MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Foilsíodh Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) san Iris Oifigiúil an 27 Deireadh Fómhair 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Samhain 2022. Leis an Rialachán sin, soláthraítear creat dlíthiúil ginearálta is infheidhme maidir leis na seirbhísí idirghabhálacha uile san Eoraip i gcomhréir le cur chuige céimnithe atá bunaithe ar fheidhm agus ar mhéid na seirbhísí atá i gceist. I bhfianaise a raoin agus a dtionchair shistéamaigh ar an díospóireacht phoiblí, ar scaipeadh faisnéise, agus ar idirbhearta eacnamaíocha ar fud an Aontais, tá ardáin an‑mhór ar líne agus innill chuardaigh an‑mhór ar líne faoi réir an tacair oibleagáidí is leithne agus faoi réir struchtúr maoirseachta agus forfheidhmithe láraithe, rud arb aidhm dó maoirseacht chomhsheasmhach a áirithiú ar fud na hEorpa. Go háirithe, tugann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha inniúlacht eisiach don Choimisiún ardáin ar líne agus innill chuardaigh ar líne a ainmniú mar ardáin an‑mhór ar líne agus innill chuardaigh an‑mhór ar líne agus maoirseacht a dhéanamh orthu agus na hoibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú i leith na seirbhísí ainmnithe sin. Tugann sé an phríomhinniúlacht don Choimisiún freisin gach oibleagáid eile faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú i ndáil leis na seirbhísí ainmnithe sin agus saineolas agus cumais a chomhordú agus a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach maidir le maoirseacht a dhéanamh ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn. Thairis sin, tá cúraimí breise sannta don Choimisiún a bhaineann le méid agus le rochtain intreach trasteorann agus/nó uile-AE na seirbhísí ainmnithe sin, amhail an cúram díospóidí trasteorann a réiteach i measc na n‑údarás inniúil náisiúnta maidir le forfheidhmiú na n‑oibleagáidí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an rúnaíocht a chur ar fáil don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha agus an córas comhroinnte faisnéise a bhunú agus a chothabháil i measc na n‑údarás náisiúnta, an Choimisiúin agus an Bhoird chomh maith leis an mbunachar sonraí de chúiseanna maidir le baint dá bhforáiltear in Airteagal 24(5) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag an gCoimisiún chun na cúraimí maoirseachta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur i gcrích go héifeachtach ar leibhéal an Aontais, ceanglaítear le hAirteagal 43 ar an gCoimisiún táille mhaoirseachta bhliantúil a ghearradh ar gach soláthraí ardáin an‑mhór ar líne ainmnithe nó innill cuardaigh an‑mhór ar líne ainmnithe.
Leagtar amach in Airteagal 43 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha na critéir bhunúsacha chun an táille mhaoirseachta a chinneadh.
Ar an gcéad dul síos, maidir le méid iomlán na gcostas bliantúil arna dtabhú ag an gCoimisiún chun na cúraimí maoirseachta arna mbunú sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fheidhmiú, ní mór an méid iomlán sin a chumhdach le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, agus go háirithe iad siúd a liostaítear in Airteagal 43(2) den Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, mar a measadh go réasúnta roimh ré. Ní mór a áireamh sa mhéid sin costais a bhaineann le feidhmiú na gcumhachtaí agus na gcúraimí sonracha maoirseachta, lena n‑airítear cumhachtaí agus cúraimí imscrúdaithe, forghníomhaithe agus faireacháin i ndáil le soláthraithe ardán an‑mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an‑mhór ar líne, de bhun Roinn 4 de Chaibidil IV den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, costais a bhaineann le hainmniú na n‑ardán sin agus na n‑inneall cuardaigh sin agus le bunú, cothabháil agus oibriú na mbunachar sonraí a bheartaítear faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Thairis sin, ní mór táille mhaoirseachta leithleach a ghearradh go bliantúil ar gach soláthraí seirbhíse (seirbhís amháin nó níos mó) a ainmnítear mar ardán an‑mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an‑mhór ar líne. I ndáil leis sin, ní mór an muirear leithleach a bheith i gcomhréir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla gach seirbhíse ainmnithe san Aontas. Ar deireadh, ní rachaidh gach táille mhaoirseachta thar uasteorainn 0,05 % de ghlanioncam bliantúil domhanda sholáthraí na seirbhíse (nó na seirbhísí) ainmnithe sa bhliain roimhe sin.
Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna táillí maoirseachta sin i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais).
Ar deireadh, maidir leis an nós imeachta, ceanglaítear le hAirteagal 43 ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gach bliain ina leagtar amach an táille mhaoirseachta bhliantúil shonrach i ndáil le gach soláthraí seirbhíse ainmnithe, bíodh seirbhís amháin i gceist nó níos mó, ar cheart an táille mhaoirseachta a ghearradh air, trí bhíthin cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear na méideanna is infhaighte de bhun Airteagal 98 den Rialachán Airgeadais.
Ar bhonn na gcritéar sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 43(4) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonrú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht mhionsonraithe agus ar na nósanna imeachta maidir leis an méid seo a leanas:
·cinneadh na gcostas measta a thabhaíonn an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha;
·méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar gach soláthraí ardáin an‑mhór ar líne nó inneall cuardaigh an‑mhór ar líne a chinneadh;
·uasteorainn fhoriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrfar ar sholáthraí ardáin an‑mhór ar líne ainmnithe nó inneall cuardaigh an‑mhór ar líne ainmnithe a chinneadh;
·na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochtaí a dhéanamh.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
An 19 Nollaig 2022, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Sainghrúpa um Sheirbhísí Digiteacha maidir le hábhar an ghnímh tharmligthe seo. Ar an iomlán, thacaigh an Grúpa Saineolaithe le cur chuige an Choimisiúin maidir leis an ngníomh tarmligthe i ndáil leis an modheolaíocht agus na nósanna imeachta chun na táillí maoirseachta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha iad. Leag ionadaithe sa Ghrúpa Saineolaithe béim go háirithe ar a thábhachtaí atá sé ailíniú le céannacht na soláthraithe a shainaithnítear sna cinntí ainmniúcháin a áirithiú chomh maith leis an ngá atá le tagairt a dhéanamh do ghlanioncam nó do bhrabús an eintitis iomláin a sholáthraíonn an tseirbhís, i bhfianaise a dheacra atá sé na brabúis a bhaineann le seirbhís shonrach amháin a shainaithint.
