‑áirítear bearta chun fadleanúnachas agus leanúnachas cliathánach, an sreabhadh éiceolaíoch agus dríodair is lú agus is féidir a áirithiú;
(b) bearta chun coinníollacha agus gnáthóga moirfeolaíocha a chosaint nó a fheabhsú le haghaidh speiceas uisceach;
(c) bearta chun drochthionchair an eotrófaithe a laghdú.
Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada ina leagtar amach na coinníollacha a bhfuil mar aidhm leo stádas maith nó acmhainneacht an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.
Ní chuireann an tionscadal as go buan do dhea-stádas ná acmhainneacht a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.
Anuas ar na bearta maolaithe, agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear beara cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach mbíonn meath stádais dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna mar thoradh ar an tionscadal. Baintear an toradh sin amach trí bhíthin leanúnachas (fad nó cliathánach) a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an tionscadal bonneagar loingseoireachta a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil agus cuireann siad san áireamh na teicnící is fearr atá ar fáil. 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear in aicme 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE a ghintear ar an láithreán foirgníochta, déantar é a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n‑áirítear oibríochtaí aislíonta ina n‑úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh. Úsáideann oibreoirí scartáil roghnaíoch chun gur féidir substaintí guaiseacha a bhaint agus a láimhseáil go sábháilte agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.
Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:
(a) amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b) dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c) bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d) faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Déantar bearta chun torann, creathadh, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Cuireadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) nó scagadh*1 i gcrích i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE*2. I gcás ina ndearnadh MTC, tá na bearta maolaithe agus cúiteacha a éilítear chun an comhshaol a chosaint curtha chun feidhme.
Níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar limistéir faoi chosaint (láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint seachas láithreáin Natura 2000), agus speicis faoi chosaint bunaithe ar mheasúnú ar a tionchar lena gcuirtear san áireamh an t‑eolas is fearr atá ar fáil*3.
Tá an méid seo a leanas le háirithiú chomh maith:
(a) san Aontas, i ndáil le láithreáin Natura 2000: níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe ar bhonn measúnú iomchuí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle;
(b) san Aontas, in aon cheantar: níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh ná do chothabháil líon na speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE ag stádas caomhantais fabhrach. Ní dhéantar dochar leis an ngníomhaíocht ach oiread do théarnamh ná do chothabháil na gcineálacha gnáthóige lena mbaineann agus atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE ar stádas caomhantais fabhrach;
(c) san Aontas, cuirtear cosc ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, nó bainistítear a leathadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*4;
(d) lasmuigh den Aontas, déantar gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a bhaineann le gnáthóga agus speicis a chaomhnú agus le bainistiú speiceas coimhthíoch ionrach.
|
__________________________________________
*1 An nós imeachta trína gcinneann an t‑údarás inniúil cé acu a bheidh nó nach mbeidh na tionscadail a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE faoi réir ag measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin).
*2 Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme a éilíonn go ndéanfaí MTC nó scagadh, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 1 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Measúnú agus Bainistíocht Rioscaí Comhshaoil agus Sóisialta.
*3 Le haghaidh gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, a dhíríonn ar chaomhnú gnáthóg nádúrtha, fána fiáin agus flóra fiáin, agus a éilíonn go ndéantar (1) nós imeachta scagtha lena chinneadh an bhfuil gá, le haghaidh gníomhaíocht ar leith, le measúnú cuí ar na tionchair féideartha ar ghnáthóga agus speicis chosanta; (2) measúnú cuí den sórt sin i gcás ina gcinntear ón scagadh go bhfuil gá leis, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta IFC 6: Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na Beo‑Acmhainní Nádúrtha.
*4 Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).’;
(21) Leasaítear Roinn 6.17. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, nuachóiriú, cothabháil agus oibriú an bhonneagair is gá le haghaidh oibriú aerárthaí a bhfuil astaíochtaí nialasacha CO2 ón sceithphíopa acu nó le haghaidh oibríochtaí an aerfoirt féin, agus le haghaidh soláthar cumhachta leictrí fosaithe talún agus aeir réamhchóirithe d’aerárthaí atá ina stad chomh maith le bonneagar atá tiomnaithe do thrasloingsiú le hiompar d’iarnród agus d’uisce.’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, cuirtear isteach pointe (d):
‘(d) tiomnaítear an bonneagar agus na suiteálacha do thrasloingsiú lasta le hiompar d’iarnród agus d’uisce: bonneagar críochfoirt agus forstruchtúir chun earraí a lódáil, a dhílódáil agus a thrasloingsiú.’;
(22) cuirtear isteach na Ranna 6.18., 6.19., agus 6.20. seo a leanas:
‘6.18. Aerárthaí a léasú
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Aerárthaí agus páirteanna agus trealamh de chuid aerárthaí a ligean ar cíos nó a léasú*1.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE, go háirithe N77.35, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht sin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
Is éard atá sa ghníomhaíocht ceann díobh seo a leanas a ligean ar cíos nó a léasú:
(a)na haerárthaí le hastaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;
(b)an t‑aerárthach a seachadadh roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i Roinn 3.21., foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointí (b) nó (c);
(c)an t‑aerárthach a seachadadh tar éis [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i Roinn 3.21., foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointí (b) nó (c) agus an gealltanas gur fíor ceann amháin den dá rud seo a leanas i gcás aerárthach neamhchomhlíontach eile de chuid an fhlít:
(I)gur tarraingíodh siar go buan é ón úsáid laistigh de 6 mhí ón uair a sheachadtar an t‑aerárthach comhlíontach, agus sa chás sin, nach bhfuil feidhm ag an gcóimheas athsholáthair; nó
(II)gur tarraingíodh siar go buan é ón bhflít laistigh de 6 mhí tar éis an t‑aerárthach comhlíontach a sheachadadh, agus sa chás sin, go bhfuil sciar comhlíontachta Tacsanomaíochta aerárthaí incháilithe teoranta ag an gcóimheas athsholáthair mar a leagtar amach i Roinn 3.21.;
inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an aerárthach a tharraingítear siar go buan óna úsáid nó ón bhflít:
(I)tá sé neamhchomhlíontach leis na corrlaigh a leagtar amach i Roinn 3.21., foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointe (b);
(II)tá 80 % ar a laghad d’uasmheáchan tráth turgabhála an aerárthaigh chomhlíontaigh aige;
(III) d’fhan sé sa fhlít laistigh den 12 mhí, ar a laghad, sular tarraingíodh siar é;
(IV) tá cruthúnas aeracmhainneachta aige a théann siar níos lú ná 6 mhí roimh sheachadadh an aerárthaigh chomhlíontaigh.
Áirithíonn an léasóir go n‑oibrítear an t‑aerárthach i bpointe (b) nó (c) ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF) go comhsheasmhach leis na critéir a shonraítear i bpointe (d) agus i mír 2 de Roinn 6.19 den Iarscríbhinn seo.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.
Déanann an ghníomhaíocht infhaighteacht teicnící a mheasúnú agus, i gcás inarb indéanta, na teicnící sin a ghlacadh chun tacú leis an méid a leanas:
(a)amhábhair thánaisteacha agus comhpháirteanna athúsáidte a athúsáid agus a úsáid sna táirgí a mhonaraítear;
(b)dearadh don ardmharthanacht, in-athchúrsáilteacht, díchóimeáil éasca agus don inoiriúnaitheacht sna táirgí a mhonaraítear;
(c)bainistíocht dramhaíola lena dtugtar tosaíocht don athchúrsáil in áit na diúscartha sa phróiseas monaraíochta;
(d)faisnéis maidir le substaintí arb údar mór imní iad agus na substaintí sin a rianú ar feadh shaolré na dtáirgí monaraithe.
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann na haerárthaí na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.
Comhlíonann na haerárthaí dá dtagraítear san fhoroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointí (b) go (c), na caighdeáin seo a leanas:
(a)i gcás aerárthaí seachas aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i gcás nach lú ná 22 EPNdB suim na ndifríochtaí ag na trí phointe tomhais idir na huasleibhéil torainn agus na huasleibhéil torainn cheadaithe atá sonraithe in 14.4.1.1, 14.4.1.2 agus 14.4.1.3; i gcás aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;
(b)leasú 10 d’Imleabhar II (astaíochtaí innill), Caibidlí 2 agus 4, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
6.19. Aeriompar paisinéir agus lasta
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Ceannach, maoiniú agus oibriú aerárthaí lena n‑áirítear paisinéirí agus earraí a iompar.
Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch léasú aerárthaí dá dtagraítear i Roinn 6.18.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H51.1 agus H51.21 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
I gcás nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir sin an critéar maidir le rannchuidiú substaintiúil a shonraítear i bpointe (a) den Roinn seo, is gníomhaíocht idirthréimhseach í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla atá fágtha a leagtar amach sa roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
Déantar an ghníomhaíocht agus ceann de na critéir seo a leanas á úsáid:
(a)na haerárthaí le hastaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;
(b)go dtí an 31 Nollaig 2029, an t‑aerárthach a fuarthas roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 3.21., foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointí (b) nó (c);
(c)go dtí an 31 Nollaig 2029, an t‑aerárthach a fuarthas tar éis [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i Roinn 3.21., foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointí (b) nó (c), agus an gealltanas gur fíor ceann amháin den dá rud seo a leanas i gcás aerárthach neamhchomhlíontach eile de chuid an fhlít:
(I)gur tarraingíodh siar go buan é ón úsáid laistigh de 6 mhí ón uair a sheachadtar an t‑aerárthach comhlíontach, agus sa chás sin, nach bhfuil feidhm ag an gcóimheas athsholáthair; nó
(II)gur tarraingíodh siar go buan é ón bhflít laistigh de 6 mhí tar éis an t‑aerárthach comhlíontach a sheachadadh, agus sa chás sin, go bhfuil sciar comhlíontachta Tacsanomaíochta aerárthaí incháilithe teoranta ag an gcóimheas athsholáthair mar a leagtar amach i Roinn 3.21.;
inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an aerárthach a tharraingítear siar go buan óna úsáid nó ón bhflít:
(I)tá sé neamhchomhlíontach leis na corrlaigh a shainmhínítear i Roinn 3.21. foroinn ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’, pointe (b);
(II)tá 80 % ar a laghad d’uasmheáchan tráth turgabhála an aerárthaigh chomhlíontaigh aige;
(III)d’fhan sé sa fhlít laistigh den 12 mhí, ar a laghad, sular tarraingíodh siar é;
(IV)tá cruthúnas aeracmhainneachta aige a théann siar níos lú ná 6 mhí roimh sheachadadh an aerárthaigh chomhlíontaigh.
(d)ón 1 Eanáir 2030, na haerárthaí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a shonraítear i bpointí (b) agus (c) thuas agus a oibrítear le sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF), atá chomhfhreagrach do 15 % in 2030 agus a mhéadófar 2 phointe céatadáin gach bliain ina dhiaidh sin;
(e)na haerárthaí a oibrítear le sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, comhfhreagrach do 5 % SAF in 2022, agus an céatadán SAFanna ag méadú 2 phointe céatadáin gach bliain ina dhiaidh sin.
Déantar an ceanglas maidir le húsáid SAF dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) a ríomh le tagairt don bhreosla eitlíochta iomlán a úsáideann na haerárthaí comhlíontacha agus le tagairt don SAF a úsáidtear ar leibhéal an fhlít. Déanann oibreoirí comhlíonadh a ríomh mar chóimheas na cainníochta (arna sloinneadh i dtonaí) de SAF a cheannaítear ar leibhéal an fhlít arna roinnt faoin mbreosla eitlíochta iomlán arna úsáid ag na haerárthaí comhlíontacha arna iolrú faoi 100. Sainmhínítear SAF i rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí aeriompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Comhlíonann an t‑aerárthach na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.
Comhlíonann na aerárthaí na critéir scagtha theicniúla i bpointí (b) go (e) na caighdeáin seo a leanas:
(a)i gcás aerárthaí seachas aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i gcás nach lú ná 22 EPNdB suim na ndifríochtaí ag na trí phointe tomhais idir na huasleibhéil torainn agus na huasleibhéil torainn cheadaithe atá sonraithe in 14.4.1.1, 14.4.1.2 agus 14.4.1.3; i gcás aerárthaí lasta: leasú 13 d’Imleabhar I (torann), Caibidil 14 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;
(b)leasú 10 d’Imleabhar II (astaíochtaí innill), Caibidlí 2 agus 4, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
6.20. Oibríochtaí seirbhísí láimhseála ar an talamh aeriompair
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Monarú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, iarfheistiú, dearadh, athrú cuspóra agus uasghrádú, ceannach, maoiniú, ligean ar cíos, léasú agus oibriú trealaimh agus gníomhaíochtaí seirbhíse atá teagmhasach le haeriompar (láimhseáil ar an talamh), lena n‑áirítear gníomhaíochtaí seirbhíse láimhseála ar an talamh ag aerfoirt agus láimhseáil lastais, lena n‑áirítear luchtú agus díluchtú earraí ó aerárthaí.
Áirítear ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch:
(a)feithiclí le haghaidh cogairsiú aerárthaí agus seirbhísí eile laistigh den naprún;
(b)trealamh bordála paisinéirí, lena n‑áirítear tointeálacha paisinéirí, céimeanna soghluaiste;
(c)trealamh le haghaidh bagáiste agus láimhseála lastais lena n‑áirítear lódairí criosanna, tarracóirí bagáiste, trucailí pailléid aerfoirt, lódairí deice níos ísle, príomhlódairí deice;
(d)trealamh lónadóireachta lena n‑áirítear dalaithe coimeádán fionnuara, seachas trealamh le haonaid chuisniúcháin arna gcumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh;
(e)trealamh cothabhála lena n‑áirítear seastáin agus ardáin chothabhála;
(f)tugaí brú siar;
(g)trealamh dí-oighrithe le haghaidh aerárthaí agus dí-oighriú innill;
(h)céachtaí sneachta agus trealamh eile glanta sneachta agus trealamh dí-oighrithe dromchla;
(i)inleadh neamh-uathrialach.
Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch feithiclí le haghaidh paisinéirí agus criú a iompar agus le haghaidh athbhreoslú aerárthaí a úsáidtear laistigh den aerfort a chumhdaítear i Ranna 3.3., 6.3. agus 6.6 den Iarscríbhinn seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe H52.23, H52.24, H52.29 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide
|
|
Tá astaíochtaí CO2 díreacha (sceithphíopa) nialasacha ag feithiclí seirbhísí láimhseála ar an talamh.
Tagann tiomáint gach gaireas agus trealaimh seirbhísí láimhseála ar an talamh ó mhótar astaíochtaí nialasacha.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(2) Oiriúnú don athrú aeráide
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Comhlíontar na critéir a leagtar amach in Aguisín E a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo leis an ngníomhaíocht.
Maidir le gníomhaíochtaí dí-oighrithe, tá bearta i bhfeidhm chun na rialuithe sceite is gá a áirithiú ar leibhéal na n‑aerfort, chun an tionchar comhshaoil ar chúrsaí uisce a laghdú, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as ceimiceáin atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, trí aisghabháil gliocóil agus trí chóireáil uisce dromchla.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Tá bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola le linn na céime úsáide (cothabháil, oibriú seirbhísí aeriompair maidir le dramhaíl lónadóireachta) agus chun aon dramhaíl atá fágtha a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.
Tá bearta i bhfeidhm chun dramhaíl a bhainistiú agus a athchúrsáil ag deireadh a ré, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe conarthacha díchoimisiúnúcháin le soláthraithe seirbhísí athchúrsála, léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Áirithítear leis na bearta sin go ndéantar comhpháirteanna agus ábhair a dheighilt agus a chóireáil chun an athchúrsáil agus an athúsáid a uasmhéadú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, prionsabail an Aontais maidir le rialáil dramhaíola agus na rialacháin is infheidhme, go háirithe trí cheallraí agus leictreonaic agus na hamhábhair chriticiúla iontu a athúsáid agus a athchúrsáil. Áirítear ar na bearta sin freisin rialú agus bainistiú ábhar guaiseach.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
__________________________________________
*1 Áirítear leis an ngníomhaíocht léasú páirteanna agus trealaimh a mhéid is féidir iad a nascadh le cineál aerárthaigh incháilithe agus go bhfeabhsaítear nó go gcothabhálann sé leibhéal éifeachtúlachta an aerárthaigh.’;
(23) i Roinn 7.1., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann na comhpháirteanna agus ábhair foirgníochta a úsáideadh san fhoirgníocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair a úsáidtear sa tógáil a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí*1, astaíonn siad níos lú ná 0.06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha d’aicme 1A agus 1B in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir le CEN/TS 16516*2 agus ISO 16000-3:2011*3 nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánacha inchomparáide eile*4.
I gcás ina bhfuil an fhoirgníocht nua lonnaithe ar láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe (láithreán athfhorbraíochta), rinneadh an láithreán a imscrúdú le haghaidh éillitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla trí chaighdeán ISO 18400*5 a úsáid.
Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.
|
__________________________________________
*1 Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir, lena n‑áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann, insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh, amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin.
*2 CEN/TS 16516: 2013, Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh.
*3 ISO 16000-3:2011, Aer laistigh — Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – modh samplála gníomhaí (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/51812.html).
*4 Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse tástála 28 lá.
*5 Sraith ISO 18400 faoi cháilíocht Ithreach — Sampláil.’;
(24) i Roinn 7.2., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann na comhpháirteanna agus ábhair foirgníochta a úsáideadh san fhoirgníocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair a úsáidtear san athchóiriú foirgneamh a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí*1, astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha d’aicme 1A agus 1B in aghaidh an m3 den aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir le CEN/EN 16516 nó ISO 16000-3:2011*2 nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánacha inchomparáide coibhéiseacha eile*3.
Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.
|
__________________________________________
*1 Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir (lena n‑áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann), insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh (amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin).
*2 ISO 16000-3:2011, Aer laistigh — Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – modh samplála gníomhaí (leagan an 4.6.2021: https://www.iso.org/standard/51812.html).
*3 Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse tástála 28 lá.’;
(25) in Aguisín B, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘
Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar stádas maith comhshaoil a bhaint amach d’uiscí mara ná ní dhéanann sí meath ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*1, *2, agus Cinneadh (AE) 2017/848*3 ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta do na tuairisceoirí sin.
