RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 13.1.2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 a mhéid a bhaineann le teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh a shainaithint agus na heilimintí modheolaíochta a shonrú chun na ghnáthiarracht iascaireachta soithí iascaireachta a chinneadh.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 1 , agus go háirithe Airteagal 18(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/1139 ceadaítear don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe tacú le le hionadú nó nuachóiriú príomh-innill nó innill choimhdigh de chuid soitheach iascaireachta nach faide ná 24 mhéadar a fhad foriomlán..

(2)Leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1139, rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach atá ann an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí CO2 a laghdú trí na hinnill ar shoithí iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú, dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/1139.

(3)Déantar tagairt in Airteagal 18(5), an dara fomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/1139 do theicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de san inneall nua, is gá na teicneolaíoachtaí sin atá tíosach ar fhuinneamh a chuireann le laghdú astaíochtaí CO2 a shainaithint.

(4)Déantar foráil in Airteagal 18(5), an dara fomhír, pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/1139 go ndéanfaidh an Ballstát a thomhas go n-astaíonn an t-inneall nua 20 % níos lú CO2 nó go n-úsáideann sé 20 % níos lú breosla ná an t‑inneall atá á ionadú faoi ghnáthiarracht iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann.

(5)Chun críocha tomhais ag an mBallstát, is gá a chinneadh céard ba cheart a mheas mar ‘ghnáthiarracht iascaireachta na soithí lena mbaineann’, agus éagsúlacht mhór na soithí iascaireachta, a dteicnící iascaireachta, achair thaistil agus tosca ualaigh á gcur san áireamh, ar nithe iad a athraíonn le himeacht ama agus a bhfuil tionchar acu ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla.

(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a úsáideann innill nua

Chun críocha Airteagal 18(5), an dara fomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/1139, forléireofar innill nua ar shoithí iascaireachta mar teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de á n‑úsáid acu i gcás ina:

(1)úsáidtear iontu:

(a)hidrigin

(b)amóinia

(c)dóchán inmheánach

(d)breosla-chealla

(e)leictreachas

(f)meascán leictreachais agus dócháin inmheánaigh (hibrid)

(g)breosla-chealla hibrideacha

(2)tá siad cineálcheadaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 2  

Airteagal 2
Gnáthiarracht iascaireachta soithí iascaraireachta

Chun críocha Airteagal 18(5), an dara fomhír, phointe (c) de Rialachán (AE) 2021/1139, déanfaidh na Ballstáit a gcinneadh a bhunú ar na heilimintí seo a leanas maidir le céard ba cheart a fhorléiriú mar ghnáthiarracht iascaireachta an tsoithigh iascaireachta a bhfuil iarratas ar thacaíocht déanta ina leith:

(1)    saintréithe agus patrún iascaireachta an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann;

(2)    meán deich dturas ionadaíocha iascaireachta a dhéanfar le linn na 3 bliana féilire roimh an iarratas ar thacaíocht; agus

(3)    na teicnící iascaireachta a úsáidfear agus an t‑am a chaithfidh an soitheach iascaireachta lena mbaineann ar muir le linn na dturas ionadaíoch iascaireachta .

Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13.1.2022

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 247, 13.7.2021, lch. 149
(2)    Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).