Bhí an gníomh tarmligthe faoi réir tréimhse aiseolais 4 seachtaine maidir leis an tairseach ‘Cloisimis uait’ ón 22 Nollaig 2022 go dtí an 19 Eanáir 2023, i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr. Fuarthas 11 aighneacht, trí cinn acu sin ó chomhlachais tionsclaíochta ar fud an Aontais, ceann amháin ó fhondúireacht neamhbhrabúsach, ceann amháin ó rialálaí náisiúnta sa Phortaingéil, dhá cheann ó chomhlachais trádála náisiúnta (an Ostair agus An Fhrainc, faoi sheach) agus ceithre cinn ó shaoránaigh aonair. Go ginearálta, dhírigh formhór na bhfreagróirí ar roinnt topaicí a thagann i dtreis arís agus arís eile, a bhain go háirithe leis an bhféidearthacht modheolaíochtaí éagsúla nó neamhréireacha a bheith ann chun faighteoirí gníomhacha na seirbhísí atá i gceist a chomhaireamh, an tagairt do bhrabúis an tsoláthraí, lena n‑áirítear an ghné chomhdhlúite a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis, mar mhéadracht oiriúnach, agus fad an nós imeachta chun méid na dtáillí leithleacha a chinneadh. Ardaíodh ceist na trédhearcachta i ndáil leis na costais a dtabharfar cuntas orthu, go háirithe sa chéim tosaigh.
I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an chuid is mó de na saincheisteanna sin le prionsabail atá sainithe cheana féin sa bhunús dlí, gan aon lamháil a fhágáil le haghaidh roghanna éagsúla sa ghníomh tarmligthe. Go háirithe, le hAirteagal 43(5)(b) tugtar de shainordú gur gá comhréireacht a áirithiú leis an meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas a bhaineann le gach ardán an‑mhór ar líne nó inneall cuardaigh an‑mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus is gá dá bhrí sin comhsheasmhacht a áirithiú le coincheap an mheánlín faighteoirí gníomhacha míosúla dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 33 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus, mar thoradh air sin, le haon fhaisnéis a bhailítear sa chomhthéacs sin. Dá réir sin, tá an paraiméadar sin le húsáid chun an méid bunúsach a ríomh maille le haon leithdháileadh eile a dhéanfar leis an méid iarmharach, rud a bheidh i gcomhréir chothrom leis an líon úsáideoirí, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcumhdaítear go hiomlán na costais mheasta.
Ag feáchaint go sonrach d’oiriúnacht na tagartha do bhrabúis an tsoláthraí, ní aistríonn an gníomh tarmligthe ach coincheap ghlanioncam domhanda (ioncam lúide costais) an tsoláthraí dá dtagraítear in Airteagal 43(5)(c) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha sa téarma teicniúil sonrach a shainaithnítear sna hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais reachtúla (faoi dhlí an Aontais, nó faoi rialacha coibhéiseacha eile) is infheidhme maidir le soláthraí na seirbhíse nó na seirbhísí atá i gceist, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar tagairt do pharaiméadar sonrach, sainaitheanta, oibiachtúil, iniúchta, a bheidh iomlán inchomparáide ar fud na soláthraithe agus na dtíortha éagsúla. I ndáil leis sin, mar a shoiléirítear freisin in aithris 101 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ba cheart a chur i bhfios go láidir freisin gur paraiméadar é an uasteorainn 0,05 % nach bhfuil nasctha leis an tseirbhís nó leis na seirbhísí atá i gceist, ós rud é go bhfuil sé ceaptha ‘acmhainneacht eacnamaíoch an tsoláthraí’ a shainaithint (béim curtha leis), i.e. a chumas ginearálta méid foriomlán a íoc suas le leibhéal nach féidir dó, faoi mheas na gcomhreachtóirí, difear suntasach a dhéanamh d’inmharthanacht eacnamaíoch an tsoláthraí féin, lena n‑áirítear gan difear a dhéanamh dó ar chor ar bith i gcás caillteanas (fiú más rud é nach bhfuil aon bhaint aige le leis an seirbhísí ainmnithe sonracha). Thairis sin, tá an paraiméadar sin in ann caitheamh le samhlacha rialachais ardáin atá éagsúil go bunúsach, amhail soláthraithe neamhbhrabúis, i gcomhréir lena sonraíochtaí. Aon diall ón bparaiméadar sin, cuir i gcás trí sheirbhísí agus/nó tíortha áirithe a bhfuil tionchar acu ar acmhainneacht eacnamaíoch ginearálta an tsoláthraí a eisiamh, ní cosúil go bhfuil údar le diall dá leithéid sin i bhfianaise an bhunúis dlí. An tráth céanna, leis an tagairt do ghné chomhdhlúite an aonaid eacnamaíoch a sholáthraíonn an tseirbhís nó na seirbhísí atá i gceist, i gcás inarb infheidhme, cuirtear cosc ar rioscaí imchéimniúcháin nó ar chóir dhifriúil i leith soláthraithe atá sách cosúil le chéile ó thaobh acmhainneacht eacnamaíoch de, ach ní dhéantar é sin ach i bhfianaise struchtúr rialachais chorparáidigh a d’fhéadfadh a bheith difriúil, i gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar na huasteorainneacha reachtúla is infheidhme maidir le fíneálacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthéacs dhlí iomaíochta an Aontais, lena dtagraítear freisin d’fhigiúirí comhdhlúite.
Thairis sin, maidir le fráma ama an nós imeachta, tá an ghné sin leagtha síos freisin ag struchtúr an bhunúis dlí, agus go háirithe an gá atá le cleachtadh bliantúil a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais nós imeachta coiste, agus an tráthchlár ginearálta d’infheidhmeacht na n‑oibleagáidí sonracha is infheidhme maidir le hardáin an‑mhór ar líne agus le hinnill chuardaigh an‑mhór ar líne á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart a chur i bhfios go láidir go mbeidh an ríomh bunaithe ar shonraí atá ann cheana, ar minic iad a bheith foilsithe agus/nó a d’fhéadfadh a bheith faoi réir iniúchtaí cheana féin (e.g. liosta de sholáthraithe ainmnithe, meastachán ar chostais, sonraí a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais) agus go leanfaidh sé cur i bhfeidhm foirmle mhatamaiticiúil chaighdeánaithe neamhroghnaigh, ach go bhfágfar fós an fhéidearthacht éisteacht a fháil maidir leis na ríomhanna sealadacha arna ndéanamh ag na seirbhísí.