________________________________________________________________
*1 Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
*2 Foráiltear leis an sainmhíniú a leagtar síos i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE go háirithe go bhfuil stádas maith comhshaoil le cinneadh ar bhonn na dtuairisceoirí cáilíochtúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
*3 Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnú, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2010/477/AE (IO L 125, 18.5.2017, lch. 43).’;
(26) in Aguisín C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f) substaintí, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin ar feadh tréimhse ocht mí dhéag ar a laghad, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile ar fáil ar an margadh, agus go n‑úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe*1;
__________________________________________
*1 Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar chur ar an margadh nó ar úsáid na substaintí dá dtagraítear i bpointí (f) a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán. ’;
(27) in Aguisín C, scriostar pointe (g);
(28) in Aguisín C, cuirtear mír nua isteach i ndiaidh phointe (f):
‘Ina theannta sin, ní bheidh mar thoradh ar an ngníomhaíocht substaintí eile a mhonarú, a bheith sa táirge deiridh nó san aschur deiridh, ná iad a chur ar an margadh, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), a chomhlíonann critéir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 le haghaidh ceann de na haicmí guaiseacha nó catagóirí guaiseacha a luaitear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile le fáil ar an margadh, agus go n‑úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe*1.
__________________________________________
*1 Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar bheith sa táirge deiridh nó san aschur deiridh, nó ar chur ar an margadh na substaintí dá dtagraítear sa mhír seo a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán.
IARSCRÍBHINN II
Leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 mar a leanas:
(1) i Roinn 3.13., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):
‘
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
|
’;
(2) i Roinn 4.14., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:
‘D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.22, F42.21 agus H49.50 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006..’;
(3) I Roinn 4.14., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):
‘
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní mhéadaítear an acmhainn tarchurtha agus dáilte gáis leis an tiontú, leis an athrú cuspóra nó leis an iarfheistiú.
Ní dhéantar saolré na líonraí a shíneadh níos faide leis an tiontú, leis an athrú cuspóra nó leis an iarfheistiú ná a saolré mheasta sula ndéantar an tiontú, an t‑athrú cuspóra nó an t‑iarfheistiú, ach amháin má tá an líonra tiomnaithe do hidrigin nó do gháis ísealcharbóin eile.
|
’;
(4) i Roinn 5.6., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E37.00 agus F42.99 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(5) cuirtear isteach an Roinn 5.13. seo a leanas:
‘
5.13. Díshalannú
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, oibriú, nuashonrú, síneadh agus athnuachan gléasraí díshalannaithe chun uisce a tháirgeadh atá le dáileadh i gcórais soláthair uisce óil.
Áirítear ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch astarraingt uisce mhuirí nó goirt, réamhchóireáil (amhail cóireáil a ceapadh chun éilleáin a bhaint, foirmiú scála nó salú scannáin), cóireáil (amhail cúlosmóis ag baint úsáid as teicneolaíocht scannáin), iarchóireáil (dífhabhtú agus riochtú) agus uisce próiseáilte a stóráil. Áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch freisin diúscairt sáile (uisce diúltaithe) a bhaintear amach trí phíopaí domhainfharraige nó eis-sreafaí lena soláthraítear caolú, nó trí theicnící sceite sáile eile do ghléasra atá suite ar láithreán níos faide isteach faoin tír (amhail teicnící sceite sáile le haghaidh díshalannú uisce goirt).
Féadfar an ghníomhaíocht eacnamaíoch a chur i bhfeidhm maidir le huiscí a bhfuil leibhéil éagsúla salandachta acu, ar choinníoll nach gcáilíonn na huiscí sin mar fhionnuisce, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/60/CE.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe E36.00 agus F42.9 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar rannchuidithe shubstaintiúil a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2. Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht ó na cinn a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:
(a)scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b)i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c)measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach don aeráid a sainaithníodh a laghdú.
Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:
(a)maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;
(b)maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3. Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus tugtar eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide*2, le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte*3 nó le samhlacha íocaíochta.
4. Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme:
(a)ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe*4 nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas*5 a mhéid is féidir;
(c)tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)i gcás inar réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear chun feidhme agus ina gcuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar leis an réiteach na critéir scagtha theicniúla gan dochar suntasach a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.
5. Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t‑oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n‑áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:
(a)leibhéal na seasmhachta a mhéadú in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón ngléasra díshalannaithe 1080 gCO2e/m3 d’fhionnuisce arna tháirgeadh (lena n‑áirítear cóireálacha, caidéalú agus diúscairt sáile agus an úsáid fuinnimh ghaolmhar).
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin agus é d’aidhm aige sin stádas maith uisce agus acmhainn mhaith éiceolaíoch a bhaint amach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (22) agus (23), de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE*6 agus plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear fúthu don dobharlach nó do na dobharlaigh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha.
D’údaraigh an t‑údarás inniúil an tionscadal, faoi chuimsiú an bhainistithe comhtháite acmhainní uisce, agus, mar thosaíocht, chuir sé na roghanna soláthair uisce inmharthana eile go léir, bainistiú an éilimh ar uisce agus bearta éifeachtúlachta san áireamh, i gcomhairle leis na húdaráis bhainistíochta uisce.
Déantar Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) nó scagadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus áirítear ann measúnú ar an tionchar ar fhionnuisce agus ar uiscí mara i gcomhréir le Treoracha 2000/60/CE agus 2008/56/CE.
Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach stádas maith comhshaoil uiscí mara ná ní dhéantar meathlú léi ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2020/852, agus i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go háirithe go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair a chosc nó a mhaolú i ndáil leis na tuairisceoirí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir leis na tuairisceoirí sin.
Comhlíonann an ghníomhaíocht Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*7.
Chun teorainn a chur le haimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa, rialaíonn oibreoir na ngléasraí díshalannaithe na nithe seo a leanas:
(a)teocht uasta an dobharlaigh glactha uisce mara tar éis an mheasctha;
(b)an difríocht teochta uasta idir an t‑uisce sáile sceite agus an dobharlach glactha uisce mara.
Cuirtear an rialú teochta chun feidhme i gcomhréir leis na luachanna tairsí a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Tá an diúscairt sáile bunaithe ar staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol lena n‑áirítear measúnú suíomh-shonrach ar thionchair atá gaolmhar le diúscairt mhuirí sáile agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh:
(a)tuairisc agus tuiscint ar na dálaí bonnlíne áitiúla, amhail cáilíocht uisce farraige, topagrafaíocht, saintréithe hidridinimiciúla, agus éiceachórais mhuirí bunaithe ar thomhais allamuigh agus ar shuirbhéanna;
(b)anailís ar thionchair sceite sáile, bunaithe ar shamhaltú easraithe ar an sceitheadh sáile agus ar thástáil tocsaineachta saotharlainne, dírithe ar choinníollacha sábháilte sceite a shainiú agus tiúchan salainn, alcaileacht iomlán, teocht agus miotail thocsaineacha á gcur san áireamh.
Tá an leibhéal sonraí is gá sa mheasúnú oiriúnach do mhéid, do phróisis agus do rátaí aisghabhála an ghléasra díshalannaithe, chomh maith lena shuíomh.
Léirítear sa staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol nach dtagann meath ar shláine an éiceachórais mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag sceitheadh sáile.
Bunaithe ar an staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol, glacann an ghníomhaíocht critéir maidir le scaoileadh sáile sábháilte, lena n‑áirítear cuspóirí íosta maidir le caolú sáile suíomh-shonrach, bunaithe ar thréithriú iomchuí na ndálaí uisce áitiúla, na n‑éiceachóras, na speiceas agus na ngnáthóg, chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag diúscairt sáile a mhaolú.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Cuireadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol nó scagadh*8 i gcrích i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le MTC*9. I gcás ina ndearnadh MTC, tá na bearta maolaithe, athbhunaithe nó cúiteacha a éilítear chun an comhshaol a chosaint curtha chun feidhme.
Níl éifeachtaí móra ag an ngníomhaíocht ar limistéir faoi chosaint (láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO, Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint seachas láithreáin Natura 2000), agus speicis faoi chosaint bunaithe ar mheasúnú ar a tionchar lena gcuirtear san áireamh an t‑eolas is fearr atá ar fáil*10.
|
________________________________________________________________
*1 Áirítear le cásanna sa todhchaí conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
*2 Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
*3 Amhail seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
*4 Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
*5 Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).
*6 Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nó le caighdeáin idirnáisiúnta lena saothraítear cuspóirí coibhéiseacha maidir le stádas maith uisce agus acmhainn mhaith éiceolaíoch, trí rialacha nós imeachta agus substainteacha, i.e. plean bainistíochta maidir le húsáid uisce agus cosaint uisce arna fhorbairt i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha lena n‑áirithítear an méid seo a leanas: 1) go ndéanfar measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí ar stádas sainaitheanta nó ar acmhainn éiceolaíoch an dobharlaigh nó na ndobharlach a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus 2) go seachnófar meathlú nó cosc ar stádas maith/acmhainn mhaith éiceolaíoch, nó, sa chás nach féidir sin a dhéanamh, 3) go mbeidh údar maith leis an easpa roghanna malartacha comhshaoil níos fearr nach bhfuil costas díréireach ag baint leo/dodhéanta go teicniúil, agus go ndéantar gach beart praiticiúil chun an drochthionchar ar stádas an dobharlaigh a mhaolú.
*7 Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).
*8 An nós imeachta trína gcinneann an t‑údarás inniúil cé acu a bheidh nó nach mbeidh na tionscadail a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE faoi réir ag measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin).