Mar phointe deiridh, maidir le trédhearcacht na gcostas atá le muirearú, foráiltear leis an rialachán tarmligthe atá i gceist uirlis trédhearcachta ex ante (an forléargas chun tacú leis an meastachán a áirítear i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh) chomh maith le sásra fíoraithe ex post, lena múnlófar na socruithe praiticiúla inmheánacha is gá le haghaidh rialú inmheánach agus cuntasaíocht chostála i gcomhréir le rialacha ginearálta inmheánacha eagrúcháin an Choimisiúin. Ag féachaint go sonrach do bharúlacha a bhaineann le beachtas sna tásca ar chostais 2022 agus 2023 atá le haisghabháil trí bhíthin na táille, agus ina theannta sin, ag cur san áireamh an vóta deiridh ar bhuiséad bliantúil an Choimisiúin i gcomhair 2023 á chur san áireamh, meastar gurb iomchuí aon fhéidearthacht aisghabhála trí bhíthin na táille a theorannú do chostais nach bhfuil foinse chistiúcháin shonrach suite ina leith go fóill sa bhuiséad ar vótáladh ina fhabhar i gcomhair 2023, ionas go mbeidh raon feidhme an chéad mheastacháin ailínithe go bunúsach le meastacháin ailínithe na mblianta ina dhiaidh sin.
Ní dhearnadh measúnú tionchair maidir leis an ngníomh tarmligthe ar na cúiseanna seo a leanas:
·Is é an t‑údarás reachtach a rinne an cinneadh go ngearrfaidh an Coimisiún táillí maoirseachta bliantúla agus is é an t‑údarás reachtach a rinne é agus tá sé cumhdaithe sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
·Leagtar amach sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha freisin na critéir chun a mhéid a chinneadh chomh maith le buneilimintí an nós imeachta, lena n‑áirítear gníomhartha cur chun feidhme bliantúla a ghlacadh chun na táillí maoirseachta a chinneadh i ndáil le gach soláthraí agus oibleagáidí tuairiscithe rialta chun an dícheall cuí is gá ón gCoimisiún a áirithiú.
·Is iad na forálacha maidir leis an modheolaíocht agus na nósanna imeachta chun na táillí maoirseachta a chur i bhfeidhm a áirítear sa ghníomh tarmligthe seo sonraíocht de chineál teicniúil agus/nó nós imeachta na roghanna substainteacha arna ndéanamh ag an údarás reachtach.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Airteagal 1 – Sainmhínithe
Leis seo sainítear an sainmhíniú ábhartha le haghaidh an ghnímh, go háirithe an sainmhíniú ar ‘seirbhís ainmnithe’ agus ar ‘soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe’.
Airteagal 2 – Meastachán ar na costais fhoriomlána
Leis an Airteagal seo sainítear na príomhchatagóirí costas a bhfuil cuntas le tabhairt orthu sa mheastachán ar chostais atá le haisghabháil trí bhíthin na dtáillí maoirseachta, chomh maith leis an oibleagáid aon bharrachas nó easnamh a asbhaint nó a shuimiú leis, i gcás barrachas nó easnamh a eascraíonn as an tuarascáil maidir le costais a tabhaíodh.
Airteagal 3 – Na seirbhísí ainmnithe a shainaithint ar bhonn bliantúil
Leis an Airteagal seo sainaithnítear na seirbhísí ba cheart a bheith faoi réir íocaíocht na táille i mbliain n áirithe.
Airteagal 4 – An bunmhéid in aghaidh na seirbhíse a chinneadh
Leis an Airteagal seo sonraítear na critéir ar ar a mbonn nach mór an bunmhéid in aghaidh na seirbhíse a ríomh. Sainítear go háirithe na comhéifeachtaí coigeartaithe chomh maith leis an bhfoirmle ar ar a bonn a leithdháiltear na costais fhoriomlána in aghaidh na seirbhíse.
Airteagal 5 – Méid foriomlán na táille maoirseachta a chinneadh agus an uasteorainn fhoriomlán in aghaidh an tsoláthraí a chur i bhfeidhm
Leis an Airteagal seo sonraítear an chaoi a bhfuiltear le méid foriomlán na táille maoirseachta a ríomh, agus cur i bhfeidhm na huasteorann foriomláine maidir le gach soláthraí á chur san áireamh. I dtaca le cur i bhfeidhm sin na huasteorann foriomláine, foráiltear leis an Airteagal seo na rialacha lena sainaithneofar an uasteorainn fhoriomlán ar bhonn mhéid na mbrabús a eascraíonn as na caighdeáin tuairiscithe airgeadais is infheidhme.
Airteagal 6 – An nós imeachta bliantúil
Leis an Airteagal seo tugtar tuairisc shoiléir ar amú an mheastacháin ar chostais i gcomhréir leis na nósanna imeachta buiséadacha agus leis an nós imeachta bréagnaitheach roimh ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme leithligh in aghaidh an tsoláthraí.
Airteagal 7 – Módúlachtaí íocaíochta agus iarmhairtí airgeadais i gcás nach bhfaightear íocaíocht
Leis an Airteagal seo sonraítear an t‑airgeadra nach mór an táille a íoc ann agus an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí nach ndearnadh nó íocaíochtaí déanacha.
Airteagal 8 – Tuairisciú na gcostas a tabhaíodh agus na dtáillí maoirseachta a gearradh
Leis an Airteagal seo sonraítear ábhar na tuarascála a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus ina léireofar na costais a tabhaíodh iarbhír, na táillí a bailíodh agus aon bharrachas/easnamh ar gá cuntas a thabhairt orthu sa mheastachán seo a leanas.
Airteagal 9 – Forálacha idirthréimhseacha
Leis an Airteagal seo déantar foráil maidir le rialacha sonracha a bhaineann le meastachán a dhéanamh ar chostais a bheidh le déanamh in 2023 agus maidir leis an gcéad tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Airteagal 10 – Teacht i bhfeidhm
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 2.3.2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis na táillí maoirseachta a ghearrann an Coimisiún ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne agus inneall cuardaigh an‑mhór ar líne
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), agus go háirithe Airteagal 43(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2022/2065 ceanglaítear ar an gCoimisiún táillí maoirseachta bliantúla a mhuirearú ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne agus inneall cuardaigh an‑mhór ar líne, táillí arb é is méid foriomlán dóibh an méid a chumhdóidh na costais mheasta uile, de réir mar is féidir a chinneadh go réasúnta roimh ré, a thabhóidh an Coimisiún maidir leis na cúraimí maoirseachta faoin Rialachán sin.
(2)Chun na costais a chinneadh a bhfuil meastachán le déanamh orthu maidir leis na táillí maoirseachta a ghearrfar i mbliain n, ba cheart na hacmhainní daonna ar fad a chur san áireamh ar acmhainní iad atá le húsáid ag an gCoimisiún sa bhliain n+ 1 chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 a dhéanamh, lena n‑áirítear oifigigh, gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht. Ag cur san áireamh gur do chostais a bheidh ann amach anseo a thagraíonn an meastachán, ba cheart é a bhunú ar mheánchostais, arna sloinneadh i dtéarmaí Coibhéise Lánaimseartha arna mhéadú leis na meánranníocaíochtaí sóisialta is infheidhme agus leis an gcaiteachas oibriúcháin a bhaineann leis na hacmhainní daonna sin. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh sa chaiteachas oibriúcháin sin meánchostais arna dtabhú chun aonad pearsanra de choibhéiseach lánaimseartha a óstáil agus a chumasú chun obair a dhéanamh i mbonneagar TF agus fisiceach an Choimisiúin, cuir i gcás na costais sin arna gcinneadh go rialta ag seirbhísí an Choimisiúin i gcomhthéacs ríomh mheánchostais an phearsanra chun críche ráiteas airgeadais reachtach.
(3)Chomh maith leis an meastachán ar na costais thuasluaite maidir le hacmhainní daonna, ní mór don Choimisiún meastachán a dhéanamh freisin ar chaiteachais oibríochtúla agus riaracháin eile a bhaineann go sonrach le comhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, amhail staidéir, saineolaithe a fhostú, suirbhéanna, misin, cruinnithe a eagrú nó bogearraí sonracha nó uirlisí nó seirbhísí TF a úsáid. Thairis sin, agus an meastachán bliantúil á dhéanamh ar mhéid foriomlán na gcostas, ba cheart an difríocht idir na costais mheasta agus costais thabhaithe na bliana roimhe sin a chur san áireamh, eadhon na costais thabhaithe de réir na tuarascála bliantúla a ghlac an Coimisiún.
(4)Méid foriomlán na gcostas de réir mheastachán bliantúil an Choimisiúin, is iad soláthraithe na n‑ardán an‑mhór ar líne agus na n‑inneall cuardaigh an‑mhór ar líne ba cheart an méid sin a sheasamh trí bhíthin na dtáillí maoirseachta arna muirearú i leith na seirbhísí ainmnithe atá faoi réir na táille maoirseachta i ngach bliain féilire. Chun comhsheasmhacht leis na cinntí ainmniúcháin de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, ba cheart coincheap an tsoláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe a shainaithint agus tagairt á déanamh do sheolaí nó seolaithe an chinnidh ainmniúcháin ghaolmhair nó na gcinntí ainmniúcháin gaolmhara de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065. I gcás ina ndíreofar cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 chuig níos mó ná duine dlítheanach amháin, ba cheart seolaithe uile an chinnidh sin a bheith faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach maidir le híoc na táille maoirseachta i leith na seirbhíse nó na seirbhísí sin.
(5)Ar na seirbhísí a bhfuil cuntas le tabhairt orthu i mbliain n áirithe, ba cheart na seirbhísí seo a leanas a áireamh – na seirbhísí sin atá cheana féin faoi réir na n‑oibleagáidí is infheidhme maidir le hardáin an‑mhór ar líne agus innill chuardaigh an‑mhór ar líne ag tús na bliana, chomh maith leo siúd a ngabhfaidh cinneadh ainmniúcháin nó cinneadh foirceannaithe ainmniúcháin éifeacht maidir leo le linn na bliana féilire sin, agus é á chur san áireamh go ngabhfaidh éifeacht le cinntí an dá chatagóir 4 mhí ón uair a thabharfar fógra ina leith don soláthraí de bhun Airteagal 33(6) de Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart an teorainn ama sin a ríomh i gcomhréir leis na rialacha ginearálta a leagtar amach i Rialachán (CEE, Euratom) 1182/71 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama.
(6)Méid foriomlán na táille maoirseachta a bheidh le muirearú ar gach soláthraí gach bliain, ba cheart don Choimisiún an méid sin a leagan amach tríd an mbunmhéid in aghaidh na seirbhíse ainmnithe a chinneadh ar dtús. An bunmhéid in aghaidh na seirbhíse, cinnfear é trí mhéid foriomlán na gcostas bliantúil de réir an mheastacháin maidir le bliain n+1 a roinnt ar an líon seirbhísí ainmnithe ar tugadh cuntas orthu i mbliain n. Agus an bunmhéid á chinneadh, ba cheart an méid laethanta ainmniúcháin i mbliain n a chur san áireamh. Ar an dara dul síos, chun a áirithiú go mbeidh comhréireacht ag baint le táillí maoirseachta leithleacha ó thaobh an mheánlín faighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas, ba cheart don Choimisiún an bunmhéid a choigeartú le comhéifeacht atá comhréireach leis an líon faighteoirí gníomhacha a eascraíonn as an bhfaisnéis atá ar fáil.