*9 Le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme a éilíonn go ndéanfaí MTC nó scagadh, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 1 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Measúnú agus Bainistíocht Rioscaí Comhshaoil agus Sóisialta.
*10 Le haghaidh gníomhaíochtaí atá suite i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, a dhíríonn ar chaomhnú gnáthóg nádúrtha, fauna fiáin agus flora fiáin, agus a éilíonn go ndéantar (1) nós imeachta scagtha lena chinneadh an bhfuil gá, le haghaidh gníomhaíocht ar leith, le measúnú iomchuí ar na tionchair féideartha ar ghnáthóga agus speicis faoi chosaint; (2) measúnú iomchuí den sórt sin i gcás ina gcinntear ón scagadh go bhfuil gá leis, mar shampla, Caighdeán Feidhmíochta 6 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC): Caomhnú na Bithéagsúlachta agus Bainistíocht Inbhuanaithe na mBeo‑Acmhainní Nádúrtha.
’;
(6) i Roinn 6.3., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóir M, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).
I gcás inarb infheidhme, comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.
|
’;
(7) cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 6.5.:
‘6.5. Iompar le gluaisrothair, le gluaisteáin paisinéirí agus le feithiclí éadroma tráchtála’;
(8) Leasaítear Roinn 6.5. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Ceannach, maoiniú, ligean ar cíos, léasú agus oibriú feithiclí a ainmnítear mar chatagóir M1*1, N1*2 a dtagann an dá cheann díobh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, nó L (feithiclí dhá roth agus trí roth agus cuadrothair)*3.’
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí saothair éadroim Euro 6*4 a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
Comhlíonann feithiclí na tairseacha astaíochtaí le haghaidh feithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/33/CE.
Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).
Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014.
|
________________________________________________________________
*1 Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858.
*2 Dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858.
*3 Dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858.
*4 Rialachán (AE) Uimh. 2018/1832 ón gCoimisiún.’;
(9) i Roinn 6.6., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Le haghaidh feithiclí bóthair de chatagóirí M agus N, comhlíonann na boinn ceanglais torainn sheachtraigh rollta san aicme is airde a úsáidtear agus Comhéifeacht Friotaíochta Rollta (a bhfuil tionchar aige ar éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle) sa dá aicme is airde a úsáidtear mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/740 agus mar is féidir a fhíorú ó Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL).
Comhlíonann feithiclí ceanglais na céime is déanaí is infheidhme de chineálcheadú astaíochtaí tromshaothair Euro VI*1 a leagtar amach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.
Comhlíonann feithiclí Rialachán (AE) Uimh. 540/2014.
|
________________________________________________________________
*1 Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
IO L 167, 25.6.2011, lch. 1
).’;
(10) leasaítear Roinn 6.12. mar a leanas:
(a) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, cuirtear an teideal ‘Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide’ in ionad an teidil ‘Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide’;
(b) san fhoroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
‘
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Níl na soithí tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar.
|
’;
(11) i Roinn 6.13., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.11, F42.12, F42.13, F43.21, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(12) i Roinn 6.15., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a aicmiú faoi roinnt cóid NACE, go háirithe F42.11, F42.13, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(13) i Roinn 6.16., foroinn ‘Tuairisc ar an ngníomhaíocht’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:
‘D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe F42.91, M71.12 agus M71.20 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.’;
(14) i Roinn 7.1., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann na comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáideadh sa tógáil na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáidtear san fhoirgníocht a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí*1, astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha eile de chatagóirí 1A agus 1B in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála, de réir tástála i gcomhréir le CEN/EN 16516*2 nó ISO 16000-3*3 nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánaithe coibhéiseacha eile*4.
I gcás ina bhfuil fhoirgníocht nua lonnaithe ar láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe (láithreán athfhorbraíochta), rinneadh an láithreán a imscrúdú le haghaidh éilleáin a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla trí chaighdeán ISO 18400*5 a úsáid.
Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.
|
________________________________________________________________
*1 Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir lena n‑áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann, insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin.
*2 CEN/TS 16516: 2013, Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh.
*3 ISO 16000-3:2011, Aer laistigh – Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – Modh samplála gníomhaí.
*4 Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse thástála 28 lá.
*5 Sraith ISO 18400 faoi Cháilíocht ithreach — Sampláil.
’;
(15) i Roinn 7.2., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Comhlíonann na comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáidtear san fhoirgníocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Maidir le comhpháirteanna tógála agus ábhair thógála a úsáidtear san athchóiriú foirgnimh a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le háititheoirí*1, astaíonn siad níos lú ná 0,06 mg d’fhormaildéad in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála de réir tástála i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus níos lú ná 0,001 mg de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha eile de chatagóirí 1A agus 1B in aghaidh an m3 d’aer seomra tástála de réir tástála i gcomhréir le CEN/EN 16516*2 nó ISO 16000-3:2011*3 nó de réir dálaí tástála agus modhanna cinntithe caighdeánacha coibhéiseacha eile*4.
Déantar bearta chun torann, deannach agus astaíochtaí truailleán a laghdú i rith oibreacha foirgníochta nó cothabhála.
|
________________________________________________________________
*1 Tá feidhm aige seo maidir le péinteanna agus vearnaisí, tíleanna síleála, clúdaigh urláir (lena n‑áirítear greamacháin agus séaltáin lena mbaineann), insliú inmheánach agus cóireálacha dromchla inmheánaigh (amhail cóireálacha in aghaidh taise agus múscáin).*2 CEN/TS 16516: 2013, Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh.
*3 ISO 16000-3:2011, Aer laistigh— Cuid 3: Formaildéad agus comhdhúile carbóinile in aer laistigh agus in aer seomra tástála a chinneadh – Modh samplála gníomhaí (leagan an [dáta an ghlactha]: https://www.iso.org/standard/51812.html).
*4 Baineann na tairseacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile so-ghalaithe orgánacha carcanaigineacha le tréimhse thástála 28 lá.
’;
(16) i Roinn 7.3., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
‘
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.
|
‘;
(17) i Roinn 7.4., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
‘
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.
|
’;
(18) i Roinn 7.5., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
‘
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.
|
‘;
(19) i Roinn 7.6., foroinn ‘Critéir scagtha theicniúla’, foroinn ‘Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
‘
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní thiomnaítear an foirgneamh d’eastóscadh, stóráil, iompar ná monarú breoslaí iontaise.
|
’;
(20) cuirtear isteach an Roinn 8.4. seo a leanas:
‘
8.4. Bogearraí lena gcumasaítear bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Gníomhaíochtaí forbartha nó ríomhchláraithe bogearraí atá dírithe ar bhogearraí a sholáthar le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a)réamhaisnéis, réamh-mheastachán, agus faireachán ar rioscaí aeráide;
(b)córais réamhrabhaidh le haghaidh rioscaí aeráide;
(c)bainistiú riosca aeráide.
Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch forbairt agus ríomhchlárú bogearraí mar chuid de ghníomhaíochtaí innealtóireachta agus sainchomhairleoireacht theicniúil ghaolmhar atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide (féach Roinn 9.1. den Iarscríbhinn seo), taighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh (féach Roinn 9.2. den Iarscríbhinn seo), agus mar chuid de shainchomhairleoireacht maidir le bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú (féach Roinn 9.3. den Iarscríbhinn seo).
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis an gcód NACE J62.01 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht, cuirtear deireadh le bacainní faisnéise, teicneolaíochta nó inniúlachta ar an oiriúnú.
2. Leis an ngníomhaíocht, úsáidtear modheolaíocht agus sonraí atá:
(a)bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear eolaíocht úrscothach maidir le leochaileacht, anailís riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide*1, le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus le samhlacha foinse oscailte*2 nó le samhlacha íocaíochta;
(b)comhsheasmhach leis na caighdeáin agus leis na treoirlínte ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar bhainistiú riosca agus ar laghdú rioscaí tubaiste, lena n‑áirítear, mar shampla, EN-ISO 140903 maidir le tuiscint ar thionchair aeráide agus ar neamhchinnteachtaí agus a n‑úsáid i gcinnteoireacht, chomh maith le EN ISO 14091 maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca aeráide, an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide*5 agus Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste6
3. Maidir leis an mbogearra a forbraíodh:
(a)tá sé dírithe ar bhainistiú rioscaí fisiceacha aeráide a chumasú a bhaineann le guaiseacha a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo;
(b)ní bhíonn tionchar diúltach aige ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(c)tá sé fabhrach do réitigh dhúlrabhunaithe7 a mhéid is féidir;
(d)tá sé comhsheasmhach le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;
(e)déantar faireachán agus tomhas air in aghaidh táscairí réamhshainithe agus cuimhnítear ar ghníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
________________________________________________________________
*1 Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
*2 Amhail seirbhísí Copernicus agus Seirbhís Réamhrabhaidh Galileo arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
*3 Caighdeán ISO 14090:2019, Oiriúnú don athrú aeráide – Prionsabail, ceanglais agus treoirlínte (leagan [dáta an ghlactha]: https://www.iso.org/standard/68507.html).
*4 Caighdeán ISO 14091:2021, Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca (leagan [dáta an ghlactha]:
https://www.iso.org/standard/68508.html
).
*5 an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide, https://www.undrr.org/publication/technical-guidance-comprehensive-risk-assessment-and-planning-context-climate-change.
*6 Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030, https://www.undrr.org/publication/sendai-framework-disaster-risk-reduction-2015-2030.