(7)De bhun Airteagal 43(5) de Rialachán (AE) 2022/2065, níl aon soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe le méid foriomlán de tháille maoirseachta a íoc a rachadh thar a acmhainneacht eacnamaíoch, eadhon méid a rachadh thar 0,05 % dá ghlanioncam domhanda bliantúil. Sa tagairt do ghlanioncam, rud lena dtuigtear ioncam foriomlán an tsolathraí lúide a chuid costas, ba cheart a áirithiú go gcuirtear san áireamh cumas íoctha an tsoláthraí, lena n‑áirítear an cumas íoctha i gcás soláthraithe a thabhaigh caillteanas. Chun an teorainn sin a shainaithint i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe airgeadais is infheidhme, ba cheart tagairt a dhéanamh do choincheap an bhrabúis fhoriomláin dhomhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, rud atá le cinneadh ar bhonn na bhfigiúirí is fearr a bheidh ar fáil ag an soláthraí mar thoradh ar na ráitis airgeadais, mar a cuireadh in iúl don Choimisiún iad. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh do na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais is infheidhme i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás inarb iad sin a úsáideann an soláthraí lena mbaineann, nó, sa chás eile, do na ráitis airgeadais arna dtiomsú i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcás nach bhfuil feidhm ag na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais ná ag Treoir 2013/34/AE maidir leis an soláthraí lena mbaineann, ba cheart tagairt a dhéanamh d’aon chaighdeán tuairiscithe inghlactha eile is infheidhme maidir leis an soláthraí sin, amhail caighdeán tuairiscithe tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais nó aon chaighdeán tuairiscithe tríú tír eile a bhféadfaí a mheas go bhfuil sé inghlactha go ginearálta chun críche aon reachtaíochta eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil cuntais chomhdhlúite ag soláthraí, is fearr a léiríonn brabús domhanda comhdhlúite an ghrúpa lena mbaineann an soláthraí sin a acmhainneacht eacnamaíoch an táille mhaoirseachta a íoc, ós rud é go bhfuil acmhainní airgeadais an ghrúpa ar fáil don soláthraí sin chun méid foriomlán na táille a mhuirearaítear maidir le gach seirbhís nó seirbhís ainmnithe a sholáthraíonn an soláthraí sin a sheasamh.
(8)Más mó ná an uasteorainn fhoriomlán an bunmhéid a mhuirearaítear ar sholáthraí áirithe, nó suim na mbunmhéideanna ábhartha i gcás ina soláthraíonn soláthraí áirithe níos mó ná seirbhís ainmnithe amháin, ba cheart an táille mhaoirseachta deiridh a mhuirearaítear ar an soláthraí sin a laghdú dá réir. Chun a áirithiú, i gcás ar bith, go n‑íocfar na costais bhliantúla fhoriomlána trí na táillí maoirseachta a thoibhítear ar na seirbhísí ainmnithe uile, ba cheart, i dtaca leis an méid iarmharach nach ngearrtar ar sholáthraithe i bhfianaise chur i bhfeidhm na huasteorann foriomláine, an méid iarmharach sin a chur d’ualach ar an gcuid eile de na soláthraithe atá faoi bhun na teorann, i gcomhréir leis an mbunfhoirmle chionroinnte. Ba cheart leanúint de chionroinnt na méideanna iarmharacha ar sholáthraithe eile seirbhísí ainmnithe, tar éis an uasteorainn fhoriomlán a chur i bhfeidhm, go dtí nach mbeidh aon mhéid iarmharach ann.
(9)I gcomhréir le hAirteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, tá an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme leithleacha a ghlacadh gach bliain ina leagfar amach méid aonair na táille maoirseachta a bheidh le gearradh ar gach soláthraí maidir leis an tseirbhís nó na seirbhísí ainmnithe faoi réir na hoibleagáide an táille mhaoirseachta a íoc le linn na bliana féilire sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta bliantúil um muirearú na táille a eagrú ar bhealach a nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin tar éis an ama a dhéanfar na costais bhliantúla fhoriomlána, arb iad a bheidh mar bhonn chun méid foriomlán na dtáillí maoirseachta a bheidh le muirearú a ríomh, a chinneadh mar a luaitear sa doiciméad ullmhúcháin ón gCoimisiún atá i gceangal leis an dréachtbhuiséad de bhun Airteagal 41(8) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Ina theannta sin, ní féidir na gníomhartha cur chun feidhme leithleacha a ghlacadh ach amháin tar éis dáta áirithe, i gcás inar féidir líon agus méid na seirbhísí ainmnithe atá faoi réir na dtáillí maoirseachta a shuí. Ba cheart freisin an nós imeachta a bheith sa chaoi go gcuirtear san áireamh ann an acmhainneacht eacnamaíoch i dtéarmaí bhrabúis na soláthraithe comhfhreagracha, mar a sainmhíníodh ar bhonn na faisnéise a chuir an soláthraí lena mbaineann ar fáil. Thairis sin, ba cheart méid sealadach na táille atá le gearradh a chur in iúl don soláthraí lena mbaineann sula nglacfaidh an Coimisiún aon chinneadh cur chun feidhme, chun deis a thabhairt barúlacha a chur isteach a bheidh le cur san áireamh agus an táille mhaoirseachta á cinneadh go críochnaitheach. Tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach, ba cheart don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme comhfhreagrach a ghlacadh ina leagtar amach an táille mhaoirseachta leithleach is iníoctha mar mhéid is infhaighte de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, atá le híoc faoi dheireadh na bliana féilire céanna sin, ionas go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil chun na costais mheasta maidir leis an mbliain ina dhiaidh sin a chumhdach.
(10)I gcás ina mainnítear íocaíocht a dhéanamh laistigh den sprioc-am arna chinneadh leis na gníomhartha cur chun feidhme, ba cheart an méid nár íocadh a aisghabháil mar aon le hús mainneachtana ag ráta athmhaoiniúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus é sin arna mhéadú 3,5 %, i gcomhréir le hAirteagal 99(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
(11)Chun an chuntasacht agus an trédhearcacht a áirithiú maidir leis na costais arna dtabhú agus leis na hioncaim arna mbailiú ag an gCoimisiún le haghaidh na gcúraimí maoirseachta a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart don Choimisiún iad a thuairisciú go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Thairis sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an meastachán ar chostais agus na costais mhaoirseachta shonracha arna dtabhú iarbhír maidir leis an mbliain sin, ba cheart comparáid shonrach a bheith sa tuarascáil idir na méideanna ábhartha, agus iad sin arna mbunú ar na híocaíochtaí arna n‑íoc go héifeachtach sa tréimhse ábhartha i ndáil le gach catagóir costas lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, chomh maith le haon ghealltanas caiteachais a tugadh le linn na bliana sin, lena n‑áirítear aon íocaíocht a rinneadh tar éis aon chinneadh breithiúnach a eisíodh le linn na bliana sin. Aon difríocht idir an méid de réir an mheastacháin agus na costais a tabhaíodh iarbhír, níor cheart an difríocht sin a bheith ina siocair le difear a dhéanamh do mhéid na dtáillí maoirseachta a ghearrtar maidir leis an mbliain ábhartha, ach ba cheart í a chur san áireamh sa chéad mheastachán eile, trí aon bharrachas a asbhaint as na costais iomlána de réir an mheastacháin maidir le bliain n+2, sin nó trí aon easnamh a chur leis na costais iomlána de réir an mheastacháin maidir le bliain n+2.
(12)Agus an meastachán ar chostais á dhéanamh, ba cheart na costais a shainaithint a bhfuil sé beartaithe iad a thabhú sa bhliain féilire dár gcionn, chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Choimisiún roimh an tabhú sin. Sa tréimhse idir teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 agus an 1 Eanáir 2024, beidh costais tabhaithe cheana ag an gCoimisiún, nó beidh costais beartaithe aige, de bhun Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, ar costais iad nach bhféadfaí iad a chumhdach le haon táille mhaoirseachta roimhe sin agus, dá bhrí sin, ab éigean a chumhdach, tríd agus tríd, le leithreasuithe eile a ndearnadh foráil maidir leo i mbuiséad an Aontais ar vótáladh ina fhabhar i gcomhair 2023. Dá bhrí sin, chun na táillí foriomlána atá le gearradh in 2023 a chinneadh, ní fhéadfar ach costais nach gcumhdaítear cheana le leithreasuithe atá ann cheana i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhair 2023 a chur leis na costais de réir na meastachán maidir le 2024, i gcomhréir leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear san fhorléargas a ghabhann leis an meastachán. Dá réir sin, chun aon bharrachas nó easnamh a shuí atá le cur san áireamh sa mheastachán a leanfaidh, níor cheart a chur san áireamh sa chéad tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ach na costais sin arna dtabhú in 2022 ón uair a tháinig Rialachán (AE) 2022/2065 i bhfeidhm agus arna dtabhú in 2023, ar costais iad nár cumhdaíodh cheana le leithreasuithe a bhí ann cheana,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘seirbhís ainmnithe’ seirbhís idirghabhálach arna ainmniú mar ardán an‑mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an‑mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065;
(2)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe’ aon soláthraí chuig a ndírítear cinneadh amháin nó níos mó ón gCoimisiún lena n‑ainmnítear ardán an‑mhór ar líne nó inneall cuardaigh an‑mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065;
(3)ciallaíonn ‘bunmhéid’ an méid a ríomhtar maidir le gach seirbhís ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 4 agus roimh chur i bhfeidhm na huasteorann foriomláine dá dtagraítear in Airteagal 5.
Airteagal 2
Meastachán ar na costais bhliantúla fhoriomlána
1.Gach bliain n, déanfaidh an Coimisiún meastachán ar na costais bhliantúla fhoriomlána a mheastar a thabhófar maidir le feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 sa bhliain féilire dár gcionn (bliain n+1) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(1) den Rialachán seo. Méid na gcostas bliantúil foriomlán de réir an mheastacháin maidir le bliain n+ 1, is ar bhonn an mhéid sin a chinnfear méid foriomlán na dtáillí maoirseachta a ghearrfar i mbliain n. Déanfar an méid measta sin a mhuirearú ina iomláine ar sholáthraithe seirbhísí ainmnithe trí na táillí maoirseachta arna ríomh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Agus meastachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na costais bhliantúla fhoriomlána, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:
(a)na hacmhainní daonna is gá chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, agus catagóirí éagsúla oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais atá fostaithe ag an gCoimisiún á gcur san áireamh. Bunófar meastachán na gcostas ar na meánchostais, arna sloinneadh ina gcoibhéisigh lánaimseartha, agus áireofar ann an meánchaiteachas oibriúcháin pro rata agus na ranníocaíochtaí sóisialta is infheidhme atá nasctha leis na hacmhainní daonna sin;
(b)aon chaiteachas riaracháin nó oibríochtúil eile is gá chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, a mheastar a thabhófar le linn bhliain n+1, agus an liosta neamh‑uileghabhálach ítimí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo á chur san áireamh.
3.In aon mheastachán ar chostais bhliantúla fhoriomlána, cuirfear san áireamh méid deimhneach nó diúltach na gcostas arna dtabhú agus a chuimsítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8(4). Go háirithe, i gcás easnaimh, eadhon i gcás ina raibh méid na gcostas measta maidir le bliain n níos ísle ná na costais arna dtabhú a tuairiscíodh maidir leis an mbliain sin, déanfar méadú, a bheidh cothrom le méid an easnaimh arna thabhú maidir le bliain n, ar mhéid na gcostas bliantúil foriomlán measta maidir le bliain n+2 a bheidh le muirearú le linn bhliain n+1. I gcás barrachais, eadhon i gcás inar mó méid na gcostas measta maidir le bliain n ná na costais arna dtabhú a tuairiscíodh maidir leis an mbliain sin, déanfar laghdú, a bheidh cothrom leis an mbarrachas a d’eascair maidir le bliain n, ar mhéid na gcostas bliantúil foriomlán measta maidir le bliain n+2 a bheidh le muirearú le linn bhliain n+1.