*7 Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/). ’;
(21) cuirtear isteach an Roinn 9.3. seo a leanas:
‘
9.3. Sainchomhairleoireacht maidir le bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Soláthar agus conrú gníomhaíochtaí sainchomhairleoireachta a chuireann ar a gcumas do ghnólachtaí nó d’eagraíochtaí rioscaí fisiceacha aeráide a bhainistiú.
Déantar an ghníomhaíocht eacnamaíoch le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí seo a leanas:
(a)soláthar measúnuithe ar thionchair aeráide, leochaileachtaí nó rioscaí aeráide nó tacaíocht a thabhairt ina leith;
(b)forbairt, cur chun feidhme, faireachán nó meastóireacht a dhéanamh ar straitéisí, pleananna, nó bearta chun rioscaí fisiceacha aeráide a bhainistiú.
Ní áirítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sainchomhairleoireacht theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí innealtóireachta atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide (féach Roinn 9.1. den Iarscríbhinn seo) taighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh (féach Roinn 9.2. den Iarscríbhinn seo), agus sainchomhairleoireacht mar chuid d’fhorbairt nó de ríomhchlárú bogearraí lena gcumasaítear bainistiú rioscaí fisiceacha aeráide agus oiriúnú (féach Roinn 8.4. den Iarscríbhinn seo).
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis an gcód NACE M74.90 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht, cuirtear deireadh le bacainní faisnéise, teicneolaíochta nó inniúlachta ar an oiriúnú.
2. Leis an ngníomhaíocht, úsáidtear modheolaíocht agus sonraí atá:
(a)bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear eolaíocht úrscothach maidir le leochaileacht, anailís riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara san áireamh leo i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide*1, le foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe, le samhlacha foinse oscailte*2 nó le samhlacha íocaíochta;
(b)comhsheasmhach leis na caighdeáin agus leis na treoirlínte ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar bhainistiú riosca agus ar laghdú rioscaí tubaiste, lena n‑áirítear, mar shampla, EN-ISO 14090 2019*3 maidir le tuiscint ar thionchair aeráide agus ar neamhchinnteachtaí agus a n‑úsáid i gcinnteoireacht, chomh maith le ISO 14091 2021*4 maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca aeráide, an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide*5 agus Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste*6.
3. Leis na straitéisí, na pleananna agus na bearta a fhorbraítear maidir le bainistiú riosca aeráide:
(a)ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe*7 nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas*8 a mhéid is féidir;
(c)tá sé comhsheasmhach le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus cuimhnítear ar ghníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní dhéantar an ghníomhaíocht maidir le saoráidí eastósctha, stórála, iompair ná monaraithe breoslaí iontaise.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
________________________________________________________________
*1 Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, a fhoilsíonn an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
*2 Amhail seirbhísí Copernicus agus Seirbhís Réamhrabhaidh Galileo arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
*3 Caighdeán ISO 14090:2019, Oiriúnú don athrú aeráide – Prionsabail, ceanglais agus treoirlínte (leagan [dáta an ghlactha]: https://www.iso.org/standard/68507.html).
*4 ISO 14091:2021, Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca (leagan [dáta an ghlactha]: https://www.iso.org/standard/68508.html).
*5 an Treoir Theicniúil um Measúnú Cuimsitheach Riosca agus Pleanáil i gComhthéacs an Athraithe Aeráide, https://www.undrr.org/publication/technical-guidance-comprehensive-risk-assessment-and-planning-context-climate-change
*6 Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030, https://www.undrr.org/publication/sendai-framework-disaster-risk-reduction-2015-2030.
*7 Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
*8 Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú (COM/2013/0249 final).
’;
(22) cuirtear isteach an teideal seo a leanas le haghaidh Roinn 14:
‘14. Bainistiú riosca tubaistí’;
(23) cuirtear isteach na Ranna 14.1.agus 14.2. seo a leanas:
‘14.1. Seirbhísí Éigeandála
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
1. Gníomhaíochtaí seirbhísí éigeandála lena n‑áirítear:
comhordú um fhreagairt ar thubaistí chun saoráidí measúnaithe, comhordaithe nó ullmhachta agus foirne amhail buanionaid chomhordaithe um fhreagairt ar thubaistí nó oibríochtaí comhordaithe ar an láthair i láthair éigeandála a bhunú agus a oibriú. Áirítear le hoibriú an fhreagartha ar éigeandálaí ceannasacht, measúnú nó anailís, pleanáil, idirchaidreamh nó comhordú, cumarsáid agus tuairisciú ar na meáin;
(b)seirbhísí sláinte éigeandála, is é sin garchabhair éigeandála agus cúram leighis d’othair ar an láthair, in ospidéil mhachaire shealadacha, lena n‑áirítear ospidéil mhíleata nó saoráidí leighis a chuireann cóireáil ar othair chónaithe agus sheachtracha a ndéanann éigeandáil ghuaise difear dóibh, agus treoirlínte idirnáisiúnta aitheanta maidir le húsáid ospidéil mhachaire á gcur san áireamh*1. Áirítear leis sin:
(i)othair a ghlacadh, a scagthástáil agus a phróifíliú (triáis) ar láthair na tubaiste nó i saoráid cúraim sláinte;
(ii)garchabhair a sholáthar;
(iii)dian-éigeandálaí tráma agus neamhthráma a chobhsú agus a atreorú, i gcás inarb infheidhme, an t‑othar a ullmhú lena iompar chuig saoráid cúraim sláinte le haghaidh cóireáil deiridh;
(iv)ardtacaíocht beatha;
(v)seirbhísí ainéistéise, íomháithe, steirilithe, saotharlainne agus aistrithe fola a bhaineann le staideanna éigeandála sláinte;
(vi)máinliacht rialaithe damáiste, máinliacht éigeandála ghinearálta a dhéanamh;
(vii)cúram cinnte do mhion-éigeandálaí tráma agus d’éigeandálaí neamhthráma;
(viii)aslonnú leighis íospartach tubaiste, lena n‑áirítear aslonnú talún, aslonnú ar uisce agus aslonnú aeir;
(c)fóirithint tubaistí, is é sin gníomhaíochtaí fóirithinte ad-hoc iarthubaiste ar an láthair amhail ionaid aslonnaithe a bhunú agus a bhainistiú i gcomhar leis na struchtúir atá ann cheana, le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta go dtí go n‑aistreofar chuig údaráis áitiúla nó eagraíochtaí daonnúla iad agus na chéad riachtanais a sholáthar (amhail leigheas, bia, uisce, éadaí teo, pluideanna dóibh siúd atá buailte ag an tubaiste) le linn an teagmhais tubaiste agus ina dhiaidh. Áirítear leis sin:
(i)ainmniú roimh ré agus ullmhacht ionad sealadach fóirithinte tubaistí, amhail ionaid aslonnaithe pobail, suíomhanna scaipthe uisce, bia agus cabhrach agus a leithéid, a áirithiú;
(ii)oiliúint a chur ar fhoireann fóirithinte tubaistí i gcás ina ndéantar aistriú;
(d)cuardach agus tarrtháil, amhail íospartaigh a chuardach, a aimsiú agus a tharrtháil atá i nguais nó atá i gcontúirt láithreach, atá sáinnithe i gcás tuilte, atá sáinnithe faoi smionagar, caillte, fágtha nó leithlisithe gan aon chumas ná modh aslonnaithe, daoine atá ar iarraidh agus nach bhfuil tásc orthu ar thalamh nó in uisce. Déantar na gníomhaíochtaí i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta*2. Áirítear leis sin:
(i)cuardach ar an talamh, ar uisce agus ón aer, lena n‑áirítear cuardach le madraí cuardaigh nó le trealamh cuardaigh teicniúil;
(ii)tarrtháil, lena n‑áirítear tógáil agus gluaiseacht;
(iii)cabhair tharrthála agus seachadadh na gcéad riachtanas;
(iv)briseadh, bearnú agus gearradh;
(v)rópa teicniúil;
(vi)tabhairt chun cladaí;
(e)freagairt ar ábhair ghuaiseacha, amhail ábhair ghuaiseacha a bhrath agus a leithlisiú, teoranta don áit a ndéantar iad le linn teagmhas ábhair ghuaisigh nó díreach ina dhiaidh chun riosca láithreach a laghdú, lena n‑áirítear: ithreacha agus screamhuisce a dhí-éilliú ag ionad an truaillithe, in situ nó ex situ, trí úsáid a bhaint as modhanna meicniúla, ceimiceacha nó bitheolaíocha; gléasraí nó láithreáin thionsclaíocha a dhí-éilliú, lena n‑áirítear gléasraí agus láithreáin núicléacha; uisce dromchla a dhí-éilliú agus a ghlanadh tar éis truailliú de thaisme, amhail trí thruailleáin a bhailiú nó trí cheimiceáin a úsáid; doirteadh ola agus truailleáin eile a ghlanadh ar thalamh, in uisce dromchla, sna haigéin agus sna farraigí, lena n‑áirítear limistéir chósta; aispeist, péint luaidhe, agus ábhar tocsaineach eile a laghdú. Áirítear leis sin:
(i)guaiseacha ceimiceacha a shainaithint agus guaiseacha raideolaíocha a bhrath trí mheascán de threalamh láimhe, soghluaiste agus saotharlainne;
(ii)samplaí bitheolaíocha, ceimiceacha agus raideolaíocha a bhailiú, a láimhseáil agus a ullmhú le haghaidh tuilleadh anailíse in áiteanna eile;
(iii)samhail eolaíoch iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le tuar guaise;
(iv)laghdú riosca láithreach, lena n‑áirítear srianadh guaise, neodrú guaise, agus cóireáil ar an láthair nó dí-éilliú daoine, ainmhithe agus trealaimh, lena bhféadfaí gníomhaíocht feabhais láithreach a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*3;
(f)comhrac dóiteáin agus cosc dóiteáin, amhail briogáidí dóiteáin rialta agus cúnta a riar agus a oibriú i gcosc dóiteáin agus i gcomhrac dóiteáin, agus comhrac dóiteáin ar an talamh, ar uisce nó san aer;
(g)freagairt agus cúnamh cosanta teicniúla do ghuais aeráide, i gcás ina gcuirtear chun feidhme é le linn éigeandála agus díreach ina diaidh. Áirítear leis sin:
(i)caidéalú ardchumais, amhail caidéalú a sholáthar i limistéir faoi thuilte agus cabhrú le comhrac dóiteáin trí uisce a chaidéalú;
(ii)íonú, stóráil agus seachadadh uisce trí aonaid shoghluaiste um íonú agus um stóráil uisce;
(iii)pearsanra agus soláthairtí um fhreagairt ar éigeandálaí a iompar;
(iv)córais chumarsáide éigeandála a chur ar bun, a choinneáil ar bun agus a oibriú chun cumarsáid a áirithiú le linn éigeandálaí agus ina ndiaidh;
(v)córais ginte cumhachta éigeandála a chur ar bun, a choinneáil ar bun agus a oibriú le linn éigeandálaí agus ina ndiaidh;
(vi)srianadh tuilte chun na struchtúir atá ann cheana a threisiú agus bacainní nua a thógáil chun tuilleadh tuilte aibhneacha, abhantracha, uiscebhealaí a bhfuil leibhéil uisce ag ardú iontu a chosc.
2. Áirítear ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí ullmhachta*4 a bhaineann go díreach le seirbhísí éigeandála, amhail:
(a)pleananna ábhartha a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta chun ullmhacht gníomhaíochtaí um fhreagairt ar éigeandálaí a áirithiú;
(b)oiliúint agus neartú acmhainní foirne agus saineolaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, oibrithe deonacha agus ainmhithe seirbhíse;
(c)saoráidí oiliúna a úsáidtear le haghaidh oiliúna chun freagairt do ghuaiseacha aeráide a chur ar bun;
(d)na hábhair a fháil, a stóráil, a nuashonrú agus a chothabháil, lena n‑áirítear codanna de mhodúil*5 mar chuid den chúnamh cosanta sibhialta*6 is gá chun iarmhairtí láithreacha tubaiste a mhaolú;
(e)aláraim dóiteáin agus córais réamhrabhaidh a fháil, a shuiteáil, a dheisiú, a oibriú, a chothabháil agus cianfhaireachán a dhéanamh orthu;
(f)gníomhaíochtaí oideachais agus ardaithe feasachta maidir le rioscaí tubaiste a dhéanann soláthraithe seirbhíse éigeandála sa phobal nó atá dírithe ar pháirtithe leasmhara nó ar spriocghrúpaí áirithe.
3. Áirítear na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 nuair is féidir leo aghaidh a thabhairt ar thubaistí nó ar a dtionchar a bhaineann le guaiseacha aeráide.
4. Ní féidir gníomhaíochtaí agus sócmhainní nach é a bpríomhchuspóir seirbhísí éigeandála sibhialta a sholáthar a chur san áireamh ach amháin nuair atá tacaíocht á tabhairt acu do fhreagairt éigeandála shibhialtach ar thubaistí is féidir a chur i leith tubaistí a bhaineann leis an aeráid.
Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí a dhéantar faoin ngníomhaíocht ‘Bonneagar chun riosca tuilte a chosc agus chun cosaint a thabhairt ar riosca tuilte’ (féach Roinn 14.2. den Iarscríbhinn seo).
Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo gníomhaíochtaí a dhéanann oibreoir atá faoi dhliteanas i leith damáiste don chomhshaol i gcomhréir le Treoir 2004/35/CE.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe A2.40, B9.10, E39.00, H52.23, N80.20, Q84, O84.25, Q86.10, Q86.90 agus Q88.99, i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar rannchuidithe shubstaintiúil a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2. Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht ó na cinn a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:
(a)scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b)i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c)measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach don aeráid a sainaithníodh a laghdú.
Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus
lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:
(a)maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;
(b)maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo*7 atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3. Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu sin an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide*8, foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte*9 nó samhlacha íocaíochta.
4. Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme:
(a)ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe*10 nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas*11 a mhéid is féidir;
(c)tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)i gcás inar réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear chun feidhme agus ina gcuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar leis an réiteach na critéir scagtha theicniúla gan dochar suntasach a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.
5. Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t‑oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n‑áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:
(a)leibhéal na seasmhachta a mhéadú in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
1. Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)príomhthionchair dhíobhálacha a sócmhainní agus a n‑oibríochtaí ar an aeráid a shainaithint atá ábhartha don mhaolú ar an athrú aeráide, lena n‑áirítear tionchair ó na nithe seo a leanas:
(i)Astaíochtaí GCT Scóip 1*12;
(ii)Astaíochtaí GCT Scóip 2*13;
(iii)Astaíochtaí GCT Scóip 3*14;
(b)na bearta is gá a shainaithint chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an aeráid, agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna;
(c)an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;
(d)faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.
2. Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:
(a)tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;
(b)forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;
(c)nuashonraítear é i gcás ina n‑athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór ar bhealach lena n‑athraítear cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol;
(d)maidir le hoibríochtaí comhraicthe dóiteáin, comhlíonann sé Airteagal 11 de Rialachán (AE) 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*15.
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
1. Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n‑oibríochtaí is ábhartha do chosaint acmhainní uisce agus muirí a shainaithint, lena n‑áirítear tionchair ar acmhainní uisce agus muirí sna réimsí a áirítear i gcláir na limistéar faoi chosaint a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2000/60/CE nó aicmithe nó sainmhínithe coibhéiseacha náisiúnta nó idirnáisiúnta eile, lena n‑áirítear na tionchair dhiúltacha ar acmhainní uisce a bhíonn ag substaintí díobhálacha (mar shampla, substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS)) i gcúir comhraic dóiteáin, oibreáin múchta dóiteáin agus moilleoirí dóiteáin;
(b)na bearta is gá a shainiú chun tionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála a bhaint amach san am céanna, lena gcomhtháthaítear prionsabail an chur i bhfeidhm spriocdhírithe (in am agus limistéar a chóireáiltear) agus seachadadh ar leibhéil iomchuí (agus tús áite á thabhairt do mhodhanna fisiceacha nó do mhodhanna neamhcheimiceacha eile i gcás inar féidir) i bpleanáil um fhreagairt ar éigeandálaí;
(c)an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;
(d)faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.
2. Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:
(a)tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;
(b)forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;
(c)nuashonraítear é i gcás ina n‑athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, ar bhealach lena n‑athraítear cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
1. Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n‑oibríochtaí a shainaithint atá ábhartha don aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n‑áirítear tionchair ar *16ghiniúint, ar bhainistiú agus ar chóireáil dramhaíola, lena n‑áirítear tionchair dhiúltacha maidir le húsáid dhian nó úsáid rialta táirgí aon úsáide neamh-athchúrsáilte agus bainistiú míchuí dramhaíola (guaiseach agus neamhghuaiseach araon) agus stóráil agus diúscairt oibreán ceimiceach*17 agus dramhaíl leighis*18;
(b)na bearta is gá a shainaithint chun tionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna, i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*19, lena n‑áirítear bearta chun díothú táirgí stoc-charntha nár úsáideadh a íoslaghdú agus dea-chleachtas tionsclaíoch chun bonneagar sealadach a bhaint, mar a shainítear i bPrótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh*20;
(c)an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;
(d)faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.
2. Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:
(a)tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;
(b)forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;
(c)nuashonraítear é i gcás ina n‑athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, ar bhealach lena n‑athraítear cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
1. Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n‑oibríochtaí a shainaithint atá ábhartha do chosc agus rialú ar thruailliú, lena n‑áirítear tionchair ó astaíochtaí truailliúcháin leis an aer, le huisce agus nó sa talamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*21, lena n‑áirítear tionchair dhiúltacha substaintí díobhálacha i gcúir chomhraicthe dóiteáin, oibreáin múchta dóiteáin, moilleoirí dóiteáin ar leibhéil truaillithe an chomhshaoil agus na tionchair dhiúltacha a bhaineann le húsáid halón ar ídiú ciseal ózóin;
(b)na bearta is gá a shainaithint chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol, agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna;
(c)an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;
(d)faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.
2. Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:
(a)tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go trédhearcach;
(b)forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;
(c)nuashonraítear é i gcás ina n‑athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, rud a d’fhéadfadh cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a athrú;
(d)maidir le hoibríochtaí comhraicthe dóiteáin, comhlíonann sé Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*22.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
1. Tá plean um maolú ar an athrú aeráide agus um chosaint an chomhshaoil forbartha agus curtha chun feidhme ag oibreoir na gníomhaíochta seo lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)príomhthionchair dhíobhálacha chomhshaoil a sócmhainní agus a n‑oibríochtaí a shainaithint atá ábhartha do chosaint agus d’athbhunú na bithéagsúlachta agus na n‑éiceachóras, lena n‑áirítear tionchair ar na nithe seo a leanas:
(i)limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, amhail láithreáin Natura 2000*23 i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE, agus Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE nó aon aicmiú/sainmhíniú coibhéiseach náisiúnta nó idirnáisiúnta eile*24;
(ii)tógáil talún agus cur i bhfeidhm ‘ordlathas na tógála talún’ mar a thuairiscítear i Straitéis Ithreach an Aontais do 2030, lena n‑áirítear tógáil talún a thagann chun cinn mar gheall ar champaí fóirithinte tubaistí a bhunú agus a oibriú ar bhonn meántéarmach agus fadtéarmach;
(b)na bearta is gá a shainiú chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha shainaitheanta na gníomhaíochta ar an gcomhshaol, agus príomhchuspóir na seirbhíse éigeandála á bhaint amach san am céanna, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí atá beartaithe chun na rioscaí do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de a íoslaghdú, mar shampla, trí fhaisnéis spásúil maidir le limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de agus prionsabail chúraim a chomhtháthú i bpleanáil um fhreagairt ar éigeandálaí;
(c)an leibhéal feabhais is féidir a bhaint amach le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe a mhíniú agus áirítear ann amlíne chun na bearta sin a chur chun feidhme;
(d)faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sainaitheanta i gcomhréir leis an bplean ama agus le leibhéal na bhfeabhsuithe a baineadh amach.
2. Maidir leis an bplean maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil:
(a)tá sé bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a nochtar go poiblí;
(b)forbraítear é i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear údaráis um chosaint an chomhshaoil;
(c)nuashonraítear é i gcás ina n‑athraíonn saintréithe agus oibriú na gníomhaíochta go mór, rud a d’fhéadfadh cineál nó scála na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a athrú.
|
14.2. Bonneagar chun riosca tuilte a chosc agus chun cosaint a thabhairt ar riosca tuilte
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tagraíonn an ghníomhaíocht do bhearta struchtúrtha*25 agus neamhstruchtúrtha*26 arb é is aidhm dóibh daoine, éiceachórais, oidhreacht chultúrtha agus bonneagar a chosaint i gcoinne tuilte agus tuilte a chosc i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*27.
1. Áirítear na nithe seo a leanas ar na bearta struchtúracha a rinneadh:
(a)cladáin, sconsaí abhann;
(b)cladáin cosanta mara, bacainní borrtha stoirme, ballaí mara, gradhain agus tonnchoisc;
(c)imchuacha maolánacha ar líne agus as líne chun tuilte a choinneáil agus a rialú i líonraí draenála nádúrtha agus saorga;
(d)bearta chun tuilte a rialú trí acmhainn choinneála na ndobharcheantar a mhéadú, amhail imchuacha maolánacha dáilte nó struchtúir forsceite séarachais a chur chun feidhme;
(e)struchtúir hiodrálacha chun sreabhadh uisce a rialú, amhail stáisiúin chaidéalaithe, bualchomhlaí, geataí;
(f)struchtúir um rialú dríodair.
2. Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta neamhstruchtúracha a rinneadh:
(a)feachtais ardaithe feasachta maidir le tuilte;
(b)samhaltú agus réamhaisnéis tuilte, mapáil guaise tuilte agus riosca;
(c)pleanáil spáis i limistéir ina mbíonn tuilte atá dírithe ar rioscaí tuilte a laghdú, amhail trí shrianta a chur i bhfeidhm maidir le húsáid talún agus trí chritéir chosanta a fhorfheidhmiú trí chóid tógála;
(d)córais réamhrabhaidh tuilte.
Áirítear leis an ngníomhaíocht bearta struchtúracha nó bearta neamhstruchtúracha a cheapadh, a thógáil, a shíneadh, a atógáil, a nuashonrú agus a oibriú.
Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí sa chatagóir seo pleanáil, tógáil, síneadh, agus oibriú bearta bainistithe tuilte nó triomaigh dúlrabhunaithe ar mhórscála agus bearta athchóirithe bogaigh dúlrabhunaithe ar mhórscála a chumhdaítear leis an ngníomhaíocht ‘Réitigh dhúlrabhunaithe maidir le riosca tuilte agus triomach a chosc agus cosaint ar riosca tuilte agus triomach’ (féach Roinn 3.1. in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach tagairt don Ghníomh Tarmligthe Comhshaoil]). Ní áirítear leis an ngníomhaíocht ach oiread bonneagar le haghaidh iompar uisce amhail uiscebhealaí, cuanta agus muiríní (féach Roinn 6.16. den Iarscríbhinn seo), freagairt éigeandála i gcás teagmhas tuilte (féach Roinn 14.1. den Iarscríbhinn seo), sainchomhairleoireacht maidir le bainistiú riosca fisiceach aeráide agus oiriúnú (féach Roinn 9.3) agus bogearraí lena gcumasaítear bainistiú rioscaí fisiceacha aeráide agus oiriúnú (féach roinn 8.4).
Ní áirítear leis na gníomhaíochtaí sa chatagóir seo tógáil, modhnú, nó baint struchtúr coinneála uisce ar líne a mbíonn gaibhniú mar thoradh orthu go príomha chun críoch úsáide hidreachumhachta nó uisciúcháin.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis an gcód NACE F42.91 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo an critéar rannchuidithe shubstaintiúil a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
|
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide
|
|
1. Leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, cuireadh réitigh fhisiceacha agus neamhfhisiceacha (‘réitigh oiriúnaithe’) i bhfeidhm lena laghdaítear go substaintiúil na rioscaí fisiceacha is mó don aeráid atá ábhartha don ghníomhaíocht sin.
2. Sainaithníodh na rioscaí fisiceacha aeráide atá ábhartha don ghníomhaíocht ó na cinn a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo trí mheasúnú láidir a dhéanamh ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide leis na céimeanna seo a leanas:
(a)scagadh na gníomhaíochta chun a shainaithint cé na rioscaí fisiceacha don aeráid ón liosta in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht na gníomhaíochta eacnamaíche le linn a saolré ionchasaí;
(b)i gcás ina measúnaítear go bhfuil an ghníomhaíocht i mbaol ó cheann amháin nó níos mó de na rioscaí fisiceacha don aeráid a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na rioscaí fisiceacha aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
(c)measúnú ar réitigh oiriúnaithe atá in ann an riosca fisiceach don aeráid a sainaithníodh a laghdú.
Tá an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide i gcomhréir le scála na gníomhaíochta agus
lena saolré ionchasach, ionas gur fíor an méid seo a leanas dá réir sin:
(a)maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann saolré ionchasach níos lú ná 10 mbliana, cuirtear an measúnú chun feidhme, ar a laghad, trí réamh-mheastacháin aeráide a úsáid ar an scála iomchuí is lú;
(b)maidir leis na gníomhaíochtaí uile eile, déantar an measúnú agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha ar an taifeach is airde atá ar fáil thar an raon reatha cásanna a bheidh ann amach anseo*28 atá comhsheasmhach le saolré ionchasach na gníomhaíochta, lena n‑áirítear, ar a laghad, cásanna réamh-mheastacháin aeráide 10 mbliana go 30 bliain le haghaidh infheistíochtaí móra.
3. Tá na réamh-mheastacháin aeráide agus na measúnuithe tionchair bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar threoraíocht atá ar fáil agus cuirtear san áireamh iontu an eolaíocht úrscothach maidir le hanailís leochaileachta agus riosca agus modheolaíochtaí gaolmhara i gcomhréir leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide*29, foilseacháin eolaíochta phiarmheasúnaithe agus samhlacha foinse oscailte*30 nó samhlacha íocaíochta.
4. Maidir leis na réitigh oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme:
(a)ní bhíonn tionchar diúltach ar na hiarrachtaí oiriúnaithe ná ar leibhéal na seasmhachta in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)tugtar tús áite leo do réitigh dhúlrabhunaithe*31 nó bíonn siad ag brath ar bhonneagar gorm nó glas*32 a mhéid is féidir;
(c)tá siad comhsheasmhach le pleananna agus straitéisí oiriúnaithe áitiúla, earnála, réigiúnacha nó náisiúnta;
(d)déantar faireachán agus tomhas orthu in aghaidh táscairí réamhshainithe agus meastar gníomhaíocht leasúcháin i gcás nach gcomhlíontar na táscairí sin;
(e)i gcás inar réiteach fisiceach an réiteach a chuirtear chun feidhme agus ina gcuimsítear gníomhaíocht leis a ndearnadh critéir scagtha theicniúla a shonrú ina leith san Iarscríbhinn seo, comhlíontar leis an réiteach na critéir scagtha theicniúla gan dochar suntasach a dhéanamh don ghníomhaíocht sin.
5. Ionas go mbreithneofar gníomhaíocht mar ghníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852, léiríonn an t‑oibreoir eacnamaíoch, trí mheasúnú ar rioscaí aeráide reatha agus amach anseo, lena n‑áirítear neamhchinnteacht agus bunaithe ar shonraí láidre, go soláthraíonn an ghníomhaíocht teicneolaíocht, táirge, seirbhís, faisnéis, nó cleachtas, nó go gcuireann sí a gcuid úsáidí chun cinn le ceann de na príomhchuspóirí seo a leanas:
(a)leibhéal na seasmhachta a mhéadú in aghaidh rioscaí fisiceacha don aeráid ó dhaoine eile, ón dúlra, ón oidhreacht chultúrtha, ó shócmhainní agus ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile;
(b)rannchuidiú le hiarrachtaí oiriúnaithe daoine eile, an dúlra, na hoidhreachta cultúrtha, sócmhainní agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.
|
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’)
|
|
(1) Maolú ar an athrú aeráide
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
(3) Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint
|
Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach stádas maith comhshaoil uiscí mara ná ní dhéantar meathlú léi ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2020/852, agus i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE, lena gceanglaítear go háirithe go ndéanfar na bearta iomchuí chun tionchair a chosc nó a mhaolú i ndáil leis na tuairisceoirí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir leis na tuairisceoirí sin.
Comhlíonann an ghníomhaíocht forálacha Threoir 2000/60/CE*33 go háirithe na ceanglais ar fad a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir sin.
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2000/60/CE agus go háirithe mír 7 den Airteagal sin, déantar measúnú tionchair ar an tionscadal chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar stádas na ndobharlach laistigh den abhantrach céanna agus ar ghnáthóga agus ar speicis faoi chosaint atá ag brath go díreach ar an uisce, agus conairí imirce, aibhneacha atá ag sreabhadh go saor nó éiceachórais gar do choinníollacha nach bhfuil cur isteach orthu á gcur san áireamh go háirithe.
Tá an measúnú bunaithe ar shonraí cruinne, cuimsitheacha a fuarthas le déanaí, lena n‑áirítear sonraí faireacháin ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíocha atá íogair go sonrach d’athruithe hidreamhoirfeolaíocha, agus ar stádas ionchasach an dobharlaigh de thoradh na ngníomhaíochtaí nua, i gcomparáid leis an stádas atá ann faoi láthair.
Breithnítear sa mheasúnú, go háirithe, tionchair charnacha an tionscadail le bonneagar eile atá ann cheana nó atá beartaithe san abhantrach. Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, fuarthas amach go gceaptar an tionscadal, ó thaobh dearaidh agus suímh de, agus ó thaobh bearta maolaithe de, le go gcloífidh sé le ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a)níl aon mheathlú sa tionscadal, ná ní chuireann sé as do stádas maith ná d’acmhainn mhaith an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a bhaint amach;
(b)i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an tionscadal meathlú a dhéanamh nó baint amach stádas maith/acmhainn mhaith an dobharlaigh shonraigh lena mbaineann sé a chur i mbaol, níl meathlú den sórt sin mór, agus tugtar údar iomchuí leis trí dhianmheasúnú costais agus tairbhe ina léireofar an dá cheann díobh seo a leanas:
(i)na cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail nó toisc gur mó na buntáistí a bhfuil coinne leo ón tionscadal bonneagar loingseoireachta pleanáilte i dtéarmaí na mbuntáistí le maolú ar an athrú aeráide / le hoiriúnú don athrú aeráide ná na costais atá ag fabhrú chuig an gcomhshaol agus chuig an tsochaí mar thoradh ar mheath a bheith ag teacht ar stádas an uisce;
(ii)ní féidir, ar chúiseanna indéantachta teicniúla nó costais dhíréirigh, an leas sáraitheach poiblí nó na sochair a bhfuil coinne leo ón ngníomhaíocht, a bhaint amach ar mhodh malartach as a leanfadh toradh comhshaoil níos fearr (amhail réiteach dhúlrabhunaithe, láthair mhalartach, bonneagair atá ann cheana a athshlánú/athchóiriú, nó teicneolaíochtaí nach gcuireann isteach ar leanúnachas aibhneacha a úsáid).
Cuirtear chun feidhme gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus ábhartha go héiceolaíoch chun drochthionchar ar uisce a laghdú, agus chun drochthionchar a laghdú ar ghnáthóga agus speicis faoi chosaint a bhraitheann go díreach ar uisce.
I measc na mbeart maolaithe, i gcás inarb ábhartha agus ag brath ar na héiceachórais atá i láthair go nádúrtha sna dobharlaigh dá ndéantar difear, tá:
(a)bearta lena áirithiú go bhfuil coinníollacha chomh gar agus is féidir do leanúnachas nach bhfuil cur isteach air, lena n‑áirítear bearta chun fadleanúnachas agus leanúnachas cliathánach a áirithiú, chomh maith leis an sreabhadh éiceolaíoch is lú is féidir agus an sreabhadh dríodair is lú agus is féidir;
(b)bearta chun coinníollacha agus gnáthóga moirfeolaíocha a chosaint nó a fheabhsú le haghaidh speicis uisceacha;
(c)bearta chun drochthionchair an eotrófaithe a laghdú.
Déantar faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin i gcomhthéacs an údaraithe nó an cheada lena leagtar amach na coinníollacha arb é is aidhm dóibh stádas maith nó acmhainn mhaith an dobharlaigh a ndéantar difear dó a bhaint amach.
Ní chuireann an tionscadal as go buan do stádas maith ná d’acmhainn mhaith a bhaint amach i gceann ar bith de na dobharlaigh sa cheantar abhantraí céanna.
Anuas ar na bearta maolaithe dá dtagraítear thuas, agus i gcás inarb ábhartha, cuirtear bearta cúitimh chun feidhme lena áirithiú nach mbíonn meath stádais dobharlach sa cheantar abhantraí céanna mar thoradh ar an tionscadal. Baintear sin amach trí bhíthin leanúnachas (fadleanúnachas nó leanúnachas cliathánach) a thabhairt ar ais chuig an gceantar abhantraí céanna sa mhéid a chúiteodh an cur isteach ar leanúnachas a d’fhéadfadh an tionscadal bonneagar loingseoireachta beartaithe a chruthú. Tosaíonn cúiteamh sula gcuirtear an tionscadal i ngníomh.
|
|
(4) Aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Cuireann oibreoirí teorainn le giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le tógáil agus scartáil agus cuireann siad san áireamh na teicnící is fearr atá ar fáil. 70 % ar a laghad (de réir meáchain) de dhramhaíl foirgníochta agus scartála neamhghuaiseach (cé is moite d’ábhar a fhaightear go nádúrtha dá dtagraítear i gcatagóir 17 05 04 sa Liosta Dramhaíola Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE) a ghintear ar an láithreán foirgníochta, déantar í a ullmhú lena hathúsáid, lena hathchúrsáil nó le haghaidh aisghabháil ábhar eile, lena n‑áirítear oibríochtaí aislíonta ina n‑úsáidtear dramhaíl in ionad ábhair eile, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le Prótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh*34. Úsáideann oibreoirí scartáil roghnaíoch chun gur féidir substaintí guaiseacha a bhaint agus a láimhseáil go sábháilte agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.
|
|
(5) Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Cuirtear bearta iomchuí chun feidhme chun forsceitheadh uisce stoirme dochrach ón gcóras bailithe fuíolluisce comhcheangailte a sheachaint agus a mhaolú, lena bhféadfaí córais inbhuanaithe draenála uirbeacha, córais bhailithe uisce stoirme ar leithligh, umair choinneála agus cóireáil an chéad shruthaithe a áireamh.
|
|
(6) Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Comhlíontar leis an ngníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Thairis sin, déanfar na nithe seo a leanas a áirithiú:
(a)san Aontas, i ndáil le láithreáin Natura 2000: níl éifeachtaí suntasacha ag an ngníomhaíocht ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe ar bhonn measúnú iomchuí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle;
(b)san Aontas, in aon limistéar: níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh ná do chothabháil líon na speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE agus faoi Threoir 2009/147/CE a bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu. Níl an ghníomhaíocht díobhálach do théarnamh nó do chothabháil na gcineálacha gnáthóige lena mbaineann agus atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE a bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu;
(c)san Aontas, cuirtear cosc ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, nó bainistítear leathadh na speiceas sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014;
(d)lasmuigh den Aontas, déantar gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a bhaineann le caomhnú gnáthóg, speiceas agus bainistiú speiceas coimhthíoch ionrach.
|
________________________________________________________________
’;
(24) in Aguisín B, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
Ní chuireann an ghníomhaíocht isteach ar bhaint amach stádas maith comhshaoil uiscí mara ná ní dhéantar meathlú léi ar uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2008/56/CE*1, agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún á chur san áireamh i ndáil leis na critéir ábhartha agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir leis na tuairisceoirí sin.
________________________________________________________________
*1 Foráiltear leis an sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 3, pointe 5, de Threoir 2008/56/CE, go háirithe, go bhfuil stádas maith comhshaoil le cinneadh ar bhonn na dtuairisceoirí cáilíochtúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
’;
(25) in Aguisín C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f) substaintí, bídís leo féin, i meascáin nó in earra, i dtiúchan os cionn 0,1 % maischodán (w/w), agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin ar feadh tréimhse 18 mí ar a laghad, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú air nach bhfuil aon substaint nó teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile le fáil ar an margadh, agus go n‑úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe*1;
__________________________________________
*1 Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí ón toirmeasc ar mhonarú, ar chur ar an margadh nó ar úsáid na substaintí dá dtagraítear i bpointe (f) a luaithe a bheidh prionsabail chothrománacha foilsithe aige maidir le húsáid fhíor-riachtanach ceimiceán.
(26) in Aguisín C, scriostar pointe (g);
(27) in Aguisín C, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (f):