Airteagal 3
Na seirbhísí ainmnithe a shainaithint ar bhonn bliantúil
Is iad seo a leanas na seirbhísí ainmnithe a ngearrfar táille mhaoirseachta ina leith i mbliain n áirithe:
(a)aon seirbhís a bhí cheana féin, an 1 Eanáir den bhliain sin, faoi réir oibleagáidí Roinn 5 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2065 i gcomhréir le hAirteagal 33(6) den Rialachán sin, lena n‑áirítear aon seirbhís a dtiocfaidh an foirceannadh ainmnithe ina leith chun infheidhmitheachta de bhun Airteagal 33(6) den Rialachán sin tar éis an dáta sin;
(b)aon seirbhís a thiocfaidh faoi réir oibleagáidí Roinn 5 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2065 i gcomhréir le hAirteagal 33(6) den Rialachán sin idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig den bhliain sin.
Airteagal 4
An bunmhéid in aghaidh na seirbhíse a chinneadh
1.Maidir le gach seirbhís ainmnithe atá faoi réir na dtáillí maoirseachta de bhun Airteagal 3, déanfar an bunmhéid le aghaidh bhliain n a ríomh mar an sciar de na costais bhliantúla fhoriomlána mheasta maidir le bliain n+1 i gcomhréir le hAirteagal 2, i gcomhréir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ainmnithe i gcomhréir leis an gcomhéifeacht (U) dá dtagraítear den Airteagal seo, mír 2, agus an tréimhse ina raibh ainmniúchán ag an tseirbhís i gcomhréir leis an gcomhéifeacht (T) dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo á cur san áireamh, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
2.An chomhéifeacht (U) le haghaidh ríomh an bhunmhéid i gcás gach seirbhíse ainmnithe, beidh aici an luach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chomhfhreagraíonn don mheánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla i dtéarmaí na milliún aonad, arna chothromú síos go dtí an céad míle is gaire.
An meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla i gcás gach seirbhíse ainmnithe lena gcinnfear an chomhéifeacht is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, is éard a bheidh ann an meánlíon de réir na sonraí a chuir soláthraí an ardáin ar líne nó an innill cuardaigh ar líne ar fáil de bhun Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, nó de réir faisnéis a iarradh de bhun Airteagal 24(3) den Rialachán sin nó de réir aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún, de réir mar a bhí ar fáil an 31 Lúnasa den bhliain n.
3.An chomhéifeacht (T) le haghaidh ríomh an bhunmhéid i gcás gach seirbhíse ainmnithe, is éard a bheidh inti an coibhneas idir an líon laethanta i mbliain n ar laethanta iad a raibh ainmniúchán ag an tseirbhís, agus an líon laethanta a bhí sa bhliain, arna ríomh mar a leanas:
I gcomhréir le hAirteagal 33(6) de Rialachán (AE) 2022/2065, measfar gurb éard is túsdáta don tréimhse ainmniúchán ná 4 mhí tar éis an dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus measfar gurb éard is críochdháta don tréimhse sin 4 mhí tar éis thabhairt an fhógra faoin gcinneadh um fhoirceannadh de bhun Airteagal 33(5) de Rialachán (AE) 2022/2065.
Airteagal 5
Méid foriomlán na táille maoirseachta a chinneadh agus an uasteorainn fhoriomlán in aghaidh an tsoláthraí a chur i bhfeidhm
1.An soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe lena mbaineann, íocfaidh sé, gach bliain, táille mhaoirseachta de réir an bhunmhéid, nó de réir shuim na mbunmhéideanna, arna ríomh de bhun Airteagal 4 maidir leis an tseirbhís nó na seirbhísí ainmnithe a sholáthraíonn sé, agus de réir na gcoigeartuithe arna gcur i bhfeidhm de bhun an Airteagail seo.
2.Méid foriomlán na táille maoirseachta a ghearrfar ar sholáthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe i mbliain áirithe, ní rachaidh sé thar an uasteorainn fhoriomlán arb é atá inti 0,05 % dá bhrabús domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin. I gcás ina bhfuil cuntais chomhdhlúite ag soláthraí, déanfar brabúis chomhdhlúite dhomhanda an ghrúpa lena mbaineann an soláthraí sin a mheas chun uasteorainn fhoriomlán na táille a chinneadh.
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, is éard a bheidh sa bhrabús domhanda an brabús de réir na bhfigiúirí is fearr atá ar fáil, agus a bhaineann leis an mbliain ghnó iomlán is déanaí, ó ráitis airgeadais bhliantúla an tsoláthraí lena mbaineann, de réir bhrí ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais is infheidhme i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, i gcás inarb iad sin a úsáideann an soláthraí;
(b)pointe 17 d’Iarscríbhinn V nó pointe 15 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;
(c)aon chaighdeán um thuairisciú de chuid tríú tír, ar caighdeán é atá inghlactha, i gcás nach bhfuil ceachtar de na pointí (a) ná (b) á úsáid ag an soláthraí.
3.I gcás inar mó ná an uasteorainn fhoriomlán a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo an bunmhéid nó suim na mbunmhéideanna arna ríomh de bhun Airteagal 4 maidir leis an tseirbhís nó na seirbhísí ainmnithe arna soláthar ag soláthraí áirithe, déanfar méid foriomlán na táille maoirseachta a ghearrfar ar an soláthraí sin a laghdú go dtí an teorainn sin.
4.Suim méideanna iarmharacha ar bith nach ngearrfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfar an tsuim sin a mhuirearú ar na soláthraithe seirbhísí ainmnithe ar soláthraithe iad nár sroicheadh an uasteorainn fhoriomlán ina leith, i gcomhréir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ainmnithe, arna shloinneadh mar an gcomhéifeacht (U) dá dtagraítear in Airteagal 4(2), agus an tréimhse a raibh ainmniúchán ag an tseirbhís, arna sloinneadh mar an gcomhéifeacht (T) dá dtagraítear in Airteagal 4(3), á cur san áireamh, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
I gcás ina mbeidh cur i bhfeidhm na míre seo ina shiocair le teacht chun infheidhme na huasteorann foriomláine i gcás soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe amháin eile nó níos mó, leanfaidh mír 3 agus an mhír seo de bheith i bhfeidhm go dtí nach mbeidh aon mhéid iarmharach ann.
Airteagal 6
An nós imeachta bliantúil chun na táillí leithleacha a chinneadh
1.I gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, i gcomhthéacs leagan síos an dréachtbhuiséid i gcomhair bhliain n+1, cinnfidh an Coimisiún, i gcás gach líne bhuiséid ábhartha, méid measta na n‑ioncam sannta seachtrach arna n‑eascairt as na táillí maoirseachta a chuirfear ar fáil ag tús bhliain n+1, mar na méideanna a chomhfhreagraíonn do na costais bhliantúla fhoriomlána de réir an mheastacháin maidir le bliain n+1 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.
An meastachán de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh ag gabháil leis forléargas arna ullmhú ag an gCoimisiún ina léireofar na heilimintí a cuireadh san áireamh sa mheastachán sin i gcomhréir le catagóirí costas éagsúla Airteagal 2, atá le foilsiú gach bliain féilire faoin 30 Meitheamh ar a dhéanaí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
2.Faoin 31 Lúnasa gach bliain ar a dhéanaí, aon soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe atá faoi réir na táille maoirseachta de bhun Airteagal 3, soláthróidh sé don Choimisiún an ráiteas airgeadais is déanaí dá chuid, agus aon doiciméad tacaíochta eile le haghaidh chinneadh na huasteorann foriomláine de bhun Airteagal 5 agus, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis is gá chun an táille a chur i bhfeidhm. I gcás nach gcuireann soláthraí ar fáil na doiciméid is gá chun an uasteorainn fhoriomlán a chinneadh, toimhdeofar nár shroich an soláthraí sin an teorainn sin sa bhliain féilire sin.
3.Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún in iúl do gach soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe a shainaithnítear de bhun Airteagal 3 an cinneadh sealadach maidir le méid na táille maoirseachta i gcás na seirbhísí ainmnithe uile a sholáthraíonn an soláthraí sin arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5. Cuirfidh an soláthraí aon bharúil maidir leis an ríomh sin in iúl don Choimisiún laistigh de choicís ó fháil na teachtaireachta maidir leis an gcinneadh sealadach sin.
4.Faoin 30 Samhain gach bliain ar a dhéanaí, agus na barúlacha dá dtagraítear i mír 3 á gcur san áireamh aige, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, lena gcinnfear an táille mhaoirseachta i gcás na seirbhíse nó na seirbhísí ainmnithe a sholáthraíonn an soláthraí sin, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán seo, agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh cur chun feidhme sin do gach soláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe a shainaithnítear de bhun Airteagal 3 den Rialachán seo. Bunófar leis an gcinneadh cur chun feidhme na méideanna is infhaighte mar tháille mhaoirseachta de réir bhrí Airteagal 98 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus leagfar síos mar sprioc-am go n‑íocfar na táillí maoirseachta faoin 31 Nollaig den bhliain sin. I gcás ina ndíreofar cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 chuig níos mó ná duine dlítheanach amháin, beidh seolaithe uile an chinnidh sin faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach maidir le híoc na táille maoirseachta i leith na seirbhíse nó na seirbhísí ainmnithe.
Airteagal 7
Módúlachtaí íocaíochta agus iarmhairtí airgeadais sa chás nach n‑íoctar
1.Beidh na táillí maoirseachta uile iníoctha in euro agus i gcomhréir leis na tagairtí íocaíochta dá bhforáiltear sa chinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(4).
2.I gcás aon íocaíocht dhéanach, aon íocaíocht pháirteach, aon neamhíoc nó i gcás neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta mar a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(4) den Rialachán seo, déanfar an méid nár íocadh a aisghabháil mar aon le hús arna ghearradh ag an ráta dá dtagraítear in Airteagal 99(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Tá na híocaíochtaí sin gan dochar do na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla is infheidhme de bhun Airteagail 74 agus 76 de Rialachán (AE) 2022/2065.
Airteagal 8
Tuairisciú na gcostas a tabhaíodh agus na dtáillí maoirseachta a gearradh
1.Faoin 31 Márta gach bliain n, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid na gcostas bliantúil foriomlán arna dtabhú i gcomhlíonadh a chúraimí de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla arna ngearradh de bhun Airteagal 6(4) den Rialachán seo sa bhliain roimhe sin (bliain n‑1).
2.Sa tuarascáil de bhun mhír 1 tabharfar tuairisc shoiléir ar na costais shonracha arna dtabhú i gcomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 i gcomhréir leis na catagóirí costais a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán seo. Áireofar sna costais aon ghealltanais a tugadh i rith bhliain n‑1, fiú sa chás nár íocadh fós na híocaíochtaí lena gcuirfear na gealltanais i ngníomh.
3.Sa tuarascáil de bhun mhír 1 tabharfar méid foriomlán na dtáillí maoirseachta arna ngearradh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse nó seirbhísí ainmnithe, maille le dáta na n‑íocaíochtaí faoi seach, aon íocaíocht atá gan déanamh nó atá déanach, aon imeacht cúirte atá ar siúl agus a bhaineann leis na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus aon nós imeachta um aisghabháil dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a bhaineann leis na táillí maoirseachta arna ngearradh, mar a bheidh ar dháta bailchríochnaithe na tuarascála.
4.Tabharfar sa tuarascáil aon chostas arna thabhú de bhun mhír 2 a sháraigh méid na gcostas measta maidir le bliain n‑1, nó aon bharrachas ar na costais mheasta maidir le bliain n‑1 i gcomparáid leis na costais arna dtabhú sa bhliain sin de bhun mhír 2, de réir mar is infheidhme.
5.Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil de bhun mhír 1 ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 9
Forálacha idirthréimhseacha
1.Na costais de bhun Airteagal 2(1) agus (2) a tabhaíodh nó atá beartaithe cheana féin maidir leis an tréimhse ón 16 Samhain 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023, féadfar iad a chur leis an gcéad mheastachán ar chostais a thagraíonn do thréimhse 2024 de bhun Airteagal 6(1) mura gcumhdaítear cheana iad le leithreasuithe tosaigh arna vótáil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhair 2023.
2.Glacfaidh an Coimisiún an chéad tuarascáil de bhun Airteagal 8 faoin 31 Márta 2024 agus cuimseofar inti an tréimhse ón 16 Samhain 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023. Chun na costais arna dtabhú a shainaithint de bhun Airteagal 8(2), déanfar na costais a íoctar as na leithreasuithe dá dtagraítear i mír 1 a léiriú ar leithligh agus ní chuirfear san áireamh iad chun críche an iarmhéid dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2.3.2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN